<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0142</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus an Phointe Rochtana Aonair Dhigitigh chun críocha ceanglais áirithe a leagtar síos leis an Treoir maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0006/2024 -  Rapóirtéir: Anne‑Sophie Pelletier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le húsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus an Phointe Rochtana Aonair Dhigitigh chun críocha ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)0516) (COM(2023)0515 – C9-0327/2023 – 2023/0314(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0515),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 21(2) agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0327/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Eanáir 2024<FOOTNOTE><FIELD> Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0006/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0314</STRING></IDENT><TCONSOLID><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2024 d'fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le húsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus na Pointe Rochtana Aonair Digitigh chun críocha ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)0516)</STRING><BRK/></TI><NOTE>(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) agus Airteagal 114 de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD>Uimhir thagartha na tuairime</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Le Treoir (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)516)<FOOTNOTE><FIELD>Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le Comhlachais Trasteorann Eorpacha (tagairt IO).</FIELD></FOOTNOTE>, leagtar síos bearta lena gcomhordaítear na coinníollacha maidir le ‘comhlachais trasteorann Eorpacha’ a bhunú agus a oibriú, agus é d’aidhm aici feidhmiú éifeachtach saorghluaiseachta eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a éascú, ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach.
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>De bhun Airteagal <STRING STRIKE="on">30(2)</STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">28(2)</STRING></STRING> de Threoir COM(2023)516, tá an comhar riaracháin agus an malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát le cur chun feidhme trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘córas IMI’) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>. Chuige sin, ba cheart na nósanna imeachta um chomhar riaracháin is gá <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus na nósanna imeachta le haghaidh malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla </STRING></STRING>a bhunú i gcóras IMI. <STRING BOLD="on">[Leasú 1]</STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>I gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, leis an bpointe rochtana aonair digiteach, <STRING STRIKE="on">tabharfar</STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">soláthraítear</STRING></STRING> rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna do shaoránaigh an Aontais, do dhaoine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát agus do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a n‑oifig chláraithe acu i mBallstát. Ba cheart an chuid oibríochtúil agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 a leasú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leis an Rialachán seo </STRING></STRING>chun a áirithiú nach dtuigfear go bhfuil an raon feidhme teoranta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus go <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">dtuigfear go </STRING></STRING>mbaineann sé le daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad, amhail comhlachais trasteorann Eorpacha. <STRING BOLD="on">[Leasú  2]</STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>I Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, lenar bunaíodh an pointe rochtana aonair digiteach, déantar foráil maidir le rialacha ginearálta i ndáil le faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá ábhartha i leith fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. Ba cheart ceanglais Rialachán (AE) 2018/1724 a chomhlíonadh leis na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun a áirithiú gur féidir le haon chomhlachas trasteorann Eorpach tairbhe a bhaint as nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne agus as malartú uathoibríoch trasteorann fianaise, i gcomhréir le prionsabal na haonuaire. Leis na nósanna imeachta sin, cuimsítear an t‑iarratas ar chomhlachas trasteorann Eorpach a chlárú agus an nós imeachta chun oifig chláraithe comhlachais trasteorann Eorpaigh a aistriú.
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a leasú dá réir,
</CONS><CONS>
<NO.P>(5a)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 31 Deireadh Fómhair 2023, </STRING></STRING><STRING BOLD="on">[Leasú 3]</STRING>
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART>Airteagal 1</TI.ART><STI.ART>Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012</STI.ART><PARAG>San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear isteach an pointe (16) nua seo a leanas:<CITATION>
“16.	Treoir (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)516) *: Airteagal 19(2), Airteagal 19(4), Airteagal 23(5), Airteagal 23(6), Airteagal 23(7), Airteagal 24(3), Airteagal 25(6), agus Airteagal 27.’

*(Tagairt IO).”
</CITATION></PARAG>

<TI.ART>Airteagal 2</TI.ART><STI.ART>Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1724</STI.ART><PARAG>Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(1)</NO.P>in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):<CITATION>
‘(a)	pointe rochtana aonair digiteach a bhunú agus a oibriú chun rochtain éasca a thabhairt do shaoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad ar fhaisnéis ardcháilíochta, ar nósanna imeachta éifeachtúla agus ar sheirbhísí éifeachtacha cúnaimh agus réitigh fadhbanna i dtaca le rialacha an Aontais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le saoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad atá ag feidhmiú na gceart atá acu faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;’
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(2)</NO.P>in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):<CITATION>
‘(b)	úsáid nósanna imeachta ag úsáideoirí trasteorann agus cur chun feidhme phrionsabal na haonuaire a bhaineann leis na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE, 2014/25/AE agus .../...*;’

‘* Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an .... Maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (tagairt IO).’
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(3)</NO.P>in Airteagal 2(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):<CITATION>
‘(c)	faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus naisc leo, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7, ar féidir le saoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad dul ina muinín má tá ceisteanna nó fadhbanna acu maidir leis na cearta, na hoibleagáidí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo.’
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(4)</NO.P>in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
‘1.	Ar mhaithe le fianaise a mhalartú le haghaidh na nósanna imeachta ar líne a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE, 2014/25/AE agus .../.../..., cuirfidh an Coimisiún córas teicniúil ar bun i gcomhar leis na Ballstáit le haghaidh malartú fianaise uathoibríoch idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla (‘an córas teicniúil’).’
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(5)</NO.P>leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:<CITATION>
‘Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad a bhfuil a n‑oifig chláraithe acu i mBallstát atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2).
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(aa)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">réimsí faisnéise a bhaineann le gnólachtaí, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe J:</STRING></STRING>’<CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘Réimsí faisnéise a bhaineann le gnólachtaí:</STRING></STRING>

<TGROUP COLS="2"><COLSPEC COLNAME="C1" COLNUM="1" COLWIDTH="50*"/><COLSPEC COLNAME="C2" COLNUM="2" COLWIDTH="50*"/>
<ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réimse</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA</STRING></STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>J.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">gnólacht a chlárú, a dhúnadh nó a chineál dlíthiúil a athrú (nósanna imeachta clárúcháin agus foirmeacha dlí le haghaidh gnó a dhéanamh)</STRING></STRING>

<NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">oifig chláraithe ag gnólacht a aistriú chuig Ballstát eile</STRING></STRING>

<NO.P>2a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">dualgais do chreidiúnaithe agus cearta oibrithe maidir le hoifig chláraithe ag gnólacht a aistriú go Ballstát eile</STRING></STRING>

<NO.P>3.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil)</STRING></STRING>

<NO.P>4.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena n-áirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol</STRING></STRING>

<NO.P>5.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne</STRING></STRING>

<NO.P>6.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena n-áirítear ús ar riaráistí</STRING></STRING>

<NO.P>7.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú cuideachtaí</STRING></STRING>

<NO.P>8.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">árachas creidmheasa</STRING></STRING>

<NO.P>9.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuideachtaí a chumasc nó gnólacht a dhíol</STRING></STRING>

<NO.P>10.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">dliteanas sibhialta comhaltaí boird nó stiúrthóirí cuideachta</STRING></STRING>

<NO.P>11.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rialacha agus oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil’</STRING></STRING>
</ENTRY></ROW>
</TGROUP>

<STRING BOLD="on">[Leasú 4]</STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>cuirtear isteach na réimsí faisnéise seo a leanas:<CITATION>
‘Réimsí faisnéise a bhaineann le daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad a bhfuil a n‑oifig chláraithe acu i mBallstát:

<TGROUP COLS="2"><COLSPEC COLNAME="C1" COLNUM="1" COLWIDTH="50.78*"/><COLSPEC COLNAME="C2" COLNUM="2" COLWIDTH="49.22*"/>
<ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AA.</NO.P><STRING ITALIC="on">Duine dlítheanach nach gnólacht é a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>duine dlítheanach nach gnólacht é a chlárú, foirm dlí an duine dhlítheanaigh sin a athrú nó an duine dlítheanach sin a dhúnadh (nósanna imeachta clárúcháin agus foirmeacha dlí)

<NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">oifig chláraithe duine dhlítheanaigh</STRING></STRING> nach gnólacht é a aistriú go Ballstát eile

<NO.P>2a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">dualgais do chreidiúnaithe agus cearta oibrithe maidir le hoifig chláraithe duine dhlítheanaigh nach gnólacht é a aistriú go Ballstát eile</STRING></STRING>

<NO.P>3.</NO.P>cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil)

<NO.P>4.</NO.P>cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena n-áirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol

<NO.P>5.</NO.P>saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne

<NO.P>6.</NO.P>cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena n-áirítear ús ar riaráistí

<NO.P>7.</NO.P>imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad

<NO.P>8.</NO.P>árachas creidmheasa

<NO.P>9.</NO.P>cumaisc duine dhlítheanaigh nach gnólacht é, nó é a dhíol

<NO.P>10.</NO.P>dliteanas sibhialta <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">comhaltaí boird nó</STRING></STRING> stiúrthóirí duine dhlítheanaigh nach gnólacht é

<NO.P>11.</NO.P>rialacha agus oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AB.</NO.P>Fostaithe
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>téarmaí fostaíochta a shonraítear i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil (lena n‑áirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)

<NO.P>2.</NO.P>cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas (clárú mar fhostóir, fostaithe a chlárú, fógra a thabhairt d’fhostaí faoi dheireadh conartha, ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le pinsin)

<NO.P>3.</NO.P>oibrithe a fhostú i mBallstáit eile (oibrithe a phostú, rialacha maidir le saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglais chónaithe d’oibrithe)

<NO.P>4.</NO.P>cóir chomhionann (rialacha lena dtoirmeasctar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná agus le pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta nó fostaíochta buaine)

<NO.P>5.</NO.P>rialacha maidir le hionadaíocht foirne
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AC.</NO.P>Cánacha
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>CBL: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú le haghaidh CBL agus CBL a íoc, aisíocaíocht a fháil

<NO.P>2.</NO.P>dleachtanna máil: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú chun críoch cánach máil agus íocaíocht cánach máil, aisíocaíocht a fháil

<NO.P>3.</NO.P>dleachtanna custaim agus cánacha agus dleachtanna eile a bhailítear i leith allmhairí

<NO.P>4.</NO.P>nósanna imeachta custaim le haghaidh allmhairí agus onnmhairí faoi Chód Custaim an Aontais

<NO.P>5.</NO.P>cánacha eile: íocaíocht, rátaí, tuairisceáin chánach
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AD.</NO.P>Earraí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>marcáil CE a fháil

<NO.P>2.</NO.P>rialacha agus ceanglais táirgí

<NO.P>3.</NO.P>caighdeáin is infheidhme a shainaithint, sonraíochtaí teicniúla, agus táirgí a dheimhniú

<NO.P>4.</NO.P>aitheantas frithpháirteach do tháirgí nach bhfuil faoi réir shonraíochtaí an Aontais

<NO.P>5.</NO.P>ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán guaiseach

<NO.P>6.</NO.P>ciandíol/díol seacháitribh: faisnéis nach mór a thabhairt do chustaiméirí roimh ré, an conradh a dheimhniú i scríbhinn, aistarraingt ó chonradh, na hearraí a sheachadadh, oibleagáidí sonracha eile

<NO.P>7.</NO.P>táirgí lochtacha: cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí, freagrachtaí iardhíola, modhanna sásaimh duine dhíobhálaithe

<NO.P>8.</NO.P>deimhniúchán, lipéid (EMAS, lipéid fuinnimh, éicidhearthóireacht, éicilipéad AE)

<NO.P>9.</NO.P>athchúrsáil agus bainistiú dramhaíola
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AE.</NO.P>Seirbhísí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>ceadúnais, údaruithe nó ceadanna a fháil d’fhonn duine dlítheanach nach gnólacht é a thosú agus a fheidhmiú

<NO.P>2.</NO.P>fógra a thabhairt do na húdaráis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann

<NO.P>3.</NO.P>aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, lena n‑áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AF.</NO.P>Duine dlítheanach nach gnólacht é a chistiú
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear cláir chistiúcháin agus deontais ghnó an Aontais

<NO.P>2.</NO.P>rochtain a fháil ar mhaoiniú ar an leibhéal náisiúnta

<NO.P>3.</NO.P>tionscnaimh atá dírithe ar dhaoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad (malartuithe, cláir mheantóireachta, etc.)
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AG.</NO.P>Conarthaí poiblí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí: rialacha agus nósanna imeachta

<NO.P>2.</NO.P>tairiscint a chur isteach ar líne mar fhreagairt do ghlao poiblí ar thairiscintí

<NO.P>3.</NO.P>neamhrialtachtaí a thuairisciú maidir leis an bpróiseas tairisceana
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
<NO.P>AH.</NO.P>Sláinte agus sábháilteacht ag an obair
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
<NO.P>1.</NO.P>oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta, lena n‑áirítear rioscaí a chosc, faisnéis agus oiliúint
</ENTRY></ROW>
</TGROUP>

<STRING BOLD="on">[Leasú 5]</STRING>
</CITATION></PARAG>

<TI.ART>Airteagal 3</TI.ART><STI.ART>Teacht i bhfeidhm</STI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh sa …,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</SIGNATURE></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>