<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF4" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0156</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0063/2024 - Rapóirtéir:René Repasi)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch le haghaidh 2024 (2023/2063(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 121(2) agus 136 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann le CAE agus le CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 41.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle an 8 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 33.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 8.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 12.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar na Ballstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais<FOOTNOTE><FIELD> IO L 140, 27.5.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 140, 27.5.2013, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Ghealltanas Sóisialta Porto an 7 Bealtaine 2021 ón gComhairle, ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó na comhpháirtithe sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mheasúnú ón mBord Fioscach Eorpach an 28 Meitheamh 2023 ar an staid fhioscach atá iomchuí don limistéar euro in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón mBord Fioscach Eorpach an 4 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 maidir le treoshuíomhanna le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (COM(2022)0583),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (COM(2023)0240),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2023 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (COM(2023)0241),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2023 le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (COM(2023)0242),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Granada a glacadh an 6 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 dar teideal ‘Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe 2024’ (COM(2023)0901),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 dar teideal ‘Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh’ (COM(2023)0902) agus don mholadh ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2023)0903),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle an 21 Samhain 2023 (COM(2023)0904),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2023 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0063/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Seimeastar Eorpach maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, struchtúracha, shóisialta agus fostaíochta a chomhordú sna Ballstáit, agus ar an gcaoi sin cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir réamhaisnéis gheimhreadh 2024 ón gCoimisiún, go meastar nár mhéadaigh gníomhaíocht eacnamaíoch in 2023 ach 0,5 % san Aontas agus sa limistéar euro araon in aghaidh boilsciú ard agus coinníollacha maoinithe níos déine, tar éis téarnamh láidir in 2022; de bhrí go ndearnadh athbhreithniú ar fhás OTI a bhfuiltear ag súil leis síos go dtí 0,9 % (ó 1,3 %) san Aontas agus 0,8 % (ó 1,2 %) sa limistéar euro do 2024; de bhrí go meastar fós in 2025 go dtiocfaidh méadú 1,7 % ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas agus 1,5 % sa limistéar euro;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur lean margadh saothair an Aontais de bheith ag feidhmiú go láidir sa chéad leath de 2023, in ainneoin an mhoillithe ar an bhfás eacnamaíoch; de bhrí, de réir réamhaisnéis fhómhar 2023 ón gCoimisiún, áfach, go raibh ganntanais lucht saothair fós géar ar fud go leor earnálacha agus gairmeacha, go háirithe i réimsí a bhaineann le teicneolaíochtaí astaíochtaí glan-nialasacha agus astaíochtaí ísle a mhéadú agus a chur chun feidhme; de bhrí go raibh an dífhostaíocht ar leibhéal níos ísle ná riamh san Aontas ina iomláine, le héagsúlacht ar fud na mBallstát; de bhrí gur shroich dífhostaíocht i measc na hóige 14,7 % san Aontas agus 14,4 % sa limistéar euro i mí na Nollag 2023, de réir Eurostat;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go meastar go dtitfidh an boilsciú ó 6,3 % in 2023 go 3,0 % in 2024 agus 2,5 % in 2025 san Aontas agus ó 5,4 % in 2023 go 2,7 % in 2024 agus 2,2 % in 2025 sa limistéar euro, de réir réamhaisnéis gheimhridh 2024 ón gCoimisiún; de bhrí nach mór don bheartas fioscach tacú le beartas airgeadaíochta maidir le boilsciú a laghdú agus inbhuanaitheacht fhioscach a chosaint, agus spás leordhóthanach a chur ar fáil d’infheistíochtaí breise agus tacú le fás fadtéarmach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go mbíonn tionchar éagsúil ag an mboilsciú ar ghrúpaí ioncaim, agus go mbíonn grúpaí ar ioncam íseal ag fulaingt go díréireach; de bhrí go bhféadfadh an boilsciú fíorghéarchéim chostais mhaireachtála a chruthú do chodanna áirithe den daonra, rud a chruthódh dúshláin don chomhtháthú sóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas fiachais-OTI go 83,1 % san Aontas in 2023 (90,4 % sa limistéar euro); de bhrí go meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar an gcóimheas fiachais-OTI san Aontas go dtí thart ar 82,7 % in 2024 agus 82,5 % in 2025; de bhrí go meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas fiachais-OTI an limistéir euro go dtí thart ar 89,7 % in 2024 agus 89,5 % in 2025; de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór i leibhéil fiachais na mBallstát éagsúil; de bhrí go bhféadfadh cóimheasa arda fiachais-OTI mar aon le rátaí arda úis agus staid mhaicreacnamaíoch neamhchinnte inbhuanaitheacht fhadtéarmach fiachais agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chur i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir réamhaisnéis fhómhar 2023 ón gCoimisiún, go meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais san Aontas agus sa limistéar euro go 3,2 % de OTI in 2023 agus go laghdóidh sé tuilleadh go 2,8 % de OTI in 2024 agus go 2,7 % in 2025;  de bhrí go ndearnadh clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú ag deireadh 2023; de bhrí gur fhógair an Coimisiún go gcuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnamh a thionscnamh in earrach 2024 ar bhonn na sonraí olltoraidh do 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, in 2023 agus 2024, go meastar go gcrapfaidh an staid fhioscach chomhiomlán, 0,5 % de OTI sa dá bhliain, go príomha mar gheall ar dheireadh iomlán a chur de réir a chéile le bearta fuinnimh a bhaineann leis an ngéarchéim;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur chuir freagairt bheartais mhear, chinntitheach agus chomhordaithe ar chumas gheilleagar an Aontais iarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a athbhunú agus dul i ngleic leo, agus dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh a d’eascair aisti; de bhrí mhoilligh an geilleagar in 2023; de bhrí go bhfuil neamhchinnteacht ard agus rioscaí arda a bhaineann le héabhlóid chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na coinbhleachta sa Mheánoirthear mar thréith den ionchas i gcónaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur léirigh na himeachtaí geopholaitiúla suaiteacha sin gur gá don Aontas Eorpach a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú tuilleadh agus a bheith iomaíoch sa mhargadh domhanda, agus a áirithiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur rannchuidigh cistiú an Aontais le neart maicreacnamaíoch ar leibhéal an Aontais agus go méadaíonn sé athléimneacht inmheánach agus sheachtrach an Aontais tráth géarchéime, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna do na Ballstáit infheistíochtaí riachtanacha i dtosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú chun dul i ngleic le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, tar éis leathnú suntasach a bhaineann le géarchéim idir 2020 agus 2022, go meastar go mbeidh an staid fhioscach sa limistéar euro sriantach in 2023 agus 2024;  de bhrí gur cheart go leanfadh an staid fhioscach de bheith solúbtha i bhfianaise na héiginnteachta ard;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur tháinig laghdú géar ar ghlaninfheistíocht phoiblí mar chéatadán de OTI san Aontas tar éis na géarchéime airgeadais mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus leibhéil dhiúltacha á mbaint amach i gcásanna áirithe; de bhrí nár aisghabhadh an cóimheas sin go hiomlán go fóill; de bhrí go bhfuil rath na mbeartas aeráidneodrach agus an chlaochlaithe dhigitigh ag brath ar chur chuige comhchoiteann Eorpach agus go bhfuil gá le bearta ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon; de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir athléimneacht an Aontais amach anseo agus infheistíochtaí méadaithe poiblí agus príobháideacha don fhás inbhuanaithe agus clár oibre uaillmhianach um athchóiriú struchtúrach; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le straitéis thráthúil chun leibhéil iomchuí infheistíochta poiblí a áirithiú tar éis dhul in éag na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) in 2026; de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíochtaí suntasacha poiblí agus príobháideacha chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur gá do na Ballstáit na sásraí faireacháin agus iniúchóireachta is gá a bheith i bhfeidhm acu chun urraim don smacht reachta a áirithiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go háirithe chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun trédhearcacht a áirithiú; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na moltaí tír-shonracha ábhartha (CSRanna) a chur chun feidhme i ndáil leis sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ionchais eacnamaíocha don Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid eacnamaíoch, an éiginnteacht leanúnach, an fás lag, an t-iomaíochas agus an táirgiúlacht san Aontas; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil tionchar leanúnach ag praghsanna fuinnimh agus ag boilsciú ar chumhacht ceannaigh teaghlach, rud a fhágann go bhfuil baol níos mó bochtaineachta ann, lena n-áirítear bochtaineacht fuinnimh, do go leor Eorpach, agus ar chumas chuideachtaí an Aontais, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), feidhmiú; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit bearta breise chun na deacrachtaí sin a shárú agus chun bearta spriocdhírithe a chur chun feidhme chun iomaíocht chóir a áirithiú sa mhargadh aonair agus chun aghaidh a thabhairt ar bhrúnna boilscithe leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil go leor Ballstát thíos le dúshláin struchtúracha a chuireann bac ar a n-acmhainneacht fáis; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach dul i ngleic le dúshláin struchtúracha chun téarnamh inbhuanaithe agus fás leanúnach a bhaint amach, agus go bhfuil sé ríthábhachtach athchóirithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí struchtúracha, ní hamháin chun feabhas a chur ar an gcumas dúshláin atá ann cheana a sheasamh agus aghaidh a thabhairt orthu ach freisin chun an dá aistriú a thabhairt i gcrích ar bhealach inbhuanaithe agus cothrom; á thabhairt chun suntais go bhfuil athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha ríthábhachtach i gcónaí chun bonn eacnamaíoch an Aontais a neartú, chun cruthú gnó agus fiontraíocht a chur chun cinn agus chun iomaíochas, táirgiúlacht agus acmhainneacht fáis fhoriomlán an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil easpa infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i mBallstáit áirithe ag cur bac ar acmhainneacht an fháis atá cothrom ar bhonn sóisialta agus inbhuanaithe; á mheas gur tosca ríthábhachtacha iad rialacha intuartha, cothrom na Féinne agus costais chomhlíonta laghdaithe chun infheistíocht a mhealladh; á thabhairt chun suntais go bhfuil na hinfheistíochtaí sin ríthábhachtach do chumas an Aontais dul i ngleic leis na dúshláin atá ann cheana, lena n-áirítear na haistrithe córa glasa agus digiteacha, agus go gcuirfidh siad le hathléimneacht agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais le linn na ndúshlán atá le teacht; á chreidiúint gur cheart athchóirithe feabhsaithe fáis agus athléimneachta a bheith ag gabháil leis na hinfheistíochtaí sin; ag tabhairt aird ar na hinfheistíochtaí i bhfoinsí in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh a bhfuil gá leo chun, i measc nithe eile, an tAontas a dhéanamh neamhspleách ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus chun srian a chur leis an mboilsciú arna spreagadh ag praghsanna fuinnimh; ag cur sonrú sa staid fhioscach chrapthach a bhfuiltear ag súil léi in 2023 agus 2024; á thabhairt chun suntais nár cheart go dtiocfadh aon chrapadh ar chostas infheistíochta, rud ar cheart a mhéadú ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth go gcabhrófaí le borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach dá ndéanfaí an margadh aonair a dhoimhniú tuilleadh agus deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht, lena n-áirítear trí athchóirithe lena ndéantar pleanáil, ceadú agus nósanna imeachta riaracháin eile a chuíchóiriú agus a dhigitiú; á athdhearbhú gur féidir le beartas tionsclaíoch, chomh maith le margaí caipitil agus nuálaíocht an Aontais atá domhain agus comhtháite, rannchuidiú freisin trí thacú le hinfheistíocht, iomaíochas domhanda an Aontais a chosaint agus rioscaí a bhaineann le spleáchas iomarcach ar líon teoranta tíortha nach bhfuil san Aontas le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí, amhábhar agus ionchur tionsclaíoch a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit athbhreithnithe caiteachais mar chuid rialta den phróiseas buiséadach (il)bhliantúil, rud a chabhródh le héifeachtúlacht agus cáilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú; ag aontú leis an moladh ón gCoimisiún i Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe 2024 gur cheart do na Ballstáit deireadh a chur le bearta tacaíochta fuinnimh a bhaineann le géarchéimeanna agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise a luaithe is féidir; á chur i bhfáth go bhfuil ríthábhacht le hioncam agus caiteachas na rialtas araon chun inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a ráthú; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíocht chun dul i ngleic le calaois chánach, seachaint cánach, imghabháil cánach agus sciúradh airgid; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú maidir leis an bpacáiste maidir le frithsciúradh airgid i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag aontú le measúnú an Choimisiúin go bhfuil rioscaí a bhaineann le héagsúlachtaí arda fiachais agus praghsanna fós ábhartha, go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil gá le tar-rolladh mór fiachais, nó i gcás ina bhfuil méaduithe móra ar íocaíochtaí úis le sárú ag an earnáil phríobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh go bhféachfadh na Ballstáit sa limistéar euro ar na modhanna uile chun an t-athbhreithniú ar Chonradh an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh a thabhairt chun críche chun go bhféadfaí an cúlstop coiteann a thabhairt isteach sa Chiste Réitigh Aonair, rud a neartódh athléimneacht an limistéir euro tuilleadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An Seimeastar Eorpach agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú gurb é an Seimeastar Eorpach an creat seanbhunaithe chun na beartais bhuiséadacha, eacnamaíocha, shóisialta agus fostaíochta a chomhordú ar fud an Aontais i gcomhréir leis na Conarthaí, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus, ar an gcaoi sin, a chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, cóineasú marthanach fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát agus comhtháthú sóisialta an Aontais a choimirciú;  á iarraidh go mbeadh úinéireacht náisiúnta níos láidre ag na Ballstáit ar an Seimeastar Eorpach, mar shampla trína n-údaráis áitiúla agus réigiúnacha; á thabhairt dá haire go bhfuil plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do 2023 mar chuid de straitéis fáis an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag teacht leis an tuairim gur gá CSRanna 2024 a dhíriú ar chritéir shonracha; á chur i bhfios go láidir nach mór dóibh fónamh freisin chun fás eacnamaíoch fónta agus cuimsitheach a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cothroime shóisialta agus idirghlúine a áirithiú; ag cur san áireamh na difríochtaí maidir leis na réamhaisnéisí náisiúnta maidir le fás OTI, boilsciú, dífhostaíocht, comhardú ginearálta an rialtais, ollfhiachas poiblí agus iarmhéid an chuntais reatha agus á thabhairt dá haire go léiríonn siad go bhfuil gá le cuir chuige solúbtha bunaithe ar réaltacht shonrach gach Ballstáit; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfadh an Coimisiún na moltaí tírshonracha a nascadh ar bhealach níos dlúithe leis na tuarascálacha tíre faoi seach; á iarraidh go ndéanfaí faireachán éifeachtúil ar chur chun feidhme na moltaí tírshonracha agus ar na hathchóirithe ábhartha, chomh maith leis an dul chun cinn maidir le bearnaí infheistíochta sainaitheanta a laghdú; á chur i bhfáth nach mór leochaileachtaí sóisialta agus dífhostaíocht a chur san áireamh sna moltaí tírshonracha; á thabhairt dá haire go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na moltaí tír-shonracha sóisialta atá bunaithe ar an scórchlár sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tsolúbthacht maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a choigeartú, e.g. i gcomhthéacs REPowerEU, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh óna chur chun feidhme; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh na garspriocanna agus na spriocanna sna pleananna téarnaimh náisiúnta comhsheasmhach leis na moltaí tírshonracha agus gur cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar fhothacar suntasach de na moltaí tírshonracha ar a laghad, mar chuid dá bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; ag cur béim ar rath na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; á mheabhrú go ndéanfar rath agus éifeachtacht na dtionscadal arna maoiniú a thomhas de réir a dtionchar ar an ngeilleagar agus ar an bhfostaíocht agus á iarraidh go ndéanfar na tionscadail sin a chur chun feidhme go tapa, go trédhearcach agus go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil comhlíonadh Rialachán RRF agus cur chun feidhme cuí ríthábhachtach d’inchreidteacht RRF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur sonrú sa ról atá ag RRF maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda a eascraíonn as an aistriú glas agus as claochlú digiteach an gheilleagair; á chur i bhfáth go gcuireann athchóirithe agus infheistíochtaí faoi na pleananna téarnaimh agus athléimneachta le spriocanna aeráide Rialachán RRF agus go n-urramaíonn siad an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;  á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an deis sin agus leas a bhaint as RRF chun a ngeilleagair a athrú ó bhonn agus iad a dhéanamh níos iomaíche; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé a fhíorú go sroicheann na cistí an fíorgheilleagar agus FBManna agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cuntasacht agus trédhearcacht do chomhlachtaí a fhaigheann cistiú ón Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá infheistíocht phríobháideach agus phoiblí i gcomhthéacs an téarnaimh eacnamaíoch agus i mbainistiú an dá aistriú; á mheabhrú nach dtagann RRF in ionad ról sonrach na hinfheistíochta poiblí náisiúnta; á athdhearbhú gur gá cáilíocht, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú san infheistíocht phoiblí agus i straitéisí náisiúnta chun ailíniú le cuspóirí an dá aistriú; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh na straitéisí náisiúin sin don dá aistriú ina gcomhlánú ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ar ionstraimí infheistíochta Eorpacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tacú le cláir bheartas comhtháthaithe an Aontais a chuíchóiriú le riachtanais infheistíochta arna sainaithint faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus sna moltaí tírshonracha; á mheabhrú go bhfónann an beartas comhtháthaithe do shraith níos leithne cuspóirí ná RRF agus go bhféadfadh sé na bearta a comhaontaíodh faoi RRF a chomhlánú; á iarraidh go ndéanfaí rannpháirtíocht geallsealbhóirí, lena n-áirítear rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na hearnála gnó, a ionchorprú ar bhealach inchomparáide i ndréachtú agus i gcur chun feidhme pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, mar atá i gcás cláir beartais chomhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhordú idir na húdaráis ábhartha, lena n-áirítear idir rialtais náisiúnta agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, bunriachtanach chun RRF a bhainistiú agus chun bacainní riaracháin agus maorlathas a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil sealadach an 10 Feabhra 2024 maidir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a athchóiriú, arb é is aidhm dó comhordú éifeachtach na mbeartas eacnamaíoch agus cóineasú marthanach fheidhmíocht eacnamaíoch agus shóisialta na mBallstát a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na ceachtanna a foghlaimíodh ó na roghanna deartha do rialachas RRF; á thabhairt dá haire nach gcuirtear sásraí dreasachta airgeadais an Aontais ar fáil leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí beartais náisiúnta agus chun iad a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh don leibhéal infheistíochta poiblí is gá chun príomhchuspóirí an athchóirithe ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí reatha an Aontais agus ar thosaíochtaí an Aontais amach anseo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach mbeidh an acmhainneacht airgeadais ag roinnt Ballstát an t-aistriú cóir glas agus digiteach a mhaoiniú astu féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ág cur béim ar ról Pharlaimint na hEorpa i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus á mholadh go mbeadh Parlaimint na hEorpa níos rannpháirtí sa Seimeastar Eorpach, agus lánurraim á tabhairt do na hinniúlachtaí arna mbunú leis na Conarthaí; ag cur sonrú san idirphlé idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir lena bpleananna struchtúracha fioscacha aonair; á chur i bhfáth gur gá caitheamh go cothrom le gach Ballstát; á chur i bhfios go láidir nach mór comhlíonadh méadaithe na rialacha faoi ghrinnscrúdú an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh a bheith ag gabháil le méadú ar chumhacht lánroghnach an Choimisiúin sa phróiseas forbartha do na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha, chomh maith le cuntasacht mhéadaithe agus méadú ar an sreabhadh faisnéise i dtreo Pharlaimint na hEorpa; á aithint go leagtar bonn úsáideach na cuntasachta leis an Idirphlé Eacnamaíoch mar chuid den Seimeastar Eorpach; á mheas go n-éileodh cuntasacht chuí go mbeadh ionstraimí ag Parlaimint na hEorpa lena gceadaítear di iarmhairtí a chur i bhfeidhm bunaithe ar a measúnú ar fheidhmíocht an tSeimeastair Eorpaigh, i gcomhréir leis na Conarthaí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>