<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0230</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta an Aontais - Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0075/2024 -  Rapóirtéir:Luke Ming Flanagan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2023/2132(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 24.2.2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0251/2023)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/2, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0075/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais i leith chur chun feidhme bhuiséad Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2023/2132(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0075/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) institiúid bhreithiúnach an Aontais, a bhfuil sé de chúram uirthi comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú trí léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gConarthaí a mhaoirsiú agus dlíthiúlacht na mbeart arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcabhraíonn CBAE le luachanna an Aontais a chaomhnú agus go n-oibríonn sí, trína cásdlí, i dtreo thógáil na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>De bhrí go bhfuil dhá chúirt in CBAE: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad CBAE faoi cheannteideal CAI 7, ‘An riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 11.6 billiún in 2022 (arbh é a bhí ann 5,9 % de bhuiséad iomlán an Aontais); ag tabhairt dá haire, in 2022, gurbh ionann buiséad CBAE agus tuairim is EUR 0,5 billiún, agus 3,9 % den chaiteachas riaracháin iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, sampla de 60 idirbheart faoi Riarachán, arb ionann an líon sin agus an líon a scrúdaíodh in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go scríobhann an Chúirt Iniúchóirí go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb ionann é agus 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise, agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid dá hiniúchadh in 2022, gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí córais mhaoirseachta agus rialaithe CBAE, go háirithe caighdeáin rialaithe inmheánacha a chur chun feidhme, bainistiú rioscaí, agus rialuithe tábhachtacha a fheidhmiú, a bhfuil sainmhíniú orthu sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar íocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí in 14 (23 %) den 60 idirbheart ach go measann an Chúirt Iniúchóirí, bunaithe ar na 5 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide faoin tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le CBAE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiseád foriomlán CBAE do 2022 agus EUR 467 900 000, ar méadú é ó EUR 444 049 000 in 2021 agus in 2020 , arb ionann é agus méadú 5,4 % ó 2021 go 2022, agus gur baineadh úsáid as 79 % den bhuiséad in 2022 dá chomhaltaí agus dá fhoireann, 14 % dá foirgnimh, 6 % do TF agus 1 % do chaiteachas eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna CBAE 19 n-aistriú buiséid in 2022 de bhun Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, arb ionann é agus EUR 12,7 milliún nó 2,7 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais sin; ag tabhairt dá haire thairis sin gurbh ionann an ráta cur chun feidhme buiséadach do 2022 agus 98,43 %, atá i gcomhréir leis na blianta roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dhearbhaigh oifigeach údarúcháin trí tharmligean gur baineadh úsáid as na hacmhainní a leithdháileadh chun na críche a beartaíodh agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus gur thug na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil CBAE ag obair ar réimse leathan córas TF, go hinmheánach agus trí chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, thar réimsí éagsúla a dhéanfaidh níos éifeachtúla é ó thaobh acmhainní de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chruthaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar bhealaí éagsúla, brú ar an mbuiséad do CBAE, lena n-áirítear trí mhéadú ar an mboilsciú agus trí choigeartuithe tuarastail, a mhéadaigh costais fuinnimh agus costais ar roinnt earraí agus seirbhisí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thit buiséad misin ghinearálta CBAE ó EUR 405 000 in 2021 go EUR 390 000 in 2022, arb ionann é agus laghdú 3,7 %, agus arbh é ba chúis leis go príomha leis na hathruithe ar na modhanna oibre le níos mó cianchruinnithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach bhfuil líne bhuiséid shonrach ag CBAE do mhisin agus do thaisteal a hUachtaráin; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, gur thit an líne bhuiséid do mhisin uile chomhaltaí CBAE ó EUR 280 000 in 2021 go EUR 270 000 in 2022, arb ionann é agus laghdú 3,6 %, arbh é ba chúis leis go príomha freisin úsáid mhéadaithe uirlisí físchomhdhála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, le linn 2022, gur cuireadh deireadh leis na bearta eisceachtúla a bhain le paindéim COVID-19 de réir a chéile agus thosaigh CBAE ag feidhmiú mar is gnáth; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur tháinig méadú ar líon na gcuairteoirí go 11 653 dhuine, ach mar sin féin, fós nach bhfuil sé ar an leibhéal céanna leis na figiúirí a bhí ann roimh an bpaindéim ina raibh 17 136 chuairteoir in 2019, ach gurbh fhéidir gurb é ba chúis leis sin, go páirteach, ná na deiseanna nua atá ann chun cuairt a thabhairt ar CBAE go fíorúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chomóradh 70 bliain CBAE a bhí ann in 2022, ar chomóradh tábhachtach é don Aontas uile; ag moladh gur bhain CBAE úsáid as an deis chun tionscnaimh a sheoladh faoin téama ‘Ag tabhairt an cheartais níos gaire don saoránach’, lena n-áirítear tionscnamh nua a bhaineann le seirbhís sruthaithe d’éisteachtaí a chur ar fáil ar shuíomh Curia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, i gcás na Cúirte Breithiúnais de, gur bhain 68 % de chásanna nua le tarchur chun réamhrialuithe, gur bhain 24 % dóibh le hachomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta, agus gur bhain 4 % dóibh le gníomhaíochtaí i gcoinne na mBallstát de bharr mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire thairis sin, in 2022, i gcás na Cúirte Ginearálta, gur bhain 46% de chásanna nua le caingne le haghaidh neamhniú gníomhartha institiúidí an Aontais, gur bhain 30 % díobh le caingne maidir le maoin intleachtúil, agus gur bhain 7 % díobh le díospóidí idir institiúidí an Aontais agus a bhfoireann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil líon na gcásanna a tugadh os comhair an dá chúirt in 2022 inchomparáide leis an líon sa bhliain roimhe sin (1 710 cás in 2022, le hais 1 720 in 2021) agus á chur i bhfios go láidir, go raibh an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta in ann 1 666 chás a thabhairt chun críche in 2022 (1 723 chás in 2021), i dteannta a chéile, arb ionann é agus an meán le blianta beaga anuas (1 692 chás in aghaidh na bliana idir 2018 agus 2021); ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil méadú ag teacht ar líon iomlán na gcásanna atá ar feitheamh, agus 2585 chás ar feitheamh in 2022 i gcomparáid le 2541 chás in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach raibh difear mór ann idir meánfhad na n-imeachtaí le haghaidh cásanna a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais le hais na bliana roimhe sin, arb ionann é agus 16.4 mí in 2022 i gcomparáid le 16.6 mí in 2021; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú ar mheánfhad na n-imeachtaí le haghaidh cásanna a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta le hais na bliana roimhe sin, go 16.2 mí in 2022 i gcomparáid le 17.3 mí in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir CBAE achoimre ar fáil ar líon agus ar chineál na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh sa Chúirt Bhreithiúnais agus gur chuir sí sintéis de na moltaí agus den gníomhaíocht a rinneadh i leith na moltaí sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 118(8) den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire go bhfuil clár oibre bliantúil le comhpháirt ilbhliantúil ag an iniúchóir inmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh na hiniúchtaí inmheánacha ba thábhachtaí in 2022 bainteach le bainistiú cuntas bainc, cisteáin agus forghníomhú íocaíochta, conarthaí árachais agus cumhdach riosca, scaipeadh faisnéise inbhuanaitheachta, agus sreabhadh bainistithe aistriúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sna freagraí ar an gceistneoir ó Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach, a bhí mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh atá ann faoi láthair, go luann CBAE gurbh iad na hiniúchtaí inmheánacha ba chúis le go leor moltaí ar chuir na seirbhisí ábhartha fáilte rompu; á iarraidh go gcoinneofar an Pharlaimint ar an eolas mura ndéanann na seirbhisí ábhartha obair iardain ar na moltaí ón iniúchóir inmheánach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais comhdhéanta de 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ginearálta agus nach ndeachaigh aon Bhreitheamh nua i mbun oifige in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Chúirt Ghinearálta comhdhéanta de 54 Bhreitheamh agus go ndeachaigh ocht mBreitheamh nua i mbun oifige le linn 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leanann an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta de chomhdhéanamh inscne an-neamhchothrom a bheith acu agus as an ochtar Breitheamh nua a chuaigh i mbun oifige sa Chúirt Ghinearálta in 2022, fir a bhí i gcúigear díobh agus mná a bhí i dtriúr díobh; á athdhearbhú gur mór aici an litir ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta chuig Uachtarán Chomhdháil Ionadaithe na mBallstát in 2021, agus á iarraidh ar na Ballstáit an gá do chothromaíocht inscne a chur i gcuntas agus iarrthóirí á n-ainmniú chun Breithiúna a ionadú; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil freagra tugtha ar an litir fós;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur chuir CBAE, mar chuid dá freagraí ar an gceistneoir ó Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach, faisnéis an-mhionsonraithe ar fáil faoi dháileadh na foirne ag deireadh 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, gur fhostaigh CBAE 2253 bhall foirne, ar méadú beag é ó 2 247 mball foirne ag deireadh 2021 agus 2 239 ag deireadh 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é an dáileadh inscne a bhí ann ag deireadh 2022 ná 893 fhear, arbh ionann é agus 40 %, agus 1 360 bean, arbh e a bhí ann 60 %; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é an dáileadh foriomlán a bhí ann i measc na gcatagóirí foirne ná 1 300 oifigeach (58 %), 774 ghníomhaire shealadacha (34 %), agus 179 ngníomhaire ar conradh (8 %), arbh é a bhí ann ísliú beag i gcéatadán na mball foirne a bhí ina n-oifigigh i gcomparáid le 2021, rud a léirítear leis an méadú beag i gcéatadán na ndaoine atá ina ngníomhairí sealadacha agus leis an easpa athruithe i dtaobh na ngníomhairí ar conradh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, don bhainistíocht shinsearach, gurb é an dáileadh inscne a bhí ann ná naoi bhfear agus sé bhean, arb ionann é agus 60 % fir agus 40 % mná; ag cur sonrú, i gcás na meánbhainistíochta, sa dáileadh inscne a bhí ann ná 36 fhear agus 24 bhean, arb ionann é agus 60 % d'fhir agus 40 % de mhná freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéantar ionadaíocht ar náisiúntachtaí uile an Aontais ar fhoireann CBAE; ag tabhairt dá haire gur oth léi, áfach, go ndéantar ró-ionadaíocht ar náisiúnaigh ó roinnt Ballstát; ag tabhairt dá haire, maidir leis sin, gur náisiúnaigh na Fraince atá i 505 de na 2 253 bhall foirne, arb ionann é agus 22 %, agus go bhfuil an ró-ionadaíocht níos airde, fiú, i measc cúntóirí (ASTanna), ina bhfuil 223 dóibh as an 719 mball foirne, arb ionann é agus 31 %; ag tabhairt dá haire go ndéantar ró-ionadaíocht ar náisiúnaigh Bheilgeacha agus ar Iodáiligh ar an leibhéal riarthóra (AD), le 108 agus 97 bhall foirne acu as 1 274 faoi seach; ag tabhairt dá haire freisin gurb í an Chipir an tír atá faoin ngannionadaíocht is mó, le 2 náisiúnach i bpoist oifigiúla agus i bpoist mar ghníomhaire sealadach AD, agus níl aon náisiúnaigh aici i bpoist AST agus i bpoist mar chúntóir rúnaíochta (AST-SC); ag tabhairt dá haire gur cheart go ndéanann CBAE a dícheall ionadaíocht níos cothroime a bhaint amach i dtaobh náisiúnaigh an Aontais ar fud na bpost uile agus sprioc a dhéanamh den dáileadh geografach leormhaith a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag spreagadh CBAE chun tacú le timpeallacht oibre ilteangach; ag tabhairt le fios, cé gur féidir le teanga an cháis a bheith in aon cheann de theangacha an Aontais (an Bhulgáiris, an tSeicis, an Danmhairgis, an Ollainnis, an Béarla, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Ungáiris, an Ghaeilge, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Spáinnis, nó an tSualainnis) de réir Rialacha Nós Imeachta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Caibidil 8, Airteagal 36, is i bhFraincis a dhéantar 90 % den obair riaracháin laethúil mar sin féin; ag moladh dhá theanga oibre eile an Aontais Eorpaigh, eadhon an Ghearmáinis agus an Béarla, a úsáid níos minice ar bhonn laethúil in obair riaracháin laethúil CBAE chun an t-ilteangachas a spreagadh agus chun an fhostaíocht a dhéanamh níos inrochtana do náisiúnaigh-na mBallstát uile, lena n-áirítear na cinn nach dtairgeann an Fhraincis i scoileanna; ag tabhairt dá haire go gcabhródh sé sin rannchuidiú le dáileadh cothrom náisiúntachtaí i measc fhoireann CBAE, agus iarrann sí ar na hinstitiúidí uile an t-ilteangachas a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair a rinneadh sa Ghrúpa Ardleibhéil Idirinstitiúideach ar tharraingteacht Lucsamburg a fheabhsú don fhoireann; ag spreagadh CBAE chun leanúint d’obair a dhéanamh le hinstitiúidí eile atá lonnaithe i Lucsamburg ar ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear an smaoineamh chun liúntas tithíochta speisialta a thabhairt isteach chun an cíos ard a fhritháireamh, rud a bhraitheann baill foirne ar na gráid níos ísle agus chun a áirithiú go mbaineann foireann CBAE tairbhe as socruithe oiriúnacha dá ndálaí maireachtála; á iarraidh go gcuirfear an Pharlaimint ar an eolas faoi dhul chun cinn na dtionscnamh uile sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug CBAE scéim teilea-oibre nua isteach an 1 Bealtaine 2022, a lamháil obair ón mbaile dhá lá in aghaidh na seachtaine; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gceadaíonn an scéim don fhoireann oibriú suas le 10 lá in aghaidh na bliana lasmuigh den áit fostaíochta, agus gur léirigh suirbhé i measc bainisteoirí sásamh domhanda leis an bhféidearthacht sin, a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil sé comhoiriúnach le feidhmiú ceart na seirbhisí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tógadh 23 702 lá ar shaoire bhreoiteachta in 2022 laistigh de CBAE, arb ionann é agus méadú 38 % ó 2021 inar tógadh 17 138 lá ar shaoire bhreoiteachta; ag tabhairt dá haire ag an am céanna, in 2019, gur tógadh 25 629 lá ar shaoire bhreoiteachta agus go bhféadfadh an uimhir sách íseal in 2021 a bheith bainteach le paindéim COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh 46 bhall foirne tnáitheadh mar gheall ar chúiseanna a bhaineann leis an obair, agus go measann seirbhisí liachta CBAE, in 2022, go raibh 23 chás ann inar léirigh baill foirne siomptóim a d’fhéadfadh a bheith bainteach le diagnóis an traochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil cúrsaí oiliúna tairgthe ag CBAE do bhainisteoirí chun aird a tharraingt ar na rioscaí atá bainteach leis an traochadh agus dea-bhail na foirne; ag iarraidh ar CBAE leanúint d’aird a dhíriú ar an tsaincheist sin, chun tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir traochadh a sheachaint agus chun na bearta uile is gá a ghlacadh chun dea-bhail a foirne a áirithiú chun líon na gcásanna atá bainteach leis an traochadh a laghdú; ag moladh do CBAE agus do na hinstitiúidí eile bosca nótaí a bhunú inar féidir leis an bhfoireann nótaí a fhágáil ann a áirithíonn nach mbeidh an fhoireann faoi réir frithbhirt; ag tathant go dtugtar aird ar an méid atá sa bhosca nótaí sin agus go ndéantar anailís air chun cabhrú le foinsí an traochta a aithint agus a leigheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag moladh don roinn acmhainní daonna a bheith níos feasaí maidir leis na hiarmhairtí agus na siomptóim a bhaineann le COVID fadmharthanach, tinnis víreasacha eile agus galair uath-imdhíonacha; ag tathant go gcumhdódh, ó thaobh airgeadais de, an t-árachas sláinte a sholáthraíonn CBAE agus institiúidí uile eile an Aontais na teiripí atá ag teastáil chun na riochtaí sin a chóireáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur seoladh fiosrúchán riaracháin amháin in 2023 a bhain le cás a d’fhéadfadh gnéaschiapadh a bheith i gceist leis, a bhain le fíorais a tharla in 2022, agus tá sé á fhiosrú faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go bhfuil cúrsaí oiliúna á dtairiscint ag CBAE chun éagsúlacht laistigh dá seirbhisí a chothú agus a spreagadh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil míchumas ar 27 mball foirne ag CBAE, agus as na baill foirne sin meastar go bhfuil míchumas tromaí ar 14 díobh; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil obair leantach shuntasach déanta, le linn 2022, ar iniúchadh inmheánach ó 2021, chun cearta daoine faoi mhíchumas a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir CBAE fáilte roimh 267 n-oiliúnaí le linn 2022; ag tabhairt dá haire agus is mór aici, amhail ó fhómhar 2022, tar éis mholadh na Parlaiminte, gur chinn CBAE luach saothair a thabhairt do na hoiliúnaithe uile seachas iad siúd a fhaigheann deontas ó fhoinsí eile; ag moladh go scrúdaíonn CBAE an ndéantar ionadaíocht chomhréireach ar oiliúnaithe ó na Ballstáit uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur ghlac CBAE le hoiliúnaithe gan phá in 2022, le linn na hidirthréimhse i ndiaidh ghlacadh an chinnidh nua maidir le tréimhsí oiliúna i mí na Samhna 2021 nó de bharr foinsí maoinithe malartacha; á thabhairt chun suntais an chodarsnacht idir CBAE, nach bhfuil beartas íoctha aici maidir le tréimhsí oiliúna, agus na hInstitiúidí Eorpacha eile a sheasann leis na beartais sin; ag tathant ar CBAE trédhearcacht a sholáthar ar fhoinsí airgeadais eachtracha na n-oiliúnaithe gan phá agus mionléiriú a dhéanamh ar an réasúnaíocht is bonn leis an mbeartas sin a choinneáil ar bun;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici fós na hathchóirithe a rinneadh in 2021 maidir le comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta maidir lena gcóid iompair agus leis na dearbhuithe leasa, rud a léiríonn, i dteannta na riachtanas nua do curriculum vitae na gcomhaltaí, go bhfuil feabhas tagtha ar thrédhearcacht CBAE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mar sin féin, go bhféadfadh feabhas teacht ar bhailíocht agus ar úsáideacht na ndearbhuithe leasa trí fhíorú agus rialú cáilíochta de chineál éigin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil liosta de na gníomhaíochtaí seachtracha a rinne comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta foilsithe ag CBAE ó 2018; ag tabhairt dá haire gur deacair don phobal i gcoitinne an liosta a léamh agus molann sí é a dhéanamh níos eolasaí trí fhaisnéis a chur san áireamh faoi chineál na gníomhaíochta seachtraí; á chur i bhfáth go bhfuiltear ag súil go ngabhfaidh na comhaltaí comhlíonadh a gcuid dualgas ag CBAE orthu féin go hiomlán agus nach féidir leo gníomhaíochtaí seachtracha a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbaineann siad le comhlíonadh a gcuid dualgas agus faoi réir údarú roimh ré a dheonú orthu agus ach amháin i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin comhoiriúnach le ceanglais an chóid iompair agus, go háirithe, leis an oibleagáid a bheith ar fáil do ghníomhaíochtaí breithiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur sonrú sa chinneadh ó 2021 maidir le taisteal, misin agus úsáid tiománaí agus gluaisteán na gcomhaltaí, rud a thugann le fios go mbeidh ar chomhaltaí na costais oibriúcháin uile a chumhdach chun feithicil a úsáid nach gcumhdaítear le hordú misin thar 10 000 km; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart, in imthosca ar bith, flít na ngluaisteán a úsáid ach chun dualgais chomhaltaí CBAE a chomhlíonadh go dlúth; á iarraidh ar institiúidí uile an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le córas amháin a chuirfear i bhfeidhm go cothrománach, rud a dhéanfadh an mearbhall a laghdú agus a dhéanfadh trédhearcacht agus éifeachtúlacht a mhéadú in úsáid airgid phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil CBAE ag cur oiliúint ar dhaoine nua maidir leis na gnéithe eiticiúla uile chomh maith le cearta agus oibleagáidí na n-oifigeach agus na ngníomhairí mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne, a chumhdaíonn sceithireacht, toirmeasc ar chiapadh, cosc ar choinbhleachtaí leasa agus saincheisteanna eiticiúla eile; á chur in iúl gur geal léi freisin eagrú na sé chúrsa oiliúna dar teideal ‘Rialacha an Dea-Iompair’ le rannpháirtíocht ó 70 ball foirne agus 11 chúrsa oiliúna dar teideal ‘Rialú Inmheánach’ le rannpháirtíocht ó 80 ball foirne; ag moladh do CBAE  cúrsa oiliúna ‘Riail an Dea-Iompair’ a cheangal ar gach ball foirne, idir shean agus nua, chun spás oibre sábháilte agus táirgiúil agus láimhseáil eiticiúil cásanna a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár thionscain an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) aon imscrúduithe nua a bhain le CBAE in 2022 ach go bhfuil imscrúdú amháin fós ar siúl, atá ag déileáil le hiompair na foirne a d’fhéadfadh mainneachtain thromchúiseach a ndualgais a chomhlíonadh a bheith i gceist leis, agus nár aimsigh an tOmbudsman Eorpach aon dhrochriarachán i gceithre chás maidir le CBAE, rud a chiallaíonn nár eisigh an tOmbudsman Eorpach aon mholtaí maidir le CBAE in 2022; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna sceithireachta in CBAE in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach raibh an cód iompair nua do bhaill foirne tugtha chun críche roimh deireadh 2022, rud a rabhthas ag súil lena thabhairt chun críche roimh dheireadh 2021 ar dtús; ag tabhairt dá haire go rabhthas ag súil go nglacfaí an cód iompair nua roimh dheireadh 2023, ach go bhfuil sé fós sa phróiseas glactha; á iarraidh ar an gCúirt cód iompair nua a thabhairt chun críche agus é a ghlacadh gan mhoill, i gcomhréir le hiarrataí ó thimthriallta urscaoilte roimhe seo, agus iarrann sí go gcuirfear an Pharlaimint ar an eolas faoina ghlacadh agus faoina inneachar a luaithe agus is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi nár braitheadh aon choinbhleachtaí leasa in 2022; ag tabhairt dá haire go ndearnadh scrúdú ar 112 iarraidh faoi Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne maidir le gníomhaíochtaí gairmiúla tar éis an tseirbhís a fhágáil agus gur formheasadh gach ceann díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dearbhaíodh naoi gcás den ghníomhaíocht sheachtrach le linn cead neamhláithreachta ar chúiseanna pearsanta agus gur formheasadh gach ceann díobh; á mheas go bhféadfadh an t-iniúchóir inmheánach nó an comhlacht eitice molta an Aontais scrúdú a dhéanamh ar an réimse sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir CBAE dlús le cur chun feidhme córas comhtháite bainistithe cásanna (SIGA), rud a cheadóidh di oibriú ar shreabhadh oibre atá go hiomlán digiteach, slán agus comhtháite, agus á chur in iúl gur geal léi go ndearna CBAE dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir HAN/Ares a bhaineann le seirbhisí riaracháin uile CBAE; á iarraidh ar CBAE an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoin gcur chun feidhme sin mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh bliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur chinn CBAE gan ardáin néalríomhaireachta a úsáid a thuilleadh le haghaidh sonraí breithiúnacha íogaire a phróiseáiltear chun na sonraí agus an úinéireacht ar an gcóras a chosaint, agus é mar aidhm aici a sonraí uile a óstáil ar an láthair agus gan spleáchas ríthábhachtach ó thaobh gnó ar aon chórais sheachtracha a bheith aici; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, beartas CBAE chun úsáid aon uirlis nó bonneagar a sheachaint atá á óstáil sa néal chun faisnéis nach faisnéis phoiblí í a láimhseáil chun sonraí pearsanta a chosaint agus smacht iomlán a choinneáil ar a córais agus a sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, an treocht aníos i ráta úsáide e-Curia, le 94 % de thaiscí os comhair na Cúirte Ginearálta déanta trí e-Curia in 2022, i gcomparáid le 93 % in 2021, agus b’ionann ráta úsáide e-Curia ag an gCúirt Bhreithiúnais agus thart ar 87 % de na taiscí uile a rinneadh ar an mbealach sin in 2022, i gcomparáid le 85 % in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár cuireadh aon fhiosruithe breise ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) in iúl in 2022; ag dúil leis an gcinneadh maidir leis an imscrúdú ó thús 2021 a bhaineann le húsáid seirbhísí gréasáin tríú páirtí agus an oibleagáid atá ann bunbhrí an rialaitheora chomhpháirtigh a chur ar fáil; ag dúil freisin leis an gcinneadh ar an imscrúdú maidir le húsáid néalseirbhísí arna soláthar ag Amazon Web Services agus Microsoft faoi chonarthaí Cloud II le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil CBAE ag smaoineamh faoi conas teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus a mhéid ar cheart iad a úsáid, mar shampla, chun cosúlachtaí idir cásanna a aithint don aistriúchán, do thiontú na cainte go téacs agus d’achoimrí uathoibrithe ar dhoiciméid fhada; á chur i bhfios go láidir, go háirithe d’institiúid dhlíthiúil amhail CBAE, go mbeidh gá le próisis uathoibrithe a rochtain maidir le gnéithe eiticiúla agus a fhorlíonadh le formhaoirseacht dhaonna agus rialú daonna i gcónaí; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá bheith in ann cásanna a chrostagairt le príomhthéarmaí agus príomhtháscairí chun forluí nó patrúin in inneachar cásanna a aimsiú; ag spreagadh CBAE freisin féachaint ar fhéidearthachtaí chun faisnéis a tharchur chuig mbreithiúna agus a bhfoirne ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann CBAE córais oibriúcháin foinse oscailte in aon trian dá bonn freastalaí agus gurb é a céad rogha ná brath ar chórais óstaigh inmheánacha, bunaithe ar theicneolaíocht foinse oscailte, toisc go ligeann sé do CBAE rialú teicniúil ar a córais a choinneáil agus an stóráil sonraí agus na sreafaí sonraí a rialú, rud a áirithíonn go mbíonn cosaint agus príobháideachas sonraí níos fearr ann; ag moladh do CBAE a bheith mar chuid den tionscnamh foinse oscailte arna seoladh ag MECS trí réitigh foinse oscailte Nextcloud a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar CBAE na comhaid uile a bhain le cás i ndiaidh don rialú a bheith foilsithe a chur ar fáil ar a suíomh, agus a áirithiú gan faisnéis phríobháideach nó íogair a nochtadh chun sonraí pearsanta a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht CBAE le huirlisí na hintleachta saorga (IS) a chomhtháthú ina cuid oibre agus gur glacadh straitéis chuimsitheach maidir leis an intleacht shaorga i mí Iúil 2023; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach go n-úsáidtear IS ar bhealach a chaomhnaíonn neamhspleáchas, caighdeán agus suaimhneas na bpróiseas dhlíthiúla go hiomlán agus a chuireann ábhair eiticiúla san áireamh go hiomlán agus a úsáidtear í faoi fhormhaoirseacht dhaonna agus a ligeann don idirghabháil dhaonna chun iarmhairtí nó rioscaí diúltacha a sheachaint, nó an córas a stopadh mura bhfeidhmíonn sé mar a beartaíodh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil bord IS cruthaithe ag CBAE atá i gceannas ar aghaidh a thabhairt ar ghnéithe eiticiúla agus ar theorainneacha soiléire a leagan síos d’úsáid IS; á mheabhrú gur cheart go n-áirithíonn CBAE rialú iomlán úsáideoirí, i gcomhréir leis an gCairt Eiticiúil Eorpach maidir le húsáid na hintleachta saorga (IS) i gcórais bhreithiúnacha agus a dtimpeallacht; ag dréim leis gur glacadh le treoirlínte foirne faoi úsáid IS faoi dheireadh an fhómhair in 2023, mar a thugtar le fios, agus ag iarraidh go gcoinneofar an Pharlaimint ar an eolas faoi ábhar na dtreoirlínte sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh CBAE gur lean líon na gcibirionsaithe de bheith ag fás in 2022; á chur in iúl gur mór an faoiseamh di gur láimhseáladh na n-ionsaithe uile ag na córais cosanta atá i bhfeidhm nó ag an bhfoireann thiomnaithe do theagmhais a fhreagairt ag CBAE, de réir freagraí a tugadh do CBAE ar cheisteanna ó Choiste um Rialú Buiséadachna Parlaiminte i mí Dheireadh Fómhair 2023; á chur in iúl gur geal léi, ag an am céanna, go bhfuil CBAE rannpháirteach go gníomhach i struchtúir ábhartha idirinstitiúideacha an Aontais chun cibearshlándáil fhoriomlán institiúidí an Aontais a neartú; ag tathant go láidir ar bhainistíocht CBAE leanúint de neartú na cibearshlándála a choinneáil ina thosaíocht, agus ag tathant ar an mbainistíocht féachaint ar cén ghné de bhonneagar TF a dhéanann CBAE leochaileach d’ionsaithe agus é a cheartú a luaithe agus is féidir, agus a áirithiú go ndéantar iniúchtaí agus tástálacha ar a cibearchosaintí go rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna CBAE anailís ar fhéidearthachtaí na sonraí oscailte in 2022 agus in 2023 agus go bhfuil sé ar intinn ag CBAE an fhaisnéis fhoilsithe uile atá ar fáil a roinnt ar a shuíomh mar shonraí oscailte; ag tabhairt rabhaidh, áfach, scagthóirí a bheith ag CBAE sula gcuireann sí faisnéis foilsithe ar fáil mar shonraí oscailte, agus an tslándáil, an rúndacht, cearta príobháideachais agus cearta maoine intleachtúla á gcur i gcuntas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Foirgnimh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol spéise di go bhfuil meitheal cruthaithe ag CBAE le hionadaíocht ó chodanna éagsúla de CBAE agus óna choiste foirne chun machnamh a dhéanamh ar bharrfheabhsú áitíocht áitreabh CBAE agus gur thug sí a conclúidí uaithi in 2023; á iarraidh go gcoinneofar an Pharlaimint ar an eolas faoi chur chun feidhme na gconclúidí sin agus faoi na hiarmhairtí d’eagrú an spáis oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol spéise di go ndearnadh iniúchadh inmheánach maidir le hinrochtaineacht ar na foirgnimh do dhaoine faoi mhíchumas, agus go bhfuil bearta iomchuí á gcur chun feidhme ag CBAE, tar éis reachtaíocht nua a cuireadh i bhfeidhm i Lucsamburg; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear leis na bearta sin seomraí cúirte a dhéanamh inrochtana do dhaoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu, amhail pábháil thadhlach agus lámhráillí; á iarraidh go gcoinneofar an Pharlaimint ar an eolas faoi thionscnaimh bhreise sa réimse sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go bhfuil tuarascáil bhliantúil eile á déanamh ag CBAE a bhaineann le lorg comhshaoil na hinstitiúide, a d’fhéadfadh a bheith ina shamhail d’institiúidí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tréaslú le CBAE as na torthaí a baineadh amach maidir lena tomhaltas ginearálta a laghdú go suntasach in 2022 i gcomparáid leis an mbonnbhliain 2015; á chur in iúl go bhfuil sé ina dhíol suntais di gur tháinig laghdú 23,6 % ar úsáid téimh, laghdú 42,6 % ar úsáid páipéir, laghdú 49,9 % ar dhramhaíl bhialainne agus laghdú 31,7 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil painéil ghréine suiteáilte ag CBAE a chumhdaíonn 3 447,8 m<STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING>, a tháirg 452 959 kWh in 2022; ag spreagadh CBAE chun leanúint d’obair ar fhéidearthachtaí a aithint maidir le tomhaltas ginearálta a laghdú, athchúrsáil agus fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinnt tionscnamh déanta ag CBAE chun tacú leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chun í a mhéadú, lena n-áirítear fóirdheontais d’iompar poiblí, fóirdheontais do rothair féinseirbhíse, saoráidí páirceála rothar feabhsaithe agus saoráidí feabhsaithe do ghluaisteáin hibrideacha agus leictreacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil réimse leathan comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse ag CBAE le hinstitiúidí eile an Aontais, a chabhraíonn le costais a laghdú do na hinstitiúidí atá páirteach agus áirithítear leis go n-úsáidtear nósanna imeachta, teicnící agus sreafaí oibre comhchosúla ar fud na n-institiúidí; á chur in iúl gur mór aici na comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse le hOifig an Choimisiúin um Bhainistiú agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla agus an comhaontú ar leibhéal seirbhíse le hArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Digiteacha mar sholáthraí seirbhíse a óstálann córais faisnéise CBAE, lena n-áirítear eCuria, tairseach Cvria agus eile; ag aithint freisin an comhar leanúnach laistigh den Choiste Idirinstitiúideach um Aistriúchán agus Ateangaireacht; á chur in iúl gur geal léi, ar deireadh, gur síníodh comhaontú ar leibhéal seirbhíse nua le hOifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh in 2023 i ndiaidh caibidlíochta in 2022 lena gcumhdaítear gnéithe uile an chomhair den chéad uair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go ndeachaigh CBAE, chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais i mbun soláthar comhpháirteach do sholáthar árachais timpiste dá dtagraítear in Airteagal 73 de na Rialacháin Foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) forbartha tuilleadh agus go bhfuil meabhrán tuisceana sínithe chun comhar domhain a chruthú maidir le seirbhisí bibleagrafacha agus doiciméadacha ar mhaithe leis an dá institiúid; á chur in iúl gur geal léi thairis sin go bhfuil oiliúint speisialta molta d’ionchúisitheoirí OIPE chun gur féidir leo cur amach a fháil ar ghníomhaíochtaí CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go gcomhoibríonn CBAE le OLAF, leis an gCúirt Iniúchóirí, le MECS agus leis an Ombudsman Eorpach go hiomlán, lena n-áirítear trína áirithiú go ndéantar a chinntí inmheánacha ar imscrúduithe de chuid OLAF a nuashonrú chun comhlíonadh na riachtanas is déanaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag moladh do CBAE uimhir na gcásanna maoine intleachtúla agus na pointí agóide sonracha a roinnt leis an gCoimisiún agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh chun iniúchadh a dhéanamh ar na cúiseanna a raibh 30 % de na gníomhaíochtaí lena mbaineann sa Chúirt Ghinearálta in 2022 bainteach le maoin intleachtúil, agus é mar sprioc leis cuidiú le bearnaíféideartha a aithint i ngníomhartha reachtacha an Aontais; á mheas go bhféadfadh buiséad an Aontais a spáráil ó na cásanna sin a láimhseáil sa chás go bhféadfaí pointe agóide sonrach a aithint agus a réiteach le gníomh reachtach de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag aithint shaothrú na ngníomhaíochtaí ag Líonra Breithiúnach an Aontais Eorpaigh, a rannchuidíonn leis an gcomhar idir CBAE agus na cúirteanna náisiúnta a chothú agus a éascú, go háirithe i réimsí na monatóireachta breithiúnaí, an taighde dhlíthiúil, na téarmaíochta ilteangaí agus na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le comhthiomsú na gcleachtas is éifeachtúla i riaradh an cheartais a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Cumarsáid</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, gurbh é an buiséad a bhí ann don chumarsáid, lena gcumhdaítear ábhar a ullmhú agus foilseacháin inmheánacha agus sheachtracha a phriontáil, ná EUR 527 500, arb ionann é agus méadú 3,3 % ó 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bhain CBAE leas as a comóradh 70 bliain mar dheis chun a trédhearcacht agus a cumarsáid le saoránaigh a neartú agus chun dhá lá oscailte a eagrú ina dtugtar deis do shaoránaigh ceisteanna a chur ar an láthair; ag spreagadh CBAE smaoineamh faoi obair leantach a dhéanamh ar na tionscnaimh sin sna blianta amach romhainn freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur chuir CBAE tús in 2022 le seirbhís sruthaithe d’éisteachtaí na gcásanna a shanntar don Mhór-Dhlísheomra, a thugann deis don phobal tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn CBAE; ag spreagadh CBAE an tionscnamh sin a leathnú chun tuilleadh trédhearcachta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil CBAE rannpháirteach go gníomhach i dtionscadal EU Voice a sheol MECS chun idirghníomhú leis an bpobal, agus a bhfuil sé beartaithe aige úsáid líonraí sóisialta díláraithe, saor in aisce agus foinse oscailte a chur chun cinn mar mhalairt ar na líonraí dílseánaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim ós rud é go gceanglaítear níos mó agus níos mó ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar ábhair de chineál bunreachtúil agus a bhaineann le cearta an duine agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart trédhearcacht agus oscailteacht phróiseas breithiúnach an Aontais a neartú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, bunú córais sruthaithe le haghaidh éisteachtaí na Cúirte Breithiúnais, ar córas é a neartaíonn gné CBAE maidir le ‘Cúirt Saoránach’ trí inrochtaineacht mhéadaithe don phobal i gcoitinne; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá an córas sruthaithe nua a fhorlíonadh de réir a chéile le modhanna cumarsáide seachtracha breise, rud a fhágfaidh gur féidir obair na hinstitiúide a dhéanamh níos infheicthe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur seoladh tionscnamh a thairgeann cuairteanna cianda chuig CBAE in 2022 tar éis na céime píolótaí a chur i gcrích in 2021, a thugann tuiscint do dhaoine óga idir 15 agus 18 mbliana d’aois faoi CBAE agus faoi éifeacht an chásdlí ar a saol laethúil agus a mhéadaíonn a dtuiscint faoina gcearta mar shaoránaigh an Aontais agus faoi luachanna daonlathacha an Aontais; ag moladh do CBAE na cuairteanna cianda sin atá dírithe ar an óige a leathnú chuig daoine idir 15 agus 29 mbliana d’aois; ag moladh do CBAE, thairis sin, cuairteanna cianda a thairiscint do shaoránaigh de gach aois, agus cuireann sí béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh cuairteanna cianda chomh hinrochtana agus is féidir do gach Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn CBAE, chomh maith le roinnt institiúidí eile de chuid an Aontais, rannpháirteach i dtionscadal a sheol MECS le foilseacháin rialta ar mheáin shóisialta dhíláraithe Mastodon, agus saor-bhogearraí foinse oscailte á n-úsáid acu; ag tabhairt dá haire go n-úsáideann CBAE na hardáin X (Twitter roimhe seo) agus LinkedIn freisin, agus gur lean CBAE dá seanchleachtas lena mbaineann foilsiú ar na hardáin X (Twitter roimhe seo) agus Mastodon a luaithe a aimsíodh réiteach teicniúil lena gceadaítear foilseachán comhthreomhar uathoibrithe; ag moladh do CBAE postáil go rialta ar ardán meán sóisialta a bhfuil láithreacht aici air chun cuntais meán sóisialta mharbhánta a sheachaint, rud a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil neamhghníomhaíocht ann in obair laethúil CBAE.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>