<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0225</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Andris Ameriks a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0169/2024 -  Rapóirtéir:Gilles Lebreton)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Andris Ameriks a tharscaoileadh (2023/2090(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Andris Ameriks ó Ionchúisitheoir na Rannóige um Chomhordú Frith-Éillithe de chuid Roinn an Dlí Choiriúil in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i Ríge, dar dáta an 24 Bealtaine 2023 agus arna tarchur ar an dáta céanna ag Ionchúisitheoir Ginearálta Phoblacht na Laitvia, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla atá le tionscnamh i bPoblacht na Laitvia, a fógraíodh sa suí iomlánach an 14 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Nils Ušakovs, thar ceann Andris Ameriks, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 29 agus 30 de Bhunreacht na Laitvia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0169/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur iarr Ionchúisitheoir na Rannóige um Chomhordú Frith-Éillithe de chuid Roinn an Dlí Choiriúil in Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Ríge tarscaoileadh díolúine Andris Ameriks, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a toghadh i Laitvia, d’fhonn imeachtaí coiriúla a thionscnamh ina choinne mar gheall ar chion coiriúil arb é atá ann breab a fháil roimh dó gníomh neamhdhleathach chun leasa tríú páirtí a dhéanamh agus úsáid á baint as a fheidhm oifigiúil, i gcomhréir le hAirteagal 320(4) de Chód Coiriúil na Laitvia;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, le linn na tréimhse ón 22 Iúil 2017 go dtí an 17 Meán Fómhair 2017, gur líomhnaíodh gur éiligh Andris Ameriks, ina cháil mar Leas-Uachtarán ar Bhardas Ríge, i bpost freagrachta, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, breab ó úinéir idirghabhálaí cuideachta iompair mionbhus arb ionann é agus 50 % de na suimeanna a fuair an chuideachta sin ó Bhardas Ríge do phaisinéirí arna n-iompar ag a cúram agus a bheadh i dteideal laghduithe ar tháillí iompair;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Andris Ameriks chuig Parlaimint na hEorpa tar éis na dtoghchán Eorpach i mí na Bealtaine 2019;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí a chuir Andris Ameriks in iúl ná le vótaí a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de bhun Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí Pharlaimint a Stáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagail 29 agus 30 de Bhunreacht na Laitvia an méid seo a leanas:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
‘Airteagal 29
</CONS><CONS>
Ní ghabhfar comhaltaí den Saeima, ná ní chuardófar a n-áitreabh, ná ní chuirfear srian ar a saoirse phearsanta ar dhóigh ar bith gan toiliú an Saeima. (...)
</CONS><CONS>
Airteagal 30
</CONS><CONS>
Gan toiliú an Saeima, ní fhéadfar ionchúiseamh coiriúil a thosú agus ní fhéadfar fíneálacha riaracháin a thobhach in aghaidh a chomhaltaí.’;
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nárbh fhéidir leis an imscrúdú an áit agus an t-am beacht ina ndearnadh an choir líomhnaithe a shuíomh go cinnte;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go ndearnadh an choir líomhnaithe i gcoinne Andris Ameriks in 2017 agus nár chuir Ionchúisitheoir Ginearálta Phoblacht na Laitvia an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine ar aghaidh ach go dtí an 23 Bealtaine 2023; de bhrí nach dtugtar aon údar diongbháilte leis an moill sin ar ghníomhaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go leanann sé ó chásdlí CBAE go bhfuil ‘rogha an-leathan ag an bParlaimint maidir leis an treo a bhfuil sé ar intinn aici a thabhairt do chinneadh tar éis iarraidh ar tharscaoileadh díolúine (...), mar gheall ar chineál polaitiúil an chinnidh sin’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Eanáir 2013, Gollnisch, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23, mír 59 agus an cásdlí a luaitear.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go n-ardaítear le comhréireacht na fianaise nithiúla sin amhras tromchúiseach go bhféadfadh sé gurbh é an rún a bhí ann ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil Andris Ameriks, agus go háirithe a ghníomhaíocht mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí, ar bhonn na faisnéise agus na mínithe a thugtar sa chás seo, lena n-áirítear na freagraí a thug Leas-Ionchúisitheoir Poiblí Phoblacht na Laitvia le linn an mhalartaithe tuairimí a bhí leis, gurb ann d’éiginnteachtaí maidir leis na gnéithe ar a bhfuil an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine bunaithe agus maidir le hamhras tromchúiseach ar an nós imeachta, lena n-áirítear an ráiteas ar na cúiseanna is bonn leis an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé, dá bhrí sin, gur cás é sin inar féidir glacadh leis gurb ann do chás <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, i.e. ‘fianaise nithiúil’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Meán Fómhair 2020, Troszczynski, C-12/19, ECLI:EU:C:2020:725, pointe 26.</FIELD></FOOTNOTE> ina léirítear gur tionscnaíodh na himeachtaí dlíthiúla le hintinn an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil Andris Ameriks, agus, dá bhrí sin, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, a ghníomhaíocht mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh gan díolúine Andris Ameriks a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Laitvia agus chuig Andris Ameriks.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>