<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0054</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0027/2024 -  Rapóirtéir:Sergey Lagodinsky)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2024 ar an iarraidh ar dhíolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh (2023/2092(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ón Leas-Ionchúisitheoir Poiblí i gCúirt Chéadchéime na hAithne go ndéanfaí díolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh, arna tarchur le litir dar dáta an 31 Bealtaine 2023 ag Leas-Ionchúisitheoir Chúirt Uachtarach na Gréige i ndáil le cúisimh choiriúla a d’fhéadfadh a bheith ann (Re. ABM: RB 2022/13-EG: 104-23/3), agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 14 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Ioannis Lagos i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C 200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0027/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Leas-Ionchúisitheoir Poiblí i gCúirt Chéadchéime na hAithne iarraidh go ndéanfaí díolúine pharlaiminteach Ioannis Lagos a tharscaoileadh chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh ina choinne ar fhorais ráiteas a phostáil sé ar an idirlíon;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, an 1 Márta 2022, gur fhoilsigh Ioannis Lagos teachtaireacht ar shuíomh gréasáin a pháirtí a líomhnaítear gurb ionann í agus gríosú poiblí chun foréigin nó fuatha i gcoinne grúpa daoine arna sainmhíniú ar bhonn tionscnamh náisiúnta, reiligiúin nó gnéaschlaonadh de shárú ar Airteagal 1 de Dhlí na Gréige Uimh. 927/1979 arna leasú le Dlíthe na Gréige Uimh. 4285/2014 agus Uimh. 4491/2017;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, an 2 Márta 2022, gur thug Faireachlann na Gréige de Chomhaontuithe Heilsincí fógra do Chúirt Chéadchéime na hAithne, ar mhaithe le faisnéis agus gníomhaíocht riachtanach, faoin teachtaireacht a phostaigh Ioannis Lagos an lá roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, an 1 Márta 2022, gur ghlac Ioannis Lagos páirt i vótáil iomlánach i bParlaimint na hEorpa ar an tairiscint i gcomhair rún maidir le ‘fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine’ agus de bhrí, an lá céanna, tar éis na vótála, gur fhoilsigh sé ar shuíomh gréasáin a pháirtí ráiteas dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">I will not sell out, nor will I betray my principles and beliefs</STRING>’[Ní ghéillfidh mé, ná ní dhéanfaidh mé feall ar mo phrionsabail ná ar mo chreidimh], inar mhínigh sé na cúiseanna a bhí lena vótáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar an ráiteas sin a bheith déanta aige, go líomhnaítear go bhfuil Ioannis Lagos ciontach i ngríosú poiblí chun foréigin agus fuatha i gcoinne grúpa daoine arna sainmhíniú ar bhonn tionscnamh náisiúnta, reiligiúin nó gnéaschlaonadh, ar cion coiriúil é faoi Airteagal 1 de Dhlí na Gréige Uimh. 927/1979 arna leasú le Dlíthe na Gréige Uimh. 4285/2014 agus Uimh. 4491/2017;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach pribhléid phearsanta d’Fheisire í díolúine pharlaiminteach, ach is ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil ‘Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh’;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhféadfaidh ráiteas ó Fheisire lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa a bheith ina thuairim arna cur in iúl i gcomhlíonadh a ndualgas, de réir bhrí Airteagal 8 den Phrótacal, i gcás ina bhfuil measúnú suibiachtúil ann a bhfuil baint dhíreach agus fhollasach aige le comhlíonadh dhualgais an Fheisire sin i bParlaimint na hEorpa; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, cibé acu an amhlaidh nó nach ea, a chinneadh de réir chineál agus ábhar an ráitis seachas an áit ina ndearnadh é;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go dtarlaíonn an díospóireacht pholaitiúil a nglacann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa páirt inti níos mó agus níos mó lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte na laethanta seo, lena n-áirítear ar an idirlíon;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise an mhéid sin, gur léir go ndearnadh an ráiteas a d’fhoilsigh Ioannis Lagos ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus de bhrí gur féidir a mheas gurb ann do nasc díreach soiléir idir an ráiteas atá faoi bhreithniú agus sainordú parlaiminteach Ioannis Lagos;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh gan díolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil na Poblachta Heilléanaí agus chuig Ioannis Lagos.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>