<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0192</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ d’fheithiclí nua tromshaothair a neartú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0313/2023 -  Rapóirtéir: Bas Eickhout)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (COM(2023)0088) – C9-0025/2023 – 2023/0042(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0088),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0025/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach Teachtaí na hIodáile agus Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C 349, 29.9.2023, lch. 134.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0313/2023),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é<FOOTNOTE><FIELD> Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 21 Samhain 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0403).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0042</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí nua tromshaothair a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1610.) </STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>