<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0162</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Suibscríbhinn an Aontais ar scaireanna breise i gcaipiteal BEAF agus leasú ar an gComhaontú lena mbunaítear BEAF</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(C9-0009/2024)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le suibscríobh ag an Aontas Eorpach le scaireanna breise i gcaipiteal an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus lena leasaítear an Comhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme geografach oibríochtaí BEAF chuig an Afraic Fho Shahárach agus an Iaráic ar bhealach teoranta agus incriminteach, agus lena mbaintear an teorainn chaipitil reachtúil ar ghnáthoibríochtaí (COM(2024)0042 – C9-0009/2024 – 2024/0019(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0042),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0009/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2024)0019</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Márta 2024 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le suibscríobh ag an Aontas Eorpach le scaireanna breise i gcaipiteal an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus lena leasaítear an Comhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme geografach oibríochtaí BEAF chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic, agus lena mbaintear an teorainn chaipitil reachtúil ar ghnáthoibríochtaí</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/1246.) </STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>