<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF4" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0163</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0180/2023 - Rapóirtéirí: Nils Ušakovs, Monika Hohlmeier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (COM(2022)0223 – C9-0179/2022 – 2022/0162(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0223),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0179/2022),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 31 Deireadh Fómhair 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 446, 24.11.2022, lch. 26.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníocht um athmhúnlú maidir le gníomhartha dlí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir dar dáta an 25 Aibreán 2023 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an Choiste um Buiséid agus chuig an Choiste um Rialú Buiséadach i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Rialú Buiséadach faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 110 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0180/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chun Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chun na Comhairle, chun an Choimisiúin agus chun na bparlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2022)0162</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE, Euratom) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú)</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.) </STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on"><STRING UNDERLINE="on">Ráiteas comhpháirteach maidir le cóireáil bhuiséadach úis nó muirear eile is dlite ar fhíneálacha a cuireadh ar ceal nó a laghdaíodh, pionóis nó smachtbhannaí eile tráth a glacadh Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509</STRING></STRING></STI>
“D’aontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfar aon ús nó muirir eile is dlite ar fhíneálacha a cuireadh ar ceal nó a laghdaíodh, pionóis nó smachtbhannaí eile a thaifeadadh mar ioncam diúltach ar feadh thréimhse an chreata ilbhliantúil reatha. Is eisceacht é sin ón toirmeasc ar ioncam diúltach, atá teoranta don chás sonrach neamh-intuartha seo.

Gan dochar do na sainchumais faoi seach, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus an taithí a fuarthas roimhe seo agus na forbairtí a bhfuiltear ag súil leo amach anseo á gcur i gcuntas, scrúdú a dhéanamh ar réiteach inbhuanaithe fadtéarmach, i gcomhréir le cur i bhfeidhm phrionsabail bhuiséadacha an Rialacháin Airgeadais, maidir leis an ús sin nó muirir eile a mhaoiniú, a mbeidh feidhm leo tar éis 2027, lena n-áirítear maidir leis an ráta úis atá le híoc ar mhéid na bhfíneálacha nó na bpionós eile atá le haisíoc mar chúiteamh leormhaith do na gnóthais is faighteoir sna cásanna sin.”

<STRING BOLD="on"><STRING UNDERLINE="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca aonair dá bhforáiltear in Airteagal 36 den Rialachán Airgeadais tráth a glacadh Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509</STRING></STRING>

“Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (‘na trí Institiúid’) an tábhacht a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais a fheabhsú mar a aithnítear i gComhaontú Idirinstitiúideach (‘IIA’) an 16 Nollaig 2020 agus mar a leagtar amach in Airteagal 325 CFAE.

Comhaontaíonn na trí Institiúid gur gá an uirlis a fhorbairt tuilleadh i gcomhréir le rialacha slándála TF agus cosanta sonraí. D’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú agus costais dhíréireacha TF do na Ballstáit agus do na húsáideoirí eile a sheachaint, cuirfear córais fhormheasta atá bunaithe sna Ballstáit i gcuntas.

Geallann na trí Institiúid go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun an uirlis a fhorbairt tuilleadh. Deimhníonn an Coimisiún go leanfaidh sé de bheith ag forbairt na huirlise i gcomhairle lena húsáideoirí agus de thacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar aon cheisteanna teicniúla. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún chun na sineirgí is gá a chumasú don idir-inoibritheacht le córais agus bunachair sonraí TF ábhartha.

Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh lena mbunaítear ullmhacht na huirlise bunaithe ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 36(6) den Rialachán Airgeadais, geallann na trí Institiúid, gan dochar dá n-inniúlachtaí faoi seach, go ndéanfaidh siad scrúdú agus plé arís ar úsáid éigeantach na huirlise le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil iar-2027.”

<STRING BOLD="on"><STRING UNDERLINE="on">Ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún maidir le saoradh ó ghealltanais tráth a glacadh Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509</STRING></STRING>

“I gcomhthéacs an ullmhúcháin don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, scrúdóidh an Coimisiún an cheist maidir le raon feidhme na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do shaoradh ó ghealltanais a chur ar fáil arís. Tá an méid sin gan dochar don togra ón gCoimisiún a bheidh ann amach anseo maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027 agus do cheart an Choimisiúin maidir le tionscnamh reachtach, mar a bhunaítear sna Conarthaí.”

<STRING BOLD="on"><STRING UNDERLINE="on">Ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún maidir leis an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh tráth a glacadh Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509</STRING></STRING>

“Aithníonn an Coimisiún Eorpach a thábhachtaí atá sé an t ualach riaracháin ar údaráis na mBallstát a íoslaghdú i gcomhthéacs leathnú spriocdhírithe an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) chuig an mbainistíocht chomhroinnte agus chuig an mbainistíocht dhíreach leis na Ballstáit.

Tá an Coimisiún tiomanta do threoir chuimsitheach a fhorbairt agus seisiúin oiliúna a thairiscint do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme EDES agus maidir le húsáid a bhunachair sonraí.

Leanfaidh an Coimisiún d’fheabhas a chur ar bhunachar sonraí EDES, mar shampla trí chuardaigh ar níos mó ná eintiteas amháin a chumasú agus trí leagan amach an bhunachair sonraí a fheabhsú.

Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall idir-inoibritheacht TF idir EDES agus na córais náisiúnta ábhartha a áirithiú chun an próiseas a chuíchóiriú agus chun seiceálacha níos tapúla a dhéanamh ar chásanna eisiaimh daoine nó eintiteas ábhartha.

Deimhníonn an Coimisiún nach rachaidh aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise chun críocha EDES thar a bhfuil fíor-riachtanach agus comhréireach, agus go gcaithfear leis i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Meabhraítear nár léirigh tuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais aon ábhar imní i ndáil le EDES.

Tá an Coimisiún tiomanta d’aistriú rianúil i dtreo chur i bhfeidhm EDES a éascú i gcomhar iomlán leis na Ballstáit.”
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>