<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0233</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta an Aontais - Coiste na Réigiún</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0073/2024 -  Rapóirtéir:Luke Ming Flanagan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn VII – Coiste na Réigiún (2023/2136(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 24.2.2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0255/2023)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/2, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Choiste na Réigiún in 2022 agus dá thuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0073/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eorpach na Réigiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste na Réigiún don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Ard-Rúnaí Choiste na Réigiún, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn VII – Coiste na Réigiún (2023/2136(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn VII – Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0073/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe feidhmíochtbhunaithe agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur tionól polaitiúil é Coiste na Réigiún (an ‘Coiste’) ina bhfuil 329 gcomhalta arna dtoghadh i réigiúin, i gcathracha, i sráidbhailte agus i mbardais 27 mBallstát an Aontais, agus é ag feidhmiú mar chomhlacht comhairleach d’institiúidí an Aontais, agus é de mhisean aige rannchuidiú le próiseas múnlaithe beartais agus cinnteoireachta an Aontais ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de, agus ag an am céanna rannchuidiú leis an Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos gaire do na saoránaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis an gCoiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin agus go dtairbhíonn sé de réimse leathan tarchuir, mar a leagtar amach sna Conarthaí, lena gceadaítear don Pharlaimint dul i gcomhairle leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go sainítear gníomhaíochtaí an Choiste ar bhonn a straitéise polaitiúla foriomlán mar a leagtar amach ina rún an 2 Iúil 2020 maidir lena thosaíochtaí do 2020-2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C 324, 1.10.2020, lch. 8.</FIELD></FOOTNOTE>, agus de bhrí gur ghlac an Coiste trí thosaíocht pholaitiúla do shainordú 2020-2025, mar aon le 3 fheachtas cumarsáide: An Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine, pobail réigiúnacha agus áitiúla athléimneacha a thógáil agus comhtháthú a chur chun cinn mar bhunluach de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb ionann na riaracháin áitiúla agus réigiúnacha agus aon trian den chaiteachas poiblí, leath na hinfheistíochta poiblí agus an ceathrú cuid d’ioncam cánach agus, i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil inniúlachtaí acu i bpríomhréimsí amhail oideachas, forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú, an comhshaol, cosaint shóisialta, sláinte agus seirbhísí leasa ghinearálta, agus dá bhrí sin méadaítear dlisteanacht na reachtaíochta trí chomhordú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, feabhsaítear úinéireacht agus saothraítear leas na saoránach ar bhealach níos éifeachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go saothraíonn an Coiste a sprioc pholaitiúil chun a rannpháirtíocht i dtimthriall polaitiúil agus reachtach iomlán an Aontais a neartú agus, ag an am céanna, an nasc le saoránaigh an Aontais a dhéanamh níos inláimhsithe trí úsáid a bhaint as comhaltaí an Choiste mar iolraitheoirí cumhachtacha ina bpobail agus ina gcomhlachais náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcuirfidh os cionn ceithre chéad chlár náisiúnta agus réigiúnach, atá i bhfeidhm chun beartas comhtháthaithe an Aontais a sheachadadh i gclárthréimhse 2021-2027, thart ar EUR 380 billiún ar fáil, faoi chistí éagsúla, chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá roimh réigiúin, cathracha, sráidbhailte agus bardais san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, mar institiúid de chuid an Aontais de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, go gceanglaítear ar an gCoiste a chuntais bhliantúla féin a ghlacadh, arna n-ullmhú i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin (Rialacha Cuntasaíochta an Aontais Eorpaigh) bunaithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí a chomhdhlúthaítear ar deireadh le cinn an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Choiste faoi cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 11,6 billiún san iomlán in 2022 (is é sin 5,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Choiste in 2022 agus 0,95 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, sampla de 60 idirbheart faoi Riarachán, arb ionann an líon sin agus an líon a scrúdaíodh in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb ionann é agus 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise, agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid dá hiniúchadh in 2022, gur scrúdaigh an Chúirt córais mhaoirseachta agus rialaithe an Choiste, go háirithe caighdeáin rialaithe inmheánacha agus bainistiú rioscaí a chur chun feidhme, chomh maith le rialuithe tábhachtacha a fheidhmiú, a bhfuil sainmhíniú orthu sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar íocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí in 14 (23 %) de na 60 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 5 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt, ina Tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an gCoiste;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, gurbh ionann an buiséad críochnaitheach arna ghlacadh don Choiste in 2022 agus EUR 109 976 858, lena n-áirítear Buiséad Leasaitheach 5/2022, arb ionann é agus méadú foriomlán 3,03 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ó EUR 4 244 488 go EUR 8 158 838, i.e. 92 %, idir 2021 agus 2022, ar na leithreasuithe ar líne bhuiséid 1004 le haghaidh ‘liúntais taistil agus chothaithe, freastal ar chruinnithe agus caiteachas gaolmhar’ mar gheall ar atosú an taistil tar éis phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, murach sin, go raibh dáileadh na leithreasuithe thar línte buiséid i mbuiséad 2022 inchomparáide le dáileadh na mblianta roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad na misean do 2022 agus EUR 419 657, i gcomparáid le EUR 169 856 in 2021, i.e. méadú 147 %, ar féidir é a mhíniú le líon na gcruinnithe ar líne in 2021 agus ag tús 2022 mar gheall ar na srianta a bhaineann le paindéim COVID-19, chomh maith leis an méadú ar phraghsanna taistil in 2022; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an liúntas d’Uachtaránacht an choiste (Uachtarán agus an chéad Leas-Uachtarán) le haghaidh costais taistil agus chruinnithe, a mhaoinítear ó bhuiséad ginearálta speansais na bhFeisirí, ó EUR 49 852 go EUR 71 810, i.e. méadú 44 %, idir 2021 agus 2022; á chur in iúl gur geal léi an treoir i dtreo beartas misin níos costéifeachtaí, níos úsáidí agus níos inbhuanaithe a scaipeadh i mí an Mheithimh 2022 d’fhonn misin foirne an Choiste a laghdú a mhéid is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta cur chun feidhme an bhuiséid agus 99,2 % in 2022, atá beagán níos airde ná mar a bhí in 2021, nuair a bhí ráta cur chun feidhme an bhuiséid 98,9 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é 17,87 lá an meán-am le haghaidh íocaíochta in 2022, ar airde é ná an meán-am in 2021 nuair is 16,11 lá a bhí ann; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur tháinig méadú ar chéatadán an ríomhshonrasctha ó 32 % go 68 %; ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon chomhghaol idir an dá fhigiúr agus á iarraidh ar an gCoiste an digitiú ar sreabhadh oibre na híocaíochta a thabhairt chun críche, arb é is aidhm dó a éifeachtúlacht agus a thráthúlacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chruthaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine brú buiséadach don Choiste, lena n-áirítear trí mhéadú ar bhoilsciú agus coigeartuithe tuarastail, rud a mhéadaigh go mór na costais fuinnimh agus costas na tógála agus na n-amhábhar; ag tabhairt dá aire thairis sin gur chuir an Coiste a thacaíocht pholaitiúil ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus gur eagraigh sé gníomhaíochtaí i ndáil leis an gcogadh in aghaidh na hÚcráine, a raibh tionchar aige ar an mbuiséad do mhisin, staidéir agus oiliúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eagraigh seirbhísí an Choiste féin 14 ghlao soláthair ar thairiscintí in 2022, lena n-áirítear 11 nós imeachta soláthair caibidlithe le haghaidh seirbhísí ateangaireachta cianda sna Ballstáit; ag tabhairt dá haire gur sheol na seirbhísí comhpháirteacha arna gcomhroinnt ag an gCoiste le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) nósanna imeachta soláthair i réimse na lóistíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go rannchuidíonn an Coiste le próiseas cinnteoireachta agus beartais an Aontais ó thaobh na n-údarás réigiúnach agus áitiúil laistigh den Aontas de agus go gcuireann sé creat ar fáil chun feabhas a chur ar an gcomhar idir an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach agus chun an Eoraip a thabhairt níos gaire dá saoránaigh; á chur in iúl gur geal léi a ábhartha atá rannchuidiú an Choiste le hábhair thábhachtacha de chuid an Aontais amhail cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta mar a léirítear sa rún ón bParlaimint an 23 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 32, 27.1.2023, lch. 42.</FIELD></FOOTNOTE>; á mholadh don Choiste, thairis sin, cabhrú lena chomhaltaí chun rannpháirt a ghlacadh in idirphlé áitiúil le saoránaigh maidir le hábhair Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leanann an Coiste dá mhisean trí thuairimí, ina dtagraítear do thograí reachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún (tarchuir), tuairimí féintionscnaimh, ina n-iarrtar ar institiúidí an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh, agus rúin, ina gcuirtear béim ar sheasamh an Choiste maidir le hábhair shonracha; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coiste 55 thuairim agus 8 rún in 2022, rud atá beagán níos ísle ná mar a bhí in 2021, nuair a ghlac an Coiste 60 tuairim agus 9 rún; ag moladh don Choiste leanúint dá chumas fianaise ón talamh a chur ar fáil do phríomhinstitiúidí an Aontais trí úsáid a bhaint as sonraí, anailísí eimpíreacha agus tiomsúcháin dea-chleachtais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coiste bearta nithiúla chun a rannpháirtíocht i dtimthriall polaitiúil agus reachtach iomlán an Aontais a neartú i gcomhréir lena shainchumais faoi na Conarthaí; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, an comhaontú comhair idir an Pharlaimint agus an Coiste agus an dlúthchomhar idir an Coiste agus roinnt coistí parlaiminteacha, idirghrúpaí agus ard-stiúrthóireachtaí; ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Coiste 56 chruinniú ullmhúcháin agus leantacha leis an bParlaimint in 2022 do Rapóirtéirí dá thuairimí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna 20 Rapóirtéir ón gCoiste idirghabháil i gcruinnithe choiste na Parlaiminte in 2022; ag tréaslú leis an gCoiste as a rannpháirtíocht i gcruinnithe tríthaobhacha reachtacha a neartú, go háirithe trí rochtain a thabhairt dó ar dhoiciméid thríthaobhacha; á mheas gur cheart cuireadh a thabhairt do chomhaltaí an Choiste agus CESE chuig malartuithe parlaiminteacha ábhartha, lena n-áirítear cruinnithe coiste, maidir leis na saincheisteanna a bhfuil siad ag déileáil leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an Coiste le linn 2022 chun barr feabhais a chur ar a acmhainní agus chun cost-éifeachtúlacht a fheabhsú agus tionchar a chuid oibre polaitiúla a mhéadú ag an am céanna i gcomhthéacs an chláir ‘Going for IMPact!’ agus go háirithe 43 thionscadal simplithe agus digitithe a rannchuidíonn le nuachóiriú riarachán an Choiste agus le digitiú ar na sreafaí oibre mar chuid den ‘Straitéis maidir le simpliú rialacha agus nósanna imeachta an Choiste don tréimhse 2020-2025’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht ghníomhach an Choiste in obair a bhaineann le Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (‘CoFE’) le toscaireacht de 30 comhalta, a ndearna 12 díobh ionadaíocht thar ceann chomhlachais Eorpacha údarás áitiúil agus réigiúnach; ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Coiste 14 chruinniú le toscairí CoFE agus 9 gcruinniú ullmhúcháin in 2022, tar éis na hoibre a rinneadh in 2021; á thabhairt chun suntais gur chruthaigh an Coiste tascfhórsa tiomnaithe, ‘Comhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa’, chun obair na stiúrthóireachtaí agus na n-aonad uile lena mbaineann a chomhordú; ag tabhairt dá haire gur glacadh tograí atá i dtuarascáil deiridh CoFE, a eisíodh an 9 Bealtaine 2022, i dtionscadal an Choiste dar teideal Tapping into the regional and local authorities’ potential to strengthen the EU [Leas a bhaint as acmhainneacht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil cur le neart an Aontais Eorpaigh], a cuireadh chun feidhme le linn 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, ina Thuarascáil deiridh go n-iarrann tionól iomlánach CoFE sa 40ú moladh uaidh, faoi bheart 3, go ndéanfaí athchóiriú ar an gCoiste, lena gcuimseofar bealaí idirphlé leormhaithe do réigiúin agus do chathracha, sráidbhailte agus bardais, lena dtabharfar ról feabhsaithe dó san ailtireacht institiúideach, má bhaineann sé le hábhair a bhfuil tionchar críochach acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste athbhreithniú agus neartú ar a chreat rialaithe inmheánaigh in 2022 ar leibhéil na pleanála agus an tuairiscithe, na gcóras, an fhíoraithe airgeadais agus na bhfeidhmeanna íogaire; ag tréaslú leis an gCoiste as an uirlis agus ardán tiomnaithe cóineasú a fhorbairt don phleanáil, don tuairisciú, don mheasúnú riosca agus don leanúnachas gnó; ag tabhairt dá haire gur tháinig an beartas nua maidir le poist íogaire i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022 agus gur cuireadh in iúl don fhoireann é an 27 Eanáir 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tionóladh gach cruinniú ar líne go dtí mí Aibreáin 2022, de bhrí go n-eagraítear cruinnithe reachtúla i láthair go fisiciúil ó mhí Aibreáin 2022, agus go bhféadfaí cruinnithe eile a eagrú go cianda nó i bhformáid hibrideach; ag tabhairt dá haire, go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar rialacha nós imeachta an Choiste in 2023, gur leanadh de liúntas cruinnithe ar ráta comhréidh EUR 200 a íoc le haghaidh cruinnithe cianda agus hibrideacha de réir na rialacha atá i bhfeidhm ó 2021 i leith; ag tabhairt dá haire, ó mhí Iúil 2023, gur socraíodh an liúntas cianchruinnithe ag 50 % den liúntas cruinnithe caighdeánach (i.e. 50 % de EUR 359 faoi láthair, arb ionann é agus EUR 179,50); á mheas gur ionstraim thábhachtach é cianfhreastal d’institiúidí nua-aimseartha, ós rud é, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, go laghdaíonn sé costais na gcruinnithe agus go gceadaíonn sé rannpháirtíocht níos leithne, go háirithe le linn géarchéimeanna, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh chun feidhme go sásúil moltaí an iniúchta inmheánaigh maidir le leordhóthanacht phleanáil agus bhainistiú na liúntas agus na n-aisíocaíochtaí le comhaltaí as freastal ar chruinnithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 533 bhall foirne san iomlán ag an gCoiste in 2022, i gcomparáid le 547 bhall foirne in 2021 agus 537 in 2020; ag tabhairt dá haire go raibh 56 ghníomhaire ar conradh agus 89 ngníomhaire shealadacha fostaithe ag an gCoiste ag deireadh 2022, as a raibh conradh éiginnte ag 21 ghníomhaire ar conradh agus go raibh 3 ghníomhaire shealadacha fostaithe ar phost sealadach, le conradh éiginnte in dhá chás agus, ar feadh tréimhse 5 bliana i gcás an Ard-Rúnaí; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 8 ngníomhaire eatramhacha agus 14 bhall foirne sheachtracha ag an gCoiste a bhí ag obair ar an láthair fostaithe, gan soláthraithe seirbhíse seachtracha i réimsí na lóistíochta agus TF a áireamh; ag tabhairt dá haire, in 2022, gur 96 % a bhí i ráta fostaíochta na bpost sa phlean bunaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig treoirthionscadal nua maidir le córas oibre hibrideach, arb é is aidhm dó an creat acmhainní daonna a ailíniú le bealaí nua oibre, gur tháinig sé i bhfeidhm i mí Aibreáin 2022, lenar cuireadh an deis ar fáil d’fhoireann an Choiste a gcuid oibre seachtainiúla agus laethúla a eagrú le leibhéal ard solúbthachta agus teilea-obair suas le 60 % dá n-am oibre; á chur in iúl gur geal léi go gceadaítear leis an gcóras nua go bhféadfaí roinnt foirmlí páirtaimseartha a bheith ann bunaithe ar na cearta reachtúla dá bhforáiltear sa Rialachán Foirne; á chur in iúl gur geal léi gur léirigh 90,25 % díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé foirne i mí na Nollag 2022 go raibh siad sásta leis na socruithe solúbtha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di, gur tuairiscíodh 16 chás traochta sa Choiste in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin gur éirigh leis an gCoiste 15 bhall foirne a athimeascadh in 2022 tar éis neamhláithreacht fhadtéarmach mar thoradh air sin, a bhuí le hobair leantach phearsantaithe ar shaoire breoiteachta fadtéarmaí; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí coisctheacha a rinne an Coiste chun rioscaí síceasóisialta agus traochadh a laghdú; á chur in iúl gur mór aici, ina leith sin, cur chuige réamhghníomhach na seirbhíse leighis agus na comhdhálacha, na seisiúin oiliúna agus na cúrsaí múscailte feasachta arna n-eagrú ag an gCoiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste d’fheasacht a mhúscailt maidir leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun ciapadh san ionad oibre a chomhrac, i gcomhréir lena Chinneadh an 26 Aibreán 2021 maidir leis an dínit a chosaint ag an obair, coinbhleacht a bhainistiú agus ciapadh a chomhrac, go háirithe trí threoir thiomnaithe, cumarsáid inmheánach agus roinnt seisiún faisnéise a eagrú do bhaill foirne agus do bhainisteoirí; ag tabhairt dá haire, in 2022, go raibh ar an gCoiste déileáil le líomhain nua maidir le ciapadh síceolaíoch ag comhalta d’fhoireann CESE i gcoinne comhalta d’fhoireann an Choiste, atá fós á scrúdú ag an dá choiste; á iarraidh ar an gCoiste tuairisciú ar an obair leantach ar na líomhain sin, agus go háirithe an dearcadh idirinstitiúideach á cur i gcuntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, gurbh ionann céatadán na mban a bhí fostaithe ag an gCoiste agus 56,8 %, agus céatadán na bhfear a bhí fostaithe ar 43,2 %, i gcomparáid le 56,6 % mná in 2021 agus 55,5 % mná in 2020; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil dáileadh na mban ó thaobh grád agus stádais de ag teacht leis an treocht chéanna a bhí ann sna blianta roimhe seo agus á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin gur ceapadh stiúrthóir nua mná in 2023 agus go ndearnadh roinnt iarrachtaí chun níos mó ban a mhealladh chuig poist bhainistíochta, go bhfuil an staid fós neamhchothrom ar an leibhéal sinsearach agus ar an leibhéal meánbhainistíochta araon; á mholadh go ndéanfaí fógraí folúntais a bheith níos cuimsithí agus go spreagfaí níos mó ban iarratas a dhéanamh ar phoist shinsearacha agus mheánbhainistíochta, lena n-áirítear trí ionadaíocht chothrom ar bhoird roghnúcháin a áirithiú, trí dheiseanna oiliúna a thairiscint do bhaill foirne ban ar mian leo ullmhú do ghairmréim bhainistíochta agus trí shocruithe oibre níos solúbtha a mholadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coiste straitéis agus plean gníomhaíochta cúig bliana nua maidir le héagsúlacht agus cuimsiú do 2022-2026, an 7 Iúil 2022; ag spreagadh an Choiste leanúint dá iarrachtaí chun na spriocanna a leagtar amach sa straitéis agus sa phlean gníomhaíochta sin a bhaint amach, go háirithe an sprioc maidir le comhionannas inscne de 40 % de mhná i bpoist ardbhainistíochta a bhaint amach faoi 2024 agus paireacht a thabhairt isteach mar sprioc dheiridh; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh múscailt feasachta agus na bearta spriocdhírithe i bhfeidhm chun ionad oibre níos éagsúla agus níos cuimsithí a chur chun cinn agus a fheabhsú ar leibhéal na hionadaíochta foirne agus na bpointí teagmhála ar fud ranna uile an Choiste faoi chomhordú comhordaitheora tiomnaithe éagsúlachta agus cuimsithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, go raibh baill foirne fostaithe ag an gCoiste a léiríonn náisiúntachtaí uile an Aontais agus ball foirne amháin de náisiúntacht na hÚcráine; ag tabhairt dá haire, cé gur díol sásaimh di iarrachtaí an Choiste an dáileadh geografach i measc a fhoirne a chothromú, nach bhfuil cothromaíocht gheografach bainte amach fós toisc go bhfuil ró-ionadaíocht fós ar roinnt náisiúntachtaí i gcomparáid le tíortha eile; ag spreagadh an Choiste chun leanúint de ghníomhaíocht a dhéanamh chun dáileadh geografach cuí a bhaint amach laistigh dá fhoireann, agus béim ar leith á leagan ar leibhéal na bainistíochta; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Choiste sa tascfhórsa idirinstitiúideach maidir le cothromaíocht gheografach arb é is aidhm dó dea-chleachtais a chomhroinnt agus sineirgí a chruthú i measc institiúidí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur reáchtáil an Coiste, den chéad uair, scéim scáthfhoghlama idirinstitiúideach phíolótach in 2022, a raibh baint ag 3 institiúid de chuid an Aontais agus 25 rannpháirtí léi, agus é mar aidhm leis an tuiscint ar mhodhanna oibre agus ar phróisis oibre institiúidí eile a mhéadú, an comhar idirinstitiúideach a threisiú, soghluaisteacht a chur chun cinn agus lucht saothair níos solúbtha a chur ar fáil; ag tréaslú leis an gCoiste as an tionscnamh nuálach idirinstitiúideach seo a sheoladh, ar tionscnamh é a mhéadaigh agus a ghlac an Scoil Riaracháin Eorpach ar láimh ó 2023 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 60 oiliúnaí ag an gCoiste in 2022 ar oiliúnaithe íoctha iad 48 díobh agus gur chuairteoirí staidéir iad 12 díobh agus liúntas sóisialta á fháil in dhá chás; á chur in iúl gur geal léi na rialacha nua a formheasadh in 2022 maidir le luach saothair oiliúnaithe, nach féidir cuairteanna staidéir a fhormheas ach amháin má fhaigheann an t-oiliúnaí cistiú ó fhoinse eile nó má tá an cúrsa oiliúna éigeantach i gcomhthéacs staidéir an oiliúnaí agus inar féidir le gach cineál oiliúnaithe liúntas sóisialta a iarraidh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dálaí oibre na n-oiliúnaithe ailínithe le dálaí oibre na foirne faoi na socruithe nua solúbtha oibre, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh oiliúnaithe teilea-obair a dhéanamh thar lear lá amháin in aghaidh na míosa den seal oiliúna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste feabhas a chur ar fheasacht eiticiúil i measc a fhoirne agus ar fhorfheidhmiú rialacha eitice ón gCoiste i nósanna imeachta éagsúla, amhail earcaíocht, agus oibleagáidí agus cearta eiticiúla i gcásanna riaracháin éagsúla, amhail gníomhaíochtaí seachtracha, oiliúint agus an tseirbhís a fhágáil, mar obair leantach ar an iniúchadh inmheánach ar fheasacht na foirne maidir le heitic; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear na doiciméid bhunúsacha agus na rialacha bunúsacha is bun leis an gcreat eiticiúil ar inlíon an Choiste chun feasacht na foirne a ardú maidir le rialacha eitice; ag tabhairt dá haire thairis sin gur eagraigh an Coiste 14 chúrsa oiliúna comhchoitinne go sonrach maidir le hábhair a bhaineann le heitic in 2022, a shroich 107 mball foirne, agus gur fhreastail 75 % den fhoireann ar an gcúrsa oiliúna eitice ginearálta le linn 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste, in 2022, le cur chun feidhme a chóid iompair do 2020 do na comhaltaí agus, ina leith sin, gur chuir sé dlús lena iarrachtaí dearbhuithe airgeadais comhaltaí atá in easnamh a bhailiú; ag tabhairt dá haire gur theip fós ar sheisear comhaltaí malartacha a ceapadh i mí Eanáir 2020 a ndearbhuithe airgeadais a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2023 agus, cé nár fhreastail aon duine den seisear comhaltaí sin ar aon chruinniú den Choiste ó ceapadh iad, gur sheol an Coiste an nós imeachta forfheidhmiúcháin a leagtar síos i gcód iompair na gcomhaltaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur imscrúdaigh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) trí chás in 2022 as a raibh cás amháin nua agus lena mbaineann lasmuigh de ghníomhaíochtaí sochracha agus go raibh dhá chás fós ar siúl agus gur dúnadh iad an bhliain chéanna sin agus gur bhain siad faoi seach le híocaíocht mhíchuí liúntas taistil agus líomhaintí maidir le héagóireachtaí airgeadais, ciapadh agus míbhainistiú i gcomhsheirbhís de chuid an Choiste agus CESE; ag tabhairt dá haire gur dúnadh an cás maidir le híocaíocht liúntas taistil míchuí ag tús 2022 le hiarraidh ón gCoiste ar an gcomhalta i dtrácht an liúntas a fuarthas ar chúiseanna eiticiúla a aisíoc toisc nach raibh bunús dlí ann chun na méideanna sin a aisghabháil; ag tabhairt dá haire gur chuir an comhalta i dtrácht in iúl, ag tús 2024, go raibh sé ar intinn aige an méid a d’iarr OLAF ar dtús a aisíoc ar chúiseanna eiticiúla, agus go raibh seirbhísí airgeadais an Choiste réidh chun gach beart ba ghá a dhéanamh ina leith sin; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi obair leantach an Choiste maidir leis an gcás sin i gcomhréir le hoibleagáidí reachtúla na foirne a leagtar amach faoi na Rialacháin Foirne, go háirithe toisc go raibh baint ag an gcás le comhalta den Choiste a bhí, ag an am céanna, ina chúntóir parlaiminteach creidiúnaithe, agus, ós rud é gur áit oibre chonarthach í an Bhruiséil, rud a chiallaíonn nach raibh aon ghá le costais taistil le haghaidh chruinnithe an Choiste a bhí ar siúl sa Bhruiséil; ag tabhairt dá haire go raibh an cás maidir le líomhaintí a bhain le héagóiriú airgeadais, ciapadh agus míbhainistiú i seirbhís chomhpháirteach ina chúis le cleachtadh bainistithe coinbhleachta a bhain leo siúd lena mbaineann, lena n-ordlathas agus leis na ranna acmhainní daonna faoi seach ag a bhfuil plean gníomhaíochta cúig phointe a cuireadh chun feidhme i rith 2021 agus 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, gur lean an Coiste de bhearta trédhearcachta a chur chun feidhme, amhail foilsiú dhearbhuithe leasanna airgeadais na bhFeisirí ar a shuíomh gréasáin, ach nár ghlac sé páirt go foirmiúil i gClár Trédhearcachta an Aontais a bunaíodh le comhaontú idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach(IIA)<STRING SUPERSCRIPT="on">3</STRING>; á chur in iúl gur eol di gur ghlac an Coiste bearta trédhearcachta nua a bhí dírithe ar chomhaltaí agus rapóirtéirí a bhfuil seilbh oifige acu, i gcomhréir le prionsabail Chlár Trédhearcachta AE, i gcinneadh a rinne a Bhiúró i mí Iúil 2023 agus gur cuireadh in iúl do Bhord Bainistíochta Chlár Trédhearcachta an Aontais iad; ag tabhairt dá haire gur mheas Bord Bainistíochta Chlár Trédhearcachta an Aontais, an 20 Samhain 2023, go raibh na bearta trédhearcachta comhsheasmhach leis na cuspóirí atá á saothrú ag IIA agus gur dhíol sásaimh dó rialachán an Choiste mar chéim thábhachtach chun an creat comhpháirteach a neartú tuilleadh agus chun cultúr coiteann trédhearcachta a chothú ar leibhéal an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Coiste isteach go foirmiúil i gClár Trédhearcachta an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, nár bhraith an Coiste aon choinbhleachtaí leasa, rud a d’éileodh obair leantach ón riarachán; ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste de bheith ag brath ar na rialacha atá i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun doirse imrothlacha idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a sheachaint agus chun iad a chur chun cinn trí oiliúint eitice agus múscailt feasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna sceithireachta don Choiste in 2022; ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste de bheith ag brath ar na bearta atá i bhfeidhm ó 2015 i leith maidir le sceithireacht agus iad a chur chun cinn trí oiliúint eitice agus múscailt feasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár ghlac an Coiste straitéis frithchalaoise inmheánach; á iarraidh an athuair ar an gCoiste i rún maidir le hurscaoileadh do 2021 anailís inmheánach riosca calaoise a sheoladh agus comhordú a dhéanamh le seirbhísí inniúla an Choimisiúin d’fhonn straitéis frithchalaoise inmheánach leormhaith a ghlacadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad TF an Choiste agus buiséad CESE le chéile agus EUR 11 712 000 in 2022, lena n-áirítear atreisiú EUR 750 000 trí aistriú buiséid inmheánach le linn na bliana, i gcomparáid le EUR 12 860 000 in 2021, i.e. laghdú 9 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis dhigiteach ag an gCoiste arb é is aidhm di seirbhísí TF a chur ar fáil de réir na ndea-chleachtas a bhaineann le bainistiú TF agus barr feabhais a chur ar úsáid acmhainní daonna agus airgeadais ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur oibrigh an Coiste ar roinnt uirlisí straitéiseacha TF a oiriúnú agus a fhorbairt le linn 2022 agus é mar aidhm aige feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair pholaitiúil an Choiste agus ar a phróisis riaracháin agus a shreafaí oibre; ag tabhairt dá haire gur bhain an príomhthionscadal bonneagair TF in 2022 le tíopeolaíocht líonra a bhí ag teastáil don seomra ríomhaireachta nua i bhFoirgneamh Jacques Delors (JDE) a oiriúnú i gcomhréir leis an treochlár néalríomhaireachta hibrideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Coiste líon na gcruinnithe hibrideacha in 2022 chun dul i dtaithí ar an obair hibrideach agus chun a chleachtais a ailíniú leis an treoir nua i dtreo beartas misean atá níos costéifeachtaí, níos úsáidí agus níos inbhuanaithe, a scaip Ard-Rúnaí an Choiste i mí Mheithimh 2022, lena gceanglaítear ar an gCoiste an leas is fearr is féidir a bhaint as a bhealach oibre agus a oiread misean foirne agus is féidir a ionadú trí fhíschomhdháil; á chur in iúl go dtuigeann sí gur ghá uasghrádú teicniúil a dhéanamh ar an mbealach nua oibre sin ó thaobh trealamh do sheomraí cruinnithe hibrideacha de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coiste rialacha inmheánacha nua maidir le cosaint sonraí in 2022 ina bhfuil srianta ar chearta áirithe ábhar sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste; ag tabhairt dá haire thairis sin nach ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aon imscrúdú ná aon fhiosrúchán maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoiste in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár tháinig an Coiste ar aon chibirionsaithe in 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil trí aonad sa chomhstiúrthóireacht nua um nuálaíocht agus teicneolaíocht faisnéise de chuid an Choiste agus ag CESE, eadhon an claochlú digiteach, réitigh dhigiteacha agus ardáin dhigiteacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-aonad um ardáin dhigiteacha freagrach, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, as an gcibearshlándáil; á iarraidh go ndéanfadh an Coiste an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an gcaoi ar rannchuidigh cruthú an struchtúir nua sin le feabhas a chur ar ullmhacht chibearshlándála a fhoirne, i gcomhréir le creat cibearshlándála NIST (Institiúid Náisiúnta Caighdeán agus Teicneolaíochta) agus i gcomhar leis an bhfoireann phráinnfhreagartha ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU); ag moladh don Choiste feasacht i measc a gComhaltaí agus a bhfoirne a mhúscailt maidir leis an gcibearshlándáil, measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste chun teicneolaíocht foinse oscailte a chothú ina chórais féin, go háirithe na príomhfheidhmeanna oibríochtúla a úsáidtear chun obair pholaitiúil an Choiste (‘Agora’ agus ‘Phoenix’) a bhainistiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go rianaíonn an Coiste úsáid teicneolaíochtaí foinse oscailte ina phunann bhliantúil TF ionas go gcuirfear i bhfeidhm iad ar fheidhmchláir nua;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chaill an Coiste agus CESE 5 000 m² i spás oifige tar éis conradh cíosa iarfhoirgneamh SEGS ag Belliard 100 (B100) a ghabháil ar láimh, a tháinig i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2021, agus an malartú foirgneamh idir an Coiste agus Belliard 68 agus Trèves 74 agus Van Maerlant 2 (VMA) de chuid CESE, a tháinig i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2022. ag tabhairt dá haire go raibh gá le hoibreacha feistithe sa dá fhoirgneamh nuafhaighte chun úsáid níos dlúithe a bhaint as an spás oifige; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh tascfhórsa comhpháirteach in 2022 maidir le bealaí nua oibre chun machnamh a dhéanamh ar an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcaoi a n-eagraítear an obair agus ar an gcaoi a n-úsáidtear spás oifige, agus an lorg comhshaoil á laghdú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad foriomlán an Choiste chun áitribh a fheistiú in 2022 agus EUR 883 792; ag tabhairt dá haire, leis na hoibreacha athchóirithe a rinne an Coiste agus CESE ar na foirgnimh B100 agus VMA, gur comhtháthaíodh úsáid teicneolaíochtaí cliste a bhfuil gné láidir chomhshaoil ag baint leo; á iarraidh ar an gCoiste nuashonrú a chur ar fáil maidir leis an toradh ar infheistíocht na suiteálacha teicneolaíochta sin, ach á mholadh, mar sin féin, gan gealltanais fhadtéarmacha a dhéanamh maidir le spás oifige nua sula ndéanfar na bearta sin a fhiosrú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dhírigh straitéis tógála an Choiste agus CESE in 2022 ar chomhchruinniú geografach na bhfoirgneamh a baineadh amach trí na foirgnimh uile a úsáideann an Coiste agus CESE a nascadh go fisiciúil lena bpríomhfhoirgneamh (JDE); á chur in iúl gur geal léi an nasc fisiciúil nua le foirgnimh na Parlaiminte, a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2022, lena gcuirtear bealach níos dírí, níos éasca agus 125 m níos giorra ar fáil idir foirgnimh an Choiste agus CESE agus foirgnimh na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sheol an Coiste agus CESE tionscadal ilbhliantúil a bhaineann le huasghrádú teicniúil ar an gcóras ateangaireachta do na seomraí comhdhála uile a thosóidh in 2022; ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste méid EUR 200 000 i leataobh don tionscadal sin in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choiste agus CESE do phrionsabal ‘dearadh uilíoch’ a chur i bhfeidhm go córasach ar a mbonneagar, lena n-áirithítear inrochtaineacht ar a bhfoirgneamh trí dhearadh; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste agus CESE raon beart éagsúil chun inrochtaineacht a gcuid foirgneamh a áirithiú do dhaoine faoi chineálacha éagsúla míchumais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na cleachtais inbhuanaithe agus go háirithe cur chuige gan pháipéar an Choiste agus CESE a rannchuidigh lena lorg comhshaoil a laghdú i gcomhréir lena straitéis dhigiteach; ag tabhairt dá haire gur oiriúnaíodh an feidhmchlár ‘Phoenix’ a úsáideadh chun tacú le hobair pholaitiúil an Choiste in 2022 chun na tuarascálacha carbóin le haghaidh taistil a ghiniúint agus chun ligean don Choiste agus do CESE a gcomhardú carbóin a ríomh; ag tabhairt dá haire gur cuireadh an plean gníomhaíochta a d’eascair as an iniúchadh ar fheidhmíocht faoin Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) chun feidhme le gníomhaíochtaí i réimsí na doiciméadachta, an athbhreithnithe ar nósanna imeachta, feabhsú na pleanála, an bhainistithe riosca agus na maoirseachta; ag tréaslú leis an gCoiste agus le CESE as cuspóirí EMAS do 2021-20025 a shárú, seachas na cuspóirí a bhaineann le hídiú gáis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann táirgeadh iomlán leictreachais arna ghiniúint ag painéil ghréine ar fhoirgnimh an Choiste agus CESE in 2022 agus thart ar 15,5 MWh, arb ionann é agus 0,25 % de thomhaltas bliantúil iomlán an Choiste agus CESE; ag tabhairt dá haire, ón 16 Meán Fómhair 2022, nach raibh painéil ghréine ach ag JDE; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go mbeidh moill ar an gCoiste agus ar CESE de bharr nósanna imeachta riaracháin sula mbeidh siad in ann síneadh a chur lena suiteáil painéal gréine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste plean soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfeidhm lena n-áirítear ranníocaíocht airgeadais le síntiúis iompair phoiblí na foirne agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta; ag tabhairt dá haire nár eagraíodh aon suirbhé nua maidir le soghluaisteacht foirne in 2022 ach tá ceann beartaithe do 2024; á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann 76 % d’fhoireann an Choiste modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun críocha comaitéireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na coigiltis bhuiséadacha agus riaracháin a baineadh amach trí chomhar idirinstitiúideach, go háirithe an dlúthchomhar a bunaíodh ar an leibhéal riaracháin le CESE lena gcomhroinneann an Coiste áitreabh agus comhsheirbhísí i réimsí an aistriúcháin, an bhonneagair, na lóistíochta agus TF, agus a neamhspleáchas institiúideach iomlán á choinneáil ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, an 1 Deireadh Fómhair 2022, gur cruthaíodh stiúrthóireacht chomhpháirteach um nuálaíocht agus teicneolaíocht faisnéise mar chuid den chomhaontú nua comhair a síníodh idir an Coiste agus CESE in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin gur chomhthiomsaigh an Coiste agus CESE 470 ball foirne agus EUR 55 mhilliún le chéile in 2022, gan caiteachas a bhaineann le tuarastail a áireamh; á iarraidh go ndéanfadh an Coiste an comhar sin a shaothrú agus a leathnú i réimsí eile d’fhonn dúbláil a sheachaint agus costais oibriúcháin na seirbhísí atá ar fáil san áitreabh a chomhroinneann an Coiste agus ag CESE a chuíchóiriú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoiste agus ar CESE féachaint ar an bhféidearthacht riarachán aonair a bhunú dá seirbhísí comhpháirteacha, agus stiúrthóireachtaí nó aonaid ar leithligh a choinneáil do na seirbhísí a bhíonn ag déileáil le hábhair a bhaineann lena sainorduithe sonracha neamhspleácha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuardach an Choiste ar shineirgí trí sheirbhísí a cheannach ó institiúidí eile trí chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse agus trí pháirt a ghlacadh i gcomhlachtaí comhordaithe idirinstitiúideacha agus i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar an gCoiste leanúint de shineirgí le hinstitiúidí eile a fhiosrú, i dtéarmaí lóistíochta, seirbhísí digiteacha, seirbhísí tiománaithe agus cúraimí riaracháin eile, agus gníomhaíochtaí áirithe for-rochtana agus cumarsáide, go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil líonraí tacaíochta éagsúla ag comhaltaí an Choiste agus ina bhfuil siad ag brath go hiomlán ar fhoireann áitiúil na gcomhaltaí féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh dó toilteanas an Choiste a chomhar le hinstitiúidí eile a fhorbairt tuilleadh, go háirithe leis an bParlaimint, roimh thoghcháin Eorpacha 2024 trí threochlár lena dtuartar go gcuirfear dlús breise leis an gcomhar agus go mbeidh ról níos mó ag an gCoiste agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chomhthéacs sin; ag cur sonrú san athbhreithniú ar na comhaontuithe comhair leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún, mar a chinn Comhdháil na nUachtarán i mí na Samhna 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Coiste leis an gCoimisiún (ar tháille bhliantúil) chun cúrsaí acmhainní daonna a láimhseáil agus chun ardáin TF éagsúla a úsáid le haghaidh bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Coiste a sheisiúin iomlánacha in áitreabh na Parlaiminte agus an Choimisiúin mar chúiteamh ar easpa acmhainne a sheomraí comhdhála féin agus go gceannaíonn an Coiste seirbhísí ateangaireachta ón dá institiúid sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coiste ag féachaint ar na féidearthachtaí a bhaineann le saoráidí ateangaireachta i bhfad i gcéin a úsáid i bhfianaise fhorbairt thapa na hearnála sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coiste infheictheacht agus tionchar a chuid oibre chun cinn bunaithe ar chomhar idirinstitiúideach trína thuarascálacha a chur i láthair ar bhealach spriocdhírithe d’institiúidí eile, e.g. 11 thuarascáil a chur i láthair don Pharlaimint in 2022, cruinnithe déthaobhacha ar leibhéal na rapóirtéara, malartuithe polaitiúla le linn imeachtaí agus comhdhálacha foirmiúla, dáileadh spriocdhírithe tuairimí agus obair i líonraí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad foriomlán an Choiste le haghaidh cumarsáide in 2022 agus EUR 2,2 milliún, i gcomparáid le EUR 2,1 milliún in 2021, i.e. méadú 4 %; ag tabhairt dá haire, laistigh den bhuiséad sin, gur úsáideadh thart ar EUR 439 000 le haghaidh imeachtaí, EUR 795 000 do na meáin agus EUR 1 099 000 le haghaidh cumarsáid dhigiteach; ag tabhairt dá haire gurb é is aidhm don teachtaireacht ón gCoiste próifíl institiúideach agus pholaitiúil an Choiste mar thionól réigiúin, chathracha, sráidbhailte agus bardas an Aontais agus ról a chomhaltaí a ardú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste de chruinnithe rialta na stiúrthóirí ginearálta a óstáil le haghaidh cumarsáid le hinstitiúidí uile an Aontais in 2022, ina ndírítear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide comhordaithe a ullmhú roimh na toghcháin Eorpacha in 2024; ag moladh don Choiste leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fheachtas cumarsáide institiúideach na Parlaiminte do na toghcháin Eorpacha in 2024 trína líonraí áitiúla agus réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an straitéis chumarsáide sonraíbhunaithe a d’fhorbair an Coiste chun an bhearna idir saoránaigh an Aontais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach a dhúnadh trí úsáid a bhaint as bealaí iolrúcháin, amhail líonraí Eorpacha ‘comhairleoirí réigiúnacha agus áitiúla’ a raibh 2 037 gcomhalta cláraithe acu ag deireadh 2022 agus an ‘clár do pholaiteoirí tofa óga’ le 775 rannpháirtí in imeachtaí le linn 2022, i.e. méadú 15 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste oiliúint agus fothú acmhainne ar fáil freisin d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le rannpháirtíocht na saoránach agus daonlathas rannpháirteach ar a dtugtar ‘Caibidil nua don daonlathas rannpháirteach’; ag tabhairt dá haire gur iarr biúró an Choiste, i mí na Samhna 2022, ar gach comhalta idirphlé amháin ar a laghad a reáchtáil ina dtoghlach gach bliain; ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an Coiste sineirgí le líonra na n-ionad Europe Direct sna Ballstáit chun imeachtaí áitiúla a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste de thrí fheachtas cumarsáide a chur chun feidhme in 2022 i gcomhréir leis na tosaíochtaí polaitiúla do shainordú 2020-2025 maidir leis an Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine, pobail réigiúnacha agus áitiúla athléimneacha a thógáil, agus comhtháthú a chur chun cinn mar bhunluach de chuid an Aontais; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste a lucht féachana a leathnú trí chumarsáid dhigiteach agus trí fhor-rochtain na meán, le 18 890 tagairt do na meáin in 2022, i.e. méadú 20 % idir 2020 agus 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, go raibh 175 000 leantóir ag an gCoiste ar a chainéil meán sóisialta, i.e. 16 % níos mó ná in 2021, ar 54 800 leantóir díobh (méadú 8 %) ar X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo), 58 100 (méadú 6 %) ar Facebook, 52 100 (méadú 33 %) ar LinkedIn agus 10 500 (méadú 67 %) ar Instagram;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coiste le tairseach sonraí oscailte an Choimisiúin le tacair sonraí maidir le sonraí agus sonraí tuairimíochta na gcomhaltaí ach freisin go n-úsáideann sé sonraí oscailte i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus go gcuireann sé sonraí oscailte chun cinn i measc na n-údarás sin, rud a thacaíonn le trédhearcacht níos fearr ina chuid oibríochtaí trí shonraí a bhfuil rochtain saor in aisce orthu i bhformáidí daonna agus meaisín-inléite agus tríd an nasc atá aige leis na saoránaigh a neartú.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>