<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0120</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0015/2024 -  Rapóirtéirí: Petras Auštrevičius, Pedro Silva Pereira)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo (2023/2114(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 5(3), 48 agus 49 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2006, ó mhí an Mhárta 2020 agus do na Conclúidí ó Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan an 21-22 Meitheamh 1993, ar a dtugtar Critéir Chóbanhávan freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2023 maidir le 30 bliain de chritéir Chóbanhávan — lena dtugtar spreagadh breise do bheartas an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0471.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR) agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Fhorógra Ventotene,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua an Aontais don mhéadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5-6 Iúil 2022 maidir le Pacáiste 2022 an Choimisiúin um Méadú, agus do ráiteas Uachtarán Choiste na Réigiún an 8 Samhain 2023 maidir le Pacáiste um Méadú 2023 an Choimisiúin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 maidir le comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2022, agus an 29-30 Meitheamh 2023, an 26-27 Deireadh Fómhair 2023, agus an 14-15 Nollaig 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha anailíseacha ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2023 maidir le hailíniú na hÚcráine (SWD(2023)0030), na Moldóive (SWD(2023)0032) agus na Seoirsia (SWD(2023)0031) le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig an gComhairle Eorpach an 29 Samhain 2023 maidir le staid reatha an chaidrimh pholaitiúil, eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas agus Türkiye (JOIN(2023)0050),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 29-30 Aibreán 1997 maidir le coinníollacht a chur i bhfeidhm d’fhonn straitéis chomhleanúnach an Aontais a fhorbairt don chaidreamh le tíortha i réigiún na mBalcán Thiar,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an ábhar, go háirithe rún an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 202, 28.5.2021, lch. 86.</FIELD></FOOTNOTE>, agus dá rúin maidir le tuarascálacha 2022 ón gCoimisiún maidir leis an gCosaiv<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1066, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1066/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, an tSeirbia<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1065, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1065/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, an Albáin<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0285.</FIELD></FOOTNOTE>, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0284.</FIELD></FOOTNOTE>, an Mhacadóin Thuaidh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 33.</FIELD></FOOTNOTE> agus Montainéagró<FOOTNOTE><FIELD> IO C 32, 27.1.2023, lch. 63.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 362, 8.9.2021, lch. 129.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 agus an 20 Meitheamh 2003 agus do Chlár Oibre Thessaloniki do na Balcáin Thiar,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontuithe Comhlachais AE leis an Albáin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 28.4.2009, lch. 166.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 30.6.2015, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an tSeoirsia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an gCosaiv, le Poblacht na Moldóive<FOOTNOTE><FIELD> IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE>, le Montainéagró, leis an Macadóin Thuaidh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 84, 20.3.2004, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an tSeirbia, leis an Tuirc<FOOTNOTE><FIELD> IO L 361, 31.12.1977, lch. 29.</FIELD></FOOTNOTE> agus leis an Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar a bhunú (COM(2023)0692),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Enhancing the accession process — A credible EU perspective for the Western Balkans’</STRING> [An próiseas aontachais a fheabhsú — Peirspictíocht inchreidte an Aontais do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057), agus do straitéis an Choimisiúin maidir le <STRING ITALIC="on">‘A credible enlargement perspective for and enhanced EU engagement with the Western Balkans’</STRING> [Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe an Aontais leis na Balcáin Thiar] ó mhí Feabhra 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le stádas iarrthóra na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2023 maidir le breithniú a dhéanamh ar chonair na Moldóive chuig an Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0357.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal ‘Tacaíocht an Aontais don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phacáiste 2022 an Choimisiúin um Méadú an 12 Deireadh Fómhair 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theachtaireacht 2023 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú a ghabhann leis an bPacáiste um Méadú a ghlac an Coimisiún Eorpach an 8 Samhain 2023 (COM(2023)0690),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Iúil 2014 maidir le trédhearcacht agus cuimsitheacht phróiseas aontachais an Aontais a fheabhsú<FOOTNOTE><FIELD> REX/401-EESC-2014- 1609.</FIELD></FOOTNOTE> ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 16 Feabhra 2017 maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chur le hacmhainneacht Chonradh Liospóin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 252, 18.7.2018, lch. 215.</FIELD></FOOTNOTE>, agus an 11 Iúil 2023 maidir le cur chun feidhme chlásail passerelle i gConarthaí an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0269.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Bealtaine 2022 maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022 agus do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 130.</FIELD></FOOTNOTE>, agus rún an 22 Samhain 2023 uaithi maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa chun na Conarthaí a leasú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0427.</FIELD></FOOTNOTE>, agus Airteagal 48 CAE a ghníomhachtú, lena n-iarrtar ar an gComhairle Eorpach teacht ar chomhaontú maidir le Coinbhinsiún a iarraidh chun na Conarthaí a athchóiriú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0015/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil stádas mar iarrthóir ag naoi gcinn de na 10 dtír atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas faoi láthair, cuid acu le blianta fada; de bhrí go mbíonn na tíortha is iarrthóirí sin ag céimeanna éagsúla den phróiseas aontachais agus den chaibidlíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, tar éis na moltaí ón gCoimisiún i bpacáiste um méadú 2023, gur chinn an Chomhairle Eorpach an 14 Nollaig 2023 stádas mar iarrthóir a dheonú don tSeoirsia agus tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, le Poblacht na Moldóive agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, a luaithe a bheidh an leibhéal comhlíonta is gá leis na critéir bhallraíochta bainte amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur thug cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dúshláin gheopholaitiúla eile atá fós ar siúl brí gheostraitéiseach nua do mhéadú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht dhaonlathach na mBalcán Thiar agus Chomharsanacht an Oirthir agus cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht dhaonlathach an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur tiomantas morálta agus stairiúil é an méadú, agus gur tosaíocht gheopholaitiúil straitéiseach é a léiríonn infheistíocht gheostraitéiseach sa todhchaí, lena rannchuideofar leis an tsíocháin, leis an gcobhsaíocht, leis an tslándáil, leis an daonlathas, leis an aontacht, leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus, lena n-áiritheofar rathúnas agus dea-bhail ar mhór-roinn na hEorpa; de bhrí go bhfuil slándáil an Aontais ag brath freisin ar a chumas an tsíocháin, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus luachanna bunúsacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chothú; de bhrí gur féidir leis an méadú a bheith chun tairbhe do na Ballstáit atá ann cheana agus do na Ballstáit a bheidh ann amach anseo araon, agus dá saoránaigh araon, fad a chomhlíonfar na coinníollacha agus na ceanglais chuí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méadú ar cheann de na huirlisí beartais agus geopholaitiúla is láidre de chuid an Aontais; de bhrí, de réir Eorabharaiméadar mhí an Mheithimh 2023, go bhfuil formhór dhaonra an Aontais i bhfabhar mhéadú an Aontais Eorpaigh amach anseo; de bhrí go bhfuil géarghá le spreagadh, gealltanais agus fís nua chun próiseas an mhéadaithe a athbheochan, lena n-áiritheofar a leanúnachas, a chomhsheasmhacht agus a thionchar; de bhrí go bhfuil folús cruthaithe ag an easpa rannpháirtíochta sna blianta roimhe seo, rud a d’oscail an spás don Rúis agus don tSín agus do ghníomhaithe seachtracha eile; de bhrí nach mór prionsabal an chomhair fhrithpháirtigh agus dhílis a urramú i gcónaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mór aontachas leis an Aontas a bheith ina nós imeachta bunaithe ar fhiúntas i gcónaí trína ndéantar gach iarratasóir a mheasúnú ar a fhiúntas féin ó thaobh critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh ina n-iomláine, lena n-áirítear urraim iomlán leanúnach do chearta an duine, lena n-áirítear cearta mionlach, an daonlathais, agus an smachta reachta, chomh maith le bunluachanna eile an Aontais; de bhrí gur cheart torthaí dearfacha a lorg a luaithe is féidir, agus luathú nó sprioc-amanna réamhshainithe á seachaint ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach mór iarmhairtí a bheith ag marbhántacht nó cúlrianú, ós rud é gur gá an próiseas aontachais ina iomláine a bheith bunaithe ar choinníollacht chothrom agus dhocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn aontachas leis an Aontas acmhainneacht uaillmhianach maidir le clár oibre lánpháirtíochta ón Aontas agus ó na tíortha is iarrthóirí araon; de bhrí go bhfuil athchóirithe bunúsacha i réimsí na mbreithiúna, an chomhraic i gcoinne an éillithe, saoirse na meán agus iolrachas riachtanach do thíortha is iarrthóirí chun dul chun cinn a dhéanamh feadh a gconair i dtreo an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go mbeadh sé de bhuntáiste an bhallraíocht atá ar feitheamh sna Ballstáit atá ann cheana sa limistéar Euro agus i limistéar Schengen a thabhairt chun críche mar aon leis an gcéad mhéadú eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach mór do thíortha na mBalcán Thiar díriú freisin ar choinbhleachtaí a réiteach, ar chomhar réigiúnach agus ar athmhuintearas; de bhrí nach bhfuil aon áit san Aontas ná sna tíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit maidir le reitric ghríosaitheach, séanadh cinedhíothaithe nó coirpigh chogaidh a ghlóiriú ó aon taobh; de bhrí gurb é an teacht chun réitigh leis an am atá caite an t-aon bhealach amháin chun fíor-athmhuintearas a bhaint amach, rud atá ríthábhachtach do shochaithe rathúla agus do lánpháirtiú rathúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach mór do na próisis chun AE a leathnú agus a dhoimhniú dul go comhthreomhar toisc go bhfuil sé d’acmhainn acu a chéile a threisiú go frithpháirteach, a dtionchar a iolrú agus rannchuidiú go suntasach leis na cuspóirí uileghabhálacha dár cruthaíodh an tAontas Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn an dúshlán a bhaineann le hAontas Eorpach níos mó beartas feabhsaithe um méadú, bunaithe ar chomhtháthú de réir a chéile i gcomhbheartais agus le tairbhí soiléire do shaoránaigh le linn an phróisis;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an mhéadaithe, gur gá breathnú ar bhealach iomlánaíoch ar an athbhreithniú ar bheartais Eorpacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ar athchóirithe struchtúracha, ar athruithe institiúideacha agus ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2028-2034;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur chuir tíortha na mBalcán Thiar in iúl le blianta beaga anuas go bhfuil rún daingean acu dul isteach san Aontas; de bhrí gur athdhearbhaigh ceannairí an Aontais, an 23-24 Meitheamh 2022, tiomantas iomlán agus aonchiallach do pheirspictíocht bhallraíochta na mBalcán Thiar san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí nach mór do thíortha is iarrthóirí a léiriú go gcloíonn siad le bunluachanna an Aontais, agus go gcaithfidh siad ailíniú freisin le beartais agus seasaimh an Aontais, lena n-áirítear a chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES);
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>	de bhrí go bhfuil leibhéal ard ailínithe bainte amach ag roinnt tíortha sna Balcáin Thiar le CBES an Aontais le blianta beaga anuas, lena n-áirítear smachtbhannaí i gcoinne na Rúise mar fhreagairt ar a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; de bhrí, i mí an Mhárta 2023, gur sheol Airí Gnóthaí Eachtracha na hAlbáine, na Cosaive, Mhontainéagró agus na Macadóine Thuaidh an t-ardán <STRING ITALIC="on">‘Western Balkans QUAD – 100 % alignment with EU Common Foreign Security Policy (CFSP)’</STRING> [QUAD na mBalcán Thiar – ailíniú 100 % le Comhbheartas Slándála Eachtrach an Aontais Eorpaigh (CBES)];
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí nach mór don tAontas toil pholaitiúil shoiléir a léiriú chun tacú leis na tíortha is iarrthóirí agus gur cheart dó dlús suntasach a chur lena thacaíocht theicniúil agus airgeadais coinníollach d’athchóirithe bunúsacha, do réiteach díospóidí déthaobhacha, do chóineasú eacnamaíoch agus do chomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach i dtíortha aontachais; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an bPlean nua Fáis do na Balcáin Thiar dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha, feabhas a chur ar chomhtháthú na dtíortha i margadh aonair an Aontais chomh maith le borradh a chur faoi chomhtháthú eacnamaíoch an réigiúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil gníomhaithe eachtracha mailíseacha ag baint úsáid as modhanna trasnaíochta hibrideacha chun tionchar a imirt ar chomhtháthú an Aontais agus chun é a chur dá bhoinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí, gan amhras, gurb í an Pharlaimint institiúid an Aontais is mó a thacaíonn le méadú; de bhrí go bhfuil ról na Parlaiminte fós thar a bheith teoranta le linn phróiseas iomlán an mhéadaithe agus gur cheart é a neartú chun dlisteanacht agus cuntasacht dhaonlathach a mhéadú, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar chéimeanna idirmheánacha an aontachais, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING> trí chruinnithe coiste rialta agus grinnscrúdú parlaiminteach ar chistiú réamhaontachais, agus úsáid á baint ag an am céanna as na huirlisí agus na hionstraimí atá aici cheana, lena n-áirítear cláir tacaíochta daonlathais; de bhrí gur cheart go mbeadh riaracháin réigiúnacha agus áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach go struchtúrach i bpróiseas an mhéadaithe agus ina ghrinnscrúdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go ndéanann mórthionscnaimh amhail Comhphobal Polaitiúil na hEorpa, a reáchtáil trí chruinniú oifigiúla cheana féin, comhar polaitiúil a chumasú agus rannchuidíonn siad le hidirphlé réigiúnach i réimsí éagsúla idir an tAontas agus tíortha eile, ach nach roghanna malartacha iad ar bhallraíocht an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe suntasacha réamh-mhéadaithe chun feidhmiú éifeachtúil Aontas méadaithe a rathú agus a chumas comhaltaí nua a ionsú agus chun a lánpháirtiú rathúil a chur chun cinn chomh maith le freagairt go cuí do na dúshláin iomadúla atá os a chomhair faoi láthair; de bhrí go bhféadfadh athruithe suntasacha i gcreat institiúideach an Aontais a bheith i gceist leis sin, agus go bhféadfaí réitigh maidir le lánpháirtiú difreáilte a chur chun cinn nuair a cheadaítear sin leis na Conarthaí; de bhrí go bhfuil roinnt de na réitigh sin pléite cheana féin le tamall anuas; de bhrí, chun é sin a bhaint amach, gur cheart don tAontas leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht a thugtar le Conradh Liospóin roimh athchóiriú níos doimhne i gcomhthéacs athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na conarthaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh an Aontas maidir le bainistiú éifeachtach géarchéime a bhaint amach agus, go háirithe, i nósanna imeachta cinnteoireachta, de bhrí go bhfuil inchreidteacht agus cumas an Aontais gníomhú ar bhealach tráthúil agus éifeachtach ag brath ar chinnteoireacht dhaonlathach agus éifeachtúil, agus níos mó fós in Aontas méadaithe ina bhfuil 30 Ballstát nó níos mó; de bhrí gur léir go bhfuil institiúidí agus sásraí cinnteoireachta an Aontais, go háirithe sa Chomhairle, neamhoiriúnach d’Aontas ina bhfuil líon méadaithe Ballstát; de bhrí go bhfuil toil pholaitiúil agus cinnteoireacht éifeachtúil as a dtiocfaidh gníomhaíocht inmheánach agus sheachtrach thráthúil agus chomhordaithe ríthábhachtach chun leasanna an Aontais agus a cheannaireacht gheopholaitiúil dhomhanda agus a inchreidteacht gheopholaitiúil dhomhanda a choimirciú; de bhrí go ndeimhníonn deacrachtaí a bhí ann le déanaí maidir le cinntí an Aontais maidir le smachtbhannaí gur gá imeacht ón aontoilíocht; de bhrí nach mór athchóiriú mór ar chreat institiúideach agus struchtúir rialachais an Aontais, le nósanna imeachta cinnteoireachta simplithe, níos éifeachtaí agus níos daonlathaí, a chur chun feidhme nuair is gá i gcomhthráth leis na caibidlíochtaí aontachais atá ar siúl faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí clásail <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING> a úsáid láithreach chun athrú ón gceanglas maidir le haontoilíocht go vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí beartais sonracha; de bhrí go bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú ar na Conarthaí gníomhachtaithe ag an bParlaimint agus go bhfuil tograí chun na Conarthaí a leasú curtha faoi bhráid na Comhairle aici i gcomhréir le hAirteagal 48(2) CAE; de bhrí gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin, le linn a hóráide ag Parlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024, go gcuirfí Teachtaireacht maidir le hAthchóiriú na gConarthaí i láthair go luath, rud a réiteoidh an bealach do phlé sa Chomhairle Eorpach, go luath sa todhchaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún obair leantach éifeachtach a dhéanamh ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa; de bhrí gur iarr an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ar an Aontas teacht ar chomhaontú maidir le fís láidir agus straitéis choiteann chun a aontacht a chomhdhlúthú agus chun feabhas a chur ar chumas cinnteoireachta an Aontais i bhfianaise an mhéadaithe a dhéanfar amach anseo; de bhrí nach féidir go leor de na tograí sin a chur chun feidhme ach amháin má dhéantar athruithe ar na Conarthaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil cúlú daonlathach i measc na mbagairtí is mó atá os comhair an Aontais Eorpaigh, go hinmheánach agus go seachtrach araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí nach mór an sásra chun prionsabail agus luachanna bunúsacha an Aontais a chomhlíonadh agus an <STRING ITALIC="on">acquis communautaire</STRING> a neartú freisin i gcomhthráth leis an gcéad mhéadú eile; de bhrí gur cheart faireachán críochnúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar chur chun feidhme an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> do gach stát is iarrthóir;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur mórdhúshlán airgeadais don Aontas é an méadú, go háirithe beartais chomhtháthaithe agus talmhaíochta, chomh maith le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais agus deis chun an tAontas a athchóiriú; de bhrí gur cheart na CAInna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a athbhreithniú, a chur in ord tosaíochta arís, a thógáil go cuí agus a neartú go suntasach agus a rialachas a ollchóiriú chun méadú suntasach an Aontais a chumasú agus tacú leis gan an tacaíocht is gá sna Ballstáit reatha a chur i mbaol; de bhrí nach mór an bhunobair airgeadais sin a bheith i bhfeidhm roimh an méadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gur dúshlán breise é atógáil agus téarnamh na hÚcráine i ndiaidh an chogaidh agus nach mór aghaidh a thabhairt air i gcomhthéacs níos leithne d’iarracht idirnáisiúnta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maidir le gné straitéiseach an mhéadaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an uaillmhian atá ag go leor tíortha Eorpacha agus a gcuid saoránach dul isteach san Aontas agus ag aithint a dtoil pholaitiúil agus na n-iarrachtaí dáiríre atá déanta acu chun na ceanglais maidir le ballraíocht a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil an méadú ríthábhachtach ó thaobh straitéise de do Aontas; á athdhearbhú go bhfuil beartas feabhsaithe um méadú ar cheann de na beartais agus na huirlisí geopholaitiúla is láidre de chuid an Aontais lena léirítear infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin fhadtéarmach, sa daonlathas, sa chobhsaíocht, sa tslándáil, i gcosaint na haeráide agus sa rathúnas ar fud na mór-roinne agus go háirithe mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dúshláin gheopholaitiúla chomhchoiteanna eile, lena n-éilítear fís pholaitiúil fhadtéarmach agus cinntí misniúla; ag cur béim ar an bpráinn pholaitiúil a bhaineann le tiomantas an Aontais don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a léiriú; á áitiú, i bhfianaise na mórdhúshláin slándála atá os comhair na hEorpa, i bhfianaise mhéadú an Aontais, agus i bhfianaise chuimsiú na hÚcráine i gcórais chomhchoiteanna slándála agus cosanta an Iarthair, go neartófar slándáil na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na moltaí ón gCoimisiún i bpacáiste 2023 um méadú agus á chur in iúl gur geal léi freisin na cinntí ón gComhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive, stádas tír is iarrthóir a thabhairt don tSeoirsia ar an tuiscint go nglactar na céimeanna ábhartha a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 agus tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, a luaithe a bheidh an méid comhlíonta is gá leis na critéir bhallraíochta bainte amach; á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle a chur de chúram ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh láithreach le haghaidh na gcreataí caibidlíochta ábhartha agus iad a ghlacadh a luaithe a ghlacfar na céimeanna ábhartha a leagtar amach sna moltaí ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 faoi seach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maidir le nósanna imeachta aontachais agus ról Pharlaimint na hEorpa</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag aithint na deise stairiúla agus an dúshláin stairiúil atá os comhair an Aontais chun a ghealltanais a chomhlíonadh maidir le tíortha agus pobail na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Macadóine Thuaidh, na Cosaive, Mhontainéagró agus na Seirbia, agus na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia; á aithint a thábhachtaí atá lánpháirtiú Eorpach na gcomhpháirtithe ríthábhachtacha sin; á aithint freisin a thábhachtaí atá an comhar réigiúnach laistigh de réigiúin Chomhpháirtíocht an Oirthir agus na mBalcán Thiar faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á athdhearbhú nach féidir próiseas aontachais an Aontais leis an Tuirc a atosú sna cúinsí reatha; ag tathant ar Rialtas na Tuirce deireadh a chur leis an tsáinn atá ann faoi láthair agus bogadh ar aghaidh i dtreo comhpháirtíocht níos dlúithe, níos dinimiciúla agus níos straitéisí trí chreat réalaíoch comhthreomhar comhair a fhorbairt, amhail comhaontú comhlachais nuachóirithe agus á iarraidh go bhféachfadh an Coimisiún ar fhormáidí a d’fhéadfadh a bheith ann do chreat den sórt sin; á mheabhrú nach mór aon fheabhas ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc a bheith bunaithe ar dhul chun cinn nithiúil maidir le cearta an duine, an daonlathas agus leis an gcaidreamh urramach comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór aontachas leis an Aontas a bheith ina nós imeachta bunaithe ar fhiúntas i gcónaí agus nach mór gach iarratasóir a mheasúnú ar a fhiúntas féin ó thaobh critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh ina n-iomláine; á chur i bhfios go láidir nach féidir bealaí níos éasca maidir le luachanna agus bunphrionsabail an Aontais a bheith ann; á thabhairt chun suntais gur cheart an smacht reachta, an t-athchóiriú daonlathach, saoirse na meán agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear cearta mionlach, a chur chun tosaigh sa phróiseas aontachais, agus gur réamhchoinníollacha ríthábhachtacha iad neamhspleáchas breithiúnach, an comhrac i gcoinne an éillithe agus cumhachtú na sochaí sibhialta chun dul chun cinn a dhéanamh ar an mbealach chuig ballraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh go bhfeabhsófaí sásraí faireacháin éifeachtacha chun luachanna bunúsacha agus leasanna fónta airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhthéacs nósanna imeachta aontachais; á iarraidh an athuair, ina leith sin, go n-áireofaí tíortha is iarrthóirí i sásra an Aontais maidir leis an smacht reachta agus lena chleachtas tuairiscithe bliantúil, lena ndéantar sásraí comhair agus fíoraithe réamhaontachais a ghníomhachtú go huathoibríoch; ag tacú le rún an Choimisiúin tíortha aontachais a áireamh sna Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta, á áitiú go gcuirfidh siad leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag spreagadh thíortha an mhéadaithe leanúint de na hathchóirithe riachtanacha a chur chun feidhme go diongbháilte agus dul chun cinn inláimhsithe agus do-aisiompaithe a dhéanamh, ag tosú le bunphrionsabail phróiseas aontachais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á áitiú go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha chun iolrachas na meán a chothú, cearta iriseoirí a chosaint agus saoirse cainte a áirithiú i ngach tír is iarrthóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>	á chur i bhfios go bhfuil ailíniú le CBES an Aontais ina tháscaire bunriachtanach freisin lena gcloítear go hiomlán le bunphrionsabail an Aontais agus le ballraíocht inbhuanaithe san Aontas amach anseo; ag tathant ar gach tír is iarrthóir agus ar gach tír is iarrthóir ionchasach tús áite a thabhairt d’ailíniú tapa agus iomlán le CBES agus á athdhearbhú nach féidir le haontachas tíre ar leith dul ar aghaidh go dtí go mbeidh sé ailínithe le bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht chríochnúil ar straitéis an Aontais um méadú agus ar na cúiseanna leis an dul chun cinn teoranta atá déanta ag roinnt tíortha is iarrthóirí, go háirithe i réimsí an smachta reachta, chearta an duine agus an daonlathais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheas gur creat beartais fadtéarmach é modheolaíocht athbhreithnithe an Choimisiúin, ar cheart í a thabhairt cothrom le dáta chun próisis aontachais na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia a áireamh, lena dtreorófar próiseas an mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth, cé gur cheart go n-éireodh an próiseas níos incriminteach agus níos dinimiciúla agus gur cheart don Aontas spriocanna nithiúla aonair don athchóiriú, treochláir agus amlínte idirmheánacha a leagan síos do gach tír aontachais, nach féidir luathú nó spriocdhátaí réamhshainithe a bheith ann le haghaidh ballraíochta, toisc go bhféadfadh siad difear a dhéanamh do shláine an phróisis aontachais; á chreidiúint, áfach, gur cheart go dtarlódh an chéad mhéadú eile san Aontas a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha aontachais uile sna tíortha is iarrthóirí lena mbaineann agus go gcomhaontófar agus go gcuirfear chun feidhme na hathchóirithe Eorpacha is gá ag an am céanna; ag dréim leis go mbeidh na chéad tíortha is iarrthóirí réidh le teacht isteach san Aontas faoi dheireadh na ndeich mbliana seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á áitiú gur freagracht chomhroinnte ar na Ballstáit reatha agus ar na Ballstáit ar mian leo a bheith mar Bhallstáit den Aontas, é méadú an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit gealltanas polaitiúil soiléir agus aonchiallach a léiriú i leith phróiseas an mhéadaithe, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus gan mí-úsáid a bhaint as chun díospóidí déthaobhacha a réiteach, ar cheart iad a réiteach ar leithligh ón bpróiseas aontachais; á chur i bhfáth gur féidir le moilleanna iomarcacha ar an mbealach i dtreo ballraíocht iomlán an Aontais tionchar diúltach a imirt ar thuairimí an phobail agus ar thiomantas polaitiúil na dtíortha is iarrthóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir próisis aontachais a chur ar bun ar bhealach inchúlaithe, agus go bhféadfadh calcadh na caibidlíochta aontachais a bheith mar thoradh ar an gcur chuige bunaithe ar fhiúntas freisin i gcás cúlú ar luachanna bunúsacha, agus nach féidir é a atosú go dtí go ndéanfar dul chun cinn suntasach maidir le hathchóirithe; á iarraidh go ndéanfaí faireachán, tuairisciú agus measúnú láidir agus feabhsaithe ar na hathchóirithe agus ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha is iarrthóirí sna caibidlí caibidlíochta uile le coinníollacht spriocdhírithe a chuirtear i bhfeidhm go straitéiseach bunaithe ar thagarmharcanna soiléire dul chun cinn, smachtbhannaí a fhorchur ar chúlú bunúsach nó ar mharbhántacht leanúnach in athchóirithe agus luach saothair a thabhairt d’athchóirithe agus do chomhlíonadh tagarmharcanna trí amlínte soiléire caibidlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún comhsheasmhacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chúnaimh réamhaontachais a fheabhsú, lena léirítear go soiléir na tosaíochtaí sna réimsí bunúsacha i leithdháileadh chistiú IPA III; á iarraidh, go háirithe, go dtabharfaí isteach cuntasacht níos déine agus níos in-fhorfheidhmithe maidir le caiteachas agus go bhfeabhsófaí timthriall foriomlán na heisíocaíochta, an chur chun feidhme agus an ghrinnscrúdaithe ar chistiú réamhaontachais, agus coinníollacht dhocht á cur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta agus an Phlean nua Fáis do na Balcáin Thiar; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma ar Rialachán IPA III agus a mholadh go liostófaí an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia mar thairbhithe di, á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na moltaí i dTuarascáil Speisialta Uimh. 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur chun feidhme go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go mbeadh roghanna ann chun cosaint an smachta reachta agus luachanna daonlathacha an Aontais i gcoinne cúlú do na Ballstáit atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a neartú tuilleadh i gcomhthéacs athchóiriú na gConarthaí, lena n-áiritheofar go neartófar an tAontas agus a mhargadh aonair leis an méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>	á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go mbeidh cistiú an Aontais a chuirtear ar fáil do thíortha an mhéadaithe i gcomhréir le spriocanna agus leasanna straitéiseacha an Aontais féin; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tacaíocht airgeadais a thabhairt do na tíortha aontachais sin a oibríonn i dtreo dea-chaidreamh comharsanachta, comhar réigiúnach cuimsitheach agus athmhuintearas inbhuanaithe, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do choirpigh chogaidh a ionchúiseamh agus rochtain ar an bhfírinne, ar cheartas agus ar chúiteamh éifeachtach a áirithiú d’íospartaigh coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus cinedhíothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh na tíortha aontachais feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach leis an Aontas in ábhair choiriúla faoi na socruithe oibre le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach ar mhí-úsáid chistí an Aontais a éascú, lena n-áirítear trí oifigigh idirchaidrimh náisiúnta a thabhairt ar iasacht do OIPE, agus dlús a chur le cumas riaracháin na riarachán áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh maidir leis an ngá atá le comhar neartaithe, foirmiúil, struchtúrtha agus córasach idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa chun tacú le tíortha aontachais maidir le hathchóirithe, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh siad na moltaí uile ó Choimisiún na Veinéise ar a mbealach i dtreo ballraíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chreidiúint go n-éilítear leis an dúshlán a bhaineann le hAontas leathnaithe beartas feabhsaithe um méadú lena gcuirfear bealach incriminteach soiléir ar fáil i dtreo ballraíocht an Aontais, lena n-áirítear comhtháthú de réir a chéile i gcomhbheartais, amhail an margadh aonair, do na tíortha sin a thugann an chaibidlíocht chun críche i gcaibidil beartais ar leith nó a dhéanann dul chun cinn suntasach maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas; á thabhairt dá haire gur cheart go gcumasódh dul chun cinn den sórt sin rochtain ar chistí an Aontais sna réimsí faoi seach chun tairbhí soiléire a thabhairt do shaoránaigh le linn an phróisis; á thabhairt dá haire gur cheart go mbeadh cúnamh airgeadais méadaithe teicniúil agus coinníollach ag gabháil leis an gconair sin agus béim ar leith á leagan ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú dlíthe faoi bhraislí caibidlíochta maidir le bunphrionsabail agus caidreamh seachtrach, go háirithe caibidlí 23, 24, 30 agus 31; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tograí mionsonraithe a thíolacadh maidir leis an modheolaíocht aontachais incriminteach, lena n-áirítear clásail shoiléire ‘ghrádaithe’ agus inchúlaitheachta; á chur i bhfios go láidir nach ionann céimniú isteach tíortha is iarrthóirí, i réimsí beartais roghnaithe, a bhfuil cearta agus oibleagáidí teoranta acu, mar mhalairt ar bhallraíocht iomlán, nó mar rogha ar bhallraíocht iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá tionscnaimh amhail an Comhphobal Polaitiúil Eorpach, lena gcumasaítear comhar polaitiúil agus lena rannchuidítear le hidirphlé réigiúnach agus lena bhféadfaí tíortha is iarrthóirí a lánpháirtiú de réir a chéile san Aontas agus ina bheartais, ach nach roghanna malartacha iad ar bhallraíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh sé a bheith úsáideach post ar leith mar Choimisinéir um Méadú a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á moladh go ndéanfaí breithniú ar stádas breathnóra a thabhairt do thíortha is iarrthóirí i gcomhlachtaí agus in institiúidí ábhartha, lena n-áirítear an Pharlaimint, ar bhonn socruithe sealadacha ar dtús má tá dul chun cinn leordhóthanach déanta i gcaibidlíochtaí, go háirithe maidir le braislí maidir le bunphrionsabail agus caidreamh seachtrach, agus go gcomhlíonfar agus go gcomhaontófar na coinníollacha uile, go dtí go síneofar na conarthaí aontachais; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, cinneadh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa breathnóirí ó thíortha is iarrthóirí a áireamh ó 2024 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheas go bhfuil gá le cinnteoireacht agus maoirseacht níos láidre, níos éifeachtaí agus níos fónta ó Pharlaimint na hEorpa ar bheartas méadaithe an Aontais agus ar a chistiú, chun dlisteanacht agus cuntasacht dhaonlathach a mhéadú; á áitiú go neartófaí ról na Parlaiminte le linn an phróisis aontachais ina iomláine, lena n-áirítear na céimeanna idirmheánacha, lena gcumhdaítear grinnscrúdú iomlán ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha is iarrthóirí ar fud na réimsí beartais; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta feabhas a chur ar idirphlé agus ar chomhar rialta agus trédhearcach le parlaimintí náisiúnta na dtíortha is iarrthóirí mar shamhail do ghrinnscrúdú parlaiminteach ar lánpháirtiú an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht daonlathais a neartú trí na bealaí agus na hionstraimí atá ann cheana, amhail Idirphlé Jean Monnet, an tIdirphlé Idirpháirtí (IPD) agus Próiseas an Idirphlé Pharlaimintigh (PDP);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit páirt iomlán a ghlacadh chun na próisis athchóirithe sna tíortha is iarrthóirí a neartú tuilleadh, go háirithe a n-acmhainneachtaí riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá dlús a chur leis an trédhearcacht, rannpháirtíocht na saoránach agus dlúth-rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe agus ina ghrinnscrúdú a chumhachtú, lena n-áiritheofar a chistiú inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart do phróiseas an mhéadaithe buanú nó géarú a dhéanamh, de thaisme, ar éagothromaíochtaí atá bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar thíortha is iarrthóirí bearta a chomhtháthú sa phróiseas um méadú lena ndéantar cearta daoine LGBTIQ a chur chun cinn agus a áirithiú go gníomhach, amhail beartais a fhorbairt lena gcuirfear deireadh le hidirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne, lena bhfeabhsaítear rannpháirtíocht LGBTIQ i bpróisis chinnteoireachta, agus lena gcothaítear cuimsitheacht sna réimsí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta trí ghníomhaíochtaí oideachais agus múscailte feasachta; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus tíortha is iarrthóirí faireachán agus meastóireacht chuí ar stádas chearta LGBTIQ i dtíortha is iarrthóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheas nach mór a áirithiú leis an bpróiseas aontachais go méadóidh tíortha is iarrthóirí a n-iarrachtaí a bhaineann le cearta comhionanna do dhaoine faoi mhíchumas; ag cur béim ar an ngá atá le brú breise a chur ar thíortha is iarrthóirí athchóirithe a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar staid na ndaoine faoi mhíchumas agus chun a n-iarrachtaí a mhéadú ó thaobh dí-institiúidithe de lena n-áirítear an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maidir le hathchóirithe institiúideacha agus airgeadais Eorpacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheas gur cheart leanúint leis na próisis ullmhúcháin don mhéadú i gcomhthráth san Aontas agus i dtíortha aontachais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hathchóirithe institiúideacha agus airgeadais Eorpacha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann comhaltaí nua a ionsú agus a lánpháirtiú rathúil a chur chun cinn; á iarraidh go dtabharfadh Institiúidí an Aontais agus na Ballstáit faoi na hathchóirithe is gá chun a áirithiú nach gcuirfidh a n-éagmais moill ar aontachas na mBallstát nua; á thabhairt dá haire go bhfuil gá leis na hathchóirithe sin chun an tAontas agus a institiúidí a neartú chun dlisteanacht dhaonlathach, dea-rialachas, feidhmiúlacht, cuntasacht, trédhearcacht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn; á chur i bhfáth, go háirithe, a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach bheartais an Aontais a neartú trí chearta cinnteoireachta agus grinnscrúdaithe na Parlaiminte a threisiú; á athdhearbhú, dá bhrí sin, go bhfuil sí ag iarraidh go dtabharfaí ceart ginearálta agus díreach tionscnaimh reachtaigh don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chreidiúint go daingean gur cheart go méadódh athchóirithe institiúideacha Eorpacha cumas an Aontais gníomhú, agus go n-áireofaí leo nósanna imeachta cinnteoireachta simplithe agus níos éifeachtaí, ag imeacht ón aontoilíocht; á athdhearbhú gur cheart vótáil trí thromlach cáilithe a chur chun feidhme i réimsí amhail cosaint an daonlathais, chearta an duine agus an smacht reachta, CAI, smachtbhannaí agus cinntí beartais eachtraigh ábhartha eile, amhail tús a chur le caibidlíocht aontachais an Aontais, braislí caibidlíochta aonair a oscailt agus a dhúnadh agus smachtbhannaí a fhorchur ar chúlrianú, ach cé is moite de chinntí lena n-údaraítear misin nó oibríochtaí míleata a bhfuil sainordú feidhmiúcháin acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh go neartófaí an sásra chun an smacht reachta agus prionsabail agus luachanna bunúsacha an Aontais a chosaint, agus an cumas faireacháin chun comhlíonadh chritéir Chóbanhávan a áirithiú, roimh an gcéad bhabhta eile den mhéadú; á mholadh go ndéanfaí an nós imeachta in Airteagal 7 CAE a athchóiriú trí dheireadh a chur le haontoilíocht i gcinntí ón gComhairle, trí thráthchlár soiléir a thabhairt isteach, agus tríd an gCúirt Bhreithiúnais a dhéanamh ina réiteoir ar sháruithe; á chur i bhfios go n-éascófaí an próiseas méadaithe dá dtabharfaí isteach vótáil trí thromlach cáilithe ina leith sin; á chur i bhfáth gur gá sásra coinníollachta an smachta reachta a athchóiriú tuilleadh chun luachanna bunúsacha uile an Aontais mar a shainítear in Airteagal 2 CAE a chumhdach agus a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chreidiúint, i gcomhthéacs na ballraíochta iomláine, go bhfuil comhtháthú difreáilte mar chuid den réiteach le haghaidh Aontas atá éifeachtúil agus méadaithe; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil urraim do luachanna an Aontais mar atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE doshannta, nár cheart go mbeadh sé faoi réir aon mhaoluithe nó rogha an diúltaithe agus nach mór gealltanas láidir a bheith ag teastáil ó bhallraíocht an Aontais go n-urramófar dlí uile an Aontais; á mheas freisin nach mór limistéar leathan de chomhthuiscint Eorpach a áirithiú i gcónaí, lena gcumhdaítear réimsí amhail an t-aontas custaim, an margadh aonair agus a cheithre shaoirse, an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> sóisialta lárnach, agus beartais talmhaíochta, iomaíochta agus trádála; á thabhairt dá haire, thar an gcomhthuiscint sin, gur cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit atá toilteanach lánpháirtiú na hEorpa a bhogadh ar aghaidh i réimse níos leithne réimsí beartais é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir, faoi chóras an lánpháirtithe dhifreáilte den sórt sin, cé go nglacfadh na Ballstáit uile páirt i gcinntí maidir le saincheisteanna i réimse an chomhsheasaimh, nach nglacfadh ach na Ballstáit sin atá toilteanach páirt a ghlacadh i réimsí an lánpháirtithe níos doimhne páirt sna cinntí lena mbaineann; á thabhairt dá haire go bhfuil socruithe difreáilte airgeadais i gceist le lánpháirtiú difreáilte freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go mbainfí leas iomlán as an tsolúbthacht dá bhforáiltear i gConradh Liospóin roimh athchóiriú níos doimhne i gcomhthéacs athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na conarthaí; á mheabhrú go bhfuil roinnt ionstraimí solúbthachta ann cheana féin, amhail clásail <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING>, comhar feabhsaithe, staonadh cuiditheach, buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus sásraí um rogha gan a bheith páirteach, faoi chreat dlíthiúil reatha an Aontais, mar a léirítear go soiléir le taithí limistéar Schengen, ceann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas, agus an limistéar euro; á mheabhrú gur féidir réitigh chéimniú isteach, maoluithe sealadacha agus idirthréimhsí a chaibidliú i gcomhthéacs nósanna imeachta aontachais; á chur i bhfios nár cheart go gcuirfeadh úsáid na sásraí solúbthachta sin cosc ar phlé cuiditheach maidir le hathbhreithniú ar chonarthaí, mar a d’fhormhuinigh an Pharlaimint ina rún an 22 Samhain 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt dá haire nach mór d’athchóirithe institiúideacha réamh-mhéadaithe aghaidh a thabhairt freisin ar impleachtaí an mhéadaithe do chomhdhéanamh na Parlaiminte; á mheabhrú gurb í Parlaimint na hEorpa an t-aon institiúid a thoghtar go díreach a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais; á chur i bhfios go láidir, agus ionadaíochas daonlathach iomchuí á háirithiú, gur cheart don Pharlaimint fanacht ar mhéid inoibrithe; á chur i bhfios, áfach, nach féidir méadú réasúnta ar mhéid na Parlaiminte a chur as an áireamh chun ionadaíocht dhaonlathach leordhóthanach a áirithiú in Aontas méadaithe; á áitiú go mbeadh córas nua ann chun suíocháin a leithdháileadh bunaithe ar fhoirmle bhuan mhatamaiticiúil, atá oibiachtúil, cothrom, trédhearcach agus buan; ag meabhrú a seasaimh gur cheart leithdháileadh suíochán i bParlaimint na hEorpa a mheas in éineacht leis an gcóras vótála sa Chomhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú pras a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar phróiseas cinnteoireachta na Comhairle i bhfianaise an mhéadaithe; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar chóras uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle; á thabhairt dá haire gur cheart athbhreithniú a dhéanamh freisin ar ríomh na dtairseach vótála trí thromlach cáilithe chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht idir stáit mhóra agus stáit bheaga agus chun tairseacha níos airde a leagan síos do na cinntí is tábhachtaí; á iarraidh go mbeadh an-trédhearcacht agus sláine i bpróiseas cinnteoireachta na Comhairle i gcomhthéacs an mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire nach mór an méadú a chur san áireamh i gcomhdhéanamh an Choimisiúin agus á mheabhrú i ndáil leis sin an tsolúbthacht dá bhforáiltear i gConradh Liospóin; á thabhairt chun suntais nach mór d’aon athmheasúnú ar an gcleachtas Coimisinéir amháin a cheapadh in aghaidh an Bhallstáit a áirithiú go mbeidh comhdhéanamh an Choimisiúin cothrom ó thaobh geografaíochta de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go neartófaí na hionstraimí do rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth gur mórdhúshlán airgeadais don Aontas é an méadú, go háirithe maidir le beartais chomhtháthaithe agus talmhaíochta, agus gur deis é chun an tAontas a athchóiriú; á chur i bhfios go n-éilíonn an dúshlán sin CAI atá deartha, go dtugtar tosaíocht dó agus cistithe go cuí agus buiséad an Aontais níos éifeachtaí a chuireann ar chumas an Aontais gealltanais nua a ghlacadh agus leanúint de na cláir agus na tosaíochtaí polaitiúla atá ann cheana a bhaint amach ag an am céanna; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le hacmhainní dílse breise leordhóthanacha freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an mhéadaithe; á thabhairt dá haire go gcuireann an méadú le héilimh eile atá ag dul i méid ar chistiú an Aontais i réimsí na cobhsaíochta airgeadais, an neamhspleáchais straitéisigh, na sláinte, an fhuinnimh, an dícharbónaithe, an aistrithe chuig fuinneamh glan, cosaint an chomhshaoil, an digitithe, an taighde, na cosanta agus na slándála; á chur i bhfios go láidir nach mór athchóirithe airgeadais den sórt sin a mheas i gcomhthráth leis an gcaibidlíocht aontachais atá ar siúl faoi láthair agus nach mór iad a ghlacadh roimh an méadú; ag cosaint a seasaimh gur cheart struchtúr CAI atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a athstruchtúrú agus a neartú go suntasach chun athléimneacht a mhéadú; á chur i bhfios go láidir gur gá aontachas comhaltaí nua a chur san áireamh agus CAI 2028-2034 á ullmhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na tíortha is iarrthóirí ról speisialta FBManna a ráthú mar phríomhcholún maidir le beartais thionsclaíocha a neartú agus feabhas a chur ar chumas na dtíortha aistriú cóir a bhaint amach agus oiriúnú do dhúshláin theicneolaíocha ar an mbealach chuig aistriú digiteach cuimsitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh an athuair go ndéanfadh an Comhairle, an Coimisiún agus SEGS feabhas a chur ar chumarsáid straitéiseach agus ar infheictheacht thairbhí socheacnamaíocha frithpháirteacha agus dúshláin an mhéadaithe araon sna tíortha aontachais agus sna Ballstáit araon trí straitéis éifeachtach feachtais faisnéise le linn phróiseas an mhéadaithe, lena léirítear torthaí nithiúla an phróisis aontachais leanúnaigh agus torthaí gach babhta caibidlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh an athuair go ndéanfaí na moltaí ón gCoiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha Uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear Bréagaisnéis (INGE) a chur chun feidhme, go háirithe trí dhlús a chur leis na hiarrachtaí chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus trí chur isteach mailíseach eachtrach agus iarrachtaí chun an bonn a bhaint den daonlathas agus lánpháirtiú an Aontais a chosc trí chobhsaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta sna tíortha is iarrthóirí a chur de dhroim seoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios gur dúshlán ilghnéitheach é atógáil agus téarnamh iarchogaidh na hÚcráine ar gá aghaidh a thabhairt air i gcomhthéacs níos leithne d’iarracht idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go gcaithfidh cistiú don Úcráin eascairt as an iliomad foinsí idirnáisiúnta, lena n-áirítear sócmhainní calctha na Rúise; á chur i bhfios go láidir go mbeidh rioscaí airgeadais gaolmhara ag baint leis na hinfheistíochtaí sin agus á áitiú nach mór dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an bpróiseas sin agus é a leabú i gcreat reachtach dea-dheartha agus saincheaptha, is é sin le rá, sábháilte ó éilliú agus calaois; á iarraidh, i ndáil leis sin, go nglacfaí gan mhoill an Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi obair an Choimisiúin maidir le beartas réamh-mhéadaithe agus an t-athbhreithniú ar chistiú, agus á iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair críochnúil ar impleachtaí an mhéadaithe; ag tacú le sásra éifeachtach um réiteach coinbhleachtaí agus idirghabháil, a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, a chruthú lasmuigh den chreat um méadú, atá dírithe ar athmhuintearas a chothú agus ar shaincheisteanna déthaobhacha a réiteach i dtíortha aontachais, lena gcabhrófar le réitigh cheangailteacha chinntitheacha ar dhíospóidí réigiúnacha agus déthaobhacha agus ar leagáidí an ama a chuaigh thart a aimsiú agus a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go nglacfaí toghcháin Eorpacha 2024 mar dheis chun an gá agus na tairbhí a bhaineann leis an bpróiseas chun an tAontas Eorpach a dhoimhniú agus a mhéadú a phlé agus a chur i láthair; agus na hathchóirithe Eorpacha polaitiúla, institiúideacha agus airgeadais is gá;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtais agus parlaimintí na dtíortha aontachais.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>