<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0235</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta an Aontais - An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraíx</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0086/2024 -  Rapóirtéir:Luke Ming Flanagan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2023/2138(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 24.2.2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0257/2023)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/2, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí le haghaidh 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, agus go háirithe Airteagal 54 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0086/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2023/2138(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0086/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur ceart bunúsach í an chosaint sonraí, a chosnaítear leis an dlí Eorpach agus a chumhdaítear in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh comhlíonadh na rialacha a bhaineann le cosaint daoine aonair, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo, faoi réir rialú ag údarás neamhspleách;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le bunú údaráis neamhspleách, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (‘MECS’), atá freagrach as an gceart chun cosanta sonraí agus príobháideachais a chosaint agus a ráthú, agus a bhfuil sé de chúram air a áirithiú go nglacann institiúidí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le cultúr láidir cosanta sonraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gcuireann MECS a chuid feidhmeanna i gcrích i ndlúthchomhar leis na comh-Údaráis um chosaint sonraí (DPAnna) mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), agus go bhfónann sé do leas an phobail agus prionsabail na neamhchlaontachta, na sláine, na trédhearcachta agus an phragmatachais á threorú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, go dtí an 13 Samhain 2022, gur tharmlig MECS cumhachtaí an Oifigigh Údarúcháin chuig an Stiúrthóir agus chuig an gCeann Riaracháin ina dhiaidh sin, i gcomhréir le cairt na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí a bhaineann le buiséad agus riarachán MECS dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 72(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus gurb é Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin a fheidhmeoidh feidhm Oifigeach Cuntasaíochta MECS i gcomhréir le Cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí an 1 Márta 2017;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad MECS faoi cheannteideal CAI 7 ‘An riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 11,6 billiún san iomlán, i.e. 5,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2022; ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad MECS agus 0,17 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2022 sampla de 60 idirbheart faoi Riarachán, an líon céanna agus a rinneadh do 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna lena n-áirítear pinsin, arbh ionann é agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2022, agus ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise agus go léiríonn a chuid oibre le blianta fada go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt, mar chuid den iniúchadh do 2022, córais mhaoirseachta agus rialaithe MECS, go háirithe cur chun feidhme na gcaighdeán rialaithe inmheánaigh, bainistiú riosca, agus feidhmiú na bpríomhrialuithe a shainítear sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear rialuithe ex ante agus ex post maidir le híocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí i 14 (23 %) de na 60 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na cúig earráid a ndearnadh cainníochtú orthu, go bhfuil an leibhéal earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go luaitear sa tuarascáil bhliantúil uaithi don bhliain airgeadais 2022 nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le MECS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur EUR 20 266 000 a bhí sa bhuiséad deiridh a glacadh do MECS in 2022, arbh ionann é agus méadú 4,12 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuair MECS EUR 50 000 d’ioncam sannta a bhaineann le seirbhísí a cuireadh ar fáil d’Údarás Maoirseachta CSTE trí Chomhaontú ar Leibhéal Seirbhíse; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear freisin le buiséad MECS obair Rúnaíocht neamhspleách an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (an ‘Bord’);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh ionann ráta cur chun feidhme an bhuiséid agus 98 % in 2022, ráta atá níos airde ná an bhliain roimhe sin, nuair a bhí ráta cur chun feidhme an bhuiséid ag 86 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chruthaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine brú buiséadach do MECS, lena n-áirítear trí mhéadú ar bhoilsciú agus coigeartuithe tuarastail, costais fuinnimh a mhéadaigh go mór agus costas earraí agus seirbhísí trí sholáthar poiblí agus comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse le hinstitiúidí eile;  á chur in iúl gur geal léi na hath-leithdháiltí inmheánacha laistigh de chaibidlí buiséid a rinneadh le linn 2022 chun cur chun feidhme an bhuiséid a bharrfheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é 21.54 lá an meán-am le haghaidh íocaíochta in 2022, arbh ionann é agus méadú i gcomparáid le 2021 nuair ab é 19.98 lá an meán-am; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach córas nua íocaíochta leictreonaí chun sonraisc a bhaineann le costais mhisin réamhíoctha ag an ngníomhaireacht taistil a phróiseáil, a bhfuiltear ag súil go gcuideoidh sé leis an am a thógann sí chun íocaíochtaí a dhéanamh a laghdú nuair a bheidh sé ag feidhmiú go hiomlán;  á iarraidh go ndéanfadh MECS machnamh ar an bhféidearthacht an córas sin a leathnú chuig cineálacha eile íocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh buiséad MECS do mhisin foirne ó EUR 41 000 go EUR 251 000, i.e. méadú 512 %, idir 2021 agus 2022 tar éis atosú an taistil tar éis phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire thairis sin, laistigh den bhuiséad foriomlán sin, go raibh buiséad misin tiomnaithe EUR 33 000 ag MECS don Mhaoirseoir in 2022 i gcomparáid le EUR 5 000 in 2021, i.e. méadú 560 %; ag tabhairt dá haire go raibh éifeacht dhíobhálach ag an méadú ar bhoilsciú agus ag an méadú suntasach ar phraghsanna fuinnimh in 2022 a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar thicéid eitilte agus ar chostais óstáin, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar chostais mhisin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, go ndearna MECS athbhreithniú meántéarma ar a straitéis 2020-2024 inar díríodh ar thrí cholún ‘Fadbhreathnaitheacht, Gníomhaíocht agus Dlúthpháirtíocht’, inar leagadh amach fís agus tosaíochtaí athdhírithe MECS don tréimhse 2022-2024 d’fhonn ‘todhchaí dhigiteach níos sábháilte a mhúnlú’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag aithint na mórathruithe eagraíochtúla, agus n athbhreithnithe chomhfhreagraigh ar a rialacha nós imeachta, a rinne MECS in 2022 chun tacú le forbairt a chúraimí agus chun éifeachtúlacht a phróisis a fheabhsú i bhfianaise na timpeallachta idirnáisiúnta atá ag athrú go tapa; ag tabhairt dá haire, go háirithe, mar thoradh ar na hathruithe sin, gur chruthaigh MECS feidhm nua de Cheann Rúnaíocht MECS ar leibhéal Ard-Rúnaí, feidhm seirbhíse dlí thiomnaithe, earnáil rialachais agus comhlíonta inmheánaigh, dhá earnáil oibríochtúla nua san aonad maoirseachta agus forfheidhmithe, earnáil airgeadais nua san Aonad Acmhainní Daonna, buiséid agus riaracháin agus aeróg in Strasbourg;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, le teacht i bhfeidhm, an 28 Meitheamh 2022, Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).</FIELD></FOOTNOTE> lena mbunaítear Europol, gur neartaíodh feidhmeanna formhaoirseachta MECS go deimhin i ndáil leis na sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Europol faoi chuimsiú a shainordaithe; ag tabhairt dá haire, leis na hathruithe eagraíochtúla a tugadh isteach in 2022, go háirithe cruthú fo-earnála nua san aonad maoirseachta agus forfheidhmithe le foireann speisialaithe, go ndearnadh iarracht go háirithe machnamh a dhéanamh ar chumhachtaí sonracha MECS i ndáil le maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí an limistéir saoirse, slándála agus ceartais (‘AFSJ’), agus cumhachtaí maoirseachta nua MECS i ndáil le Europol á gcur san áireamh freisin;  á iarraidh go ndéanfadh MECS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le haon síneadh breise ar a shainordú agus maidir leis an tionchar ar acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid de na hathruithe a cuireadh chun feidhme in 2022, go bhfuil a dhícheall déanta ag MECS a nósanna imeachta inmheánacha a chuíchóiriú chun déileáil ar bhealach níos déine le himscrúduithe agus chun foireann speisialaithe a ath-imscaradh;  ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn ardleibhéal castachta ag baint le gearáin a imscrúdú i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, mar shampla gearáin i gcoinne na bhfreagraí ó Europol ar iarratais ó shaoránaigh ar rochtain maidir le hábhar sonraí, agus go dtógann sé, ar an meán, níos faide chun imscrúdú a dhéanamh orthu ná gearáin eile i bhfianaise rannpháirtíocht geallsealbhóirí éagsúla sa phróiseas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuair MECS 367 gearán in 2022, arbh ionann é sin agus 47 gcinn níos mó ná in 2021, a raibh 65 díobh inghlactha agus 302 acu neamh-inghlactha, sa bhreis ar na 129 ngearán inghlactha a bhí fós ar siúl in 2022; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne MECS chun líon ard na ngearán neamh-inghlactha a laghdú, ar gearáin iad atá dúbailte ó 2019 i leith, agus, dá bhrí sin, gur tháinig méadú ar an ngá le hacmhainní chun iad a láimhseáil; ag tabhairt dá haire gur eisigh MECS cinneadh, tuairim nó freagra deiridh i 23 chás gearáin as 65 chás gearáin a fuarthas in 2022 laistigh de 42 lá ar an meán; ag tabhairt dá haire thairis sin gur déileáladh le gearáin maidir leis na bhfreagraí ó Europol ar iarratais ó shaoránaigh ar rochtain maidir le hábhar sonraí, ar an meán, laistigh de thréimhse idir 5 mhí agus 12 mhí; ag tabhairt dá haire go ndéanann MECS athmheastóireacht leanúnach ar a nósanna imeachta agus go bhfuil feabhsuithe á gcur chun feidhme aige i gcás inar gá bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh roimhe seo chun a láimhseáil gearán a chuíchóiriú tuilleadh chun gearáin a réiteach níos tapúla d’ainneoin srianta ar acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, go ndearna MECS dhá réamh-imscrúdú i gcás ina raibh imní ann faoi sháruithe a d’fhéadfadh institiúid de chuid an Aontais a dhéanamh ar rialacha cosanta sonraí agus go ndearna sé trí imscrúdú fhoirmiúla leanúnacha i bhfoirm iniúchtaí cosanta sonraí, ar tugadh ceann amháin díobh i gcrích i mí Aibreáin 2022; ag tabhairt dá haire freisin gur sheol MECS ceithre imscrúdú i bhfoirm iniúchtaí cosanta sonraí bunaithe ar ghearáin a bhaineann le suíomhanna gréasáin institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais (EUInna) agus fiosrúchán amháin in earnáil AFSJ, agus gur lean sé imscrúduithe leanúnacha a seoladh sna blianta roimhe sin;  ag tabhairt dá haire gur tugadh i gcrích iniúchadh MECS ar phróiseáil sonraí pearsanta Europol maidir le mionaoisigh faoi bhun 15 bliana d’aois a mharcáiltear mar amhrastaigh, arna soláthar don Ghníomhaireacht ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, i mí Mheán Fómhair 2023 tar éis imscrúdú beagnach 10 mí agus tar éis do MECS an t-ábhar a ardú ar dtús le moltaí a cuireadh faoi bhráid Europol i mí na Nollag 2018 maidir le próiseáil sonraí íogaire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar MECS feabhas a chur ar an nós imeachta agus tosaíocht a thabhairt do láimhseáil sonraí pearsanta a bhaineann le mionaoisigh atá faoi bhun 15 bliana d’aois, ós rud é gurb ionann sin agus grúpaí leochaileacha a dteastaíonn cosaint mhéadaithe uathu, agus, dá bhrí sin, go bhfuil stádas tosaíochta ag teastáil ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 16 Meán Fómhair 2022, gur thionscain MECS caingean chun dhá fhoráil de Rialachán Europol leasaithe a neamhniú os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ar dhiúltaigh CBAE dó ina dhiaidh sin;  á chur i bhfios go láidir nár cheart a mheas go ndéanann ábhair dhlíthiúla thábhachtacha a chuireann MECS os comhair CBAE ina ról maoirseachta difear don chomhar dílis agus don dea-chaidreamh idir MECS agus na heintitis a ndéanann sé maoirseacht orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhorbair MECS creat nua bainistithe riosca ag deireadh 2022, agus ar an gcaoi sin go ndearna sé a chreat rialaithe inmheánaigh a threisiú agus anailís riosca a leabú ina phleanáil bhliantúil, ar cheart dó an t-ionchur do thosaíochtaí an MECS a chinneadh ar bhonn bliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go dtuigeann sí go bhfuil ról tábhachtach ag comhairliúchán agus comhairle ó MECS sa phróiseas reachtach; ag tabhairt dá haire go raibh comhairle MECS i bhfoirm 27 dtuairim (12 in 2021), 49 dtuairim fhoirmiúla (76 in 2021) agus 30 barúil neamhfhoirmiúla (29 in 2021) chuig an gCoimisiún agus chuig na comhreachtóirí mar fhreagairt ar iarrataí ar chomhairliúchán reachtach in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar MECS athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha nós imeachta maidir le hathbhreithniú tráthúil ar ghearáin ó shaoránaigh a áirithiú, agus an fhaisnéis ábhartha uile á cur san áireamh agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta sa réimse sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, go raibh 127 mball foirne ag MECS, i gcomparáid le 124 ag deireadh 2021 agus 114 ag deireadh 2020;  ag tabhairt dá haire gur fhostaigh MECS 52 bhall foirne ar conradh faoi Airteagal 3(b) de Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus 6 ghníomhaire shealadacha faoi Airteagal 2(b) agus 2(c);  ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 8 soláthraí seirbhíse seachtracha fostaithe ag MECS a bhí ag obair ar an láthair in 2022; á iarraidh go ndéanfadh MECS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun a áirithiú go ndearnadh rochtain ar fhaisnéis ag soláthraithe seirbhísí seachtracha a bhainistiú i gcomhréir leis an leibhéal rúndachta a cheanglaítear leis na hábhair atá i gceist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chreidiúint, i bhfianaise an mhéadaithe ar an ualach oibre mar gheall ar chúraimí agus freagrachtaí nua arna leithdháileadh ar MECS, chomh maith le go leor comhairliúchán reachtach agus tacar sonraí eile le faireachán a dhéanamh orthu, go mbeadh méadú comhréireach ar an bhfoireann ag teastáil ó MECS chun sreafaí oibre éifeachtúla a choinneáil le hamanna freagartha réasúnta; ag spreagadh MECS chun conarthaí buana a chur ar fáil dá chuid fostaithe chun leanúnachas gnó agus slándáil oibre a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh ráta áitíochta an phlean bunaíochta cothrom le 86,9 % ag deireadh 2022; á chur in iúl gurb oth léi go raibh ráta áitíochta an phlean bunaíochta níos ísle ná sprioc 2022; á aithint go bhfuil ganntanas gairmithe oilte ann; ag iarraidh ar MECS scrúdú a dhéanamh ar straitéisí úsáideacha chun infheictheacht a fholúntas a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur eagraigh MECS nós imeachta roghnúcháin seachtrach in 2022 chun liosta ionadaithe d’iarrthóirí speisialaithe a chur ar bun i bhfianaise riachtanais earcaíochta ó 2022 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 á gcur san áireamh, gur ghlac MECS cinneadh nua maidir le ham oibre agus obair hibrideach i mí na Bealtaine 2022, faoina bhféadfaidh an fhoireann a gcuid ama oibre a athrú go háirithe de réir córas fleisc-ama agus teilea-oibre suas le trí lá in aghaidh na seachtaine; á chur in iúl gur geal léi torthaí an tsuirbhé foirne a rinneadh tar éis ghlacadh an chinnidh sin, inar léiríodh go raibh tromlach na foirne sásta leis na socruithe nua oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tréaslú le MECS as 22 náisiúntacht a bheith acu i measc a fhoirne in 2022, rud a léiríonn feabhas i gcomparáid le 21 in 2021 agus ar scór maith é d’institiúid bheag den sórt sin, in ainneoin ró-ionadaíocht 5 náisiúntacht; á iarraidh ar MECS féachaint le hionadaíocht gheografach níos cothroime a bhaint amach i measc na mBallstát uile, agus aird ar leith á tabhairt ar aghaidh a thabhairt ar thearcionadaíocht tíortha áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 64 % de mhná agus 36 % d’fhir fostaithe ag MECS in 2022, ar aon treocht leis na blianta roimhe sin, nuair a bhí an dáileadh roinnte idir mná agus fir ag 63 % agus 37 % faoi seach; á chur in iúl gur oth léi nach raibh aon mhná i bpoist ardbhainistíochta in 2022, ach gur bhain an cóimheas inscne de cheathrar meánbhainisteoirí cothromaíocht amach le linn na bliana;  á iarraidh go leanfadh MECS dá iarrachtaí chun ionadaíocht foirne atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chásanna traoite ná ciaptha i measc fhoireann MECS in 2022;  á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh MECS meitheal chun saincheisteanna a bhaineann le dáileadh agus leithdháileadh na hoibre a phlé tar éis thorthaí an tsuirbhé dhébhliantúil ar shástacht foirne a rinneadh i mí an Mheithimh 2022, ar dá réir a mheas roinnt ball foirne de chuid MECS nach ndearnadh an t-ualach oibre a chomhroinnt go cothrom ná a dháileadh go maith ar fud na bhfoirne agus na gcomhghleacaithe;  á iarraidh go ndéanfadh MECS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le toradh phléití na meithle agus sonraí an phlean gníomhaíochta atá á ullmhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha MECS feabhas gníomhach a chur ar fholláine choirp agus mheabhrach a fhoirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur earcaigh MECS 18 oiliúnaí in 2022, ar tugadh luach saothair dóibh agus a raibh na socruithe oibre céanna acu agus a bhí ag an gcuid eile den fhoireann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dhírigh MECS a chuid iarrachtaí in 2022 ar fheasacht foirne a mhéadú faoi chreat eiticiúil MECS/EDPB trí sheisiúin oiliúna thiomnaithe éigeantacha a eagrú do gach ball foirne agus oiliúint ionduchtúcháin do nuatheachtaithe MECS/EDPB;  ag spreagadh MECS leanúint d’fheasacht a mhúscailt agus suirbhéanna a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal feasachta foirne maidir le creat eiticiúil MECS/EDPB;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-ardleibhéal foriomlán trédhearcachta a bhain MECS amach maidir lena ghníomhaíochtaí, go háirithe maidir leis an gclár oibre a fhoilsiú agus leasanna an Mhaoirseora agus Cheann Riaracháin MECS a dhearbhú, i gcomhréir le cód iompair an Mhaoirseora ó 2019;  á chur in iúl gur oth léi gur chinn MECS cód iompair an Mhaoirseora a chur i bhfeidhm ar Cheann Riaracháin MECS seachas cód iompair tiomnaithe a ghlacadh do phoist ardbhainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach raibh baint riamh ag MECS le haon imscrúduithe a rinne an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ó bunaíodh í;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dúnadh dhá fhiosrúchán a d’oscail an tOmbudsman in 2022 maidir le MECS gan aon torthaí drochriaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár chláraigh MECS go foirmiúil fós sa chlár trédhearcachta;  á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, ailíniú rialacha trédhearcachta MECS le prionsabail an chláir trédhearcachta maidir le réamhsheiceálacha éigeantacha sa chlár trédhearcachta le haghaidh cruinnithe tríú páirtí leis an Maoirseoir agus Ceann Riaracháin MECS;  ag tabhairt chun suntais go bhféadfaí seasamh leis an trédhearcacht ar bhealach níos fearr trí chlárú go gníomhach sa chlár trédhearcachta; á iarraidh an athuair ar MECS páirt a ghlacadh i gClár Trédhearcachta AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil creat curtha ar bun ag MECS chun coinbhleachtaí leasa a chosc ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus na foirne trí chóid iompair, trí ardú feasachta agus trí dhearbhuithe;  ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár braitheadh aon choinbhleachtaí leasa in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha inmheánacha ag MECS maidir le sceithireacht, lena sainítear bealaí agus conairí sábháilte trínar féidir leis an bhfoireann ábhair imní a tharraingt anuas maidir le calaois, éilliú nó aon éagóracha tromchúiseacha eile gan dochar do rúndacht chéannacht an sceithire agus rúndacht na faisnéise a thuairiscítear;  ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna sceithireachta in 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh buiséad 2022 do threalamh agus do thionscadail TF 21 % níos airde i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire nach mór measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin i bhfianaise go raibh buiséad 2021 le haghaidh TF 20 % níos airde i gcomparáid le buiséad 2020;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, go ndearna MECS suirbhé ar straitéisí TF roinnt EUInna faoi chuimsiú staidéar féidearthachta mór TF, a bhí mar bhonn chun straitéis TF MECS a shainiú do na blianta atá le teacht;  á iarraidh go ndéanfadh MECS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thoradh na hanailíse sin agus faoina tionchar ar acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire go soláthraíonn an Pharlaimint trealamh agus seirbhísí TF do MECS, mar a soláthraí seirbhísí corparáideacha;  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí MECS a spás oibre digiteach a fheabhsú go leanúnach ó thaobh éifeachtachta agus slándála de, thar an méid a chuireann an Pharlaimint ar fáil; ag tabhairt dá haire gur bhain sé sin le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar fheidhmíocht na ríomhairí a chuirtear ar fáil d’fhoireann MECS, i gcomhar leis an bParlaimint, i bhfianaise ghinearálú na hoibre hibridí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á aithint go bhfuil ról ceannasach ag MECS maidir le feabhas a chur ar ullmhacht chibearshlándála EUInna;  ag tabhairt dá haire gur lean MECS, in 2022, d’fheabhas a chur ar a ullmhacht chun sonraí pearsanta agus faisnéis íogair a chosaint ar chibirionsaithe i bhfianaise thimpeallacht bhagartha na cibearshlándála atá ag athrú go tapa;  ag tréaslú le MECS as athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartais agus a mhodheolaíochtaí slándála agus as a cheanglais chonarthacha maidir le cibearshlándáil a oiriúnú i gcomhréir le treoir CERT-EU, roimh theacht i bhfeidhm ghníomh cibearshlándála an Aontais, chun tairbhe na n-institiúidí uile;  ag tabhairt dá haire nár tháinig MECS ar aon chibirionsaí in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil MECS ag déanamh réitigh TF foinse oscailte nuálacha atá fabhrach don phríobháideachas a phíolótú agus a fhorbairt; á chreidiúint gur cheart do MECS an taithí sin a roinnt le EUInna eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag aithint na ngníomhaíochtaí iardain a rinne MECS maidir le breithiúnas Schrems II, ag díriú go háirithe ar chonarthaí EUInna le heintitis phríobháideacha in 2022, go háirithe soláthraithe móra TFC, agus ar shocruithe idir EUInna agus comhlachtaí poiblí neamh-AE/LEE nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, gurb iad MECS agus EDPB tionóntaí aonair fhoirgneamh na Parlaiminte ina raibh siad lonnaithe, tar éis aistriú an Ombudsman ag deireadh 2021; ag tabhairt dá haire, tar éis an aistrithe sin, go ndearnadh athchóiriú iomlán ar thrí urlár den fhoirgneamh chun freastal ar fhoireann MECS agus EDPB agus chun an t-áitreabh a oiriúnú do na dálaí oibre nua a bhí i réim tar éis phaindéim COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir le hinrochtaineacht ar a fhoirgneamh, go mbraitheann MECS ar na cinntí arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag an bParlaimint, mar chuid dá mbeartas tógála; á iarraidh go dtacódh MECS leis an ngá atá ann díriú ar riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi aon chinneadh nua a dhéantar ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár ghlac MECS páirt sa Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) ach go bhfuil roinnt beart curtha chun feidhme aige chun a lorg comhshaoil a laghdú, amhail laghdú páipéir tar éis dhigitiú na bpróiseas acmhainní daonna nó athchúrsáil dramhaíola;  ag tabhairt dá haire, ó thaobh bonneagar comhshaoil de, nár suiteáladh aon ghrianphainéil ar an bhfoirgneamh a thóg an Pharlaimint ar cíos; á iarraidh go ndéanfadh MECS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi aon chinneadh nua grianphainéil a shuiteáil ar a fhoirgneamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go leanann MECS de shoghluaisteacht inbhuanaithe a fhoirne a chur chun cinn trí 50 % de shíntiúis mhíosúla/bliantúla a aisíoc le haghaidh úsáid an iompair phoiblí agus trí spás leordhóthanach a leithdháileadh ina shaoráidí garáiste don fhoireann chun a rothair a pháirceáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas buiséadach agus riaracháin a bhaintear amach trí chomhar idirinstitiúideach, go háirithe comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích leis an bParlaimint maidir lena háitreabh a ligean ar cíos agus maidir le húsáid a feidhmchlár córais TF, soláthairtí crua-earraí agus cothabháil, agus leis an gCoimisiún le haghaidh seirbhísí TFC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn MECS go dlúth, cé gur go neamhfhoirmiúil atá i gceist, le OLAF, OIPE agus an Chúirt, a gcuireann sé comhairle ar fáil lena n-aghaidh maidir le tionscadail agus ceisteanna sonracha, atá comhlántach lena ról maoirseachta;  á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, an t-idirphlé rialta le OIPE, mar institiúid nuachruthaithe, in 2022;  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhar níos struchtúrtha ag MECS leis an Ombudsman trí mheabhrán tuisceana arb é is aidhm dó na socruithe dá gcomhar ar leibhéal na láimhseála gearán a shainiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil comhar idirinstitiúideach le MECS, ina ról maoirseachta, ríthábhachtach do EUInna eile chun feabhas a chur ar a leibhéal comhlíonta leis an gcreat dlíthiúil um chosaint sonraí;  ag tréaslú le MECS as a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le conradh idirinstitiúideach a dhámhachtain chun seirbhísí Nextcloud a sholáthar do na EUIanna is sínitheoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ról lárnach a bhí ag MECS in 2022 i gcomhordú Údaráis Cosanta Sonraí (DPAnna) na mBallstát a bhfuil ionadaíocht acu in EDPB chun cosaint chomhsheasmhach sonraí a chur chun cinn ar fud an Aontais;  ag tabhairt dá haire gur ghlac MECS páirt i ngníomhaíocht forfheidhmithe chomhordaithe EDPB in 2022 maidir le néalseirbhísí a úsáid san Aontas, arb é an cuspóir a bhí leis eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt idir MECS, EUInna agus DPAnna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad do ghníomhaíochtaí cumarsáide poiblí agus cur chun cinn in 2022 agus EUR 304 665, arbh ionann é agus méadú 19 % i gcomparáid le 2021; á chur in iúl gur geal léi an straitéis chuimsitheach cumarsáide arb é is aidhm di feasacht a mhúscailt maidir lena ról agus a thábhachtaí atá sé rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a urramú, ag díriú ar EUInna, ar shaineolaithe an Aontais um chosaint sonraí agus ar an bpobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraigh MECS roinnt imeachtaí cumarsáide sa mhodh hibrideach in 2022, go háirithe mórchomhdháil idirnáisiúnta maidir le The future of data protection: effective enforcement in the digital world [Todhchaí na cosanta sonraí: forfheidhmiú éifeachtach sa saol digiteach] le rannpháirtíocht níos mó ná 2 000 rannpháirtí, go pearsanta agus go cianda araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann MECS cumarsáid ar líne trína shuíomh gréasáin agus trína chuntais meán sóisialta ar X (twitter roimhe seo) (29,100 leantóir), LinkedIn (63,000 leantóir), YouTube (275,000 leantóir), EU-Voice (5,100 leantóir) agus EU-Video (690 leantóir);  ag tabhairt dá haire gur sheol MECS roinnt feachtas ar na meáin shóisialta in 2022, feachtais a bhí dírithe ar thionscnaimh ar leith a chur chun cinn nó a rinneadh i gcomhpháirtíocht le EUInna eile chun for-rochtain a mhéadú agus chun a lucht féachana a choinneáil ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire ról ceannasach MECS maidir le cainéil na meán sóisialta a phíolótú, agus a chur chun cinn, lena gcuirtear le straitéis an Aontais maidir le ceannasacht sonraí agus dhigiteach, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil um chosaint sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag athdhearbhú a thacaíocht d’iarrachtaí MECS faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí atá ag teacht chun cinn sa teicneolaíocht agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chosaint sonraí agus ar phríobháideachas, agus na forbairtí sin a mhíniú don phobal i gcoitinne, trí thuarascálacha TechDispatch agus TechSonar, mar shampla; ag spreagadh MECS tuilleadh chun a acmhainneachtaí a mhéadú i réimse an fhaireacháin teicneolaíochta agus feachtais faisnéise a sheoladh maidir lena thorthaí agus lena mholtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>