<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0106</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair - tuarascáil bhliantúil 2023</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0424/2023 -  Rapóirtéir: Nacho Sánchez Amor)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2023 (2023/2118(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2, 3, 8, 21 agus 23 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 17 agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus do chonarthaí agus ionstraimí eile na Náisiún Aontaithe um chearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe 1951 agus Prótacal 1967 a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe 1948 agus do rún 43/29 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 22 Meitheamh 2020 maidir le cinedhíothú a chosc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta 1976 maidir le Coir Apartheid a Dhíchur agus a Phionósú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach (UNCAT) an 10 Nollaig 1984,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18 Nollaig 1979,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú maidir le Gach Cineál Éadulaingthe agus Idirdhealaithe atá Bunaithe ar Reiligiún nó Creideamh a Dhíothú, a fógraíodh le rún 36/55 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Samhain 1981,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga an 18 Nollaig 1992,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh trí chomhthoil i Rún 53/144 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 9 Nollaig 1998,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 agus don dá Phrótacal Roghnacha a ghabhann leis, a glacadh an 25 Bealtaine 2000,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gCoinne Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (Prótacal Palermo) Rún 55/25 an 15 Samhain 2000 agus don Phrótacal a ghabhann leis chun Gáinneáil ar Dhaoine, go hÁirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith, a tháinig i bhfeidhm an 25 Nollaig 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonradh Trádála Arm na Náisiún Aontaithe, a tháinig i bhfeidhm an 24 Nollaig 2014, agus Cód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le hOnnmhairiú Arm an 5 Meitheamh 1998,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Bhéising na Náisiún Aontaithe ó Mheán Fómhair 1995,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh an 25 Meán Fómhair 2015 agus, go háirithe, do spriocanna 1, 4, 5, 8, 10 agus 16 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta a glacadh an 19 Nollaig 2018 agus do Chomhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe an 17 Nollaig 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ochtú athbhreithniú ar Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe, a glacadh an 22 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa an 4 Aibreán 1997 chun Cearta an Duine agus Dínit an Duine a chosaint maidir le Feidhmiú na Bitheolaíochta agus na Míochaine, agus do na prótacail breise a ghabhann leo, maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine an 16 Bealtaine 2005, agus Leanaí a Chosaint ar Theacht i dTír Gnéasach agus ar Mhí-úsáid Ghnéasach an 25 Deireadh Fómhair 2007,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 11 Bealtaine 2011 chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), nach bhfuil daingnithe ag na Ballstáit go léir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacail Uimh. 6 agus Uimh. 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Aibreán 1983 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus a bhaineann le Deireadh a Chur le Pionós an Bháis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas 2020-2024, a ghlac an Chomhairle an 17 Samhain 2020 agus a Athbhreithniú meántéarma a glacadh an 9 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Gender Action Plan (GAP) III: an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in external action’</STRING> [Plean Gníomhaíochta Inscne an Aontais Eorpaigh (GAP) III: clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais] (JOIN(2020)0017),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: plean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais Eorpaigh 2020-2025' (COM(2020)0565),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh i dtaca le cearta an linbh (COM(2021)0142),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030' (COM(2021)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannais LGBTIQ 2020-2025' (COM(2020)0698),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cosantóirí chearta an duine, a ghlac an Chomhairle an 14 Meitheamh 2004 agus a athbhreithníodh in 2008, agus ag féachaint don dara nóta treorach maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte, a formhuiníodh in 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta 2005 a chur chun cinn, arna nuashonrú in 2009<FOOTNOTE><FIELD> IO C 303, 15.12.2009, lch. 12.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le pionós an bháis, arna nuashonrú ag an gComhairle an 12 Aibreán 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint, arna nglacadh ag an gComhairle an 24 Meitheamh 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun cinn agus cosaint a dhéanamh ar gach ceart de chearta an duine a bheith á theachtadh ag daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), arna nglacadh ag an gComhairle an 24 Meitheamh 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i dtaca le saoirse chun tuairimí a nochtadh ar líne agus as líne, arna nglacadh ag an gComhairle an 12 Bealtaine 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i dtaca le neamh-idirdhealú sa ghníomhaíocht sheachtrach, arna nglacadh ag an gComhairle an 18 Márta 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i dtaca le huisce óil sábháilte agus le sláintíocht, arna nglacadh ag an gComhairle an 17 Meitheamh 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Treoirlínte athbhreithnithe maidir le beartas an Aontais Eorpaigh i leith tríú tíortha maidir le céastóireacht agus maidir le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, arna nglacadh ag an gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh maidir le hidirphléití i dtaca le cearta an duine le tíortha comhpháirtíochta/tríú tíortha, arna bhformheas ag an gComhairle an 22 Feabhra 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2012 dar teideal ‘Fréamhacha an daonlathais agus na forbartha inbhuanaithe: Rannpháirtíocht na hEorpa leis an tSochaí Shibhialta sa chaidreamh seachtrach’ (COM(2012)0492),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonchlúidí ón gComhairle an 10 Márta 2023 maidir le ról an spáis shibhialta i ndáil le cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn san Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine in 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais (COM(2022)0453,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe (JOIN(2023)0013),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Réicivíc ó Chomhairle na hEorpa 'Aontaithe bunaithe ar ár luachanna' an 16-17 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Protecting human rights defenders at risk: EU entry, stay and support’</STRING> [Cosantóirí chearta an duine i mbaol a chosaint: Teacht isteach, fanacht agus tacaíocht san Aontas Eorpach] an 11 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh ar Chearta an Duine agus an Daonlathas ar Domhan 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threochlár Comhpháirteach 7 Meán Fómhair 2022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Uachtaránachtaí Rothlacha na Comhairle maidir le heagrú, comhordú agus cur chun feidhme amlíne na caibidlíochta idir na comhreachtóirí maidir le CEAS agus an Comhshocrú Eorpach Nua maidir le himirce agus tearmann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta agus dá buaiteoirí, a bronnadh in 2023 ar Jina Mahsa Amini agus ar Ghluaiseacht ‘Mná, Saol agus Saoirse’ na hIaráine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le Treoirlínte an Aontais Eorpaigh agus sainordú Thoscaire Speisialta an Aontais maidir le cur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 411, 27.11.2020, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le cosaint chearta an duine agus beartas imirce seachtrach an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 70.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine agus maidir le ról chosantóirí an chomhshaoil i leith an ábhair sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 111.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky an Aontais Eorpaigh)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 152.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Márta 2023 maidir le Treoirlínte an Aontais maidir le cosantóirí chearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/409, 23.11.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2023/409/oj?locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 17 Feabhra 2022 chuig an gComhairle agus chuig Uachtarán‑an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 295.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus do bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 77.</FIELD></FOOTNOTE>, agus do na rúin uaithi roimhe sin maidir le tuarascálacha bliantúla níos luaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (ar a dtugtar rúin phráinne), arna nglacadh i gcomhréir le Riail 144 dá Rialacha Nós Imeachta ó 2019 i leith, go háirithe na rúin sin a glacadh in 2022 agus 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 ar an ngéarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 33.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0424/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur comóradh in 2023, 75 bliain de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, 30 bliain de Dhearbhú Vín agus Clár Gníomhaíochta, 25 bliain de Dhearbhú na Náisiún Aontaithe ar Chosantóirí Chearta an Duine agus de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach á threorú ina ghníomhaíocht sheachtrach ag na luachanna agus na prionsabail atá cumhdaithe in Airteagal 2, Airteagal 3(5) agus Airteagal 21(2) CAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a spreag cruthú, forbairt agus méadú an Aontais Eorpaigh féin; de bhrí go n-áirítear leis na luachanna sin, ar an gcéad dul síos, urraim do dhínit an duine, do shaoirsí bunúsacha, don smacht reachta agus d’uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine, prionsabail an chomhionannais, na dlúthpháirtíochta agus an neamh-idirdhealaithe agus urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus don dlí idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach mór don Aontas, laistigh dá ghníomhaíocht sheachtrach, comhbheartais agus gníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú chun an daonlathas agus cearta an duine a chomhdhlúthú agus chun tacú leo, i gcomhréir le hAirteagal 21(2) CAE; de bhrí nach féidir é sin a bhaint amach ach amháin tríd an daonlathas agus cearta an duine a chur i gcroílár bheartais agus uirlisí uile an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear trádáil, forbairt, slándáil agus cosaint, agus méadú, i measc nithe eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhsheasmhacht agus comhleanúnachas idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais atá bunaithe ar phrionsabail agus luachanna bhunaidh an Aontais ríthábhachtach chun beartais tacaíochta an Aontais um chearta an duine agus an daonlathas a bhaint amach atá éifeachtach agus inchreidte;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach mór do thíortha daonlathacha a ráthú go mbeadh cearta daonna agus saoirsí bunúsacha ag gach duine; de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach fós go hiomlán tiomanta do chosaint an iltaobhachais agus na luachanna, na bprionsabal agus na noirm uilíocha lena dtreoraítear ballstáit na NA; de bhrí gur cheart don Aontas agus do chomhpháirtithe tacú le cosaint uilíocht chearta an duine mar thosaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil níos mó dúshlán á thabhairt don ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha ag gníomhaithe éagsúla atá, ag obair ina n-aonar nó trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe, ag iarraidh an bonn a bhaint d'eagraíochtaí iltaobhacha agus cur chun feidhme an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine a threascairt, dul timpeall orthu nó bac a chur orthu; de bhrí go bhfuil ionramháil faisnéise agus ar chur isteach ar fhaisnéis mar chuid den armlann a úsáideann gníomhaithe uathlathacha chun brú a chur ar luachanna agus noirm dhaonlathacha, ag creimeadh seiceálacha ar mhí-úsáid cumhachta, ag méadú minicíocht agus déine sáruithe ar chearta an duine agus cur srian ar spásanna don tsochaí shibhialta, na meáin neamhspleácha agus gluaiseachtaí daonlathacha de chuid an fhreasúra;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-uathlathas, le 70 % de dhaonra an domhain anois ag maireachtáil faoi riail fhorlámhach de réir Ollscoil Gothenburg<FOOTNOTE><FIELD> Ollscoil Gothenburg, <STRING ITALIC="on">The world is becoming increasingly authoritarian - but there is hope</STRING> [Tá an domhan ag éirí níos forlámhaí - ach tá dóchas ann], 2 Márta 2023 https://www.gu.se/en/news/the-world-is-becoming-increasingly-authoritarian-but-there-is-hope.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil cúlsleamhnú daonlathach tagtha chun bheith ina threocht shainithe dhomhanda sa pholaitíocht agus áirítear leis daonlathais bhunaithe, a bhfuil fadhbanna fós acu maidir le polarú polaitiúil, mífheidhmiú institiúideach agus bagairtí ar shaoirsí sibhialta; de bhrí go bhfuil an méadú ar an t-údarásaíochas, an neamhliobrálachas agus ar threochtaí frithghníomhaithe ar fud an domhain, lena n-áirítear san Aontas Eorpach, ina bhagairt ar an ord domhanda riailbhunaithe, ar chosaint agus ar chur chun cinn chearta an duine agus an daonlathais sa domhan, chomh maith leis na luachanna agus na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur léiríodh in athbhreithniú meántéarma na bliana seo ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas 2020-2024, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, nach féidir leis an Aontas, in éineacht le comhpháirtithe den mheon céanna, fanacht réchúiseach, go háirithe i gcomhthéacs na ndúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo do chearta an duine, don tsaoirse agus don daonlathas ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go leanann sáruithe ar chearta an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin ar aghaidh ar fud an domhain agus iad ina gcúis le leatrom, coinbhleacht agus cogadh, agus sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, i dtuarascáil 2010 chuig an gComhairle um Chearta an Duine, gur shainaithin an saineolaí neamhspleách i réimse na gceart cultúrtha cearta cultúrtha mar chearta a bhaineann le raon leathan saincheisteanna agus luachanna a bhaineann le cearta an duine, amhail an ceart chun páirt a ghlacadh i saol cultúrtha agus oideachas, i measc nithe eile, chomh maith le láithreacht cearta cultúrtha in ionstraimí idirnáisiúnta éagsúla um chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur bunluach de chuid an Aontais é an comhionannas inscne; de bhrí go leantar de bheith ag sárú cearta an duine do mhná agus do chailíní, lena n-áirítear a gcearta gnéis agus atáirgthe, ar fud an domhain; de bhrí go leanann banchosantóirí chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn ar chomhionannas inscne, cearta na mban agus sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe de bheith ag obair i spásanna atá ag laghdú i gcónaí agus iad i mbun a gcuid oibre ríthábhachtach, chomh maith le bagairtí foréigin, ciaptha agus imeaglaithe á ndéanamh orthu; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, príomhshruthú inscne agus cur chuige trasnach a chur chun feidhme agus a chomhtháthú mar phrionsabal cothrománach i ngníomhaíochtaí agus beartais uile an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go méadaítear leis an ngéarchéim fuinnimh, in éineacht leis an ngéarchéim táirgthe bia, an bhochtaineacht agus an leochaileacht ar fud an domhain, agus go mbíonn tionchar díobhálach aige sin ar chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag iompar gnó freagrach ó chuideachtaí atá bunaithe san Aontas chun a áirithiú go gcuirtear beartais an Aontais maidir le cearta an duine chun feidhme go héifeachtach laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, lena n-áirítear maidir le saothar; de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta do chur chun feidhme iompar gnó freagrach a chur chun cinn ar fud gach earnáil den táirgeadh agus ar gach leibhéal den slabhra luacha, agus d’íospartaigh na sáruithe agus na mí-úsáide ar chearta an duine a bhaineann le gnó a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh sáruithe ar chearta an duine a bheith mar thoradh ar éigeandálaí comhshaoil, lena n-áirítear iad sin a eascraíonn as athrú aeráide, dífhoraoisiú agus oibríochtaí gnó eastóscacha, agus go n-imríonn siad tionchar ní hamháin ar dhaoine aonair agus ar phobail ina ngarchomharsanacht, ach ar an gcine daonna ina iomláine; de bhrí go bhfuil méadú le blianta beaga anuas ar líon na ndúnmharuithe, na n-ionsaí agus na gcineálacha eile foréigin i gcoinne daoine a chosnaíonn cearta comhshaoil, lena n-áirítear i measc daonraí dúchasacha; de bhrí gur dhá dhúshlán phráinneacha agus idirnasctha iad an t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil a bhaineann an bonn don fhorbairt inbhuanaithe agus do theachtadh chearta an duine ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil dochar in aghaidh an chomhshaoil agus éifeachtaí an athraithe aeráide ag cur leis an neamhchinnteacht, an imeallú agus an éagothroime, lena gcuirtear níos mó brú ar dhaoine a dtithe a fhágáil nó go mbeidís sáinnithe i suímh neamhshábháilte, áit a ndéantar a leochaileacht a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur comhghuaillithe ríthábhachtacha iad cosantóirí chearta an duine (HRDanna) agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (CSOanna) le hiarrachtaí an Aontais cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn agus coinbhleachtaí a chosc ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil sé ar mhaithe le príomhleasanna an Aontais agus a Bhallstáit, dá bhrí sin, tacú lena gcuid oibre agus iad a chosaint mar aon leis an spás ina bhfeidhmíonn siad; de bhrí go bhfuil rialtais ar fud an domhain ag glacadh, de réir a chéile, cineálacha nua oirbheartaíochta agus bearta sriantacha i gcoinne HRDanna chun cinsireacht a dhéanamh ar a gcuid oibre agus chun iad a thost agus a chiapadh; de bhrí go n-áirítear ar na bearta sin cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna), beartais rialtais sriantacha, feachtais chlúmhillte, idirdhealú agus imeaglú nó foréigean, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, fuadaigh, gabháil agus coinneáil threallach; de bhrí go ndírítear níos mó agus níos mó le hionsaithe i gcoinne HRDanna ar a dteaghlaigh agus ar a bpobail freisin; de bhrí go bhfuil an spás don tsochaí shibhialta ag laghdú, lena n-áirítear mar thoradh ar na nósanna imeachta ceadúnaithe atá ag éirí níos déine le haghaidh CSOanna atá glactha ag stáit ar fud an domhain, toirmisc nó srian ar an maoiniú is féidir le CSOanna a fháil ó dheontóirí, agus trí stiogma mar ‘ghníomhaire eachtrach’ a cheangal le CSOanna; de bhrí go bhfuil dálaí saoirse ó phionós i leith sáruithe a dhéantar i gcoinne HRDanna i réim in go leor tíortha ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil an sceimhlitheoireacht fós ar cheann de na bagairtí is mó ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta agus gur sárú soiléir í ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur bronnadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2021 ar Alexei Navalny; de bhrí gur cuireadh Navalny i bpríosún ó mhí Feabhra 2021 i ndálaí mídhaonna; de bhrí go raibh a áit choinneála dheireanach in Yamalo-Nenets sa tSibéir Thiar, áit ar dúnmharaíodh é an 16 Feabhra 2024;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Aghaidh a thabhairt ar threochtaí domhanda agus ar dhúshláin mhóra</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag athdhearbhú uilechoitinne, idirthuilleamaíocht, idirghaolmhaireacht agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus na dínite ar cuid dhílis de gach duine í; ag athdhaingniú dhualgas an Aontais agus a Bhallstát an daonlathas, an smacht reachta agus uilíocht agus doshanntacht chearta an duine ar fud an domhain a chur chun cinn agus a chosaint ar bhealach diongbháilte, comhleanúnach agus comhsheasmhach; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit comhcheangail fórsaí a chur chun cinn idir na daonlathais agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus chun cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear trí sheasamh poiblí láidir lena n-athdhearbhaítear ár dtiomantas chun uilíocht chearta an duine a chosaint agus an smacht reachta a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi réimis ollsmachtacha agus fhorlámhacha as an mí-úsáid a dhéanann siad ar institiúidí iltaobhacha, go háirithe ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, a fhéachann le sásraí um chearta an duine a neodrú, a gcumas stáit a choinneáil cuntasach as sáruithe ar chearta an duine, agus an bonn a bhaint as noirm idirnáisiúnta agus/nó iad a athscríobh chun go n-oirfidís a gclár oibre údarásaíoch; á iarraidh go n-oibreodh an Comhairle agus na Ballstáit le comhghuaillithe daonlathacha atá ar aon intinn leo chun tacú le hathchóiriú na n-institiúidí iltaobhacha ionas go n-éireoidh siad níos athléimní i bhfianaise thionchar mailíseach na gcóras údarásaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don Aontas a bheith lán-ullmhaithe chun cur i gcoinne ardú agus tionchar mailíseach an údarásaíochais, an illiobrálachais agus antoisceachais, chomh maith leis na bagairtí ar chosaint chearta an duine agus na n-ionsaithe méadaitheacha ar uilíocht chearta an duine, an daonlathais, an smachta reachta agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur sí i bhfios go láidir go n-éilíonn tiomantas uaillmhianach agus reitric bheartas seachtrach an Aontais um chearta an duine go mbeidh sé comhsheasmhach agus eiseamláireach maidir leis an tiomantas do chearta uilíocha an duine agus don daonlathas; á chur in iúl gur saoth léi an meath atá tagtha ar chearta an duine agus ar an smacht reachta ar fud an domhain, lena n-áirítear san Aontas, a bhaineann an bonn dá chreidiúnacht agus é ag cur i gcoinne an mheath dhaonlathaigh dhomhanda agus aischéimniú chearta an duine; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit dea-shampla a thabhairt agus seasamh go docht le cearta an duine, timpeallacht chumasúcháin a áirithiú dá sochaí sibhialta agus aghaidh a thabhairt ar aon treochtaí diúltacha sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cáineadh an treocht mhéadaitheach de sháruithe ar chearta an duine agus ar phrionsabail agus luachanna daonlathacha ar fud an domhain, amhail leibhéil an éagothroime shóisialta, eacnamaíoch agus pholaitiúil atá ag doimhniú, aisiompú cearta, go háirithe do mhná, eisiamh leanúnach córasach agus idirdhealú i gcoinne grúpaí sóisialta ar fad, básuithe, maruithe seachbhreithiúnacha, céastóireacht, foréigean inscnebhunaithe, leithcheal agus apartheid inscne, gabhálacha agus coinneáil treallach, idirdhealú agus éagothroime córasach agus struchtúrach, dianteannadh ar dhaoine aonair agus grúpaí imeallaithe agus leochaileacha, an tsochaí shibhialta, freasúróirí pholaitiúla agus mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, an sclábhaíocht agus an tsaothair éigeantais, díbirt éigeantach, úsáid iomarcach an fhoréigin ag údaráis phoiblí, cinsireacht agus bagairtí ar na meáin neamhspleácha agus iriseoirí, chomh maith le bagairtí sa réimse digiteach amhail faireachas ar líne agus múchadh idirlín, i measc nithe eile; ag cáineadh cleachtais cos ar bolg trasnáisiúnta ag réimis uathlathacha; á chur in iúl gur saoth léi an lagú ar chosaint na n-institiúidí daonlathacha agus laghdú an spáis do shochaithe sibhialta ar fud an domhain, rud a chruthaíonn saoirse ó phionós i leith sáruithe ar chearta an duine; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú leanúnach ar líon na ndaonlathas, agus go bhfuil méadú tagtha ar líon na réimeas údarásaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cáineadh na hinsinte sainoiriúnaithe atá á bhforbairt ag réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha chun ionsaí a dhéanamh ar uilíocht chearta an duine agus an smachta reachta; ag tabhairt rabhadh go bhfuil na scéalta thuasluaite á scaipeadh ag na córais sin i bhfóraim idirnáisiúnta amhail Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit cur i gcoinne na scéalta naimhdeacha sin, a bhíonn bunaithe go minic ar éilimh choibhneasachta cultúrtha chun mí-úsáidí cumhachta a cheilt, i measc nithe eile, chomh maith le dífhaisnéis agus trasnaíocht eachtrach i dtreo an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit na huirlisí go léir atá ar fáil acu a úsáid, lena n-áirítear trí leas iomlán a bhaint as acmhainneacht chaidrimh idirnáisiúnta chultúrtha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go n-eagraítear comhdhálacha idirnáisiúnta agus imeachtaí a fuair go leor aird ó na meáin i dtíortha forlámhacha agus neamhliobrálacha ina ndéantar géarleanúint nó ciapadh ar HRDanna, agus go n-úsáideann na tíortha sin imeachtaí den sórt sin mar deis poiblíochta agus chun a n-íomhá a shaobhadh ar an ardán domhanda maidir lena dtaifid ó thaobh cearta daonna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil foireann uirlisí méadaithe a úsáideann réimis fhorlámhacha, ollsmachtacha agus neamhliobrálacha lena gcuirtear creat le chéile chun cearta an duine a chreimeadh trí fhorálacha reachtacha agus neamhreachtacha a úsáidtear chun toghcháin a rigeáil, an tsochaí shibhialta, daoine aonair agus grúpaí imeallaithe agus leochaileacha, mionlaigh, freasúróirí pholaitiúla, na meáin neamhspleácha agus guthanna criticiúla a thost agus bagairt orthu, na breithiúna a rialú agus géarleanúint a dháeanmah ar HRDanna, iriseoirí, dlíodóirí, ealaíontóirí agus gníomhaithe i measc daoine eile, a cháineann cleachtais na réimeas sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cáineadh an neamhaird mhéadaitheach atá á déanamh ag réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha ar dhlí idirnáisiúnta chearta an duine, go háirithe iad siúd a chruthaíonn agus a leathnaíonn coinbhleachtaí inmheánacha agus idirnáisiúnta atá ann cheana féin, agus a chruthaíonn coinbhleachtaí nua, a bhfuil iarmhairtí uafásacha acu do chearta an duine; á thabhairt dá haire go ndéanann na córais sin iarracht an bonn a bhaint de dhlisteanacht an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine chun a chur i bhfeidhm a sheachaint, rud a cheanglaítear orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar éifeachtacht na straitéise ‘tostach’ nó ‘taidhleoireacht thostach’ agus á iarraidh go mbeadh an Aontas níos glóraí agus é ag cosaint chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cáineadh go láidir agus á chur in iúl gur cúis mhór imní di na huafáis, coireanna cogaidh agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear foréigean gnéasach, foréigean inscne-bhunaithe, díbirt leanaí agus céasadh agus marú sibhialtach agus príosúnach cogaidh, arna ndéanamh ag fórsaí armtha na Rúise agus a n-ionadaithe sa chogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis, gan údar a thug an Rúis in aghaidh an Úcráin; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach tacú leis an Úcráin ina cogadh in aghaidh na Rúise chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint; ag tathant go nglacfar na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na daoine sin a rinne coireanna cogaidh agus sáruithe ar chearta an duine san Úcráin a shainaithint agus a thabhairt chun cuntais; á iarraidh go leanfadh an tAontas agus a Bhallstáit dá dtacaíocht iomlán a thabhairt do na geallsealbhóirí, na bearta agus na sásraí ábhartha sa réimse sin, lena n-áirítear ionchúisitheoirí, imscrúdaitheoirí agus breithiúna na hÚcráine, ICC, Coimisiún Fiosrúcháin Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus imscrúduithe náisiúnta faoi phrionsabal na dlínse uilíche; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé fianaise ar choireanna cogaidh agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna a bhailiú agus a chaomhnú go pras agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na sochaí sibhialta chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis uafáis di dúnmharú Alexei Navalny, buaiteoir Dhuais Sakharov 2021, a thug a shaol chun an daonlathas a chosaint agus chun cur i gcoinne an leatroim agus an éillithe sa Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh go mbeadh sos cogaidh ann láithreach in Gaza;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di, go bhfuil ‘gnéithe dearfacha maidir le cearta an duine’ ann freisin rud a léiríonn dul chun cinn áirithe i gcomhthéacs sin na ndúshlán mór do chearta an duine ar fud an domhain; ag tacú go láidir le hobair na NA, na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE), Oifig an ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus Cearta an Duine (ODIHR) agus Chomhairle na hEorpa (CoE), chomh maith le HRDanna agus CSOanna, i measc eagraíochtaí eile, maidir le gealltanais idirnáisiúnta a aistriú ina ngníomhaíochtaí nithiúla chun cearta an duine a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cumarsáid níos straitéisí maidir le cearta an duine agus an daonlathas lena dtaispeántar tiomantas an Aontais trí fhorbairtí dearfacha, beartais agus dea-chleachtais a roinnt, agus á iarraidh go ngníomhódh Toscaireachtaí an Aontais agus misin taidhleoireachta Bhallstáit an Aontais ar an gcuma sin i dtríú tíortha freisin; ag tacú le feachtas na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) chun 75 bliain den Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine in 2023 a chomóradh mar thaca le Tionscnamh 75 na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus leis an tionscnamh Dea-Scéalta faoi Chearta an Duine<FOOTNOTE><FIELD> https://goodhumanrightsstories.net/.</FIELD></FOOTNOTE> mar bhealach chun scéalta dearfacha faoi chearta an duine a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról do-athraithe ag Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha (UNRWA) maidir le marthanas laethúil cabhrach criticiúla a chur ar fáil do 2,2 milliún sibhialtach in Gaza, atá faoi bhagairt doshéanta ar a saol agus ar na cearta is bunúsaí; ag diúltú do chistiú do UNRWA a bheith curtha ar fionraí ag 18 mBallstát agus á mheabhrú, mura ndéanfar an cinneadh sin a aisiompú, nach mbeidh cistí ag UNRWA sna míonna atá le teacht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus a Bhallstáit tacaíocht agus an cistiú cuí a dheonú do UNRWA chun go leanfaidh sé leis an obair tarrthála dhaonnúil agus go gcuirfidh sé feabhas uirthi;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Freagairt ar dhúshláin uilechoiteanna maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ag seasamh leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil nasc idir sáruithe ar chearta an duine agus saoirse ó phionós go forleathan agus an easpa cuntasachta i réigiúin agus i dtíortha a ndéanann coinbhleachtaí difear dóibh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le seasamh le cearta idirnáisiúnta an duine agus leis an dlí daonnúil go háirithe le Coinbhinsiúin na Ginéive; ag cáineadh go láidir na sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus na sáruithe ar chearta an duine ag fórsaí rialtais agus grúpaí armtha ar fud an domhain, arb ionann iad i gcásanna áirithe agus coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta; á iarraidh go ráthófar go héifeachtach gluaiseacht cabhrach daonnúla tapa gan bhac le linn coinbhleachtaí armtha agus tubaistí nádúrtha agus go gcruthófar conairí daonnúla go córasach, pé uair nó pé áit is gá, i gcásanna coinbhleachtaí armtha agus cogaidh; ag cáineadh iarrachtaí ó rialtais fhorlámhacha cur isteach ar ghníomhaíochtaí eagraíochtaí cabhrach daonnúla agus iad a shrianadh; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, an tábhacht a bhaineann le comhordú idir gníomhaithe sibhialta agus míleata; ag cáineadh na hiarmhairtí daonnúla tubaisteacha agus na sáruithe ar chearta an duine de bharr cogaíochta nua-aimseartha agus coinbhleachtaí ar fud an domhain, lena n-áirítear buamáil spriocanna sibhialtacha, éigniú agus céasadh, easáitiú éigeantais agus díbirt neamhdhleathach i measc nithe eile; á chur i bhfios go bhfuil iarmhairtí inscne ag coinbhleacht armtha, lena n-áirítear úsáid an fhoréigin ghnéasaigh in aghaidh na mban agus na gcailíní mar oirbheart cogaidh, an tionchar ar leanaí agus mionlaigh chomh maith lena iarmhairtí comhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh rochtain a fháil ar cheartas idirnáisiúnta agus leigheas agus cúiteamh a fháil; á thabhairt chun suntais go bhfuil toirmeasc faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta ar ionsaithe atá dírithe ar shibhialtaigh agus ar nithe nach féidir leis an bpobal sibhialta maireachtáil dá n-éagmais; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta leas iomlán a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile chun coireanna idirnáisiúnta a chomhrac, lena n-áirítear tacaíocht do chur i bhfeidhm phrionsabal na dlínse uilíche, binsí speisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta lena n-áirítear maidir le coir an ionsaithe, chomh maith le sásraí solúbtha comhair agus cistiúcháin a bhunú chun fianaise ar choireanna a bhailiú agus a anailísiú go pras; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go gcuirfear na hionstraimí sin i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe agus ar bhealach atá comhlántach le hionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais agus na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil forghabháil agus ionghabháil fhadtréimhseach fós ag leanúint ar aghaidh; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar staid chearta an duine i gcríocha atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, lena n-áirítear i gcásanna forghabhála fadtréimhsí, agus sna hilchoinbhleachtaí calctha, agus go nglacfaí bearta éifeachtúla d’fhonn treascairtí tromchúiseacha ar chearta an duine a chosc, lena n-áirítear sárú ar an gceart chun beatha, srian ar shaorghluaiseacht agus idirdhealú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh athuair go gcuideodh na Ballstáit le srian a choinneáil ar choinbhleachtaí armtha agus ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta trí chloí go docht le forálacha Airteagal 7 de Chonradh Trádála Arm na Náisiún Aontaithe maidir le hOnnmhairithe agus Measúnú agus Comhsheasamh 2008/944/ CFSP ón gComhairle ar Onnmhairí Arm<FOOTNOTE><FIELD> Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).</FIELD></FOOTNOTE> agus Rialachán Dé-Úsáide an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, iompar agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar an Aontas measúnú a dhéanamh ar úsáid mhailíseach earraí spiaireachta go dtí go gcuirfear rialacháin láidre i bhfeidhm chun a ráthú go n-úsáidfear iad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí úsáid dróin armtha lasmuigh den chreat dlí idirnáisiúnta, agus á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe tionchair ar chearta an duine maidir le tionscadail forbartha dróin armtha; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas tionscnamh a ghlacadh chun ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí a chruthú agus lena gcuirfí toirmeasc ar airm mharfacha uathrialaitheacha gan rialú fóinteach ag an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á áitiú a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas bheartas an Aontais a áirithiú maidir le staideanna forghabhála nó ionghabhála críche, ar cheart dóibh a bheith treoraithe ag an dlí daonnúil idirnáisiúnta chun sáruithe thromchúiseacha ar chearta an duine a chosc ar an talamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil freagracht ar chorparáidí atá bunaithe san Aontas an bheartas díchill chuí is déine a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch nó airgeadais ar bith sna críocha sin nó leo, agus a áirithiú go gcomhlíonfar go docht an dlí idirnáisiúnta agus beartais smachtbhannaí an Aontais nuair is infheidhme maidir leis na cásanna sin; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfadh an Coimisiún na rialacha is infheidhme maidir le trádáil an Aontais leis na críocha sin a shoiléiriú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ceart chun beatha: dul chun cinn i dtreo deireadh a chur le pionós an bháis ar fud an domhain</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí ag cur i gcoinne phionós an bháis ar bhonn prionsabail, ar pionós é atá cruálach, mídhaonna agus táireach agus atá do-aisiompaithe; á thabhairt dá haire, in ainneoin na treochta i roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas bearta a dhéanamh chun pionós an bháis a dhíothú, go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann ina leith sin; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as i dtíortha eile nach bhfuil san Aontas agus go bhfuil líon phíonóis an bháis a cuireadh i gcrích tar éis an leibhéal is airde a bhaint amach le cúig bliana anuas; á iarraidh an athuair go ndéanfadh gach tír deireadh iomlán a chur le pionós an bháis nó moratóir láithreach a bhunú mar chéad chéim i dtreo é a dhíothú; ag spreagadh an Aontais agus na Ballstáit úsáid a bhaint as na huirlisí go léir atá ar fáil dóibh, lena n-áirítear comhaontuithe trádála agus comhlachais le tíortha nach bhfuil san Aontas, chun oibriú i dtreo moratóir ar úsáid phionós an bháis d’fhonn deireadh a chur leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don Aontas a bheith gan staonadh agus díothú uilechoiteann phionós an bháis á shaothrú aige mar mórchuspóir dá bheartas eachtrach um chearta an duine; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit díothú a chosaint sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha agus tacú leis an tacaíocht is leithne is féidir don seasamh sin; ag spreagadh iarrachtaí leanúnacha chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe maidir le díothú uilíoch phionós an bháis, i gcomhréir leis na rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfadh na tíortha lena mbaineann liosta na gcoireanna nó na gcionta atá inphionóis le bás a laghdú mar chéad chéim; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht ann maidir le píonóis an bháis agus básuithe i dtíortha nach nochtann an staidreamh sin; ag tacú leis an bpróiseas chun an dréacht-Phrótacal a ghabhann le Cairt na hAfraice um Chearta an Duine agus Cearta Pobal maidir le pionós an bháis a dhíothú san Afraic a ghlacadh ag an Aontas Afracach; ag spreagadh tríú tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha eile chun tús a chur le próisis chomhchosúla, lena n-áirítear trí CSOanna a chuimsiú go fóinteach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le hiarrachtaí áitiúla agus réigiúnacha maidir le díothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh, saoirse na meán, saoirse acadúil agus an ceart chun faisnéise</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na céimeanna ar gcúl atá ag dul i méid maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear léiriú ealaíne agus saoirse na meán ar fud an domhain, go háirithe d’iriseoirí; á cháineadh go ndeantar cinsireacht ar iriseoirí, ar HRDanna, ar CSOanna, ar fhorais faire phoiblí, ar sceithirí agus ar ealaíontóirí, trí dhlíthe ‘gníomhairí eachtracha’ mar a thugtar orthu a chur i bhfeidhm, chomh maith le bearta reachtacha agus neamhreachtacha eile arna nglacadh ag réimis fhorlámhacha, ollsmachtacha agus neamhliobrálacha, amhail ualaí riaracháin a mhéadú, fíneálacha, bagairtí, teanga chlúmhillteach agus dhamnaithe; á mheabhrú go bhfuil imní mhór uirthi maidir le húsáid SLAPPanna chun iad a chur ina dtost agus ag tathant ar na Ballstáit agus ar thíortha nach bhfuil san Aontas araon stop a chur le cleachtais den sórt sin; á thabhairt dá haire gur féidir le roinnt de na cleachtais sin tarlú freisin i roinnt tíortha daonlathacha fad-bhunaithe ar fud an domhain; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs seo, iarrachtaí chun cosaint iriseoirí agus gníomhaithe, san Aontas freisin, a atreisiú i gcoinne chúiseanna dlí gan bhunús agus maslach arb é is aidhm dóibh iad a chur ina dtost;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá sé tacú le hiriseoirí a bhfuil géarleanúint agus bagairtí á déanamh orthu ar a sábháilteacht, agus á iarraidh go mbunófar cláir chosanta iriseoirí lena n-éascófar athshuíomh agus athlonnú dóibh siúd atá i mbaol láithreach; á chur in iúl gur oth léi cleachtais faireachais spriocdhírithe agus úsáid earraí spiaireachta, chomh maith le bagairtí digiteacha eile, i gcoinne iriseoirí agus ag cáineadh na sáruithe ar a gcearta chun príobháideachta, saoirse tuairimí a nochtadh, saoirse smaoinimh, saoirse faisnéise agus saoirse comhlachais arna bhforchur ag stáit agus gníomhaithe neamhstáit; á athdhearbhú gur ceart bunriachtanach i sochaí dhaonlathach é rochtain ar fhaisnéis inchreidte agus iontaofa, ar líne agus as líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh tíortha nach bhfuil san Aontas bearta práinneacha a ghlacadh chun aon úsáid neamhriachtanach nó iomarcach as forneart, ciapadh nó coinneáil treallach le linn agóidí a chosc, chomh maith le haon reachtaíocht agus gníomhartha riaracháin a sháraíonn an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh agus tionóil a aisghairm nó a leasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit cur lena n-iarrachtaí taidhleoireachta trí rannpháirtíocht dhéthaobhach agus iltaobhach maidir le cinsireacht, bagairtí nó ionsaithe ar an tsaoirse acadúil, go háirithe príosúnú scoláirí ar fud an domhain, ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit, a bhfuil iarmhairtí suntasacha acu don cheart chun oideachais, leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le dul chun cinn eolaíoch agus saoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; á iarraidh go dtabharfadh SEGS agus an Coimisiún athchuairt ar na sásraí tacaíochta agus cosanta atá ann cheana chun an acmhainn a fhorbairt chun cúnamh a shainaithint agus a sholáthar, lena n-áirítear cosaint agus tacaíocht éigeandála, i gcásanna den sórt sin; á chur in iúl gur geal léi cuimsiú na n-acadóirí atá i mbaol i Sásra Chosantóirí Chearta an Duine an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tacaíocht ardleibhéil leanúnach a áirithiú don Champas Domhanda um Chearta an Duine agus an Daonlathais a chuir spás sábháilte ar fáil do mhic léinn agus do scoláirí arbh éigean dóibh teitheadh óna dtíortha as an daonlathas agus cearta an duine a chosaint, agus atá ar cheann de phríomhthionscnaimh an Aontais i ndáil le tacaíocht d'oideachas um chearta an duine ar fud an domhain; ag tacú leis an gComhráiteas ar Shaoirse Acadúil a seachadadh ag an 52ú Seisiún den Chomhairle um Chearta an Duine agus a fhaigheann tacaíocht ó na Ballstáit go léir; á iarraidh go ndéanfadh Toscaireachtaí na mBallstát agus an Aontais príomhról a imirt maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar shaoirse acadúil i dtíortha nach bhfuil san Aontas; ag tacú le forbairt na ndréachtphrionsabal chun an Ceart um Shaoirse Acadúil a Chur Chun Feidhme agus go ndéanfadh an tAontas glacadh treoirlínte maidir le saoirse acadúil laistigh de chóras na NA a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di sáruithe ar an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh agus coireanna fuatha gaolmhara; á chur i bhfáth go dtarlaíonn sáruithe den sórt sin thar theorainneacha geografacha agus cultúrtha; á chur in iúl gur saoth léi ionstraimiú féiniúlachtaí reiligiúin nó creidimh chun críoch polaitiúil lena n-áirítear mionlaigh reiligiúnacha agus creidimh agus pobail reiligiúnacha a eisiamh i dtíortha áirithe; ag cáineadh géaruithe comhéigin, idirdhealaithe, ciaptha agus foréigin a dhéantar in aghaidh baill de mhionlaigh smaoinimh, coinsiasa, reiligiúnacha nó creidimh, a n-áitribh agus a n-áiteanna adhartha; á cháineadh go mbaintear leas as blaisféim, séanadh creidimh nó líomhaintí eile atá bunaithe ar fhorais reiligiúnacha, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcuirfí pionós an bháis in aghaidh an chiontaithe, maidir le mionlaigh reiligiúnacha agus gníomhaíochtaí dlisteanacha chearta an duine, lena n-áirítear ar an idirlíon agus na meáin shóisialta, agus, ar bhonn níos leithne, chun srian a chur ar spás na sochaí sibhialta; ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, ghéarleanúint na gCríostaithe ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tacú go hiomlán leis an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, chun creideamh a bheith ag an duine, nó gan creideamh a bheith ag an duine, agus le ceart duine a reiligiún nó a chreideamh a léiriú, a athrú agus a fhágáil gan eagla a bheith air go ndéanfaí foréigean nó idirdhealú air; ag cáineadh na hionsaithe i gcoinne daoine aonair agus CSOanna as creideamh reiligiúnach a cheistiú, a cháineadh nó a aor go síochánta; á iarraidh go gcuirfeadh an tAontas agus a Bhallstáit lena n-iarrachtaí chun na cearta sin a chosaint, na saincheisteanna sin a ardú ag fóraim chearta an duine de chuid na NA agus oibriú le sásraí agus coistí ábhartha na NA, lena n-áirítear oibriú le tíortha nach bhfuil san Aontas chun iad a chosaint agus aon sáruithe a chosc; á iarraidh freisin go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí agus comhoibrithe ar an leibhéal iltaobhach agus le tacaíocht ó ICC chun fianaise ar choireanna fuatha a bhailiú, luchta déanta na coire a thabhairt os comhair na cúirte agus na híospartaigh a chúiteamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag aithint luach an chomhphlé idirchreidimh agus idir-reiligiúin as a dtagann cómhaireachtáil shíochánta agus comhthuiscint idir grúpaí éagsúla reiligiúnacha, creidimh agus eitneacha, agus ag spreagadh an Aontais agus na Ballstáit chun iad a chur chun cinn; á thabhairt faoi deara go bhfuil an t-aindiachas agus an daonra neamhreiligiúnach ag fás go tapa ar fud an domhain agus nár cheart faillí a dhéanamh orthu i gcreat beartais an Aontais maidir le saoirse smaoinimh, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mholadh n-oibreodh Toscaire Speisialta an Aontais go dlúth agus ar bhealach comhlántach chun saoirse reiligiúin nó creidimh lasmuigh den Aontas a chur chun cinn agus a chosaint le hIonadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (EUSR) do Chearta an Duine, le hIonadaithe an Aontais Eorpaigh do réigiúin shonracha agus le Meitheal na Comhairle um Chearta an Duine agus, chun na críche sin, á mheas gur cheart seasamh an Toscaire Speisialta a lánpháirtiú i SEGS ar an gcaoi chéanna le toscairí speisialta eile agus ionadaithe speisialta an Aontais Eorpaigh; á chur in iúl gur oth léi go ndearna an Coimisiún sainordú an Toscaire Speisialta a athnuachan gan measúnú a dhéanamh roimh ré ar éifeachtacht agus ar bhreisluach an tseasaimh, mar a d’iarr an Pharlaimint arís agus arís eile; á iarraidh go ndéanfar an measúnú sin agus, ar an mbonn sin, go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna chun go bhféadfaidh siad a sainordú a fhorghníomhú go héifeachtach; á mheabhrú gur comóradh i mbliana 10 mbliana de Threoirlínte an Aontais maidir le reiligiún nó creideamh a chur chun cinn agus a chosaint; á chur in iúl gur oth léi, cé go bhforáiltear sna Treoirlínte dá meastóireacht trí bliana féin ón gComhairle, nár cuireadh aon mheastóireacht ar fáil go poiblí go dtí seo; á iarraidh go ndéanfadh an Chomhairle an mheastóireacht sin agus na torthaí a roinnt leis an bParlaimint; ag tacú go hiomlán le cleachtas an Aontais rúin théamacha gaolmhara a threorú ag Comhairle na NA um Chearta an Duine agus ag Comhthionól Ginearálta na NA; á iarraidh go ndéanfadh SEGS agus toscaireachtaí an Aontais saincheisteanna ginearálta agus cásanna sonracha maidir le géarleanúint nó idirdhealú ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha a tharraingt aníos i gcás inarb iomchuí agus idirphlé á dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta ar chearta an duine agus i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine, agus cur chuige atá dírithe ar thorthaí á leanúint agus lena n-áirítear gné na hinscne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun comhionannais agus chun neamh-idirdhealaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí gach cineál ciníochais, éadulaingthe, seineafóibe agus idirdhealaithe bunaithe ar chine, eitneacht, náisiúntacht, aicme shóisialta, míchumas, sainaicme, reiligiún, creideamh, aois, gnéas, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cur chuige trasnach a ghlacadh agus saincheisteanna idirdhealaithe á mbreithniú; á chur i bhfáth go leanann an ciníochas, an t-idirdhealú, an tseineafóibe, an fhrithsheimíteachas agus an Ioslamafóibe, i measc nithe eile, chomh maith le géarleanúint reiligiúnach agus éadulaingt ghaolmhar, de bheith ina mórfhadhb ar fud an domhain, agus go bhfuil na saincheisteanna sin níos measa fós mar gheall ar an bpaindéim COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag cáineadh bhagairt idirnáisiúnta mhéadaitheach na fuathchainte, lena n-áirítear ar líne; á thabhairt dá haire gur dóichí go ndíreofar ar mhná ar líne, rud a mbíonn tionchar diúltach aige ar rannpháirtíocht pholaitiúil na mban agus ar chomhionannas inscne sa chinnteoireacht; á iarraidh go nglacfaí bearta éifeachtacha chun freagairt d’iompraíochtaí idirdhealaitheacha agus deireadh a chur le saoirse ó phionós, agus go bhforbrófar, i gcomhar leis na Ballstáit agus le hionchur ón bParlaimint, straitéisí áitiúla sonracha chun cabhrú leis an idirdhealú i dtíortha nach bhfuil san Aontas a chomhrac, i gcomhairle le hionadaithe áitiúla agus CSOanna; á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtch ag an oideachas agus ag idirphlé maidir le caoinfhulaingt, tuiscint agus éagsúlacht a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus é ina chúis mhór bhuartha di scála agus iarmhairtí na n-ordlathas a bhunaítear ar shainaicmiú, an idirdhealaithe agus sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear rochtain ar an gcóras dlí nó ar an bhfostaíocht a dhiúltú, idirdheighilt leanúnach, bochtaineacht agus stiogmatú, agus bacainní a bhaineann le sainaicmiú ar fheidhmiú cearta bunúsacha an duine agus forbairt dhaonna; ag athdhearbhú a glaoch go bhforbrófaí beartas an Aontais maidir le hidirdhealú bunaithe ar shainaicmiú agus straitéisí sonracha áitiúla chun cabhrú leis an idirdhealú bunaithe ar shainaicmiú a chomhrac sna tíortha is mó a ndéanann sé difear dóibh; á mholadh go rachadh Parlaimint na hEorpa i ngleic le hidirdhealú bunaithe ar shainaicmiú ina cuid coistí agus toscaireachtaí ábhartha uile, go gceapfadh sí pointe fócasach maidir le hidirdhealú bunaithe ar shainaicmiú, agus le linn cuairt a thabhairt ar thíortha nach bhfuil san Aontas a bhaineann leis an tsaincheist, dul i gcomhairle le heagraíochtaí ábhartha agus idirdhealú bunaithe ar shainaicmiú a ardú le húdaráis áitiúla agus le contrapháirtithe eile, chomh maith le héisteacht bhliantúil a reáchtáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar dhul chun cinn an Aontais ar ócáid Lá Idirnáisiúnta an Idirdhealaithe Ciníoch;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun saoirse ó chéasadh agus ó íde mhídhaonna nó tháireach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cáineadh aon ghníomh nó iarracht ar chéastóireacht agus ar íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, fuadach forfheidhmithe, coinneáil treallach agus maruithe seachbhreithiúnacha a thionscnamh, a údarú, a chórasú nó a thoiliú nó géilleadh dóibh in imthosca ar bith, lena n-áirítear forghníomhú an dlí; á iarraidh go ndéanfadh na tíortha go léir bearta éifeachtacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme le cur chuige atá dírithe ar íospartaigh, chun an chéastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc, agus cuntasacht i leith lucht déanta na coire a áirithiú; agus á chur in iúl gur oth léi go leantar lena n-úsáid go forleathan in go leor tíortha; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar theagmhais chéastóireachta ar fud an domhain agus go mbíonn déantóirí na coire sin saor ó phionós go forleathan; á iarraidh go ndéanfadh gach tír athbhreithniú córasach ar a rialacha ceistiúcháin agus a bprótacail iompraíochta faoi seach maidir le forghníomhú an dlí i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil príosúnaigh choinsiasa ann ar fud an domhain, agus á iarraidh go gcuirfeadh SEGS agus na Ballstáit lena n-iarrachtaí chun scaoileadh saor gan choinníoll na bpríosúnaigh sin a chinntiú; á iarraidh go dtacódh SEGS agus an Coimisiún le bunú agus feidhmiú Sásraí Coisctheacha Náisiúnta i dtíortha nach bhfuil san Aontas, chomh maith le CSOanna atá gníomhach sa réimse sin; á iarraidh go rachadh an tAontas i mbun idirphlé le tríú tíortha chun go mbeadh feabhas a chur ar dhálaí príosúin ina mhórcheist bheartais phoiblí, go háirithe trí dhul i ngleic le fadhb an phlódaithe i bpríosúin trí úsáid a bhaint as roghanna eile seachas coinneáil; á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag CSOanna agus ag HRDanna sa chomhrac in aghaidh na céastóireachta agus cineálacha eile drochíde agus ag tathant ar an Aontas tacú leo chun faireachán a dhéanamh ar áiteanna ina bhfuiltear ag cailleadh saoirse i gcomhréir le treoirlínte athbhreithnithe an Aontais maidir le céastóireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil idir 500 agus 700 leanbh Palaistíneach chomh hóg le 12 bhliain d’aois á gcoinneáil agus á n-ionchúiseamh i gcóras cúirte míleata Iosrael; ag tabhairt dá haire go bhfuil cuid acu á gcoinneáil gan mhuirear, agus go bhfuil muirir á ngearradh ar dhaoine eile amhail caitheamh cloiche; ag cáineadh go láidir an tslua neamhdhleathach agus mímhorálta sin ag Stát Iosrael agus á iarraidh go scaoilfí saor leanaí Palaistíneacha uile ó phríosúin Iosraelacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas tríú tíortha a spreagadh chun a bhforálacha náisiúnta maidir le ráthaíochtaí breithiúnacha a thabhairt i gcomhréir lena ngealltanais idirnáisiúnta (e.g. an chéastóireacht a choiriúlú i gcomhréir le UNCAT); ag cáineadh gach cineál gáinneála ar dhaoine agus saothair éigeantais, lena n-áirítear iad sin atá urraithe ag stáit, agus gach cineál sclábhaíochta nua-aimseartha; á iarraidh go mbeadh an tAontas agus a Bhallstáit chun tosaigh maidir lena ndíothú agus, i gcás inarb ábhartha, go n-áireofar tagairt shonrach ina leith sin i gcomhaontuithe an Aontais le tríú tíortha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun rannpháirtíocht phoiblí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt dá haire nach n-urramaítear an ceart chun páirt ghníomhach agus éighníomhach a ghlacadh i saorthoghcháin, trédhearcacha agus cothroma i réimis fhorlámhacha, ollsmachtacha agus neamhliobrálacha ach freisin go bhfuil níos mó agus níos mó bacainní ar theachtadh iomlán na gceart sin i láthair i roinnt tíortha daonlathacha; á thabhairt chun suntais go mbíonn toghcháin bhréige ag na réimis sin, agus é mar aidhm leo a gcumhacht a dhaingniú, toisc nach bhfuil fíor-iomaíocht pholaitiúil, dlisteanacht agus iolrachas acu; á iarraidh go neartófar na hiarrachtaí chun rannpháirtíocht phoiblí mionlach a ráthú, chomh maith le hionadaíocht na mban agus na ndaoine óga i bpróisis toghcháin a mhéadú; ag cur sonrú i ról Mhisin Bhreathnóireachta Toghcháin an Aontais Eorpaigh sa mheastóireacht neamhspleách agus neamhchlaonta ar na próisis toghcháin a ndéanann siad faireachán orthu; á iarraidh go ndéanfaí bearta leantacha ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme na moltaí ó na misin breathnóireachta toghcháin sin i dtríú tíortha, agus go n-áireofar iad mar phríomhghné i gcreat an chaidrimh idir an tAontas agus an tríú tír i dtrácht; á thabhairt dá haire go bhfuil cás atá ag éirí níos minice de thíortha a dhiúltaíonn cuireadh a thabhairt don Aontas breathnóireacht a dhéanamh ar a dtoghcháin agus á iarraidh go ndéanfadh SEGS aghaidh a thabhairt ar an scéal;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta cultúrtha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag daingniú uilíocht chearta cultúrtha mar chineál chearta an duine a ligeann do dhaoine aonair chomh maith le grúpaí daoine a ndaonnacht agus a bhféiniúlacht a fhorbairt agus a chur in iúl; ag tacú le sainordú Rapóirtéir Speisialta na NA i réimse na gceart cultúrtha chun infheictheacht níos fearr a thabhairt do chearta cultúrtha sa chóras cearta daonna agus chun tuiscint níos fearr a chothú ar dhéine a sárú, agus ar an deis atá ann do chách iad a réadú, agus á iarraidh go ndéanfaí sainordú an Rapóirtéir Speisialta a athnuachan tar éis 2024; ag cáineadh go láidir scriosadh na hoidhreachta stairiúla, ealaíonta agus cultúrtha i gcoinbhleachtaí, agus ar scrios córasach agus polaitiúil nó spriocdhírithe idé-eolaíoch na hoidhreachta stairiúla, ealaíonta agus cultúrtha, mar aon le deireadh a chur le féiniúlachtaí agus cultúir stát ceannasach, pobal nó mionlach; ag cáineadh, aistriú neamhdhleathach réada cultúrtha agus gáinneáil orthu; ag tathant go ndéanfaí saothair agus déantúsáin chultúrtha a chur ar ais chuig a n-áiteanna tionscnaimh; á mheabhrú go bhféadfadh scriosadh na hoidhreachta cultúrtha a bheith ina choir chogaidh agus ina shárú ar chearta an duine, agus, sa chomhthéacs sin, á mheabhrú go ndearna an pobal idirnáisiúnta gealltanais a ghlacadh maidir le Freagracht í a Chosaint, lena n-áirítear maidir le cosaint na hoidhreachta cultúrtha i ndiaidh coinbhleachtaí armtha agus lena linn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta na mban, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, agus comhionannas inscne</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cearta na mban agus comhionannas inscne fíor-riachtanach agus doroinnte, chomh maith le bheith ina mbonn don smacht reachta agus do dhaonlathais athléimneacha; á chur in iúl gur oth léi go leanann na milliúin ban agus cailíní de bheith ag fulaingt idirdhealú agus foréigean, go háirithe na cinn is leochailí i gcomhthéacs coinbhleachtaí, iar-choinbhleachta agus easáitiú, go háirithe mná agus cailíní faoi mhíchumas, a fhulaingíonn idirdhealú dúbailte agus go ndiúltaítear do mhná agus do chailíní a ndínit, a neamhspleáchas, lena n-áirítear neamhspleáchas coirp, agus fiú a mbeatha; ag cáineadh an fhrithfhreagairt leanúnach agus mhéadaitheach i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban, lena n-áirítear gach iarracht rolladh siar, go háirithe maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR), teidlíochtaí agus cosaintí atá ann cheana, chomh maith le reachtaíocht, beartais agus cleachtais a leanann ar aghaidh leis na cearta seo a shéanadh nó a shrianadh in go leor tíortha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina apartheid inscne; ag cáineadh gach cineál foréigin bunaithe ar inscne, chomh maith le dúshaothrú, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di póstaí éigeantais agus foréigean onóra, foréigean agus marú a dhéantar i gcoinne mná agus cailíní; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas, a Bhallstáit agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo dlús a chur lena n-iarrachtaí chun a áirithiú go mbainfear leas iomlán as a gcearta daonna agus go gcosnófar iad; á chur in iúl gur geal léi aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl agus á iarraidh go ndéanfadh Ballstáit an Aontais nach ndearna amhlaidh fós é a dhaingniú agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir; ag tacú le ról Ambasadóir an Aontais um Inscne agus Éagsúlacht agus EUSR as rannpháirtíocht maidir le Cearta an Duine sna réimsí sin; á iarraidh go mbeadh cairt Aan Aontais um chearta na mban ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á aithint go bhfuil cur chun cinn agus cosaint SRHR riachtanach chun comhionannas inscne a bhaint amach agus ag daingniú an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí cuimsitheacha SRHR, lena n-áirítear frithghiniúint nua-aimseartha, ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, cúram sláinte máithreachais, réamhbhreithe agus iarbhreithe, atáirgeadh cuidithe agus rochtain ar oideachas agus faisnéis ar SRHR, lena n-áirítear oideachas gnéasachta cuimsitheach, gan aon chineál idirdhealaithe, comhéigin nó foréigin; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas, SEGS agus na Ballstáit gníomhaíocht láidir chun SRHR a chur in ord tosaíochta agus a chur chun cinn, lena n-áirítear rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, i gcaidrimh iltaobhacha agus déthaobhacha i gcomhréir le dlí agus caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine agus treoirlínte an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag aithint leochaileacht iolrach ban a bhaineann le mionlaigh amhail pobail eitneacha, reiligiúnacha nó creidimh, go háirithe in áiteanna ina bhfuil grúpaí radacacha agus mílístí foréigneacha i láthair; ag cáineadh go láidir gach gníomh foréigin de gach cineál, lena n-áirítear foréigean gnéasach, fuadach, easáitiú éigeantach, gáinneáil nó marú ban a dhéantar ar fhorais eitneachais, reiligiúin nó creidimh, nó iad siúd a bhaineann le cláir oibre radacacha agus antoisceacha; ag cáineadh go láidir an t-idirdhealú agus na sáruithe ar chearta an duine i gcoinne ban a bhfuil féiniúlachtaí trasnacha acu, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le mionlaigh eitneacha; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit straitéisí, beartais agus cláir a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun SRHR grúpaí imeallaithe ban a chur chun cinn agus chun na bacainní sistéamacha, airgeadais, dlíthiúla, praiticiúla agus sóisialta atá rompu a dhíothú, agus chun a áirithiú go ndéantar SRHR a chosaint agus a urramú i ngach áit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí cleachtas trachtála na máthairionadaíochta, ar feiniméan domhanda é lena nochtar mná ar fud an domhain do dhúshaothrú agus do gháinneáil ar dhaoine agus lena ndírítear go háirithe ar mhná atá leochaileach ar bhonn airgeadais agus sóisialta; á thabhairt chun suntais go bhfuil drochthionchar aige ar mhná, ar chearta na mban, ar shláinte na mban agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas, agus Plean Gníomhaíochta Inscne III á chur chun feidhme aige, trí straitéis áitiúil an Aontais i gcoinne an idirdhealaithe inscne-bhunaithe a mhionsaothrú agus in obair earnála ábhartha, aghaidh a thabhairt ar thrasnachas trí bheartas a fhorbairt chun dul i ngleic leis na cineálacha iolracha idirdhealaithe atá os comhair na milliúin ban agus cailíní atá ina n-íospartaigh de bharr sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach agus foréigean, easáitiú, saothair éigeantais agus/nó faoi bhannaí, striapachas agus gáinneáil, lena n-áirítear comhionannas inscne agus cumhachtú ban agus cailíní laistigh de gach gné den chaidreamh seachtrach agus den chomhar um fhorbairt, eadhon beartas feimineach eachtrach, forbartha agus cosanta de chuid an Aontais a ghlacadh, i gcomhréir lena ghealltanais dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos comhbheartaithe chun deireadh a chur le húsáid an fhoréigin ghnéasaigh mar arm cogaidh agus chun saoirse ó phionós do dhéantóirí an fhoréigin sin a chomhrac; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún iarrachtaí chun deireadh a chur go hiomlán leis an gcleachtas um chiorrú giniúna ban, ollsteiriliú agus ginmhilleadh éigeantais ar fud an domhain;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta na mionlach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á mheabhrú go mbaineann formhór na spreagthaí coinbhleachtaí foréigneacha ar fud an domhain le casaoidí mionlach maidir le heisiamh, idirdhealú agus neamhionannais a bhaineann le sáruithe ar chearta daonna na mionlach, mar a thug Rapóirtéir Speisialta na NA maidir le saincheisteanna mionlaigh faoi deara; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cosaint chearta na mionlach a phríomhshruthú agus sásraí cosanta a fhorbairt ar leibhéal na Náisiún Aontaithe; á mheabhrú go bhfuil an oibleagáid ar stáit cearta a mionlach náisiúnta, eitneach, cultúrtha, reiligiúnach agus teanga a chosaint laistigh dá gcríocha faoi seach; á chur in iúl gur saoth léi na cásanna ar fud an domhain, in ainneoin oibleagáidí agus gealltanas idirnáisiúnta chun mionlaigh a chosaint, maidir le beartais um chomhshamhlú éigeantach mionlaigh náisiúnta, eitneacha agus teanga trí neamhaird a dhéanamh ar a gcearta bunúsacha agus daonna; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit tacaíocht ghníomhach a sholáthar do thríú tíortha chun cearta bunúsacha an duine de mhionlaigh náisiúnta, eitneacha agus teanga a urramú i ngach réimse; á iarraidh go dtacódh an Coimisiún le cosaint chearta na mionlach, lena n-áirítear mar thosaíocht faoi chlár téamach chearta an duine agus an daonlathais d’Ionstraim an Aontais Eorpaigh um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag cur sonrú i ngné sheachtrach de Phlean Gníomhaíochta Frithchiníochais an Aontais, agus á iarraidh go rachadh an Coimisiún, SEGS agus Toscaireachtaí an Aontais i dteagmháil le comhpháirtithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas chun tacú le forbairt straitéisí agus beartais chomhchosúla, i gcomhphlé le hionadaithe CSOanna agus baill de phobail imeallaithe agus leochaileacha, bunaithe ar an gcur chuige atá leagtha amach in Uirlis Threorach Oifig Ard-Choimisinéara NA um Chearta an Duine (OHCHR) maidir le hIdirdhealú ar bhonn ginealaigh, agus ar cheart go gcumhdófaí léi raon gníomhaíochtaí féideartha de chuid an Aontais amhail cur chun cinn athruithe reachtacha agus cur chun feidhme, pleananna infheictheachta agus cláir thacaíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta na n‑imirceach agus na ndídeanaithe </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag cáineadh creimeadh chearta an duine agus shábháilteacht na n-imirceach, na ndídeanaithe agus na ndaoine atá easáitithe go héigeantach; ag athdhearbhú a gcearta daonna doshannta agus á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar stáit iad a chosaint i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha; á iarraidh go seasfadh an tAontas agus a Bhallstáit go héifeachtach lena gcearta i mbeartas imirce an Aontais agus a chomhar le tíortha comhpháirtíochta i ndáil leis sin; á chur in iúl gur saoth léi treocht mhéadaithe na seineafóibe, an chiníochais agus an idirdhealaithe i leith imirceach; á chur i bhfáth go mbíonn cineálacha éagsúla foréigin le sárú ag dídeanaithe agus imircigh, go háirithe iad siúd atá gan doiciméid, lena n-áirítear le linn easáitithe, amhail foréigean gnéasach agus inscne-bhunaithe, chomh maith le go leor bacainní, amhail rochtain ar oideachas, cúram sláinte, tithíocht chuibhiúil agus seirbhísí bunúsacha eile; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di líon na ndaoine atá easáitithe go héigeantach, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, mar thoradh ar sháruithe ar chearta an duine, atá tar éis méadú faoi dhó le 10 mbliana anuas; á chur in iúl gur geal léi gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á iompar acu (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).</FIELD></FOOTNOTE> agus á iarraidh go n-úsáidfí é nuair is gá; á iarraidh go neartófar na hiarrachtaí chun ceart na n-imirceach a chosaint agus go ráthófar go mbeidh rochtain acu ar na seirbhísí bunúsacha go léir, lena n-áirítear agus iad faoi bhealach, agus go n-urramófar prionsabal an non-refoulement; á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis an gcleachtas mídhleathach maidir le brú siar; á iarraidh go dtabharfar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce agus an easáitithe éigeantaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte i measc na mBallstát agus aghaidh á tabhairt acu ar shreabha imirce, lena n-áirítear d’fhonn na dúshláin atá roimh Ballstáit an chéad teachta a mhaolú; ag athdhearbhú a tacaíocht don Treochlár ar an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann; ag tathant ar na comhreachtóirí a gcuid iarrachtaí a dhúbláil chun an t-athchóiriú ar an gcreat reachtach maidir le tearmann agus imirce a thabhairt chun críche roimh dheireadh an téarma pharlaimintigh reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á áitiú go gcomhlíonfadh comhaontuithe um chomhar imirce agus athligean isteach uile an Aontais agus na mBallstát le stáit nach bhfuil san Aontas go docht le dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, dídeanaithe agus muirí, go háirithe leis an gCoinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit an réamh-mheasúnú chomh maith le sásraí faireacháin a chomhtháthú chun tionchar an chomhair ar an imirce le tríú tíortha ar chearta an duine a mheas, agus na torthaí a roinnt leis an bParlaimint; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cleachtas socruithe neamhfhoirmiúla a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le comhar imirce, nach bhfuil aon mhaoirseacht ag an bParlaimint ina leith; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit trédhearcacht a áirithiú agus grinnscrúdú parlaiminteach agus formhaoirseacht dhaonlathach a cheadú, go háirithe maidir le comhar le páirtithe ar eol go ndearna siad sáruithe ar chearta an duine; áitíonn sí gur gá cearta an duine a phríomhshruthú agus faireachán a dhéanamh orthu sna gníomhaíochtaí go léir a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EASO);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le cistiú an Aontais a bhaineann le himirce do thríú tíortha agus a ráthú nach n-éascóidh sé go díreach nó go hindíreach sáruithe ar chearta an duine nó saoirse ó phionós as sáruithe den sórt sin; á iarraidh go ndéanfadh oibríochtaí daonnúla arna gcistiú ag an Aontas riachtanais shonracha leanaí agus grúpaí leochaileacha eile a chur san áireamh agus a áirithiú go gcosnófar iad agus iad á n-easáitiú; ag cáineadh, ina leith sin, socrúchán leanaí imirceacha in ionaid choinneála, go háirithe nuair atá siad scartha óna dtuismitheoirí nó óna gcaomhnóirí dlíthiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag cáineadh go láidir na líonraí smuigleála atá i mbun smuigleála imirceach agus gáinneála ar dhaoine agus á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a neartú chun troid i gcoinne na ngréasán sin agus smuigleáil a chosc, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil le tríú tíortha, i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta um chearta an duine; á chur i bhfáth, mar gheall ar an easpa bealaí imirce sábháilte agus dleathacha, go ndéanann líonraí smuigleála brabús agus go bhfuil siad freagrach as na daoine go léir a fuair bás go tragóideach feadh bealaí imirce; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis a scaipeadh agus feachtais múscailte feasachta a bheith ann maidir leis na rioscaí a bhaineann le smuigléireacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta na bpobal dúchasach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur oth léi go leanann pobail dhúchasacha de bheith ag tabhairt aghaidh ar idirdhealú agus géarleanúint fhorleathan agus chórasach ar fud an domhain, lena n-áirítear easáitiú éigeantach; ag cáineadh gabhálacha treallacha agus marú chosantóirí chearta an duine agus na talún a sheasann ar son chearta na bpobal dúchasach; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach cearta na bpobal dúchasach agus a gcleachtais thraidisiúnta a chur chun cinn chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú; ag tathant ar rialtais beartais forbartha agus chomhshaoil a shaothrú lena n-urramaítear cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, agus atá cuimsitheach do phobail dhúchasacha agus do phobail áitiúla, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar a gcomhpháirtithe sa chomhphobal idirnáisiúnta na bearta uile is gá a ghlacadh chun cearta na bpobal dúchasach a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir lena dteangacha, a dtailte, a gcríocha agus a n-acmhainní, mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, go háirithe i ndáil le toiliú saor, roimh ré agus feasach; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit rannpháirtíocht de mheon macánta agus meas ar na cearta thuasluaite a áirithiú trí ionstraimí trádála an Aontais agus trí reachtaíocht ábhartha an Aontais a bhaineann le cuideachtaí atá bunaithe san Aontais; ag spreagadh daingniú Choinbhinsiún Uimh. 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh gach stát, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais, a áirithiú go gcuirfear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla san áireamh i bplé agus i bpróisis cinnteoireachta na taidhleoireachta aeráide idirnáisiúnta; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint ar aghaidh ag cur idirphlé agus comhar idir na pobail dhúchasacha agus an Aontas Eorpach chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta an duine, gnó agus trádáil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ag trádáil mar ionstraim shuntasach chun staid chearta an duine a chur chun cinn agus a fheabhsú i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh lena n-áirítear trí Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP+); á thabhairt dá haire, áfach, gur beag feabhas a tháinig, má tháinig feabhas ar bith, i gcuid de na tíortha ábhartha; á chur in iúl gur saoth léi na héifeachtaí dochracha atá ag gníomhaíochtaí gnó iomarcacha agus dúshaothraithe ar chearta an duine agus ar an daonlathas, agus ag cáineadh na gcorparáidí sin a shaothraíonn acmhainní nádúrtha go neamhdhleathach, agus a mbíonn drochthionchar acu ar theachtadh cearta an duine i bpobail áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas ionstraimí Eorpacha agus idirnáisiúnta comhlántacha agus uaillmhianacha a áirithiú lena leagtar amach forálacha láidre agus substainteacha, lena n-áirítear rochtain ar cheartas agus leigheas éifeachtach do na daoine a ndéantar difear dóibh; á iarraidh, ina leith sin, go dtiocfar ar chomhaontú deiridh tapa agus uaillmhianach i ndáil leis an treoir maidir le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach le rialacha ceangailteacha an Aontais maidir le hiompraíocht fhreagrach chorparáideach i ndáil le cearta an duine, cearta saothair, agus cearta comhshaoil agus go gcuirfear bailchríoch thráthúil ar an toirmeasc ar tháirgí saothair éigeantais chun a áirithiú go toirmeascfar táirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur comhpháirt uileghabhálach agus leanúnach de phróiseas an díchill chuí í rannpháirtíocht bhríoch na ngeallsealbhóirí lena n-áirítear íospartaigh, ionadaithe íospartaigh, ceardchumainn na n-oibrithe agus geallsealbhóirí eile lena mbaineann agus gur céim bhunúsach í freisin chun saothar éigeantais a shainaithint, aghaidh a thabhairt air agus é a leigheas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta feabhais agus rochtana ar cheartas atá i gcomhréir le Treoirphrionsabail na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear bearta airgeadais agus neamhairgeadais i gcomhairle leis na híospartaigh; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún moladh a thíolacadh don Chomhairle chun sainordú uaillmhianach a fháil don Aontas chun dul i mbun na caibidlíochta leanúnacha maidir le hionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de chuid na NA maidir le gnó agus cearta an duine a luaithe is féidir; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, SEGS agus Toscaireachtaí an Aontais freagracht shóisialta chorparáideach agus cuntasacht chorparáideach agus na prionsabail a chur chun cinn ina n-idirphlé le tríú tíortha, agus chun tacú leo a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta féin a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil freagracht ar ghnólachtaí a áirithiú nach bhfuil baint ag a gcuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair le sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear i gcoinne cosantóirí cearta comhshaoil, dúchasacha agus cearta saothair; á chur i bhfáth go bhfuil oibleagáidí agus freagrachtaí sár-riachtanacha ar stáit agus ar ghníomhaithe eile amhail corparáidí agus fiontair, chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, chun a n-iarmhairt dhiúltach ar chearta an duine a chosc agus chun beartais iomchuí a chur chun cinn i gcomhréir le hoibleagáidí um chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an ceart chun oibre cumhdaithe in Airteagal 23 den Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine, á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go soláthraíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) níos mó ná dhá thrian de phoist ar fud an domhain agus gur féidir leo tacú le cur ar aghaidh cearta sóisialta agus eacnamaíocha; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé cothroime iomaíochta leordhóthanach a áirithiú do FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur ceart é an tsaoirse chun gnó a sheoladh a chumhdaítear in Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha; ag spreagadh an Aontais agus na Ballstáit a bheith i gceannas ar an bplé ar leibhéal na NA agus ar fhóraim iltaobhacha eile chun aitheantas ceart an duine gnó a sheoladh ar an leibhéal domhanda a bhunú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta daoine LGBTIQ+</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear idirdhealú, stiogmatú, idirdheighilt, géarleanúint, foréigean agus marú i gcoinne daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamhdhénártha, idirghnéasacha agus aiteacha (LADTIA+) ar fud an domhain, chomh maith le cosantóirí a gcuid cearta; á aithint go bhfuil tábhacht ag baint le hoideachas cuimsitheach chun an t-idirdhealú óna chéimeanna tosaigh a chomhrac; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di scaipeadh fuatha agus insintí agus reachtaíochta frith-LGBTIQ+, a dhírítear ar dhaoine LGBTIQ+ agus ar chosantóirí chearta an duine; á iarraidh go ndéanfadh tíortha nach bhfuil san Aontas beartais shonracha a ghlacadh lena gcosnaítear daoine LGBTIQ+ agus lena dtabharfar na huirlisí dóibh chun sárú ar a gcearta a thuairisciú go sábháilte; á iarraidh go ndéanfadh tíortha nach bhfuil san Aontas forálacha dlí a bhaint a dhéanann idirdhealú, ciapadh agus géarleanúint ar dhaoine LGTBIQ go díreach nó go hindíreach; á iarraidh an athuair go ndéanfar an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 a chur chun feidhme go hiomlán mar uirlis an Aontais chun feabhas a chur ar staid daoine LGBTIQ+ ar fud an domhain; á chur in iúl gur cúis bhuartha faoi leith di daoine LGBTIQ+ a bhfuil cónaí orthu faoi réimis neamhdhaonlathacha, agus á iarraidh go mbeadh sásraí solúbtha ann chun iad a chosaint mar aon le cosantóirí a gceart; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit treoirlínte an Aontais maidir le cur chun cinn agus cosaint chearta an duine atá ag daoine LGBTIQ a chur i bhfeidhm go críochnúil agus go comhsheasmhach ar fud a gcuid beartas seachtrach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta an linbh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag cáineadh na hurraime laghdaithe ar chearta an linbh agus na sáruithe ar na cearta sin atá ag dul i méid, lena n-áirítear trí fhoréigean, luathphósadh agus pósadh éigeantais, mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, ciorrú ball giniúna, gáinneáil, saothar leanaí, lena n-áirítear saothar éigeantach leanaí, earcú saighdiúirí linbh, lena n-áiritear ag dronga coirpeach, lena n-áirítear an ceart chun foghlaim faoina gcultúr, a dtraidisiúin agus a dteangacha féin agus cúram sláinte, míchothú, idirdheighilt agus fíorbhochtaineacht; ag cáineadh fuadach, scaradh éigeantach nó díbirt, uchtú agus comhshamhlú éigeantach leanaí, lena n-áirítear de chuid mionlaigh eitneacha, go háirithe i gcásanna cogaidh agus coinbhleachta; á thabhairt chun suntais go bhfuil líon mór leanaí fós ar fud an domhain a bhfuil iachall orthu oibriú, de ghnáth faoi choinníollacha guaiseacha; á iarraidh an athuair go mbeadh cur chuige córasach comhsheasmhach ann maidir le cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint i mbeartais uile an Aontais; á iarraidh go n-áireofaí cur chuige sonrach maidir le cearta an linbh i bpróisis cheartais lena gcuirfí feabhas ar rochtain leanaí ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha, agus lena n-áiritheofar cuntasacht lucht déanta na coire; á chur i bhfáth gur gá bealaí inbhuanaithe a chruthú le haghaidh athimeascadh agus cúiteamh do leanaí ar sáraíodh a gcearta i gcoinbhleachtaí ar fud an domhain; ag tathant go ndéanfaí Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh a dhaingniú go hiomlán agus go huilíoch mar ábhar práinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt chun suntais ról an oideachais i bhforbairt leanaí agus daoine óga ar fud an domhain; á chur i bhfáth gur ceart daonna í rochtain ar oideachas uilíoch, cuimsitheach agus ardcháilíochta ar cheart go n-áireofaí leis feasacht a mhúscailt maidir lena gcearta daonna, chomh maith le cad is sárú ar a gcearta ann agus conas é a thuairisciú; á thabhairt dá haire, de réir Airteagal 26 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go bhfuil sé de cheart roimh ré ag tuismitheoirí an cineál oideachais nach mór a thabhairt dá leanaí a roghnú; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit a ndícheall chun a áirithiú go n-urramófar an ceart chun oideachais ar fud an domhain, lena n-áirítear i gcampaí agus in ionaid dídeanaithe; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS cistiú láidir a choinneáil don oideachas trí ionstraimí cistiúcháin sheachtraigh an Aontais agus tacú le tíortha nach bhfuil san Aontas chun córais oideachais ar ardchaighdeán a chruthú agus a fhorbairt; á chur i bhfáth nach mór do gach ábhar oideachais agus scoile cloí le caighdeáin UNESCO maidir le hoideachas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta daoine faoi mhíchumas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na dúshláin a bhaineann le leas iomlán a bhaint as cearta daoine faoi mhíchumas, amhail rochtain ar oideachas, cúram sláinte agus fostaíocht cuimsitheach agus ardcháilíochta, agus rannpháirtíocht sa saol polaitiúil; á iarraidh an athuair go ndéanfadh an tAontas cúnamh a thabhairt ar fud an domhain chun beartais a fhorbairt chun tacú le cúramóirí do dhaoine faoi mhíchumas; á iarraidh go ndéanfadh na geallsealbhóirí uile feasacht shóisialta a mhúscailt agus iompraíochtaí idirdhealaitheacha i gcoinne daoine faoi mhíchumas a chomhrac; á iarraidh an athuair go gcuirfeadh an Coimisiún agus na Ballstáit lena n-iarrachtaí chun cearta comhionanna a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas trí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear i ndáil le tíortha is iarrthóirí, i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana mar Stáit is Páirtithe sa UN CRPD; á chur i bhfios go láidir gur gá idirphlé córasach agus struchtúrtha a áirithiú le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas i dtíortha comhpháirtíochta agus beartais a chur chun feidhme lena ráthaítear go mbainfear leas iomlán as a gceart daonna chun páirt chomhionann a ghlacadh sa tsochaí, lena n-áirítear a gceart vótála a fheidhmiú, agus a riachtanais agus a bpeirspictíochtaí sonracha á gcur san áireamh; á iarraidh an athuair go gcabhródh an tAontas le tíortha comhpháirtíochta beartais a fhorbairt chun tacú le cúramóirí ardcháilíochta, inrochtana agus inacmhainne do dhaoine faoi mhíchumas; á iarraidh go nglacfaí gan mhoill an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta daoine scothaosta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an tAontas agus a Bhallstáit bealaí nua a fhorbairt chun cearta daoine scothaosta a neartú agus na dúshláin iomadúla atá os a gcomhair á gcur san áireamh, amhail idirdhealú aoisbhunaithe, bochtaineacht, foréigean, easpa cosanta sóisialta, aonarachas agus eisiamh digiteach, i measc nithe eile; á iarraidh go ndéanfadh tíortha nach bhfuil san Aontas beartais a ghlacadh lena n-éascófar rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte, sóisialta agus dlíthiúla atá ar ardchaighdeán, inrochtana agus inacmhainne do dhaoine scothaosta, agus aird ar leith á tabhairt ar bhaol na bochtaineachta do mhná scothaosta a chomhrac go háirithe, mar gheall ar an mbearna phá idir na hinscní le linn a saoil oibre; á chur i bhfáth gur cheart a rannpháirtíocht i ngnóthaí poiblí ar bhealach neamhspleách a ráthú agus gur cheart go mbeidís in ann leas iomlán a bhaint as a gcearta daonna agus as a saoirsí bunúsacha le dínit;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun bia, uisce agus sláintíochta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á mheabhrú gur ceart daonna a aithnítear go hidirnáisiúnta é an ceart chun bia, chun uisce óil sábháilte agus chun sláintíochta, lena n-áirítear rochtain fhisiciúil agus eacnamaíoch a bheith acu ar bhia, ar uisce agus ar chórais sláinteachais atá sábháilte agus leormhaith; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na dúshláin atá roimh an gceart chun bia ar fud an domhain, go háirithe i gcásanna cogaidh agus coinbhleachtaí, chomh maith le tubaistí nádúrtha agus dálaí adhaimsire mar gheall ar an athrú aeráide; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit treoirlínte éigeantacha a chur chun cinn maidir leis an gceart chun bia laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe; á iarraidh go nglacfaí beartais phoiblí chun an t-ocras a chomhrac, go háirithe i measc leanaí, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta chun freagairt do neamhshlándáil dhomhanda an tsoláthair bia agus chun cabhair phráinneach a chur ar fáil do phobail atá i mbaol gorta agus míchothaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas, a Bhallstáit agus an comhphobal idirnáisiúnta dlús a chur láithreach lena n-iarrachtaí deireadh a chur le treocht na nganntanas tromchúiseach bia atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tslándáil bia imithe in olcas mar gheall ar go leor coinbhleachtaí atá ag tarlú ar fud an domhain, lena n-áirítear na coinbhleachtaí atá ann faoi láthair i dtíortha ar onnmhaireoirí móra domhanda iad de tháirgí bia príomhúla, go háirithe gráin, a bhfuil iarmhairtí ollmhóra acu i roinnt limistéar den domhan; ag cáineadh go láidir úsáid nó bagairt neamhdheimhneacht an tsoláthair bia mar ionstraim pholaitiúil cogaidh, chomh maith leis na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le hamhantraíocht ar phraghas an bhia; á iarraidh go háirithe go mbeadh sos cogaidh buan agus láithreach ann i Stráice Gaza chun rochtain gan bhriseadh ar bhia agus ar uisce a cheadú dá áitritheoirí uile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeachtaí díreacha ag an ngéarchéim aeráide agus ag a tionchar ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht ar theachtadh éifeachtach chearta uile an duine agus go bhfuil na saincheisteanna sin idirnasctha agus idirspleách; á iarraidh go nglacfaí beartais go pras chun comhar idirnáisiúnta a fheabhsú agus fothú acmhainneachta a neartú i ndáil leis sin, mar a leagtar amach i Rún 76/300 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; ag aithint obair ríthábhachtach CSOanna, cosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol agus gníomhaithe dúchasacha chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a chosaint; á chur in iúl gur saoth léi an baol agus ag cáineadh gach cineál foréigin a bhíonn os comhair chosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol agus á iarraidh go ráthófar a gcosaint éifeachtach; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar easáitiú daoine de bharr scriosadh an chomhshaoil agus an athraithe aeráide, rud a mhéadaíonn an baol go ndéanfar sáruithe ar chearta an duine agus go mbeidh leochaileachtaí ann i ndáil le cineálacha éagsúla dúshaothraithe; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí tacú le sásraí réigiúnacha amhail Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cosantóirí comhshaoil agus Comhaontú Escazú<FOOTNOTE><FIELD> Comhaontú Réigiúnach maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí agus Ceartas i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib an 4 Márta 2018.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tathant ar an Aontas, ar na Náisiúin Aontaithe agus ar shásraí réigiúnacha um chearta an duine ról níos mó a ghlacadh chucu féin maidir le héiceachórais dhomhanda agus cosantóirí comhshaoil a chosaint, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar tromchúiseach ag an athrú aeráide ar phobail dhúchasacha agus áitiúla; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas tionscnamh ar leibhéal na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn do bhreathnóirí idirnáisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar dhamáiste nó géarchéimeanna tromchúiseacha comhshaoil, nó ar chásanna inarb iad cosantóirí chearta an chomhshaoil is mó atá i mbaol, agus dul i dteagmháil leis na húdaráis agus cúnamh a thabhairt dóibh coinníollacha cosanta a bhunú do na cosantóirí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag spreagadh an Aontais agus na mBallstát aitheantas éicidhíothaithe a chur chun cinn mar choir idirnáisiúnta faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á mheabhrú nach mór don aistriú chuig fuinneamh glan a bheith cóir agus cearta bunúsacha gach duine a urramú; á thabhairt chun suntais gur cheart beartais agus tionscadail aistrithe fuinnimh a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach nach gcuireann le sáruithe ar chearta an duine agus nach ndéanann dochar don chomhshaol;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta an duine agus teicneolaíochtaí digiteacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga (IS) do dhaonlathais agus do chearta an duine, go háirithe mura ndéantar í a rialáil go cuí; á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 chun ról agus ceannaireacht an Aontais sa rialachas digiteach domhanda a neartú, go háirithe a sheasamh mar chruthaitheoir ar an leabhar rialacha digiteacha domhanda, agus sa chiall sin á chur in iúl gur geal léi an togra le haghaidh rialachán chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le IS ar gá dóibh cearta an duine a chosaint, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus chun neamh-idirdhealaithe, agus na buntáistí a d’fhéadfadh IS a chur ar fáil do dhea-bhail an duine; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le maoirseacht phráinneach, trédhearcacht láidir agus coimircí iomchuí le haghaidh teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn amhail bogearraí spiaireachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine i leith na dteicneolaíochtaí sin; ag cáineadh úsáid teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn mar ionstraimí comhéigneacha chun ciapadh, imeaglú agus géarleanúint HRDanna, gníomhaithe, iriseoirí, dlíodóirí agus mionlach a mhéadú; á chur in iúl go bhfuil seasamh daingean aici gur sárú tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt agus gur sárú tromchúiseach ar rialacha onnmhairiúcháin an Aontais é onnmhairiú earraí spiaireachta ón Aontas chuig tríú tíortha ina n-úsáidtear uirlisí den sórt sin i gcoinne gníomhaithe ar son chearta an duine, iriseoirí agus lucht cáinte rialtais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi na cleachtais atá á ndéanamh ag réimis fhorlámhacha agus ollsmachtacha a chuireann teorainn le rochtain na saoránach ar an idirlíon, lena n-áirítear lándorchuithe idirlín le linn tionóil phoiblí agus agóidí, i measc nithe eile; ag áitiú a thábhachtaí atá cibearspás oscailte, saor, cobhsaí agus slán a sheasann le bunluachanna an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Taidhleoireacht Dhigiteach an Aontais chun cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine i leith teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid cibirionsaithe, a mheastar a bheith ina mbagairtí hibrideacha, a úsáidtear go minic i gcoinne seirbhísí agus bonneagar atá ríthábhachtach don phobal sibhialtach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá tagtha ar an bhfeiniméan sin, ós rud é go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le sáruithe ar chearta digiteacha daoine agus leis an bhforéigean as líne a ghéarú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS glacadh na reachtaíochta maidir le bréagaisnéis agus maidir leis an bhfuathchaint a chur chun cinn i dtíortha nach bhfuil san Aontas, chun toirmeasc agus pionós a chur go sainráite ar chaint a ghríosaíonn idirdhealú, fuath nó foréigean ar bhonn cine, eitneachta, náisiúntachta, aicme shóisialta, míchumais, sainaicme, reiligiúin, creidimh, aoise, gnéaschlaonta agus gnéas nó féiniúlacht inscne, agus corparáidí teicneolaíochta agus ardáin na meán sóisialta a spreagadh chun timpeallacht ar líne atá íogair ó thaobh chearta an duine de a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bosca uirlisí an Aontais a neartú chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain;</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil cur chun feidhme phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas ag an Aontas agus a Bhallstáit go dtí seo, cé go bhfuil sé substaintiúil, fós tite ar gcúl agus go bhfuil sé fós deacair measúnú a dhéanamh air in éagmais cuspóirí atá faoi cheangal ama agus inláimhsithe; ag tabhairt dá haire an bharúil san athbhreithniú meántéarma ar an bplean gníomhaíochta maidir leis na dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a bhí roimh an domhan ó glacadh é, agus an cúlú ginearálta maidir le cosaint chearta an duine le blianta beaga anuas, ach á chur i bhfios go láidir gur cheart go dtiocfadh feabhas ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta mar thoradh air sin don tréimhse atá fágtha, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na sineirgí agus an chomhlántacht idir cearta an duine agus an daonlathas ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda; á chur in iúl gur geal léi an measúnú ar ghníomhaíocht an Aontais maidir le HRDanna faoi chuimsiú an athbhreithnithe; á iarraidh go ndéanfar leis an gcéad phlean gníomhaíochta eile de chuid an Aontais cosaint agus cur chun cinn uilíocht chearta an duine a chomhtháthú laistigh dá cholúin, agus aird ar leith á tabhairt ar na hinsintí agus ar na huirlisí a úsáideann réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha ina n-ionsaithe i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais gur gá an bhearna idir fís straitéiseach agus cuspóirí an phlean gníomhaíochta agus a ghné oibríochtúil a líonadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go nglacfadh na Ballstáit úinéireacht ar phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas agus go dtuairisceodh siad go poiblí ar a ngníomhaíocht faoin doiciméad straitéiseach sin; ag spreagadh parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus CSOanna áitiúla dul i dteagmháil lena n-údaráis ar leibhéal na mBallstát maidir lena rannchuidiú le beartas seachtrach an Aontais um chearta an duine a sheoladh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag tacú go hiomlán le hobair ISAE um Chearta an Duine chun rannchuidiú le hinfheictheacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí chearta an duine an Aontais i gcaidreamh seachtrach an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh SEGS a ról a neartú agus a n-infheictheacht a mhéadú i gcur chun cinn agus i gcosaint chearta an duine a mhéadú agus iad i dteagmháil le tríú tíortha agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus an daonlathas a threorú; á iarraidh go mbeadh cuntasacht, trédhearcacht agus infheictheacht níos fearr ann maidir le hobair an tsainordaithe, lena n-áirítear trí thuairisciú poiblí ar chuairteanna ar thíortha, ar an gclár oibre agus ar thosaíochtaí; á mheas go n-éilíonn raon feidhme an tsainordaithe sealbhóir sainordaithe lánaimseartha a cheapadh; á áitiú nach ndearbhófar ceapachán an chéad ISAE eile go dtí go mbeidh meastóireacht dhearfach déanta ag Coiste um Ghnóthaí Eachtracha na Parlaiminte agus ag a Fhochoiste um Chearta an Duine agus go dtuairisceodh ISAE ar ais don Pharlaimint go rialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda agus an clár téamach um chearta an duine agus um an daonlathas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról bunúsach ag NDICI — an Eoraip Dhomhanda, lena n-áirítear a chlár téamach maidir le cearta an duine agus an daonlathas, mar ionstraim shuaitheanta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain; á iarraidh an athuair go gcuirfí dlús le tacaíocht do CSOanna, do ghníomhaithe atá ar son an daonlathais agus d’eagraíochtaí na meán, lena n-áirítear tríd an Dearlaic Eorpach don Daonlathas, i bhfianaise na dtreochtaí domhanda cúlchéimnitheacha atá ann faoi láthair; á thabhairt chun suntais gur gá dul i dteagmháil leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe áitiúla eile i ngníomhaíochtaí seachtracha ábhartha uile an Aontais; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cuíchóiriú a dhéanamh ar chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine in ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar thrédhearcacht níos fearr maidir le forálacha a bhaineann le cearta an duine i gcomhaontuithe maoiniúcháin faoi NDICI agus soiléiriú ar an sásra agus ar na critéir chun comhaontuithe den sórt sin a chur ar fionraí i gcás sárú ar chearta an duine, ar phrionsabail dhaonlathacha agus ar an smacht reachta; á thabhairt chun suntais gur cheart don Aontas staonadh go docht ó thacaíocht bhuiséadach mar mhodh chun cúnamh a thabhairt do réimis a mhainníonn go mór caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh i réimse chearta an duine, an daonlathais agus an chomhraic i gcoinne an éillithe; á chur i bhfáth gur cheart an tacaíocht a chur ar fáil i gcásanna den sórt sin tríd an tsochaí shibhialta ina ionad sin; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas gach iarracht chun measúnú a dhéanamh ar aon sárú atá nasctha le beartais, tionscadail agus cistiú an Aontais féin i dtríú tíortha agus iad a chosc, lena n-áirítear trí shásra gearán a chruthú do dhaoine aonair nó do ghrúpaí a bhféadfadh sé gur sáraíodh a gcearta le gníomhaíochtaí an Aontais sna tíortha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á mheabhrú gur dhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé tiomanta tacú leis an aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe ina ghníomhaíocht sheachtrach in NDICI; ag tathant, dá bhrí sin, ar institiúidí an Aontais cistiú d’institiúidí a eisiamh, lena n-áirítear chun athchóiriú nó tógáil a dhéanamh, mura bhfuil sé mar chuid de phróiseas dí-institiúidithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart feidhm a bheith ag clásail maidir le cearta an duine ar bhealach comhleanúnach maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta uile an Aontais le tríú tíortha, lena n-áirítear comhaontuithe earnála agus infheistíochta, agus gur cheart faireachán géar a dhéanamh orthu sin agus gur cheart sraith shoiléir tagarmharcanna agus nósanna imeachta a bheith mar thaca leo i gcás sáruithe ar chearta an duine, agus gur cheart bonn a chur ar fáil chun dul i dteagmháil le tríú tír maidir le cearta an duine ar bhealach praiticiúil agus solúbtha; á thabhairt dá haire go ndearna an tAontas na clásail maidir le cearta an duine a ghníomhachtú go foirmiúil dhá dhosaen uair agus ó shin i leith nár ghlac sé ach ‘bearta iomchuí’ faoi na clásail sin uair amháin; á athdhearbhú, i bhfianaise sáruithe tromchúiseacha agus leanúnacha a bheith á ndéanamh ag a thíortha comhpháirtíochta ar chlásail maidir le cearta an duine, gur cheart don Aontas freagairt go pras agus go cinntitheach, agus mar chúrsa gníomhaíochta deiridh, trí na comhaontuithe ábhartha a chur ar fionraí má bhíonn roghanna eile neamhéifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí chun feidhme moladh Ombudsman an Aontais maidir le tairseach láimhseála gearán a chruthú, faoi chuimsiú ionstraimí trádála agus airgeadais an Aontais, agus go ndéanfaí Pointe Iontrála Aonair an Choimisiúin a oiriúnú chun go bhféadfar gearáin a thíolacadh maidir le mainneachtain clásail maidir le cearta an duine a chomhlíonadh, ar cheart dóibh a bheith inrochtana, fabhrach do shaoránaigh agus trédhearcach; ag spreagadh institiúidí an Aontais agus na mBallstát chun tuilleadh plé a dhéanamh leis an Ombudsman chun straitéisí agus uirlisí nua a fhorbairt chun cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn tríd an trádáil; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún feabhas a chur ar a theachtaireacht i leith na Parlaiminte maidir lena bhreithnithe agus lena chinntí i ndáil le clásail maidir le cearta an duine a fhorfheidhmiú i gcomhaontuithe idirnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Idirphléití an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag idirphlé i ndáil le cearta an duine i sraith uirlisí an Aontais maidir le cearta an duine agus mar phríomhbhealach chun plean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas chur i bhfeidhm; á thabhairt chun suntais gur cheart don idirphlé sin aghaidh a thabhairt ar staid chearta uile an duine agus an daonlathais leis na tíortha ábhartha; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag CSOanna neamhspleácha agus gur gá a rannpháirtíocht dhlisteanach a áirithiú trí na hidirphléití sin a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ina leith; á chur i bhfáth nach féidir aon idirdhealú a dhéanamh i ndáil le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ndáil leis sin; á thabhairt dá haire gur cheart breathnú ar idirphlé maidir le cearta an duine mar phríomhghné de rannpháirtíocht leanúnach an Aontais seachas mar chleachtadh ticbhosca nó mar ionstraim neamhspleách; á mheabhrú gur gá an t-idirphlé sin a úsáid i gcomhar le hionstraimí eile agus i sineirgíocht le hionstraimí eile, agus gur cheart iad a dhéanamh ar bhealach atá dírithe ar thorthaí agus gur cheart iad a athbhreithniú go rialta; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh iarmhairtí ag mainneachtain torthaí nithiúla a bhaint amach maidir le caidreamh déthaobhach a sheoladh ar bhonn níos leithne; á athdhearbhú gur gá cásanna aonair a ardú, lena n-áirítear na cásanna sin ar tharraing an Pharlaimint aird orthu ina rúin agus buaiteoirí Dhuais Sakharov — agus na hiomaitheoirí deiridh — agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith; á iarraidh go ndéanfadh SEGS agus Toscaireachtaí an Aontais infheictheacht an idirphlé sin agus a dtorthaí a mhéadú, lena n-áirítear trí phreasráiteas comhpháirteach a fhoilsiú agus gníomhaíocht leantach oiriúnach a dhéanamh orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (GHRSR – ‘Gníomh Magnitsky an Aontais Eorpaigh)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil úsáid theoranta á baint go dtí seo as GHRSR AE (Gníomh Magnitsky AE) mar phríomhuirlis pholaitiúil i gcosaint an Aontais ar chearta an duine agus ar an daonlathas ar fud an domhain; ag cur sonrú, áfach, sna dúshláin a bhaineann le ceanglas aontoilíochta agus iad á nglacadh agus á iarraidh an athuair go dtabharfar isteach vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí maidir le GHRSR; á iarraidh go mbainfí úsáid níos dinimiciúla agus níos comhsheasmhaí as an uirlis sin, lena n-áirítear i gcomhar le comhpháirtithe den mheon céanna; á iarraidh go ngníomhódh an Comhairle maidir leis na hiarrataí ar smachtbhannaí arna ndéanamh ag an bParlaimint trína rúin; ag tacú go hiomlán leis an bhféidearthacht smachtbhannaí spriocdhírithe frith-éillithe a fhorchur i ndáil le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, ar tosaíocht sheanbhunaithe de chuid na Parlaiminte é, agus á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún i ndáil leis sin agus á iarraidh go nglacfaidh an Chomhairle é go pras, cibé acu trína áireamh in GHRSR nó le córas eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil iarmhairtí ag cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonfhoirmeach smachtbhannaí, ag na Ballstáit uile, ar inchreidteacht agus ar éifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais; á chur i bhfáth gur gá smachtbhannaí a fhorfheidhmiú go hiomlán agus á iarraidh go rachfaí i ngleic le sáruithe agus le himchéimniú ar bhealach éifeachtach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí tacaíochta don daonlathas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di na hionsaithe méadaitheacha atá á ndéanamh ag réimis fhorlámhacha, ollsmachtacha agus neamhliobrálacha ar institiúidí daonlathacha agus ar chaighdeáin dhaonlathacha agus ar an tsochaí shibhialta, agus go bhfuiltear ag iarraidh noirm idirnáisiúnta a athscríobh; á chur i bhfáth go bhfuil cosaint agus tacaíocht an daonlathais ar fud an domhain ag éirí níos mó agus níos mó mar leas geopholaitiúil agus straitéiseach; á mheas gur gá iarrachtaí a mhéadú chun feasacht a mhúscailt maidir leis an mbonn a bhaint den chultúr daonlathach i dtríú tíortha agus á athdhearbhú gur gá é a neartú; á athdhearbhú a thábhachtaí atá misin breathnóireachta toghcháin an Aontais agus rannchuidiú na Parlaiminte lena modheolaíocht a fhorbairt agus a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfadh tríú tíortha na moltaí a rinne misin bhreathnóireachta toghcháin an Aontais — agus comhlachtaí idirnáisiúnta aitheanta eile — a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar a bpróisis toghcháin amach anseo agus ar an gcaoi sin cuidiú lena dtrédhearcacht agus lena ndlíthiúlacht a mhéadú d’fhonn caighdeáin dhaonlathacha na stát lena mbaineann a neartú; á chur in iúl gur geal léi obair na Dearlaice Eorpaí don Daonlathas agus á athdhearbhú gur gá leanúint dá gníomhaíochtaí agus dá hacmhainní a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Tacaíocht ón Aontas do chosantóirí chearta an duine agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionsaithe agus an ciapadh a dhéantar ar chosantóirí chearta an duine, chomh maith lena dteaghlaigh, a bpobail agus a ndlíodóirí, agus á chur in iúl go bhfuil na modhanna, atá ag éirí níos sofaisticiúla, a úsáidtear chun géarleanúint a dheanamh orthu ina chúis imní go háirithe; ag cáineadh go láidir dlíthe, lena n-áirítear dlíthe frithsceimhlitheoireachta, dlíthe slándála náisiúnta agus dlíthe frithchlúmhillte, a úsáidtear chun díriú ar HRDanna agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), a gcuid oibre a choiriúlú, agus iad a stiogmatú; á chur in iúl gur saoth léi ciapadh ENRanna trí fhorálacha reachtacha i dtríú tíortha, amhail dlíthe gníomhairí eachtracha agus srianta comhchosúla, agus srianta eile atá os a gcomhair ina gcuid oibre dlisteanaí; ag tacú, ag moladh agus ag gabháil buíochas ó chroí le CCDanna as an obair mhisniúil ríthábhachtach a dhéanann siad agus as gníomhaíocht an Aontais chun a áirithiú go gcosnófar iad ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit Treoirlínte an Aontais maidir le cosantóirí chearta an duine a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go comhsheasmhach, agus ar an gcaoi sin cur chuige réamhghníomhach, iomlánaíoch agus fadtéarmach a chothú i leith HRDanna a chosaint lena dtuartar agus lena maolaítear fadhbanna tromchúiseacha, amhail ionsaithe agus bagairtí, lena ndírítear ar HRDanna a mbíonn costas pearsanta trom orthu go minic, ar a dteaghlaigh agus ar a bpobail; ag leagan béim ar an ngá práinneach atá le hathbhreithniú cuimsitheach agus tráthúil a dhéanamh ar na Treoirlínte maidir le cosantóirí chearta an duine, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn, agus a n-infheidhmeacht agus a n-éifeachtacht a áirithiú i gcosaint HRDanna ar fud an domhain, agus cuir chuige inscne-íogair agus trasnacha á gcomhtháthú sna Treoirlínte nuashonraithe, lena léirítear cúlraí agus taithí éagsúla HRDanna, agus na leochaileachtaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith rompu á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar fheiniméan na mbagairtí trasnáisiúnta i gcoinne HRDanna ar fud an domhain óna n-údaráis náisiúnta nó ó ionadaithe; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit na bagairtí sin a shainaithint agus dul i ngleic leo laistigh den Aontas mar thosaíocht agus mar ghné lárnach de Threoirlínte an Aontais maidir le cosantóirí chearta an duine; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát acmhainní airgeadais iomchuí agus modhanna eile iomchuí a chur ar fáil do HRDanna eachtracha a bhfuil cónaí orthu san Aontas chun a chur ar a gcumas leanúint dá n-obair ar chearta an duine go cianda agus gan eagla roimh fhrithbheart; á chur i bhfios go láidir gur cheart oifigigh agus gníomhairí tríú tíortha a dhéanann ciapadh ar HRDanna san Aontas, chomh maith le cumasóirí áitiúla, daoine aonair nó eintitis, a thabhairt chun cuntais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an oiliúint agus na hacmhainní atá le cur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí chun dul i ngleic leis na hionsaithe trasnáisiúnta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á áitiú go dtabharfaidh SEGS, an Coimisiún agus Toscaireachtaí an Aontais aird ar leith ar staid bhuaiteoirí Dhuais Sakharov agus na n-iomaitheoirí deiridh atá i mbaol agus go ndéanfaidh siad gníomhaíocht dhaingean, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint, chun a ndea-bhail, a sábháilteacht nó a saoirse a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun infheictheacht ghníomhaíochtaí agus bhealaí an Aontais a neartú chun HRDanna a chosaint agus chun tacú leo; ag tathant ar na Ballstáit dea-shampla a thabhairt agus treoirlínte agus dlíthe náisiúnta láidre agus éifeachtacha maidir le HRD a fhorbairt, a bheidh mar eiseamláir do náisiúin eile; ag aithint na freagrachta comhchoitinne atá ar SEGS, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maidir le cur chun feidhme éifeachtach Threoirlínte an Aontais maidir le cosantóirí chearta an duine a áirithiú agus á iarraidh go ndéanfadh an tAontas fíorchur chuige Fhoireann na hEorpa i leith HRDanna a chur chun feidhme; ag tacú go hiomlán le sásraí ProtectDefenders.eu agus á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit cruthú sásraí comhchosúla a chothú i dtíortha atá ar aon intinn leo, chomh maith le gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir an tAontas, a Bhallstáit agus tríú tíortha atá dírithe ar chosaint HRDanna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go rachadh Ionadaithe Speisialta an Aontais i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta maidir le cearta an duine agus cásanna aonair a chosaint; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún ról réamhghníomhach a ghlacadh maidir le scéim víosaí il-iontrála uile-Aontais a bhunú do HRDanna atá i mbaol; ag tathant ar na Ballstáit, leis seo, feabhsuithe nós imeachta a dhéanamh laistigh dá misin taidhleoireachta, lena n-áiritheofar próisis iarratais ar víosaí atá gasta, intuigthe, inrochtana agus insroichte; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh na Ballstáit catagóir thiomnaithe a bhunú agus a chomhtháthú go comhoibríoch laistigh de Chód Víosaí an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, nósanna imeachta víosaí a chuíchóiriú agus aonfhoirmeacht a chur chun cinn i bpróiseas iarratais víosaí an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint, liosta bliantúil a bhunú de thíortha ina bhfuil imní thromchúiseach HRD ann, lena gceadófar freagairt chomhordaithe Fhoireann na hEorpa, rochtain ar acmhainní, faireachán feabhsaithe, straitéisí tiomnaithe agus tacaíocht mhéadaithe ar gach leibhéal; ag spreagadh cur i láthair agus athbhreithniú trédhearcach ar an liosta sin sa Pharlaimint chun an chuntasacht a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil ar chosantóirí ban ar chearta an duine aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe agus go bhfuil siad thíos le heaspa rochtana ar acmhainní leormhaithe agus ar shásraí cosanta leormhaithe; ag cáineadh na n-ionsaithe leanúnacha i gcoinne chosantóirí chearta an duine ar mná iad, lena n-áirítear ionsaí gnéasach, bagairtí, imeaglú, coiriúlú agus marú; á dhearbhú gur normalaíodh an foréigean in aghaidh cosantóirí chearta an duine ar mná iad, go háirithe i gcoinne cosantóirí atá ag obair ar SRHR, mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an óráid mhíghinéiseach, ghnéasaíoch agus homafóbach a thug ceannairí polaitiúla le blianta beaga anuas; á chur i bhfáth gur gá do Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do CSOanna a chuireann cearta na mban agus na gcailíní chun cinn ar bhonn polaitiúil agus airgeadais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Saoirse ó phionós agus éilliú a chomhrac </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur i bhfáth go ndéanann an t-éilliú sáruithe ar chearta an duine a éascú, a bhuanú agus a institiúidiú, go mbaintear an bonn d’institiúidí daonlathacha agus go ndéantar difear díréireach do na daoine aonair agus do na grúpaí is leochailí agus is imeallaithe sa tsochaí; á iarraidh go mbeidh an comhrac i gcoinne an éillithe mar chuid d’iarrachtaí agus de bheartais uile an Aontais chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí frithéillithe i mbeartais sheachtracha an Aontais, lena n-áirítear an fhéidearthacht smachtbhannaí spriocdhírithe frith-éillithe a fhorchur i dteachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe (JOIN(2023)0012); á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit a n-iarrachtaí a mhéadú maidir le hathchóirithe ceartais, saoirse ó phionós a chomhrac, feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar institiúidí frith-éillithe i dtríú tíortha agus aghaidh a thabhairt ar ról gníomhaithe áirithe atá lonnaithe san Aontas i ndáil leis sin; ag tacú leis na forálacha frithéillithe a áirítear i gcomhaontuithe trádála an Aontais le tíortha nach bhfuil san Aontas; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Aontas agus dá Bhallstáit dea-shampla a thabhairt trí na caighdeáin trédhearcachta is airde a chur i bhfeidhm maidir lena gcistiú seachtrach agus trí dhlús a chur lena dtacaíocht do CSOanna, do ghníomhaithe agus d’iriseoirí iniúchacha a bhíonn ag gabháil don chomhrac i gcoinne an éillithe agus na saoirse ó phionós, chomh maith le bunú beart éifeachtach domhanda frith-éillithe agus creataí rialála láidre a chur chun cinn, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar dhlínsí rúndachta agus tearmainn chánach; á iarraidh go neartófaí comhar leis na príomhghníomhaithe idirnáisiúnta i ndáil leis sin, amhail an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC), chun feabhas a chur ar shineirgí agus ar mhalartú dea-chleachtas a bhaineann le bearta frithéillithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh ag fóraim iltaobhacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit labhairt d’aon ghuth ag na Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionsaithe méadaitheacha ar institiúidí iltaobhacha, amhail Comhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus go háirithe Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ag réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha mar iarracht chun an bonn a bhaint dá gcuid oibre agus dá ndlisteanacht; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht leanúnach an Aontais agus a Bhallstát do na Náisiúin Aontaithe agus d’institiúidí iltaobhacha eile, chomh maith leis an idirphlé straitéiseach leanúnach agus méadaitheach agus an comhar le hOifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine; ag tacú go láidir le hurraíocht rúin na Náisiún Aontaithe ón Aontas maidir le cearta an duine agus an daonlathas; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit céimeanna nithiúla a ghlacadh chun neart agus athléimneacht an ollstruchtúir idirnáisiúnta um chearta an duine a fheabhsú agus chun oibleagáidí agus ionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chur chun feidhme go comhsheasmhach; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit tacú le suíochán dá chuid féin agus buan don Aontas i bhfóraim iltaobhacha agus comhordú níos fearr a áirithiú, lena n-áirítear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, sa bhreis ar an gceann atá ann cheana a leithdháiltear ar Bhallstáit an Aontais; á iarraidh go mbeadh ról níos láidre ag toscaireachtaí an Aontais i bhfóraim iltaobhacha, ar cheart acmhainní iomchuí a bheith ar fáil dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar idirnáisiúnta ar an leibhéal iltaobhach chun cearta an duine a chosaint go héifeachtach ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag na Náisiúin Aontaithe agus ag a gcomhlachtaí mar phríomhfhóram nach mór dó a bheith in ann na hiarrachtaí ar son na síochána, na slándála, na forbartha inbhuanaithe agus na hurraime do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn go héifeachtach; á mheabhrú go bhfuil oibleagáidí ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe cearta uile an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, mar a chumhdaítear i gCairt Bhunaidh na Náisiún Aontaithe agus i Rún 60/251 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfáth go bhfuil sé de fhreagracht ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine aghaidh a thabhairt ar gach sárú tromchúiseach ar chearta an duine ar fud an domhain; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil taifid ag roinnt comhaltaí de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine de sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus de neamhaird ar a n-oibleagáidí maidir le cearta an duine; á iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm ar bhealach níos fearr na critéir maidir le ballraíocht i gComhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; á iarraidh go ndéanfadh SEGS iarracht a thionscnamh agus a bheith ar thús cadhnaíochta i dtreo seasamh comhordaithe an Aontais agus na mBallstát maidir le ballraíocht Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, rud a chuirfeadh trédhearcacht níos fearr agus iomaíocht bunaithe ar fhiúntas chun cinn sa phróiseas toghcháin; á iarraidh go ndéanfadh institiúidí an Aontais, lena n-áirítear é féin, an caidreamh agus an dlúthchomhar leis na comhlachtaí sin de chuid na Náisiún Aontaithe a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á thabhairt chun suntais go mbaintear úsáid níos mó as obair choimisiúin fiosrúcháin agus mhisin aimsithe fíoras na Náisiún Aontaithe chun freagairt do chásanna a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus chun saoirse ó phionós a chomhrac; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair na Náisiún Aontaithe, ar bhonn polaitiúil agus airgeadais araon, lena n-áirítear Nósanna Imeachta Speisialta agus comhlachtaí conartha; ag cáineadh go láidir gach ionsaí i gcoinne sealbhóirí sainordaithe nós imeachta speisialta na Náisiún Aontaithe agus i gcoinne neamhspleáchas a sainorduithe; á iarraidh go gcuirfeadh Ballstáit an Aontais agus comhpháirtithe daonlathacha an Aontais i gcoinne na n-iarrachtaí sin go cinntitheach agus gach beart is féidir a dhéanamh chun cabhrú le spásanna sábháilte agus oscailte a chur ar fáil le haghaidh idirghníomhaíocht idir daoine aonair agus CSOanna leis na Náisiúin Aontaithe, lena n-ionadaithe agus lena shásraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á iarraidh go dtacódh an tAontas agus na Ballstáit le neartú na gcóras réigiúnach um chearta an duine, lena n-áirítear trí chúnamh airgeadais agus comhroinnt taithí trasréigiúnach ; á thabhairt chun suntais go háirithe ról ríthábhachtach na gcomhlachtaí faireacháin agus na sásraí breithiúnacha arna mbunú faoi na córais réigiúnacha sin agus a gcomhlántacht le córas na Náisiún Aontaithe um chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais atá tugtha ag an Aontas don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, lena n-áirítear oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta; á iarraidh go leanfadh an tAontas agus a Bhallstáit de thacaíocht a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta leis na modhanna agus na hacmhainní is gá, idir acmhainní daonna agus airgeadais, agus leas a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil dó chun an comhrac i gcoinne saoirse ó phionós ar fud an domhain a neartú; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun dul i ngleic le saoirse ó phionós ar fud an domhain; ag tacú le rannchuidiú an Aontais san imscrúdú ar choireanna cogaidh agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna faoi chuimsiú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta; ag cáineadh na n-iarrachtaí chun an bonn a bhaint d’obair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus dá dlisteanacht; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit a gcomhpháirtithe a spreagadh chun Reacht na Róimhe agus a leasuithe a dhaingniú agus, ar an gcaoi sin, dlínse na Cúirte a leathnú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cur chuige Fhoireann na hEorpa</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na cásanna cur chuige éagsúil maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn i dtíortha nach bhfuil san Aontas a fheictear in ambasáidí na mBallstát agus i dtoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’ambasáidí na mBallstát tús áite a thabhairt do chur chun cinn agus do chosaint chearta an duine, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna don tsochaí shibhialta i dtíortha nach bhfuil san Aontas: á thabhairt dá haire nár cheart go dtitfeadh an fhreagracht sin go hiomlán ar Thoscaireachtaí an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit cearta an duine a chur go héifeachtach mar chuid lárnach de bheartais agus uirlisí uile an Aontais; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit gníomhú ar bhealach aontaithe d’aon ghuth agus go héifeachtach chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda chearta an duine agus an daonlathais i bhfóraim iltaobhacha; á iarraidh go ndéanfaí comhordú iomlán i dtríú tíortha idir Toscaireachtaí uile na mBallstát agus Toscaireachtaí an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine; á iarraidh go ndéanfadh Toscaireachtaí an Aontais agus misin taidhleoireachta Bhallstáit an Aontais cur chuige níos réamhghníomhaí a ghlacadh maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus maidir le cosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an deighilt leanúnach i seoladh chaidreamh seachtrach an Aontais i ndáil le cearta an duine; á iarraidh go bhfeabhsófaí comhordú maidir le hábhair a bhaineann le cearta an duine idir Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta sa Choimisiún agus SEGS le hArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha eile, lena n-áirítear Ard-Stiúrthóireacht na Trádála agus an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, chomh maith le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail Frontex agus EASO; á chur in iúl gur geal léi an comhordú méadaithe idir Toscaireachtaí an Aontais agus ceanncheathrú SEGS agus Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta i ndáil le cásanna práinneacha HRD;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh Toscaireachtaí uile an Aontais i dtríú tíortha a dtacaíocht do HRDanna a mhéadú, i gcomhréir le treoirlínte an Aontais sa réimse sin, chomh maith le cuairt a thabhairt ar chomhaltaí an fhreasúra dhaonlathaigh, ar ghníomhaithe agus ar chomhaltaí na sochaí sibhialta atá i bpríosún sna tíortha sin, faireachán a dhéanamh ar a staid, freastal ar thrialacha agus a gcásanna a ardú in idirphlé an Aontais maidir le cearta an duine leis na tíortha atá i gceist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á thabhairt chun suntais an ról tábhachtach atá ag taidhleoireacht phoiblí agus chultúrtha an Aontais, chomh maith le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus á iarraidh go ndéanfadh rannóg na Cumarsáide Straitéisí agus na Fadbhreathnaitheachta de SEGS a hiarrachtaí a mhéadú i ndáil leis sin, ar cheart dó brath ar na hacmhainní iomchuí ina leith sin; á chur i bhfáth gur gá cumarsáid iomlán a dhéanamh i dtríú tíortha maidir le cláir um chearta an duine arna gcistiú nó ag an Aontas nó a dtacaíonn an tAontas leo; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach Treoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine a chur chun feidhme go hiomlán i dToscaireachtaí an Aontais agus i misin taidhleoireachta na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, SEGS agus na Ballstáit fíorchur chuige ‘Foireann na hEorpa’ a ghlacadh, arb é atá i gceist leis dul i dteagmháil go rialta leis an bParlaimint agus ról a thabhairt di ar bhealach fónta, aon uair a bhíonn cruinnithe, cuairteanna nó imeachtaí oifigiúla agus neamhoifigiúla eile ar siúl, i gcomhréir le ról Pharlaimint na hEorpa mar an t-aon chomhlacht de chuid an Aontais a thoghtar go díreach, a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig an Uachtarán ar an 77ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuig Uachtarán Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chuig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Cinn Toscaireachta an Aontais Eorpaigh.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>