<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0174</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Beartas comhtháthaithe 2014-2020 - cur chun feidhme agus torthaí sna Ballstáit</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0049/2024 -  Rapóirtéir: Andrey Novakov)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 maidir le beartas comhtháthaithe 2014-2020 - cur chun feidhme agus torthaí sna Ballstáit (2023/2121(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 174 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 289.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 281.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 259.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 470.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt don Choróinvíreas)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 99, 31.3.2020, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun solúbthacht eisceachtúil a chur ar fáil le haghaidh úsáid Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> IO L 130, 24.4.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 109, 8.4.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2039 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) – CARE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 275, 25.10.2022, lch. 23.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 ar an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú: Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050’ (COM(2022)0034),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2023 dar teideal ‘Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa’ (COM(2023)0032),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (COM(2018)0373),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra leasaithe ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (COM(2023)0790),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’</STRING> [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Críochach 2030 an Aontais Eorpaigh, a glacadh ag Cruinniú Neamhfhoirmiúil na nAirí atá freagrach as Comhtháthú Críochach agus/nó Forbairt Chríochach an 1 Nollaig 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2022 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) dar teideal ‘Athrú Aeráide 2022: Maolú ar Athrú Aeráide – Rannchuidiú Mheitheal III leis an Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta IPCC ó 2018 dar teideal ‘Téamh domhanda 1,5°C — Tuarascáil Speisialta IPCC maidir leis na tionchair a ghabhann le téamh domhanda 1,5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara, i gcomhthéacs na freagartha domhanda a neartú ar bhagairt an athraithe aeráide, na forbartha inbhuanaithe agus na n-iarrachtaí chun an bhochtaineacht a dhíothú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta IPCC ó 2019 dar teideal ‘An t-athrú aeráide agus talamh: tuarascáil speisialta IPCC maidir leis an athrú aeráide, fairsingiú fásaigh, díghrádú talún, bainistiú inbhuanaithe talún, slándáil bia, agus floscanna gás ceaptha teasa in éiceachórais talún’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta IPCC ó 2019 dar teideal ‘Tuarascáil Speisialta IPCC maidir leis an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le leas a bhaint as tallann i réigiúin na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0439.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 maidir le ról an bheartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil in imchuach na Meánmhara<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1061, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1061/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 100.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le réigiúin teorann an Aontais: Saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 114.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2022 ar na dúshláin do limistéir uirbeacha sa ré iar-COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Towards a stronger partnership with the EU outermost regions’</STRING> [I dtreo comhpháirtíochta níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin an Aontais ag baint úsáid as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 125.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide<FOOTNOTE><FIELD> IO C 494, 8.12.2021, lch. 26.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus an geilleagar ciorclach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 28, 27.1.2020, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le réigiúin atá tite ar gcúl san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 162, 10.5.2019, lch. 24.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 29 Samhain 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘The future of Cohesion Policy post-2027’</STRING> [Todhchaí an Bheartais Chomhtháthaithe tar éis 2027]<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1041, 09.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1041/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Aontais ar Staid na Réigiún agus na gCathracha 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Réigiúin an Aontais Eorpaigh atá tite ar gcúl: staid reatha agus dúshláin amach anseo’ arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 26 Deireadh Fómhair 2020<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar – Taighde don Choiste um Fhorbairt Réigiúnach, 'Réigiúin an Aontais atá tite ar gcúl: an staid mar atá agus dúshláin a bheidh ann amach anseo’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 26 Deireadh Fómhair 2020.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0049/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gclárthréimhse 2014-2020, gur thacaigh an beartas comhtháthaithe, mar phríomhbheartas infheistíochta an Aontais, go héifeachtach lena chuspóir bunaithe ar an gConradh maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach ar fud an Aontais; de bhrí go raibh an beartas comhtháthaithe ina cholún infheistíochta bunriachtanach den straitéis Eoraip 2020, trí rannchuidiú lena sprioc maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach; de bhrí gurb é an beartas comhtháthaithe an t-aon ionstraim forbartha atá dírithe ar riachtanais réigiúnacha agus áitiúla agus, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, ar aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar réigiúin uile an Aontais, rud a fhágann go bhfuil athruithe móra á ndéanamh ar shaol na ndaoine; de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide, dá bhrí sin, ina bhagairt shuntasach ar chomhtháthú an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchair dhearfacha nach bhfacthas a leithéid cheana ar réigiúin, cathracha, oileáin agus ceantair thuaithe, teorann agus iargúlta mar thoradh ar infheistíochtaí an bheartais chomhtháthaithe ar fud an Aontais; de bhrí go raibh tionchar dearfach ag maoiniú trí bhuiséad an Aontais, go díreach nó go hindíreach, ar gach Ballstát de chuid an Aontais; de bhrí go ndeimhnítear le torthaí an iliomad tionscadal áitiúil an ról fíor-riachtanach atá ag infheistíocht réigiúnach agus áitiúil tríd an mbeartas comhtháthaithe agus go gcuireann siad chun suntais a ról agus a infheictheacht sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur rannchuidigh cur chuige infheistíochta iltosaíochta an bheartais chomhtháthaithe, in éineacht lena bhainistíocht chomhroinnte, le tosaíochtaí an Aontais, eadhon tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), taighde agus nuálaíocht, digitiú, forbairt tuaithe, bonneagar uirbeach níos fearr, turasóireacht inbhuanaithe, bonneagar iompair, cultúr agus oideachas, cúram sláinte, beartais shóisialta, tionscadail trasteorann, an t-aistriú fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, an aeráid agus an comhshaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, trí ionstraimí amhail an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII agus CRII+), Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE), Cúnamh Solúbtha do Chríocha (FAST-CARE) agus Tacaíocht d’Fhuinneamh Inacmhainne (SAFE), gur ghníomhaigh an beartas comhtháthaithe mar bhunchloch struchtúrach i gcoinne an iliomad géarchéimeanna comhleanúnacha a bhuail an tAontas le linn chlárthréimhse 2014-2020, amhail paindéim COVID-19, inar chosain sé poist agus inar chabhraigh sé le gnólachtaí a buaileadh, agus le géarchéimeanna na ndídeanaithe, an fhuinnimh agus an bhoilscithe a tharla mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go nascann beartas comhtháthaithe an tAontas le chéile; de bhrí, dá laghdófaí a bhuiséad agus/nó dá ndéanfaí é a athnáisiúnú, go bhféadfaí an tAontas a lagú agus meon frith-Aontais a spreagadh ar fud an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go dtacaíonn an clár oibre uirbeach Eorpach, a chuireann le Cairt Leipzig, le cuspóirí Chlár Oibre Críochach 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go ndéantar na dúshláin atá roimh réigiúin na hEorpa a shainaithint agus a bhainistiú ar an leibhéal críochach; de bhrí go bhfuil inmharthanacht an bheartais comhtháthaithe á cur i mbaol mar thoradh ar an mbeartas comhtháthaithe a úsáid arís agus arís eile chun freagairt do ghéarchéimeanna agus d’éigeandálaí; de bhrí gur chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in iúl gur gá anailís chúramach a dhéanamh ar éifeachtaí an chreimthe leanúnaigh sin ar acmhainní comhtháthaithe ar chuspóirí fadtéarmacha an bheartais<FOOTNOTE><FIELD> Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Speisialta 02/2023, ‘Adapting cohesion policy rules to respond to COVID-19’, [Rialacha an bheartais comhtháthaithe a oiriúnú chun freagairt do COVID-19], 2 Feabhra 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur beartas infheistíochta fadtéarmach é an beartas comhtháthaithe agus nár cheart go mbeadh sé ina fhoinse chéadrogha de chistiú éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar aon dúshlán nó imeacht gan choinne, toisc go mbaineann sé sin an bonn ó chur chuige straitéiseach an bheartais; de bhrí gur cheart rialacha soiléire a bhunú maidir le húsáid chistí an bheartais chomhtháthaithe chun cur chuige struchtúrach agus an gá atá le haghaidh a thabhairt ar theagmhais gan choinne araon a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcistí agus na n-ionstraimí atá scaipthe faoi chreataí dlíthiúla agus straitéiseacha éagsúla, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), lena saothraítear tosaíochtaí comhtháthaithe faoi chreat dlíthiúil agus samhail seachadta éagsúil, agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), nach cuid de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) é a thuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil creimeadh géar ar an mbeartas ag tarlú, le teacht chun cinn cistí agus tionscnamh téamach a thacaíonn le hearnálacha nó spriocanna ar leith agus a bhraitheann ar ranníocaíochtaí ón mbeartas comhtháthaithe, amhail an tArdán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, an Gníomh um Thacaíocht do Tháirgeadh Armlón, an cúnamh téarnaimh don chomhtháthú agus do chríocha na hEorpa (REACT-EU) agus RePowerEU; de bhrí go laghdaíonn sé sin cur chuige críochach an bheartais;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil bainistiú éifeachtúil chistí an bheartais chomhtháthaithe ríthábhachtach chun cuspóirí agus riachtanais forbartha réigiúnacha agus áitiúla a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go raibh an córas chun faireachán a dhéanamh ar chistí an bheartais chomhtháthaithe ceaptha den chuid is mó chun earráidí a bhrath, ach nach ndéanann sé calaois a bhrath chomh héasca sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach mór an comhrac i gcoinne na calaoise a bheith bunaithe ar chomhar méadaithe agus díreach idir seirbhísí an Choimisiúin agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh; de bhrí, in éagmais idirdhealú soiléir idir earráid, aimhrialtacht agus calaois, go bhfuil bainistiú agus cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe níos casta agus níos anásta;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur chuir moill ar ghlacadh CAI 2021-2027, ar an iliomad géarchéimeanna a tharla le déanaí agus ar thabhairt isteach ionstraimí NextGenerationEU bac ar chur chun feidhme tapa an bheartais comhtháthaithe ar fud an Aontais, gur chruthaigh siad dúshláin chlársceidealaithe agus seachadta agus gur tugadh isteach éiginnteacht in infheistíochtaí pleanáilte réigiúnacha agus áitiúla de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, ós rud é gurb é Airteagal 175 CFAE an bunús dlí do RRF, gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún cuspóirí an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a shaothrú agus a chomhordú go héifeachtach leis an mbeartas comhtháthaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, in a lán cásanna, gur chuir na Ballstáit RRF chun feidhme i gcomhthráth leis an mbeartas comhtháthaithe, go minic gan dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ná comhoibriú leo, fiú chun machnamh a dhéanamh ar an méid a cuireadh chun feidhme;  de bhrí gur minic a bhíonn réigiúin an Aontais níos toilteanaí agus níos ábalta ná rialtais na mBallstát an cistiú sin a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go raibh an chéim dheireanach cur chun feidhme de CAI 2014-2020 an-éilitheach, ós rud é go raibh forluí ama ag deireadh na clárthréimhse, an cistiú breise a cuireadh ar fáil mar fhreagairt ar na géarchéimeanna a tharla le déanaí, lena n-áirítear trí NextGenerationEU, agus tús chlárthréimhse 2021-2027 agus gur chuir sé brú breise ar riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, rud a chuir moill ar luas an chur chun feidhme agus a rinne difear diúltach dá gcumas faireacháin agus iniúchóireachta; de bhrí, de réir Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, go bhféadfadh sé gur chuir an brú méideanna móra a chaitheamh laistigh de thréimhse ama an-ghearr le méadú ar chaiteachas neamhrialta ar an drochuair<FOOTNOTE><FIELD> Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ‘Tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2022’, an 5 Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil difríocht shuntasach idir na rátaí cur chun feidhme don bheartas comhtháthaithe i measc na mBallstát agus i measc na gclár cistiúcháin; de bhrí go bhfuil rátaí cur chun feidhme íseal i gcónaí ag Ballstáit agus réigiúin áirithe, rud a fhágann gur gá aird bhreise a thabhairt ar éifeachtúlacht bhainistiú na gclár sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, in ainneoin na bhfeabhsuithe rialála a tugadh isteach i gclárthréimhse 2014-2020 agus na bhfeabhsuithe ar chreat rialála 2021-2027, go bhfuil roinnt dúshlán fós ann; de bhrí gur léir go bhfuil an beartas an-chasta lena chur chun feidhme do na húdaráis bhainistíochta, do na comhlachtaí inniúla áitiúla agus réigiúnacha agus do na tairbhithe deiridh;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn rialacha soláthair phoiblí in go leor Ballstát, in éineacht le hiniúchóireacht agus faireachán náisiúnta breise, ualach breise ar údaráis bhainistíochta agus ar thairbhithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige straitéiseach a leanúint le linn na clárthréimhse, gur cheart go bhféadfaí athmheasúnú agus coigeartú a dhéanamh ar an gcur chuige sin sa mheántéarma; de bhrí, mar sin féin, go bhfuil gá le leibhéal leordhóthanach solúbthachta i gclársceidealú an bheartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí gan choinne a tharlaíonn le linn na clárthréimhse;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur cheart go gcloífeadh cistiú an bheartais chomhtháthaithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, prionsabail an smachta reachta, agus an cód iompair Eorpach maidir le comhpháirtíocht<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur gá prionsabail an rialachais il-leibhéil agus na comhpháirtíochta a neartú go suntasach chun go mbeidh an leibhéal áitiúil agus réigiúnach rannpháirteach go héifeachtach i gclársceidealú, athchlárú agus cur chun feidhme chistí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur chuidigh an beartas comhtháthaithe go héifeachtach le héagothromaíochtaí a laghdú thar na blianta, ach, mar a léiríodh go soiléir san ochtú tuarascáil chomhtháthaithe, go bhfuil roinnt neamhionannais fós ann i measc na mBallstát, i measc réigiún agus laistigh díobh, i measc cineálacha éagsúla limistéar (dá dtagraítear in Airteagail 174 agus 349 CFAE), agus laistigh de na limistéir uirbeacha is saibhre; de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí nua tagtha chun cinn freisin, amhail an deighilt nuálaíochta réigiúnach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil líon suntasach srianta struchtúracha ar na réigiúin is forimeallaí agus ar na críocha oileánacha a bhfuil stádas tíortha agus críoch thar lear acu agus nach bhfuil siad chomh forbartha céanna le réigiúin ilchríochacha a mBallstát; de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le timpeallacht rialála atá cobhsaí agus intuartha do bhainistiú éifeachtúil chistí an bheartais comhtháthaithe sna réigiúin sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil na haistrithe glasa agus digiteacha ag gluaiseacht ar luasanna an-éagsúil ar fud an Aontais agus gur cheart iad a bhainistiú i gceart chun drochthionchair ar réigiúin áirithe agus éagothromaíochtaí níos mó fós a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuil réigiúin in oirthear an Aontais ag breith suas, go bhfuil réigiúin eile, go háirithe i ndeisceart an Aontais, marbhánta; de bhrí go bhfuil réigiúin áirithe i sáinn forbartha, a bhfuil tréimhsí fada fáis mhall, nó diúltach, ina bhfuil táirgiúlacht íseal, agus leibhéil ísle cruthaithe post mar shaintréith acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go ndearna cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine difear ar leith do limistéir teorann thoir an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil an daonra in aois oibre ag laghdú mar thoradh ar aosú an daonra san Aontas ina iomláine; de bhrí go bhfuil roinnt réigiún de chuid an Aontais ag tabhairt aghaidh ar imeacht leanúnach a n-oibrithe óga agus oilte; de bhrí go bhfuil tionchar ar leith ag na treochtaí déimeagrafacha sin, ar cúis imní iad, ar réigiúin thuaithe, fhorimeallacha, is fhorimeallaí agus trasdula tionsclaíocha san Aontas; de bhrí go mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha neamh-inmhianaithe ar an Aontas ag na treochtaí sin, mura dtabharfar aghaidh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn próisis réamhaontachais agus mhéadaithe an Aontais ról cothrom agus spriocdhírithe don fhorbairt réigiúnach agus don bheartas comhtháthaithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Torthaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go léirítear leis na meastóireachtaí a rinne na Ballstáit maidir le torthaí infheistíochtaí an bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 gur as an mbeartas comhtháthaithe, go ginearálta, a tháinig torthaí dearfacha sna réimsí ar thacaigh sé leo<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 30 Eanáir 2023 maidir le sintéis thorthaí na meastóireachtaí ar chláir Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa 2014-2020 a ghabhann le Tuarascáil Achoimre Bhliantúil 2022 (SWD(2023)0022).</FIELD></FOOTNOTE><STRING SUPERSCRIPT="on">, </STRING><FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 15 Eanáir 2024 maidir le sintéis thorthaí na meastóireachtaí ar chláir Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa 2014-2020 a ghabhann le Tuarascáil Achoimre Bhliantúil 2023 (SWD(2024)0002).</FIELD></FOOTNOTE>; á aithint gur rannchuidigh na hinfheistíochtaí sin le cuspóir na straitéise Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú an bheartais chomhtháthaithe le taighde agus nuálaíocht, ós rud é, i measc nithe eile, gur neartaíodh an comhar idir an pobal taighde agus gnólachtaí agus gur chuidigh sé le táirgí nó seirbhísí indíolta a dhéanamh den taighde; ag tabhairt dá haire, de réir fhigiúirí an Choimisiúin, go raibh níos mó ná 75000 cuideachta tar éis comhoibriú le hinstitiúidí taighde faoi dheireadh 2022 agus go raibh táirgí nua tugtha isteach ag thart ar 37000 cuideachta chun an mhargaidh a bhuí le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF)<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 dar teideal ‘European Structural and Investment Funds – 2023 summary report of the annual programme implementation reports covering implementation in 2014-2020’ [Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa — tuarascáil achomair 2023 ar thuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme an chláir lena gcumhdaítear cur chun feidhme in 2014-2020] (COM(2024)0006).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh níos mó ná 72000 taighdeoir ag obair i saoráidí níos fearr faoin dáta céanna<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Príomhéachtaí an Bheartais Réigiúnaigh 2014-2020', arna rochtain an 20 Feabhra 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir gur chuidigh an beartas comhtháthaithe freisin leis an deighilt dhigiteach idir réigiúin a dhúnadh trí thacú le bonneagar teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt i réigiúin bheagfhorbartha; á chur in iúl gur geal léi, mar thoradh air sin, go raibh rochtain níos fearr ar leathanbhanda curtha ar fáil do 7,8 milliún teaghlach faoi dheireadh 2022<FOOTNOTE><FIELD> Idem.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios gur thug tacaíocht an bheartais chomhtháthaithe tairbhí inláimhsithe do na mílte FBManna freisin; á chur i bhfáth go bhfuil sé sin ar cheann de na réimsí is fearr feidhmíochta de thacaíocht CFRE; á chur i bhfios go láidir go raibh tacaíocht curtha ar fáil ag CFRE do níos mó ná 2,2 milliún gnólacht faoi dheireadh 2022, rud a chruthaigh thart ar 370000 post<FOOTNOTE><FIELD> Idem.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire go bhfuil samplaí de FBManna sna meastóireachtaí a rinneadh sa tSeicia, sa Pholainn, sa Ghearmáin, san Ísiltír agus san Ostair, ar FBManna iad a d’éirigh níos iomaíche agus níos nuálaí, a mhéadaigh a dtáirgiúlacht agus a fuair rochtain níos fearr ar mhargaí idirnáisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go raibh ról ríthábhachtach ag an gcomhtháthú freisin san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin; á thabhairt dá haire gur cuid mhór den athrú sin é tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh a laghdú agus go bhfuil toradh tagtha cheana féin ar thacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi go léiríonn meastóireachtaí a rinne na Ballstáit go raibh bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú éifeachtach ar fud an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Idem.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire gur chuidigh CFRE, faoi dheireadh 2022, le feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh i 550000 teaghlach; á thabhairt chun suntais go bhfuil fianaise ann gur thacaigh an beartas comhtháthaithe le hinfheistíochtaí i roinnt réigiún guail a rannchuidigh leis an dícharbónú; á thabhairt dá haire gur dhírigh iarrachtaí in Asturias na Spáinne ar fhostaíocht don aos óg agus ar fhostaíocht na mban i gceantair thuaithe, agus é mar aidhm acu fiontraíocht agus cuimsiú sóisialta a dhreasú; á thabhairt dá haire freisin gur dhírigh cistí an bheartais chomhtháthaithe i réigiún Yugoiztochen, sa Bhulgáir, ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar FBManna a nuachóiriú agus ar fhorbairt scileanna a chur chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar - Taighde don Choiste um Fhorbairt Réigiúnach,<STRING SUPERSCRIPT="on"> '</STRING>Beartas Comhtháthaithe i Réigiúin Ghuail an Aontais Eorpaigh', Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Comhtháthaithe, 14 Feabhra 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; á aithint go bhfuil méadú 6 000 MW tagtha ar acmhainneacht táirgeachta in-athnuaite san Aontas faoi dheireadh 2022 mar gheall ar bhearta atá dírithe ar tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite, agus go bhfuil sprioc 8 700 MW ann faoi dheireadh 2023<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, 'Príomhéachtaí an Bheartais Réigiúnaigh 2014-2020', arna rochtain an 20 Feabhra 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire gur tuairiscíodh torthaí dearfacha sa réimse sin, mar shampla san Eastóin agus i réigiúin na Fraince<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go léirítear le meastóireachtaí ar iarrachtaí a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus cosc ar rioscaí go bhfuil gá le comhar thar theorainneacha chun bearta a mhaoinítear leis an mbeartas comhtháthaithe a dhéanamh éifeachtach i ndáiríre; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta comhpháirteacha um chosc ar rioscaí agus bearta cosanta sibhialta curtha chun feidhme cheana féin ag roinnt tíortha, á thabhairt dá haire gur tharla comhar den sórt sin idir an Iodáil agus an Fhrainc, an tSeicia agus an Pholainn, agus an Iodáil agus an Ostair<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 13</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth, maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, a bhuí le hinfheistíochtaí comhtháthaithe, go bhfuil níos mó cosaint ag 29 milliún duine ar thuilte anois<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, 'AArdán Sonraí Oscailte um Chomhtháthú — Téama: Oiriúnú don Athrú Aeráide & Cosc ar Riosca – Tréimhse Mhaoinithe: 2014-2020', arna rochtain an 20 Feabhra 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhaineann tairbhe as soláthar uisce níos fearr (8,3 milliún duine faoi dheireadh 2022<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Ardán Sonraí Oscailte um Chomhtháthú – Téama: Cosaint an Chomhshaoil & Éifeachtúlacht Acmhainní – Tréimhse Mhaoinithe: 2014-2020', arna rochtain an 20 Feabhra 2024.</FIELD></FOOTNOTE>) agus as bainistiú níos fearr ar a ndramhaíl chathrach mar thoradh ar thacaíocht chomhtháthaithe ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe; á thabhairt dá haire go bhfuil formhór na dtairbhithe spriocdhírithe (70 %) de na bearta chun soláthar uisce a fheabhsú ina gcónaí san Iodáil, sa Rómáin, sa Ghréig, sa Phortaingéil, sa Bhulgáir agus sa tSeicia; á thabhairt dá haire freisin gur chuidigh tionscadail a fuair maoiniú ón gcomhtháthú le borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach sa Fhrainc agus sa Bheilg<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil infheistíochtaí suntasacha faighte ag gréasáin fuinnimh agus iompair ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe; ag tabhairt dá haire, cé nach féidir measúnú ceart a dhéanamh ar thionchar an chineáil sin tionscadail bhonneagair ach san fhadtéarma, de réir na meastóireachtaí a rinneadh sa Pholainn agus sa tSeicia, go bhfuil níos lú tionóiscí bóthair, amanna taistil laghdaithe agus níos lú truaillithe mar thoradh ar chuid de na hinfheistíochtaí i mbonneagar bóithre agus iarnróid<FOOTNOTE><FIELD> Idem.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur geal léi, mar gheall ar nuachóiriú na línte tram sa tSlóvaic, go bhfuil feabhas tagtha ar naisc, go bhfuil am taistil laghdaithe agus sábháilteacht fheabhsaithe agus gur chuidigh sé le torann agus creathanna a laghdú<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2024)0002, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur rannchuidigh tionscadail gáis nádúrtha arna maoiniú sna Ballstáit amhail an Pholainn agus an Bhulgáir leis an gcuspóir straitéiseach a soláthar fuinnimh a éagsúlú<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh an t-idirnascaire gáis idir an Ghréig agus an Bhulgáir, le tacaíocht ó CFRE, ag feidhmiú sa Bhulgáir i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus go bhfuil sé ag cur le haidhmeanna straitéiseacha an Aontais maidir le neamhspleáchas soláthair fuinnimh agus éagsúlú foinsí<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach,'Tuarascáil Bhliantúil 2022 ar Ghníomhaíochtaí — Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh', 20 Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á aithint gur thacaigh an comhtháthú, go háirithe trí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus tríd an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg, le bearta rathúla fostaíochta, cuimsithe shóisialta agus oideachais agus gairmoiliúna; á chur i bhfáth go raibh post faighte ag 6,8 milliún duine faoi dheireadh 2022 a bhuí le bearta a fuair tacaíocht ó CSE agus ón Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg, agus go raibh cáilíocht bainte amach ag 10,2 milliún duine<FOOTNOTE><FIELD> COM(2024)0006, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur léirigh meastóireachtaí ó Bhallstáit amhail an Iodáil, an Ghearmáin, an Pholainn agus Éire gur mó i bhfad an seans go n-aimseoidh daoine, go háirithe daoine óga, a ghlac páirt i mbearta oiliúna, i bprintíseachtaí nó i dtréimhsí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ó chistí an bheartais chomhtháthaithe, poist<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire gur bhain an Pholainn agus Éire torthaí maithe amach le tionscadail a bhí dírithe ar dhaoine dífhostaithe go fadtéarmach; á thabhairt dá haire freisin go bhfuarthas amach i meastóireacht<FOOTNOTE><FIELD> Equinox Consulting, ‘Az ifjúsági foglalkoztatási kezdeményezés - eredményeinek értékelése (Meastóireacht ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg)’, 2018.</FIELD></FOOTNOTE> a rinneadh san Ungáir ar Thionscnamh Fostaíochta don Aos Óg 2014-2020 gur chuir an clár go mór leis an dóchúlacht go bhfostófaí rannpháirtithe sa ghearrthéarma, ach go raibh an tionchar sin ag laghdú le himeacht ama; á chur i bhfáth gur thángthas ar an gconclúid i meastóireacht<FOOTNOTE><FIELD> Kopint-Tárki, Tuarascáil a ullmhaíodh d’Aireacht Nuálaíochta agus Teicneolaíochta na hUngáire, <STRING SUPERSCRIPT="on">'</STRING>Measúnú ar scéimeanna tacaíochta maidir le comhtháthú mhargadh an tsaothair — Creatchonradh maidir le feidhmiú measúnuithe ar chláir forbartha arna gcómhaoiniú ag na Cistí faoi Bheartas Comhtháthaithe an Aontais, i 9 gcuid — Cuid III: Measúnú ar an tionchar ar mhargadh an tsaothair agus ar thorthaí sóisialta', 15 Eanáir 2021.</FIELD></FOOTNOTE> eile ón Ungáir go raibh tionchar dearfach agus suntasach ag na scéimeanna tacaíochta um lánpháirtiú i margadh an tsaothair arna maoiniú trí CSE ar fhostaíocht a aimsiú; á thabhairt dá haire go bhfuarthas éifeachtaí dearfacha ar an iomlán ar fhostaíocht do rannpháirtithe i meastóireacht ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg a rinneadh sa tSualainn<FOOTNOTE><FIELD> Wolf-Watz, O. agus Öhlin, J., ‘Evaluation of the YEI, 2018’, Nollaig 2018.</FIELD></FOOTNOTE> go háirithe dóibh siúd a bhfuil cúlra eachtrach acu; á chur i bhfáth go raibh tionchar dearfach ag bearta oiliúna do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon ar rátaí luathfhágála na scoile, mar shampla sa Ghearmáin, sa Phortaingéil agus sa Spáinn<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chabhraigh CSE le fiontraithe gnólachtaí nua a sheoladh agus gur chuir sé oiliúint ar fáil ionas gur féidir le cuideachtaí oiriúnú níos fearr d’athruithe sa mhargadh; á chur i bhfios go láidir gur thacaigh clár CSE<FOOTNOTE><FIELD> SÖSTRA – Institut für sozialökonomische Strukturanalysen, ‘Übergreifende Programmevaluierung der Förderung durch den Europäischen Sozialfonds (ESF) im Freistaat Thüringen in der Förderperiode 2014 bis 2020 - Abschlussbericht (Meastóireacht trasearnála cláir ar chistiú ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) i Saorstát Thuringia sa tréimhse chistiúcháin 2014 go 2020 — tuarascáil chríochnaitheach), 2020.</FIELD></FOOTNOTE> in Thuringia, an Ghearmáin atá tiomanta d’fhiontraíocht a neartú, i measc tionscadail eile, leis an Lárionad Tiománaithe do Ghnólachtaí Nuathionscanta agus don Fhiontraíocht; á aithint gur chabhraigh an t-ionad, faoi dheireadh 2021, le tuairim is 2900 duine gnó nua a thosú sa réigiún; á thabhairt dá haire go raibh rochtain ag dídeanaithe agus imircigh a tháinig isteach i Lucsamburg ar chlár tiomnaithe fiontraíochta a fhaigheann tacaíocht ó CSE<FOOTNOTE><FIELD> Touchpoints ASBL,'Tuarascáil Bhliantúil 2020', 1 Meitheamh 2021.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth, trí thacaíocht airgeadais an bheartais chomhtháthaithe do thionscadail in earnáil an chúraim sláinte, go príomha trí infheistíochtaí CSE agus CFRE, go raibh rochtain ag 58,3 milliún duine ar sheirbhísí cúraim sláinte feabhsaithe ar fud an Aontais faoi dheireadh 2022<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Ardán Sonraí Oscailte um Chomhtháthú – Téama: Cuimsiú Sóisialta – Tréimhse Mhaoinithe: 2014-2020', arna rochtain an 20 Feabhra 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir, sa Liotuáin, mar shampla, gur éirigh le tionscadail a fhaigheann maoiniú ó chomhtháthú an riosca a bhaineann le galair chardashoithíocha agus an ráta féinmharaithe a laghdú<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú an bheartais chomhtháthaithe leis an gcomhar críochach; á thabhairt dá haire gur chuidigh an sprioc shonrach sin de CFRE le tionscadail thrasnáisiúnta agus idir-réigiúnacha trasteorann a mhaoiniú i réimsí amhail taighde, forbairt agus nuálaíocht agus an comhshaol;  á chur i bhfios go láidir, mar a thuairiscigh an Coimisiún, gan an tacaíocht chomhtháthaithe shonrach sin, nach mbeadh formhór na dtionscadal comhair sin ann; á chur i bhfáth, faoi dheireadh 2022, go raibh níos mó ná 40000 gnólacht rannpháirteach i dtionscadail taighde thrasnáisiúnta nó idir-réigiúnacha trasteorann, agus gur bhain thart ar 178000 duine tairbhe as tionscnaimh soghluaisteachta trasteorann<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Ardán Sonraí Oscailte um Chomhtháthú – Téama: CFRE – Tréimhse Mhaoinithe: 2014-2020', arna rochtain an 20 Feabhra 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios, de réir meastóireachtaí a rinne an Coimisiún le déanaí, go bhfuil samplaí ann de chomhar rathúil maidir le saincheisteanna téamacha, amhail tionscadail teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cathracha cliste sa Ghréig agus sa Chipir<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2024)0002, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur mhéadaigh clár Botnia-Atlantach na Sualainne-na Fionlainne-na hIorua an t-eolas ar chosaint na mara agus na limistéar cósta<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2024)0002, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir gur léiríodh leis an meastóireacht tionchair ar chlár Interreg na hEorpa Láir 2014-2020 <FOOTNOTE><FIELD> Civitta Idirnáisiúnta agus Institiúid Vín um Staidéar Eacnamaíoch Idirnáisiúnta,'Tuarascáil Mheastóireachta Tionchair le haghaidh na Meastóireachta Tionchair ar Chlár Interreg Lár na hEorpa – Céim 1', Feabhra 2022.</FIELD></FOOTNOTE>, lena gcuimsítear an Ostair, an Chróit, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ungáir, an Iodáil, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, go raibh torthaí dearfacha ag an gclár, faoi dheireadh 2021, i réimsí na nuálaíochta, an ísealcharbóin, an chomhshaoil, an chultúir agus an iompair; á chur in iúl gur geal léi gur rannchuidigh clár Interreg idir an Rómáin agus an tSeirbia freisin leis an gcomhar idir an dá thír a neartú i ngach réimse ábhartha<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 20.</FIELD></FOOTNOTE>, agus gur thacaigh clár na Cróite-na Seirbia le táirgeadh leictreachais in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2024)0002, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tarraingt aird ar thorthaí dearfacha chlár Interreg na Sualainne, na Danmhairge agus na hIorua i réimse an gheilleagair ghlais<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 20.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi freagairt an bheartais chomhtháthaithe ar na géarchéimeanna is déanaí; á thabhairt dá haire gur glacadh níos mó ná 300 leasú ar chláir CRII agus CRII+, rud a d’fhág go ndearnadh beagnach EUR 28 mbilliún<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach,'Deais an Choróinvíris: Freagairt bheartas comhtháthaithe an Aontais ar an ngéarchéim', 18 Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE> de chistí a atreorú chun dul i ngleic le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir gur atreoraíodh EUR 13 bhilliún chun tacaíocht ghnó a chur ar fáil do na cuideachtaí is mó atá thíos le géarchéim COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> Idem.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire nach ndearnadh ach roinnt meastóireachtaí sa réimse sin go dtí seo; á thabhairt dá haire, áfach, gur measadh, san Ísiltír, i Málta agus sa Fhrainc (Grand Est), go raibh na bearta a maoiníodh ábhartha do riachtanais daoine agus cuideachtaí, de réir na meastóireachtaí a bhí ar fáil<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2024)0002, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire freisin go bhfuil fianaise ann go raibh tionchar dearfach ag tacaíocht ghnó CFRE san Ungáir, a bhuí leis an tsolúbthacht sin, ar na cuideachtaí ar díríodh orthu<FOOTNOTE><FIELD> SWD(2023)0022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire go raibh réamh-mheastóireacht<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 14 Iúil 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Preliminary evaluation of the support by ESF and FEAD under the Coronavirus Investment Initiatives</STRING> (CRII and CRII+)’ [Réamhmheastóireacht ar an tacaíocht arna soláthar ag CSE agus FEAD faoi na Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII agus CRII+)] (SWD(2023)0249).</FIELD></FOOTNOTE> an Choimisiúin ar an tacaíocht a thug CSE agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí faoi CRII agus CRII+ dearfach den chuid is mó freisin; á chur i bhfios go láidir gur bhain CRII agus CRII+ a gcuspóirí amach i bhformhór na mBallstát, toisc gur bhain siad úsáid as an tsolúbthacht chistiúcháin sin chun na hacmhainní atá fágtha a ath-leithdháileadh go héifeachtúil chun socruithe oibre gearrthéarmacha, bearta maidir le cuimsiú sóisialta agus a gcórais cúraim sláinte a mhaoiniú, ag brath ar a gcomhthéacsanna náisiúnta; á chur i bhfáth, a bhuí le CRII agus le CRII+, go raibh rialtais in ann a leibhéal dámhachtana conarthaí agus caiteachais a choinneáil le linn na tréimhse deacra seo; á thabhairt dá haire gur díríodh tacaíocht REACT-EU ar bhearta téarnaimh bunaithe ar thosaíochtaí atá dírithe ar an todhchaí, amhail an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach; á thabhairt chun suntais gur sampla den tacaíocht sin an tionscadal ‘Green Change Zealand’ [Aistriú Glas Zealand], tionscadal a chabhraigh le 20 FBM sa Danmhairg a dtomhaltas fuinnimh agus ábhair a laghdú trí phleananna tiontaithe ghlasa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An beartas comhtháthaithe amach anseo</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Prionsabail ghinearálta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á áitiú, mar gheall ar a fhócas réigiúnach, a chur chuige bunaithe ar shuíomh, a phleanáil straitéiseach agus a shamhail cur chun feidhme éifeachtach, gur cheart gurb é an beartas comhtháthaithe príomhionstraim infheistíochta an Aontais i gcónaí chun éagothromaíochtaí a laghdú, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú agus fás inbhuanaithe réigiúnach agus áitiúil a spreagadh agus gur cheart dó leanúint de bheith ina phríomhrannchuiditheoir chun tacú le haistriú agus téarnamh atá cóir go sóisialta ó thurraingí siméadracha agus neamhshiméadracha agus leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an laghdú ar sciar CMA 2021-2027 atá tiomnaithe don chomhtháthú, i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin; á mheabhrú gur cruthaíodh éagothromaíochtaí nua idir réigiúin mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chreidiúint nach mór méadú i dtéarmaí réadacha a bheith sa bhuiséad comhtháthaithe foriomlán agus i sciar CAI den bheartas i gcomparáid le clárthréimhse 2021-2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheas gur cheart go bhfanfadh infheistíochtaí comhtháthaithe faoi bhainistíocht chomhroinnte le haghaidh clársceidealú agus cur chun feidhme chun go mbeifear in ann freagairt do riachtanais na mBallstát, na réigiún agus na gceantar uirbeach, tuaithe agus iargúlta; á aithint gurb iad comhchlárú, cómhaoiniú, comhfhreagracht agus comhúinéireacht na modhanna is éifeachtaí chun beartas infheistíochta fadtéarmach de chuid an Aontais agus tionscadail arna maoiniú ag an Aontas a chur chun feidhme go rathúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i dtreis go bhféadfadh athnáisiúnú an bheartais chomhtháthaithe a bheith mar thoradh ar theacht chun cinn ionstraimí tacaíochta buiséadaí atá bunaithe ar bhainistíocht dhíreach agus ar shamhail seachadta níos simplí agus go bhféadfaí ceann dá bhunphrionsabail a chur i mbaol: rialachas il-leibhéil ag cur i gcoinne, dá bhrí sin, aon athnáisiúnú ar an mbeartas comhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á áitiú gur cheart go mbeadh réigiúin uile an Aontais fós incháilithe do chistiú de chuid an bheartais chomhtháthaithe; á chur i bhfios go láidir gurb é sin an t-aon bhealach amháin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin réigiúnacha, chun patrún forbartha níos cothroime a bhaint amach ar fud an Aontais agus chun dul i ngleic le fadhbanna uathúla forbartha réigiúnaí ar an láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don bheartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo leanúint d’aird a thabhairt ar réigiúin a bhfuil srianta móra buana nádúrtha agus déimeagrafacha orthu, amhail limistéir inar tearc an daonra, oileáin, limistéir shléibhtiúla agus réigiúin trasteorann, i gcomhréir iomlán le hAirteagal 174 CFAE; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil clár oibre uirbeach agus tuaithe tarraingthe suas ag an Aontas, agus go bhfuil sí ag súil go bhfoilseofar clár oibre oileánda freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Chomhairle a cuid oibre ar chomhad sásra trasteorann na hEorpa a dhíbhlocáil agus tús a chur leis an obair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé Airteagal 349 CFAE a chur i bhfeidhm i mbeartais uile an Aontais chun na cuspóirí a leagtar amach ann a bhaint amach;  á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe sna réigiúin is forimeallaí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cláir agus bearta saincheaptha a dhearadh agus a choinneáil do na réigiúin sin, ós rud é go bhfuil formhór na réigiún is forimeallaí fós i measc na réigiún beagfhorbartha nó gur cheart caitheamh leo mar sin; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún rátaí cómhaoinithe arda a ráthú, go háirithe do na réigiúin is forimeallaí, trí na réigiúin sin uile a ainmniú mar réigiúin bheagfhorbartha chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart ualaí díréireacha, amhail na míbhuntáistí struchtúracha bunúsacha a bhíonn ag na réigiúin teorann uile, a chúiteamh le córas ar leith le haghaidh cabhair réigiúnach arna ceapadh go sonrach do réigiúin teorann; á éileamh go ndéanfar 0,26 % de bhuiséad bheartas comhtháthaithe an Aontais a fhorchoimeád go heisiach don fhorbairt sna réigiúin teorann (‘billiún críochthalaimh’) ag tús gach clárthréimhse nua, ag tosú leis an tréimhse 2028-2034;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chreidiúint nach mór do na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ bearta atá díobhálach don chomhshaol a chosc chun an sprioc maidir le hEoraip atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún critéir dhochta a thabhairt isteach, sa bheartas comhtháthaithe atá le teacht i ndiaidh 2027, chun feabhas a chur ar chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh ar a laghad an leibhéal céanna caiteachais a bhaineann leis an aeráid sa chreat nua chun na cuspóirí aeráide a leagtar síos i gComhaontú Pháras a bhaint amach, agus i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb é príomhchuspóir bheartas comhtháthaithe an Aontais éagothromaíochtaí i measc na mBallstát a laghdú, go háirithe idir réigiúin sna Ballstáit agus laistigh díobh; á chur i bhfios go láidir gur cheart buiséad an bheartais chomhtháthaithe a úsáid go príomha le haghaidh spriocanna an bheartais chomhtháthaithe agus ní le haghaidh ionstraimí agus cláir nua beartais neamh-chomhtháthaithe, laistigh nó lasmuigh de CAI, lena n-áirítear aistrithe roghnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le solúbthacht géarchéime ionsuite; á mholadh go gcruthófaí ais thiomnaithe d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart athrú cuspóra an chistithe comhtháthaithe a spreagadh le tionscnaimh reachtacha nua ón gCoimisiún, ach ina ionad sin gur cheart d’údarás bainistíochta é a thionscnamh i bpróiseas ón mbun aníos, tar éis comhairliúcháin éigeantacha le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le rannpháirtíocht iomchuí na sochaí sibhialta, dá bhforáiltear i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus sa Chód Iompair maidir le comhpháirtíocht; á chur i bhfios go láidir nach ndéanfaidh sé sin dochar do threoshuíomh ilbhliantúil an bheartais, ach go gcabhróidh sé leis dul in oiriúint do nádúr mearathraitheach ár linne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go raibh moilleanna suntasacha sa chlárthréimhse 2021-2027 mar thoradh ar mhoilleanna ar chaibidlíocht CAI, rud a raibh tionchar aige ar thairbhithe agus go háirithe ar údaráis bhainistíochta, a raibh ualach ollmhór orthu agus iad ag déileáil le tabhairt chun críche na tréimhse cistiúcháin 2014-2020 agus le tús na tréimhse cistiúcháin reatha araon; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, measúnú ar an bhféidearthacht dhlíthiúil dhá chuid ar leith a chruthú laistigh de Rialachán na bhForálacha Coiteanna, eadhon an chuid a bhaineann le hábhar (polaitiúil) agus an chuid a bhaineann le CAI (acmhainní airgeadais), don chlárthréimhse tar éis 2027;  á chreidiúint gur cheart an chuid a bhaineann le hábhar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích roimh an gcuid a bhaineann le CAI chun go mbeidh na húdaráis bhainistíochta in ann tús a chur le hullmhú go tráthúil chun prionsabal na fíor-chomhpháirtíochta agus úsáid éifeachtúil ionstraimí an bheartais chomhtháthaithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh cistí iomadúla a bhfuil cuspóirí comhtháthaithe acu, uaireanta le tosaíochtaí forluiteacha, bac a chur ar chur chun feidhme éifeachtach an bheartais chomhtháthaithe; á iarraidh go ndéanfaí críochú soiléir, chomh maith le hailíniú agus comhlántacht, idir an beartas comhtháthaithe agus ionstraimí eile chun forluí agus iomaíocht idir ionstraimí an Aontais a sheachaint; á áitiú gur gá comhlántacht den sórt sin a fheabhsú trí chur leis an bhféidearthacht tionscadail chomhpháirteacha a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tarraingt aird ar dheacrachtaí na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta maidir le lucht saothair cáilithe a earcú chun cistí beartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme, a bhainistiú agus a iniúchadh mar cheann de na cúiseanna le moilleanna ar chur chun feidhme na gcistí sin; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus a réigiúin iarrachtaí a sheoladh chun foireann speisialaithe a oiliúint agus a earcú chun cur chun feidhme, bainistiú agus iniúchadh chistí an Aontais a bharrfheabhsú amach anseo chun na cistí sin a dhéanamh chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt dá haire, mar is léir ó na hanailísí ar fheidhmíocht chistí an bheartais chomhtháthaithe, lena n-áirítear ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, go bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtacht idirghabhálacha an bheartais chomhtháthaithe chun tosaíochtaí uileghabhálacha agus dúshláin chríochacha an Aontais a bhaint amach, amhail iomaíochas nó glasú an gheilleagair; á chreidiúint go mbeidh freagairt níos leithne, ina mbeidh níos mó beartas de chuid an Aontais agus spriocdhíriú éifeachtach cistí, ríthábhachtach chun tíreolaíocht na míshástachta a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chreidiúint nár cheart an togra reachtach don bheartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo a eisiúint go dtí go gcuirfear san áireamh ann torthaí móriarrachta comhairliúcháin agus raon imeachtaí agus formáidí ar fud an Aontais ar an láthair lena dtugtar le chéile gach leibhéal rialachais agus gach geallsealbhóir eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar Chistí SIE sna Ballstáit agus sna réigiúin agus sna bardais is tairbhithe, ag díriú ní hamháin ar leibhéal chur chun feidhme na gcistí a leithdháiltear, ach ar chineál claochlaitheach na n-infheistíochtaí agus ar a dtionchar ar an ngeilleagar agus ar an bhfostaíocht sa cheantar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil bearta tugtha isteach cheana féin le creat rialála 2021-2027 chun seachadadh agus bainistiú an bheartais chomhtháthaithe a shimpliú; á chur i bhfios, cé go bhfuil dul chun cinn ceart déanta, go bhfuil bealach fada fós le dul chun nósanna imeachta a shimpliú do thairbhithe deiridh agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’údaráis bhainistíochta; á chur i bhfáth gur cheart rialuithe agus iniúchtaí forluiteacha ar chistí a sheachaint; á chur i bhfáth gur cheart go gcumasódh tuilleadh simplithe cur chun feidhme agus luas ionsúcháin luathaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh an simpliú ar cheann de phríomhspreagthaí an bheartais chomhtháthaithe a bheidh ann amach anseo; á mheas gur gá nósanna imeachta soláthair phoiblí a chuíchóiriú, feabhas a chur ar ailíniú an bheartais chomhtháthaithe le rialacha maidir le státchabhair, úsáid roghanna costais simplithe a mhéadú, an prionsabal iniúchóireachta aonair a chur chun feidhme agus ‘ionaid ilfhreastail’ a shainaithint do thairbhithe féideartha; á chreidiúint go gcruthaíonn cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an ráta earráide a eachtarshuí ualach riaracháin díréireach do na húdaráis bhainistíochta agus á iarraidh go bhféachfadh an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha sin; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit ró-rialáil a sheachaint chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na tairbhithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chreidiúint gur cheart struchtúr ionstraimí cistiúcháin an Aontais a chuíchóiriú tuilleadh ar fud an Chiste Chomhtháthaithe, CFRE, CSE+ agus an Chiste um Aistriú Cóir, agus b’fhéidir é a leathnú chuig CETFT, ós rud é gur cheart é a chumhdach le Rialachán na bhForálacha Coiteanna; á aithint go ndéanfadh cuíchóiriú den sórt sin clársceidealú agus cur chun feidhme an bheartais a shimpliú tuilleadh, go bhfeabhsófaí a infheictheacht agus a éifeachtacht, agus go bhfeabhsófaí rochtain na dtairbhithe ar chistiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na rialacháin aonair a bhaineann go sonrach le cistí a chuíchóiriú chun méaduithe ar mhoilleanna ar chur chun feidhme agus ar chastacht chlársceidealaithe a íoslaghdú; á thabhairt dá haire gur cheart go gcaomhnófaí, le haon chuíchóiriú cistí, a dtreoshuíomh téamach agus na sruthanna maoinithe do na réimsí beartais faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á aithint gur iarracht a bhí sa chreat feidhmíochta a tugadh isteach sa tréimhse 2014-2020 feabhas a chur ar threoshuíomh thorthaí an bheartais; á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go ndéanfaí nuachóiriú críochnúil ar an tsamhail seachadta — aistriú ó thimthriall gníomhaíochta go híocaíochta go cur chun feidhme bunaithe ar fheidhmíocht, bunaithe ar gharspriocanna inláimhsithe, mar aon le nasc le hathchóirithe áitiúla agus réigiúnacha lena gcothaítear fás lena gcuirtear béim ar bhunghnéithe an bheartais chomhtháthaithe; ag cur béim ar an bhfíoras nach n-oibreoidh an cur chuige feidhmíochtbhunaithe mura mbeidh tionchar ag an leibhéal réigiúnach agus áitiúil ar shainiú na spriocanna a ndéanfar rath an bheartais a thomhas ina gcoinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbainfeadh aistriú den sórt sin i dtreo cur chun feidhme feidhmíochtbhunaithe an bonn ó thrédhearcacht, ó chuntasacht agus ó chosaint leasanna airgeadais an Aontais; á thabhairt dá haire gur cheart, mar sin féin, córais iniúchóireachta agus rialaithe a oiriúnú don chreat feidhmíochtbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh go mbainfí úsáid níos leithne as teicneolaíochtaí digiteacha agus réitigh dhigiteacha sna Ballstáit chun cur chun feidhme, faireachán agus tuairisciú a shimpliú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le riarachán níos éifeachtúla agus le doiciméadacht nach bhfuil chomh fisiciúil céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire nár cheart mí-úsáid a bhaint as airgead poiblí a thagann ó cháiníocóirí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha na sásraí atá ann cheana a úsáid agus a fheabhsú chun neamhrialtachtaí, calaois agus éilliú a bhrath agus a chomhrac i gcistiú an bheartais chomhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go mbeidh sásra éifeachtach ag na Ballstáit uile chun neamhrialtachtaí a thuairisciú, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1970 ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1970 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a thuairisciú (IO L 293, 10.11.2015, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>; á mholadh nach n-aicmeofaí neamhrialtachtaí mar neamhrialtachtaí dúnta ar an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) ach amháin tar éis na méideanna atá in easnamh a aisghabháil ar an leibhéal náisiúnta freisin, ní hamháin tar éis na suimeanna neamhrialta a chur ar ais chuig an gCoimisiún; á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú, trí uirlisí mianadóireachta sonraí amhail ARACHNE, go ndéanfar sonraí sa tuarascáil oifigiúil maidir le neamhrialtachtaí agus calaois in IMS a chros-seiceáil leis na sonraí le haghaidh na dtionscadal formheasta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún feabhas a chur ar chomhordú chumhachtaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun neamhrialtachtaí agus calaois a bhaineann le cistí beartais chomhtháthaithe a imscrúdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh go rachadh na Ballstáit eile isteach in OIPE chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus ar mhí-úsáid chistí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tacú go láidir le cur chun feidhme choinníollacht an smachta reachta i ngach Ballstát; ag dréim leis, dá bhrí sin, go gcuirfidh an Coimisiún gnéithe den smacht reachta san áireamh go hiomlán agus comhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir an bheartais chomhtháthaithe á bhformheas aige, ionas go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán na coinníollacha cumasúcháin maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte um Chearta Bunúsacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III de Rialachán na bhForálacha Coiteanna; ag dréim leis, thairis sin, nach bhformheasfaidh an Coimisiún aon chomhaontú comhpháirtíochta nó clár comhpháirtíochta go dtí go mbeidh ardleibhéal dearbhaithe ann nach mbeidh aon riosca ann mar thoradh ar an mionanailís sin ar na gnéithe sonracha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá coimircí lena gcuirfí cosc ar phionósú éagórach na dtairbhithe atá lonnaithe i dtíortha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir shásra an smachta reachta a ghníomhachtú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún breithniú ar bhealaí trínar féidir leis na cistí a chur ar fáil dá dtairbhithe deiridh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don bheartas comhtháthaithe dul in oiriúint ar bhealach níos fearr do na dúshláin a bhaineann leis na haistrithe glasa, digiteacha agus tionsclaíocha agus do na hiarmhairtí sóisialta a bhaineann leo d’fhonn leanúint de bheith ábhartha agus na cuspóirí a leagtar amach sna Conarthaí a bhaint amach; á chreidiúint, chun é sin a bhaint amach, go bhfuil sé tábhachtach foghlaim ní hamháin ó thréimhse chistiúcháin 2014-2020, ach freisin ó ionstraimí amhail RRF, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha a bhaineann le géarchéimeanna a tharla le déanaí agus chun tacaíocht leormhaith a chur ar fáil do limistéir agus do phobail atá faoi mhíbhuntáiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, i rialacháin an bheartais chomhtháthaithe tar éis 2027, leanúint de bhéim a leagan ar a thábhachtaí atá sé, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, dul i ngleic le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, cailliúint na bithéagsúlachta agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear bainistiú níos fearr uisce agus dramhaíola, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, athléimneacht ó thubaistí agus cosc agus bainistiú rioscaí; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur cheart sásraí príomhshruthaithe aeráide agus aeráid-dhíonacha a bheith ina gcuid lárnach den chlársceidealú agus den chur chun feidhme, go háirithe chun tionscadail a roghnú; á mheabhrú don Choimisiún, thairis sin, gur cheart tacaíocht leormhaith a bheith ina gné thábhachtach de chur chun feidhme cistí go háirithe d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha a bhaineann le géarchéimeanna a bhí ann le déanaí agus chun cabhrú le limistéir agus pobail faoi mhíbhuntáiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá réitigh soghluaisteachta níos inbhuanaithe ar fud chríocha an Aontais, amhail beartas an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T); á chur in iúl go bhfuil sí den seasamh gur cheart tús áite a thabhairt do réitigh soghluaisteachta chliste agus inbhuanaithe le haghaidh maoinithe ón Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit iarracht a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach réigiún san Aontas ar leathanbhanda ardluais ionas go mbeidh bonn cothrom acu chun an t-aistriú digiteach a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a spreagadh in éineacht leis an earnáil phoiblí le haghaidh infheistíochtaí san fhorbairt inbhuanaithe; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag FBManna sa nuálaíocht; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta a mholadh chun feabhas a chur ar ghlacadh nuálaíochtaí atá réidh don mhargadh ag FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rochtain níos fearr ar chistiú ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus freisin ag réigiúin trasteorann agus bheagfhorbartha, chun infheistíochtaí san aistriú fuinnimh áitiúil agus réigiúnach a chumasú, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, dáileadh díláraithe fuinnimh agus béim láidir ar fhuinneamh in-athnuaite agus ar gheilleagar ciorclach inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de, i bhfianaise na n-athruithe struchtúracha a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus an tionchar míchothrom eacnamaíoch agus sóisialta atá acu ar réigiúin an Aontais, gur cheart do phrionsabal an aistrithe chóir, gan aon chríoch agus gan aon duine a fhágáil ar lár, treoir a thabhairt don chéad chlárthréimhse eile den bheartas comhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá sé aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin a ndéanann an t-aistriú tionsclaíoch difear dóibh; á chur in iúl gur geal léi, sa chiall sin, iarrachtaí an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin leis an gCiste um Aistriú Cóir, an chéad cholún den Sásra um Aistriú Cóir; á iarraidh go bhfoghlaimeodh an Coimisiún ceachtanna ó chur chun feidhme an chiste sin agus a chuspóirí a shoiléiriú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go leanfaí de mhaoiniú don aistriú cóir, ar cheart é a chomhtháthú go hiomlán i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais a thabhairt dó a bheidh le bunú don chlárthréimhse tar éis 2027, agus go gcuirfí prionsabail na bainistíochta comhroinnte agus na comhpháirtíochta i bhfeidhm; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don leathnú sin ar an gCiste um Aistriú Cóir díriú ar leibhéal iomchuí NUTS (ainmníocht na n-aonad críochach le haghaidh staidrimh), sainiúlachtaí réigiúnacha a chur san áireamh, raon feidhme níos leithne a bheith aige ná an Ciste um Aistriú Cóir atá ann faoi láthair, agus gur cheart é a cheapadh ar bhealach lena bhféadfar freagairtí prasa a thabhairt ar dhúshláin a thiocfaidh chun cinn as an nua ar fud earnálacha agus tionscal éagsúil; á iarraidh go ndéanfadh an ghlúin nua maoinithe sin idirdhealú idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin; á chur i bhfáth gur cheart sciar den chistiú a dhíriú ar an aistriú atá cóir go sóisialta agus ar lorg carbóin an Aontais a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go gcoinneofaí cuspóir beartais tiomnaithe chun dul i ngleic le neamhionannais shóisialta, ós rud é go bhfuil moill tagtha ar an gcóineasú réigiúnach agus go bhfuil cúiseanna nua neamhionannais tagtha chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag infheistíochtaí comhtháthaithe i seirbhísí poiblí ardcháilíochta chun athléimneacht shóisialta a fhorbairt agus chun déileáil le géarchéimeanna eacnamaíocha, sláinte agus sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-áirítear i raon feidhme thacaíocht an bheartais chomhtháthaithe níos mó ná 3 mhilliún duine atá i mbaol eisiaimh shóisialta a lánpháirtiú agus a chuimsiú, lena n-áirítear tacaíocht do 600000 duine ó ghrúpaí imeallaithe, amhail Romaigh, atá ina gcónaí i réigiúin bheagfhorbartha de chuid an Aontais go háirithe; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil rialtais áitiúla i mBallstáit áirithe toilteanach cistí an bheartais comhtháthaithe a úsáid go héifeachtach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na daoine sin ar sheirbhísí ardcháilíochta, amhail uisce agus dálaí maireachtála cuibhiúla; ag tathant ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is práinní sin a rannchuideoidh go suntasach le héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tarraingt aird ar staid dheacair na réigiún a bhfuil teorainn acu leis an Rúis agus leis an mBealarúis tar éis an comhar a chur ar fionraí tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh go n-oibreodh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réitigh inbhuanaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha sna réigiúin sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag cur sonrú i nádúr ilghnéitheach na forbartha tuaithe, a théann níos faide ná an talmhaíocht <STRING ITALIC="on">per se</STRING>; á thabhairt dá haire nach bhfuil ach 11,5 % de na daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe ag obair in earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an iascaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil CETFT nasctha faoi láthair le creat an bheartais chomhtháthaithe, agus gur cheart baint bhreise a bheith aige le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, a bhfuil gá leis chun réigiúin tuaithe a fhorbairt go hiomlán;  ag cur béim ar an bhfíoras gur gá na cistí a chuíchóiriú tuilleadh, lena n-áirítear CETFT, san fhorbairt réigiúnach, toisc go bhféadfadh sé a áirithiú go mbainfear amach sineirgí agus comhpháirtíochtaí tuaithe-uirbeacha níos láidre le haghaidh infheistíochtaí i gceantair thuaithe lasmuigh den talmhaíocht; á áitiú gur cheart CETFT a bhainistiú ar bhonn réigiúnach nó le rannpháirtíocht chinntitheach réigiúnach agus áitiúil, agus béim níos mó ná riamh á leagan ar bhearta beartais struchtúracha i limistéir inar tearc an daonra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á áitiú gur gá sásra díonadh tuaithe a chur chun feidhme chun measúnú a dhéanamh ar thionchar thionscnaimh reachtacha an Aontais ar cheantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfios go mbeidh iarmhairtí ag aon mhéadú ar an Aontas amach anseo ar leibhéal an chomhtháthaithe laistigh den Aontas; á chur i bhfios gur dócha go ndéanfaidh sé difear d’aicmiú reatha na réigiún éagsúil, ós rud é go dtitfidh an meán-OTI <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> go suntasach, mar thoradh ar an éifeacht staidrimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, measúnú mionsonraithe sula molfaidh sé rialachán nua don chreat comhtháthaithe tar éis 2027 chun a áirithiú go mbeidh an beartas comhtháthaithe in ann leanúint de thacaíocht a thabhairt do na réigiúin uile agus gur féidir aghaidh a thabhairt go cuí ar aon iarmhairtí neamhfhabhracha ar na réigiúin, arb é éifeacht staidrimh ar incháilitheacht an bheartais chomhtháthaithe is cúis leo; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, ina theannta sin, meastachán ar na riachtanais bhreise maidir le comhar trasteorann a d’fhéadfadh a bheith i gceist le méadú a áireamh ina mheasúnú; á iarraidh go ndéanfaí comhairliúchán agus obair struchtúrtha idir an Coimisiún agus an Pharlaimint maidir leis na hábhair sin sula dtabharfar togra reachtach nua chun cinn; á iarraidh go mbeadh beartas comhtháthaithe ann atá réidh don mhéadú faoi 2030 ar a dhéanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndíríonn buiséad an bheartais chomhtháthaithe atá ann cheana ar chuspóirí cóineasaithe; á chur i bhfios go láidir, i gcás na hÚcráine, nach féidir le buiséad an bheartais chomhtháthaithe freastal ar na héilimh airgeadais a bhfuiltear ag súil leo maidir le hatógáil agus nár cheart dó freastal orthu; á chur i bhfáth gur cheart aon chuspóirí atógála a bhaint amach trí shásraí maoiniúcháin ar leith, lasmuigh de raon feidhme CAI, trí ranníocaíochtaí buiséadacha díreacha ó na Ballstáit, ón earnáil phríobháideach agus ó acmhainní seachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún breithniú ar an bhféidearthacht nár cheart caiteachas na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil faoi Chistí SIE a mheas mar chaiteachas struchtúrach náisiúnta nó coibhéiseach mar a shainítear sna rialacha nua maidir le rialachas eacnamaíoch, go háirithe mura n-imíonn siad ó chomhlíonadh chuspóirí Chomhaontú Pháras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch an Aontais, agus cur chuige pionósach á sheachaint ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart go gcomhlíonfadh an Seimeastar Eorpach cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe mar a leagtar síos in Airteagail 174 agus 175 CFAE agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta; á iarraidh go mbeadh na réigiúin rannpháirteach i gcomhlíonadh na moltaí tír-shonracha (CSRanna) agus go mbeadh cur chuige críochach níos láidre ann; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar choincheap na coinníollachta maicreacnamaíche agus go ndéanfaí iniúchadh ar an bhféidearthacht cineálacha nua coinníollachta a chur in ionad an choincheapa sin chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na dúshláin nua atá romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur sonrú sa phrionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’, a tugadh isteach leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, rud a chiallaíonn nár cheart go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht bac ar an bpróiseas cóineasaithe ná nár cheart go gcuirfeadh sé le héagothromaíochtaí réigiúnacha; á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal sin a chomhtháthú níos láidre mar phrionsabal trasearnála i mbeartais uile an Aontais, ionas go dtacóidh siad le cuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh, mar a leagtar amach in Airteagail 3 agus 174 CFAE; á áitiú gur cheart féachaint freisin ar chur chun cinn an chomhtháthaithe mar bhealach chun dlúthpháirtíocht agus tacaíocht fhrithpháirteach a chothú i measc na mBallstát agus a réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an prionsabal sin a neartú agus a fhorbairt mar chuid den Seimeastar Eorpach agus ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach agus lena mholtaí tír-shonracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chreidiúint go láidir a thábhachtaí atá prionsabail chothrománacha an rialachais il-leibhéil agus na comhpháirtíochta, ar cheart dóibh leanúint de bheith ina dtreoirphrionsabail den bheartas comhtháthaithe tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, na Ballstáit, na réigiúin agus na húdaráis áitiúla prionsabal an rialachais il-leibhéil a chur i bhfeidhm go dian agus go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé seasamh le prionsabal na comhpháirtíochta i gclársceidealú, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán uile bheartas comhtháthaithe an Aontais, agus a thábhachtaí atá sé comhar láidir a bhunú idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus geallsealbhóirí; á iarraidh go leanfaidh prionsabal na comhpháirtíochta de bheith ceangailteach agus á iarraidh go n-áireofaí é sa Seimeastar Eorpach; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa obair leantach go cúramach, agus seiceálacha agus moltaí ceartaitheacha a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh ón gCoimisiún síneadh a chur le bailíocht an Chóid Iompair le haghaidh Comhpháirtíochtaí faoi Chistí SIE (Rialachán Tarmligthe Uimh. 240/2014); á chreidiúint go gcuireann na treoirlínte sin go mór le rannpháirtíocht níos fearr na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na ngeallsealbhóirí eile, ach gur cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu chun a n-éifeachtacht a fheabhsú tuilleadh agus chun rannpháirtíocht níos doimhne na gcomhpháirtithe a áirithiú chun gníomhaíochtaí áitbhunaithe a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á mheabhrú, i gcreat bheartas comhtháthaithe 2021-2027, go ndéantar comhionannas inscne agus gné na hinscne a chur san áireamh agus a chur chun cinn ag gach céim den phróiseas chun cláir chomhtháthaithe a ullmhú, a chur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil ról sonrach ag mná, go háirithe i gceantair iargúlta agus i gceantair thuaithe, ós rud é gur príomhghníomhaithe iad sa tsochaí shibhialta agus i bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe; á thabhairt dá haire, áfach, ag an am céanna, gur minic a bhíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar an margadh saothair, ar sheirbhísí poiblí, ar chúram sláinte, ar chúram leanaí agus ar phá comhionann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá príomhshruthú na hóige sa bheartas comhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit iarrachtaí breise chun réadú chearta an linbh a chur chun cinn trí CSE+ a úsáid chun tacú le hidirghabhálacha éifeachtacha a rannchuidíonn leis an sprioc sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cumarsáid agus infheictheacht na gclár agus na dtionscadal arna gcistiú ag an Aontas a neartú tuilleadh ar fud na mBallstát, trí na cuspóirí, na spriocphobail, na bealaí cumarsáide, an fhor-rochtain ar na meáin shóisialta, an buiséad pleanáilte agus na táscairí ábhartha le haghaidh faireacháin agus meastóireachta a shainiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Fócas réigiúnach agus áitiúil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh go ráthófaí infheistíochtaí oiriúnaithe don athrú aeráide agus cosc tubaistí agus infheistíochtaí ullmhachta trí chuspóir beartais tiomnaithe, díriú téamach nó coinníoll cumasúcháin sonrach chun infheistíochtaí inbhuanaithe a áirithiú i mbonneagar áitiúil agus réigiúnach agus bainistiú riosca i gceantair uirbeacha agus thuaithe lagfhorbartha, lena n-áirítear réigiúin teorann, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí; á chreidiúint gur cheart go ndíreodh maoiniú spriocdhírithe ar laghdú riosca agus ullmhacht do réimse leathan tubaistí (tubaistí a bhaineann leis an aeráid, geolaíoch, sláinte, de dhéantús an duine); á chreidiúint gur cheart béim láidir a leagan ar an maolú ar an athrú aeráide agus ar an oiriúnú don athrú aeráide chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bainistiú níos fearr a dhéanamh ar rioscaí agus ullmhú chun freagairt do thionchair áitiúla an athraithe aeráide, ó theagmhais a thagann isteach go mall go teagmhais adhaimsire, lena n-áirítear creimeadh cósta, gaineamhlú, leibhéil na farraige atá ag ardú, falscaithe, tuilte, sciorrthaí talún, tonnta teasa agus tubaistí nádúrtha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go rachadh an cistiú comhtháthaithe chun tairbhe do cheantair uirbeacha agus thuaithe araon ar bhealach cothrom; á iarraidh go n-áireofaí sa bheartas comhtháthaithe gné uirbeach agus tuaithe níos láidre trí infheistíochtaí ainmnithe i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon chomh maith le naisc níos láidre idir tionscadail uirbeacha agus tuaithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, ar an ngaiste forbartha agus ar an deighilt uirbeach-tuaithe a dhéanann difear do réigiúin an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh go méadófaí an cion de leithdháiltí náisiúnta CFRE don fhorbairt uirbeach; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bardais bheaga in ann rochtain a fháil freisin ar chistí CFRE atá tiomnaithe do thionscadail forbartha uirbí inbhuanaithe agus comhtháite a mhaoiniú; á iarraidh, ar an gcaoi chéanna, go ndéanfaí cistiú a chur ar leataobh do limistéir thuaithe agus do réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu; á iarraidh go ndéanfaí an cistiú sin a chomhchlárú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar mhaithe leis na pobail áitiúla agus na réigiúin faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí fíorbheartas struchtúrach do limistéir thuaithe, ag a mbeidh cuspóirí téamacha iomchuí a fhreagraíonn do dhúshláin ar leith na gceantar sin, amhail gaineamhlú tuaithe, aosú an daonra, dídhaonrú, tréigean na tuaithe, meath na bpobal i gcoitinne agus deiseanna cúraim sláinte agus oideachais neamhleora;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag spreagadh sineirgí idir tionscadail chomhpháirteacha agus comhaontuithe comhair idir na leibhéil éagsúla rialachais chun leas a bhaint as acmhainneachtaí comhthiomsaithe agus as barainneachtaí scála in infheistíochtaí an Aontais i mbonneagar, i nuálaíocht, i maolú/oiriúnú ar an athrú aeráide agus sna haistrithe glasa agus digiteacha; á chreidiúint gur cheart go mbeadh braistint níos mó úinéireachta ar thionscadail agus comhdhlúthú infheistíochtaí inbhuanaithe mar thoradh ar an bpróiseas sin, seachas ilroinnt agus easpa sineirgí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á thabhairt chun suntais breisluach an chomhair chríochaigh i gcoitinne agus comhar trasteorann go háirithe; á iarraidh go méadófaí an buiséad do chláir an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, toisc go soláthraíonn siad creat uathúil le haghaidh comhar idir-réigiúnach, trasteorann agus trasnáisiúnta agus go gcuidíonn siad le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, comhpháirtíochtaí a chothú agus forbairt eacnamaíoch, comhtháthú sóisialta agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur chun cinn; á mholadh go gcuirfí an ‘billiún críochthalaimh’ de chúram go díreach ar an nGrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach, a mbeidh sé de chúram uirthi í a bhainistiú agus a dháileadh go neamhspleách i measc na dtionscadal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á mheas gur fíorionstraim chuí é Clár Oibre Críochach 2030 lena n-áirithítear comhtháthú an Aontais trí bhainistiú a dhéanamh ar gach ceann dá réigiúin agus ar a saintréithe; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar an ról atá ag Clár Oibre Críochach 2030 a mhodhnú thar ról na treorach um bainistiú críochach; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a gcláir oibre chríochacha a fhorbairt i gcomhréir le Clár Oibre Críochach 2030 mar bhonn chun a straitéisí críochacha a chlársceidealú, agus sainiúlachtaí gach ceann dá réigiúin á gcur san áireamh, agus a bheidh ina ndreasacht, agus chun an próiseas cinnteoireachta agus dearadh beartas críochach agus uirbeach a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á aithint go bhfuil ról bunúsach ag uirlisí comhtháite forbartha críochaí i gcur chun feidhme agus ionsú cáilíochta acmhainní; á iarraidh go ndéanfaí cion de chistí an bheartais chomhtháthaithe a chur i leataobh chun cuir chuige chríochacha a fhorbairt i limistéir thuaithe nó le haghaidh cineálacha cur chuige críochacha uirbeacha-tuaithe trí infheistíochtaí críochacha comhtháite, trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó trí shásraí eile le haghaidh forbairt tuaithe neamhthalmhaíochta chun gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chur chuige LEADER faoin gcomhbheartas talmhaíochta a chomhlánú, toisc gur bealach bunúsach é sin freisin chun aghaidh a thabhairt ar thíreolaíocht na míshástachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcabhródh úsáid a bhaint as saoradh comhtháthaithe le haghaidh corrlaigh chúltaca laistigh den bheartas comhtháthaithe, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, le harduithe boilscitheacha nó suaití sa slabhra soláthair amach anseo a ionsú; á chreidiúint gur cheart go bhfeidhmeodh an úsáid sin ar bhonn rollach, ag brath ar riachtanas agus ag leanúint na timthriallta saortha ilbhliantúla agus bliantúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chreidiúint go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an gcomhbhabhtáil idir an treoshuíomh áitbhunaithe is gá agus an tacaíocht do thosaíochtaí téamacha an Aontais trí níos mó solúbthachta agus trí roghchlár inroghnaithe de chuspóirí agus de dhúshláin théamacha, a bheidh inrochtana do réigiúin agus do bhardais de réir a leibhéal agus a riachtanas forbartha, agus an díriú téamach ar an leibhéal náisiúnta á urramú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go laghdaíonn samhail den sórt sin castacht an phróisis clársceidealaithe agus go gcuirtear saintréithe réigiúnacha san áireamh; á chur i bhfáth gur cheart don bheartas comhtháthaithe leanúint de rianú a dhéanamh ar thírdhreach áitiúil na riachtanas chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach i gcomhthéacs éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil díriú téamach fós ina bhunchloch chun an t-aistriú chuig Aontas a bheidh níos iomaíche, níos cliste, níos sóisialta agus níos athléimní a bhaint amach, chomh maith le geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart é a chur in oiriúint d’fhíor-riachtanais na réigiún agus na gcathracha, agus don chaoi a n-oibríonn siad i dtéarmaí praiticiúla, ó chlársceidealú agus athchlárú go dtí cur chun feidhme agus dúnadh; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte gur cheart gur cur chuige infheistíochta saincheaptha a bheadh sa phríomhphrionsabal a bheadh dírithe ar riachtanais shonracha ar an láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, agus leibhéal na tacaíochta do gach réigiún á chinneadh aige, saintréithe breise a chur san áireamh, amhail limistéir laistigh den réigiún a bhfuil acmhainneacht fáis acu, déine a ndúshlán ar leith, a leibhéal neamhchosanta ar thionchair na n-aistrithe leanúnacha, amhail an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú tionsclaíoch, nó a leibhéal dul chun cinn sóisialta, chun bealach gach réigiúin i dtreo cóineasaithe a shainiú ar bhealach níos fearr; á chur i bhfáth nach ndéantar na gnéithe sin go léir a chur san áireamh le OTI mar an t-aon táscaire forbartha amháin agus á iarraidh go gcomhlánófaí é le táscairí eile, amhail Innéacs an Aontais maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta agus an tInnéacs Leochaileachta maidir leis an Athrú Aeráide; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a thabhairt do réigiúin a bhfuil gaiste forbartha rompu, mar a léiríodh san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar éagothromaíochtaí idir-réigiúnacha trí aird níos mó a thabhairt ar éagsúlacht na gcríoch; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar an bhféidearthacht measúnú a dhéanamh ar leithdháiltí tosaigh agus rátaí cómhaoinithe ar bhonn NUTS 3 chun cistiú a dhíriú chuig na háiteanna is mó a bhfuil gá leis agus chun cosc a chur ar theacht chun cinn pócaí bochtaineachta agus tearcfhorbartha; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfí san áireamh le hathrú den sórt sin na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar mhaoiniú an Aontais do limistéir uirbeacha níos mó, amhail limistéir uirbeacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á mheas, agus cistí á leithdháileadh do thionscadail áitiúla i gceantair uirbeacha agus thuaithe, gur cheart díriú ar thionscadail chomhpháirteacha leasa choitinn, agus rannpháirtíocht FBManna á cur chun cinn ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí ionstraimí airgeadais réigiúnacha níos lú a chomhcheangal le tionscnaimh réigiúnacha níos mó chun feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht agus ar a dtionchar beartais; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún treoir agus tacaíocht pleanála a chur ar fáil, go háirithe do thionscadail chríochacha agus bheaga chomhtháite, chun saoradh agus athrú cuspóra a sheachaint; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an cur chuige ón mbun aníos maidir le forbairt chríochach a neartú, ar bealach é don nuálaíocht shóisialta agus d’fhothú acmhainneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dea-rialachas ar gach leibhéal i mbainistiú an bheartais chomhtháthaithe; á thabhairt chun suntais gur féidir le cáilíocht na struchtúr rialachais an meascán is fearr de thosaíochtaí infheistíochta a chinneadh chun an comhordú il-leibhéil ingearach agus cothrománach is gá a bhaint amach chun straitéisí comhtháite forbartha a dhearadh agus a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí ionadaíocht neartaithe ar údaráis uirbeacha agus tuaithe sna coistí faireacháin, a d’fhéadfadh éifeachtacht bhainistiú na gcistí a chomhmheasúnú; á athdhearbhú gur cheart do na hionadaithe sin, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, an fhreagracht as clársceidealú agus athchlárú a chomhroinnt chun an rialachas il-leibhéil a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh arna sainaithint i mbainistiú chistí an bheartais chomhtháthaithe ag na húdaráis bhainistíochta, agus, ag an am céanna, rochtain ar chúnamh teicniúil a shimpliú chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí riaracháin agus bainistíochta na n-eintiteas inniúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á iarraidh go mbeadh tuilleadh rannpháirtíochta ag tionscnaimh ón gCoimisiún, amhail Cúnant Méaraí an Aontais don Aeráid agus d’Fhuinneamh, sa phróiseas chun an chéad ghlúin eile de rialacha an bheartais chomhtháthaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme; á chreidiúint go bhfuil ról fíor-riachtanach ag líonraí cathrach maidir leis an mbearna idir ceapadh beartais agus cur chun feidhme ar an láthair a dhúnadh; á aithint go ngintear torthaí i bhfad níos fearr i gcomhthéacs chur chun feidhme beartais mar thoradh ar thacaíocht bheartais agus chur chun feidhme, atá dírithe ar mhéaraí agus ar údaráis áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil difríochtaí ann idir na Ballstáit maidir le hinniúlachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh go mbeadh cur chuige áitbhunaithe feabhsaithe ann chun bainistiú an bheartais chomhtháthaithe a thabhairt níos gaire don leibhéal réigiúnach agus áitiúil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil obair ullmhúcháin, acmhainneacht riaracháin leormhaith agus tacaíocht institiúideach fíor-riachtanach chun éifeachtacht an bheartais a áirithiú, chun líon na neamhrialtachtaí agus na calaoise a laghdú, agus chun ualaí breise riaracháin ar údaráis bhainistíochta, ar chonraitheoirí agus ar thairbhithe deiridh a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur féidir braistint mhéadaithe ar úinéireacht áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn san fhadtéarma, chomh maith le marthanacht thionscadail an Aontais agus giaráil cómhaoinithe níos airde, a bhaint amach trí acmhainneacht fhioscach mhéadaithe do réigiúin agus do bhardais; á aithint go gcuirfeadh bealach den sórt sin feabhas ar acmhainneacht iasachtaíochta na réigiún agus na mbardas atá nasctha le hionstraimí airgeadais a chuirtear ar fáil le buiséad an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh buiséid réigiúnacha agus áitiúla in ann tionchar suaití boilscithe agus géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann ar thionscadail chómhaoinithe an Aontais a chúiteamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á iarraidh go mbeadh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) rannpháirteach tuilleadh in infheistíochtaí sa bheartas comhtháthaithe, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha, trí thacaíocht a thabhairt do chathracha inbhuanaithe, d’fhuinneamh inbhuanaithe, don gheilleagar ciorclach, do phoist ghlasa agus do thionscadail nuálaíochta áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as ionstraimí airgeadais agus trí thacaíocht a thabhairt d’infheistíocht san earnáil phríobháideach; á iarraidh go leathnófaí cúnamh tionscadail áitiúil agus réigiúnach agus ionstraimí airgeadais áitiúla agus réigiúnacha lena gcomhlánaítear agus lena ngiarálfar deontais an Aontais; á aithint go gcuireann maoiniú BEI, amhail iasachtaí do chláir struchtúracha, go mór leis na hoibleagáidí cómhaoinithe náisiúnta faoin mbeartas comhtháthaithe i roinnt mhaith Ballstát, rud a éascaíonn agus a chuireann dlús le cur chun feidhme na gclár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht theicniúil, airgeadais agus riaracháin ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfaighidh comhlachtaí bainistíochta agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha eolas teicniúil, go háirithe maidir leis an athrú aeráide, a fhéadfaidh siad a úsáid le haghaidh pleanáil agus bainistiú uirbeach agus tuaithe; á chur in iúl go bhfuiltear deimhin de go mbeidh dearadh agus meastóireacht níos fearr ar thograí tionscadail mar thoradh air sin, go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtaí agus go gcuirfear an buiséad chun feidhme go sásúil gan baol suntasach saortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á iarraidh go ndíreofaí cúnamh teicniúil, agus cláir chomhairleacha atá ann cheana, go sonrach ar bhardais bheaga agus ar cheantair thrasteorann, iargúlta agus thuaithe, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin oileánacha, chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, amhail an t-aistriú glas agus an t-athrú aeráide; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ionstraimí cúnaimh theicniúil atá á bhforbairt i gcomhar idir BEI agus an Coimisiún, lena n-áirítear maidir le héifeachtúlacht fuinnimh; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe i bhfoirm maoiniú 100 % ón Aontas d’fhothú acmhainneachta teicniúla, airgeadais agus riaracháin, do dhearadh agus ullmhú tionscadal, do phíblíne tionscadal a shainaithint agus a fhorbairt, chomh maith le cumais pleanála straitéisí, lena n-áirítear ionstraimí pleanála; á chreidiúint gur cheart ardán URBIS, mar phointe teagmhála aonair do bhardais, a fhorbairt tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á áitiú go ndéanfaí athbhreithniú criticiúil ar thionscnaimh <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> an Choimisiúin agus go ndéanfaí scagadh críochnúil ar thionscnaimh nua maidir lena gcáilíocht agus a gcainníocht; á éileamh go ndéanfaí an próiseas sin a bhainistiú go comhpháirteach agus i gcomhpháirtíocht, le hionadaíocht ráthaithe ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear cathracha agus ceantair thuaithe, agus réigiúin agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn d’éifeachtacht na leithreasuithe comhtháthaithe foriomlána atá beartaithe roimh ré mar gheall ar iomadú na dtionscnamh <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> ón gCoimisiún, arna maoiniú ag cistí an bheartais chomhtháthaithe, gan breisluach don leibhéal áitiúil agus réigiúnach; á áitiú go mbeadh breisiú buiséadach comhfhreagrach ag gabháil le gach tionscnamh nua ón gCoimisiún;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>