<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0105</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta - tuarascáil bhliantúil 2023</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0403/2023 -  Rapóirtéir: Sven Mikser)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 ‘Cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta - tuarascáil bhliantúil 2023’ (2023/2119(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Caibidil a Dó, Roinn a Dó de maidir le forálacha i dtaca leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021,lch. 149.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 791, 21.3.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar coiteann (EDIRPA)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2418, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 185, 24.7.2023, lch. 7.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160).
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh (COM(2023)0209),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 14.12.2017, lch. 57.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána (EPF), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528<FOOTNOTE><FIELD> IO L 102, 24.3.2021, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1970 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 270, 18.10.2022, lch. 93.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 270, 18.10.2022, lch. 85.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2507 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 20.12.2022, lch. 110.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 22, 24.1.2023, lch. 29.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 14 agus an 15 Nollaig 2023, maidir leis an gcinneadh tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive, tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a luaithe a bhainfear amach an méid comhlíonta is gá leis na critéir bhallraíochta agus stádas mar iarrthóir a thabhairt don tSeoirsia ar an tuiscint go nglactar na céimeanna ábhartha a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht mhíleata Iosrael atá beartaithe in Rafah,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gcur chuige comhtháite i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha agus an 24 Eanáir 2022 maidir le staid slándála na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena leathnaítear agus lena bhfeabhsaítear Coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe i Murascaill na Guine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Versailles a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeannairí Stáit agus Rialtais an 11 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ‘Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint — Chun Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta’, a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022, agus don Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn maidir le Cur Chun Feidhme an Chompáis Straitéisigh don tSlándáil agus don Chosaint, a foilsíodh i mí an Mhárta 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhshocrú Sibhialtach CBSC – I dtreo misin shibhialtacha níos éifeachtaí, a d’fhormheas an Chomhairle an 22 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Defence Investment Gaps Analysis and Way Forward’ [Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh] (JOIN(2022)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Márta 2023 maidir le nuashonrú Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh agus a Plean Gníomhaíochta dar teideal An enhanced EU Maritime Security Strategy for evolving maritime threats [Straitéis Slándála Muirí fheabhsaithe an Aontais Eorpaigh do bhagairtí muirí atá ag teacht chun cinn] (JOIN(2023)0008),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Márta 2023 dar teideal ‘European Union Space Strategy for Security and Defence’ [Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh don tSlándáil agus don Chosaint] (JOIN(2023)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2022 dar teideal ‘Action plan on military mobility 2.0’ [Plean Gníomhaíochta maidir le Soghluaisteacht Mhíleata 2.0] (JOIN(2022)0048),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2023 dar teideal Towards a more resilient, competitive and sustainable Europe [I dtreo Eoraip níos athléimní, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe] (COM(2023)0558),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 8ú tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na sraithe comhchoitinne de thograí a d’fhormhuinigh Comhairlí an Aontais Eorpaigh agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017, arna dtíolacadh go comhpháirteach ag Leas-Uachtarán an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Ghnóthaí Eachtracha (VP/HR) agus Ardrúnaí ECAT do Chomhairlí an Aontais Eorpaigh agus ECAT an 16 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonradh an Atlantaigh Thuaidh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choincheap Straitéiseach ECAT 2022 agus do Communiqué Chruinniú Mullaigh Vilnius 2023 ECAT,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú ó Chruinniú Mullaigh Mhaidrid a ghlac Cinn Stáit agus Rialtais ECAT a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh i Maidrid an 29 Meitheamh 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don na trí Dhearbhú Chomhpháirteacha maidir leis an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT a síníodh an 8 Iúil 2016, an 10 Iúil 2018 agus an 10 Eanáir 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, go háirithe Airteagal 2.4 de lena dtoirmisctear forneart a úsáid agus Airteagal 51 maidir leis an gceart bunúsach chun féinchosanta aonair agus comhchoiteann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rúin 1325 (2000), 1889 (2013), 2122 (2013), 2242 (2015) agus 2493 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus do Rúin 2250 (2015), 2419 (2018) agus 2535 (2020) maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhaineann leis an gCipir agus le Preasráiteas Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCipir an 21 Lúnasa 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Bealtaine 2022 maidir le bagairtí ar an gcobhsaíocht, ar an tslándáil agus ar an daonlathas san Afraic Thiar agus sa tSaiheil<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 137.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Eanáir 2023 maidir le hiarmhairtí daonnúla an imshuí in Nagorno-Karabakh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 104.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 9 Márta 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 61.</FIELD></FOOTNOTE> agus an 1 Meitheamh 2023<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0219.</FIELD></FOOTNOTE> maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 15 Márta 2023 maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Airméin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/404, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/404/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Asarbaiseáin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/405, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/405/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Aibreán 2023 maidir le cur chun feidhme CBSC sibhialtach agus cúnamh slándála sibhialta eile de chuid an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/445. 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/445/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta an Aontais tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 136.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le caidreamh straitéiseach agus comhpháirtíocht an Aontais le Corn na hAfraice<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le straitéis nua an Aontais Eorpaigh don mhéadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2023 maidir le hAcmhainneacht Mearimscartha an Aontais Eorpaigh, Cathghrúpaí an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 44 CAE:  an bealach chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> OJ C, C/2023/448, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/448/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 10 Feabhra 1999 maidir le Cór Síochána Sibhialta Eorpach a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 150, 28.5.1999, lch. 164.</FIELD></FOOTNOTE>;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0403/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil mór-roinn na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar an meascán is casta de bhagairtí míleata agus neamh-mhíleata araon mar gheall ar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chuir slándáil agus cobhsaíocht an Aontais i mbaol go mór;  de bhrí go sáraíonn ionsaí na Rúise an dlí idirnáisiúnta, prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, agus gur ionsaí é ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, lena gcuirtear i mbaol príomhphrionsabal an neamh-iontaoibh forfheidhmithe sa chaidreamh idirnáisiúnta;  de bhrí gur léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, i gcomhthráth le húsáid a bhaint as saincheisteanna eile amhail fuinneamh, soláthairtí bia agus faisnéis mar uirlis troda, go bhfuil timpeallacht gheopholaitiúil idirnáisiúnta níos iomaíche agus nach bhfuil chomh slán sin ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go n-áirítear ar na bagairtí neamh-mhíleata sin bréagaisnéis, cibirionsaithe, brú eacnamaíoch, dúmhál bia agus fuinnimh, ionstraimiú na himirce, agus tionchar polaitiúil treascrach chun tacaíocht a lorg d’oibríochtaí míleata neamhdhlisteanacha na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le teanntás méadaithe gníomhaithe réigiúnacha agus domhanda eile, amhail an tSín, an Iaráin agus tíortha áirithe de chuid na Murascaille, ag díchobhsú gharchomharsanacht an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear trí infheistíochtaí straitéiseacha agus feachtais bhréagaisnéise, ach freisin, i gcásanna áirithe, trí thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, oibríochtúil agus lóistíochta a sholáthar d’eintitis naimhdeacha sa réigiún; de bhrí nach mór don Aontas tacaíocht níos mó a áirithiú, go háirithe do thíortha is iarrthóirí, chun an chobhsaíocht agus an tslándáil a chaomhnú agus chun an comhar cosanta a mhéadú, go háirithe ó thaobh an chomhraic i gcoinne na bréagaisnéise agus na cogaíochta hibridí;  de bhrí go bhfuil todhchaí na mBalcán Thiar agus na dtíortha i gComharsanacht an Oirthir suite san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, le hiarrachtaí leanúnacha na Rúise chun an tAontas a dhíchobhsú agus chun an bonn a bhaint d’ollstruchtúr slándála na hEorpa, go n-éilítear ar an tAontas feabhas suntasach a chur ar chomhtháthú agus éifeachtacht a bheartais eachtraigh, slándála agus cosanta agus a cheannasachta straitéisí, a chuspóirí straitéiseacha féin a leagan síos, a leasanna, a luachanna agus a shaoránaigh a chosaint laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha, sna Balcáin Thiar agus i gComharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt, chun síocháin, slándáil an duine, forbairt inbhuanaithe agus daonlathas a bhaint amach, agus tacú lena chomhpháirtithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil timpeallacht straitéiseach mhór-roinn na hEorpa ina hiomláine an-mhíshocair, le coinbhleachtaí oscailte nó folaigh i bhformhór na réigiún comharsanachta, ó Chugas go dtí an tSaiheil agus ón Meánoirthear go dtí limistéir áirithe san Afraic Thuaidh;  de bhrí, sa bhreis ar ionghabháil réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin, go leanann an Rúis de réigiúin na hAbcáise agus na hOiséite Theas sa tSeoirsia agus réigiún Tras-dnístria i bPoblacht na Moldóive a áitiú, rud a léiríonn go bhfuil gá le láithreacht leanúnach CBSC sa réigiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhar an Aontais le tíortha áirithe san Afraic á chonspóid;  de bhrí gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht mhisin agus oibríochtaí CBSC an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach mór na cumais mhíleata is gá a chur ar fáil don Úcráin chomh fada agus a theastaíonn uaithi go mbeadh bua míleata cinntitheach ag an Úcráin chun deireadh a chur le cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise, chun a ceannasacht agus a hiomláine chríochach a athbhunú laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus chun aon ionsaí amach anseo a dhíspreagadh;  de bhrí go bhfuil an Úcráin, agus í féin á cosaint aici, ag cosaint agus ag troid ar son luachanna Eorpacha agus príomhleasanna slándála; de bhrí go raibh comhar AE-ECAT bunriachtanach chun seachadtaí arm chuig an Úcráin a chomhordú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil práinn nua ann don Aontas borradh a chur faoina chumais, lena n-áirítear trí chur leis an tacaíocht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana don Úcráin agus trí chistiú an Chiste Eorpaigh Cosanta (EDF), na Soghluaisteachta Míleata agus, go háirithe, na Saoráide Eorpaí Síochána (EPF) a mhéadú, lenar chuir an tAontas níos mó ná EUR 5 bhilliún de threalamh míleata ar fáil don Úcráin, agus trí thionscadail an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO) agus trí mhisin mhíleata agus shibhialtacha CBSC;  de bhrí gur gá don Aontas borradh breise a chur faoin taighde, faoin bhforbairt theicneolaíoch agus faoin nuálaíocht sa tslándáil agus sa chosaint, ach sa chibearshlándáil freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, in 2023, gur thug an Pharlaimint agus an Chomhairle comhaontuithe i gcrích maidir le tionscal cosanta na hEorpa tríd an ngníomh comhsholáthair (EDIRPA) agus tríd an nGníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlón (ASAP), arb é is aidhm dóibh soláthar comhpháirteach táirgí cosanta a spreagadh, acmhainneacht táirgeachta thionscal cosanta na hEorpa a mhéadú, stoic laghdaithe a athshlánú agus ilroinnt in earnáil an tsoláthair cosanta a laghdú;  de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh tionscnamh chun fíor-chomhtháthú cosanta Eorpach a bhunú, lena n-áirítear Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP) agus Straitéis thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, gan iarrachtaí buiséadacha suntasacha, nach mbeidh an éifeacht a mheastar a bheidh ag na huirlisí cosanta sin ar thacaíocht mhíleata don Úcráin ná ar fhíorchumas cosanta Eorpach agus ar bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch iomaíoch na cosanta Eorpaí (EDTIB) a fhorbairt; de bhrí nach ndéantar leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) ná an t-athbhreithniú air an buiséad a leithdháiltear ar chosaint Eorpach a fheabhsú; de bhrí gur ceapadh tograí chun comhchiste cosanta EUR 100 billiún a chruthú, a mbeadh sé mar aidhm leis dlús a chur le táirgeadh arm agus armlóin intíre láithreach, agus a mhaoineofaí le bannaí Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le caiteachas níos cliste agus soláthar comhpháirteach níos fearr chun cumais chosanta an Aontais agus na mBallstát a uasmhéadú;  de bhrí go bhfuil gá le comhchultúr straitéiseach, braistint na bagartha agus réitigh a fhorbairt agus a chomhcheangal i dteagasca agus i gcoincheapa chun cumais a fhorbairt agus iad a chur in oiriúint do riachtanais mhíleata;  de bhrí nach mór don Aontas a chreat amach anseo don chomhar cosanta maidir le cumais mhíleata a ullmhú, ó cheapadh na gcumas sin go dtí a bhforbairt agus a bhfostaíocht oibríochtúil, d’fhonn ár n-ullmhacht cosanta a mhéadú in iarracht chomhpháirteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur athdhearbhaíodh le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ról ECAT mar chloch choirnéil chosaint chomhchoiteann a chomhaltaí agus an éigeantacht a bhaineann le nasc láidir trasatlantach;  de bhrí gur leag an cogadh béim freisin ar an easpa infheistíochta sa tslándáil agus sa chosaint i roinnt mhaith Ballstát an Aontais agus ECAT;  de bhrí nach bhfuil ach cúpla Ballstát de chuid ECAT tar éis an cinneadh ó cheannairí ECAT 2 % ar a laghad de OTI a ghealladh do chaiteachas cosanta a chur chun feidhme;  de bhrí gur cheart an sprioc chaiteachais 2 % a bheith ina híosmhéid do thíortha ECAT de chuid an Aontais seachas uasteorainn do chaiteachas cosanta;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur léirigh na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas i gcoinne Iosrael an staid slándála luaineach agus dhinimiciúil sa Mheánoirthear agus gur gá don Aontas agus do ghníomhaithe idirnáisiúnta eile freagracht níos mó a ghlacadh orthu féin agus cabhrú le rialtais agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa réigiún síocháin mharthanach agus inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do réiteach dhá stát idir Iosrael agus an Phalaistín, chomh maith leis an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac sa réigiún; de bhrí gur maraíodh 1 139 Iosraelach agus saoránach eachtrach an 7 Deireadh Fómhair 2023, agus gur gabhadh 240 duine mar ghiall le linn an ionsaí sceimhlitheoireachta shuaithinseach a rinne Hamas; de bhrí gur maraíodh na mílte Palaistíneach neamhurchóideach agus na céadta ball foirne de chuid na Náisiún Aontaithe, pearsanra leighis agus iriseoirí i Stráice Gaza mar thoradh ar fhreagairt Rialtas Iosrael; de bhrí go bhfuil an bhuamáil leanúnach agus aslonnú éigeantach na bPalaistíneach ó dheas ó Stráice Gaza tar éis staid dhaonnúil uafásach atá ag dul in olcas go tapa a chruthú; de bhrí gur mharaigh ionsaithe a rinne fórsaí agus lonnaitheoirí Iosraelacha 330 Palaistíneach ar a laghad ar an mBruach Thiar ón 7 Deireadh Fómhair 2023 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil na hionsaithe leanúnacha sa Mhuir Rua a seoladh ó limistéir Éimin atá faoi smacht Houthi, le tacaíocht ón Iaráin, ina mbagairt shuntasach ar shaoirse loingseoireachta, slándála muirí agus trádála idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil ionsaithe breise ag mílístí éagsúla san Iaráic agus sa tSiria, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, ag cur tuilleadh leis an mbaol go rachaidh an géarú réigiúnach in olcas; de bhrí go bhfuil an riosca géaraithe sa réigiún níos airde anois ná mar a bhí leis na deicheanna de bhlianta;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gCompás Straitéiseach an treoir straitéiseach agus na huirlisí oibríochtúla is gá a thabhairt don Aontas chun bogadh i dtreo beartas cosanta comhleanúnach agus inchreidte, bunaithe ar chomhar míleata atá méadaithe go suntasach idir na Ballstáit, agus soláthraí slándála éifeachtach agus cumasach agus gníomhaí domhanda teanntásach a dhéanamh de, agus freisin i bhfianaise an chomhthéacs nua slándála, agus é in ann freagairt go tapa do ghéarchéimeanna lasmuigh den Aontas;  de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag ceannairí an Aontais módúlachtaí a fhorbairt le haghaidh cinnteoireacht níos solúbtha, go háirithe trí Airteagal 44 CAE, lena gceadaítear do ‘chomhghuaillíochtaí na ndaoine toilteanacha’ misin agus oibríochtaí a stiúradh thar ceann an Aontais; de bhrí, chun dul i ngleic leis an timpeallacht idirnáisiúnta reatha, nach mór don Aontas cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí uile a bhfuil air aghaidh a thabhairt orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Compás Straitéiseach go dearfach leis an tslándáil dhomhanda agus thrasatlantach, agus nach mór dó a bheith comhleanúnach agus comhoiriúnach le Coincheap Straitéiseach ECAT;  de bhrí go bhfuil feabhas suntasach tagtha le déanaí ar an gcomhar idir an tAontas agus ECAT;  de bhrí go bhfuil clásal cosanta frithpháirtí do chomhaltaí in Airteagal 5 de Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus in Airteagal 42(7) CAE;  de bhrí go sonraítear tuilleadh in Airteagal 222 CFAE ‘clásal dlúthpháirtíochta’ i measc Bhallstáit an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, mar a leagtar amach sa Chompás Straitéiseach, nach mór don Aontas dlús a chur lena uaillmhian chun uathriail straitéiseach oscailte agus ceannasacht theicneolaíoch a bhaint amach, agus a chomhpháirtíochtaí le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis a threisiú ag an am céanna chun a luachanna agus a leasanna, chomh maith le luachanna agus leasanna a chomhghuaillithe agus a chomharsana, a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil naoi misean mhíleata agus 13 mhisean shibhialtacha ag CBSC le breis agus 4000 pearsanra;  de bhrí gur minic nach mbíonn cinnteoireacht ghasta ag misin agus oibríochtaí CBSC agus go mbíonn siad thíos le micreabhainistíocht iomarcach ón gComhairle, chomh maith le hacmhainní teoranta airgeadais, lóistíochta agus daonna;  de bhrí go bhfuil níos lú pearsanra á n-imscaradh chuig na misin agus na hoibríochtaí ag na Ballstáit;   de bhrí go gcuireann na bacainní sin teorainn le héifeachtacht fhoriomlán mhisin agus oibríochtaí CBSC; de bhrí go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí an Chompáis Straitéisigh misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata CBSC de chuid an Aontais a threisiú trí shainorduithe níos láidre agus níos solúbtha a chur ar fáil dóibh, próisis chinnteoireachta níos gasta agus níos solúbtha a chur chun cinn agus dlúthpháirtíocht airgeadais níos fearr a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag misin agus oibríochtaí CBSC athléimneacht agus cobhsaíocht chomharsanacht na hEorpa a neartú, amhail sa Mheánmhuir, sa Chugas Theas agus i Réigiún na Mara Duibhe, sna Balcáin Thiar agus i gCorn na hAfraice, trí sheirbhísí a sholáthar amhail seirbhísí míleata, póilíneachta, garda cósta, oiliúint bainistithe teorainneacha agus fothú acmhainneachta;  de bhrí, má tá misin CBSC chun cuspóirí misin a bhaint amach, nach mór dóibh tús a chur le comhairle agus oiliúint a thabhairt chun dul i ngleic le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus le teicneolaíochtaí suaiteacha atá ag teacht isteach go tapa sa timpeallacht ‘coinbhleacht reoite’;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le cur chuige comhtháite an Aontais maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha d’úsáid chomhleanúnach acmhainneachtaí éagsúla an Aontais, inar cheart a bheartas slándála agus cosanta a chomhlánú agus a a bheith comhlánaithe le huirlisí sibhialta eile chun rannchuidiú le slándáil an duine agus le síocháin inbhuanaithe san Eoraip agus sa domhan mór;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go ndéanann coinbhleachtaí difear díréireach do mhná agus do chailíní agus, i measc nithe eile, go dtreisíonn siad foréigean inscnebhunaithe, mar a léiríodh freisin le cogadh foghach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine;  de bhrí go bhfuil mná go mór faoi ghannionadaíocht i misin shibhialtacha CBSC, i misin mhíleata agus in oibríochtaí míleata;  de bhrí gur cheart rannpháirtíocht na mban in oibríochtaí síochánaíochta agus míleata a spreagadh agus a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur léirigh Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais chun tacú leis an Úcráin (EUMAM) an tionchar dearfach atá ag misin agus oibríochtaí CBSC leis na hacmhainní agus na ranníocaíochtaí is gá ó na Ballstáit; de bhrí go bhfuil sprioc maidir le 30 000 saighdiúir Úcránach a chur faoi oiliúint bainte amach ag EUMAM cheana féin; de bhrí, bunaithe ar thorthaí agus ar threochtaí reatha, go bhfuil EUMAM réidh chun oiliúint a chur ar níos mó pearsanra míleata de chuid na hÚcráine chun an sprioc de 60 000 saighdiúir a bhaint amach; de bhrí go bhfuil an misean réidh freisin chun oiliúint aeir agus mhuirí a chomhtháthú de réir mar is iomchuí agus chun freagairt d’aon iarrataí oiliúna práinneacha eile de chuid na hÚcráine;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur minic a dhírítear ar mhisin agus oibríochtaí CBSC le bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear feachtais ionramhála agus trasnaíochta ar fhaisnéis eachtrach (FIMI), rud a chuireann a n-éifeachtacht i mbaol maidir leis an tír ina n-imscartar iad a chobhsú; de bhrí nach mór do Chumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta (CPCC) agus do Chumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC)  an Aontais machnamh a dhéanamh ar conas fórsa imscartha a chosaint ar bhagairtí hibrideacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go mbaineann an Rúis úsáid as cuideachtaí míleata príobháideacha (PMCanna), amhail Grúpa Wagner, mar chuid de bhosca uirlisí cogaíochta hibridí chun séanadh sochreidte a choinneáil, agus ag an am céanna tionchar a imirt go rathúil i réigiúin éagsúla agus rochtain a fháil ar acmhainní nádúrtha agus ar bhonneagair ríthábhachtacha;  de bhrí go bhfuil ainghníomhartha déanta ag Grúpa Wagner san Úcráin, i Mailí, sa Libia, sa tSiria agus i bPoblacht na hAfraice Láir;  de bhrí go bhfuil meon frith-Eorpach treisithe aige, go háirithe i dtíortha ina bhfuil láithreacht láidir ag an Aontas nó a dhéanann misin CBSC a óstáil;  de bhrí, i Mailí, i mBuircíne Fasó agus sa Nígir, go bhfuil seasamh neamh-chomhoibríoch lucht putsch i leith comhpháirtithe eile suntasach go leor, lena n-áirítear Misean Oiliúna an Aontais (EUTM) Mailí, eagraíochtaí réigiúnacha, chomh maith le MINUSMA;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí, tar éis coup mhí Iúil sa Nígir, go bhfuil cinneadh déanta ag lucht putsch cás a ullmhú chun Uachtarán dlisteanach na Nigéire, Mohamed Bazoum, a ionchúiseamh mar gheall ar ‘ardtréas’;  de bhrí gur lean Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) beartas ‘dériain’ — idirghabháil agus smachtbhannaí á gcur i bhfeidhm (trádáil, baincéireacht agus daoine aonair);  de bhrí go bhfuil tacaíocht láidir curtha in iúl ag an Aontas do ECOWAS, go bhfuil sé réidh chun córas smachtbhannaí uathrialach a ullmhú agus go bhfuil sé toilteanach féachaint ar aon iarratas a d’fhéadfadh teacht ó ECOWAS ar thacaíocht bhreise;  de bhrí, tar éis an coup, gur chuir misin CBSC (Misean an Aontais um Fhothú Acmhainneachta (EUCAP) sa tSaiheil Nígir agus Misean Comhpháirtíochta Míleata an Aontais (EUMPM) sa Nígir) a ngníomhaíochtaí oibríochtúla ar fionraí agus nár choinnigh siad ach an fhoireann lárnach is gá sa tír;  de bhrí go bhfuil na ceithre bheart cúnaimh leanúnacha ó SSE (EUR 74 mhilliún san iomlán) curtha ar fionraí;  de bhrí nach bhfuil na torthaí a rabhthas ag súil leo faighte mar thoradh ar mhisin EUTM agus EUCAP sa tSaiheil agus i bPoblacht na hAfraice Láir;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir an éagobhsaíocht agus an neamhshlándáil i gComharsanacht an Deiscirt agus i réigiún na Saiheile agus go bhfuil sé fós ina dhúshlán leanúnach maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha na hEorpa; de bhrí go bhfuil Misean Cúnaimh Teorann an Aontais sa Libia agus Oibríocht Fhórsa Cabhlaigh na Meánmhara (IRINI) ag rannchuidiú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar mhaithe le síocháin, slándáil agus cobhsaíocht inbhuanaithe tríd an trádbhac arm a chur chun feidhme agus airm aindleathacha agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur dúshlán suntasach do bheartas eachtrach an Aontais iad trasnaíocht eachtrach mhailíseach agus feachtais bhréagaisnéise, go háirithe agus iad urraithe ag an Rúis, agus i gcásanna áirithe gníomhaithe eile amhail an tSín agus an Iaráin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar an méadú atá tagtha ar úsáid ionsaithe agus bagairtí hibrideacha, mar a léirítear le gníomhaíochtaí na Rúise san Aontas, san Úcráin, san Afraic agus in áiteanna eile, gur gá ionstraimí cuimsitheacha a fhorbairt chun teagmhais den sórt sin a bhrath, a chosc agus chun freagairt dóibh agus saoránaigh agus sócmhainní an Aontais a chosaint, trí acmhainneachtaí míleata traidisiúnta a chlaochlú, trí shlándáil an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú, chun cur i gcoinne FIMI agus chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a fhorbairt tuilleadh;  de bhrí gur léirigh an tSín freisin go bhfuil úsáid mhéadaithe á baint as oirbhearta cogaíochta hibridí, lena n-áirítear sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus i Muir na Síne Theas, arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint de chobhsaíocht agus de shlándáil an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go dtiocfaidh méadú ar úsáid na mbagairtí hibrideacha sna blianta amach romhainn as an meascán córasach de chogaíocht faisnéise, d’ainliú solúbtha fórsa, de chibearchogaíochta ollmhór agus de theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus de theicneolaíochtaí suaiteacha, ó ghrinneall na farraige go dtí an spás, le himscaradh ardchóras faireachais agus ionsaithe spásbhunaithe, a gcumasófar iad go léir le hardintleacht shaorga (IS), ríomhaireacht chandamach, teicneolaíochtaí saithe dróin atá ag éirí níos cliste, cibearchumais ionsaitheacha, córais diúracáin hipearsonacha, agus nanateicneolaíocht agus bithchogaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go n-iompraítear thart ar 90 % de thrádáil sheachtrach an Aontais ar muir;  de bhrí go ndéantar thart ar dhá thrian de sholáthar ola agus gáis an domhain a eastóscadh ar muir nó a iompar ar muir;  de bhrí go ndéantar suas le 90 % d’aistrithe sonraí agus cumarsáide idirnáisiúnta trí cháblaí faoin bhfarraige;  de bhrí go ndéanann an choireacht eagraithe agus gáinneálaithe drugaí cuid shuntasach dá ngníomhaíochtaí ar muir, agus go n-úsáideann siad fiú feithiclí nó trealamh intumtha nó leath-intumtha atá deacair do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a ghabháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhar slándála agus cosanta le comhpháirtithe agus comhghuaillithe ríthábhachtach d’uaillmhian an Aontais a bheith ina sholáthraí slándála idirnáisiúnta;  de bhrí go bhfuil comhar le heagraíochtaí amhail na Náisiúin Aontaithe, ECAT, an tAontas Afracach (AA), an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, chomh maith le go leor comhghuaillithe agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo ríthábhachtach chun CBSC a chur chun feidhme go rathúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí gurb iad na Stáit Aontaithe an comhghuaillí is tábhachtaí atá ag an Aontas;  de bhrí gurb iad an comhar, an chomhpháirtíocht agus an cairdeas comhpháirteach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, a léirítear, i measc nithe eile, trínár gcomhar comhpháirteach laistigh de ECAT, cnámh droma na saoirse, an rathúnais, an daonlathais agus na slándála comhroinnte atá againn;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gur comhpháirtí straitéiseach é Meiriceá Laidineach don Aontas agus de bhrí go bhfuil go leor acmhainneacht neamhshaothraithe ann chun fíor-chomhpháirtíocht straitéiseach a fhorbairt, lena n-áirítear sa chomhar slándála;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Coimisiún agus an Pharlaimint tiomanta don Aontas a threisiú mar ghníomhaí seachtrach atá in ann gníomhú ar bhealach níos straitéisí agus níos uathrialaithí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go bhfuil an réigiún Artach ag éirí níos tábhachtaí don gheopholaitíocht, don fhorbairt eacnamaíoch agus don iompar, agus ag an am céanna go bhfuil dúshláin os a chomhair a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an míleatú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go bhfuil iompar na Síne ag éirí níos ionsaithí, go háirithe ina comharsanacht féin, amhail Caolas na Téaváine agus Muir na Síne Theas, mar bhaol don tslándáil réigiúnach agus dhomhanda;  de bhrí go bhfuil insint mhalartach curtha chun cinn ag an tSín le blianta fada, rud a cheistigh luachanna daonlathacha, margaí oscailte agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;  de bhrí go bhfuil tionchar méadaitheach na Síne in eagraíochtaí idirnáisiúnta tar éis bac a chur ar dhul chun cinn dearfach agus an Téaváin a eisiamh tuilleadh ó rannpháirtíocht cheart agus fhóinteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí gur thionóil na Stáit Aontaithe, an tSeapáin agus an Chóiré Theas an chéad chruinniú tríthaobhach stairiúil an 18 Lúnasa 2023;  de bhrí go bhfuil comhar frithpháirteach i measc tíortha atá ar aon intinn, go háirithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, bunriachtanach chun forbairt shíochánta agus rathúil an réigiúin a áirithiú;  de bhrí gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh freisin feabhas a chur ar a chomhar slándála leis na tíortha sin atá ar aon intinn leo sa réigiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go bhfuil bagairtí díchobhsaithe roimh an gCosaiv agus an tIdirphlé idir Béalgrád agus Pristine arna éascú ag an Aontas; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag oibríocht EUFOR Althea i slándáil agus cobhsaíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an réigiúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go bhfuil gné uilíoch ag baint leis an oidhreacht chultúrtha mar fhianaise ar an stair atá doscartha ó fhéiniúlacht daoine, rud nach mór don phobal idirnáisiúnta a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach cothaithe síochána ina mbeidh speisialtóirí sibhialta rannpháirteach chun bearta praiticiúla don tsíocháin a chur chun feidhme; de bhrí go ndéanann eagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla agus idirnáisiúnta gníomhaíochtaí ríthábhachtacha arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach go síochánta, agus go bhfuil sé ríthábhachtach an leas is fearr is féidir a bhaint as a dtaithí;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid slándála dhomhanda atá ag dul in olcas go tapa agus á chreidiúint go bhfuil aontacht Eorpach agus thrasatlantach, mar aon le dlúthchomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo ar fud an domhain, níos riachtanaí ná riamh in aimsir na héiginnteachta ard seo, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an iliomad géarchéimeanna domhanda, chun gníomhú go réamhghníomhach agus chun freagairt go cinntitheach do bhagairtí ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus chun cur chun feidhme éifeachtach CBSC a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag seasamh le chéile leis an Úcráin agus ag cáineadh go diongbháilte cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis gan údar na Rúise;  á chur in iúl gur saoth léi iarmhairtí domhanda chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise atá ag bualadh tíortha agus sochaithe leochaileacha ar fud an domhain trí phraghsanna fuinnimh méadaithe agus ganntanas bia agus a sháraíonn go mór an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus a chuireann an dlí sin i mbaol freisin agus a bhaineann an bonn de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain;  á aithint go bhfuil an Rúis ag leanúint dá cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine le tacaíocht ón mBealarúis, ón Iaráin agus ón gCóiré Thuaidh, agus go bhfuil láithreacht mhíleata ghníomhach fós aici i gcás ina measann sí go bhfuil tábhacht straitéiseach leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cáineadh go géar na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha a rinne an grúpa sceimhlitheoireachta Hamas i gcoinne Iosrael, lena n-áirítear gialla a thógáil, agus á chur in iúl go dtacaíonn sí le Stát Iosrael agus a mhuintir, agus le sibhialtaigh na Palaistíne i Stráice Gaza agus sa Bhruach Thiar;  á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll na gialla uile a thóg an grúpa sceimhlitheoireachta Hamas agus go ndéanfaí coirp na ngiall a bhásaigh a thabhairt ar ais;  ag cur béim ar cheart Iosrael é féin a chosaint i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á chur i bhfáth nach mór do na páirtithe uile idirdhealú a dhéanamh, i gcónaí, idir comhraiceoirí agus sibhialtaigh agus nach bhféadfaidh páirtithe ach comhraiceoirí agus spriocanna míleata a ionsaí;  á iarraidh go mbeadh rochtain dhaonnúil leanúnach, mhear, shábháilte agus gan bhac ann dóibh siúd atá i ngátar trí na bearta uile is gá lena n-áirítear conairí daonnúla agus sosanna do riachtanais dhaonnúla;  á iarraidh ar Rialtas Iosrael gan gníomhaíocht mhíleata a dhéanamh in Rafah, a dhéanfadh staid dhaonnúil atá tubaisteach cheana féin níos measa agus a chuirfeadh cosc ar sholáthar seirbhísí bunúsacha agus cúnaimh dhaonnúil a bhfuil géarghá leo;ag cur in iúl a brón ó chroí agus a dlúthpháirtíocht iomlán leis na híospartaigh neamhurchóideacha ar an dá thaobh, lena dteaghlaigh agus lena ngaolta;  á iarraidh go dtabharfaí chun cuntais iad siúd atá freagrach as gníomhartha sceimhlitheoireachta agus as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú críochnúil ar an ról atá ag tríú stáit, lena n-áirítear an Iaráin agus Catar, agus ar eintitis neamhstáit maidir le tacaíocht airgeadais, ábhartha agus oibríochtúil a sholáthar do Hamas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe leanúnacha ar ghníomhaíochtaí muirí sa Mhuir Rua a seoladh ó chríocha atá faoi rialú Houthi in Éimin, le tacaíocht ón Iaráin; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne na Ballstáit oibríocht mhuirí CBSC a sheoladh, faoin ainm ASPIDES, chun soithí trádála a chosaint, trí fheasacht staide muirí a neartú agus trí shoithí tionlacain a neartú chun ionsaithe a dhíspreagadh; ag cáineadh a thuilleadh na n-ionsaithe a rinne grúpaí míleata ón Liobáin, ón tSiria agus ón Iaráic a bhfuil tacaíocht na hIaráine acu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na cumais chosanta atá de dhíth ar an Úcráin a chur ar fáil di</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á dheimhniú go leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin trí na hacmhainní míleata is gá a chur ar fáil chun deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise agus iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, rud a chuirfidh ar a cumas a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach, a saoránaigh a chosaint, coireanna cogaidh a dhoiciméadú agus a imscrúdú agus iad siúd atá freagrach a thabhairt os comhair na cúirte, agus mian mhuintir na hÚcráine maidir le lánpháirtiú Eora-Atlantach a chomhlíonadh, go háirithe ballraíocht an Aontais atá bunaithe ar luachanna Eorpacha na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta a shainaithint go láidir, agus ar bhallraíocht ECAT;  á chur i bhfáth go bhfuil gá le bua míleata na hÚcráine agus lena ballraíochtaí san Aontas agus ECAT ar mhaithe leis an tslándáil fhoriomlán, leis an gcobhsaíocht fhoriomlán agus leis an tsíocháin inbhuanaithe ar mhór-roinn na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tSaoráid Eorpach Síochána, a thacaigh le fórsaí armtha na hÚcráine trí threalamh míleata agus oiliúint mhíleata a mhaoiniú agus a sheachadadh agus comhordú á sholáthar do na geallsealbhóirí uile tríd an Sásra Tí Imréitigh arna óstáil ag Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS);  ag spreagadh na mBallstát fardal cásbhunaithe intuartha a chruthú de chumais mhíleata is féidir a sholáthar faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun a áirithiú go ndéanfar cumais a sholáthar go gasta sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma;  á iarraidh go n-áiritheofaí inbhuanaitheacht airgeadais agus marthanacht SSE chun an tacaíocht a iarrann siad a sholáthar don Úcráin agus do chomhpháirtithe eile an Aontais ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfaí cúnamh airgeadais agus míleata don Úcráin a mhéadú tuilleadh agus dlús a chur leis an gcúnamh sin agus go n-imscarfar láithreach trealamh nua-aimseartha, airm agus córais aerchosanta den chéad ghlúin eile agus córais dromchla go dromchla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit mhóra a bhfuil acmhainneachtaí suntasacha acu sa tionscal cosanta, amhail an Fhrainc, an Spáinn agus an Iodáil, an cúnamh míleata don Úcráin a mhéadú go suntasach agus go práinneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>Ag tathant ar rialtais na mBallstát dul i mbun idirphlé láithreach le cuideachtaí cosanta chun a ráthú go dtabharfar tosaíocht do tháirgeadh agus seachadadh armlóin, sliogáin agus diúracáin don Úcráin, go háirithe, ar orduithe ó thríú tíortha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra ó Leas-Uachtarán/Ardionadaí Borrell, ag tógáil ar an iarraidh a rinne an Pharlaimint roimhe seo, go gcruthófaí ciste cúnaimh EUR 20 billiún laistigh de EPF, a bheidh tiomnaithe do thacaíocht a thabhairt d’fhórsaí armtha na hÚcráine le suas le EUR 5 bhilliún in aghaidh na bliana idir 2023 agus 2027; á chur in iúl gur oth léi gur laghdaigh na Ballstáit an uaillmhian sin go dtí breisiú EUR 5 bhilliún agus ag tathant orthu teacht ar chomhaontú tapa ina leith sin;  ag cáineadh go láidir na n-iarrachtaí atá déanta ag an Ungáir bac a chur ar na hiarrachtaí a rinneadh le déanaí chun cur leis an tSaoráid Eorpach Síochána agus leis an togra ó Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir leis an gciste cúnaimh speisialta don Úcráin;   ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do gach cúnamh míleata agus seachadtaí  arm ag an tSaoráid Eorpach Síochána Comhsheasamh an Aontais maidir le honnmhairiú arm, an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil a chomhlíonadh go hiomlán, agus nach mór dóibh trédhearcacht agus cuntasacht leormhaith a chur ar fáil; á chur in iúl gur oth léi an mhoill neamhriachtanach ar fhormheas na Stát Aontaithe i ndáil leis an gcéad tráinse eile den chúnamh a bhfuil géarghá leis don Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Misean Cúnaimh Mhíleata chun tacú leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) agus an ról atá aige feabhas a chur ar éifeachtacht mhíleata fhórsaí armtha na hÚcráine ionas gur féidir leo a n-iomláine chríochach a chosaint laistigh de theorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a ligean don tír a ceannasacht agus a cosaint ar shibhialtaigh a fheidhmiú go héifeachtach;  á chur i bhfáth gur gá an pearsanra agus an bonneagar is gá a chur ar fáil don Chumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) chun pleanáil agus ceannas a fheidhmiú ar an misean oiliúna tábhachtach sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi acmhainneacht EUMAM Ukraine aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna na hÚcráine ar bhealach solúbtha; ag dréim leis go mbeidh breisluach ag baint leis trí thairiscintí oiliúna a leathnú agus go ndéanfar é a shioncrónú le tionscnaimh oiliúna eile atá ar siúl cheana féin; á áitiú go ndéanfaí modúil oiliúna a chur in oiriúint do na ceachtanna a foghlaimíodh chun freagairt go leormhaith do riachtanais fhórsaí na hÚcráine; ag tréaslú leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis na Ballstáit as oiliúint rathúil a chur ar bhreis is 30 000 trúpa roimh dheireadh 2023; á chur in iúl gur geal léi an moladh ó VP/HR maidir le sprioc mhéadaithe 60 000 saighdiúir Úcránach atá le hoiliúint in 2024; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé modúil oiliúna a choigeartú agus a athbhreithniú go leanúnach bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón láthair chatha, chomh maith le béim leanúnach a leagan ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear frith-aerfheithiclí gan foireann (UAV), oiliúint i gcóras UAV, aerchosaint, brath mianach, airm chomhcheangailte agus oiliúint speisialaithe, agus acmhainneachtaí na n-oifigeach reatha agus na n-oifigeach a bheidh ann amach anseo de chuid fhórsaí armtha na hÚcráine a fhorbairt ar gach leibhéal agus i gcomhréir lena riachtanais; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, conclúid mhear an phlé agus rannpháirtíocht láidir na mBallstát i seoladh EUMAM Ukraine, ar féidir cur síos a dhéanamh air mar theimpléad do mhisin oiliúna míleata amach anseo, agus á iarraidh go ndéanfaidís uaillmhian agus rannchuidiú comhchosúil a léiriú le misin agus oibríochtaí eile CBSC atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag moladh sholúbthacht agus inoiriúnaitheacht Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh san Úcráin (EUAM Ukraine) maidir lena shainordú athbhreithnithe a chur chun feidhme, i ndálaí deacra, lena n-áirítear a thacaíocht d’imscrúdú agus d’ionchúiseamh coireanna idirnáisiúnta a rinneadh i gcomhthéacs an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas a áirithiú gur féidir leis feidhmiú leis na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais, lóistíochta agus daonna chun freastal ar riachtanais na hÚcráine agus á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht tíortha nach bhfuil san Aontas i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go dtacaíonn an tAontas go nithiúil leis an Úcráin trí na ‘trí rian armlóin’;  ag tathant go ndéanfaí armlón a sheachadadh níos tapúla ó stoic na mBallstát atá ann cheana tríd an tSaoráid Eorpach Síochána;  ag tarraingt aird ar phéire de na ‘trí rian armlóin’ a rianú, arb é is aidhm dó milliún urchair airtléire a chur ar fáil don Úcráin faoi mhí an Mhárta 2024, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di na ráitis a rinneadh le déanaí ina léirítear nach gcomhlíonfar an spriocdháta;  á iarraidh go ndéanfadh an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, an Coimisiún agus na Ballstáit dlús a chur le soláthar comhpháirteach armlóin don Úcráin agus á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le hacmhainneachtaí monaraíochta thionscal na hEorpa trí chur chun feidhme tapa agus éifeachtach an Ghnímh chun Tacú le Táirgeadh Armlón (ASAP) a áirithiú;  ag spreagadh na mBallstát deiseanna speisialaithe a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) in earnáil cosanta na hEorpa ionas go mbeidh an cumas acu a bheith rannpháirteach sa phróiseas tairisceana;  á iarraidh go ndéanfadh Ballstáit an Aontais dlús a chur le forbairt acmhainneachtaí míleata táirgthe armlóin, agus béim ar leith á leagan ar thionscadail chomhpháirteacha leis an Úcráin agus a áirithiú go dtabharfar tosaíocht d’orduithe don Úcráin gan a thuilleadh moille;  á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart céimeanna nithiúla a ghlacadh i dtreo chomhtháthú na hÚcráine i mbeartais agus i gcláir chosanta agus chibearshlándála an Aontais le linn phróiseas ballraíochta an Aontais, ag tógáil ar chomhar agus ar mhalartuithe le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), maidir leis an gcomhaontú atá ann cheana leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit soláthar a dhéanamh thar ceann na hÚcráine mar fhaighteoir cainníochtaí breise laistigh de threisiú thionscal cosanta na hEorpa trí chomhghníomh soláthair (EDIRPA);  á iarraidh go ndéanfadh SEGS agus an Coimisiún plean a chur chun cinn le haghaidh pacáiste inbhuanaithe agus fadtéarmach gealltanas slándála don Úcráin atá comhlántach le ceanglais slándála mhéadaitheacha an Aontais a áirithiú;  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cuireadh ‘Saoráid na hÚcráine’ ar bun agus ag tathant ar na gníomhaithe uile oibriú chun í a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cáineadh domhanda chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus a bhaineann an bonn den tslándáil agus den chobhsaíocht dhomhanda; á iarraidh go ndéanfadh Toscaire Speisialta an Choimisiúin um Smachtbhannaí an Aontais a Chur Chun Feidhme imscrúdú críochnúil ar imchéimniú smachtbhannaí an Aontais i gcoinne eintitis Rúiseacha, go háirithe maidir le hearraí dé-úsáide i ndáil lena chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;  á cháineadh go bhfuil saighdiúirí ó thíortha nach bhfuil san Aontas i láthair, lena n-áirítear saighdiúirí ó Chúba, ón tSeirbia agus ón tSiria, atá ag troid ar son na Rúise ina cogadh foghach san Úcráin, agus á éileamh go dtarraingeofaí siar láithreach iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an toradh a bhí ar Chruinniú Mullaigh Vilnius de chuid ECAT lena ndeimhnítear go soiléir go bhfuil todhchaí na hÚcráine sa chomhghuaillíocht;  á chur in iúl gur geal léi pacáiste tacaíochta an Chruinnithe Mullaigh don Úcráin agus bunú Chomhairle ECAT-na hÚcráine lena n-ullmhófar an Úcráin do bhallraíocht ECAT, tar éis an chogaidh a bheith thart agus le tabhairt chun críche a luaithe is féidir;  ag tacú le hiarrachtaí leanúnacha trasatlantacha agus le comhordú leanúnach maidir le cúnamh míleata agus seachadtaí arm chuig an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gealltanais an Aontais agus ECAT i leith na hÚcráine mar chuid de phacáiste ráthaíochtaí slándála níos leithne atá comhordaithe go hidirnáisiúnta don Úcráin, lena n-áirítear seoladh creata iltaobhaigh G7 chun gealltanais agus socruithe déthaobhacha slándála a chaibidliú don Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint d’Airteagal 42(7) CAE maidir le cúnamh frithpháirteach a oibríochtú agus á iarraidh go dtógfaí céimeanna nithiúla chun fíorbheartas dlúthpháirtíochta an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear tríd an gcomhleanúnachas idir an méid sin agus Airteagal 5 de Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a shoiléiriú, ós rud é nach comhaltaí ECAT iad Ballstáit uile an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint na hEorpa a neartú mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine</STRING></STRING>;</ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go láidir agus á chur in iúl go dtacaíonn sí go buanseasmhach le tiomantas cheannairí stáit agus rialtais an Aontais, a rinneadh i nDearbhú Versailles, chun an tacaíocht uile is gá a chur ar fáil don Úcráin agus chun freagracht níos mó a ghlacadh as slándáil na hEorpa trí chumais chosanta na mBallstát agus an Aontais a neartú;  ag spreagadh comhordú níos fearr le comhghuaillithe trasatlantacha agus ECAT i ndáil leis sin;   á mheas gur gá an Compás Straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a thosaigh laethanta sular glacadh é, a ionchorprú, agus i bhfianaise na n-imeachtaí a tharla le déanaí sa Mheánoirthear; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit, tar éis an athbhreithnithe sin, ar cheart dó a bheith ina chleachtadh rialta, gealltanas Dhearbhú Versailles a chomhlíonadh trí dhlús a chur le cur chun feidhme iomlán an Chompáis Straitéisigh trí bhorradh ollmhór a chur faoin gcomhar míleata Eorpach ar leibhéal na bhfórsaí tionsclaíocha agus armtha, chun go mbeidh an tAontas Eorpach ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí atá idir-inoibritheach agus comhlántach le ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire an díospóireacht maidir le díspreagadh núicléach san Eoraip agus á iarraidh go mbeidh plé Eorpach cuiditheach agus oscailte ann maidir leis an ngné lárnach sin de chosaint chríochach agus díspreagadh, a bhfuil gá leis chun slándáil fhadtéarmach mhór-roinn na hEorpa agus a pobal a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú, mar a luaitear go soiléir sa Chompás Straitéiseach, gurb é cuspóir an Aontais a bheith in ann gníomhú go tapa agus go láidir nuair a thiocfaidh géarchéim chun cinn, ina aonar nuair is gá sin nó laistigh de chomhpháirtíocht, agus nár cheart an Compás Straitéiseach a chur in ionad infheistíochtaí ríthábhachtacha i gcumais slándála agus cosanta an Aontais a chur ar athló;  á chur i bhfáth nach féidir aidhmeanna agus garspriocanna uaillmhianacha an Chompáis Straitéisigh a bhaint amach ach amháin le toilteanas agus gníomhaíocht pholaitiúil chomhfhreagrach thar ceann na mBallstát agus institiúidí an Aontais, chomh maith leis na ranníocaíochtaí airgeadais is gá i gcás inar gá;  á iarraidh, dá bhrí sin, go rachadh na Ballstáit i mbun nuashonruithe córasacha, rialta ar an anailís ar bhagairtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á athdhearbhú, chun bheith ina ghníomhaí geopholaitiúil inchreidte, gur cheart don Aontas a chóras cinnteoireachta a athchóiriú;  á chur in iúl gur oth léi nár úsáideadh an acmhainneacht maidir le gníomhaíocht eachtrach, slándála agus cosanta atá tapa, éifeachtúil agus éifeachtach, dá bhforáiltear le clásail passerelle CAE, ach ar bhealach an-teoranta; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfadh an Chomhairle athrú de réir a chéile go vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí maidir le CBES agus CBSC, ar a laghad sna réimsí sin nach bhfuil impleachtaí míleata acu;  ag athdhearbhú a hiarrata go mbunófaí cruinnithe rialta de chuid comhairle airí cosanta an Aontais agus á iarraidh go mbunófaí ceanncheathrú chomhpháirteach shibhialta-mhíleata ar an leibhéal Eorpach lena gcomhcheanglaítear ionstraimí sibhialta agus míleata chun leas iomlán a bhaint as cur chuige comhtháite an Aontais maidir le bainistiú géarchéime ó phleanáil straitéiseach go seoladh iarbhír an mhisin nó na hoibríochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go gceapfaí Coimisinéir um an Aontas Cosanta (DUC), laistigh den chéad Choimisiún eile a bheidh freagrach as fíor-Aontas Eorpach um Chosaint agus gach ábhar a bhaineann leis an gcosaint a thabhairt chun críche, lena n-áirítear CBSC, tar éis na cúraimí a roinnt go soiléir leis an Leas-Uachtarán/Ardionadaí;  á chreidiúint, in éineacht leis an gCoiste um Shlándáil agus um Chosaint atá le bheith lánbhunaithe sa Pharlaimint, gur cheart do DUC maoirseacht chomhpháirteach a dhéanamh ar bhuiséad tiomnaithe substaintiúil de chuid an Aontais Cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Compás Straitéiseach ‘GNÍOMH’</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú do chomhlachtaí an Aontais agus do na Ballstáit faoi seach go bhfuil siad tiomanta MPCC a neartú agus cumas iomlán oibríochtúil a bhaint amach, lena n-áirítear trí áitreabh leormhaith, foireann leordhóthanach a sholáthar agus foireann mhíleata an Aontais a atheagrú;  á éileamh go mbainfear a lánacmhainneacht oibríochtúil amach faoi 2025, mar a luaitear sa Chompás Straitéiseach, agus in ainneoin chonclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2018 inar beartaíodh spriocdháta in 2020;  á éileamh freisin gur cheart leibhéal foirne MPCC a mhéadú go mór suas le 250 pearsanra;  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le MPCC a bhunú mar an struchtúr ceannais agus rialaithe is fearr le haghaidh oibríochtaí míleata an Aontais, lena n-áirítear chun an Acmhainneacht mhearimscartha (RDC) a bheidh ann amach anseo a úsáid;  á chur i bhfáth gur féidir ceann de na ceithre cheanncheathrú náisiúnta oibríochtúla atá ann faoi láthair a ainmniú don chúram sin freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé RDC a chur chun feidhme go hiomlán le 5000 trúpa agus cumas ábhartha ar a laghad de réir a chineáil mhodúil, atá ar fáil do chásanna géarchéime i dtimpeallachtaí neamhcheadaitheacha, amhail cúraimí tarrthála agus aslonnaithe, oibríochtaí iontrála agus cobhsaíochta tosaigh nó atreisiú sealadach misean;  á mheas go bhfuil an uaillmhian go mbeadh RDC ag feidhmiú faoi 2025 i mbaol mura mbeidh gealltanas polaitiúil daingean agus tuilleadh acmhainní ann;  á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit na módúlachtaí praiticiúla chun Airteagal 44 CAE a chur chun feidhme a chur san áireamh le linn oibríochtú RDC, agus i rannpháirtíochtaí oibríochtúla eile CBSC, i gcás inarb ábhartha, chun go mbeidh grúpa Ballstát atá toilteanach agus ábalta in ann misean nó oibríocht a phleanáil agus a sheoladh laistigh de chreat an Aontais agus, ar an gcaoi sin, gníomhachtú tapa RDC a áirithiú;  á athdhearbhú gur cheart RDC a eagrú thart ar spriocdhátaí éagsúla ‘fógra chun bogadh’ do chodanna éagsúla de RDC, agus ‘fógra chun bogadh’ 5 go 10 lá a bheith ag roinnt acu;  á thabhairt dá haire nach féidir líon beacht do thrúpaí íosta a mheasúnú ach amháin tar éis do phleanálaithe coincheapúla anailís a dhéanamh ar chásanna féideartha; á mheas go bhfuil acmhainneacht mhór ag RDC an Aontais feabhas suntasach a chur ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chathghrúpaí an Aontais a bhí ann roimhe seo agus tógáil orthu, aghaidh a thabhairt ar a n-easnaimh éagsúla agus iad a shárú, neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú agus rannchuidiú go dearfach le cur chuige comhtháite an Aontais i leith na slándála agus na síochána;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chéad cleachtadh beo riamh, mar chuid de MILEX (Freachnamh Míleata um Bainistiú Géarchéime) 2023, do RDC, a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2023 sa Spáinn agus ag tnúth le tuilleadh cleachtaidh bheo amach anseo a bheidh dírithe ar a chumais a fheabhsú, ar idir-inoibritheacht idir na Ballstáit a mhéadú agus ar thástáil éifeachtach a dhéanamh ar úsáid RDC i gcásanna éagsúla;  á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus SEGS a áirithiú gur féidir leis na cleachtaí oiliúna agus deimhniúcháin sin tairbhe a bhaint as an sásra costas comhchoiteann chun rannpháirtíocht leormhaith sa todhchaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart RDC a bhunú mar cheann de chineálacha cumais mhíleata an Aontais le haghaidh freagairt ar ghéarchéimeanna lena chéannacht dhlíthiúil féin, chun go bhféadfar RDC a bhunú mar fhórsa atá ar fáil go buan agus agus a thraenálann le chéile leis an sprioc buanfhórsa a bhaint amach; á thabhairt dá haire gur cheart do RDC freachnaimh chomhpháirteacha rialta a dhéanamh ar an leibhéal straitéiseach, comhpháirteach agus oirbheartaíochta laistigh de chreat de chuid an Aontais bunaithe ar chásanna oibríochtúla agus caighdeáin oiliúna agus deimhniúcháin aonfhoirmeacha á leanúint, amhail laistigh de ECAT, chun ullmhacht agus idir-inoibritheacht a fheabhsú;  á chur i bhfáth gur cheart go ndéanfadh EUMS na cleachtaí a sceidealú agus gur cheart do MPCC na cleachtaí a phleanáil agus a dhéanamh; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit gealltanas a thabhairt na bearnaí criticiúla i gcumasóirí straitéiseacha a laghdú go suntasach faoi 2025, go háirithe iad siúd a bhaineann le RDC, amhail aeraistriú straitéiseach, sócmhainní cumarsáide spáis, sócmhainní leighis, cumais chibearchosanta agus faisnéis agus taiscéalaíocht; á chur in iúl gur díol sásaimh di an bhearna giniúna fórsaí a líon na Ballstáit le déanaí, lena gcuirtear ar chumas RDC agus a chathghrúpaí a bheith lánoibríochtúil faoi 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sprioc fhadtéarmach leagtha síos ag an Aontas chun a uaillmhianta a mhéadú go suntasach agus chun oibriú i dtreo a chumais a fhorbairt chun suas le 60000 trúpa ó na Ballstáit a imscaradh, ar bhonn deonach, in oibríochtaí faoi stiúir an Aontais mar a leagtar amach i bPríomhsprioc Heilsincí 1999;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le feabhas suntasach a chur ar shoghluaisteacht mhíleata ár bhfórsaí armtha agus infheistíocht a dhéanamh inti, agus tús áite á thabhairt d’infheistíochtaí agus deireadh a chur le scrogaill agus naisc atá in easnamh; ag moladh na n-iarrachtaí atá déanta ag na Ballstáit, ag na comhghuaillithe, ag an Aontas agus ag ECAT chun an tsoghluaisteacht mhíleata a chur chun cinn ar fud na hEorpa Láir agus Thoir; á iarraidh go ngníomhódh na Ballstáit tuilleadh chun nósanna imeachta maidir le soghluaisteacht mhíleata a shimpliú agus a chomhchuibhiú agus na hamlínte maidir le ceadanna a dheonú a ghiorrú chun a chur ar chumas Bhallstáit an Aontais gníomhú níos tapúla agus a n-éifeachtúlacht freagartha a mhéadú, i gcomhréir lena riachtanais agus lena bhfreagrachtaí cosanta, i gcomhthéacs mhisin agus oibríochtaí CBSC, chomh maith le gníomhaíochtaí náisiúnta agus ilnáisiúnta araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí GEC a neartú, ardtaighde agus forbairt cumais a bhainistiú agus soláthar comhpháirteach a chothú chun bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais (EDTIB) a neartú, agus gan bac a chur ar sholáthar aon trealamh ó thíortha atá ar aon intinn; á iarraidh go bhfeabhsófaí maoiniú cosanta trí fhéachaint ar athchóiriú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bheartas iasachtaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;  á iarraidh go neartófaí rochtain na dtionscal ar chistiú príobháideach chun a áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach ag tionscal cosanta na hEorpa ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach agus ar infheistíocht ar bhonn inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, breithniú ar pharaiméadair a fhorbairt le haghaidh táirge airgeadais a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le hinfheistíochtaí i slándáil na hEorpa, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanann tionscal na cosanta; á chur in iúl gur díol sásaimh di an iarracht chomhpháirteach ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón gCoimisiún an tSaoráid Chothromais Cosanta a sheoladh, le EUR 175 mhilliún, chun forbairt teicneolaíochtaí dé-úsáide a spreagadh; á chur in iúl gur geal léi na rialacha nua buiséadacha athchóirithe maidir le heasnaimh bhuiséid, lena gcumasaítear caiteachas míleata breise tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh VP/HR agus na Ballstáit misin agus oibríochtaí CBSC atá níos láidre, níos solúbtha, níos éifeachtúla agus níos modúlaí a chur ar fáil ar féidir leo dul in oiriúint don chomhthéacs slándála atá ag athrú, agus prionsabal an chur chuige chomhtháite á chur san áireamh, agus lena gcuirfear le sineirgí agus comhlántachtaí ghnéithe sibhialtacha agus míleata CBSC;  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá misin shibhialtacha CBSC chun comhordú a dhéanamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí comhchosúla sa tír óstach;  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé spriocanna soiléire agus indéanta a leagan amach do gach misean agus oibríocht, arna bhforlíonadh leis na hacmhainní airgeadais, lóistíochta agus daonna is gá de réir an dul chun cinn atá déanta i dtreo gach sprice; á chur i bhfáth nach mór gach misean agus oibríocht a chur in oiriúint go héifeachtach do riachtanais agus do cheanglais gach tíre óstaí, lena n-áiritheofar go gcruthófar na coinníollacha is gá don mhisean chun a spriocanna sonraithe a bhaint amach agus chun comhpháirtíocht láidir a choinneáil leis an bpobal áitiúil agus leis na húdaráis náisiúnta;  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an cur chuige ‘oiliúna agus trealaimh’ agus ‘oiliúint don oiliúnóir’ maidir le misin agus oibríochtaí chun a áirithiú go n-éireoidh leo san fhadtéarma agus go mbeidh tionchar acu ar an tír óstach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Comhshocrú nua Sibhialtach CBSC agus gur tugadh gealltanas éifeachtacht, solúbthacht agus freagrúlacht na misean sibhialtach a mhéadú, lena n-áirítear trí dhlús a chur leis an gcinnteoireacht, tríd an bpleanáil oibríochtúil a neartú, agus trí fheabhas a chur ar roghnú agus ar earcú pearsanra, agus béim á leagan ar chomhionannas inscne níos fearr agus trí uirlisí freagrúlachta a fheabhsú; á chreidiúint gur gá do mhisin shibhialtacha agus mhíleata díriú níos mó ar phríomhghnéithe shlándáil an duine;  á chur in iúl gur geal léi gealltanas SEGS agus na mBallstát, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, próiseas forbartha cumais shibhialta rialta agus struchtúrtha a chur ar bun in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí measúnuithe tionchair mionsonraithe do na misin agus na hoibríochtaí uile a thionólfar go minic, i gcomhar le cleachtadh an Athbhreithnithe Straitéisigh, chun meastóireacht níos éifeachtaí a dhéanamh ar na héifeachtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha ar an tír óstach, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar cibé ar bhain na misin agus na hoibríochtaí a dtionchar inmhianaithe amach; á iarraidh go roinnfear na measúnuithe tionchair sin leis an bParlaimint;   á chur i bhfáth go bhfuil gá ar leith le forálacha éagtha a bheith ag gach misean agus oibríocht chun foirceannadh inbhuanaithe a cheadú más gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle agus SEGS gné cosanta oidhreachta cultúrtha a áireamh ina misin agus ina n-oibríochtaí CBSC chun cúnamh agus oideachas a chur ar fáil do chomhpháirtithe áitiúla agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin slándála a bhaineann le caomhnú agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha;  á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle agus SEGS comhpháirt taidhleoireachta choiscthigh a áireamh ina misin agus ina n-oibríochtaí CBSC chun anailís níos fearr a dhéanamh ar chásanna sna réimsí ar leith, an ráig, géarú, leanúint ar aghaidh le coinbhleachtaí agus atarlú coinbhleachtaí a sheachaint, agus idirghabháil a dhéanamh idir páirtithe atá i mbaol foréigin, ag cabhrú le hathmhuintearas a bhaint amach agus sochaithe athléimneacha agus cuimsitheacha a thógáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú gur tosaíochtaí seanbhunaithe don Aontas iad peirspictíochtaí inscne a phríomhshruthú agus a oibríochtú sa chaidreamh seachtrach agus clár oibre na mban, na síochána agus na slándála a chur chun feidhme;  á áitiú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé na gealltanais uile a tugadh a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd i bPlean Gníomhaíochta Inscne (GAP) III (2020-2024) an Aontais agus sa Chompás Straitéiseach, lena n-áirítear trí chomhionannas inscne a chur chun cinn agus trí ghné na hinscne a phríomhshruthú go córasach, bunaithe ar anailís inscne shonraíbhunaithe, i ngach pleanáil agus gníomhaíocht shibhialtach agus mhíleata CBSC;  á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, ceapachán Comhairleoirí Inscne i misin agus oibríochtaí uile CBSC agus bunú líonra pointí fócasacha inscne;  á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go hiomlán na gealltanais a tugadh i gComhshocrú nua Sibhialtach CBSC, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban in CBSC sibhialtach a mhéadú go suntasach i measc foirne idirnáisiúnta, agus é mar aidhm ionadaíocht 40 % ar a laghad a bhaint amach agus iarracht á déanamh paireacht inscne a bhaint amach ag an am céanna;  á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, gur gá níos mó a dhéanamh chun comhionannas inscne agus rannpháirtíocht iomlán agus fhóinteach na mban in CBSC a áirithiú, go háirithe i misin mhíleata;  á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit céimeanna a ghlacadh chun bacainní gairme do mhná laistigh dá bhfórsaí cosanta faoi seach a íoslaghdú;  ag tathant ar SEGS tuarascálacha rialta a chur ar fáil don Fhochoiste um Shlándáil agus um Chosaint (SEDE) maidir lena dhul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le hinscne a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag comhionannas inscne agus ag cearta na mban i ngnéithe bunúsacha na mbeart slándála agus cosanta;   ag cáineadh go láidir coireanna cogaidh i gcoinne pobail shibhialtacha, go háirithe úsáid an fhoréigin ghnéasaigh mar uirlis cogaíochta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá bearta cibearshlándála maidir le faireachán agus cosc a dhéanamh ar gháinneáil ar mhná a ndéanann coinbhleacht difear dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth, cé is moite de ráthaíochtaí slándála agus cúnamh a sholáthar don Úcráin, nach mór bearta a bheith i bhfeidhm chun déileáil le fadhbanna meabhairshláinte a thagann chun cinn agus a leanfaidh de bheith ag teacht chun cinn i measc pearsanra míleata agus saoránach mar thoradh ar an gcogadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht chomhpháirteach mhí an Mheithimh 2023 maidir le dearcadh nua ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil, ina leagtar amach gníomhaíochtaí nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil ar an tslándáil agus ar chosaint na hEorpa, lena n-áirítear CBSC;  á chur i bhfáth gur gá dul ar aghaidh lena chur chun feidhme cuimsitheach d’fhonn feabhas a chur ar an éifeachtacht oibríochtúil, lena n-áirítear comhairleoirí comhshaoil a imscaradh chuig misin agus oibríochtaí uile CBSC faoi 2025 agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar aon bhearnaí, bacainní agus dreasachtaí chun a bhfórsaí armtha a ullmhú don athrú aeráide, mar a iarradh sa Chompás Straitéiseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ról tábhachtach ag daoine óga agus ag eagraíochtaí óige maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothabháil agus a chur chun cinn agus á iarraidh go ndéanfadh SEGS gealltanas a thabhairt daoine óga a lánpháirtiú ar bhealach níos córasaí ina chlár oibre don aos óg, don tsíocháin agus don tslándáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>	ag cur béim ar a thábhachtaí atá cistiú leormhaith, solúbtha agus inbhuanaithe do gach clár agus tionscnamh slándála agus cosanta, lena n-áirítear buiséad CBES agus SES; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ach méadú beag tagtha ar bhuiséad CBES ón gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014-2020 go CAI 2021-2027, agus go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcúraimí misin CBSC; á iarraidh go ndéanfaí méadú substainteach ar chistiú do bhuiséad CBES, lena n-áirítear líne bhuiséid thiomnaithe CBES lena mbunaítear saoráid tacaíochta sibhialta chun trealamh agus seirbhísí a sholáthar do thíortha comhpháirtíochta chun a gcumais shibhialtacha a fheabhsú; á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhaontú ón gComhairle Eorpach tosaíochtaí nua a threisiú EUR 64,6 billiún sa CAI athbhreithnithe AE, lena n-áirítear méadú EUR 1,5 billiún a leithdháileadh ar an gCiste Eorpach Cosanta (EDF) faoin ionstraim nua STEP (an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip);á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit athmheasúnú ar raon feidhme agus ar shainiú na gcostas coiteann a thabhairt ar aghaidh chun an dlúthpháirtíocht a fheabhsú agus chun rannpháirtíocht i misin agus in oibríochtaí míleata a spreagadh, chomh maith le costais a bhaineann le freachnaimh i gcomhréir leis an gCompás Straitéiseach; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh na Ballstáit próiseas maoinithe na Saoráide Eorpaí Síochána a leasú chun tacaíocht leormhaith agus inbhuanaithe a áirithiú do chomhpháirtithe, do chomhghuaillithe agus d’oibríochtaí CBSC;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Compás Straitéiseach ‘INFHEISTÍOCHT’</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na buiséid mhéadaithe agus an infheistíocht mhéadaithe sa chosaint ag Ballstáit agus institiúidí an Aontais, agus á iarraidh go ndéanfaí a dtionchar a uasmhéadú chun na cumais is gá a sholáthar d’fhórsaí armtha na hEorpa trí sholáthar comhpháirteach méadaithe agus infheistíocht chomhpháirteach i dtaighde agus forbairt cosanta; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, nach bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ná na cláir thionsclaíocha cosanta atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais tar éis fíorathrú a dhéanamh i dtreo an comhar ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ina ghnáthnós;  ag tathant ar na Ballstáit borradh a chur faoin gcomhar tionsclaíoch i réimse na cosanta, agus an tagarmharc 35 % maidir le soláthar trealaimh cosanta chomhoibríoch san Eoraip a leagan síos, mar aon leis an tagarmharc Eorpach comhoibríoch 20 % maidir le taighde agus teicneolaíocht i réimse na cosanta, mar a chomhaontaigh na Ballstáit uile laistigh de GEC, a dearbhaíodh chomh luath le 2007;  á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, chun EDIRPA agus ASAP a mhaoiniú, gur bhain an Coimisiún leas as acmhainní atá ann cheana atá tiomnaithe do thionscnaimh eile slándála agus cosanta nó do chláir eile, agus ar an gcaoi sin an bonn a bhaint de thionscnaimh eile atá ann cheana agus béim a leagan ar an ngá atá le hacmhainní breise a thiomnú do Cheannteideal 5 de CAI;  á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún tuilleadh acmhainní airgeadais agus daonna a thiomnú do SEGS chun a áirithiú gur féidir léi a ról mar sheirbhís taidhleoireachta an Aontais a chomhlíonadh go héifeachtach i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil an-luaineach agus na n-éileamh méadaithe ar a acmhainneachtaí teoranta le blianta beaga anuas;  á chur i bhfáth, áfach, nach mór d’infheistíochtaí méadaithe a bheith inbhuanaithe agus nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil tacar cuimsitheach uirlisí ag an Aontas agus ag na Ballstáit anois chun feabhas a chur ar chur chuige straitéiseach maidir le forbairt cumais, eadhon faoi threoir an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta agus trí úsáid a bhaint as Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (CARD), an Plean Forbraíochta um Chumas (CDP) agus an anailís ar bhearnaí infheistíochta i réimse na cosanta; á chur i bhfios go láidir nach mór leas iomlán a bhaint as na huirlisí sin anois, a gcomhleanúnachas agus a n-éifeachtacht a léiriú, agus torthaí inláimhsithe a bhaint amach;  á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí nuashonrú a thíolacadh ar an anailís ar an mbearna infheistíochta i réimse na cosanta agus na cumais agus na cláir a fhorbrófar le tacaíocht an Aontais a shainaithint faoi dheireadh na ndeich mbliana seo; á mheabhrú gur gá beartas Eorpach maidir le cumais agus armálacha a fhorbairt chun na críche sin; á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle agus an Coimisiún borradh a chur faoin infheistíocht sa nuálaíocht i réimse na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di athbhreithniú agus cur i láthair CDP do 2023; á chur in iúl gur oth léi an dul chun cinn teoranta i bhforbairt cumais ó bhí an chéad CDP ann in 2008; á chur i bhfáth, go háirithe i bhfianaise chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na bagartha ar shlándáil na hEorpa, go bhfuil gá le hiarrachtaí níos láidre agus níos comhpháirtí ó Bhallstáit an Aontais chun ionsaitheoirí a dhíspreagadh agus chun saoránaigh agus leasanna na hEorpa a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á mheas, ar an drochuair, go bhfuil CEF fós tearcmhaoinithe, ach go léiríonn sé breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais i réimse na cosanta Eorpaí;  á mholadh go leathnófaí tograí ón gCoimisiún i ngach réimse de bheartas an Aontais a bhaineann leis an gcosaint i gcomhar leis na Ballstáit;  á iarraidh go ndéanfaí méadú breise EUR 1 bhilliún ar bhuiséad CEF, sa bhreis ar EUR 1,5 billiún a comhaontaíodh, mar chuid den togra le haghaidh STEP;  ag tathant go mbeadh an chomhsheasmhacht agus an comhordú is mó is féidir ann idir tionscnaimh éagsúla i réimse na slándála agus na cosanta, amhail CARD, EDF, EDIRPA, ASAP, PESCO agus an tSoghluaisteacht Mhíleata i measc nithe eile, chun forluí a chosc, infheistíochtaí poiblí éifeachtúla a ráthú agus aghaidh a thabhairt ar bhearna na gcumas criticiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé spleáchais ar theicneolaíochtaí criticiúla agus ar shlabhraí luacha a laghdú ionas gur féidir leis an tAontas bogadh i dtreo níos mó neamhspleáchais teicneolaíochta chun a bheith in ann a theicneolaíochtaí féin a fhorbairt, a tháirgeadh agus a úsáid i réimsí ríthábhachtacha; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, atá ríthábhachtach chun prionsabail Dhearbhú Versailles a chomhlíonadh agus athléimneacht na slabhraí soláthair do thionscail chosanta na hEorpa a neartú; á chur i bhfáth gur comhlánú loighciúil ar CEF é soláthar comhpháirteach a chothú ar an leibhéal Eorpach tríd an gciorcal iomlán a chumhdach ón taighde agus ón bhforbairt go dtí an soláthar, agus ar an gcaoi sin an t-éileamh a chomhdhlúthú lena bhfeabhsaítear idir-inoibritheacht fhórsaí armtha na mBallstát, lena mbainfear amach barainneachtaí scála agus lena neartófar cosaint na hEorpa ar deireadh; á thabhairt dá haire gur cheart táirgí cosanta a chur le chéile i gcuideachtaí san Eoraip, i gcás inar féidir, rud a thacóidh le tionscal na hEorpa, go háirithe FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfios nach féidir EDIRPA agus ASAP a bheith ina gcéad chéim ach amháin i dtreo feabhas a chur ar acmhainneachtaí EDTIB na táirgí agus na cainníochtaí is gá a sholáthar do na Ballstáit agus gur cheart iad a chomhlánú le tionscnaimh bhreise, lena n-áirítear Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach (EDIS), in éineacht le EDIP fadtéarmach agus cuimsitheach atá beartaithe ar gá cistiú leordhóthanach a áirithiú ina leith, chomh maith le creat rialála éifeachtach atá dírithe ar nuálaíocht a spreagadh, borradh a chur faoin táirgeadh agus infheistíochtaí poiblí níos cliste agus níos éifeachtúla a áirithiú;  á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfadh Ballstáit an Aontais na cistí is gá a chur ar fáil do na hionstraimí cosanta Eorpacha uile san athbhreithniú ar CAI atá ar na bacáin;  á chur in iúl gur oth léi nár mhol an Coimisiún EDIP go fóill;  á iarraidh go gcuirfí EDIRPA agus ASAP chun feidhme go tapa agus go héifeachtúil; ag tacú go hiomlán leis an moladh comhchiste cosanta EUR 100 billiún a chruthú arb é is aidhm dó dlús a chur le táirgeadh arm agus armlóin intíre láithreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go mbainfeadh an Coimisiún leas as saineolas Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) maidir le tosaíochtaí na dtionscal cosanta a shainiú agus tionscnaimh chosanta a fhoirmliú chun comhleanúnachas míleata a áirithiú ar an leibhéal tionsclaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit leibhéil inbhuanaithe caiteachais cosanta a mhéadú agus a áirithiú chun dul in oiriúint don staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí suntasacha ar shlándáil an Aontais;  á iarraidh go ndéanfadh Ballstáit ECAT de chuid an Aontais a mbuiséid mhíleata a mhéadú, bunaithe ar mheasúnú ar a riachtanais féin, agus 2 % ar a laghad de OTI a chaitheamh, ar bhealach dea-chomhordaithe agus cuimsitheach, lena mbaintear amach barainneachtaí scála agus idir-inoibritheachta, agus an méadú mór atá tagtha ar chaiteachas cosanta ó iomaitheoirí eile, amhail an Rúis agus an tSín, á mheabhrú dóibh, agus chun easnaimh a leigheas agus na ceanglais a chomhlíonadh ar fud na réimsí uile a eascraíonn as ord slándála atá níos conspóidí agus tionchar na tearcinfheistíochta stairiúla agus an bhoilscithe atá ag méadú as cuimse ar bhuiséid chosanta á mheas;  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag EDTIB maidir le fórsaí armtha na mBallstát a fheistiú chun cur ar a gcumas saoránaigh agus leasanna na hEorpa a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbíonn ar fhórsaí armtha na hEorpa aghaidh a thabhairt ar mhórfhadhbanna earcaíochta agus coinneála;   á mheas gur gá anailís a dhéanamh ar na dúshláin sin agus dá bhrí sin á iarraidh go ndéanfadh an Ardionadaí/Leas-Uachtarán a chur de chúram ar EUMC sonraí a bhailiú agus a anailísiú ar fud Bhallstáit an Aontais maidir leis na saincheisteanna sin chun frithbhearta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint; á chur i bhfios nach féidir fíor-Aontas Eorpach um Chosaint a thógáil gan cultúr comhchoiteann míleata agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Leas-Uachtarán/Ardionadaí a chur de chúram ar an gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint na modúil oideachais do phearsanra míleata ó fhórsaí armtha na mBallstát a nuachóiriú agus a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá PESCO ó thaobh feabhas a chur ar chumais chosanta an Aontais agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo trí thionscadail tionscnaimh PESCO, amhail an chibearchosaint, córais gan foireann, seirbhísí leighis, agus faireachas ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach, chomh maith leis an dul chun cinn breise a rinneadh ar fud na dtionscadal i ngach réimse míleata, mar a taifeadadh i dtuarascáil bhliantúil Rúnaíocht PESCO ar dhul chun cinn maidir le tionscadail; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil na Ballstáit fós ag baint leas iomlán as creat PESCO agus go bhfuil an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme i bhfad níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis;  á iarraidh go ndéanfadh an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus na Ballstáit athbhreithniú leanúnach, críochnúil ar na tionscadail agus ar a n-ionchais, ar cheart a áireamh ann freisin an fhéidearthacht tionscadail nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach acu a chumasc, a athghrúpáil agus a dhúnadh agus iarrachtaí a atreorú i dtreo líon beag tionscadal tosaíochta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh gníomhaíochtaí nithiúla mar thoradh orthu, mar a luaitear sa Chompás Straitéiseach;  á chur in iúl gur oth léi go mór nach bhfuil an Pharlaimint in ann grinnscrúdú cuí a dhéanamh ar thionscadail PESCO; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit measúnú go rialta, dhá uair sa bhliain ar a laghad, ar an dul chun cinn atá déanta laistigh de PESCO;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle tús a chur leis an tionscadal chun Cór Síochána Sibhialta Eorpach a bhunú lena dtabharfar le chéile saineolas gníomhaithe institiúideacha agus neamh-institiúideacha maidir le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach ar bhealach síochánta agus maidir le hathmhuintearas, d’fhonn bainistiú géarchéime sibhialtach an Aontais a dhéanamh níos inchreidte, níos comhleanúnaí, níos éifeachtaí, níos solúbtha agus níos infheicthe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Compás Straitéiseach ‘RÉAMH-MHEAS agus DAINGNIÚ’</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chuid de straitéis níos leithne chun an bonn a bhaint den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;  á iarraidh go ndéanfadh an tAontas feabhas a chur ar a acmhainneachtaí chun freagairt ar chogaíocht hibrideach, lena n-áirítear brath agus freagairt ar an Rúis, agus gníomhaithe stáit agus neamhstáit eile a bhíonn i mbun feachtais FIMI a thugann dúshlán dár leasanna, dár luachanna agus dár slándáil, lena n-áirítear trí insintí bréagacha faoin Aontas a scaipeadh nó trí dhíriú ar mhisin agus oibríochtaí CBSC i réimsí straitéiseacha;  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na contúirtí a bhaineann le feachtais bhréagaisnéise agus ionramhála faisnéise faoi stiúir IS, lena n-áirítear trí shuíomhanna gréasáin bréagacha a chruthú agus íomhánna bréige a ghiniúint, do phróisis dhaonlathacha, go háirithe sa tréimhse roimh thoghcháin; á iarraidh go gcomhoibreodh an Coimisiún agus SEGS go dlúth leis an earnáil phríobháideach, leis an tsochaí shibhialta, agus leis an bpobal acadúil agus teicniúil chun cur i gcoinne na bhfeachtas tionchair mailíseacha sin agus chun aghaidh a thabhairt ar usáid theicneolaíochtaí nua mar uirlis troda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfadh na Ballstáit uile agus tíortha uile is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas moltaí rúin na Parlaiminte maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach a chur chun feidhme, lena n-áirítear bréagaisnéis23<FOOTNOTE><FIELD> (2020/2268(INI)) agus (2022/2075(INI)); 	https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0064_EN.html; https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2023-0219_EN.html.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ‘cairdeas gan teorainneacha’ bunaithe ag an tSín leis an Rúis, lena n-áirítear aistriú suntasach teicneolaíochta agus cumas míleata, agus lena gcruthaítear líon méadaitheach dúshlán slándála don Aontas, go háirithe i réimsí na cibearshlándála agus FIMI; á chur i bhfáth gur gá don Aontas slándáil agus sláine a bhonneagair chriticiúla a neartú, riosca a laghdú maidir le buntáiste teicneolaíoch an Aontais agus an buntáiste teicneolaíoch sin a chur chun cinn in earnálacha criticiúla, lena n-áirítear bearta chun soláthróirí ardriosca a shrianadh nó a eisiamh, go háirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le Rialtas na Síne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil riosca straitéiseach ag baint le spleáchais ar sholáthróirí ardriosca táirgí criticiúla a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus gur cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca sin ar leibhéal an Aontais;  á chur i bhfáth gur gá na nósanna imeachta um scagadh IDC a neartú tuilleadh le caighdeáin díchill chuí chun giaráil ag rialtais stát a shainaithint a sháródh leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát mar a bhunaítear i gcreat CBES de bhun Theideal V CAE maidir le hinfheisteoirí i mbonneagar criticiúil an Aontais, amhail calafoirt Eorpacha agus cáblaí faoi muir i Muir Bhailt, sa Mheánmhuir, agus sna farraigí Artacha chomh maith;  á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an cur chuige sin infheidhme go comhionann maidir le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha; á chreidiúint go bhfuil gá le reachtaíocht bhreise chun slándáil shlabhra soláthair na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide Eorpaí a chosaint go héifeachtach ar dhíoltóirí rioscúla agus ar ghoid maoine intleachtúla cibearchumasaithe;  á iarraidh go gcruthófaí creat Eorpach arb é is aidhm dó íoschaighdeáin agus coinníollacha a rialáil agus a leagan síos a bhaineann le honnmhairiú maoine intleachtúla agus teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chosaint an Aontais, lena n-áirítear, i measc nithe eile, earraí dé-úsáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di staidiúir ionsaitheach mhíleata na Síne i Muir na Síne Theas, lena n-áirítear tógáil oileánach, ciapadh agus ainlithe contúirteacha arna ndéanamh ag a cabhlach, a garda cósta agus a mílíste muirí, chomh maith lena brú míleata leanúnach, freachnaimh ionsaithe, sáruithe aerspáis agus gníomhaíochtaí míleata eile an chreasa liatha, lena n-áirítear cibearfheachtais agus feachtais bhréagaisnéise i gcoinne na Téaváine; á iarraidh go mbeadh Láithreacht Mhuirí Chomhordaithe (CMP) níos fearr ann agus fothú acmhainneachta le comhpháirtithe an Aontais sa réigiún;  á iarraidh go gcuirfeadh an tSín deireadh leis na gníomhaíochtaí sin go léir, lena gcuirtear cobhsaíocht an réigiúin ina iomláine i mbaol agus, sa chomhthéacs níos leithne, a bhfuil tionchar díreach acu ar shlándáil na hEorpa; ag spreagadh na mBallstát minicíocht na saoirse oibríochtaí loingseoireachta i gCaolas na Téaváine a mhéadú agus idirphlé slándála leis an Téaváin a dhoimhniú chun ionsaí na Síne i gcoinne an oileáin dhaonlathaigh a dhíspreagadh; ag cur béim ar an gcomhar leis an Téaváin agus ar ghiaráil a saineolais agus a buntáiste teicneolaíochta i gcoinne cibearbhagairtí na Síne, i bhfianaise na n-ábhar imní slándála réigiúnach agus de chuid an Aontais;  á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a rinneadh le déanaí idir ceannairí na Síne agus na Stáit Aontaithe chun tús a chur arís le cumarsáidí míleata-go-míleata ar ardleibhéal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna fiontair Shíneacha atá faoi úinéireacht stáit sciar mór de bhonneagar na hAfraice, lena n-áirítear a bonneagar cumarsáide, a mhaoiniú agus a thógáil;  á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur léir go bhfuil an tsamhail Shíneach sin tarraingteach do go leor tíortha nach féidir leo ceanglais an Aontais maidir le rochtain a fháil ar leibhéil choibhéiseacha airgeadais a shásamh, rud a leathnaíonn tionchar na Síne chun dochair do chomhpháirtíochtaí an Aontais;  á chreidiúint go láidir, sa chomhthéacs sin, gur cheart don Aontas a chomhar le comhpháirtithe na hAfraice a fheabhsú tuilleadh agus infheictheacht agus tairbhí inláimhsithe a thacaíochta don phobal áitiúil a mhéadú;  á iarraidh go mbeadh straitéis slándála fhadtéarmach agus réamhbhreathnaitheach ann don tSín, don Mheánmhuir agus don Afraic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar dul chun cinn breise maidir le tuilleadh feabhais a chur ar Bhosca Uirlisí Hibrideacha an Aontais, lena dtabharfar aghaidh go sonrach ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cibirionsaithe agus FIMI, agus go ndéanfaí athbhreithniú ar threoirlínte cur chun feidhme bhosca uirlisí cibearthaidhleoireachta an Aontais;  á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a leagtar amach sa Chompás Straitéiseach agus sa Chomhshocrú Sibhialtach nua na cumais is gá a chur ar fáil chun go mbeidh misin agus oibríochtaí CBSC in ann freagairt d’ionsaithe hibrideacha, lena n-áirítear FIMI agus cibirionsaithe, faoi 2024, chomh maith le straitéis chumarsáide chomhleanúnach agus shoiléir a fhorbairt; á athdhearbhú a phráinní atá sé saineolas agus acmhainneacht a áirithiú le haghaidh teicneolaíochtaí slána faisnéise agus cumarsáide do mhisin agus oibríochtaí uile CBSC chun cumarsáid shlán a dhéanamh ar an láthair agus le hinstitiúidí uile an Aontais;  á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, tiomantas SEGS agus na mBallstát Córas Mear Cumarsáide agus Faisnéise atá In-imscartha a chur chun feidhme faoi 2025 chun ceanncheathrú an fhórsa agus an mhisin a nascadh go slán i láthair na n-oibríochtaí leis an mBruiséil;   á aithint go mbeidh ról tábhachtach ag teicneolaíochtaí suaiteacha atá ag teacht chun cinn, amhail ríomhaireacht chandamach agus IS, i ndáil leis sin; á iarraidh go ndéanfadh SEGS agus an Coimisiún a gcomhar agus a gcomhordú le misin agus oibríochtaí eile de chuid comhpháirtithe agus eagraíochtaí atá ar aon intinn leo a mhéadú, lena n-áirítear Oibríochtaí Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe, chun cur i gcoinne oibríochtaí FIMI sa réimse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus SEGS a straitéis a uasghrádú agus gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh chun acmhainní airgeadais agus daonna, uirlisí agus oiliúint a áireamh go córasach atá dírithe ar chur i gcoinne bagairtí a bhaineann le FIMI i dtoscaireachtaí uile an Aontais agus i misin agus oibríochtaí CBSC mar chuid dá sainordú níos leithne i dtíortha óstacha agus a n-athléimneacht i gcoinne bagairtí hibrideacha agus FIMI;  á iarraidh go bhfeabhsófaí infheictheacht agus cumarsáid straitéiseach maidir le tairbhí, láithreacht agus ról mhisin CBSC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit, SEGS agus an Coimisiún machnamh ar struchtúr neamhspleách dea-acmhainní a chruthú a mbeidh sé de chúram air bagairtí FIMI i gcoinne an Aontais ina iomláine a shainaithint, a anailísiú agus a dhoiciméadú, chun feasacht staide agus comhroinnt faisnéise maidir le bagairtí a mhéadú, agus cumais sannta agus frithbhearta a fhorbairt i ndáil le FIMI;  á mheas go mbeadh an struchtúr sin ina phointe tagartha agus ina mhol eolais speisialaithe chun malartú oibríochtúil idir údaráis na mBallstát, institiúidí an Aontais agus gníomhaireachtaí an Aontais a éascú agus a chothú, chomh maith le malartú dea-chleachtas a chumasú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo ar fud an domhain;  á chur i bhfáth gur cheart don struchtúr ról rannán StratCom SEGS agus a tascfhórsaí mar chomhlacht straitéiseach sheirbhís taidhleoireachta an Aontais a shoiléiriú agus a fheabhsú agus forluí gníomhaíochtaí a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth, chun dul i ngleic leis na bagairtí méadaitheacha agus leis an méadú atá ag teacht ar insintí frith-Eorpacha ó thíortha nach bhfuil san Aontas i ngarchomharsanacht an Aontais, go gcaithfidh an tAontas dlús a chur lena iarrachtaí tacaíocht, oiliúint agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil do chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis, lena n-áirítear trí chur i gcoinne fheachtais FIMI;  á iarraidh go méadófaí an athléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise agus feachtais shuaiteacha atá ceaptha chun an bonn a bhaint de phróisis dhaonlathacha agus deighiltí a chruthú, agus tíortha is iarrthóirí a spreagadh chun bearta cinntitheacha a dhéanamh chun dul i ngleic le bréagaisnéis chúblálach, bolscaireacht mhailíseach agus bagairtí hibrideacha eile; á iarraidh go mbeadh bearta straitéiseacha agus réamhghníomhacha ann chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus chun cur isteach tríú páirtí ar phróisis pholaitiúla, toghcháin agus próisis dhaonlathacha eile na dtíortha aontachais a chosc, go háirithe gníomhartha mailíseacha arb é is aidhm dóibh ionramháil a dhéanamh ar thuairimí an phobail agus an bonn a bhaint de lánpháirtiú na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á cháineadh agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di gníomhaíochtaí cogaíochta hibridí PMCanna agus ionadaithe státurraithe amhail Grúpa Wagner agus grúpaí armtha eile, mílístí agus ionadaithe chun tionchar a imirt i roinnt tíortha ar fud an domhain;  á iarraidh go ndéanfadh SEGS tionscnamh a chruthú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun cur i gcoinne grúpaí gníomhaithe mailíseacha neamhstáit agus státurraithe, amhail Wagner;  ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-áireofaí i mboscaí uirlisí an Aontais atá ann cheana freagairtí, amhail smachtbhannaí, ar stáit neamh-AE a mhaoiníonn nó a chomhoibríonn le cuideachtaí míleata príobháideacha i réigiúin leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag cáineadh bheartais an ionsaithe, lena n-áirítear ionsaí míleata réamhphleanáilte na hAsarbaiseáine i gcoinne Nagorno-Karabakh;  á mheabhrú gur tháinig an t-ionsaí sin tar éis na míonna d’ocras eagraithe agus d’aonrú na nArméanach a bhfuil cónaí orthu sa Nagarna-Carabaic trí imshuí chonair Lachin;  á chur i bhfios go láidir nach ndearna na coimeádaithe síochána Rúiseacha, mar a thugtar orthu, ar an láthair aon ghníomhaíocht chun an imshuí a chosc ná deireadh a chur léi ná chun deireadh a chur le hionsaí míleata Azeri i gcoinne Nagorno-Karabakh;  á cháineadh go gcuireann tíortha neamh-AE tacaíocht mhíleata ar fáil don Asarbaiseáin;  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hiarmhairtí ar an bpobal sibhialta arb ionann iad agus glanadh eitneach de facto;  á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim nach féidir leis an ionsaí a rinne an Asarbaiseáin fanacht gan iarmhairtí, agus á iarraidh go ndéanfadh an tAontas smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne údaráis na hAsarbaiseáine atá freagrach as sáruithe iomadúla ar an sos comhraic agus an Meabhrán Tuisceana um Fhuinneamh a chur ar fionraí;  á iarraidh go ndéanfadh an tAontas an chaibidlíocht maidir le comhaontú comhpháirtíochta nua leis an Asarbaiseáin a chur ar fionraí i bhfianaise na n-imeachtaí a tharla le déanaí agus staid dhrámatúil na tíre maidir le cearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Misean sibhialtach an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA), a bhfuil sé mar aidhm leis cuidiú leis an tslándáil sa réigiún a mhéadú trí líon na dteagmhas i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir teorann san Airméin a laghdú, chun leibhéal na rioscaí don daonra atá ina gcónaí sna limistéir sin a laghdú agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ar an láthair, agus infheictheacht an Aontais sa réigiún á mhéadú ag an am céanna; á chur in iúl gur díol sásaimh di comhaontú na Comhairle cumas breathnóireachta an mhisin a neartú trína láithreacht ar an láthair a mhéadú; á iarraidh go ndéanfadh an Chomhairle a tréimhse ama imscartha a shíneadh ar feadh cúig bliana eile agus a raon feidhme geografach chun teorainn na hAirméine-na Tuirce a áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh go mbeadh SEGS ullamh chun an cúnamh teicniúil is gá a sholáthar don Airméin trí ionstraim EPF, ionas go bhféadfaidh an Airméin athmhachnamh a dhéanamh ar a comhghuaillíochtaí míleata reatha, toisc go neartódh sé sin athléimneacht na hAirméine i gcomhthéacs slándáil, neamhspleáchas agus ceannasacht a áirithiú agus go mbeadh comhar cosanta níos cuimsithí agus níos fearr mar thoradh air idir na taobhanna; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na hAirméine a bheith rannpháirteach i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; á iarraidh go ndéanfadh SEGS tuarascálacha EUMA a sholáthar, ar mhodh rúnda, ar an staid ar an talamh do Choiste Gnóthaí Eachtracha na Parlaiminte (AFET) agus don Fhochoiste um Shlándáil agus Cosaint (SEDE);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh go mbeadh an Chomhairle ullamh chun smachtbhannaí spriocdhírithe agus leithleacha a fhorchur i gcoinne lucht déanta ionsaithe, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do chomhluadar polaitiúil agus míleata an Uachtaráin Aliyev, agus allmhairí ola agus gáis ón Asarbaiseáin a fhionraí, i gcás aon ionsaí míleata i gcoinne iomláine chríochach na hAirméine ag an Asarbaiseáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi imscaradh Mhisean Comhpháirtíochta CBSC an Aontais i bPoblacht na Moldóive (EUPM Moldova), an chéad mhisean sibhialtach riamh de chuid CBSC atá tiomnaithe d’athléimneacht earnáil slándála na Moldóive a neartú i mbainistiú géarchéime agus i gcoinne bagairtí hibrideacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an Misean nuálach CBSC sin agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit an saineolas agus na cumais is gá a chur ar fáil don mhisean chun tacú leis an Moldóiv i bhfianaise an úsáid a bhaineann an Rúis as cogaíocht hibrideach; á iarraidh go ndéanfadh SEGS iniúchadh ar chruthú misin chomhchosúla chuig tíortha eile is iarrthóirí, tíortha comhlacha agus comhpháirtíochta, atá dírithe ar a n-athléimneacht a mhéadú i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear cibearbhagairtí agus FIMI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag athdhearbhú tacaíocht an Aontais do cheannasacht agus d’iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive agus do na hiarrachtaí i gcreat phróiseas caibidlíochta 5+ 2 teacht ar réiteach síochánta, marthanach, cuimsitheach, polaitiúil ar choinbhleacht  Thras-dnístria, bunaithe ar urraim do cheannasacht agus iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, le stádas speisialta le haghaidh Thras-dnístria, lena n-áiritheofaí cosaint chearta an duine ar na críocha sin nach bhfuil á rialú faoi láthair ag údaráis bhunreachtúla; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go leanann Tras-dnístria ar aghaidh ag fónamh mar thearmann sábháilte do smuigléirí daoine agus don choireacht eagraithe, agus á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag Misean Cúnaimh Teorann an Aontais chuig an Moldóiv agus an Úcráin (EUBAM) maidir le cuidiú le lasta iarnróid a athoscailt trí Thras-dnístria agus go bhfuil sé tar éis bac a chur ar an iliomad oibríochtaí smuigleála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle an 4 Bealtaine 2023 EUR 40 milliún a leithdháileadh faoin EPF chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive agus EUR 30 milliún chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia; á chur i bhfios go láidir gur gá an tacaíocht do na tíortha comhpháirtíochta sin a mhéadú tuilleadh, de réir a riachtanas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag cáineadh go láidir forghabháil mhídhleathach réigiún na hAbcáise agus réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia ag Cónaidhm na Rúise agus á chur i bhfáth go leanann Cónaidhm na Rúise dá forghabháil neamhdhleathach agus dá rialú éifeachtach ar chríocha faoi fhorghabháil na Seoirsia trína láithreacht mhíleata, ag suiteáil sconsaí le sreang dheilgneach agus bacainní saorga eile feadh an líne forghabhála, coinneáil go neamhdhleathach go minic agus fuadach saoránach na Seoirsia agus sáruithe eile ar chearta an duine ar an talamh; ag cáineadh go láidir pleananna na Rúise buan-bhunáit chabhlaigh a thógáil ag calafort na Mara Duibhe in Ochamchire i réigiún faoi fhorghabháil na hAbcáise agus á iarraidh ar an bpobal idirnáisiúnta tacú leis na hiarrachtaí uile chun pionós a chur ar an sárú tromchúiseach sin ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na Seoirsia; á iarraidh go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise a hoibleagáidí idirnáisiúnta faoi chomhaontú an tsosa comhraic an 12 Lúnasa 2008 a raibh an tAontas ina idirghabhálaí ann a chomhlíonadh, go háirithe an oibleagáid atá uirthi a pearsanra míleata agus slándála uile a tharraingt siar ó chríocha faoi fhorghabháil na Seoirsia agus bunú sásraí slándála idirnáisiúnta a cheadú inti, agus rochtain gan bhac ar chríoch iomlán na Seoirsia a cheadú do Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh (EUMM) de bhun a shainordaithe; á athdhearbhú a hiarrata go leanfadh an tAontas dá rannpháirtíocht chun an choinbhleacht idir an Rúis agus an tSeoirsia a réiteach go síochánta trí úsáid éifeachtach a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil, lena n-áirítear an tIonadaí Speisialta do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia, Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive, na Sásraí um Theagmhais a Chosc agus a Fhreagairt, Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh (EUMM) sa tSeoirsia, agus a bheartas maidir le neamh-aitheantas agus rannpháirtíocht; á chur in iúl gur geal léi cúnamh an Aontais don tSeoirsia faoi EPF agus á iarraidh go rachadh an tAontas i mbun tuilleadh comhair slándála leis an tSeoirsia ar fud na réimsí tosaíochta a shainaithnítear sa Chompás Straitéiseach, go háirithe chun athléimneacht earnáil slándála na Seoirsia a neartú i réimse na bainistíochta géarchéime, cur in aghaidh bagairtí hibrideacha agus cumais chosanta a uasghrádú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi leathnú an tsainordaithe agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá obair EUFOR Althea sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (BiH) maidir le fórsaí armtha BiH (AFBiH) a oiliúint agus tacú leo; á chur in iúl gur geal léi, ina theannta sin, an conradh comhair agus oiliúna do 2023 a tugadh i gcrích idir AFBiH agus EUFOR; á iarraidh go n-oibreodh Boisnia agus an Heirseagaivéin i dtreo aonaid il-eitneacha AFBiH a bhunú; á mheabhrú go raibh an tAontas rannpháirteach chun tacú le forbairt acmhainní cosanta BiH, go háirithe le EUR 20 milliún a leithdháileadh tríd EPF go dtí seo; ag tacú le síneadh a chur le sainordú EUFOR Althea ag Comhairle Slándála na NA mar mhisean bunaithe agus cruthaithe; ag cáineadh go láidir aon reitric deighilteach agus/nó scarthach a chuidíonn tuilleadh le leochaileacht na tíre a mhéadú agus ag cur béim ar an bhfíoras gur deis agus dualgas é an stádas mar thír is iarrthóir d’ionadaithe tofa BiH ionchais na saoránach a chomhlíonadh agus saol laethúil na ngnáthdhaoine a fheabhsú go nithiúil; á iarraidh go ndéanfaí EUFOR Althea a neartú tuilleadh, go háirithe trí tuilleadh trúpaí agus sócmhainní a imscaradh, agus trí láithreacht inchreidte a chruthú i gCeantar Brčko;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na leibhéil arda ailíniú le CBES a bhain formhór thíortha na mBalcán Thiar amach, cé is moite den tSeirbia; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht bhríoch ag na Balcáin Thiar i dtionscnaimh an Aontais maidir le forbairt chomhoibríoch agus soláthar cumas cosanta; á iarraidh go dtabharfar socruithe riaracháin i gcrích idir EDA agus tíortha na mBalcán Thiar nach bhfuil an garsprioc sin bainte amach acu go fóill; á chur in iúl gur geal léi láithreacht leanúnach Fhórsa na Cosaive (KFOR) sa Chosaiv agus á iarraidh go ndéanfadh Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX) a chomhar le KFOR a neartú chun dronga coireachta eagraithe, grúpaí paraimíleata agus fórsaí suaiteacha eile a chosc ón gCosaiv a dhíchobhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á aithint go bhfuil ceart chun féinchosaint ag Iosrael, mar atá cumhdaithe agus srianta leis an dlí idirnáisiúnta, agus ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, nach mór do ghníomhaíochtaí Iosrael cloí go docht leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á athdhearbhú go dtacaíonn an tAontas go láidir le hobair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir muintir na Palaistíne agus a gcuid mianta dlisteanacha ar thaobh amháin, agus eagraíocht sceimhlitheoireachta Hamas agus a gníomhartha sceimhlitheoireachta ar an taobh eile; á iarraidh go n-osclófar bealaí chun cabhair dhaonnúil a sholáthar do shibhialtaigh i Stráice Gaza agus go gcoinneofaí iad ar oscailt go buan; á athdhearbhú go dtacaíonn sí gan staonadh le réiteach idirbheartaithe dhá stát ar bhonn línte 1967 le dhá stát cheannasacha, dhaonlathacha ina gcónaí taobh le taobh le síocháin agus slándáil ráthaithe, le Iarúsailéim mar phríomhchathair an dá stát, agus an dlí idirnáisiúnta á urramú go hiomlán; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú críochnúil ar an ról atá ag an Iaráin, ag Catar agus ag an Rúis maidir le sceimhlitheoireacht a mhaoiniú agus tacú léi sa réigiún; á chur in iúl go n-easaontaíonn sí go láidir agus go bhfuil díomá uirthi faoi ráitis a rinne Uachtarán na Tuirce le déanaí inar mhaígh sé go héagórach nach eagraíocht sceimhlitheoireachta í Hamas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an obair leanúnach atá á déanamh ag Misean an Aontais um Póilíní agus Smacht Reachta don chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil (EUPOL COPPS) agus ag Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh in Rafah chun cuidiú le hathchóiriú earnáil slándála agus ceartais Údarás na Palaistíne agus bainistiú comhtháite teorainneacha; á chur in iúl go bhfuil sí buíoch d’oifigigh agus d’fhoireann na misean a leanann ar aghaidh ag obair faoi dhálaí fíordheacair; á iarraidh go ndéanfadh SEGS agus na Ballstáit athbhreithniú ar shainorduithe an dá mhisin agus a ról sa todhchaí a neartú, i bhfianaise na staide reatha agus a seasamh uathúil i gcás ina ndéanann siad idirphlé le Stát Iosrael agus le hÚdarás na Palaistíne araon a chothabháil, mar iarracht chun iarrachtaí síochána an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le beartas cibearchosanta an Aontais agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit an tacar gníomhaíochtaí uaillmhianacha, ach réalaíoch, atá molta ag an gCoimisiún a chur chun feidhme, lena n-áirítear an togra le haghaidh Gníomh um Chibear-dhlúthpháirtíocht chun feabhas a chur ar a gcumas bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath agus freagairt dóibh san Aontas, ach freisin chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus tacú le táirgeadh faisnéise ardcháilíochta chomh maith le hardáin, acmhainní agus maoiniú tiomnaithe; á thabhairt dá haire go bhfuil an comhar frithpháirteach idir Ballstáit an Aontais, agus lenár gcomhghuaillithe agus ár gcomhpháirtithe ar fud an domhain, ríthábhachtach dár gcibearshlándáil; ag áitiú a bheith cúramach agus sonraí á roinnt, nár cheart a bheith ar fáil ach do chomhpháirtithe a bhfuil na luachanna céanna acu, agus ba cheart an bhainistíocht agus an bonneagar a chur ar iontaoibh cuideachtaí iontaofa agus soláthraithe seirbhísí; á thabhairt dá haire, i dtaca leis sin, go ndéanann úsáid theicneolaíocht Huawei chun 5G a fhorbairt an-dochar do chibear-athléimneacht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athléimneacht agus cumais institiúidí an Aontais a neartú chun cibearionsaithe a chomhrac, ar saincheist thábhachtach slándála í, go háirithe roimh thoghcháin an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á éileamh go ndéanfadh an tAontas bearta éifeachtacha a ghlacadh chun bonneagar ríthábhachtach Eorpach, slabhraí soláthair luachmhara agus institiúidí daonlathacha a chosaint ar bhagairtí hibrideacha; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas córais éifeachtacha faireacháin agus faireachais a chur ar bun le haghaidh bonneagair ríthábhachtach amhail píblínte agus cáblaí snáthoptaice chun a áirithiú go ndéantar ionsaithe a chosc agus a bhrath go tapa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi torthaí agus ardleibhéal uaillmhéine sna moltaí atá molta i straitéis nua spáis an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta; á mheas gur gné ríthábhachtach de shlándáil agus de chosaint an Aontais í rochtain shábháilte, shlán agus uathrialach ar an spás, mar a léirítear sa tábhacht a bhaineann leis i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra atá leagtha amach sa straitéis chun doiciméad aicmithe bhliantúil maidir le hanailís ar bhagairt spáis a tharraingt suas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gá le comhroinnt faisnéise agus malartú faisnéise feabhsaithe i measc na mBallstát agus institiúidí an Aontais, lena n-áirítear an Pharlaimint, chun feabhas a chur ar fheasacht staide, chun bagairtí slándála a réamh-mheas agus a chomhrac ar bhealach níos fearr agus chun bonn eolais níos fearr a chur faoi cheapadh beartas; á chur i bhfáth go bhfuil gá prótacail slándála na seirbhísí a oibríonn ar fhaisnéis agus/nó ar fhaisnéis íogair san Aontas a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfadh Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus na Ballstáit an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise (SIAC) agus Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh a threisiú; ag athdhearbhú a hiarrata go n-imscarfar acmhainní faisnéise i ngach misean agus oibríocht CBSC, lena gcuirfí faisnéis ar fáil do Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (AE INTCEN), EUMS agus do CPCC; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cumarsáid shlán maidir le faisnéis iontaofa agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí chun rialacha agus rialacháin slándála a chuíchóiriú ina leith sin chun córais faisnéise, bonneagair agus chumarsáide a chosaint ar bhealach níos fearr ar chur isteach agus ar ionsaithe eachtracha; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit EU INTCEN a atreisiú mar chomhlacht éifeachtach um chomhroinnt faisnéise chun faisnéis a roinnt go sábháilte, chun cultúr straitéiseach coiteann a fhoirmliú agus chun faisnéis straitéiseach a sholáthar chun géarchéimeanna laistigh agus lasmuigh den Aontas a réamh-mheas agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Compás Straitéiseach ‘COMHPHÁIRTÍ’</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid dheacair agus thromchúiseach sa tSaiheil, tar éis go leor coupanna, mar shampla sa Nígir, i Mailí agus i mBuircíne Fasó, ach sa tSúdáin freisin; á chur in iúl gur saoth léi coup míleata an 26 Iúil 2023 sa Nígir agus á iarraidh go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll an tUachtarán Mohamed Bazoum, a theaghlach agus iad siúd go léir atá á gcoinneáil go treallach, agus go dtarraingeofaí siar na cúisimh ina choinne; á éileamh go ndéanfaí an tUachtarán Bazoum a toghadh go daonlathach a athbhunú láithreach agus go ndéanfaí an t-ord bunreachtúil a athbhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil iarmhairt dhíreach ag cobhsaíocht sa tSaiheil ar shlándáil agus ar chobhsaíocht san Eoraip; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit a mbeartas i leith réigiún straitéiseach na Saheil a athmheas agus foghlaim ó bhotúin a rinneadh san am a chuaigh thart, go háirithe maidir leis an Rúis, ach freisin maidir leis an ngá atá le cuir chuige iomlánaíocha a chur san áireamh maidir leis an gcaoi a dtugtar aghaidh leis na beartais seo ar athróga fadtéarmacha sóisialta, eacnamaíocha agus forbartha; á mheas gur gá, agus na cúrsaí sin amhlaidh, acmhainní leordhóthanacha a sholáthar do chomhpháirtithe Afracacha; á iarraidh go ndéanfadh SEGS agus na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear gnéithe réigiúnacha agus áitiúla san áireamh ina mbeartais slándála, lena n-áirítear trí idirphlé leis an daonra áitiúil, leis an tsochaí shibhialta agus le húdaráis arna dtoghadh go daonlathach agus le heagraíochtaí réigiúnacha nuair is féidir, ag cloí leis an bprionsabal ‘réitigh ón Afraic ar fhadhbanna na hAfraice'; á aithint nach bhfuil a bpríomhsprioc maidir le síocháin bhuan sa réigiún bainte amach ag na misin idirnáisiúnta éagsúla go fóill; á chur in iúl gur geal léi fógra VP/HR faoi athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis an Aontais i leith na Saiheile; á iarraidh go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin chomh tapa agus is féidir agus go neartófaí tuilleadh stádas na misean CBSC sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag tacú go láidir leis na cinntí a rinne ECOWAS agus AU mar fhreagra ar na coupanna agus á iarraidh go bhféachfadh na Ballstáit agus SEGS conas cabhrú leo go héifeachtach ina gcuid iarrachtaí nuair is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag cáineadh láithreacht PMCanna agus/nó ionadaithe stát-urraithe, amhail Grúpa Wagner agus Cór na hAfraice a raibh ról díchobhsaithe aige i réigiún na Saiheile agus a thacaigh le réimis diansmachtúla éagsúla mar iarracht chun tionchar na Rúise a mhéadú san Afraic; á mheas go bhfuil gach coup d’état mar thoradh ar chúiseanna éagsúla, iltoiseacha nach bhfuil comhionann i ngach tír agus a dteastaíonn breithnithe cúramacha uathu dá bhrí sin; á chur in iúl gur cúis uafáis di mar sin féin go bhfuil dearcthaí láidre frith-Eorpacha a chur in iúl i dtíortha áirithe agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus SEGS machnamh ar theagmháil daoine le daoine a mhéadú trí mhalartuithe níos dlúithe le daonraí áitiúla agus le húdaráis náisiúnta, cumarsáid straitéiseach níos spriocdhírithe i dteangacha áitiúla chun éifeachtaí díobhálacha a fhrithchothromú agus aghaidh a thabhairt go hionraic ar a stair choilíneach nuair is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag spreagadh SEGS leanúint leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin ag Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mósaimbíc) mar fhreagra ar an mbagairt sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid in Cabo Delgado agus in oiliúint fórsaí Mhósaimbíc ar an talamh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go fóill go bhfuil baol ann go leathfaidh an bhagairt sin sa cheantar; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht láithreach chun seachadadh trealaimh neamh-mharfach a bhrostú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, i measc mhisin oiliúna (EUTM) agus misin comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh san Afraic (EUMPM) go bhfuil trí cinn díobh (Poblacht na hAfraice Láir, Mailí, an Nígir) ag dul ar aghaidh ag luas i bhfad níos moille anois, nó go bhfuil siad curtha ar fionraí go hoifigiúil; á chur in iúl freisin go bhfuil roinnt misean sibhialtach a thugann cúnamh d’fhórsaí slándála intíre ina stad (EUCAP Sahel Mali) nó ag feidhmiú go dona (EUAM RCA) nó ag tarraingt siar (EU CAP Sahel Niger); á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá práinneach go mbeadh rochtain ag pearsanra imscartha ar uirlisí, ar oiliúint, ar threalamh agus ar acmhainní chun go bhféadfaidh siad faisnéis a sholáthar don Aontas agus dá Bhallstáit; á mheas go bhfuil coincheap na tacaíochta ríthábhachtach i gcónaí i misin oiliúna chun ligean do chomhairleoirí Eorpacha a fhíorú chomh cruinn agus is féidir, ar an talamh, ar seoladh cláir oiliúna i gceart agus an bhfuil siad i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla na bhfórsaí armtha áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh SEGS agus na Ballstáit scrúdú géar ar shainordú gach misean CBSC san Afraic, lena n-áirítear a bhfoirceannadh féideartha más gá, d’fhonn spriocanna agus garspriocanna is féidir a bhaint amach a sholáthar do gach misean i bhfianaise an chomhthéacs pholaitiúil reatha, chomh maith lena fhiosrú an bhféadfaí na misin sin a leasú chun freastal ar bhealach níos éifeachtaí ar straitéis iltoiseach agus oiriúnaithe nua an Aontais sa tSaiheil agus san Afraic, mar chuid dá chur chuige comhtháite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi seoladh thionscnamh slándála agus cosanta AE chun tacú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine, ar feadh tréimhse thosaigh 2 bhliain, i ndlúthchomhar leis an gCósta Eabhair, le Gána, le Tóga agus le Beinin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa tacaíochta leanúnach ó líon mór tíortha san Afraic do rún Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe lena gcáintear an Rúis, lena dtacaítear le hiomláine críochach na hÚcráine agus ina n-iarrtar síocháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an nuashonrú a rinneadh ar Straitéis agus ar Phlean Gníomhaíochta Muirí an Aontais agus ar an tiomantas chun ról an Aontais mar sholáthraí slándála muirí idirnáisiúnta a neartú; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear san athbhreithniú neartú na n-oibríochtaí cabhlaigh reatha; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé beartaithe leis an nuashonrú réimsí nua spéise ar muir a iniúchadh ina bhféadfaí an coincheap CMP a chur chun feidhme bunaithe ar an taithí a fuarthas i Murascaill na Guine agus san Aigéan Indiach Thiar Thuaidh; á iarraidh go rachadh na Ballstáit i ngleic go gníomhach leis na tionscnaimh sin agus cur lena gcumas míleata cabhlaigh d’fhonn láithreacht agus infheictheacht an Aontais a fheabhsú sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh, san Atlantach, san Ind-Chiúin-Aigéineach agus san earnáil mhuirí dhomhanda, mar aon le dul i ngleic go héifeachtach le bagairtí agus dúshláin sa Mhuir Bhailt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá slándáil réigiún na Mara Duibhe a áirithiú trí chuidiú le huiscí farraige na hÚcráine a dhímhianú agus trí na Ballstáit a spreagadh chun cleachtaí oiliúna a thairiscint ina leith sin ag cur béime ar fhorbairt inniúlachtaí frithbhearta mianaigh mhuirí agus cosaint chriticiúil bhonneagair ghrinneall na farraige; á chur i bhfios go láidir gur cheart teicneolaíocht chomhchosúil a thástáil agus a úsáid i bhfarraigí Eorpacha eile ina bhfuil fadhb an ordanáis neamhphléasctha agus na n-arm ceimiceach a dumpáladh sa chéad roimhe sin ina bhagairt cheana féin ar an tslándáil, ar an gcomhshaol, ar an tsláinte agus ar an ngeilleagar, amhail sa Mhuir Bhailt, i Muir Aidriad agus sa Mhuir Thuaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a mhéadú chun dul i ngleic leis an dúshlán sin atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise an teannais mhuirí gheopholaitiúil atá ag dul i méid, nach mór don Aontas saoirse loingseoireachta, sábháilteacht línte cumarsáide muirí agus a shoithí agus a chriúnna, bonneagar amach ón gcósta agus gníomhaíocht chun iascaireacht mhídhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chomhrac a áirithiú agus a áirithiú freisin go ndéanfar faireachán éifeachtach ar a theorainneacha muirí seachtracha chun gníomhaíochtaí mídhleathacha a chosc; á chur i bhfáth gur gá comhar a mhéadú idir an tAontas agus ECAT maidir le slándáil mhuirí chun gach saincheist leasa choitinn sa réimse sin a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur i bhfáth, i bhfianaise an teannais gheopholaitiúil mhéadaithe ar muir, nach mór don Aontas a áirithiú go ndéantar faireachán éifeachtach ar a theorainneacha muirí seachtracha chun gníomhaíochtaí mídhleathacha a chosc; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin an chreata bearta sriantacha a bhunaigh an tAontas an 11 Samhain 2019 mar fhreagra ar ghníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir, gur leanadh leo sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur vótáil an Tuirc i bhfabhar cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháineadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus a tiomantas do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, ach gur oth léi, ag an am céanna, go mbaineann imchéimniú smachtbhannaí an Aontais ag an Tuirc an bonn dá n-éifeachtacht agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún é sin a scrúdú; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfadh an Tuirc ailíniú le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, cé go n-aithnítear gur tír í an Tuirc a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint léi, gur ábhar imní don Aontas agus ina chomharsanachtaí iad seasaimh agus beartais na Tuirce i réimsí áirithe, atá ina mbagairt don tsíocháin, don tslándáil agus don chobhsaíocht réigiúnach; ag cáineadh go láidir gníomhaíochtaí mídhleathacha na Tuirce sa Chipir, amhail an sárú leanúnach ar rúin 550(1984) agus 789(1992) ó Chomhairle Slándála na NA, lena n-iarrtar ar an Tuirc limistéar Varosha a aistriú chuig a áitritheoirí dleathacha faoi riarachán sealadach na NA, agus na hionsaithe le déanaí i gcoinne coimeádaithe síochána na NA laistigh den chrios maolánach in aice le sráidbhaile déphobail Pyla/Pile; á cháineadh gur iarr Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan ar an gcomhphobal idirnáisiúnta aitheantas a thabhairt don eintiteas scarthach sa Chipir faoi fhorghabháil, agus ar an gcaoi sin go ndearnadh deireadh a chur leis na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena n-iarrtar cónaidhm dhéphobail dhéchriosach ag a mbeadh pearsantacht dhlítheanach idirnáisiúnta aonair, ceannasacht aonair, saoránacht aonair agus comhionannas polaitiúil atá i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi, in ainneoin iarrachtaí díghéaraithe, go leanann an Tuirc dá ghníomhaíochtaí gríosaitheacha aontaobhacha agus de neamhchomhlíonadh an rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an trádbhac arm ar an Libia i ndáil le hoibríocht IRINI, lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear UNCLOS agus cearta ceannasacha Bhallstáit an Aontais, go háirithe an Ghréig agus an Chipir, sa Mheánmhuir Thoir; á chur in iúl gur geal léi an dearbhú comhpháirteach a rinne ceannairí na Tuirce agus na Gréige le déanaí maidir le dea-chaidreamh comharsanachta a shaothrú, cumarsáid a oscailt, teannas a laghdú trí mhuinín mhíleata a chothú, trádáil a mhéadú agus obair a dhéanamh chun saincheisteanna sa Mhuir Aeigéach a réiteach; á thabhairt dá haire go bhfuil an Tuirc i láthair ar bhonn níos minice i limistéir ina bhfuil príomhleasanna slándála agus misin CBSC ag an Aontas, agus á iarraidh go ndéanfadh an Tuirc staonadh ón mbonn a bhaint ó leasanna agus ó mhisin an Aontais sna limistéir sin; á athdhearbhú go gcáineann sí síniú na mheabhráin tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata agus maidir le teorannú limistéar muirí, atá idirnasctha agus ar sáruithe soiléire iad ar an dlí idirnáisiúnta agus ar rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ar chearta ceannasacha Bhallstáit an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hinfheistíocht a mhéadú go suntasach i rialú arm réigiúnach agus domhanda, i neamhleathadh agus i ndí-armáil, go háirithe i gcuir chuige iltaobhacha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht agus cóineasú níos fearr ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach maidir le honnmhairiú arm; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit Comhsheasamh 2008/944/CBES an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata, arna leasú le Cinneadh (CBES)2019/1560 ón gComhairle, a chomhlíonadh go hiomlán;  ag aithint inniúlachtaí na mBallstát ina mbeartais soláthair cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le tiomantas an Aontais agus a Bhallstát don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach mar bhunchloch an chórais maidir le neamhleathadh agus dí-armáil núicléach;  á áitiú gur gá a áirithiú go mbeadh ról láidir cuiditheach ag an Aontas maidir leis na hiarrachtaí neamhleata domhanda riailbhunaithe agus maidir leis an ollstruchtúr rialaithe arm agus dí-armála a fhorbairt agus a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Aontas a chumais féin a fhorbairt tuilleadh i ngach réimse chun ceannasacht na mBallstát uile a chosaint, ach freisin chun an bealach a réiteach le haghaidh aistriú ualaigh san fhadtéarma agus an Aontas ag glacadh níos mó freagrachta as a chosaint agus ag an am céanna ag cur lena chomhar slándála le ECAT agus comhpháirtithe den mheon céanna ar fud na cruinne; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Fóram Schuman um Shlándáil agus Chosaint mar ardán malartaithe i measc comhpháirtithe bunaithe ar chomhionannas agus ar chomhthuiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur i bhfios go láidir agus go neamhbhalbh, a thábhachtaí atá comhghuaillíocht an Aontais-SAM, atá bunaithe ar chomhluachanna an daonlathais, na saoirse agus an smachta reachta; á chur in iúl gur mór aici tiomantas agus rannpháirtíocht láidir na Stát Aontaithe do chosaint chríochach na hEorpa, go háirithe i bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine rud atá ina bhagairt don mhór-roinn ina hiomláine; á chur in iúl gur geal léi go mór an chomhpháirtíocht threisithe leis na Stáit Aontaithe, go háirithe gur síníodh socrú riaracháin idir EDA agus Roinn Cosanta na Stát Aontaithe (DoD) i mí Aibreáin 2023, na hidirphlé idir an tAontas agus SAM maidir le slándáil agus cosaint, agus maidir leis an tSín chomh maith; á iarraidh go leanfadh an tAontas lena chomhar gníomhach le SAM faoi chuimsiú idirphlé straitéiseach an Aontais-SAM maidir le slándáil agus cosaint, amhail tionscnaimh slándála agus cosanta frithpháirteacha, dí-armáil agus neamhleathadh, tionchar na dteicneolaíochtaí suaiteacha, an t-athrú aeráide , bagairtí hibrideacha, cibearchosaint, soghluaisteacht mhíleata, bainistíocht géarchéime agus caidrimh le hiomaitheoirí straitéiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ag baint le comhoibriú níos fearr i dtáirgeadh agus i soláthar táirgí cosanta, lena n-áirítear trí rochtain chomhionann ar an margadh do na tionscail chosanta; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, na hiarrachtaí atá déanta ag an Aontas chun a chumais chosanta féin a fheabhsú agus níos mó freagrachta a ghlacadh as a chosaint féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrataí le haghaidh comhar institiúideach slándála agus cosanta leis an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear trí chomhoibriú níos dlúithe maidir le comhroinnt faisnéise, soghluaisteacht mhíleata, tionscnaimh slándála agus cosanta frithpháirteacha, bainistíocht géarchéime, cibearshlándáil, bagairtí hibrideacha, FIMI agus ár gcaidreamh le comhiomaitheoirí straitéiseacha; ag spreagadh na Ríochta Aontaithe chun dul i mbun rannpháirtíochta go dáiríre leis an Aontas maidir le dúshláin phráinneacha straitéiseacha; á mholadh go ndéanfadh an Leas-Uachtarán/Ardionadaí cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe, teacht chuig cruinnithe neamhfhoirmiúla airí gnóthaí eachtracha (agus cosanta) na Comhairle chun tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad agus lánchosaint á thabhairt do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá gné na comhpháirtíochta den Chompás Straitéiseach maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus a chomhghuaillithe agus a chomhpháirtithe den mheon céanna ar fud an domhain a threisiú chun cur i gcoinne straitéisí eachtracha atá dírithe ar an mbonn a bhaint ón Aontas agus ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a dhíchobhsú; á chur in iúl gur geal léi an tríú Dearbhú Comhpháirteach maidir le Comhar idir an tAontas agus ECAT a bhfuiltear ag súil leis le fada, lenar deimhníodh gur comhpháirtithe bunriachtanacha iad an tAontas agus ECAT a bhfuil luachanna coiteanna agus leasanna straitéiseacha acu, agus a oibríonn i gcomhlántacht chun a áirithiú go mbaineann comhghuaillithe ECAT leas as colún láidir Eorpach laistigh de NATO; á iarraidh go háirithe go mbeidh sineirgí agus comhleanúnachas ann idir Coincheap Straitéiseach ECAT agus Compás Straitéiseach an Aontais, go háirithe sna réimsí a bhaineann le dul i ngleic le foréigean na Rúise, an tsoghluaisteacht mhíleata, an chogaíocht hibrideach agus an chibearchogaíocht, lena n-áirítear feachtais FIMI, slándáil mhuirí domhanda, an comhrac i gcoinne bagairtí traidisiúnta, amhail sceimhlitheoireacht, agus tacaíocht a sholáthar do chomhpháirtithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi aontachas na Fionlainne le NATO; á chur in iúl gur saoth léi go mór an mhoill a chuirtear ar dhaingniú aontachas na Sualainne le ECAT; ag cáineadh na n-iarrachtaí, sa chomhthéacs sin, chun an bonn a bhaint ó shaoirsí daonlathacha i mBallstáit an Aontais trí bhíthin toiliú a thabhairt d’aontachas na Sualainne le ECAT a ionstraimiú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, cinneadh moillithe na Tuirce agus na hUngáire aontachas na Sualainne le ECAT a fhormheas; ag tathant ar údaráis na Tuirce a ngealltanas a chomhlíonadh maidir le comhpháirtíocht níos cuidithí in ECAT, lena n-áirítear sa Mheánmhuir Thoir:
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le plean gníomhaíochta maidir le soghluaisteacht mhíleata 2.0 mar phríomh-rannchuidiú le slándáil na hEorpa a neartú, mar a aithnítear sa Chompás Straitéiseach; ag cur sonrú i nglacadh luathaithe na dtionscadal bonneagair iompair dé-úsáide tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé infhaighteacht leordhóthanach acmhainní airgeadais a áirithiú chun leanúint ar aghaidh le píblíne an tionscadail sna blianta amach romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé idirphlé slándála agus cosanta a fhorbairt le comhpháirtithe ar fud an domhain, go háirithe sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir ach freisin le príomhchomhpháirtithe i réimsí straitéiseacha muirí amhail iad siúd a shíneann ón gComharsanacht Theas agus ón Ind-Chiúin-Aigéanach, ó chósta thoir na hAfraice go dtí an tAigéan Ciúin Theas agus ón Artach go dtí an Cianoirthear; á iarraidh go ndéanfaí an comhar um shlándáil mhíleata a dhoimhniú le tíortha atá i ngarchomharsanacht na hEorpa trí ghné na slándála a neartú agus trí idirphlé maidir le beartas slándála agus cosanta a fheabhsú; ag athdhearbhú a hiarrata le haghaidh comhar níos doimhne le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe, AU, agus a mhisin síochánaíochta i láithreacha comhpháirteacha, agus ESCE maidir leis an tslándáil, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á aithint go bhfuil tábhacht straitéiseach agus gheopholaitiúil shuntasach ag baint leis an réigiún Artach mar gheall ar a bhealaí muirí atá ag teacht chun cinn, acmhainní nádúrtha saibhre agus deiseanna forbartha geilleagraí a bhaineann le téamh domhanda, agus iad á gconspóid níos mó ag an am céanna; á mheas go bhfuil sé scanrúil na gníomhaíochtaí méadaitheacha agus an spéis atá ag na réimis údarásacha, lena n-áirítear an Rúis agus an tSín, san Artach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé slándáil, cobhsaíocht agus comhar a chaomhnú san Artach; á chur i bhfáth nach mór don réigiún fanacht saor ó theannas míleata agus ó shaothrú acmhainní nádúrtha, agus cearta na bpobal dúchasach á n-urramú aige; á athdhearbhú go bhfuil gá beartas Artach an Aontais a áireamh sa CBSC agus dul i mbun comhar éifeachtach le ECAT; á iarraidh go dtabharfar aghaidh go tráthrialta ar an Artach laistigh de chruinnithe an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á cháineadh go láidir go ndearna an Chóiré Thuaidh tástálacha iomadúla diúracán in 2023; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar leith ar an tSín agus ar an Rúis maidir leis an gCóiré Thuaidh agus á iarraidh go ndéanfaidís a dtionchar a úsáid chun aon ghéarú breise a chosc; á chur in iúl go bhfuil imní as cuimse uirthi faoin gcruinniú a bhí ann le déanaí idir ceannairí na Cóiré Thuaidh agus na Rúise; ag cáineadh go láidir seachadtaí arm agus diúracán balaistíoch na Cóiré Thuaidh go dtí an Rúis, atá á n-úsáid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus ag tabhairt dá haire, trína comhar míleata feabhsaithe leis an gCóiré Thuaidh, go bhfuil an Rúis ag sárú smachtbhannaí agus rúin na Náisiún Aontaithe; ag cáineadh na hIaráine go láidir as dróin agus diúracáin a sholáthar don Rúis le húsáid ina cogadh foghach in aghaidh na hÚcráine, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí idirnáisiúnta, i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe, maidir leis an Iaráin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról Pharlaimint na hEorpa</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an daonlathas parlaiminteach a atreisiú agus grinnscrúdú níos fearr a dhéanamh ar thíortha comhpháirtíochta nach bhfuil san Aontas trí idirphlé parlaiminteach maidir le saincheisteanna slándála agus cosanta agus trí athléimneacht pharlaiminteach a fhorbairt i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear cibearbhagairtí agus FIMI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an méadú le déanaí ar chaiteachas ar bheartais agus ar chláir chosanta ar leibhéal an Aontais agus i measc na mBallstát fíorthábhachtach do chosaint agus shlándáil na hEorpa, go léirítear leis riachtanais an chomhthéacs reatha slándála agus go léirítear ann freisin éabhlóid na cosanta mar fhíor-réimse beartais an Aontais a éilíonn grinnscrúdú agus cuntasacht parlaiminteach iomlán chun a áirithiú go rannchuidíonn na cláir agus na beartais sin ar an mbealach is éifeachtaí le cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus le leasanna slándála agus cosanta na hEorpa a chosaint; ag athdhearbhú, i ndáil leis sin, a héileamh le haghaidh gníomhartha tarmligthe le haghaidh cláir oibre na gclár tionsclaíochta cosanta arna maoiniú ag buiséad an Aontais; ag athdhearbhú go láidir a glao go mbunófaí Coiste lán-chuimsitheach de Pharlaimint na hEorpa um Shlándáil agus um Chosaint a mbeidh freagrachtaí iomlána reachtacha agus buiséadacha aige maidir le hábhair chosanta Eorpacha, lena n-áirítear bearta chun EDTIB a neartú, ar choinníoll go mbeidh an coiste sin chun tosaigh ar an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> cosanta atá ag teacht chun cinn faoi chuimsiú an Aontais lena ngabhann freagrachtaí  grinnscrúdaithe, reachtaíochta agus buiséadacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á chur i bhfáth, maidir leis an gcomhoibriú rathúil idir SEDE agus an Coiste um Thionscal, Taighde agus Fuinnimh i bpróiseas bhunú rialachán EDIRPA, gur cheart an fochoiste a áireamh i ngach nós imeachta reachtach a mbeidh impleachtaí ábhartha do chosaint na hEorpa ag baint leis, go dtí go mbunófar coiste lánchuimsitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh SEGS tuairisc a thabhairt go rialta agus go cuimsitheach ar chur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh do SEDE;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Uachtarán an Choimisiúin agus chuig Coimisinéirí inniúla, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí ECAT, chuig Uachtarán Thionól Parlaiminteach ECAT, chuig gníomhaireachtaí slándála agus cosanta an Aontais, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>