<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0231</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta an Aontais - Cúirt Iniúchóirí na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0074/2024 -  Rapóirtéir:Luke Ming Flanagan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí (2023/2133(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 24.2.2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh Saothair don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0252/2023)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/2, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí don údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí na Cúirte Iniúchóirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Cúirte Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí (2023/2133(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nóis imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an gcuntasacht, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb í an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) iniúchóir seachtrach an Aontais, a gcuirtear mar chúram air, trí obair iniúchóireachta neamhspleách, ghairmiúil agus iarmhartach measúnú a dhéanamh ar gheilleagar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, dhlíthiúlacht agus rialtacht ghníomhaíocht an Aontais d’fhonn an chuntasacht, an trédhearcacht agus an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú, agus leis sin, feabhas a chur ar mhuinín na saoránach agus freagairt éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin roimh an Aontas faoi láthair agus amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, gan dochar d’fhorálacha Airteagail 287 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ó bhí deireadh na bliana airgeadais 1987 ann, go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách cuntais ioncaim agus caiteachais na Cúirte a iniúchadh gach bliain agus, ón uair a foilsíodh an tuarascáil ar an mbliain airgeadais 1992, go bhfuil tuarascálacha an iniúchóra á bhfoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go soláthraítear cuntasacht bhainistíochta i leith na n-údarás buiséadach trí thuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil Ardrúnaí na Cúirte arb é is cuspóir di, i gcomhréir le hAirteagal 74(9) den Rialachán Airgeadais, faisnéis a sholáthar faoi bhainistiú na n-acmhainní, lena n-áirítear bainistiú na gcóras, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh na Cúirte;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn an Chúirt, trína cúraimí a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus neamhspleách, leis an maoirseacht dhaonlathach, leis an díospóireacht phoiblí agus le bainistíocht fhónta airgeadais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur ghlac an Chúirt an seasamh a deir gurbh é an réiteach ab fhearr, maidir le measúnú a dhéanamh ar rialachas an Aontais, ar a chuntasacht agus a thrédhearcacht agus ar cháilíocht agus iontaofacht na faisnéise agus na sonraí a thuairiscítear maidir le cur chun feidhme na mbeartas Aontais, go sainordófaí don Chúirt iniúchóireacht a dhéanamh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a cuireadh ar bun leis nó faoi na Conarthaí, agus ar na struchtúir idir-rialtasacha uile atá fíorábhartha d’fheidhmiú an Aontais; de bhrí go dtacaíonn an Pharlaimint go láidir leis an gCúirt ina leith sin agus go gcuirfeadh sí fáilte roimh aon tionscnamh a chuirfeadh sainordú níos leithne de chúram ar an gCúirt;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Cúirte faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 11,6 billiún in 2022 (arbh ionann é agus 5,9 % de bhuiséad iomlán bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire, in 2022, gurbh ionann buiséad na Cúirte, tuairim is EUR 0,2 billiún, agus 1,4 % den chaiteachas riaracháin iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, sampla de 60 idirbheart faoi Riarachán, arb ionann an líon sin agus an líon a scrúdaíodh in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arbh ionann é agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2022, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise agus go léiríonn a chuid oibre le blianta fada go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt líon na n-idirbheart faoin Riarachán a mhéadú chun go ndéanfar iniúchadh ar na hinstitiúidí go léir chun go gcomhlíonfaidh an Pharlaimint a ról mar údarás um urscaoileadh do na hinstitiúidí eile ar bhealach níos fearr; á chur in iúl gur oth léi go ndearnadh athbhreithniú ar phlean chun tuarascáil speisialta a ullmhú maidir le caiteachas riaracháin na n-institiúidí seachas an Coimisiún d’fhonn iniúchadh a dhéanamh ar Sheirbhís Sibhialta AE, ar dócha nach ndéanfaidh breithniú ann ach ar chuid theoranta den chaiteachas riaracháin; á athdhearbhú go bhfuil tábhacht le himscrúdú níos doimhne a dhéanamh ar an gcaiteachas riaracháin agus á iarraidh an athuair go ndéanfaí sonraí cuimsitheacha maidir leis na hinstitiúidí uile a áireamh ina cuid oibre chun bonn comhleanúnach a chur ar fáil do nós imeachta comhsheasmhach um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách iniúchadh ar chuntais bhliantúla na Cúirte chun na prionsabail chéanna maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus neamhspleáchas iniúchóir na Cúirte a áirithiú agus a bhfuil feidhm ag an gCúirt maidir lena hiniúchaithe; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, nár thuairiscigh an t-iniúchóir seachtrach aon shaincheist shonrach, tar éis dó iniúchadh a dhéanamh ar an gCúirt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad foriomlán na Cúirte do 2022 agus EUR 162 141 175, arb ionann é agus méadú 5,5 % ó EUR 153 721 727 in 2021; ag tabhairt dá haire gur coigeartuithe tuarastail agus 20 post shealadacha nua a bhaineann le NextGenerationEU ba chúis go príomha leis an méadú; ag tabhairt dá haire gur dá chomhaltaí agus dá fhoireann a bhí 90 % de leithreasuithe in 2022 agus gur le haghaidh foirgneamh, trealaimh agus caiteachas ilghnéitheach a bhí 10 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á athdhearbhú, thairis sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear foireann leordhóthanach ar fáil don Chúirt chun a sainordú a chomhlíonadh go leordhóthanach chomh maith leis na cúraimí nua a bhaineann le teacht i bhfeidhm ionstraimí nua maoiniúcháin, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RFF);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, le linn 2022, go ndearna an Chúirt 26 aistriú buiséid de bhun Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, arb ionann é agus EUR 3,4 milliún san iomlán nó 2,1 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais sin, arbh é a bhí i gceist leis den chuid is mó laghdú ar chaiteachas do mhisin, foilseacháin, léirmhínithe agus an tseirbhís dlí, agus méadú ar chaiteachas chun an t-áitreabh a fheistiú lena n-áirítear athchóiriú ar an díon, costais fuinnimh, gníomhairí ar conradh agus trealamh TF; ag tabhairt dá haire freisin gurbh ionann an ráta cur chun feidhme buiséadach do 2022 agus 98,5 %, ar méadú beag é i gcomparáid leis an dá bhliain roimhe sin; á chur in iúl gur geal léi gur laghdaíodh an meán-am íocaíochta in 2022 go 9.8 lá i gcomparáid le 10.7 lá in 2021, is dócha a bhuí leis an méadú ar sciar na sonrasc leictreonach, arbh ionann é agus 24 % i gcomparáid le 19 % in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dhearbhaigh an t-iniúchóir seachtrach gur úsáideadh na hacmhainní a leithdháileadh chun na críche a bhí beartaithe dóibh agus gur chuir na nósanna imeachta rialaithe arna gcur ar bun ag na hoifigigh údarúcháin na ráthaíochtaí is gá ar fáil chun a áirithiú go raibh na hoibríochtaí airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chruthaigh cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise gan údar i gcoinne na hÚcráine brú ar an mbuiséad don Chúirt, lena n-áirítear trí mhéadú ar an mboilsciú agus trí choigeartuithe tuarastail, rud a mhéadaigh go mór costais leictreachais agus téimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar bhuiséad ginearálta misin na Cúirte ó EUR 2 988 000 in 2021 go EUR 2 452 000 in 2022, arb ionann é agus laghdú 18 %, a bhí mar thoradh ar shrianta leanúnacha taistil ag tús 2022 agus ar athruithe ar mhodhanna oibre le líon níos mó cianchruinnithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach bhfuil líne bhuiséid shonrach ag an gCúirt do mhisin agus do thaisteal a hUachtaráin; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, gur EUR 290 000 a bhí sa líne bhuiséid do mhisin chomhaltaí uile na Cúirte in 2021 agus 2022 araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ó 2022, go bhfuil modheolaíocht rialaithe mhionsonraithe i bhfeidhm ag an gCúirt chun déileáil le costais mhisin le rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> araon;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh í 2022 an dara bliain de chur chun feidhme straitéis 2021-2025 na Cúirte agus, ag deireadh 2022, gur cuireadh chun feidhme go hiomlán 18 as 29 mbeart straitéiseacha nó gur bunaíodh an creat don bheart agus go raibh gníomhaíochtaí breise ar siúl, agus go raibh 11 bheart fós ar siúl nó athfhillteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic an Chúirt, le linn 2022, 7 dtuarascáil bhliantúla, 8 dtuairim, 28 dtuarascáil speisialta agus athbhreithniú amháin, atá an-chosúil le líon na dtuarascálacha, na dtuairimí, na dtuarascálacha speisialta agus na n-athbhreithnithe a tíolacadh in 2020 agus 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbunaíonn an Chúirt a clár oibre go hiomlán neamhspleách, lena n-áirítear na tuarascálacha speisialta ba cheart a chur ar fáil; á mholadh fós don Chúirt go dtarraingeoidh tuarascálacha speisialta, lena ndírítear ar staid reatha an Aontais agus ar dhúshláin a bhfuil fócas soiléir buiséadach agus ábharthacht bhuiséadach shoiléir ag baint leo, an aird is mó ó na príomh-gheallsealbhóirí sa Pharlaimint agus in áiteanna eile; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an t-athbhreithniú in 2022 ar a phróiseas clársceidealaithe, lena dtugtar isteach níos mó solúbthachta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha chun freastal níos fearr ar leasanna a gheallsealbhóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici, mar a d’iarr an Pharlaimint, gur dhírigh an Chúirt a cuid oibre iniúchóireachta ar na dúshláin Eorpacha atá ann faoi láthair, arna léiriú go han-tapa i dTuairim 3/2023 maidir leis an tSaoráid don Úcráin agus an aird a thugtar ar fhaireachán a dhéanamh ar a cur chun feidhme; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, maidir leis an obair iniúchóireachta a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), nach bhfuil rochtain iomlán ag an gCúirt fós ar an uirlis tuairiscithe nua maidir le RRF, FENIX, agus nach ndéantar an fhaisnéis san uirlis nua sin a nuashonrú go tráthúil: ag tacú le tuairim na Cúirte go bhforáiltear le hAirteagal 257 den Rialachán Airgeadais do chearta maidir le rochtain iomlán agus láithreach don Chúirt; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún rochtain a thabhairt don Chúirt ar chineálacha eile faisnéise ábhartha chun a ról a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici na tuarascálacha speisialta tráthúla agus ábhartha maidir le cur chun feidhme RRF lena gceadaítear don údarás um urscaoileadh a shainchumais a fheidhmiú agus moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feabhsuithe ar fheidhmiú na hionstraime sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thug an Chúirt achoimre ar líon agus ar chineál na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh sa Chúirt agus sintéis de na moltaí agus den ghníomhaíocht a rinneadh i leith na moltaí sin i gcomhréir le hAirteagal 118(8) den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire gur intuigthe le clár oibre bliantúil an iniúchóra inmheánaigh cúraimí athfhillteacha, cúraimí roghnaithe agus cúraimí eile a cuireadh i gcrích le linn na bliana; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt gníomhaíochtaí atá curtha in áirithe lena gcur chun feidhme in 2022 curtha siar in 2023 agus á iarraidh ar an gCúirt tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint maidir lena gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag spreagadh na Cúirte chun níos mó a dhéanamh ar mhaithe le calaois ar bhuiséad an Aontais a chomhrac, ní hamháin trí shainaithint agus tuairisciú a dhéanamh ar na laigí is cúis le cláir atá á maoiniú ag an Aontas a bheith tugtha do chalaois, ach freisin tríd an díospóireacht atá ar siúl faoi láthair i measc comhpháirteanna den ailtireacht frithchalaoise a chur san áireamh agus obair iniúchóireachta níos déine a dhéanamh i gcomhar leis na comhlachtaí a bhfuil brath calaoise mar chúram orthu, a ngníomhaíochtaí a mheasúnú go rialta agus aiseolas atá ábhartha dá anailís a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéantar tagairt i straitéis na Cúirte 2021-2025 do mholtaí costéifeachtacha a fhoirmliú a rannchuideodh le dímhaorlathú institiúidí Aontais; á chur i bhfios go ndéanfar na spriocanna sin a fhreastal leis na moltaí ón gCúirt maidir le nósanna imeachta a dhéanamh níos éifeachtúla, leas a bhaint as an dea-chleachtas, an comhordú a fheabhsú, próisis chaighdeánacha a bhunú, an rórialáil a chosc agus trí shimpliú agus tríd an digiteáil go háirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag spreagadh na Cúirte leanúint de bheith ag moladh bunachair sonraí uile-Aontais a fhorbairt agus a chothabháil agus iarrachtaí a dhéanamh chun acmhainní éifeachtacha mianadóireachta sonraí a shaothrú chun anailís sonraí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus chun rioscaí a bhaineann leis an Aontas a shainaithint; á iarraidh ar an gCúirt oibriú chun na ceanglais is gá a shainaithint chun sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil atá riachtanach chun iniúchadh éasca agus idir-inoibritheach a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as cistí poiblí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 921 bhall foirne ag an gCúirt ag deireadh 2022, a bhí ina mhéadú beag ó 917 mball ag deireadh 2021 agus 910 ball ag deireadh 2020; ag tabhairt dá haire gurbh ionann an dáileadh inscne foriomlán ag deireadh 2022 agus 434 fhear, arb ionann é agus 47,1 % agus 487 mban, arb ionann é agus 52,9 %; á iarraidh ar an gCúirt leanúint dá hiarrachtaí cothromaíocht inscne a chur chun cinn don mheánbhainistíocht agus don ardbhainistíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 830 oifigeach (90 %) an dáileadh foriomlán i measc catagóirí foirne, comhdhéanta de 620 riarthóir (ADanna) agus 210 cúntóir agus rúnaí (AST/SCanna), agus 91 ghníomhaire ar conradh (10 %);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é 79 líon na ndaoine ar ghráid AD 13-16, ar fir iad 49 díobh agus ar mhná 30 díobh, arb ionann é agus 62 % fir agus 38 % mná, arb ionann é agus méadú beag ar chéatadán na mban sna catagóirí sin ó 37,5 % in 2021 agus 34,5 % in 2020;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór an easpa cothromaíochta inscne i gcoláiste na Cúirte: ní mná iad ach 10 as 25 chomhalta ina gcomhdhéanamh reatha, agus é á chur san áireamh nach bhfuil Comhaltaí ón bPortaingéil agus ón mBulgáir ceaptha go fóill; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil nós imeachta ainmniúcháin a chomhaltaí dúshlánach chun cothromaíocht inscne a bhaint amach toisc gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as ainmniúchán náisiúnta; á iarraidh ar an gCúirt, áfach, anailís a dhéanamh ar a comhdhéanamh foriomlán d’fhonn an Chomhairle agus na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas ionas go ndéanfar cothromaíocht inscne a thabhairt san áireamh sa chinneadh ainmniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go leanann an Chomhairle ar aghaidh arís agus arís eile le comhaltaí na Cúirte a ainmniú cé gur dhiúltaigh an Pharlaimint do na hainmnithe sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh ról ceangailteach ag an bParlaimint maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht iarrthóirí don Chúirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéantar ionadaíocht ar náisiúntachtaí uile an Aontais i measc bhaill foirne na Cúirte, i gcatagóir AD agus i gcatagóir AST/SC araon; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil roinnt náisiúntachtaí tearcionadaithe agus á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Chúirt iarracht fógraíocht a dhéanamh go díreach i roinnt Ballstát (an Danmhairg, an Eastóin agus an Laitvia); á chur in iúl gur geal léi úsáid éifeachtach a bhaint as bealaí nua foilsithe le haghaidh nósanna imeachta roghnúcháin chun lucht féachana éagsúil ó Bhallstáit éagsúla a mhealladh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Chúirt cinneadh maidir le hobair hibrideach a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil scéim teilea-oibre ag an gCúirt lena gcuirtear an deis ar fáil obair a dhéanamh ón mbaile suas le 10 lá in aghaidh na míosa agus suas le 10 lá as a chéile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gceadaítear leis an scéim don fhoireann suas le 5 lá in aghaidh na míosa agus 30 lá oibre in aghaidh na bliana lasmuigh dá bpríomháit chónaithe a oibriú; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, gur léirigh suirbhé a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2022 i measc na mball foirne go raibh 95 % ag tacú leis na socruithe teilea-oibre agus go raibh 88 % den tuairim go raibh tionchar dearfach aige ar a gcothromaíocht oibre is saoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an Chúirt in 2022 chun dea-bhail fhisiciúil agus mheabhrach na foirne a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag aithint na ndúshlán a bhaineann le baill foirne a mhealladh chun obair a dhéanamh i Lucsamburg agus ag spreagadh na Cúirte chun oibriú i gcomhar leis na hinstitiúidí eile atá lonnaithe i Lucsamburg sa Ghrúpa Idirinstitiúideach Ardleibhéil maidir le tarraingteacht Lucsamburg a fheabhsú do bhaill foirne agus maidir leis na gníomhaíochtaí éagsúla a sainaithníodh a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear an smaoineamh go mbeadh liúntas speisialta tithíochta ann chun dul i ngleic leis na costais arda cíosa a bhraitheann an fhoireann ar ghráid níos ísle agus an fhéidearthacht tithíocht shealadach ar phraghas réasúnta a thairiscint le haghaidh gearrfhanachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh ionann líon na laethanta saoire breoiteachta in 2022 agus 11 622, arb ionann é agus méadú 54 % ó 2021 i leith, áit ar 7 524 lá saoire bhreoiteachta; ag tabhairt dá haire ag an am céanna go raibh 10 255 lá de shaoire bhreoiteachta ag an gCúirt in 2018 agus go bhféadfadh baint a bheith ag an líon réasúnta íseal in 2021 le staid COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh an Chúirt 7 gcás traochta in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh an seachtar ball foirne uile a athimeascadh, ag filleadh de réir a chéile faoi nós imeachta maidir le hathbhunú ar bhonn páirtaimseartha arna fhormheas ó thaobh leighis de; á chur in iúl gur mór aici, ina leith sin, gur thosaigh an Chúirt in 2022 ag ullmhú treoirlínte maidir le filleadh ar an obair tar éis saoire bhreoiteachta fhadtéarmach; ag tabhairt dá haire go sonraíonn an Chúirt go bhfuil infhaighteacht na n-acmhainní á gcur san áireamh agus an clár oibre bliantúil á bhunú agus go bhfuil measúnú á dhéanamh ag stiúrthóirí agus ag an bhfoireann bainistíochta ar an leibhéal stiúrthóireachta ar an ualach oibre chun a áirithiú go ndáilfear an obair go cothrom; ag spreagadh na Cúirte, mar sin féin, chun díriú ar an bhfadhb sin agus na bearta uile is gá a dhéanamh chun dea-bhail na foirne a áirithiú chun líon na gcásanna a bhaineann le traochadh a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, tar éis cur chuige forleathan comhoibríoch, gur glacadh cinneadh agus beartas maidir le hionad oibre measúil agus saor ó chiapadh a áirithiú i mí na Nollag 2022, agus béim shoiléir á leagan ar chosc, ar ardú feasachta agus ar luathbhrath, agus raon beart á leagan amach ag an am céanna atá le húsáid (comhairliú rúnda, idirghabháil agus gearáin fhoirmiúla) i gcás ina dtiocfaidh tuiscint ar chiapadh chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi plean gníomhaíochta na Cúirte um éagsúlacht agus cuimsiú do 2021-2025 agus á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a glacadh le linn 2022 chun feasacht a mhúscailt faoin bplean agus faoi na torthaí a baineadh amach le linn 2022 i dtéarmaí na 10 dtosaíocht a leagtar amach ann; ag tabhairt dá haire nach raibh ach duine amháin a bhfuil míchumas dearbhaithe aige fostaithe ag an gCúirt in 2022 agus ar chonradh sealadach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Chúirt fáilte roimh 54 oiliúnaí le linn 2022; ag tabhairt dá haire gur mór aici gur íoc an Chúirt nó na húdaráis náisiúnta iad go léir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfios go láidir ról agus tábhacht na Cúirte mar iniúchóir seachtrach neamhspleách agus caomhnóir airgeadais an Aontais lena gceanglaítear ar an gCúirt cloí leis na caighdeáin is airde is féidir agus gníomhú mar eagraíocht eiseamláireach chun muinín agus creidiúnacht a spreagadh; ag tabhairt dá haire, de réir Airteagal 285 CFAE, go bhfuil comhaltaí na Cúirte go hiomlán neamhspleách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cód iompair athbhreithnithe ó mhí na Bealtaine 2022 do chomhaltaí agus d’iarchomhaltaí na Cúirte, tar éis mholadh na Parlaiminte, lena mbunaítear, inter alia, an oibleagáid atá ar chomhaltaí cónaí san áit a bhfuil an Chúirt lonnaithe, lena gcuirtear teorainn leis na féidearthachtaí do chomhaltaí a bheith rannpháirteach sa pholaitíocht, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir comhaltaí agus foireann agus lena leagtar síos oibleagáid ar na comhaltaí dearbhú leasanna bliantúil a chur isteach; á mheabhrú gur cheart do chomhaltaí na Cúirte na prionsabail agus na luachanna eiticiúla is airde a chur i bhfeidhm i gcónaí chun a n-ionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, iompar gairmiúil, dínit, tiomantas agus dílseacht iomlán a léiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an Pharlaimint fós den tuairim gur cheart faisnéis faoi mhisin chomhaltaí na Cúirte a fhoilsiú don tréimhse iomlán ina bhfuil comhalta i seilbh oifige agus nár cheart go mbeadh aon naisc pholaitiúla curtha ar bhonn foirmiúil ag na Feisirí, lena n-áirítear feidhmeanna oinigh i bpáirtithe nó in eagraíochtaí polaitiúla; ina theannta sin, á iarraidh arís ar an gCúirt a rialacha maidir lena coiste eitice inmheánach a athrú ionas nach mbeidh sé mar shaincheart eisiach a thuilleadh ag Uachtarán na Cúirte iarrthóirí incháilithe a mholadh; á athdhearbhú freisin a hiarraidh ar choiste eitice na Cúirte a chur ar an eolas faoi phríomhthorthaí na tuarascála iniúchóireachta inmheánaí maidir le heitic atá ar siúl cheana féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dhearbhaigh comhaltaí uile na Cúirte seoladh d’údaráis Lucsamburg agus, ar an gcaoi sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas atá ar chomhaltaí cónaí san áit ina bhfuil suíomh na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire an cinneadh ó 2022 maidir le taisteal na gcomhaltaí, misin agus úsáid tiománaithe agus gluaisteán lena dtugtar le fios go mbeidh ar na comhaltaí na costais reatha uile a chumhdach, lena n-áirítear costais carranna ar cíos, a bhaineann le carr a úsáid chun taisteal níos mó ná 10 000 km agus nach gcumhdófar le hordú misin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, go bhfuil 10 000 km ró-ard agus ag athdhearbhú na n-ábhar imní a cuireadh in iúl i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo go bhfuil an córas a tugadh isteach mearbhallach; á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim nár cheart, in imthosca ar bith, flít na ngluaisteán a úsáid ach chun críocha dualgais chomhaltaí na Cúirte a chomhlíonadh go dian, ar tuairim í a cuireadh in iúl i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo; á iarraidh ar institiúidí uile an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le córas aonair a chuirfear i bhfeidhm go cothrománach lena laghdófaí mearbhall agus lena méadófaí trédhearcacht agus éifeachtúlacht maidir le húsáid airgid phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Chúirt, le blianta beaga anuas, páirteach i bpróiseas chun a creat eiticiúil a thabhairt cothrom le dáta, arb é an toradh a bhí air go dtí seo nuashonrú ar threoirlínte eiticiúla na Cúirte i mí Dheireadh Fómhair 2022, nuashonrú ar bheartas chun ionad oibre urramach agus saor ó chiapadh a áirithiú in 2022 agus nuashonrú ar na rialacha maidir le sceithireacht i mí Iúil 2023; á chur in iúl gur geal léi freisin gur eagraíodh ceardlanna, cúrsaí oiliúna agus seisiúin maidir le heitic don fhoireann, lena n-áirítear baill foirne in oifigí príobháideacha na gcomhaltaí; á iarraidh ar an gCúirt an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas maidir le haon phleananna breise a bhaineann leis an gcreat eiticiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt chun suntais gur tháinig seirbhís na Cúirte um iniúchóireacht inmheánach ar an gconclúid in 2021 nach ann d’aon doiciméad amháin ina ndéantar comhdhlúthú ar bheartas frithchalaoise na Cúirte agus nach ann d’aon straitéis frithchalaoise uile-Chúirte; ag spreagadh na Cúirte chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin mar ábhar tosaíochta chun a áirithiú go ndéanfar an cur chuige díláraithe agus ilroinnte atá ann faoi láthair a chomhdhlúthú agus go mbeidh sé níos soiléire conas a thugann an Chúirt aghaidh ar na saincheisteanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag diúltú do mheasúnú agus do chinneadh na Cúirte gan a bheith páirteach i gClár Trédhearcachta an Aontais, a bunaíodh le comhaontú idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 207, 11.6.2021, lch. 1</FIELD></FOOTNOTE>, agus ag spreagadh na Cúirte chun machnamh a dhéanamh arís ar an ábhar, á iarraidh go láidir ar an gCúirt a bheith páirteach i gClár Trédhearcachta an Aontais chun cloí le bunphrionsabail na trédhearcachta agus, ag an am céanna, gan aon bhacainní a chruthú ar neamhspleáchas iomlán na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur oscail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú amháin maidir le nós imeachta roghnúcháin de chuid na Cúirte in 2022, inar thángthas ar an gconclúid nach raibh tionchar ag iompar an duine lena mbaineann ar thoradh an nós imeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán amháin tar éis gearán in 2022, a dúnadh tar éis don Chúirt freagra a thabhairt ar an ngearánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á athdhearbhú gur díol sásaimh di gur bhunaigh an Chúirt, in 2022, clár tinrimh do chomhaltaí na Cúirte ag freastal ar chruinnithe, tar éis iarrataí athdhearbhaithe ón bParlaimint ina leith sin; á chur in iúl gur geal léi, arna iarraidh sin, gur cuireadh an clár ar fáil do rapóirtéir na Parlaiminte don nós imeachta um urscaoileadh agus mar chuid de; á iarraidh ar an gCúirt cleachtais lena gcuirtear feabhas ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht a shaothrú tuilleadh, amhail féilire poiblí cruinnithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi nár braitheadh aon choinbhleachtaí leasa in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár chuir aon chomhalta foirne a bhí ag fágáil na Cúirte toisc gur tháinig deireadh lena gconradh nó ar aon chúis eile in iúl don Chúirt gur theastaigh uathu dul isteach i gcuideachta phríobháideach nó gur thug siad fógra don Chúirt maidir le dul i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le hobair lasmuigh den Chúirt le linn na 3 bliana deireanacha dá seirbhís; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, nach bhfuair aon iar-Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, aon Choimisinéirí ná aon iaroifigigh ardleibhéil luach saothair ón gCúirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna sceithireachta sa Chúirt in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil liosta bliantúil conarthaí, lena n-áirítear iad siúd ar fiú idir EUR 15 000 agus EUR 60 000 iad agus a tugadh i gcrích in 2022 tar éis nós imeachta idirbheartaithe, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte mar a luaitear i dtuarascáil an oifigigh údarúcháin trí tharmligean; á iarraidh ar an gCúirt an liosta sin a fhoilsiú i ndoiciméad ar leithligh agus rochtain sholáimhsithe air a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil plean cibearshlándála fadréimseach do 2022-2024 ag an gCúirt agus go bhfuil sé beartaithe aici athmheasúnú a dhéanamh ar a creat cibearshlándála i dtreo dheireadh 2023 chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an rialachán atá ar na bacáin lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais; á chur in iúl gur mór aici freisin gur scoir an Chúirt de chonradh le soláthróir ar cheannaigh cuideachta ó Stáit Aontaithe Mheiriceá é toisc go mbeadh athruithe ar an gcaoi a ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil mar thoradh ar an táthcheangal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi nach ndearna an Chúirt aon chibirionsaithe tromchúiseacha in 2022 agus gur lean ríomhphoist fioscaireachta de bheith ar an mbagairt is contúirtí; ag spreagadh na Cúirte, mar sin féin, fanacht ar an airdeall agus dul i dteagmháil leis na comhlachtaí idirinstitiúideacha ábhartha de chuid an Aontais chun cibearshlándáil fhoriomlán institiúidí an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár sheol an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) aon fhiosrúcháin maidir leis an gCúirt, nár lean sé ar aghaidh leo ná nár dhún sé iad le linn 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí uile chun feabhas a chur ar dhigitiú na hoibre iniúchóireachta, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar chruinneas na hoibre sin; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur seoladh an tsamhail ‘stóras sonraí mar sheirbhís’ i mí Dheireadh Fómhair 2022, lenar féidir le húsáideoirí sonraí struchtúrtha a phróiseáil agus anailís a dhéanamh orthu le leibhéil éagsúla neamhspleáchais; ag tabhairt dá haire go mbraitheann digitiú na hoibre iniúchóireachta ní hamháin ar an gCúirt féin, ach go mbraitheann sé go mór ar na sonraí a chuireann iniúchaithe ar fáil freisin, agus go bhfuil teorainneacha fós ann i bhformáid na sonraí agus éagsúlacht na gcóras a úsáidtear; á chur in iúl gur mór aici, thairis sin, gurbh é 2 984 lá líon na laethanta d’obair iniúchóireachta allamuigh in 2022, ar méadú suntasach é ó 2021 agus 2020 araon, ar blianta iad a raibh tionchar ollmhór ag teorainneacha a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 orthu, agus gur feabhsaíodh breisluach agus éifeachtúlacht na gcuairteanna ar an láthair trí iad a chomhcheangal le hobair a rinneadh go cianda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt gnéithe de bhogearraí foinse oscailte curtha chun feidhme ag an gCúirt mar chuid dá gcórais, lena n-áirítear Linux, Belenios agus Nagios; ag spreagadh na Cúirte leanúint de bhogearraí foinse oscailte a úsáid nuair is féidir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Foirgnimh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt oibreacha athchóirithe suntasacha ar fhoirgneamh K2 le linn 2022, a tugadh chun críche go luath in 2023 agus go raibh athchóiriú ceithre urlár i gceist leis chun ionad oibre nua-aimseartha a chur ar fáil ar mór ag baill foirne é agus atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur thionscain an Chúirt, in 2022, iniúchadh inrochtaineachta ar fhoirgnimh uile na Cúirte d’fhonn inrochtaineacht a fheabhsú agus freagairt do riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó faoi mhíchumas eile, ar iniúchadh é a seachadadh go luath in 2023; á iarraidh ar an gCúirt an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi thionscnaimh nithiúla chun na gníomhaíochtaí a mholtar mar chuid den iniúchadh a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, in 2022, gur thíolaic an Chúirt a dara tuarascáil bhliantúil maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a cuid oibríochtaí i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil torthaí iontacha bainte amach ag an gCúirt i roinnt réimsí maidir leis an laghdú ar a tomhaltas ginearálta ó 2014 i leith agus laghdú 34,5 % tagtha ar ídiú an leictreachais, laghdú 22,2 % ar théamh, laghdú 83,5 % ar pháipéar, laghdú 45,3 % ar uisce, laghdú 29,5 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus laghdú 33,7 % ar dhramhaíl; ag spreagadh na Cúirte leanúint dá hiarrachtaí tomhaltas na n-ionchur sin a laghdú tuilleadh agus á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Chúirt staidéar in 2023 maidir le foirgneamh K2 agus é mar aidhm leis an díon a athchóiriú agus painéil ghréine a shuiteáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinnt tionscnamh déanta ag an gCúirt chun tacú le soghluaisteacht inbhuanaithe, lena n-áirítear seirbhís tointeála na Cúirte a threisiú, síntiúis saor in aisce a chur ar fáil do bhaill foirne le seirbhís rothar Chathair Lucsamburg, líon na spásanna páirceála rothar a mhéadú, lena n-áirítear spásanna do rothair leictreacha, agus luchtairí a shuiteáil do ghluaisteáin hibrideacha agus leictreacha; á iarraidh ar an gCúirt tuilleadh tacaíochta a thabhairt don tsoghluaisteacht inbhuanaithe lena n-áirítear trí dhea-chleachtais a mhalartú le hinstitiúidí eile agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi thionscnaimh bhreise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Chúirt anailís ar conas gnéithe comhshaoil na misean a chomhtháthú i dtreoir nuashonraithe misean; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur moladh laghdú 5 % ar thaisteal gnó in aghaidh an choibhéis lánaimseartha don tréimhse 2023-2025; á iarraidh ar an gCúirt iarracht a dhéanamh an sprioc sin a chur chun feidhme agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar na misin iniúchóireachta is gá;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tugadh roinnt comhaontuithe seirbhíse agus comhaontuithe comhair idirinstitiúideacha eile cothrom le dáta le linn 2022, lena n-áirítear comhaontuithe le hoifig imscrúdaithe agus araíonachta an Choimisiúin agus le hIonad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire an comhaontú trípháirtí idir an Chúirt, an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) ó mhí na Samhna 2021; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Chúirt den tuairim go ndearnadh roinnt próiseas a shoiléiriú agus a chuíchóiriú leis an gcomhaontú sin agus go bhfuil rochtain fheabhsaithe faighte ag an gCúirt ar fhaisnéis a bhaineann le hoibríochtaí a mhaoinítear nó a ráthaítear le buiséad an Aontais; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, nach n-áirithítear leis an gcomhaontú sin, ar a laghad, gur féidir leis an gCúirt iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe feidhmíochta na ngníomhaíochtaí a dhéantar agus beartais an Aontais á gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an Pharlaimint den tuairim, go bunúsach, go gcruthaíonn na teorainneacha reatha i ról na Cúirte mar iniúchóir ar BEI bearna mhaolaitheach agus mhaoirseachta agus gur cheart go gcuirfí ar chumas na Cúirte iniúchadh a dhéanamh ar oibríochtaí uile ghrúpa BEI; á chur i bhfáth ag an am céanna gur cheart a chur de chúram ar an bParlaimint, mar an comhlacht a toghadh go daonlathach, urscaoileadh a dheonú do BEI chun dlisteanacht dhaonlathach na hinstitiúide tábhachtaí sin de chuid an Aontais a neartú agus, ar an gcaoi sin, trédhearcacht agus cuntasacht agus dea-rialachas acmhainní airgeadais agus daonna a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcomhoibríonn an Chúirt go dlúth le OLAF agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) araon, lena n-áirítear trí cheardlanna, imeachtaí ardaithe feasachta agus malartú eolais agus taithí a eagrú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur mór aici go ndearna an Chúirt, in 2022, 14 chás de chalaois amhrasta a chur ar aghaidh chuig OLAF agus 6 chás chuig OIPE; á chur i bhfios go láidir a tuairim gur cheart amhras calaoise a chur faoi bhráid OLAF agus OIPE i gcónaí chun go ndéanfar imscrúdú críochnúil air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Chúirt le MECS trína hoifigeach cosanta sonraí (OCS) agus go dtéann sí i gcomhairle le MECS maidir le saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí, agus gur dúnadh cás a bhaineann le sárú ar shonraí pearsanta in 2022 le roinnt moltaí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil OCS na Cúirte rannpháirteach i líonra OCSanna, a oibríonn ar shaincheisteanna athfhillteacha, a roinneann samplaí de dhea-chleachtais agus a chuidíonn le cruinniú débhliantúil OCSanna a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an Chúirt ag comhoibriú leis an Ombudsman Eorpach agus gur sholáthair sí an fhaisnéis uile a iarradh in imscrúduithe arna n-oscailt ag an Ombudsman Eorpach; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chúirt páirt sa phlé idirinstitiúideach ar chumarsáid nua-aimseartha, lena n-áirítear teachtaireachtaí meandracha, agus go bhfuil treoirlínte an Ombudsman Eorpaigh sa réimse sin á nglacadh mar thagarmharc ag an gCúirt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Cumarsáid</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chúirt straitéis chumarsáide nua i mí Eanáir 2022 lena gcuirtear an pobal i gcoitinne i gcroílár a hiarrachtaí cumarsáide agus lena moltar go bhfuil an Chúirt in ann seisiúin faisnéise don phreas agus comhdhálacha sruthaithe gréasáin a reáchtáil ar chaighdeán maith teicniúil anois; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go ndearna an Chúirt a suíomh gréasáin a nuashonrú in 2023 chun eispéireas níos fearr a chur ar fáil d’úsáideoirí agus chun tairseach a chruthú lenar féidir sonraí a bhaineann le hiniúchtaí a dhéanamh níos inrochtana do lucht féachana leathan lena n-áirítear mic léinn, an saol acadúil agus an pobal i gcoitinne.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>