<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0224</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0170/2024 -  Rapóirtéir:Ibán García Del Blanco)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh (2023/2192(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ón bPríomh-Ionchúisitheoir Poiblí in Düsseldorf go ndéanfaí díolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh, arna tarchur trí litir dar dáta an 25 Iúil 2023 ag Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine, i ndáil le réamhimscrúdú ar chionta coiriúla amhrasta, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 11 Meán Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don éisteacht a tugadh do Gunnar Beck i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 8 agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) den Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008,<STRING ITALIC="on"> Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio and Clemente</STRING>, C-200/07 agus C‑201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint</STRING>, T‑42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C‑502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus d’Airteagal 192 de ‘<STRING ITALIC="on">Richtlinien für das Strafverfahren und das Bußgeldverfahren</STRING>’ (Treoirlínte d’imeachtaí coiriúla agus d’imeachtaí riaracháin),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0170/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur iarr an Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí in Düsseldorf go ndéanfaí díolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh, Feisire a toghadh sa Ghearmáin, d’fhonn tús a chur le réamhimeachtaí i leith goid maoine ar luach íseal i gcomhar le díobháil choirp d’aon ghnó agus cur i gcoinne oifigeach forfheidhmithe dlí, de bhun ailt 242(1), 248a, 223(1), 230(1) abairt 1, 113(1) agus 53 de Chód Coiriúil na Gearmáine;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, an 29 Deireadh Fómhair 2022, i siopa ilrannach in Neuss (an Ghearmáin), líomhnaíodh gur thóg Gunnar Beck roinnt samplaí de tháirgí tástálaithe ar taispeáint do chustaiméirí chun triail a bhaint astu, agus, a líomhnaítear, d’fhonn iad a thógáil leis gan íoc astu; de bhrí gur tuairiscíodh cion siopadóireachta; de bhrí gur líomhnaíodh go ndearna Gunnar Beck iarracht an t-áitreabh a fhágáil agus gur chuir na bleachtairí stórais srian air; de bhrí, ina dhiaidh sin, go ndearna oifigigh forfheidhmithe dlí idirghabháil ar an láthair agus gur líomhnaíodh nár chomhlíon Gunnar Beck a n-iarrataí gan cur ina gcoinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach mbaineann na cionta líomhnaithe le tuairimí a nochtadh nó vótaí a caitheadh le linn don Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a bheith i mbun a chuid dualgas chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí Pharlaimint a stáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear mar seo a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<LIST LEVEL="1" TYPE="ARAB"><INT.LI LEVEL="0">‘2) I gcás gníomh atá inphionóis, ní fhéadfar Feisire a chur faoi dhliteanas ná a ghabháil ach amháin le formheas an Bundestag, mura rud é gur gabhadh é nó í i mbun gnímh nó an lá tar éis an lae a rinne sé an gníomh sin.</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>3)</SYMBOL>Beidh formheas an Bundestag de dhíth freisin chun aon srian eile maidir le saoirse an duine a chur ar Fheisire nó chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Feisire faoi Airteagal 18.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>4)</SYMBOL>Déanfar aon imeachtaí coiriúla agus aon nósanna imeachta de réir Airteagal 18, arna dtionscain i gcoinne Feisire, aon choinneáil nó aon srianadh eile ar a shaoirse nó a saoirse pearsanta a chur ar fionraí ar iarratas ón Bundestag.’;</ITEM></LIST>
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go rialaíonn Airteagal 192b den ‘Richtlinien für das Strafverfahren und das Bußgeldverfahren’ (Treoirlínte d’imeachtaí coiriúla agus d’imeachtaí riaracháin) díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a tharscaoileadh agus, de bhrí, go háirithe, go bhforáiltear le mír 1 an méid seo a leanas:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
‘1) Einem Mitglied des Europäischen Parlaments aus der Bundesrepublik Deutschland steht die einem Abgeordneten des Deutschen Bundestages zuerkannte Immunität zu. (...)’ [Beidh Feisire de Pharlaimint na hEorpa ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i dteideal na díolúine arna deonú do chomhalta de Bundestag na Gearmáine];
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, i.e. gnéithe fíorasacha lena léirítear go bhféadfadh sé a bheith mar bhunchuspóir na n-imeachtaí dlíthiúla damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil  Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chuig Gunnar Beck.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>