<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0094</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Banc Ceannais Eorpach - tuarascáil bhliantúil 2023</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0412/2023 -  Rapóirtéir:Johan Van Overtveldt)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 maidir le Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2023 (2023/2064(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’aiseolas an 25 Bealtaine 2023 ó BCE maidir leis an ionchur a sholáthair Parlaimint na hEorpa faoi chuimsiú a rúin maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus BCE, go háirithe Airteagail 15 agus 21 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 123, 127(1) agus (2), 130 agus 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 3 agus 119 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ó fhoireann an Eurochórais an 15 Meitheamh 2023 don limistéar euro agus do na cinntí a rinne Comhairle Rialaithe BCE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na hidirphléití airgeadaíochta idir a Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus Uachtarán BCE, Christine Lagarde, an 20 Márta 2023 agus an 5 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an euro dhigitigh (COM(2023)0369),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir leis na socruithe i bhfoirm malartú litreacha idir Parlaimint na hEorpa agus BCE maidir le struchtúrú na gcleachtas le haghaidh idirghníomhaíocht i réimse na baincéireachta ceannais<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0214.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin ar an Aontas Eorpach – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 75.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 142(1) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0412/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais i mí an Mheithimh 2023, go meastar go dtiocfaidh moill ar fhás gheilleagar an limistéir euro ó 3,5 % in 2022 go 0,9 % in 2023, agus go dtiocfaidh athbhorradh faoi arís go 1,5 % in 2024; de bhrí, de réir tobmheastachán ó Eurostat, nár fhás an limistéar euro ach 0,6 % in 2023; de bhrí gurb ionann é sin agus an fheidhmíocht is measa ó bhí cúlú eacnamaíoch 2020 ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais i mí Mheán Fómhair 2023 don limistéar euro, go meastar go mbeidh an boilsciú príomha cothrom le 5,6 % ar an meán in 2023, 3,2 % in 2024 agus 2,1 % in 2025, in ainneoin praghsanna fuinnimh a bheith ag titim agus scrogaill soláthair a bheith ag maolú; de bhrí go bhfuil an croíbhoilsciú tar éis a bheith níos dianseasmhaí, agus é ag ardú go 5,5 % i mí an Mheithimh 2023 agus ag laghdú ansin go 4,2 % i mí Mheán Fómhair 2023; de bhrí go meastar go sáróidh an croíbhoilsciú an boilsciú ceannlíne sa ghearrthéarma agus go bhfanfaidh sé os a chionn go dtí go luath in 2024, mar gheall ar fhás láidir pá go príomha;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil éifeachtaí an-díobhálacha ag na 10 méadú as a chéile ar rátaí úis tagartha ar shócmhainneacht teaghlach agus micrifhiontar agus FBManna i dtíortha ina n-úsáidtear samhlacha ráta úis athraitheacha den chuid is mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch 2023 ón gCoimisiún, go meastar go laghdóidh na heasnaimh rialtais go 3,1 % den olltáirgeacht intíre (OTI) in 2023 agus go 2,4 % in 2024; de bhrí gur tháinig laghdú ar chóimheas an fhiachais rialtais le OTI ó 95,0 % go 91,2 % sa limistéar euro agus in AE-27 ó 87,4 % go 83,7 % in 2022 agus in 2023 faoi seach; de bhrí go bhfuil sé sin fós os cionn luachanna tagartha an Chonartha; de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór i bhfiachas agus in easnaimh na rialtas i measc na mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil BCE neamhspleách ar bhonn polaitiúil, rud a chiallaíonn nár cheart d’institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais ná do rialtais na mBallstát féachaint le tionchar a imirt air; mar gheall ar an neamhspleáchas sin, ní mór do BCE staonadh ó chinntí polaitiúla a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go ndúirt an Coimisiún Eorpach ‘go meastar gur beagnach EUR 650 billiún in aghaidh na bliana go dtí 2030 iad na riachtanais bhreise infheistíochta príobháidí agus phoiblí i ndáil leis an dá aistriú agus a gcuspóirí beartais’<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach. (2021). <STRING ITALIC="on">The EU economy after COVID-19: implications for economic governance.</STRING> [Geilleagar an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch.]</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é príomhchuspóir BCE cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun, agus gur boilsciú siméadrach 2 % sa mheántéarma an sainiú atá déanta aige air sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, gan dochar do phríomhchuspóir na cobhsaíochta praghsanna, gur cheart do BCE tacú leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d’fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar a leagtar síos iad in Airteagal 3 CAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, le hAirteagal 123 CFAE agus le hAirteagal 21 de Reacht CEBC agus BCE, go dtoirmeasctar maoiniú airgeadaíochta rialtas;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil BCE cuntasach don Pharlaimint toisc gurb í an institiúid í a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forléargas ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú go luaitear in Airteagal 127 CFAE gurb é an príomhchuspóir a bheidh ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) an chobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh CEBC leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d’fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar a leagtar síos iad in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal an gheilleagair margaidh oscailte lena ngabhann saoriomaíocht, ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní, agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 119.’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag athdhearbhú neamhspleáchas reachtúil BCE mar a chumhdaítear in Airteagal 130 CFAE; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur cheart an neamhspleáchas sin a chomhlánú le leibhéal comhfhreagrach cuntasachta i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, má mhainníonn BCE boilsciú a thabhairt chuig an spriocleibhéal go tráthúil, agus na costais mhaoiniúcháin sa limistéar euro á méadú ag an am céanna, do shaoránaigh agus do chuideachtaí go háirithe, go bhfuil an baol ann go gcaillfidh BCE a inchreidteacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na rátaí boilscithe arda leanúnacha, na rátaí croíbhoilscithe go háirithe, agus an tionchar díobhálach atá acu ar iomaíochas, ar infheistíochtaí, ar chruthú post agus ar chumhacht ceannaigh na dtomhaltóirí, agus difear á dhéanamh dóibh siúd a bhfuil ioncam seasta nó teoranta acu go háirithe; á iarraidh ar BCE gach beart is gá a dhéanamh chun an ráta boilscithe a laghdú i gcomhréir lena shainordú; á mheabhrú go mbíonn staid den sórt sin ina cúis le héiginnteacht eacnamaíoch agus le méadú ar chostas maireachtála na saoránach; á chur i bhfáth go bhféadfadh ionchais mhéadaitheacha ó thaobh boilsciú a bheith mar thoradh air sin, agus iad ag cothú timthriall de mhéaduithe ar phraghsanna agus a bhaineann an bonn den chobhsaíocht eacnamaíoch; ag tabhairt dá haire go bhfuil spriocanna cainníochtúla i dtaobh an bhoilscithe le comhlíonadh in imeacht tréimhse mheántéarmach; á iarraidh ar BCE tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir le faireachán a dhéanamh ar an ráta neodrach úis agus maidir leis an ráta sin a shocrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ann do leibhéil éagsúla fiachais, d’easnaimh éagsúla rialtais agus do leibhéil éagsúla infheistíochta poiblí i measc na mBallstát agus go bhféadfadh rioscaí agus fadhbanna a bheith ag baint leis sin don chobhsaíocht eacnamaíoch, do mhuinín infheisteoirí, don fhás eacnamaíoch agus don rathúnas fadtéarmach; á chur in iúl gur oth léi nár glacadh ach céimeanna neamhleora chun an t-iomaíochas agus an infheistíocht phoiblí a athchóiriú fad a bhí na rátaí úis íseal; á chur i bhfáth gur cúis imní ar leith di na costais maoinithe fiachais atá ag dul i méid, go háirithe i gcás fiachas ceannasach, mar gheall ar rátaí úis atá ag dul i méid; á mheabhrú gur den ríthábhacht é aghaidh a thabhairt go freagrach ar leibhéil an easnaimh phoiblí agus an fhiachais phoiblí chun na rioscaí a bhaineann leis an mboilsciú reatha a sheachaint chun geilleagar cobhsaí agus fás inbhuanaithe a choimeád; ag tathant go mbeadh forthoradh gasta ar na tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais; á chur in iúl gur geal léi tuairim BCE ina leith sin; á chur i bhfios go bhféadfadh beartais fhioscacha bhorrthacha gníomhú i gcoinne bheartas BCE maidir le géarú airgeadaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cáineadh ionradh gan chúis agus fhorrántacht leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na suaití diúltacha leanúnacha ó thaobh an tsoláthair de a bhaineann leis sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di a hiarmhairtí marthanacha, dothuartha agus tromchúiseacha do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa, go háirithe do na grúpaí is neamhchosanta agus is leochailí, amhail teaghlaigh ar ioncam níos ísle agus FBManna; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, REPowerEU a bheith á chuimsiú sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta chun an spleáchas fuinnimh ar an Rúis a laghdú, chun tacú leis an neamhspleáchas straitéiseach agus chun aghaidh a thabhairt ar shuaití ó thaobh an tsoláthair de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach as leibhéil arda bhoilscithe, as an gcogadh leanúnach san Úcráin agus as leibhéil arda agus éagsúla an fhiachais rialtais sna Ballstáit amháin a eascraíonn bagairtí ar iomaíochas na hEorpa agus ar ról idirnáisiúnta an euro, ach go n- eascraíonn siad freisin as ollstruchtúr institiúideach an limistéir euro, as costais rialála atá ag éirí níos déine, as ilroinnt mhéadaitheach na trádála domhanda, agus as rás fóirdheontais atá ag teacht chun cinn ó thaobh beartais chaomhnaitheacha idir stáit; á iarraidh ar BCE féachaint le ról idirnáisiúnta an euro a neartú d’fhonn a tharraingteacht mar airgeadra cúltaca a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag athdhearbhú rabhadh an Uachtaráin Lagarde gur cheart tacaíocht fhioscach a bheith sealadach, spriocdhírithe agus sainoiriúnaithe agus nár cheart di gníomhú in aghaidh chúram an bheartais airgeadaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit a mbeartais fhioscacha faoi seach a ailíniú le cuspóir foriomlán bheartas airgeadaíochta BCE; á mheabhrú go n-éilítear leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta beartais fhioscacha láidre sna Ballstáit ionas gur féidir gníomhú i leith turraingí seachtracha; á iarraidh go ndíreofaí leis na hiarrachtaí fioscacha ar infheistíochtaí táirgiúla agus ar athchóirithe; á chur i bhfios gur féidir le rialtais, mar aon leis an gCoimisiún, tacú le saoránaigh agus le tionscail, ní hamháin trí bhearta fioscacha, ach freisin trí dhíriú ar athchóirithe lena gcuirtear leis an bhfás agus atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa bhonneagar; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil ollstruchtúr an limistéir euro fós bunaithe faoi láthair ar an mbuntuiscint go bhfuil cinseal airgeadaíochta ann; ag tabhairt dá haire go n-éilítear leis na hardleibhéil bhoilscithe atá ann tiomantas láidir ó institiúidí uile an Aontais agus ó na húdaráis náisiúnta chun dul i ngleic le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime boilscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartais airgeadaíochta BCE atá dírithe ar a phríomh-shainordú a chur i gcrích faoi réir measúnú comhréireachta; ag tabhairt dá haire go gcuirtear san áireamh sa mheasúnú comhréireachta tionchar na mbeart beartais airgeadaíochta ar an ngeilleagar trí chéile agus ar na beartais eacnamaíocha; á chur i bhfáth, i gcás ina bhfuil rogha ann idir tacair éagsúla beartas atá chomh fabhrach céanna don chobhsaíocht praghsanna, nach mór do BCE na cinn is fearr a thacaíonn le beartais eacnamaíocha ghinearálta an Aontais a roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tacaíocht sheanbhunaithe BCE do thabhairt chun críche an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, an aontais baincéireachta agus aontas na margaí caipitil; á mheabhrú go mbeadh sé sin ina rannchuidiú le leathadh níos mó rioscaí laistigh den aontas airgeadaíochta agus le cobhsaíocht fheabhsaithe airgeadais an aontais airgeadaíochta agus le téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais, le laghdú an spleáchais ar iasachtaí bainc, agus le hiomaíocht le margaí na hÁise agus Mheiriceá; á mheabhrú go bhfuil gá le toil pholaitiúil shoiléir chun tabhairt chun críche an aontais baincéireachta agus aontas na margaí caipitil a chur chun tosaigh; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn BCE le bunú scéime Eorpaí árachais taiscí lánfheidhme; á aithint go bhfuil comhroinnt riosca agus laghdú riosca idirnasctha agus go bhfuil ról lárnach ag scéimeanna cosanta institiúideacha i gcosaint agus i gcobhsú na mballinstitiúidí; á iarraidh ar BCE faireachán a dhéanamh ar an staid atá ann ó thaobh iasachtaí neamhthuillmheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) i ngeilleagar an Aontais agus i gcóineasú eacnamaíoch agus sóisialta agus i bhfostaíocht; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an éifeacht atá ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise san Úcráin ar FBManna; á athdhearbhú gur gá deireadh a chur le bacainní maorlathacha ar infheistíochtaí trasteorann san Aontas, an t-ualach cánach ar FBManna i gcomparáid le corparáidí móra a laghdú, creataí dlíthiúla a shimpliú chun caipiteal a mhealladh, FBManna a spreagadh chun dul isteach i margaí airgeadais agus an litearthacht airgeadais a chothú i measc na saoránach chun feasacht a mhúscailt i dtaobh na dtairbhí a bhaineann le hinfheistíochtaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas airgeadaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar an mboilsciú ceannlíne ó 8,4 % in 2022 go 5,2 % in 2023, arb iad na praghsanna fuinnimh níos ísle agus an maolú ar na scrogaill soláthair is cúis leis an laghdú sin den chuid is mó; á thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil an boilsciú os cionn an spriocleibhéil 2 %; ag aithint réamhaisnéis BCE gur ráta boilscithe 2,1 % a bheidh ann in 2025; á chur in iúl gur cúis bhuartha di éifeachtaí indíreacha, na hionchais bhoilscithe atá ag gnólachtaí agus teaghlaigh a bheith á ndífhréamhú, agus an fhéidearthacht go mbeadh forbairt phá agus praghsanna ann nuair a bhíonn ionchais i dtaobh boilsciú agus, dá bhrí sin, pá ag méadú ar bhonn uilechoiteann, agus an gá atá ann na impleachtaí a ghabhann leis sin don fhás agus don fhostaíocht a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar díréireach ag ardleibhéil bhoilscithe ar theaghlaigh atá ar ioncam níos ísle, a chaitheann cion níos airde dá mbuiséad ar riachtanais; á chur i bhfáth gur den tábhacht é, dá bhrí sin, boilsciú a thabhairt ar ais go dtí a spriocleibhéal chun an comhtháthú sóisialta a choimeád ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí míshásta le ráta ard leanúnach an chroíbhoilscithe, cé go bhfuil sé ar chonair anuas anois le roinnt míonna anuas; ag tabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar an mboilsciú ar dtús mar gheall ar scrogaill soláthair; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh méadú ar an bhfás pá, agus é á thiomáint ag cúiteamh boilscithe agus an margadh saothair teann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios gur thosaigh an boilsciú ag ardú cheana féin os cionn na spriocleibhéil i mí Iúil 2021, mar gheall ar scrogaill soláthair, agus dá bhrí sin fiú sular tharla ionsaí neamhdhleathach iomlán gan chúis na Rúise san Úcráin, a ndeachaigh an brú boilscitheach in olcas dá dheasca; ag tabhairt dá haire, áfach, nár thosaigh BCE ag dul i ngleic leis an mboilsciú ach go mí an Mheithimh 2022, cé gur cruthaíodh le géarchéim COVID-19 go bhfuil sé in ann gníomhú go tráthúil; ag tabhairt dá haire gur ghníomhaigh bainc cheannais eile níos tapúla; á thabhairt faoi deara gur cheart do BCE gníomhú go pras, agus a shainordú á chomhlíonadh aige chun a chinntí uile a bhunú ar tháscairí eacnamaíocha agus airgeadais; á áitiú go bhféadfadh tionchar níos luaithe ar dhinimicí praghsanna a bheith ag freagairt níos tapúla, agus go seachnófaí dá chionn sin an bhuaic 10,6 % a bhí ann i mí Dheireadh Fómhair 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar BCE leanúint den anailís ar fhadú an bhoilscithe de bharr soláthair/éilimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tacú go hiomlán leis an ráiteas ón Uachtarán Lagarde maidir leis an mboilsciú a chomhrac chomh fada agus is gá, agus béim á leagan ag an am céanna ar an bhfíoras gur féidir normalú an bheartais airgeadaíochta a bhaint amach trí theaglaim de bheartais fhioscacha, airgeadaíochta agus struchtúracha; ag moladh achainí an Uachtaráin Lagarde ar son na humhlaíochta agus go ndéanfaí samhlacha BCE a thabhairt cothrom le dáta go rialta; á iarraidh ar BCE, áfach, athbhreithniú ó bhonn a dhéanamh agus feabhas a chur ar a shamhlacha agus an ról atá acu ina cheapadh beartas i bhfianaise fheidhmíocht neamhleor na samhlacha le blianta beaga anuas, chun iad a chur in oiriúint do threochtaí eacnamaíocha nua agus do threochtaí i margaí airgeadais an Aontais agus i margaí airgeadais domhanda, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó na géarchéimeanna atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe seo agus na dúshláin a bhaineann le ceapadh beartas airgeadaíochta á gcur san áireamh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheabhrú nár baineadh cobhsaíocht praghsanna amach go fóill ná baol air; ag tabhairt dá haire gurb ionann an spriocleibhéal siméadrach boilscithe agus 2 % sa mheántéarma; á thabhairt faoi deara go raibh an boilsciú, le 10 mbliana anuas, go mór faoi bhun nó i bhfad os cionn an spriocleibhéil sin; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil an boilsciú ag dul i laghad, agus é ag druidim le cuspóir meántéarmach BCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar BCE an bhrí atá le ‘meántéarma’ a shainiú ar bhealach níos fearr agus féachaint ar chur chuige níos cáilíochtúla maidir le cobhsaíocht praghsanna, lena gcaomhnófar scóip leordhóthanach chun tairbhe a bhaint as cobhsaíocht praghsanna agus, ag an am céanna, scóip leordhóthanach a chur ar fáil chun riosca an díbhoilscithe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tacú leis an gcinneadh ó BCE gearradh siar ar a chláir ceannaigh sócmhainní, i bhfianaise na róleachtachta sa mhargadh; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil sé ar intinn ag BCE fós na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht agus a ceannaíodh faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a laghad; ag tabhairt dá haire an fógra ó BCE maidir le dícharbónú a chuid sealúchas bannaí corparáideacha, cé, má dhéantar infheistiú atá ró-ualaithe i bhfabhar cineál áirithe stíle infheistíochta, go gcailleann sé sin éifeachtacht nuair nach ndéantar athinfheistíochtaí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cáilíocht na comhthaobhachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann coincheap neodracht an mhargaidh le prionsabal ‘geilleagar margaidh oscailte lena ngabhann saoriomaíocht’; á iarraidh ar BCE, agus a neamhspleáchas á urramú aige, aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a áirithiú in imeacht tréimhse fhadtéarmach, agus é ag fanacht chomh neamhpholaitiúil agus is féidir, agus neodracht an mhargaidh á urramú aige in áisc éagsúla; á thabhairt chun suntais nár cheart cinntí den sórt sin a dhéanamh más dochar a dhéanamh do ghnóthú phríomhchuspóir BCE atá mar thoradh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á aithint gur gá infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a dhéanamh tar éis na mblianta fada tearcinfheistíochta chun dinimic bhoilscithe ar thaobh an tsoláthair a laghdú agus chun acmhainneacht fáis inbhuanaithe a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tarchur cothrom an bheartais airgeadaíochta ríthábhachtach chun sainordú BCE i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfágann dibhéirseacht iomarcach i dtorthaí na mbannaí ceannasacha nach bhfuil na dálaí creidmheasa i gcomhréir le tarchur aonfhoirmeach an bheartais airgeadaíochta agus go bhfuil laghdú ar an bhfiachas poiblí thar a bheith deacair; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, seoladh na hIonstraime um Chosaint Tarchuir chun tacú le tarchur éifeachtach an bheartais airgeadaíochta ar fud an limistéir euro;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sainordú tánaisteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheabhrú go gceanglaítear le hAirteagal 127 CFAE ar BCE tacú le beartais eacnamaíocha ghinearálta an Aontais, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE, a thagann faoina shainordú, a mhéid nach ndéantar dochar leis do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna; á chur i bhfios go bhfuil ordlathas soiléir ann idir cuspóirí BCE; á mheabhrú go bhfuil an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach i measc thosaíochtaí coiteanna an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí a rinneadh le déanaí sna meáin maidir le claontacht pholaitiúil laistigh de BCE maidir le glasú beartas, mar a thugtar air; á mheabhrú go bhfuil béim gan bhac ar shainordú BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna ríthábhachtach do shláine agus do thacaíocht phoiblí na hinstitiúide; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá an t-iolrachas do chultúr institiúideach BCE; á iarraidh ar BCE imscrúdú a dhéanamh ar aon amhras maidir le claontacht idé-eolaíoch agus aghaidh a thabhairt air go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag meabhrú do BCE caibidil shonrach a dhíriú ina thuarascáil bhliantúil ar mhíniú a thabhairt ar an gcaoi ar léirmhínigh sé a chuspóirí tánaisteacha agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar an bpríomhshainordú agus ar an gcaoi ar ghníomhaigh sé ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil BCE, agus é ina institiúid de chuid an Aontais, ag gníomhú dó laistigh dá shainordú, faoi cheangal ag gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras; ag spreagadh BCE leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh an t-athrú aeráide difear a dhéanamh dá chumas an chobhsaíocht praghsanna a choimeád;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fógra ó BCE maidir le feabhsuithe breise ar uirlisí measúnaithe riosca agus ar chumais an Eurochórais chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a thabhairt san áireamh ar bhealach níos fearr, go háirithe toisc go bhféadfadh luaineacht praghsanna níos mó a bheith mar thoradh ar an athrú aeráide agus ar fheiniméin adhaimsire, san earnáil agraibhia go háirithe; á iarraidh ar BCE leanúint dá chuid oibre ar thástálacha struis riosca aeráide a forbraíodh chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na mbanc agus na gcorparáidí i bhfianaise riosca mar gheall ar an aistriú aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ann do phlean gníomhaíochta BCE agus a threochlár mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an athrú aeráide chun breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú tuilleadh ina chreat beartais agus ina shamhlacha; ag tabhairt dá haire nach n-áirítear sa treochlár aeráide oibríochtaí athmhaoinithe glasa fadtéarmacha spriocdhírithe ná ionstraimí comhchosúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Colún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir leis an gcóineasú socheacnamaíoch; á chur i bhfios gur fearr a bhainfear amach na cuspóirí sin nuair a oibríonn an geilleagar sóisialta margaidh i dtimpeallacht mhaicreacnamaíoch chobhsaí atá bunaithe ar leibhéil intuartha praghsanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tarraingt aird ar dhibhéirseacht sheasta iarmhéideanna TARGET2 laistigh de CEBC; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le coinbhleacht amach anseo; ag tabhairt dá haire go bhfuil léirmhíniú na ndibhéirseachtaí sin á chonspóid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go dtugann BCE aird ar na rioscaí a bhaineann le cibirionsaithe; ag spreagadh BCE chun an fheasacht sin a choimeád, go háirithe i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair; á iarraidh ar BCE gan maolú a dhéanamh ar an bhfaireachán a dhéanann sé ar fhorbairt cineálacha nua sócmhainní digiteacha, amhail criptea-shócmhainní, eadhon criptea-airgeadraí agus na rioscaí gaolmhara ó thaobh na cibearshlándála, sciúradh airgid, calaois chánach, maoiniú sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí coiriúla eile a bhaineann leis an anaithnideacht a sholáthraítear le criptea-shócmhainní; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar BCE a thiomantas d’athléimneacht a bhonneagair dhigitigh a choimeád;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna BCE dul chun cinn maidir le tionscadal an euro dhigitigh agus á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé leis an bParlaimint ina leith sin; á athdhearbhú, d’fhonn an tAontas a bheith ar thús cadhnaíochta sna claochluithe digiteacha in earnáil na n-íocaíochtaí, nach mór go n-urramófaí leis an euro digiteach an iomaíocht i dtírdhreach na baincéireachta agus na n-íocaíochtaí digiteacha; á chur i bhfios go láidir nár cheart do euro digiteach teacht in ionad an airgid thirim mar mhodh íocaíochta, nach mór go n-urramófaí leis príobháideachas na saoránach agus na ngnólachtaí agus nár cheart dó an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol; á mheas nach n-éireoidh leis an euro digiteach ach amháin má chuireann sé breisluach inláimhsithe ar fáil a chuirtear in iúl go soiléir do shaoránaigh na hEorpa; á mheabhrú go bhfuil tabhairt isteach an euro dhigitigh ag brath ar chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhreachtóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag aontú leis an imní atá ar BCE maidir le méadú na hearnála scáthbhaincéireachta agus maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi don chobhsaíocht airgeadais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rialáil leormhaith ar idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc, lena gceadaítear don earnáil dul san iomaíocht ar bhonn cothrom leis an earnáil baincéireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi creat Basel III, toisc go neartófar leis athléimneacht na hearnála baincéireachta; ag tabhairt rabhaidh faoin riosca neamhchomhlíontachta; ag athdhearbhú na n-ábhar imní a chuir BCE in iúl ina leith sin; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh maoirseacht na mbanc bunaithe ar riosca; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cothrom iomaíochta idirnáisiúnta agus iomaíochas bhainc na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann BCE a chórais in oiriúint d’fhorbairtí teicneolaíocha amhail comhtháthú na hintleachta saorga ina shamhlacha próiseála sonraí agus anailíse sonraí chun feabhas a chur ar an anailís airgeadaíochta agus ar an gcinnteoireacht airgeadaíochta; á chur i bhfáth gur cheart na forbairtí sin go léir a dhéanamh i gcónaí laistigh de pharaiméadair sábháilteachta chun rioscaí oibríochtúla a sheachaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuntasacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh na cleachtais chuntasachta reatha idir BCE agus Parlaimint na hEorpa a chur ar bhonn foirmiúil i scríbhinn; ag aithint oscailteacht agus infhaighteacht BCE don Pharlaimint; á iarraidh ar BCE agus ar an bParlaimint leas iomlán a bhaint as na socruithe cuntasachta agus trédhearcachta agus, i gcás inar féidir, na socruithe sin a fheabhsú tuilleadh, gan dochar do neamhspleáchas BCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag moladh go gcruthódh BCE oifig meastóireachta inmheánaí le haghaidh measúnú <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar a chinntí beartais, gan neamhspleáchas BCE a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-aiseolas suntasach agus mionsonraithe ó BCE ar rún na Parlaiminte maidir le tuarascáil bhliantúil BCE, 2021; á iarraidh ar BCE an tiomantas sin don chuntasacht agus don trédhearcacht a choimeád agus leanúint d’aiseolas i scríbhinn a fhoilsiú i dtaobh rúin na Parlaiminte maidir le tuarascálacha bliantúla BCE gach bliain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt faoi deara nach bhfuil ach beirt bhan ina gcomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin agus de Chomhairle Rialaithe BCE; á iarraidh ar Bhallstáit an limistéir euro a gcion féin a dhéanamh agus prionsabal an chomhionannais inscne a ionchorprú ina bpróisis cheapacháin chun comhdheiseanna a áirithiú do gach inscne le haghaidh phost an ghobharnóra ar na bainc cheannais náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire go léirítear leis an staidreamh is déanaí atá ar fáil maidir le héagothroime inscne i struchtúr eagraíochtúil BCE trí chéile go bhfuil méadú tagtha ar sciar na mban i bpoist bhainistíochta uile BCE; á iarraidh ar BCE leanúint dá chuid oibre chun comhionannas deiseanna a neartú do gach inscne ina eagraíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi beartas nua cumarsáide BCE, a bhfuil ar áireamh ann bealaí níos inrochtana chun cinntí beartais BCE a mhíniú agus a chur i láthair do shaoránaigh agus do gheallsealbhóirí agus á iarraidh ar BCE a chumarsáid faoi chuspóirí beartais an bhainc ceannais agus faoi fhreagairtí géarchéime a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ceapadh Cathaoirleach nua an Bhoird Maoirseachta le déanaí agus ag meabhrú do BCE sainchumais Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh agus a urramú ar bhealach níos fearr i nósanna imeachta ceapacháin amach anseo, maidir leis an Sásra Aonair Maoirseachta go háirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá creat eitice BCE agus an Cód Iompair, ós rud é gur coimirce iad do shláine BCE agus go bhfeidhmíonn siad mar bhonn le haghaidh iontaoibh an phobail agus, ar deireadh thiar, le haghaidh inchreidteacht BCE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an creat sin ina threoraíocht d’fhoireann agus d’oifigigh ardleibhéil BCE maidir leis an gcaoi ar cheart déileáil le brústocairí; á iarraidh ar BCE an creat a athscrúdú go rialta i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar BCE dul i mbun idirphlé leis na parlaimintí náisiúnta, agus a neamhspleáchas polaitiúil á urramú go docht aige; á chreidiúint go mbeadh de thoradh air sin go neartófaí dlisteanacht agus beartais BCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar BCE a chreat inmheánach sceithireachta a thabhairt i gcomhréir le Treoir an Aontais maidir le Sceithirí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>