<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0083</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Saoráid na hÚcráine a bhunú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0286/2023 -  Rapóirtéirí: Michael Gahler, Eider Gardiazabal Rubial)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú (COM(2023)0338 – C9-0210/2023 – 2023/0200(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0338),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 212 agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0210/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Buiséid faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid (A9-0286/2023),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é<FOOTNOTE><FIELD> Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0363).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0200</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Feabhra 2024 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/792.) </STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an ainmníocht bhuiséadach iomchuí le haghaidh na Saoráide don Úcráin</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).</FIELD></FOOTNOTE></STI>
Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus do chumhachtaí an Choimisiúin an dréachtbhuiséad a bhunú, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún a mholadh go gcruthófaí líne bhuiséid amháin ar a laghad do Cholún I den tSaoráid don Úcráin, dhá líne bhuiséid faoi Cholún II, lena n-áirítear le haghaidh soláthar don Chiste don Soláthar Coiteann le haghaidh na Ráthaíochta don Úcráin a bhunaítear faoi Chaibidil IV den Rialachán maidir le Saoráid na hÚcráine, trí líne bhuiséid faoi Cholún III le haghaidh Bearta cúnaimh agus eile maidir le haontachas don Aontas, a fóirdheontais i leith costais iasachtaíochta agus soláthar don Chiste don Soláthar Coiteann — Leagáide, agus líne bhuiséid shonrach le haghaidh caiteachas ar chúnamh teicniúil agus riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme.

<STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cineál eisceachtúil na Saoráide don Úcráin</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).</FIELD></FOOTNOTE>

Tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar aon intinn gur ionstraim mheántéarmach eisceachtúil í an tSaoráid don Úcráin a bhfuil fíorthábhacht gheopholaitiúil ag baint léi agus atá curtha in oiriúint don éiginnteacht agus do na dúshláin dífhasaigh a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do thír atá i mbun cogaidh agus impleachtaí díreacha ann do shlándáil an Aontais. Mar thoradh air sin, cuireann an tSaoráid don Úcráin cothromaíocht ar fáil idir solúbthacht agus inchláraitheacht fhreagairt an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearna maoiniúcháin na hÚcráine, ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine, agus ag an am céanna tacú le hiarracht athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair aontachais leis an Aontas. Na cuspóirí agus na socruithe maoiniúcháin agus rialachais a comhaontaíodh don tSaoráid don Úcráin, freagaíonn siad  don chomhthéacs eisceachtúil, sonrach agus do na dúshláin ar ina leith a glacadh an tSaoráid áirithe seo.

Níor cheart, dá bhrí sin, an réiteach sin don Úcráin a mheas mar fhasach d’ionstraimí a bheidh ann amach anseo maidir le cúnamh eacnamaíoch do thríú tíortha.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>