<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0108</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil ar thuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0025/2024 -  Rapóirtéir: Sophia in 't Veld)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 Tuarascáil ar thuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (2023/2113(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 2, 3(1), 3(3), an dara fomhír, 4(3) agus Airteagail 5, 6, 7, 11, 19 agus 49 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe do na hAirteagail de a bhaineann le hurraim don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha san Aontas, agus lena gcosaint agus lena gcur chun cinn, lena n-áirítear Airteagail 70, 258, 259, 260, 263, 265 agus 267,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 maidir le Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2023)0800),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’ionstraimí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, agus do na moltaí agus na tuarascálacha ó Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cásdlí chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, do Chairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, don Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, agus do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin, na tuairimí agus na tuarascálacha ón gComhthionól Parlaiminteach, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile i gComhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mheabhrán tuisceana an 23 Bealtaine 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach agus do chonclúidí ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le tosaíochtaí an Aontais le haghaidh comhar le Comhairle na hEorpa 2023-2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra réasúnaithe ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta (COM(2017)0835), arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7(1) CAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) an 19 Iúil 2022 dar teideal Europe’s civil society:  still under pressure’, [Sochaí shibhialta na hEorpa: fós faoi bhrú], an 8 Meitheamh 2022 dar teideal ‘Fundamental Rights Report 2022’ [Tuarascáil maidir le Cearta Bunúsacha 2022], an 19 Lúnasa 2022 dar teideal ‘Protecting civic space in the EU’ [Spás na sochaí sibhialta san Aontas Eorpach a chosaint] agus an 3 Samhain 2022 dar teideal ‘Antisemitism – Overview of antisemitic incidents recorded in the European Union 2011-2021’, [Frithsheimíteachas – Forléargas ar eachtraí frithsheimíteacha a taifeadadh san Aontas Eorpach 2010-2020], agus a thuarascálacha, sonraí agus uirlisí eile, go háirithe Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EFRIS),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le sásra an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir le cinneadh an Choimisiúin Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú a mhéid a bhaineann leis an staid sa Pholainn<FOOTNOTE><FIELD> IO C 129, 5.4.2019, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le togra lena n-iarrtar ar an gComhairle a chinneadh, de bhun Airteagal 7(1) CAE, gur ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach an Aontais chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra an Aontais um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 maidir le tionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 415, 13.10.2021, lch. 36.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh – milliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 70.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le staid an smachta reachta san Aontas Eorpach agus cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht (AE, Euratom) 2020/2092<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 86.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 81, 18.2.2022, lch. 27.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le treoirlínte a chruthú chun an córas ginearálta coinníollachta a chur i bhfeidhm chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 146.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú san Aontas: an úsáid mhíchuí a bhaintear as caingne faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost<FOOTNOTE><FIELD> IO C 205, 20.5.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir le meastóireacht a dhéanamh ar bhearta coisctheacha chun éilliú, caiteachas neamhrialta agus mí-úsáid cistí an Aontais agus náisiúnta a sheachaint i gcás cistí éigeandála agus réimsí caiteachais a bhaineann le géarchéimeanna<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir leis an smacht reachta agus iarmhairtí an rialaithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 168.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus formheas féideartha phlean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 108.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2020 agus 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 80.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an smacht reachta i Málta, cúig bliana tar éis fheallmharú Daphne Caruana Galizia<FOOTNOTE><FIELD> IO C 149, 28.4.2023, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir le coireanna fuatha i gcoinne daoine LGBTIQ+ ar fud na hEorpa atá ag dul i méid i bhfianaise an dúnmharaithe homafóbaigh a tharla le déanaí sa tSlóvaic<FOOTNOTE><FIELD> IO C 149, 28.4.2023, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Samhain 2022 maidir le ceartas ciníoch, neamh-idirdhealú agus frithchiníochas san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 161, 5.5.2023, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2022 maidir leis an measúnú ar chomhlíonadh choinníollacha an smachta reachta ag an Ungáir faoin Rialachán maidir le Coinníollacht agus ar staid na himeartha maidir le RRP na hUngáire<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 74.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 30 Márta 2023 maidir le Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 341, 27.9.2023, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí calctha an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1223, 21.12.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 15 Meitheamh 2023 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus drochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/494, 23.01.2024.</FIELD></FOOTNOTE> agus do thuarascáil an 22 Bealtaine 2023 óna Choiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha eile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Iúil 2023 maidir leis an dlí toghcháin, an coiste imscrúdaitheach agus an smacht reachta sa Pholainn<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0268.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an smacht reachta i Málta: sé bliana tar éis fheallmharú Daphne Caruana Galizia agus an gá le hiriseoirí a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0374.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2022 agus 2023<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0050.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún 2262 (2019) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa maidir le cearta daoine ar de mhionlaigh náisiúnta iad a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholtaí agus do thuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, ón Ionadaí maidir le Saoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus ón gcomhar idir an tAontas agus ESCE maidir le daonlathú, forbairt institiúidí agus cearta an duine agus don tuarascáil bhliantúil ó ESCE maidir leis an bhfuathchoireacht, ina bhfuil gealltanas tugtha ag na stáit rannpháirteacha reachtaíocht a rith lena bhforáiltear do phionóis lena gcuirtear tromchúis na fuathchoireachta san áireamh, do bheart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú agus do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a thabhairt isteach nó a fhorbairt tuilleadh le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, oifigigh ionchúisimh agus bhreithiúnacha chun coireanna fuatha a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá tuarascáil ó Choiste Fiosrúcháin PEGA agus do rún agus moltaí PEGA<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0244.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha aiseolais, na tuarascálacha misin, na ceisteanna agus na freagraí i scríbhinn óna Ghrúpa Faireacháin um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha (DRFMG)<FOOTNOTE><FIELD> Maidir le gach gníomhaíocht faireacháin DRFMG, féach: https://www.europarl.europa.eu/committees/en/libe-democracy-rule-of-law-and-fundament/product-details/20190103CDT02662.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0025/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas bunaithe ar na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ar mheas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar dhínit an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad – luachanna atá comhchoiteann idir Ballstáit an Aontais agus nach mór do thíortha is iarrthóirí cloí leo chun dul isteach san Aontas mar chuid de chritéir Chóbanhávan, nach féidir neamhaird a thabhairt orthu ná iad a léirmhíniú an athuair tar éis an aontachais; de bhrí gur luachanna iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a threisíonn a chéile agus, nuair a bhaintear an bonn díobh, go bhféadfadh sin a bheith ina mbagairt shistéamach ar an Aontas agus ar chearta agus saoirsí a chuid saoránach; de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta ina cheangal ar an Aontas ina iomláine agus ar a Bhallstáit ar gach leibhéal rialachais, lena n-áirítear eintitis fhonáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa in iúl go soiléir gur mian leis an Aontas seasamh go córasach leis an smacht reachta ar fud na mBallstát uile, cearta bunúsacha na saoránach a chosaint agus creidiúnacht an Aontais a choinneáil agus a luachanna á gcur chun cinn aige laistigh den Aontas agus thar lear;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcuireann prionsabal an chomhair dhílis atá leagtha síos in Airteagal 4(3) CAE oibleagáid ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu do na Ballstáit, agus aon bheart iomchuí a ghlacadh, go ginearálta nó go háirithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí nó a thig ó ghníomhartha institiúidí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur gá na sásraí atá ann cheana a neartú agus a chuíchóiriú agus sásra cuimsitheach aonair an Aontais a fhorbairt chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint go héifeachtach agus chun a áirithiú go seasfar leis na luachanna a leagtar síos in Airteagal 2 CAE ar fud an Aontais agus go gcuirfear chun cinn iad i measc tíortha is iarrthóirí, chun cosc a chur ar na Ballstáit dlí náisiúnta a fhorbairt atá contrártha le cosaint Airteagal 2 CAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur thug an Pharlaimint aghaidh ag tráthanna éagsúla ar chásanna an smachta reachta sa Bhulgáir, san Ungáir, i Málta, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic ina rúin; de bhrí go bhfuil faireachán déanta ag an nGrúpa Faireacháin um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha (DRFMG) de Choiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar shaincheisteanna áirithe sa Bheilg, sa Bhulgáir, sa tSeicia, sa Fhrainc, sa Ghréig, i Málta, sa Pholainn, sa tSlóvaic, sa tSlóivéin agus sa Spáinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur raibh toghcháin pharlaiminteacha ann sa Pholainn i mí Dheireadh Fómhair 2023, a raibh mar thoradh orthu gur tháinig deireadh leis an rialtas a bhí faoi stiúir Pháirtí an Dlí agus an Cheartais; de bhrí gur thug an rialtas nua, atá ina léiriú ar chomhghuaillíocht dhaonlathach leathan, gealltanais láidre go ndéanfadh sé an smacht reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna a athbhunú sa Pholainn agus go bhfuil sé ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún agus le Comhairle AE chun na críche sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur mhol an Coimisiún ‘grúpa teagmhála’ idirinstitiúideach maidir leis an smacht reachta a chur ar bun; de bhrí gur ghlac an Pharlaimint leis an moladh sin agus gur mhol sí don Choimisiún agus don Chomhairle ‘tionscadal píolótach idirinstitiúideach maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha’ a chruthú; de bhrí gur fhreagair Uachtaránacht na Comhairle trína chur in iúl go bhféadfadh sí é sin a mheas tar éis di meastóireacht a dhéanamh ar a hidirphlé maidir leis an smacht reachta agus gur athdhearbhaigh an Coimisiún a oscailteacht do ghrúpa teagmhála neamhfhoirmiúil maidir leis an smacht reachta a phlé;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, ar an drochuair, nár chuir roinnt rialtas de chuid na mBallstát iad féin ar fáil le haghaidh malartú tuairimí in DRFMG agus nár fhreagair siad a cheisteanna i scríbhinn ná nár bhuail siad lena chomhaltaí le linn misean sna Ballstáit; de bhrí, áfach, go bhfuil Ballstáit eile tar éis iad féin a chur ar fáil do sheisiúin, do cheisteanna agus do mhisin DRFMG, mar chuid dá bhfreagracht chomhpháirteach maidir le luachanna an Aontais a chosaint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceartas agus córais ionchúisimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú gur cnámh droma an smachta reachta iad breithiúna neamhspleácha, ós rud é gur réamhchoinníoll iad sin le haghaidh leigheas éifeachtach nuair a dhéantar dlíthe, cearta, saoirsí agus prionsabail dhaonlathacha a choinneáil siar nó a shárú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil breithiúna neamhspleácha agus éifeachtacha ríthábhachtach ní hamháin chun an smacht reachta agus an daonlathas a choinneáil sna Ballstáit agus san Aontas, ach go bhfuil sé ríthábhachtach freisin chun dlí an Aontais a chur chun feidhme, ós rud é go mbraitheann an Coimisiún ar na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú; á chur in iúl a thábhachtaí atá muinín fhrithpháirteach, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna nach féidir leis an gCoimisiún neamhaird a thabhairt ar easnaimh na n-údarás breithiúnach náisiúnta i roinnt Ballstát ná glacadh leis go bhfuil siad go léir in ann leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha a chur ar fáil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cé go bhféadfadh roinnt córas breithiúnach a bheith láidir agus sásúil ar pháipéar, i gcásanna áirithe nach bhfuil siad díolmhaithe ó ghabháil stáit, trasnaíocht pholaitiúil ná finíochas; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil sé deacair é sin a bhrath trí mheasúnú simplí a dhéanamh ar na struchtúir fhoirmiúla; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, anailís níos cáilíochtúla a dhéanamh, lena n-áirítear gnéithe comhthéacsúla, go háirithe maidir le cur chun feidhme fadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil éagothromaíochtaí móra idir Ballstáit an Aontais ó thaobh neamhspleáchas na mbreithiúna agus coimircí breithiúnacha de; ag tabhairt dá haire go luaitear sa tuarascáil roinnt tionscnaimh dhearfacha agus forbairtí leanúnacha maidir leis na Comhairlí do na Breithiúna, go háirithe i Lucsamburg, san Ísiltír, sa Phortaingéil, san Iodáil, sa tSualainn, san Fhionlainn agus san Ungáir<FOOTNOTE><FIELD> Coiste Heilsincí na hUngáire, Easnaimh bhunúsacha athchóiriú breithiúnach na hUngáire, an 31 Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún gur gá aghaidh a thabhairt fós ar ábhair imní maidir leis na Comhairlí do na Breithiúna sa Pholainn, sa tSlóvaic, sa Bhulgáir, sa Spáinn agus sa Chipir; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfar imeachtaí araíonachta a úsáid mar bhealach chun neamhspleáchas na mbreithiúna a laghdú, mar a tharla sa Pholainn faoin rialtas a bhí faoi stiúir Pháirtí an Dlí agus an Cheartais; ag tabhairt dá haire go bhfuil, faoi dheoidh, an Pholainn curtha faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) mar sheall ar sháruithe arna ndéanamh ag Binse Bunreachtúil na Polainne ar dhlí an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil Aire Dlí agus Cirt reatha Phoblacht na Polainne tiomanta do dheireadh a chur leis an gcóras araíonachta neamhdhleathach do na breithiúna sa Pholainn, i gcomhréir le rialuithe CBAE agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine;ag ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún de bhrí go bhfuil tionscnaimh déanta nó fógartha ag Ballstáit áirithe, lena n-áirítear an Fhionlainn, an Ostair, an tSlóivéin, an Chipir, an tSualainn agus an Ungáir, chun feabhas a chur ar phróisis ceapacháin bhreithiúnacha agus ar fheidhmiú ardchúirteanna, go bhfuil dúshláin fós ann maidir le breithiúna ardleibhéil a cheapadh i Málta, sa Ghréig, sa Liotuáin, sa Laitvia agus in Éirinn; á thabhairt chun suntais go measann an Coimisiún go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha fós ann sa Pholainn maidir le breithiúna den Chúirt Uachtarach a ceapadh roimhe sin, lena n-áirítear a Chéad Uachtarán, agus maidir le neamhchur chun feidhme leanúnach réamhrialú CBAE maidir le ceapachán breithiúnach chuig an Dlísheomra um Rialú Urghnách; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil imní ann fós sa tSlóvaic i gcoir na mí-úsáide dlí a tugadh isteach do bhreithiúna maidir lena gcinntí breithiúnacha, ós rud é go bhfuil tionchar diúltach síceolaíoch aici ar bhreithiúna agus go bhfuil ualach trom ag baint leis do na húdaráis imscrúdaithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil imní mhór ann fós san Ungáir maidir le neamhspleáchas breithiúnach, de shárú ar shár-gharspriocanna an Choimisiúin, lena n-áirítear bacainní ar réamhthagairtí a bheith fós ann, fadhbanna le leithdháileadh cásanna in Kúria agus córas easnamhach ainmniúcháin Uachtarán Kúria;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart modhanna leordhóthanacha a leithdháileadh ar na breithiúna chun bheith fíor-inrochtana agus in ann leigheas éifeachtach a chur ar fáil do shaoránaigh; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún nach bhfuil laghdú tagtha go fóill ar acmhainní méadaithe do na breithiúna agus ar bhearta eile a ghlac Málta, an Chipir agus an Ghréig maidir le fad na n-imeachtaí, agus gur dúshlán tromchúiseach fós iad riaráistí cásanna; de bhrí go ndearnadh roinnt beart sa treo ceart sa Chróit, san Iodáil agus sa Phortaingéil, ach go bhfuil éifeachtacht na n-athchóirithe fós le feiceáil; ag tabhairt dá haire gur iarr an Coimisiún ar an nGearmáin acmhainní leormhaithe a áirithiú don chóras ceartais, lena n-áirítear maidir le leibhéal an luacha saothair do bhreithiúna, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hacmhainní agus luach saothair don chóras ceartais á gcur san áireamh; á iarraidh ar an nGearmáin leanúint den ‘Chomhshocrú maidir leis an Smacht Reachta’ a chur chun feidhme agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil don chóras ceartais trí líon na mbreithiúna a mhéadú chun an córas ceartais cónaidhme a neartú; ag aithint go measann an Coimisiún go bhfuil roinnt dul chun cinn le feiceáil i gcur chun feidhme an mholta a rinneadh i dtuarascáil 2022 maidir leis an smacht reachta maidir le héifeachtúlacht an chórais ceartais, lena n-áirítear i Málta agus sa Spáinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cistiú tríd an gclár um cheartas chun tacú le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla agus chun rannchuidiú le ceartas na hEorpa a fhorbairt tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit níos mó a dhéanamh chun cúnamh dlí saor in aisce nó inacmhainne a chur ar fáil do shaoránaigh, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil in ann íoc as an gcúnamh sin iad féin, chun go mbeidh rochtain éifeachtach ag saoránaigh ar an gceartas agus gur cheart dóibh rochtain ar dhlíodóir a éascú tuilleadh; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le rochtain ar cheartas agus ar chúnamh dlí sa Spáinn, sa Fhrainc, san Fhionlainn, sa Bhulgáir, i Málta agus sa Liotuáin, agus go bhfuil ábhair imní fós ann in Éirinn, sa Danmhairg, i Lucsamburg agus san Ungáir; ag tabhairt dá haire freisin go measann an Coimisiún go bhfuil céimeanna ar bun i roinnt Ballstát chun an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir a áirithiú, lena n-áirítear an Spáinn, an Fhrainc, an Fhionlainn, an Bhulgáir agus Málta, agus go bhfuil feabhsuithe fós ar feitheamh i mBallstáit eile, amhail an Liotuáin, Éire, an Danmhairg, Lucsamburg agus an Ungáir; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, measúnú a chur san áireamh, sa chéad tuarascáil eile maidir leis an smacht reachta, ar chur i bhfeidhm <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir le cúnamh dlí in ábhair shibhialta agus chóiriúla, amhail Treoir 2002/8/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 26, 31.1.2003, lch. 41.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir leis an rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a leagan síos a bhaineann le cúnamh dlí i gcás na ndíospóidí sin, toisc go léirítear le cásdlí CBAE go bhfuil ceisteanna fós ann faoina léiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag na Comhairlí do na Breithiúna chun neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú; á mheas gur gá meastóireacht a dhéanamh ar na hathchóirithe atá á nglacadh i mBallstáit éagsúla agus á mholadh go ndéanfaí comhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhlachtaí sin a oiriúnú do na caighdeáin a bhunaigh an Coimisiún agus Comhairle na hEorpa, agus atá formhuinithe ag CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios gur príomhghné í an tseirbhís ionchúisimh d’acmhainneacht na mbreithiúna an choireacht agus an t-éilliú a chomhrac; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé uathriail agus cuntasacht na seirbhíse ionchúisimh a ráthú; á chur i bhfáth gur gá coimircí a chur i bhfeidhm chun cabhrú le huathriail agus cuntasacht na seirbhíse ionchúisimh a chaomhnú, lena n-áirítear a áirithiú go bhfuil sí saor ó bhrú polaitiúil míchuí, go háirithe ón rialtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit uile cód iompair a ghlacadh do bhreithiúna, tar éis mholtaí an Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) agus ag cur san áireamh go bhfuil cóid den sórt sin infheidhme ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) agus ag CBAE, chun sásraí neamhspleácha a chruthú chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar an gcód iompair agus ar dhlíthe eile, chun nochtadh agus trédhearcacht i gcoinbhleachtaí leasa agus i mbronntanais a fhaigheann na breithiúna a fheabhsú, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ndoirse imrothlacha agus chun ceangal a chur ar cheartas a gcinntí riaracháin a mhíniú go poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hathruithe suntasacha pearsanra agus na hathruithe suntasacha struchtúracha agus eagraíochtúla a fógraíodh i bpóilíní na Slóvaice agus in institiúidí daonlathacha neamhspleácha eile, lena n-áirítear i measc imscrúdaitheoirí atá ag obair ar choireanna tromchúiseacha agus cásanna éillithe ardleibhéil i nGníomhaireacht Choiriúil Náisiúnta na Slóvaice (NAKA), rud a chuireann amhras in iúl maidir leis na cúiseanna atá leis na hathruithe sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di próiseas reachtach luathaithe Rialtas na Slóvaice nach bhfuil údar leis, go háirithe maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar an gcód coiriúil agus maidir le díscaoileadh Oifig an Ionchúisitheora Speisialta, a chuireann sláine na bpróiseas breithiúnach i mbaol, a bhaineann an bonn de chomhrac an Aontais i gcoinne na calaoise agus a chuireann cosaint leasanna airgeadais na hEorpa agus an dúlra sa tSlóvaic i mbaol; á iarraidh ar Rialtas na Slóvaice athmhachnamh a dhéanamh ar na leasuithe sin i bhfianaise na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith acu ar an smacht reachta agus ar leasanna airgeadais an Aontais chomh maith le creat frith-éillithe an Aontais; á mheabhrú nach mór coimircí leordhóthanacha agus leormhaithe a bheith in aon athchóiriú coiriúil chun leanúnachas agus éifeachtacht cásanna coiriúla nua agus leanúnacha a áirithiú, go háirithe i ndáil le héilliú ardleibhéil, agus chun neamhspleáchas na mbreithiúna agus uathriail an ionchúisimh a ráthú i gcomhréir leis na moltaí ón gCoimisiún i dtuarascálacha ina dhiaidh sin maidir leis an smacht reachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbeidh moilleanna suntasacha ann mar thoradh ar chásanna an Ionchúisitheora Speisialta a shannadh agus go bhféadfadh cásanna áirithe cliseadh i bhfianaise reacht na dteorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire bearta Rialtas na Spáinne atá nasctha leis a bheith curtha faoi mhionn le déanaí, lena n-áirítear dlí maithiúnais a ghlacadh amach anseo; ag aithint na gceisteanna, na dtuairimí agus na n-ábhar imní a chuir geallsealbhóirí éagsúla in iúl mar fhreagairt ar na forbairtí sin, lena n-áirítear comhlachais breithiúna, ionchúisitheoirí, dlíodóirí, acadóirí, an tsochaí shibhialta agus an pobal i gcoitinne; ag tabhairt dá haire gur scríobh an Coimisiún chuig Rialtas na Spáinne freisin chun mínithe a iarraidh; á chur i bhfios go láidir gur fiú measúnú neamhspleách a dhéanamh air sin; á iarraidh ar Rialtas na Spáinne, i ndáil leis sin, trédhearcacht iomlán a chur ar fáil do na hinstitiúidí Eorpacha maidir leis an dlí maithiúnais sin agus ag tabhairt dá haire gur iarr Seanad na Spáinne tuairim ó Choimisiún na Veinéise maidir lena bhunreacht agus a chomhlíonadh le rialacha agus caighdeáin Eorpacha; á chur in iúl gur oth léi freisin staid bhlocála sheanbhunaithe Chomhairle na mBreithiúna, ar ina leith a rinne an Coimisiún moltaí sonracha d’údaráis na Spáinne ina thuarascáil maidir leis an smacht reachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éilliú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á athdhearbhú gur bagairt thromchúiseach ar an smacht reachta é an t-éilliú agus go mbaineann sé an bonn go mór ón muinín sa daonlathas agus sa chomhionannas os comhair an dlí; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún níos mó iarrachtaí a dhéanamh chun an t-éilliú a dhíothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go léirítear in Eorabharaiméadar 2022 maidir leis an éilliú go bhfuil an t-éilliú fós ina chúis mhór imní do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais, agus go gcreideann cuid mhór de mhuintir na hEorpa go bhfuil éilliú forleathan ina dtír féin (68 %) agus go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal an éillithe (41 %); á chur in iúl gur mór aici go bhfuil straitéisí frith-éillithe i bhfeidhm anois ag na Ballstáit uile, a ndéantar meastóireacht agus athbhreithniú rialta orthu; á mheabhrú go bhfuil gá ní hamháin le creat fónta dlí, ach le cur chun feidhme éifeachtach freisin chun deireadh a chur le cleachtais éillitheacha agus go n-éilítear creataí rialachais agus sláine atá trédhearcach agus cuntasach chun cleachtais den sórt sin a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin go bhfuil straitéisí frith-éillithe i bhfeidhm ag na Ballstáit uile, go bhfuil éagsúlachtaí móra ann maidir le braistintí ar éilliú ar fud an Aontais, agus go bhfuil an Danmhairg, an Fhionlainn, an tSualainn agus an Ísiltír rangaithe i measc na dtíortha is lú éilliú, agus gur cúis imní iad na leibhéil éillithe a bhraitear sa Bhulgáir, i Málta, san Ungáir sa Ghréig agus sa tSlóivéin<STRING SUPERSCRIPT="on">29</STRING>; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di freisin, go measann an Coimisiún nach bhfuil cuntas teiste daingean fós le bunú ag roinnt Ballstát, amhail an Bhulgáir, Málta, an Ungáir, an Ghréig agus an tSlóivéin, maidir le cásanna ardleibhéil éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh as a n-eascraíonn ciontuithe deiridh a bhfuil éifeacht dhíspreagthach acu; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh GRECO tuarascáil maidir leis an gCipir le déanaí, inar leagadh béim ar easpa éifeachtachta iarbhír na reachtaíochta frithéillithe agus inar cuireadh in iúl rioscaí sonracha laistigh d’fhorfheidhmiú an dlí<FOOTNOTE><FIELD> GRECO, an cúigiú babhta meastóireachta, éilliú a chosc agus sláine a chur chun cinn sna rialtais láir (feidhmeanna feidhmiúcháin is fearr) agus i ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí — Tuarascáil mheastóireachta, an Chipir, an 2 Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart do rialtas na mBallstát agus d’oifigigh, polaiteoirí, ionadaithe tofa agus ceannairí an Aontais sampla a thabhairt trí staonadh ó aon chleachtais éillitheacha agus nár cheart go mbeadh aon chur isteach rialtais ná polaitiúil in imscrúduithe éillithe; á iarraidh ar DFRMG obair leantach a dhéanamh ar rúin ón bParlaimint maidir leis an smacht reachta chun cabhrú le saoirse ó phionós i leith an éillithe a chomhrac; á chur i bhfios go bhféadfadh oifigigh, polaiteoirí, ionadaithe tofa agus ceannairí an Aontais a bheith rannpháirteach san éilliú freisin, mar atá léirithe ag Qatargate; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur iarr sí go gcumhdófaí institiúidí an Aontais sa tuarascáil bhliantúil freisin; á athdhearbhú ar an gCoimisiún an chaibidlíocht maidir le ballraíocht iomlán an Aontais in GRECO a thabhairt chun críche a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mothódh saoránaigh agus gnólachtaí go bhfuil siad sábháilte chun cásanna éillithe a thuairisciú, go háirithe trí sceithireacht; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil bacainní móra fós ar sceithireacht ar fud an Aontais, cé go bhfuil bearta déanta ag roinnt Ballstát, amhail an tSlóvaic, an Chipir, an Danmhairg agus Málta, chun iarracht a dhéanamh an staid sin a fheabhsú; á iarraidh ar Rialtas na Slóvaice prionsabail cheangailteacha Threoir Sceithirí an Aontais a urramú<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).</FIELD></FOOTNOTE> agus athmhachnamh a dhéanamh ar na hathruithe atá beartaithe maidir le cosaint sceithirí sa tSlóvaic; á chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di gur baineadh a gcosaint go cúlghabhálach de sceithirí, rud a fhágann go bhfuil easpa deimhneachta dlí ann; ag tabhairt dá haire gur chuir an oifig sceithirí na saincheisteanna in iúl don Choimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cáineadh go leanann Málta dá scéim um shaoránacht trí infheistíocht (CBI) a fheidhmiú, ar riosca mór é don éilliú agus do choireanna eile, go háirithe i bhfianaise na mbeart atá déanta ag roinnt Ballstát eile chun a áirithiú go gcuirfear deireadh le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí; ag tabhairt dá haire an chaingean atá ar feitheamh arna tabhairt os comhair CBAE ag an gCoimisiún i gcoinne Mhálta mar gheall ar a scéim CBI agus ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart don Choimisiún a shaincheart a úsáid chun reachtaíocht a mholadh agus toirmeasc reachtach an Aontais a thionscnamh maidir le gach Scéim CBI san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir leis an smacht reachta a choimirciú agus éilliú a chomhrac san Aontas, agus ag moladh don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéal comhair na mBallstát le OIPE i dtuarascálacha iardain; á iarraidh ar na Ballstáit nach ndeachaigh isteach in OIPE go fóill déanamh amhlaidh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha ag an bPolainn leis an nós imeachta chun ballraíocht a ghlacadh in OIPE, rud a léiríonn tiomantas láidir an rialtais nua do leasanna airgeadais AE a chosaint agus éilliú a chomhrac go héifeachtach; á mheas gur cheart ballraíocht in OIPE a bheith ina réamhchoinníoll chun cistí de chuid an Aontais a fháil; á iarraidh athuair go leathnófaí sainordú OIPEag ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheas gur cheart do chomhlachtaí Eorpacha, amhail Europol, Eurojust, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, OIPE agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) feabhas a chur ar a gcomhar chun éilliú a chosc i mBallstáit an Aontais agus sna hinstitiúidí Eorpacha araon; á iarraidh freisin, sa chomhthéacs sin, go gcruthófaí comhlacht eitice éifeachtach san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh údaráis náisiúnta, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha agus phóilíneachta, a bheith rannpháirteach san éilliú – na húdaráis chéanna atá ceaptha chun é a chomhrac; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí, ina leith sin, go bhfuil dul chun cinn mall agus teoranta déanta maidir le deireadh a chur le cultúr na saoirse ó phionós ar an leibhéal is airde i Málta, mar a sainaithníodh san fhiosrúchán poiblí neamhspleách maidir le feallmharú Daphne Caruana Galizia; á mheas go bhfuil ról tábhachtach ag comhlachtaí an Aontais, amhail Europol, maidir le héilliú a imscrúdú agus fianaise a bhailiú, ach gur bac é an ceanglas maidir le formheas náisiúnta ar rannpháirtíocht Europol; á iarraidh go neartófar sainordú Europol chun a chur ar a chumas imscrúdú a dhéanamh ar chásanna éillithe den chineál a thuairiscítear thuas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé maoirseacht a dhéanamh ar Europol a ráthú ar leibhéal an Aontais, sásraí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí cuntasachta neamhspleácha san Aontas a neartú agus grinnscrúdú daonlathach ar ghníomhaíochtaí Europol a fheabhsú, lena n-áirítear ag an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach, lena n-áirítear meastóireacht chórasach ar ghníomhaíochtaí uile na gníomhaireachta agus comhlíonadh a sainordaithe, chomh maith leis an dualgas obair leantach a dhéanamh ar mholtaí arna n-eisiúint ag Parlaimint na hEorpa chuig an ngníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tograí frith-éillithe ón gCoimisiún, a fhreagraíonn do ghlaonna na Parlaiminte chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cosc an éillithe a phríomhshruthú i bhforbairt bheartais agus chláir an Aontais, agus tacú go gníomhach le hiarrachtaí na mBallstát beartais agus reachtaíocht fhónta frithéillithe a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi an toilteanas aghaidh a thabhairt ar ghné thrasteorann an éillithe trí chionta éillithe a choiriúlú agus trí phionóis a chomhchuibhiú ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dlúthnasc idir an t-éilliú agus an sciúradh airgid agus go bhfuil sciúradh airgid ar cheann de na cumasóirí is tábhachtaí i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha na coireachta eagraithe agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ina ionsaí ar an smacht reachta trína n-aistríonn coirpigh fáltais ón gcoireacht isteach sa gheilleagar dlí; á chur in iúl gur eol di go bhféadfadh calaois i gcoinne bhuiséad an Aontais a bheith ina réamhtheachtaí don sciúradh airgid freisin; á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach féidir cosaint leasanna airgeadais an Aontais a shaothrú agus a neartú go héifeachtach agus go héifeachtúil ach amháin trí ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais a neartú agus trí thrédhearcacht na n-institiúidí Eorpacha a mhéadú, agus na srianta bunúsacha a bhaineann leis na córais náisiúnta a shárú, ar srianta iad nach leor iad chun cur i gcoinne ionsaithe ar leasanna airgeadais an Aontais atá ag éirí níos trasnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Údaráis neamhspleácha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach féidir le srianta agus ceartúcháin feidhmiú ach amháin nuair atá cúirteanna bunreachtúla, ombudsmain, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, gnólachtaí iniúchóireachta, comhlachtaí comhionannais agus gach údarás neamhspleách eile in ann feidhmiú agus go bhfuil sainorduithe, neamhspleáchas, ionracas agus cistiú leormhaith acu atá leathan go leor;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil an staid maidir le hombudsmain, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, comhlachtaí comhionannais agus údaráis neamhspleácha eile an-éagsúil i measc na mBallstát, agus roinnt forbairtí sa treo ceart sa Chipir, sa tSlóvaic, i Lucsamburg, sa Phortaingéil, sa tSlóivéin agus sa Pholainn, agus go bhfuil dúshláin fós ann sa Liotuáin, san Ungáir agus sa Chróit, gan aon institiúid náisiúnta um chearta an duine bunaithe i gcomhréir le Prionsabail Pháras NA san Iodáil, sa tSeicia, i Málta agus sa Rómáin, le moilleanna ar cheapacháin in údaráis neamhspleácha éagsúla sa Bhulgáir, sa Spáinn agus san Ostair, agus leis an bPolainn ag cur feidhmiú éifeachtach na hUasoifige Iniúchóireachta i mbaol; ag cur sonrú, agus é ina chúis mhór imní di, sna forbairtí a tharla le déanaí sa Ghréig, ina bhfuil údaráis neamhspleácha amhail an tÚdarás Heilléanach um Shlándáil agus Príobháideachas Cumarsáide (ADAE) agus Údarás na Gréige um Chosaint Sonraí faoi bhrú méadaitheach mar gheall ar a gcuid oibre maidir le húsáid neamhdhlisteanach earraí spiaireachta, agus ionadú déanta faoi dheifir le déanaí ar chomhaltaí bhord ADAE ag Parlaimint na Gréige mar thoradh ar an gcinneadh atá le teacht ó ADAE fíneáil a fhorchur ar ghníomhaireacht faisnéise na Gréige;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iolrachas na meán agus saoirse na meán</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach féidir leis an saol daonlathach agus an smacht reachta teacht slán gan iolrachas na meán agus saoirse na meán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheas gurb í trédhearcacht úinéireacht na meán an t-íosmhéid bunúsach chun iolrachas na meán a chaomhnú; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún, ó thuarascáil 2022 maidir leis an smacht reachta, gur glacadh reachtaíocht nua lena méadaítear trédhearcacht úinéireacht na meán nó lena bhfeabhsaítear infhaighteacht phoiblí faisnéise faoi úinéireacht na meán sa Ghréig, i Lucsamburg agus sa tSualainn agus gur neartaíodh an reachtaíocht sin sa Chipir; ag tabhairt dá haire go bhfuil athrú sa Bhulgáir, sa tSeicia agus sa Fhrainc fós ar feitheamh; ag spreagadh na n-institiúidí Eorpacha Gníomh láidir agus uaillmhianach um Shaoirse na Meán a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar deireadh chun a áirithiú go ndéanfar comhchuibhiú ar thrédhearcacht na reachtaíochta maidir le húinéireacht na meán ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún nach bhfuil cosaint leordhóthanach ag rialtóirí na meán trí choimircí i gcoinne tionchar polaitiúil míchuí, amhail san Ungáir, sa tSlóivéin agus, go dtí le deireanas, sa Pholainn faoin iar-rialtas a bhí stiúir Pháirtí an Dlí agus an Cheartais, agus go bhfuil easpa acmhainní ag na húdaráis, go háirithe sa Ghréig agus sa Rómáin; á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach Airteagal 30 de Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, lena sonraítear an ceanglas maidir le coimircí do neamhspleáchas na n-údarás rialála náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá neamhspleáchas eagarthóireachta na meán seirbhíse poiblí agus dualgas na mBallstát uile é sin a urramú; á chur i bhfáth gur gá coimircí a bhunú i gcoinne cur isteach inmheánach agus seachtrach; á mheas gur cheart meáin na seirbhíse poiblí a chosaint ó bhrúnna polaitiúla, lena n-áirítear dífhostuithe míchuí, agus gur cheart coimircí a chur i bhfeidhm chun a ráthú gur féidir cinntí eagarthóireachta a dhéanamh gan bhac; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil tionscnaimh glactha ag Lucsamburg, ag an tSlóivéin, ag an nGearmáin, ag an Eastóin, ag an tSlóvaic agus ag an tSeicia chun na coimircí dlí nó na hacmhainní buiséadacha a neartú chun neamhspleáchas craoltóirí seirbhíse poiblí náisiúnta a fheabhsú, agus plé á dhéanamh ag an gCipir, ag Éirinn agus ag an tSualainn freisin ar athchóirithe, agus easpa beart chuige sin sa Rómáin, , i Málta, agus san Ungáir; ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag Rialtas nua na Polainne ar neamhspleáchas an chraoltóra phoiblí a athbhunú; ag tabhairt dá haire gur rátáil an Monatóir is déanaí ar Iolrachas sna Meáin go raibh an riosca do neamhspleáchas eagarthóireachta agus do neamhspleáchas polaitiúil i Málta ‘ard’, agus go ndearna sé athmheastóireacht ar an riosca foriomlán d’iolrachas sna meáin i Málta, rud a d’athraigh é ó riosca ‘meánach’ go riosca ‘ard’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an t-athstruchtúrú atá beartaithe ar Raidió agus Teilifís na Slóvaice (RTVS), príomhchraoltóir poiblí na tíre; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé meáin shaora neamhspleácha a choinneáil mar bhunchloch de shochaí dhaonlathach; á chur in iúl gur oth léi cinneadh Phríomh-Aire na Slóvaice agus roinnt oifigigh rialtais stop a chur le cumarsáid le príomheagraíochtaí na meán, ag aithint gur bac suntasach é sin ar cheart an phobail faisnéis ábhartha rialtais a fháil; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann bearta den sórt sin srian le saoirse agus trédhearcacht na meán agus go gcuireann siad le scaipeadh bréagaisnéise ionramhála i spásanna poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cistiú leormhaith a chur ar fáil d’iriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán ar fud na hEorpa ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint iriseoirí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheabhrú gur gné ríthábhachtach den smacht reachta daonlathach í an iriseoireacht neamhspleách mar chuid de na srianta agus ceartúcháin riachtanacha agus gur gné den ghrinnscrúdú poiblí í; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí a rinne roinnt rialtas d’aon ghnó agus cumhachtaí eacnamaíocha, iriseoirí atá ag nochtadh éagóiritheoireachta a chur ina dtost; á chur i bhfáth go bhfuil éifeacht athchomhairleach ag cur isteach agus brú gan údar, eagla agus féinchinsireacht ar fheidhmiú saoirse iriseoireachta chun tuairimí a nochtadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na treochtaí ar cúis imní iad i sábháilteacht iriseoirí i roinnt Ballstát; ag tabhairt dá haire gur chláraigh Ardán Chomhairle na hEorpa chun cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht iriseoirí a chur chun cinn níos mó ná 1600 foláireamh maidir le bagairtí ó 2015 i leith; á chur in iúl gur oth léi an t-imeaglú a rinneadh ar iriseoirí le linn feachtais toghcháin, amhail a tharla le déanaí sa toghchán sa tSlóvaic; á chur in iúl gur oth léi mainneachtain Mhálta feabhas a chur ar dhálaí oibre iriseoirí ó feallmharaíodh Daphne Caruana Galizia, lena n-áirítear an mhainneachtain moltaí uile thuarascáil fiosrúcháin phoiblí an 29 Iúil 2021 a chur chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh ar oifigigh rialtais na Slóvaice staonadh ó ionsaithe ó bhéal ar dhaoine aonair; ag cur béim ar dhualgas na n-oifigeach poiblí agus rialtais freastal ar gach saoránach, go háirithe i dtír ina bhfuil stair na fuathchoireachta agus dúnmharú iriseora i gceist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil SLAPPanna fós ann ar fud an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar na Ballstáit Moladh (AE) 2022/758<FOOTNOTE><FIELD> Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail) (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30).</FIELD></FOOTNOTE> ón gCoimisiún a chur chun feidhme agus bearta frith-SLAPP intíre a ghlacadh chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach; á chur in iúl gur féidir é sin a dhéanamh trí phionóis phríosúin a bhaint as cásanna clúmhillte, trí chlúmhilleadh a dhíchoiriúlú agus trí thús áite a thabhairt do nósanna imeachta sibhialta nó riaracháin ina ionad sin; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil idir comhreachtóirí an Aontais maidir leis an treoir frith-SLAPP<FOOTNOTE><FIELD> Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail), COM(2022)0177.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí tuilleadh reachtaíochta a mholadh chun gach cás SLAPP a chumhdach, lena n-áirítear cásanna intíre; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin na n-ábhar imní a chuir eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla in iúl, nach leor forálacha frith-SLAPP atá beartaithe ag Málta chun obair iriseoirí a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, litir chuig Spéicéir Theach Mhálta, 26 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE> ; á athdhearbhú ar roinnt polaiteoirí Mhálta, lena n-áirítear iarPhríomh-Aire Mhálta, na cásanna leabhail a tharraingt siar, cásanna a fuair Daphne Caruana Galizia le hoidhreacht agus atá fós ar siúl roinnt blianta tar éis a feallmharaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar Rialtas na Gréige aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thromchúiseacha a sainaithníodh le Mearfhreagairt Shaoirse na Meán (MFRR), comhaontas a rianaíonn sáruithe ar shaoirse an phreasa agus na meán, a dhéanann faireachán orthu, agus a fhreagraíonn orthu, go háirithe maidir le faireachas treallach, saoirse ó phionós nó coireanna i gcoinne iriseoirí, SLAPPanna, neamhspleáchas na meán agus iolrachas<FOOTNOTE><FIELD> Institiúid Idirnáisiúnta an Phreasa, Murdered, surveilled and sued: decisive action needed to protect journalists and salvage press freedom in Greece [feallmharaithe, faireachas déanta orthu agus agairt déanta ina leith: gníomhaíocht chinntitheach a bhfuil gá léi chun iriseoirí a chosaint agus saoirse an phreasa a tharrtháil sa Ghréig], an 27 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE> ; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh tascfhórsa maidir le ‘cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile meán’, agus é mar chuspóir leis sin sábháilteacht agus neamhspleáchas iriseoirí agus gairmithe eile meán a neartú, feasacht a mhúscailt, mar aon le faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht iriseoirí, a bhfuil tús curtha ag an tascfhórsa leis i gcomhréir le Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile meán san Aontas Eorpach a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 20.9.2021, lch. 8.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go ndearna údaráis na Fraince tuairisceoir a choinneáil le déanaí, chun a cuid foinsí a nochtadh, de réir dealraimh, agus go ndearnadh cúléisteacht neamhdhleathach ar iriseoir Ollannach atá ag obair do ‘De Correspondent’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cáineadh go láidir an easpa dul chun cinn cinntitheach san imscrúdú ar dhúnmharú Giorgos Karaivaz; ag tabhairt dá haire gur gabhadh an bheirt mharfóirí líomhnaithe níos mó ná dhá bhliain tar éis an dúnmharaithe ar bhonn fianaise a dhealraíonn a bheith ar fáil do na póilíní an t-am ar fad; á mheas nár sainaithníodh fós príomhúdar an dúnmharaithe; ag tabhairt dá haire go raibh Karaivaz – amhail Daphne Caruana Galizia agus Ján Kuciak – ag imscrúdú an éillithe agus na coireachta, agus go bhféadfadh sé go ndearna siad naimhde in áiteanna arda, lena n-áirítear i gciorcail pholaitiúla; á chur i bhfios nár ciontaíodh fós an príomhúdar amhrasta i leith dhúnmharú Daphne Caruana Galizia, agus nár thug na húdaráis aghaidh go leormhaith ar na cásanna éillithe agus coireachta uile a bhí á n-imscrúdú aici;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag cáineadh an fhaireachais neamhdhleathaigh a dhéantar ar iriseoirí, go háirithe trí earraí spiaireachta; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún moltaí uile Choiste Fiosrúcháin Speisialta Pegasus a chur chun feidhme agus á mheas gur mainneachtain é; á athdhearbhú ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sonracha don Chipir, don Ghréig, don Ungáir, don Pholainn agus don Spáinn a leagtar amach sa Mholadh, arb é an 30 Samhain 2023 an spriocdháta ina leith; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cruthaíodh an coiste speisialta fiosrúcháin a bhfuil cumhachtaí imscrúdaitheacha aige in Sejm, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú críochnúil ar sháruithe tromchúiseacha líomhnaithe ar dhlíthe náisiúnta agus ar dhlíthe AE a bhaineann le faireachas neamhdhleathach chun críoch polaitiúil ag an rialtas atá faoi stiúir an Dlí agus an Cheartais; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil liosta líomhnaithe na n-íospartach an-fhada agus go n-áirítear ann an iliomad polaiteoirí, dlíodóirí, ionchúisitheoirí, iriseoirí, daoine gnó, gníomhaithe agus daoine eile; á chur i bhfios nár freastalaíodh ar an gceartas in aon cheann den mhórán cásanna de mhí-úsáid earraí spiaireachta i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe, polaiteoirí, dlíodóirí agus spriocanna polaitiúla eile; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, murab ionann agus toimhde an Choimisiúin, nach bhfuil go leor údaráis náisiúnta toilteanach ná in ann aghaidh a thabhairt ar an gceist, rud a fhágann nach bhfuil na híospartaigh gan leigheas éifeachtach ná faoi chosaint an daonlathais; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an éifeacht athchomhairleach a bheadh ag mí-úsáid spiaireachta ar iriseoirí agus ar a bhfoinsí saor ó phionós; á chur i bhfios go láidir go ndéanann úsáid neamhdhlisteanach earraí spiaireachta ag rialtais náisiúnta difear go díreach agus go hindíreach do shláine na cinnteoireachta, rud a bhaineann an bonn de dhaonlathas an Aontais Eorpaigh agus a léiríonn a phráinní atá sé go mbeadh níos mó trédhearcacht agus cuntasacht dlí ag tionscal an fhaireachais;;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheabhrú gur gá an trádáil in earraí spiaireachta agus a n-úsáid a rialáil go docht, nach mór úsáid earraí spiaireachta ag na Ballstáit a bheith comhréireach agus gan a bheith treallach, agus nach mór faireachas a údarú ach amháin in imthosca cúnga réamhchinntithe; á mheas go bhfuil sásraí éifeachtacha <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> chun maoirseacht bhreithiúnach a áirithiú ríthábhachtach chun saoirsí aonair a chosaint; ag athdhearbhú nach féidir cearta aonair a chur i mbaol trí rochtain gan srian ar fhaireachas a cheadú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cumas na mbreithiúna maoirseacht <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> fhóinteach agus éifeachtach a dhéanamh i réimse na n-iarrataí ar fhaireachas ar shlándáil náisiúnta tábhachtach freisin, d’fhonn a áirithiú gur féidir dúshlán a thabhairt d’úsáid dhíréireach earraí spiaireachta ag rialtais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an tionchar a bhíonn ag úsáid neamhdhlisteanach earraí spiaireachta i bhfad níos suntasaí sna Ballstáit, ina ndéantar na húdaráis a mbeadh sé de chúram orthu de ghnáth imscrúdú a dhéanamh, sásamh a sholáthar do dhaoine a ndearnadh spriocdhíriú orthu agus cuntasacht a áirithiú, a ghabháil ag an stát agus i gcás ina bhfuil géarchéim smachta reachta ann agus ina bhfuil neamhspleáchas na mbreithiúna i mbaol, nach féidir brath ar na húdaráis náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, faireachán agus moltaí tiomnaithe tír-shonracha a chur i bhfeidhm a bhaineann le húsáid neamhdhleathach earraí spiaireachta ag na Ballstáit sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta, ina ndéanfar measúnú ar fhreagrúlacht na n-institiúidí stáit sásamh a chur ar fáil do dhaoine spriocdhírithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á á chur in iúl gur oth léi na deacrachtaí leanúnacha atá ag go leor saoránach, iriseoirí agus parlaiminteoirí i roinnt mhaith Ballstát maidir le faisnéis agus rochtain ar dhoiciméid a fháil; á chur i bhfios go láidir gur rómhinic a chuireann údaráis phoiblí bac ar rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid d’aon ghnó, amhail trí mhoill dhíréireach a chur ar chinntí nó gan ach rochtain shaorga a thabhairt trí gan ach faisnéis a chur ar fáil go páirteach;  ag tabhairt dá haire gur chinn an Coimisiún go bhfuil tionscnaimh déanta ag roinnt Ballstát chun rialáil níos fearr a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis, amhail sa tSeicia, sa Liotuáin agus sa tSlóvaic, agus go bhfuil Ballstáit eile ag obair i dtreo feabhsuithe sa réimse sin, amhail an Ghearmáin, an Spáinn, an Chróit, Lucsamburg agus an Ungáir; ag tabhairt dá haire, áfach, nach dtugann roinnt Ballstát aghaidh go hiomlán ar ábhair imní, amhail Málta, an Ostair agus an Fhionlainn; á athdhearbhú ar Rialtas Mhálta a achomhairc i gcoinne sraith iarrataí ar shaoráil faisnéise arna gcomhdú ag <STRING ITALIC="on">The Shift News</STRING> a tharraingt siar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí an Aontais iompar eiseamláireach a léiriú maidir le rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, an Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman Eorpach le déanaí maidir leis an méid ama a ghlacann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid, tar éis a fiosrúcháin straitéisigh ar an ábhar sin inar chinn sí go raibh drochriarachán ann toisc gur léirigh an Coimisiún moilleanna sistéamacha agus suntasacha maidir le déileáil le hiarratais daingniúcháin<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman Eorpach ina fiosrúchán straitéiseach maidir leis an méid ama a ghlacann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (OI/2/2022/OAM), 18 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin a tharlaíonn arís is arís eile faoi dheireadh is faoi dheoidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát chun brústocaireacht a rialáil, amhail trí chláir thrédhearcachta éigeantacha náisiúnta a thabhairt isteach do pholaiteoirí, comhaltaí agus oifigigh uile rialtas, údarás agus gníomhaireachtaí; ag spreagadh polaiteoirí, oifigigh rialtais agus oifigigh údarás agus gníomhaireachtaí liosta dá gcruinnithe uile a chur ar fáil don phobal;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An ghné eacnamaíoch den smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh go neartófaí prionsabal an smachta reachta sa mhargadh inmheánach; á chur i bhfios go láidir gur colúin lárnacha don infheistíocht agus don trádáil iad struchtúir iontaofa agus chobhsaí an smachta reachta, atá bunriachtanach don iomaíochas agus, dá bhrí sin, d’acmhainneacht an chórais leasa agus mhargadh an tsaothair san Aontas Eorpach; á chur in iúl gur oth léi bearta na mBallstát sa réimse sin a sháraíonn dlí an Aontais, amhail bearta caomhnaitheacha áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á éileamh gur cheart an faireachán ar an ngné eacnamaíoch den smacht reachta a threisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar an ngné eacnamaíoch agus aird ar leith a thabhairt sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta faoi raon feidhme leathnaithe na tuarascála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á mheabhrú go gcáineann sí na cleachtais thuairiscithe shistéamacha idirdhealaitheacha, neamhthrédhearcacha agus éagóracha i gcoinne cuideachtaí in earnálacha áirithe san Ungáir agus an úsáid a bhaintear as cistí an Aontais chun comhghuaillithe polaitiúla an rialtais a shaibhriú, contrártha do rialacha iomaíochta agus soláthair phoiblí an Aontais; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di comhchruinniú méadaitheach na ngnólachtaí atá i lámha olagarcaí a bhfuil naisc acu leis an rialtas reatha a chuir in iúl go poiblí go raibh sé ar intinn acu ceannach isteach i bpríomhearnálacha, chomh maith le haird a dhíriú ar iomaitheoirí na ngnólachtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheabhrú, laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm na gConarthaí, go bhfuil toirmeasc ar aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta i gcomhréir leis an Chairt, agus go bhfuil saoirse bunaíochta, saoirse soláthair seirbhíse agus saoirse gluaiseachta caipitil bunriachtanach don mhargadh aonair; á chur i bhfios go láidir go gcuireann na rialacha maidir le cóir chomhionann cosc ar idirdhealú follasach agus ceilte mar gheall ar náisiúntacht nó, i gcás cuideachta, a suíomh; á chur i bhfios go láidir gur chun leasa chuideachtaí Ungáracha freisin é cur chun feidhme cuí na rialacha iomaíochta agus soláthair phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a dtiomantas don smacht reachta a léiriú don chomhphobal idirnáisiúnta agus gach beart sriantach an Aontais a glacadh a chur chun feidhme go cruinn agus go comhsheasmhach, agus cosc a chur ar theacht timpeall orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún dhlúthfhaireachán a dhéanamh air sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Spás na Sochaí Sibhialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag an tsochaí shibhialta agus ag spás sibhialta sláintiúil maidir leis an smacht reachta a chaomhnú agus a chosaint, agus á athdhearbhú go mbeadh caibidil ar leith dírithe ar riocht na sochaí sibhialta sna Ballstáit; ag tabhairt dá haire gur chinn an Coimisiún gur fhógair nó gur thionscain Málta, Éire, an Bhulgáir, an Liotuáin agus an Ghearmáin iarrachtaí chun feabhas a chur ar an gcreat don tsochaí shibhialta, agus gur chinn sé go bhfuil dúshláin ar leith os comhair na sochaí sibhialta sa Chipir, sa Ghréig, sa Spáinn, san Iodáil agus sa Fhrainc, agus srianta leanúnacha údarásaíocha agus tromchúiseacha córasacha san Ungáir agus sa Pholainn faoin rialtas a bhí ann roimhe seo, ar a raibh Páirtí an Dlí agus an Cheartais i gceannas; á iarraidh ar na Ballstáit uile glacadh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) mar gheallsealbhóirí tábhachtacha sa saol daonlathach agus timpeallacht chumasúcháin a chruthú don tsochaí shibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh infheistíochta a dhéanamh, trí chistiú tiomnaithe, chun acmhainneacht a fhorbairt do ESSanna chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar staid an smachta reachta sna Ballstáit, amhail tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, agus cosaint leormhaith a áirithiú do ESSanna atá ag gabháil don phróiseas sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbíonn tionchar ag dáileadh claonta cistithe i dtíortha áirithe ar ESSanna atá ag obair ar chearta grúpaí leochaileacha a chur chun cinn nó a bheith ag obair, ar bhonn níos ginearálta, ar chúiseanna nach dtacaíonn rialtais leo; á mholadh go ndéanfaí measúnú críochnúil ar na saincheisteanna sin i ngach tír a chumhdaítear leis an tuarascáil agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le moltaí tíre chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin; ag tathant ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar bhainistiú díreach chistí an Aontais, chun a áirithiú go bhfaighidh tairbhithe incháilithe, amhail ESSanna, gnólachtaí agus údaráis áitiúla, cistiú an Aontais atá beartaithe dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)0516) agus go ngeallann sí tús áite a thabhairt dá ghlacadh; ag tathant ar an gCoimisiún, thairis sin, straitéis a bhunú lena bhforáiltear d’íoschaighdeáin chun ESSanna a chosaint sna Ballstáit uile chun timpeallacht rialála agus pholaitiúil a chur chun cinn atá saor ó bhagairtí agus ó ionsaithe athchomhairleacha agus chun rochtain inbhuanaithe agus neamh-idirdhealaitheach ar acmhainní a chur ar fáil dóibh agus ag an am céanna tacú lena rannpháirtíocht in idirphlé sibhialta agus rannpháirtíocht i gceapadh beartas agus iad a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na pleananna a d’fhógair Rialtas na Slóvaice chun reachtaíocht a ghlacadh a bhainfeadh an bonn den spás sibhialta, lena n-áirítear trí shrian a chur le hobair ENRanna agus trí eagraíochtaí a bhfuil cistiú eachtrach á fháil acu a stiogmatú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil staid chosantóirí chearta an duine san Aontas fós ag dul in olcas go mór le blianta beaga anuas; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh cosantóirí chearta an duine in ann oibriú saor ó bhac agus neamhshláine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Úsáid dhlisteanach fornirt ag na póilíní faoin smacht reachta, chomh maith leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil shíochánta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag forfheidhmiú an dlí maidir leis an smacht reachta a chaomhnú, maidir le timpeallacht shábháilte a chruthú do dhaoine agus maidir le deis a thabhairt dóibh leas a bhaint as cearta bunúsacha; á chur in iúl gurb oth léi, de réir Thuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, i roinnt mhaith Ballstát, lena n-áirítear an Bheilg, an Chipir, an Phortaingéil agus an tSlóvaic, nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag forfheidhmiú an dlí chun cúraimí amhail an comhrac i gcoinne an éillithe a dhéanamh go héifeachtach; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú, oiliúint agus acmhainní daonna leormhaithe a áirithiú do na póilíní agus do ghníomhaireachtaí eile um fhorfheidhmiú an dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á á chur i bhfáth nach mór caitheamh go han-chúramach leis an saincheart a bhaineann le forneart a úsáid agus ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do na Ballstáit a áirithiú nach n-úsáidfidh na póilíní fórsa úsáide na bpóilíní ach amháin nuair is fíorghá sin agus a mhéid is gá chun cuspóir dlisteanach a fháil; á mheabhrú gur gá do na póilíní a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le prionsabal na neamhchlaontachta agus an neamh-idirdhealaithe; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar aon chás ina mbaintear úsáid iomarcach as forneart nó ina gcaitear go hidirdhealaitheach le forfheidhmiú an dlí agus ráthaíochtaí sistéamacha i gcoinne na mí-úsáidí sin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á á iarraidh ar na Ballstáit Cód Eitice Póilíneachta Chomhairle na hEorpa a chur san áireamh i ndáil leis sin; á mheas gur cheart oiliúint a chur ar phóilíní maidir le cleachtais mhalartacha a úsáid chun an t-ord poiblí a chothabháil nach gcuireann beatha léirsitheoirí ná daoine atá á gcoinneáil i mbaol; á iarraidh ar na Ballstáit treoirlínte uile-Aontais a thabhairt isteach maidir le próiseas roghnúcháin, tástála agus trialach atá trédhearcach, neamhspleách agus comhsheasmhach do na hairm a úsáideann gníomhairí um fhorfheidhmiú an dlí, bunaithe ar chaighdeáin, ar mholtaí agus ar threoirphrionsabail na Náisiún Aontaithe; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcinnfí leis an measúnú sin comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le cearta an duine sula roghnófar agus sula n-imscarfar iad; á iarraidh ar na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir le gach cás ina n-úsáidtear forneart chun gur féidir fianaise a bhailiú faoina húsáid, faoina mí-úsáid, faoina hiarmhairtí gan choinne, faoi ghortuithe agus faoi bhásanna agus faoina gcúiseanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an úsáid a bhaineann údaráis forfheidhmithe dlí as forneart iomarcach ar fud an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil póilíní na Fraince níos armtha ná formhór na bhfórsaí póilíneachta eile in áiteanna eile san Aontas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go ndéanann údaráis forfheidhmithe dlí sa Fhrainc coinneálacha treallacha freisin ar léirsitheoirí, arb ionann é agus sárú ar an gceart chun saoirse, ós rud é go scaoiltear formhór na ndaoine atá á gcoinneáil laistigh de chúpla uair an chloig gan aon chúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil go leor cásanna ina mbaintear úsáid dhíréireach as forneart i gcoinne léirsitheoirí fós á dtuairisciú ar fud an Aontais, lena n-áirítear léirsitheoirí á mbualadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil na húdaráis forfheidhmithe dlí i roinnt Ballstát ag baint úsáid níos mó agus níos mó as ‘airm mharfacha níos lú’ chun sluaite léirsitheoirí a rialú nó a scaipeadh, agus mar thoradh air sin gortaíodh go dona líon suntasach daoine freisin le blianta beaga anuas, rud a éilíonn, dá bhrí sin, treoirlínte soiléire maidir lena n-úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á á chreidiúint go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse chomhthionóil á bhfeidhmiú i roinnt áiteanna ar fud an Aontais faoi choinníollacha imníocha; á chur i bhfáth nach féidir, i bprionsabal, srianta ar an gceart chun comhthionól síochánta a bhunú ar shubstaint na teachtaireachta is mian le rannpháirtithe agóide a chur in iúl, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag an gceart chun comhthionóil shíochánta leis an gceart chun tuairimí a nochtadh, ach amháin i gcás comhthionól atá dírithe ar fhoréigean a ghríosú; a áitiú gur cheart do dhlíthe agus cleachtais a bhaineann le tionóil cloí i gcónaí le caighdeáin idirnáisiúnta chearta an duine maidir le saoirse chomhthionóil agus póilíneacht léirsithe, lena n-áirítear oiliúint chríochnúil maidir le cearta an duine a chur ar fáil do phóilíní; á iarraidh ar na Ballstáit gan dlíthe ná cleachtais a ghlacadh lena gcuirtear srian coisctheach ar an gceart chun comhthionóil shíochánta nó lena ndéanfaí agóideoirí a choiriúlú roimh ré gan maoirseacht bhreithiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an iliomad cásanna ina mbaineann seirbhísí póilíneachta úsáid iomarcach as forneart i gcoinne grúpaí mionlaigh, amhail i gcoinne na Romach, ar fud na mBallstát éagsúil; á iarraidh ar údaráis na mBallstát gach cás den sórt sin a imscrúdú go hiomlán agus go neamhspleách; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur maraíodh triúr Romach óg le trí bliana sa Ghréig agus nach ndearnadh imscrúdú críochnúil orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhionannas, neamh-idirdhealú agus iolrachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn cúlú maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta agus an bonn a bheith á bhaint ó chearta mionlaigh fite fuaite ina chéile, agus béim á leagan arís ar an ngá atá le cur chuige cuimsitheach chun faireachán a dhéanamh ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha sna tuarascálacha a bheidh ann amach anseo; á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir le mionlaigh a chosaint ar fud an Aontais; ag cáineadh na fuathchainte, lena n-áirítear fuathchaint ó oifigigh rialtais nó oifigigh pholaitiúla, i gcoinne grúpaí mionlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá gach cineál idirdhealaithe, fuathchainte agus coireanna a chomhrac lena ndírítear go sonrach ar ghrúpaí mionlaigh agus ar bhaill de mhionlaigh náisiúnta, eitneacha, teanga agus reiligiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún go n-áireofaí colún sonrach nua air sin sa chéad tuarascáil eile, ina ndéanfar gach cineál seineafóibe, ciníochais, frithsheimíteachais, islamafóibe, frithghiofógachais, fóibe LGBTIQ, fuathchainte agus idirdhealaithe a mhapáil ar fud na mBallstát uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di an borradh a tháinig le déanaí faoin bhfrithsheimíteachas, lena n-áirítear gníomhartha foréigin, imeaglú agus siombailí fuatha a thaispeántar i spásanna poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di freisin leibhéal na hioslamafóibe san Aontas, lena n-áirítear feachtais smearaidh agus bréagaisnéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur cúis díomá di an mhoill atá ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh dlíthe um chearta bunúsacha agus cásdlí a bheith á dhéanamh ag na Ballstáit; ag tathant ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, a fhreagracht a chomhlíonadh maidir le dlí an Aontais um chearta an duine a fhorfheidhmiú, agus gan a bheith ag brath ar shaoránaigh a théann chun na cúirte iad féin amháin chun cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a áirithiú; á mholadh don Choimisiún, go háirithe, beart a dhéanamh maidir le mainneachtain breithiúnais CBAE a chur chun feidhme faoi Airteagal 260(2) CFAE agus an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta i gcásanna neamhchomhlíonta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais fíorthosaíocht thrasearnálach a dhéanamh de chosaint chearta LGBTIQ+ i ngach réimse beartais; á iarraidh ar an gCoimisiún gach modh atá ar fáil a úsáid chun a áirithiú go n-urramófar cearta LGBTIQ+ ar fud an Aontais, lena n-áirítear úsáid a bhaint as nósanna imeachta um shárú i gcoinne na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit 12 mholadh Choiste Stiúrtha Chomhairle na hEorpa um Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú a chur i gcuntas chun coireanna fuatha in aghaidh dhaoine LGBTIQ+ a chomhrac mar aon le moltaí an Choimisiúin Eorpaigh i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe<FOOTNOTE><FIELD> Comhairle na hEorpa, an Coiste Stiúrtha um Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ‘Thematic review of the implementation of RecommendationCM/Rec(2010)5’, [Athbhreithniú téamach ar chur chun feidhme Mholadh CM/Rec(2010)5], an 14 Meán Fómhair 2023; Comhairle na hEorpa, an Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ‘ECRI General Policy Recommendation No. 17 on preventing and combating intolerance and discrimination against LGBTI persons’,  [Moladh Beartais Ghinearálta Uimh. 17 ó ECRI maidir le héadulaingt agus idirdhealú i gcoinne daoine LGBTI a chosc agus a chomhrac], an 28 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; ag cur sonrú i ndréachtdlí na Rómáine le déanaí, arb é is aidhm dó rialú <STRING ITALIC="on">Coman</STRING> 2018 CBAE<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Tarchur le haghaidh réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Curtea Constitu ofională (An Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin), ECLI:EU:C:2018:385.</FIELD></FOOTNOTE> a chomhlíonadh, chomh maith leis an gcáineadh nach gcuirtear an rialú sin chun feidhme leis an dréachtdlí ach go han-chúng agus nach ráthaítear leis cearta comhionanna do lánúineacha comhghnéis<FOOTNOTE><FIELD> Euractiv, ‘Romanian LGBTQ+ community wants equal rights, not special conditions’, [is mian le pobal LGBTQ+ na Rómáine cearta comhionanna, ní coinníollacha speisialta], an 22 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar na Ballstáit eile go léir nach bhfuil aitheantas dlíthiúil acu ar na comhpháirtíochtaí comhghnéis atá i bhfeidhm, amhail an Bhulgáir, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic, a áirithiú go sonrófar an ceart sin sa dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór nach féidir fós aitheantas dlíthiúil inscne a bhaint amach trí stádas sibhialta a athrú i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi an easpa iarrachta agus tola atá ag Rialtas na Bulgáire chun plean gníomhaíochta inchreidte a chur i dtoll a chéile chun an breithiúnas, a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in Y.T. v <STRING ITALIC="on">an Bhulgáir</STRING> an 9 Iúil 2020, a chur chun feidhme; á mheabhrú, thairis sin, mainneachtain leanúnach na Bulgáire breithiúnas CBAE a chur chun feidhme sa chás ‘Baby Sara’ (C-490/20);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí forais an ghnéaschlaonta, na féiniúlachta inscne, an léirithe inscne agus na saintréithe gnéis i gcreat dlí frith-idirdhealaithe an Aontais, bunaithe ar léirmhíniú leathan ar fhorais an ghnéaschlaonta agus na hinscne agus ar phrionsabal an chomhionannais idir mná agus fir a leagtar amach sna Conarthaí; ag tabhairt dá haire go n-áiritheofar leis sin deimhneacht dhlíthiúil agus cuimsitheacht chosaint shaoránaigh uile an Aontais, agus gur chomhaontaigh na comhreachtóirí an léirmhíniú sin cheana féin sa togra le haghaidh treorach lena mbunaítear caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus comhdheiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (COM(2022)0688);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí toirmeasc Eorpach ar ‘chleachtais tiontaithe’; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar chiorrú ball giniúna a dhéanann dochar freisin do dhaoine idirghnéasacha (ciorrú ball giniúna idirghnéasach — IGM); á iarraidh go gcuirfí cosc ar ghinmhilleadh éigeantach agus ar steiriliú éigeantach, ar cineál foréigin inscnebhunaithe iad agus a dhéanann dochar go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé féinchinntiúchán agus neamhspleáchas a urramú agus sláinte fhisiciúil agus mheabhrach dhaoine LGBTIQ+ a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go n-áirítear ar a seasamh maidir leis an togra le haghaidh treorach maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (COM(2022)0105) FGM, IGM agus steiriliú éigeantach a chur le liosta na gcoireanna euro mar a thugtar orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á athdhearbhú gur cearta an duine iad cearta na mban agus nach féidir le haon rud údar a thabhairt le cúlchéimniú i gcearta agus neamhspleáchas na mban; ag cáineadh go háirithe an ionsaí ar shláinte ghnéis agus atáirgthe na mban agus na gcailíní agus na cearta a bhaineann léi a dhéantar i roinnt Ballstát; á chreidiúint gur cheart an ceart chun ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil a dhaingniú sa Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur i bhfáth gur coir thromchúiseach agus sárú forleathan ar chearta bunúsacha agus saoirsí san Aontas é an foréigean inscnebhunaithe, ar líne agus as líne araon, nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhealach níos éifeachtúla agus nach mór a chinneadh le níos mó díograise ar bhonn comhchoiteann; á chur i bhfáth go n-eascraíonn an foréigean inscnebhunaithe as neamhionannais inscne struchtúrtha shochaíocha agus shistéamacha a mbíonn gné thrasteorann ag baint leo; ag cur béim, go háirithe, ar na gluaiseachtaí frithinscne, frith LGBTIQ+ agus frithbhan atá ag dul i méid, ar gluaiseachtaí dea-eagraithe agus de chineál trasteorann iad; á mheas, thairis sin, mar thoradh ar ghné thrasteorann an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus ar an mórthionchar aonair, eacnamaíoch agus sochaíoch a bhíonn ag an bhforéigean inscnebhunaithe ar fud na mBallstát uile, go n-athdhearbhaítear gur gá dul i ngleic leis na gnéithe iomadúla den fhoréigean inscnebhunaithe ar bhonn comhchoiteann de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an mhainneachtain foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe a chomhrac ar bhonn coiteann  mar thoradh freisin ar an easpa rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainmhíniú; ag tabhairt dá haire go n-áirítear leis sin sainmhíniú comhchoiteann ar fhoréigean inscnebhunaithe, rialacha íosta maidir le príomh-shaincheisteanna a bhaineann le cosc, tearcthuairisciú, cosaint íospartach, tacaíocht agus cúiteamh, agus déantóirí na coire a ionchúiseamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir cuir chuige agus leibhéil ghealltanais na mBallstát chun an foréigean insncebhunaithe a chosc agus a chomhrac agus, dá bhrí sin, go rannchuideodh cur chuige ar bhonn comhchoiteann freisin le forfheidhmiú an dlí in oibríochtaí trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chreidiúint, cé nach dtagann dlíthe toghcháin náisiúnta faoi inniúlacht an Aontais, gur cheart do gach comhlacht tofa san Aontas Eorpach a bheith ionadaíoch ar na guthanna éagsúla laistigh de na toghthóirí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di córais toghcháin áirithe ar fud an Aontais a chuireann deireadh le hiolrachas, amhail trí thairseach toghcháin ard a chur ar bun chun go dtoghfaí iad; ag spreagadh athchóirithe náisiúnta toghcháin i gcásanna ina bhfuil codanna móra den daonra fós gan ionadaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go mór básanna iomadúla dídeanaithe agus imirceach ar muir ar minic iad ina n-íospartaigh gáinneála ar dhaoine agus ar gá dóibh íde mhídhaonna tháireach a fhulaingt gan aird ar bith á tabhairt ar a sábháilteacht ná cearta bunúsacha; á mheabhrú do na Ballstáit go bhfuil sé d’oibleagáid orthu faoi dhlí idirnáisiúnta na farraige cúnamh a thabhairt do dhaoine atá i gcruachás agus á iarraidh go mbunófaí misean cuimsitheach cuardaigh agus tarrthála san Aontas arna chur chun feidhme ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag Frontex; ag tabhairt dá haire obair Frontex agus a Oifigeach um Chearta Bunúsacha, chomh maith le hobair Ghníomhaireacht Tearmainn an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le córas tearmainn éifeachtach an Aontais lena n-urramaítear cearta an duine; ag tabhairt dá haire an dul chun cinn a rinneadh ar an gComhaontú Nua maidir le Tearmann agus Imirce, lenar féidir an comhaontú a ghlacadh roimh dheireadh an téarma reachtaigh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurbh í an Ghréig, an 15 Feabhra 2024, an 16ú Ballstáit chun reachtú a dhéanamh ar chomhionannas pósta le rith bille cinniúnach ag Parlaimint na Gréige lena ndéantar pósadh comhghnéis a dhlisteanú agus cearta iomlána tuismitheora a dheonú do lánúineacha comhghnéis;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Torthaí trasghearrtha maidir le staid an daonlathais, an smacht reachta agus cearta bunúsacha ar fud an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, i bhfianaise an mhéid thuas, go bhfuil an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha ar fud an Aontais á gcreimeadh; á thabhairt chun suntais, maidir leis an staid mar atá sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, go léirítear go leor forbairtí arb ábhar imní iad, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil níos mó imní fós ag baint leis agus tuarascálacha agus foinsí neamhspleácha eile á gcur i gcuntas;  á chur i bhfios go láidir go mbaineann creimeadh na luachanna sin sna Ballstáit an bonn d’institiúidí an Aontais agus den staid san Aontas ina iomláine agus cuireann sé as do na nithe sin, fiú má tá roinnt Ballstát eiseamláireach maidir leis na luachanna sin a chosaint agus a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach conclúid theibí amháin atá sa staid sin ach go mbíonn tionchar aige ar shaol laethúil shaoránaigh agus ghnólachtaí an Aontais, ós rud é go mbíonn taithí acu, mar shampla, ar bhreithiúna neamhéifeachtúla nó nach bhfuil neamhspleách agus ar éilliú rábach agus nach féidir leo rochtain a fháil ar iriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán; á thabhairt chun suntais go mbaineann sé sin an bonn ón muinín as ár gcóras daonlathach atá bunaithe ar an smacht reachta; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach urraim do luachanna an Aontais a athbhunú ar fud na mBallstát chun díscaoileadh ár sochaithe agus an Aontais a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar an gComhairle Eorpach a aithint go hiomlán nach ábhair náisiúnta amháin iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha, ach gur ábhair imní dhíreacha iad don Aontas Eorpach agus dá institiúidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe a chomhlíonadh go hiomlán, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á iarraidh, ina leith sin, ar na Ballstáit dlíthiúlacht agus deimhneacht dhlíthiúil a urramú, mí-úsáidí cumhachta a chosc agus comhionannas os comhair an dlí agus neamh-idirdhealú, rochtain ar cheartas, scaradh cumhachtaí, neamhspleáchas na mbreithiúna agus cosaint chearta an duine a áirithiú, ós rud é gur príomhphrionsabail iad sin maidir le feidhmiú cuí shásraí srianta agus ceartúchán gach daonlathais fholláin; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís neamhspleách a dhéanamh ar cibé an bhfuil na prionsabail sin á gcomhlíonadh i ngach Ballstát;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dlíthe an Aontais a fhorfheidhmiú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é forfheidhmiú cuí dhlí uile an Aontais an réamhchoinníoll d’aontas atá bunaithe ar an smacht reachta; ag cáineadh neamhchomhlíonadh oscailte agus gan údar imní roinnt Ballstát le dlí an Aontais i réimsí éagsúla, amhail an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, dlíthe frithéillithe, tearmann, cur chun feidhme smachtbhannaí, agus dlí um chearta an duine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go mbeidh an tAontas ina limistéar a mbraitheann roinnt Ballstát níos cothroime ná Ballstáit eile agus nach ndéantar cearta agus saoirsí shaoránaigh an Aontais a chosaint go cothrom;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á mheabhrú don Choimisiún gurb é caomhnóir na gConarthaí ar an gcéad dul síos é; á chur i bhfios go láidir nach leor tuarascáil a eisiúint chun ár n-aontas a threisiú bunaithe ar an smacht reachta ach gur cheart gníomhaíocht nithiúil forfheidhmithe a bheith mar thoradh ar an tuarascáil, go háirithe i gcás nach gcomhlíontar na moltaí go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór nach bhfuil gníomhaíocht níos láidre á déanamh ag an gCoimisiún chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, dlús a chur le líon na nósanna imeachta nua um shárú agus na nósanna imeachta um shárú atá ann cheana a bhrú ar aghaidh ar bhealach níos dána agus níos práinní; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i muinín nósanna imeachta brostaithe agus iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair CBAE; á iarraidh ar an gCoimisiún gan ‘idirphlé’ leis na Ballstáit ná an nós imeachta ‘píolótach’ a úsáid mar mhodh neamhiata chun seoladh nósanna imeachta iarbhír um shárú a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas, atá leagtha amach i dteachtaireacht 2022 uaidh maidir le dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, gan caingne um shárú a úsáid i gcásanna ‘aonair’, ós rud é go bhfuil an beartas sin ina chúis le díothacht thromchúiseach ceart do shaoránaigh ar fud an Aontais, go háirithe i gcás ina bhfuil a rialtais féin ag diúltú dlí an Aontais nó breithiúnais CBAE a chomhlíonadh, ós rud é nach cásanna aonair iad formhór na gcásanna sin ach go dtugann siad aghaidh ar shaincheisteanna straitéiseacha agus bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag cur sonrú san fhadhb leanúnach a bhaineann le cur chun feidhme neamhiomlán bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR), ag cur sonrú sna cinntí le déanaí a rinne Coiste Airí Chomhairle na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear na táscairí córasacha maidir le cur chun feidhme phríomhbhreithiúnais ECtHR atá sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta ó foilsíodh a eagrán ó 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, scórchlár a chur ar bun a bheidh tiomnaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gach uile bhreithiúnas CBAE agus ECtHR a bhaineann leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha, agus é a chomhtháthú go hiomlán sa tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta; á iarraidh ar na Ballstáit breithiúnais atá ar feitheamh a chur chun feidhme gan mhoill, agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais agus caingean um shárú a dhéanamh i gcás inar gá;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta mar uirlis</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil maidir leis an smacht reachta mar bhunchloch ríthábhachtach de bhosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta agus ag moladh an Choimisiúin as tuarascáil a chur ar fáil a bhfuil taighde dícheallach déanta uirthi agus atá dea-scríofa; á mheabhrú gur tugadh isteach an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta mar fhreagairt ar rún ón bParlaimint a glacadh ar bhonn tuarascáil féintionscnaimh reachtach in 2016<FOOTNOTE><FIELD> IO C 215, 19.6.2018, lch. 162<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á aithint go bhfuil an tuarascáil maidir leis an smacht reachta ina tagarmharc anois d’obair institiúidí an Aontais ar shaincheisteanna maidir leis an smacht reachta san Aontas agus i mBallstáit shonracha; ag aithint thiomantas leanúnach an Choimisiúin i gcaitheamh na mblianta d’ábharthacht na tuarascála a fheabhsú, amhail trí mholtaí tír-shonracha a chur san áireamh san eagrán roimhe seo agus measúnú ar a gcomhlíonadh sa tuarascáil reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á aithint go bhfuil an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta tar éis éirí níos cuimsithí ó bunaíodh í in 2020; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, nár cuireadh gnéithe riachtanacha de rún 2016 ó Pharlaimint na hEorpa chun feidhme go fóill agus nár thug an Coimisiún aghaidh go hiomlán ar na moltaí a rinne an Pharlaimint ina rúin roimhe seo; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt air sin; á chur in iúl gur oth léi, go háirithe, nár leathnaíodh go suntasach eagrán 2023 den tuarascáil trí cholún cuimsitheach nua a chur leis; á iarraidh go n-áireofaí sa tuarascáil bhliantúil gnéithe tábhachtacha de Sheicliosta Smachta Reachta Choimisiún na Veinéise 2016 atá in easnamh, amhail mí-úsáid cumhachtaí a chosc, comhionannas os comhair an dlí agus neamh-idirdhealú; á athdhearbhú a seasaimh gur cheart raon feidhme iomlán luachanna Airteagal 2 CAE a chumhdach sa tuarascáil, toisc nach féidir iad sin a mheas ina n-aonar; á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme na tuarascála a leathnú an bhliain seo chugainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbíonn an Coimisiún, ina iarracht a bheith fíorasach agus cothrom, rócháiréiseach agus neamhbheacht uaireanta agus fadhbanna smachta reachta á sainaithint aige sna Ballstáit; á chur in iúl gur oth léi go gceiltear na fíordhifríochtaí idir na Ballstáit trí úsáid a bhaint as sofhriotal agus as líon comhionann saorga de chonclúidí agus de mholtaí in aghaidh an Bhallstáit; á athdhearbhú an mholta chun idirdhealú a dhéanamh idir sáruithe sistéamacha agus aonair, chun an baol a sheachaint go ndéanfaí beag is fiú de na sáruithe is tromchúisí ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú, nuair a sháraítear luachanna Airteagal 2 CAE go córasach, d’aon ghnó agus go tromchúiseach thar thréimhse ama, go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh na Ballstáit na critéir uile lena sainítear daonlathas; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an measúnú ar chomhlíonadh na moltaí níos beaichte agus níos cáilíochtúla, ní hamháin ag brath ar athruithe reachtacha ach freisin ar fhianaise réadach agus neamhspleách ar a gcur chun feidhme iarbhír; á athdhearbhú gur gá amlíne, spriocanna agus bearta nithiúla a leagan amach do chur chun feidhme na moltaí agus chun mionsonrú a thabhairt ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh teacht as neamhchomhlíonadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil difríochtaí loma ann uaireanta idir na hachoimrí ar chaibidlí tíre agus inneachar domhain na gcaibidlí féin, lena moltar idirghabháil eagarthóireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á athdhearbhú go bhféadfaí go leor de na dúshláin sin a shárú trí phainéal neamhspleách saineolaithe a bheith rannpháirteach i ndréachtú na tuarascála, ós rud é nach mbeidís faoi cheangal níos lú ag breithnithe taidhleoireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a sheasamh maidir leis an bpointe sin agus féachaint ar na féidearthachtaí uile chun saineolaithe neamhspleácha a rannpháirtiú in eagráin den tuarascáil maidir leis an smacht reachta ina dhiaidh sin; á iarraidh arís ar an gCoimisiún a iarraidh ar FRA comhairle mhodheolaíoch a chur ar fáil agus taighde comparáideach a dhéanamh d’fhonn mionsonraí breise a thabhairt i bpríomhréimsí den tuarascáil bhliantúil, i bhfianaise na nasc bunúsach atá idir cearta bunúsacha agus an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag aithint iarracht an Choimisiúin raon leathan comhairliúchán a dhéanamh agus ionchuir éagsúla a bhailiú i ngach Ballstát, lena n-áirítear ó na húdaráis náisiúnta agus ó ESSanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an méid sin a leathnú tuilleadh agus, a mhéid is féidir, cuairteanna ar an láthair seachas cuairteanna fíorúla a thabhairt sna Ballstáit, ós rud é go bhféadfadh siad sin léargas níos iomláine agus níos comhthéacsúla a thabhairt ar an staid áitiúil; á mheabhrú, go háirithe, a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le gairmithe dlí, amhail trí chomhlachais bharra agus comhlachais breithiúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag aithint ról na nótairí in go leor Ballstát, a fheidhmíonn cúraimí cúirte go feidhmiúil;  á chreidiúint gur cheart aghaidh a thabhairt ar rannchuidiú nótairí le caighdeáin an smachta reachta i gcaibidlí tíre ábhartha d’eagráin na tuarascála maidir leis an smacht reachta ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gCoimisiún raon feidhme geografach na dtuarascálacha a bheidh ann amach anseo maidir leis an smacht reachta a leathnú chun tíortha is iarrthóirí a áireamh, i gcomhréir leis an iarraidh ón bParlaimint roimhe seo go ndéanfadh sí amhlaidh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 341, 27.9.2023, lch. 2<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chreidiúint gurb é an bealach is fearr chun ábharthacht agus tionchar leanúnach na tuarascála a áirithiú ná raon feidhme, ionracas agus iarmhairtí forfheidhmithe na tuarascála a leathnú go leanúnach agus go huaillmhianach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún níos mó infheistíochta a dhéanamh i múscailt feasachta ar luachanna an Aontais agus uirlisí is infheidhme, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil, go háirithe i dtíortha ina bhfuil ábhair imní thromchúiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á dhearbhú nach críoch inti féin í an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta, ós rud é nach leor faireachán a dhéanamh ar an staid ach gur cheart gníomhaíocht shonrach forfheidhmithe a bheith mar thoradh uirthi maidir leis na heasnaimh a sainaithníodh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh an tuarascáil sin maidir leis an smacht reachta mar chuid de phróiseas iomlán laistigh de raon feidhme shásra an smachta reachta ina iomláine, agus a áirithiú go mbainfear úsáid iomlán as sraith iomlán straitéisí an smachta reachta atá ar fáil dó, lena n-áirítear Airteagal 7 CAE i gcásanna ina leanann an tuarascáil maidir leis an smacht reachta de sháruithe leanúnacha a aimsiú bliain i ndiaidh bliana i mBallstáit áirithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach agus nósanna imeachta maidir leis an smacht reachta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag cur sonrú sa mheastóireacht atá á déanamh ag an gComhairle ar a hidirphlé maidir leis an smacht reachta agus an seasamh dearbhaithe ón gComhairle go ndéanfaidh sí tuilleadh machnaimh ar chomhar idirinstitiúideach a d’fhéadfadh a bheith ann sa chomhthéacs sin; á iarraidh ar an gComhairle a hidirphlé maidir leis an smacht reachta a dhéanamh níos cuimsithí, trí chuireadh a thabhairt d’institiúidí agus geallsealbhóirí eile chuig a seisiúin, go háirithe comhlachtaí Chomhairle na hEorpa amhail Coimisiún na Veinéise, an Coimisinéir um Chearta an Duine, chomh maith le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle go dtí seo do thairiscint na Parlaiminte comhaontú idirinstitiúideach a dhéanamh maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha; á athdhearbhú go bhfuil sí toilteanach tús a chur arís leis na cainteanna maidir leis an gcomhaontú sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh ar na hinstitiúidí eile, idir an dá linn, tuilleadh comhair ar a laghad a fhiosrú i gcomhthéacs an treoirthionscadail idirinstitiúidigh atá beartaithe maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha, rud a chabhródh le muinín a chothú idir na hinstitiúidí ar bhealach praiticiúil, go háirithe trí chleachtais faireacháin, idirphlé agus cruinnithe a chomhroinnt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á iarraidh ar a Biúró, i bhfianaise dhrogall an Choimisiúin agus na Comhairle, nós imeachta soláthair phoiblí a eagrú chun painéal sealadach saineolaithe neamhspleácha a chruthú faoi choimirce na Parlaiminte, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh ina rúin roimhe seo, chun comhairle a chur ar an bParlaimint maidir le comhlíonadh na luachanna faoi Airteagal 2 CAE i mBallstáit éagsúla agus chun a léiriú mar shampla conas a d’fhéadfadh painéal den sórt sin oibriú go hiarbhír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag cáineadh an easpa dul chun cinn iomlán i nósanna imeachta Airteagal 7(1) CAE atá ar siúl faoi láthair; ag tathant ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar na forbairtí nua uile a dhéanann difear don smacht reachta, don daonlathas agus do chearta bunúsacha; á athdhearbhú ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar mholtaí faoi chuimsiú an nóis imeachta sin, agus á chur i bhfios go láidir gurbh ionann aon mhoill bhreise ar ghníomhaíocht den sórt sin agus sárú ar phrionsabal an smachta reachta ag an gComhairle féin; á áitiú go n-urramófar ról agus inniúlachtaí na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún coinníollacha DRF a áireamh, dianfhaireachán a dhéanamh orthu agus iad a choimirciú sna hionstraimí agus sna próisis bhuiséadacha uile; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an cinneadh ón gCoimisiún inar measadh gur comhlíonadh coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte maidir le neamhspleáchas breithiúnach, rud a chuir ar chumas údaráis na hUngáire éilimh ar aisíocaíocht suas le EUR 10,2 billiún a thíolacadh, cé nach gcomhlíonann an Ungáir caighdeán neamhspleáchas na mbreithiúna a leagtar amach sa Chairt, fiú tar éis na n-athchóirithe a rinneadh le déanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta a chur i bhfeidhm tuilleadh agus gan mhoill i gcás inar gá, agus gan deireadh a chur leis na bearta a glacadh i gcás na hUngáire go dtí go mbeidh na réamhchoinníollacha agus na garspriocanna uile comhlíonta go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún a fhíorú go dian go gcomhlíontar garspriocanna a bhaineann leis an smacht reachta i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta éagsúla na mBallstát mar choinníoll chun cistiú a eisíoc nuair a dhéanann na Ballstáit iarrataí ar íocaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún an phríomhfhreagracht as cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin a shannadh do na Coimisinéirí atá freagrach as an smacht reachta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig rialtais na mBallstát agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>