<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0082</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021- 2027 (Rún)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0053/2024 -  Rapóirtéir:Jan Olbrycht, Margarida Marques)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (05818/2024 – C9-0030/2024 – 2023/0201M(APP))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 311, 312 agus 323 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta ó 2021 go dtí 2027 (05818/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 312(2) CFAE (C9-0030/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE>, agus na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0357.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE> (‘IIA’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra an 20 Meitheamh 2023 ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (COM(2023)0337),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">Mid-term revision of the multiannual financial framework 2021-2027</STRING> [Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027] (COM(2023)0336) agus don doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi (SWD(2023)0336),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 1 Feabhra 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0335.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 ar an tionchar a bheidh ag méadú ar chostais iasachtaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ar bhuiséad 2024 an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0194.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0450.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin don Aontas – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0219.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0053/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí nach ndéantar foráil leis an Rialachán lena mbunaítear an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027 d’athbhreithniú ná leasú meántéarmach éigeantach; de bhrí, i ndearbhú aontaobhach mar chuid de chomhaontú mhí na Nollag 2020 maidir le CAI, gur gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé athbhreithniú ar fheidhmiú CAI a thíolacadh faoin 1 Eanáir 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i mí na Nollag 2022, gur chuir an Parlaimint na hEorpa i dtábhacht, ó glacadh CAI i mí na Nollag 2020, go raibh athrú ó bhonn tagtha ar an gcomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta agus gur iarr sí ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú atá beartaithe aige a thabhairt chun cinn agus athbhreithniú ar an CAI reatha a mholadh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas bunriachtanach é athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán CAI chun tacaíocht airgeadais mheántéarmach don Úcráin a áirithiú tríd an tSaoráid don Úcráin, chun cistiú méadaithe a chumasú le haghaidh tosaíochtaí beartais spriocdhírithe agus chun cláir an Aontais agus solúbthacht an bhuiséid a chosaint i bhfianaise rátaí úis níos airde ná mar a bhí tuartha agus, dá bhrí sin, costais iasachtaíochta an Aontais atá níos airde ná mar atá clársceidealaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth gur cuid de phacáiste reachtach é an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear CAI agus go mbeifear in ann, trína ghlacadh, tacaíocht mhear a chur ar fáil don Úcráin agus a áirithiú gur féidir treisithe a thabhairt isteach a luaithe is féidir  i mbuiséad 2024 trí bhuiséad leasaitheach agus do na blianta atá fágtha de thréimhse CAI; á chur i bhfios go láidir gurb ionann athbhreithniú CAI agus feabhas soiléir ar an status quo, cé nach bhfuil roinnt gnéithe atá sa dréachtrialachán ón gComhairle go follasach aiféalach, rud a fhágann go bhfuil buiséad AE faoi bhrú, le corrlaigh agus solúbthacht theoranta, le ciorruithe ar phríomhchláir amhail Fís Eorpach, EU4Health, chomh maith leis an mbeartas comhtháthaithe agus an comhbheartas talmhaíochta, agus le huaillmhian laghdaithe i réimsí tábhachtacha beartais atá dírithe ar an todhchaí, amhail ceannasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú gur áitigh Parlaimint na hEorpa gur cheart go ndíreodh an t-athbhreithniú go príomha ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar sholúbthacht leormhaith a thabhairt don Aontas chun freagairt do riachtanais agus do ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn, le cur chuige struchtúrach chun tacú leis an Úcráin agus chun costais iasachtaíochta NextGenerationEU a bhainistiú agus le cistiú feabhsaithe do bheartas seachtrach, imirce agus uathriail straitéiseach agus iomaíochas; ag tabhairt dá haire gur léiríodh na tosaíochtaí sin go léir sa togra ón gCoimisiún i mí an Mheithimh 2023 le haghaidh athbhreithniú agus go bhfuil siad go léir i láthair, go pointe áirithe ar a laghad, sa dréachtrialachán ón gComhairle a n-iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa toiliú a thabhairt ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil obair ghasta agus chuiditheach déanta ag Parlaimint na hEorpa ón tús chun gur féidir pacáiste CAI a ghlacadh go pras; á chur in iúl gur oth léi go raibh deacrachtaí polaitiúla i measc na mBallstát ag baint leis an bpróiseas, rud a d’fhág go raibh moilleanna gan choinne sa Chomhairle; á iarraidh go ndéanfaí na hathruithe a tugadh isteach san athbhreithniú sin a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille, go háirithe chun a áirithiú go n-íocfar tacaíocht airgeadais go tráthúil leis an Úcráin i bhfianaise phráinn na riachtanas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur cúis díomá di nár chuir an Chomhairle agus an Coimisiún forálacha na gConarthaí agus an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh i bhfeidhm chun rannpháirtíocht chuí a chumasú níos luaithe sa phróiseas; á áitiú, amach anseo, nach mór comhar a chur i bhfeidhm ag tús aon nós imeachta um athbhreithniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag leagan amach a breithnithe thíos maidir leis na gnéithe éagsúla den athbhreithniú ar CAI;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacaíocht don Úcráin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an pacáiste maoinithe EUR 50 billiún don Úcráin don tréimhse 2024-2027, lena gcomhcheanglaítear deontais (EUR 17 mbilliún) le hiasachtaí ar théarmaí an-fhabhrach (EUR 33 bhilliún) agus atá fréamhaithe i mbuiséad an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur réamhriachtanas é an leasú ar Rialachán CAI a n-iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa toiliú a thabhairt dó chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go dtugann an réiteach struchtúrach meántéarmach sin cinnteacht do mhuintir na hÚcráine, rud a chuireann ar chumas an rialtais seirbhísí bunriachtanacha a choinneáil agus cabhrú leis an tír agus í ag iarraidh atógáil, téarnamh agus ballraíocht AE a bhaint amach; á mheas, thairis sin, gur siombail ríthábhachtach é an pacáiste maoinithe de thiomantas fadtéarmach an Aontais don Úcráin agus dá muintir agus go dtugann sé comhartha tábhachtach den tiomantas sin do phríomhdheontóirí eile agus do Chónaidhm na Rúise araon; á ghealladh faireachán a dhéanamh ar riachtanais mhaoinithe na hÚcráine amach anseo, agus forbairtí idirnáisiúnta á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt chun suntais, agus an tSaoráid don Úcráin leabaithe i mbuiséad AE, go n-áiritheofar na seiceálacha agus na ceartúcháin is gá maidir le caiteachas agus rialuithe airgeadais riachtanacha agus go n-áiritheoidh Cúlchiste na hÚcráine an chomhpháirt deontais den tSaoráid arna slógadh ag an údarás buiséadach sa nós imeachta buiséadach bliantúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceannteidil 4 agus 6 - Imirce agus an ghné sheachtrach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcuirfear EUR 3,1 billiún breise d’airgead úr ar fáil do Cheannteideal 6 (an chomharsanacht agus an domhan), mar aon le EUR 4,5 billiún breise i gcistí saortha agus ath-imlonnaithe a ndéanfar a gcuspóir a athcheapadh faoin gceannteideal, le haghaidh EUR 7,6 billiún san iomlán atá beartaithe a chaitheamh ar thacaíocht do bhearta imirce agus do dhídeanaithe i dtríú tíortha agus ar chistiú feabhsaithe aontachais do na Balcáin Thiar idir 2024 agus 2027; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go gcruthófar freisin, le cruthú na Saoráide don Úcráin agus tacaíocht fheabhsaithe do na Balcáin Thiar, spás do thacaíocht airgeadais mhéadaithe don Mholdóiv agus í ag dul i dtreo an aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, trí ráthaíochtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta a bhaineann leis an Úcráin agus fóirdheontais ráta úis le haghaidh iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais don Úcráin in 2022 a bhaint de Cheannteideal 6 ar fiú EUR 1,9 billiún san iomlán iad, go laghdaíonn an t-athbhreithniú brú breise ar an gceannteideal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór díomá di nár treisíodh an cúlchiste sa chlár maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI)-an Eoraip Dhomhanda ná an chabhair dhaonnúil mar chuid d’athbhreithniú CAI agus, d’ainneoin na bhfeabhsuithe, go leanfaidh an ceannteideal ina iomláine de bheith faoi bhrú suntasach ar feadh an chuid eile de thréimhse CAI i bhfianaise na staide dúshlánaí geopholaitiúla agus an chomhcheangail de ghéarchéimeanna domhanda; ag dréim leis go leanfaidh an chabhair dhaonnúil de bheith níos mó ná na méideanna arna mbuiséadú ina leith agus go bhfuil sé ar intinn aici, dá bhrí sin, faireachán cúramach a dhéanamh ar na riachtanais sin sa nós imeachta buiséadach bliantúil, agus i gcás inar gá aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú, faoi Rialachán NDICI, go bhfuil cistí saortha le hathghealladh dá líne bhuiséid thionscnaimh; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do chinntí maidir le hath-leithdháileadh cistí saortha an comhardú agus an dáileadh inmheánach idir na línte buiséid dá bhforáiltear i Rialachán NDICI a urramú; á chur i bhfáth gurb é an t-údarás buiséadach amháin a chinneann miondealú beacht na gcistí thar línte buiséid sa nós imeachta buiséadach bliantúil agus go gcinntear é chun a áirithiú go leanfaidh AE de thacaíocht airgeadais riachtanach agus cabhair forbraíochta a chur ar fáil don Domhan Theas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart tacaíocht airgeadais do thríú tíortha a chur ar fáil trí chláir faoi Cheannteideal 6, lena n-áirithítear maoirseacht láidir agus lena ráthaítear sainchumais Pharlaimint na hEorpa; á chur i bhfáth gur rogha dheiridh í Saoráidí a úsáid chun tacaíocht airgeadais a sholáthar; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann an tsamhail rialachais a úsáidtear sa tSaoráid don Úcráin, go háirithe maidir le húsáid fhorleathan cinntí cur chun feidhme ón gComhairle, go sonrach leis an gcomhthéacs ina bhfeidhmeoidh sé agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé eisceachtúil agus nach bhfuil sé le macasamhlú d’aon ionstraim den chineál sin a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an EUR 2 bhilliún breise i gCeannteideal 4 (imirce agus bainistiú teorainneacha), a bheidh ríthábhachtach i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus a chuideoidh leis an mbrú ar chláir agus ar ghníomhaireachtaí díláraithe faoin gceannteideal a mhaolú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ardán na dTeicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tArdán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ceaptha mar luamhán chun sineirgí a chruthú idir struchtúir na gclár atá ann cheana, agus ar an gcaoi sin cuidiú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a dhaingniú, spleáchas ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú agus borradh a chur faoin infheistíocht in earnálacha straitéiseacha agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh STEP ina ábhar tástála do Chiste Ceannasachta lánfheidhme sa chéad tréimhse eile de CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheabhrú, i ndáil leis sin, go raibh STEP ceaptha cistiú nua do InvestEU agus d’Fhís Eorpach, don Chiste Nuálaíochta agus don Chiste Eorpach Cosanta a chomhcheangal le hath-thosaíocht na gcistí faoi chláir atá ann cheana, go háirithe trí réamh-mhaoiniú agus cómhaoiniú méadaithe faoi chláir an bheartais chomhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an borradh atá tagtha faoi chumas infheistíochta cosanta an Aontais trí atreisiú EUR 1,5 billiún an Chiste Eorpaigh Cosanta; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, na hacmhainní breise teoranta ar an iomlán chun tacú le cuspóirí STEP agus an easpa maoinithe nua do na cláir eile, agus tionchar diúltach dá bharr sin ar infheistíochtaí glasa agus digiteacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Íocaíochtaí úis NextGenerationEU</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mbunaítear leis an dréachtrialachán ón gComhairle ionstraim speisialta neamhchaidhpeáilte de bhreis ar na huasteorainneacha (ionstraim EURI) chun cuid ar a laghad d’easnamh costais iasachtaíochta NGEU a chumhdach, rud a thabharfaidh cinnteacht do na margaí airgeadais; á mheabhrú go meastar faoi láthair gurb ionann an t-easnamh agus EUR 15 bhilliún idir 2025 agus 2027; á chur i bhfios go láidir, gan athbhreithniú a dhéanamh ar CAI, nach féidir aon easnamh a chomhlíonadh ach amháin trí chláir a ghearradh agus trí sholúbthacht bhuiséadach a ídiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil costais aisíocaíochta NextGenerationEU (NGEU) faoi réir dhálaí an mhargaidh, faoi thionchar fachtóirí seachtracha agus, dá bhrí sin, luaineach go bunúsach agus gur gealltanas dlíthiúil neamhroghnach don Aontas é costais iasachtaíochta a aisíoc; á athdhearbhú, dá bhrí sin, go raibh sí go láidir i gcoinne aisíocaíocht chostais iasachtaíochta NGEU a chur faoi réir uasteorainn laistigh de cheannteideal CAI i gcaibidlíocht CAI 2020; á mheabhrú gur áitigh sí arís agus arís eile go gcuirfí costais iasachtaíochta uile NGEU de bhreis ar uasteorainneacha CAI mar réiteach struchtúrach cuimsitheach chun costais aisíocaíochta NGEU a chumhdach, a bhfuil méadú tagtha orthu mar thoradh ar rátaí úis atá ag dul i méid agus ar ghá úsáid shuntasach a bhaint as solúbthacht an bhuiséid in 2023 agus 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil dhá urrann in ionstraim EURI, gurb ionann an chéad cheann a úsáidfear agus méid atá coibhéiseach le cistí saortha agus gur cúlstop é an dara ceann atá comhdhéanta de ranníocaíochtaí breise ó na Ballstáit; ag meabhrú thuairim fhadbhunaithe Pharlaimint na hEorpa gur cheart do leithreasuithe saortha fanacht sa bhuiséad agus gur cheart don údarás buiséadach iad a ghealladh sa nós imeachta buiséadach bliantúil; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an chéim thábhachtach sin chun a aithint gur cheart go bhfanfadh leithreasuithe a gealladh laistigh den bhuiséad sa bhuiséad agus go gcuideodh siad le solúbthacht bhuiséadach a bhfuil géarghá léi a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sula rachaidh sé i muinín na hionstraime speisialta, go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh an t-údarás buiséadach scrúdú ar an bhféidearthacht cuid d’aon easnamh laistigh de na ceannteidil a chumhdach agus trí na hIonstraimí Solúbthachta agus Corrlaigh Aonair; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don phróiseas sin a bheith oibiachtúil agus bunaithe ar fhíor-riachtanais agus nach féidir é a thiomáint le haon tagarmharcanna treallacha; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil feidhm fós ag an Dearbhú Comhpháirteach arna chomhaontú ag na trí institiúid mar chuid de chomhaontú CAI 2020, ina mbeidh sé d’aidhm ag caiteachas chun costais mhaoiniúcháin NGEU a chumhdach ‘gan cláir agus cistí a laghdú’, agus go bhfuil sé ina phointe tagartha don údarás buiséadach; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh na hacmhainní cuí ag gach clár agus go ndéanfar solúbthacht agus acmhainn freagartha an bhuiséid a chothabháil tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á áitiú gur gá don Choimisiún faisnéis iontaofa, thráthúil agus chruinn a chur ar fáil maidir le costais iasachtaíochta NGEU agus maidir le heisíocaíochtaí ionchasacha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le linn an nós imeachta bhuiséadaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, faoi na Conarthaí, nach bhfuil aon ról ag an gComhairle Eorpach sa nós imeachta buiséadach ná sa nós imeachta reachtach; á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfeadh aon phlé maidir le hIonstraim EURI sa Chomhairle Eorpach isteach ar an bhféilire pragmatach don nós imeachta buiséadach a chomhaontaítear i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach gach bliain agus nár cheart go mbeadh tionchar aige, ar bhealach ar bith, ar sheoladh an nós imeachta bhuiséadaigh; á chur i bhfios go láidir go mbeidh sí an-airdeallach ina leith sin agus go n-áiritheofar go gcloífear go hiomlán le sainchumais an údaráis bhuiséadaigh mar a leagtar síos sna Conarthaí agus go gcomhlíonfar an Comhaontú Idirinstitiúideach ina iomláine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Solúbthacht agus Ionstraimí Speisialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil méadú tagtha ar na riachtanais atá ann ó thús CAI maidir le cabhair dhaonnúil agus freagairt éigeandála laistigh agus lasmuigh den Aontas agus maidir le tacaíocht i ndáil le tubaistí nádúrtha, atá ag éirí níos minice agus níos déine go háirithe mar gheall ar an athrú aeráide; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur dócha go dtiocfaidh méadú ar na riachtanais sin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, go ndéanfar méadú EUR 1,5 billiún ar an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) don chuid eile de thréimhse CAI, cé go bhfuil imní fós uirthi nach dócha go gcomhlíonfar na riachtanais, fiú leis an méadú sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ina theannta sin, i gcomhréir le seasamh seanbhunaithe Pharlaimint na hEorpa, go roinntear an ionstraim sa dréachtrialachán ón gComhairle ina dhá chuid - an Cúlchiste Dlúthpháirtíochta Eorpach le haghaidh tubaistí nádúrtha agus éigeandálaí sláinte poiblí faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus faoin gCúlchiste um Chabhair Éigeandála le haghaidh mearfhreagairt ar éigeandálaí laistigh agus lasmuigh den Aontas; á mheas go n-éascófar an cur chun feidhme leis an struchtúr athbhreithnithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, nach bhfuil an céatadán roinnte idir an dá chúlchiste, agus dhá thrian le leithdháileadh ar an gCúlchiste Dlúthpháirtíochta agus aon trian don Chúlchiste um Chabhair Éigeandála, ailínithe go hiomlán le cothromaíocht na riachtanas sna chéad 3 bliana de CAI, atá níos gaire do chóimheas 65-35;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéanfar méideanna a d’fhéadfadh a bheith ann nár úsáideadh faoin gCúlchiste Dlúthpháirtíochta agus faoin gCúlchiste um Chabhair Éigeandála a chur ar fáil arís don Ionstraim Sholúbthachta an bhliain dár gcionn, ar méideanna iad a rachadh in éag murach é sin, lena mbunaítear prionsabal tábhachtach chun solúbthacht a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Ionstraim Sholúbthachta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á aithint, trí mhéadú EUR 2 bhilliún a dhéanamh ar an Ionstraim Sholúbthachta idir 2024 agus 2027 agus trí ionstraim speisialta EURI a chruthú le haghaidh róchaiteachas iasachtaíochta NGEU, go laghdaíonn an dréachtrialachán ón gComhairle roinnt brú atá ar an mbuiséad; á mheas, mar sin féin, i bhfianaise loighic na gcéimeanna as a n-eascraíonn gníomhachtú na hionstraime speisialta nua agus an easnaimh sa chaiteachas riaracháin mar gheall ar bhoilsciú, go bhfuil an méadú réamh-leithdháilte den chuid is mó; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí, i gcomhréir leis na patrúin úsáide i mblianta tosaigh CAI, go bhféadfadh sé nach gcruthófaí dóthain spáis bhuiséadaigh leis an méadú chun cur ar chumas an Aontais freagairt ar imthosca gan choinne agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, maidir le solúbthacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna, nach féidir breathnú ar athbhreithniú CAI ach mar dheis chaillte;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní dílse nua</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag athdhearbhú a tiomantais don treochlár atá ceangailteach ó thaobh dlí de in IIA, inar gheall Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach chun ar a laghad aisíocaíocht chostais iasachtaíochta NGEU agus, thar an CAI reatha, an phríomhshuim a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór an easpa dul chun cinn sa Chomhairle maidir leis na tograí maidir le hacmhainní dílse atá á bplé agus á mheabhrú go bhfuil gach beart is gá déanta aici chun gur féidir í a ghlacadh go pras; á iarraidh ar an gComhairle na tograí a fhormheas gan a thuilleadh moille; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach fós go ndéanfar dul chun cinn maidir le fíor-acmhainní dílse nua sa bhreis ar na tograí atá ann cheana;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Íocaíochtaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbraitheann creidiúnacht an Aontais ar a áirithiú go bhfuil leithreasuithe leordhóthanacha íocaíochta ann chun a áirithiú go bhfaighidh tairbhithe an t-airgead atá dlite dóibh in am trátha; á mheabhrú go bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh méadú géar ar riachtanais íocaíochta sna blianta deireanacha de thréimhse CAI, lena n-áirítear mar thoradh ar an raon feidhme coigeartaithe agus ar na rialacha maidir le húsáid cistí comhtháthaithe a eascraíonn as rialachán STEP;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, dá bhrí sin, nach nglacann an dréachtrialachán ón gComhairle leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa deireadh a chur leis an uasteorainn bhliantúil i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí chun leas a bhaint as an Ionstraim Corrlaigh Aonair, a chuirfeadh deireadh le haon riosca go mbeadh géarchéim íocaíochtaí ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire go soláthraítear leis an dréachtrialachán ón gComhairle roinnt solúbthachta in uasteorainneacha íocaíochta trí mhéid atá comhionann leis an gcuid den choigeartú bliantúil uasta nár úsáideadh ar uasteorainn íocaíochtaí 2025 a thabhairt anonn go dtí 2026, cé nach gcuireann sé sin deireadh iomlán leis an riosca riaráiste; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt na riachtanas íocaíochta agus aon ghníomhaíocht feabhais is gá a mholadh don údarás buiséadach in am trátha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tionchar ar bhuiséad an Aontais </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, murab ionann agus na buiséid náisiúnta ina ndéanann boilsciú difear do luach ainmniúil an ioncaim agus an chaiteachais araon, go ndéantar uasteorainneacha caiteachais CAI a mhéadú 2 % in aghaidh na bliana, cé go ndéantar uasteorainn na n-acmhainní dílse a choigeartú don bhoilsciú; á mheabhrú gur laghdaigh an boilsciú luach fíor-téarmaí CAI EUR 74 bhilliún de réir an Choimisiúin, agus go bhfuil laghdú tagtha ar ioncam a iarrtar ó na Ballstáit le haghaidh chaiteachas CAI mar chéatadán den ollioncam náisiúnta (OIN) agus go bhfuil méadú tagtha ar na lacáistí do na cúig Bhallstát is tairbhithe, atá nasctha le boilsciú, ag ráta níos airde ná uasteorainneacha CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí, fiú tar éis an athbhreithnithe, nach bhfuil na leithreasuithe iomlána faoi chomhair gealltanas ach cothrom le1,02 % de OIN agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí iomlána ach cothrom le 1,01 % de OIN; á mheabhrú go raibh sé beartaithe, ar dtús, gurbh ionann leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa CAI reatha agus 1,10 % de OIN; ag aithint, ag an am céanna, na ndúshlán buiséadach atá os comhair go leor Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi na ciorruithe ar chláir shuaitheanta san athbhreithniú ar CAI, go háirithe iad siúd a athneartaíodh go sonrach mar chuid de chomhaontú CAI 2020, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an comhartha polaitiúil a thugann na ciorruithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór an laghdú EUR 2,1 billiún ar an imchlúdach airgeadais don chlár Fís Eorpach, rud atá bunoscionn le cuspóir sonraithe na Comhairle féin chun 3 % den Olltáirgeacht Intíre a infheistiú sa taighde agus san fhorbairt; á áitiú gur réamhriachtanas é breis a infheistiú i dtaighde agus nuálaíocht (T&N) na hEorpa inniu chun go mbeidh an Eoraip ábalta a hiomaíochas eacnamaíoch a dhaingniú amach anseo; á thabhairt dá haire gur gá dlús a chur le hinfheistíocht in T&N chun go gcoinneoidh nó go bhforbróidh an Eoraip a ceannaireacht theicneolaíoch sna hearnálacha is mó a bhfuil tionchar ag na haistrithe glasa agus digiteacha orthu; á chur i bhfios go bhfuil ciorruithe ar ghníomhaíochtaí T&N na hEorpa ag teacht salach ar na gealltanais a thug ceannairí an Aontais chun iomaíochas an Aontais a threisiú agus a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú; á chur i bhfios, áfach, gur chuidigh Parlaimint na hEorpa le tionchar an chiorraithe ar Fhís Eorpach a mhaolú trí EUR 100 milliún de shaoradh taighde faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais a chur ar fáil chun tairbhe an chláir, sa bhreis ar an EUR 500 milliún a comhaontaíodh cheana in 2020; á mheabhrú gur éileamh seanbhunaithe ó Pharlaimint na hEorpa é saoradh taighde a athúsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá beartais sláinte agus an gealltanas polaitiúil soiléir i gcomhaontú CAI 2020 chun tús áite a thabhairt do chistiú sláinte; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil an-díomá uirthi faoin gciorrú EUR 1 bhilliún ar EU4Health; á mheas gur dócha go mbainfidh an cinneadh sin an bonn d’ullmhacht d’aon phaindéim bhreise agus go gcuirfidh sé srian le cumas an Aontais tacú le córais sláinte poiblí; á chur i bhfios, áfach, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, go ndearnadh próifíl chaiteachais an chláir a oiriúnú chun tionchar an chiorraithe ar chur chun feidhme praiticiúil a mhaolú trí éifeacht an laghdaithe a leathnú ar bhealach níos cothroime sna blianta atá fágtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag meabhrú a seasaimh nár cheart clúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte a choigeartú san athbhreithniú ar CAI; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an cinneadh gan aon athrú a dhéanamh ar imchlúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte agus gan iad a chur san áireamh sa sásra chun easnamh i gcostais iasachtaíochta NGEU a chumhdach; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, na ciorruithe ar ghníomhaíochtaí bainistíochta dírí faoin mbeartas comhtháthaithe (-EUR 0,4 billiún) agus faoin gComhbheartas Talmhaíochta (-EUR 0,7 billiún), rud a laghdaíonn acmhainneacht agus tionchar iomlán na ngníomhaíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á aithint nach raibh gá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) ná le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit araon a mhéid a rabhthas ag súil leis agus go bhfuil deis ann a gclúdaigh a choigeartú; á mheas gur cheart méideanna ó na hionstraimí speisialta sin a athúsáid chun críoch eile sa bhuiséad, mar shampla chun an Ionstraim Sholúbthachta a threisiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cur chun feidhme Phacáiste CAI</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún míniú mionsonraithe a thabhairt don údarás buiséadach maidir leis an gcaoi a bhfuil sé i gceist aige gach athrú ar chláir agus uirlisí speisialta a bhainistiú ionas gur féidir a gcuspóirí bunúsacha a bhaint amach a mhéid is féidir agus faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le tionchar an athbhreithnithe ar bhuiséad AE ina iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun aon athruithe reachtacha agus buiséadacha is gá a achtú gan moill mhíchuí i bhfianaise phráinn an ábhair; ag meabhrú, ina leith sin, an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le toradh an athbhreithnithe ar CAI a chomhtháthú i mbuiséad 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á áitiú go n-áiritheoidh Parlaimint na hEorpa go ndéanfar a sainchumais sa nós imeachta buiséadach bliantúil a urramú go hiomlán agus an pacáiste sin á chur chun feidhme;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>