<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0236</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta AE - an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0102/2024 -  Rapóirtéir:Monika Hohlmeier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (2023/2134(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 24.2.2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0253/2023)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/2, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 59, Airteagal 118 agus Airteagal 260 go hAirteagal 263 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>Ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur ar aghaidh chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (2023/2134(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) freagrach as caiteachas riaracháin a Ceanncheathrú sa Bhruiséil a bhainistiú agus as líonra 144 thoscaireacht agus oifigí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearnadh freagracht SEGS a leathnú chun bainistiú riaracháin fhoireann an Choimisiúin sna toscaireachtaí a chumhdach trí shraith Shocruithe ar Leibhéal Seirbhíse (SLAnna);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb é ról na dtoscaireachtaí ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a shaoránaigh ar fud an domhain trí líonraí agus comhpháirtíochtaí a thógáil, agus luachanna an Aontais a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil saintréithe SEGS fós, ina cineál agus ina tionscnamh, mar a bhí nuair a bunaíodh é, trí bhaill foirne de chuid iar-ranna caidrimh sheachtraigh na Comhairle agus an Choimisiúin a chumasc, inar comhtháthaíodh taidhleoirí ó na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, faoi Rialacha Inmheánacha SEGS, go ngníomhaíonn Ard-Rúnaí SEGS mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean don institiúid agus go bhfuil ról an phríomhoifigigh údarúcháin trí fhotharmligean ag an Ard-Stiúrthóir um bainistiú acmhainní;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chun feidhme an bhuiséid faoi rialú ag an Rialachán Airgeadais agus ag na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme Bhuiséad SEGS;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad SEGS faoi cheannteideal 7 CAI, ‘Riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 11,6 billiún in 2022 (arb ionann é agus 5,9 % de bhuiséad iomlán an Aontais); ag tabhairt dá haire gurb ionann buiséad SEGS, tuairim is EUR 1,1 billiún, agus thart ar 9,4 % den chaiteachas riaracháin iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, sampla de 60 idirbheart faoi Riarachán, an líon céanna a scrúdaíodh in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna lena n-áirítear pinsin, arbh ionann é agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2022, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise agus go léiríonn a chuid oibre le blianta fada go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí i 14 (23 %) de na 60 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na cúig earráid a ndearnadh cainníochtú orthu, go bhfuil an leibhéal earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go dtugann an Chúirt faoi deara ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2022 gur aimsigh siad dhá earráid inchainníochtaithe sna híocaíochtaí a rinne SEGS, bhain ceann amháin le heaspa bunchonradh bailí le haghaidh seirbhísí slándála a fuair Toscaireacht de chuid an Aontais, bhain an ceann eile le liúntais linbh a fuair ball foirne ó fhoinsí eile ach nár baineadh as a phá;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur EUR 786 947 220 a bhí sa bhuiséad do SEGS do 2022, arb ionann é agus méadú 2,5 % ó 2021, atá níos lú ná an méadú 5,0 % ó 2020 go 2021; ag tabhairt faoi deara, sa bhreis ar a bhuiséad féin, gur bhain SEGS úsáid freisin as EUR 241.4 milliún (lena n-áirítear ioncam sannta agus méideanna tugtha anonn) ón gCoimisiún chun costais riaracháin fhoireann an Choimisiúin atá ag obair i dToscaireachtaí an Aontais a chumhdach; ag tabhairt dá haire gurbh ionann sin agus méadú 14,3 % ó 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuair SEGS ranníocaíochtaí breise freisin chun costais choiteanna fhoireann an Chiste Eorpaigh Forbraíochta i dToscaireachtaí a chumhdach agus méideanna eile a fhágann gurb é EUR 1 143,6 milliún an buiséad iomlán a bhí ar fáil do SEGS (i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas), arb ionann é agus méadú 4,8 % ó 2020; á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh dóthain san áireamh do bhuiséad riaracháin SEGS do 2022 d’ainneoin ról tábhachtach na hinstitiúide do chomhthéacs idirnáisiúnta luath 2022 agus na gcostas méadaithe a bhí le tuiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, gur forghníomhaíodh 99,99 % de bhuiséad deiridh SEGS i ngealltanais, a bhí níos airde fós ná in 2021 inar cuireadh 99,37 % i gcrích agus i bhfad níos airde ná mar a bhí in 2020 inar cuireadh 95,01 % i gcrích; ag tabhairt dá haire thairis sin gur forghníomhaíodh 90,56 % den bhuiséad le haghaidh íocaíochtaí in 2022, ar méadú suntasach é i gcomparáid le ráta forghníomhaithe 84,47 % in 2021 agus 82,34 % in 2020;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad deiridh do Cheanncheathrú SEGS tar éis aistrithe agus EUR 308,1 milliún in 2022, arb ionann é agus méadú 4,4 % ó 2021; a thabhairt dá haire gur forghníomhaíodh 100 % den bhuiséad i ngealltanais; ag tabhairt dá haire gur forghníomhaíodh EUR 269,2 milliún in íocaíochtaí, arb ionann é agus 87,4 % den bhuiséad, arb ionann é agus méadú EUR 30,9 milliún ó 2021 nuair a rinneadh 80,8 % de na híocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad deiridh do thoscaireachtaí SEGS tar éis aistrithe agus EUR 478,9 milliún in 2022, arb ionann é agus méadú 1,3 % ó 2021; a thabhairt dá haire gur forghníomhaíodh 100 % den bhuiséad i ngealltanais; ag tabhairt dá haire gur forghníomhaíodh EUR 443,4 milliún in íocaíochtaí, arb ionann é agus 92,6 % den bhuiséad, arb ionann é agus dearbh-mhéadú EUR 33,3 milliún ó 2021 nuair a rinneadh 86,8 % de na híocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS 20 aistriú buiséid a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais agus gur bhain trí cinn díobh le faisnéis maidir leis an údarás buiséadach; ag tabhairt dá haire gurbh ionann an méid iomlán faoi réir aistrithe agus EUR 38,2 milliún, rud a mhéadaigh buiséad Thoscaireachtaí SEGS EUR 0,9 milliún agus a laghdaigh buiséad foirne HQ SEGS EUR 0,5 milliún, agus buiséad foirgnimh agus trealaimh SEGS EUR 0,4 milliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go dtuairiscíonn SEGS go raibh buiséad 2022 an-dúshlánach mar gheall ar chúraimí nua agus costais reatha a mhéadú agus gur áiríodh ar bhearta maolaitheacha gach caiteachas neamhriachtanach i dToscaireachtaí a laghdú nó a chur ar ceal, gur breithníodh go cúramach foilsiú post sa Cheanncheathrú agus sna Toscaireachtaí agus go ndearnadh roinnt díobh a chalcadh ar feadh tréimhse, go ndearnadh nuashonruithe tuarastail neamhéigeantacha agus iar-uasghráduithe a chur ar sos nó a chur siar a mhéid is féidir agus gur cuireadh dlús le haisghabháil éileamh i dtreo tríú páirtithe i gcás inarb fhéidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chruthaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine brú buiséadach do SEGS, lena n-áirítear trí mhéadú ar bhoilsciú agus coigeartuithe tuarastail, rud a mhéadaigh go mór costais fuinnimh agus costas conraitheora eile do roinnt earraí agus seirbhísí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bunús airgeadais láidir agus slán a bhunú do SEGS, agus béim á leagan aici ar an ról ríthábhachtach atá aici i gcomhbheartas slándála agus eachtrach an Aontais a fhorghníomhú go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur leanadh den bhrú buiséadach in 2023 agus gur fhág sé gur chinn SEGS gan aon fhoireann a chur ar aon cheann de na misin leantacha atá beartaithe chuig na Misin Bhreathnóireachta Toghcháin mar gheall ar ghanntanas sa bhuiséad taistil do chuid mhór de 2023; á mheas gur cheart na hacmhainní is gá a thabhairt do SEGS chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí ar na misin thábhachtacha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig méadú ar líon iomlán na gcomhlonnaíochtaí leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile an Aontais i dToscaireachtaí an Aontais ó 122 in 2021 go 135 in 2022; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac Ardrúnaí SEGS Cinneadh maidir le beartas comhlonnaithe, lena gcuirtear creat struchtúrach cuimsitheach agus trédhearcach ar fáil lena gcomhchuibhítear cleachtas comhshuí SEGS trí phrionsabail agus cuspóirí coiteanna a leagan síos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann na costais mhisin iomlána a íocadh do SEGS agus EUR 24,065  milliún in 2022, arb ionann é agus méadú suntasach ó EUR 6,128 milliún in 2021 ach atá níos inchomparáide leis an leibhéal a bhí ann roimh COVID 19 in 2019 nuair a b’ionann an méid a íocadh agus EUR 20,972 milliún; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach bhfuil líne bhuiséid ar leith ag SEGS do mhisin agus do thaisteal don Ardionadaí/Leas-Uachtarán agus go ndéantar na misin agus na costais taistil don Ardionadaí/Leas-Uachtarán a chomhroinnt idir SEGS agus an Coimisiún ag brath ar chuspóir an mhisin; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go raibh costais de EUR 3 502,73 ag SEGS do 2022 maidir le 6 mhisean don Ardionadaí/Leas-Uachtarán agus costais aerthacsaithe EUR 178 320,76; á iarraidh go ndéanfadh SEGS an Pharlaimint a chur ar an eolas maidir le cé mhéad uair a thaistil an tArdionadaí/Leas-Uachtarán le heitleáin thráchtála agus cé mhéad uair a úsáideadh eitleáin chairtfhostaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go mbaineann  an tArdionadaí/Leas-Uachtarán úsáid fhorleathan as scairdeanna príobháideacha ar léas le haghaidh turais oifigiúla agus go dtuigeann sí go bhfuil taisteal bunriachtanach don sainordú mar Ard-Ionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, lena n-áirítear ionadaíocht a dhéanamh don Aontas i gcruinnithe ardleibhéil, comhdhálacha agus cruinnithe mullaigh ar fud an domhain; á chreidiúint gur cheart trédhearcacht gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair agus bainistíocht fhónta airgeadais agus cistí poiblí an Aontais á n-úsáid a bheith i gcroílár institiúidí an Aontais; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart do chomhaltaí institiúidí an Aontais gníomhú mar shampla don phobal i dtaobh beartais aeráide a leanúint i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag meabhrú an fhreagra a fuarthas tar éis cheist scríofa Chomhalta CONT maidir le sonraí thaistil an Ardionadaí/Leas-Uachtaráin trí aerthacsaithe; á chur in iúl gur oth léi gur theip ar SEGS na méideanna a caitheadh ar an taisteal sin a shonrú seachas na slite a taistealaíodh a lua agus a léiriú cé na turais agus cad iad na méideanna a cumhdaíodh le SEGS agus le buiséid an Choimisiúin faoi seach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an fhaisnéis sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; á thabhairt dá haire freisin gur tháinig méadú ar chostais aerthacsaithe ó EUR 0 in 2021 go EUR 178 320,76 in 2022, rud a mhínítear go nádúrtha le paindéim COVID-19; á mholadh nach n-úsáidfear aerthacsaí ach amháin nuair nach bhfuil aon roghanna tráchtála oiriúnacha ann nó nuair atá ábhair imní slándála ann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cuireadh deireadh de réir a chéile leis na bearta eisceachtúla a bhaineann le paindéim COVID-19 le linn 2022 agus gur thosaigh na hinstitiúidí ag feidhmiú arís mar is gnáth, agus go raibh tionchar ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ar SEGS chomh maith le géarchéimeanna slándála san Afganastáin, i Háítí agus sa tSaiheil; ag tabhairt dá haire freisin gur marcáladh trí Thoscaireacht de chuid an Aontais mar Leibhéal 3 ar leibhéal an aslonnaithe, rud a chiallaíonn nach raibh cead ach ag an bhfoireann riachtanach fanacht i dtír an phostaithe, an Úcráin (ó mhí Feabhra 2022), Háítí (ó mhí an Mheithimh 2022) agus Buircíne Fasó (ó mhí na Nollag 2022);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh Ardrúnaí SEGS nóta treorach chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, inar iarradh orthu, go háirithe, tuairisciú go tráthúil i gcás géarchéimeanna (‘tuairisciú níos rialta, níos dírí agus níos córasaí’); á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh ambasadóirí SEGS sách déanach chun na hathruithe ar an láthair a thuairisciú agus chun freagairt dóibh, go háirithe san Úcráin agus san Afganastáin, rud ba chúis le haslonnú tapa phearsanra an Aontais; á chreidiúint gur cheart do SEGS athbhreithniú a dhéanamh ar a mhodheolaíocht bainistithe riosca a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an staid slándála do bhaill foirne i dToscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, mar fhreagairt ar na géarchéimeanna éagsúla le cúpla bliain anuas, gur chruthaigh SEGS an Lárionad Freagartha Géarchéime i mí Iúil 2022, a dhéanann idirchaidreamh le comhpháirtithe seachtracha amhail institiúidí an Aontais agus na Ballstáit agus a thugann cumais taidhleoireachta, slándála agus faisnéise le chéile go hinmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh an Ard-Stiúrthóireacht um Bainistiú Acmhainní, a leanfaidh de bheith ag déileáil le gnéithe riaracháin gach géarchéime, a athstruchtúrú ina dhá stiúrthóireacht agus gur laghdaíodh líon na Rannán ó 16 go 13 trí fheidhmeanna comhchosúla agus gaolmhara a ghrúpáil le chéile agus gur neartaíodh an fhoireann chomhordúcháin a ghabhann leis an Ard-Stiúrthóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2021, gur chruthaigh SEGS Coiste um Rialú Inmheánach, a tháinig le chéile faoi dhó sa bhliain ó shin, chun go mbeidh bainisteoirí sinsearacha in ann plé a dhéanamh ar bhearta maolaitheacha arna gceapadh chun aghaidh a thabhairt ar laigí arna sainaithint i rialuithe inmheánacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus á chur in iúl gur díol sásaimh di nár chuir aon Toscaireacht de chuid an Aontais forchoimeádais isteach in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>a thabhairt dá haire go bhfuil gnéithe éagsúla de bhuiséad SEGS á n-iniúchadh ag a Iniúchóir Inmheánach, ag Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin agus ag an gCúirt Iniúchóirí; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar iontais di, nár sheol SEGS aon iniúchtaí inmheánacha in 2022, ach gur tugadh dhá iniúchadh chun críche in 2022 agus go raibh trí iniúchadh fós ar siúl; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh go dícheallach agus go rialta go háirithe tar éis do SEGS modheolaíocht nua a thabhairt isteach dá chóras iniúchóireachta inmheánach in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh ceithre mholadh chriticiúla ón tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach fós ar oscailt in 2022; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlúthfhaireachán á dhéanamh ar an moladh maidir leis an tslándáil i dToscaireacht an Aontais i Mailí; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil na moltaí maidir le bainistiú Thoscaireacht an Aontais in Washington fós oscailte agus gur cruthaíodh saincheisteanna casta dlí mar thoradh ar Chuideachta Dliteanais Teoranta (LLC) a chruthú; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint cothrom le dáta faoi fhorbairt na staide maidir leis an LLC sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh Seirbhísí Cigireachta SEGS 5 mholadh chriticiúla le linn 2022 agus gur mór aici gur cuireadh chun feidhme nó gur réitíodh trí cinn go hiomlán agus an dá cheann dheireanacha á leanúint go dlúth; á iarraidh go ndéanfadh SEGS tuilleadh faisnéise a chur ar fáil san obair leantach ar an tuarascáil ar urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cúis imní i gcónaí é fócas na bliana seo caite ar nósanna imeachta soláthair agus earcaíochta arna n-eagrú ag Toscaireachtaí an Aontais mar gheall ar thorthaí na Cúirte; ag tabhairt dá haire gur áitigh SEGS go ndéanfaí roinnt athruithe ar an Rialachán Airgeadais chun staid speisialta Thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha a chur i gcuntas; á chur i bhfáth, cé go bhféadfadh údar a bheith le solúbthacht áirithe, go bhféadfadh go leanfadh tuilleadh earráidí agus neamhréireachtaí i nósanna imeachta soláthair as na difríochtaí idir spriocdhátaí agus rialacha do gach ceann tír óstach; mar sin féin, agus toradh deiridh na gcaibidlíochtaí ar an Rialachán Airgeadais á chur i gcuntas, á iarraidh ar SEGS chun bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go laghdófar líon na n-earráidí ó thoscaireachtaí an Aontais agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint i dtaobh na mbeart a ghlactar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur osclaíodh toscaireacht an Aontais chuig an Ríocht Aontaithe an 1 Feabhra 2020 sa spás oifige ina raibh Ionadaíocht an Choimisiúin agus Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLO) roimhe seo; ag tabhairt dá haire gur mór aici, tar éis Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse a shíniú idir SEGS agus an Pharlaimint, go mbeidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí céanna maidir le foireann na Parlaiminte arna bpostú i Londain leis na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú Bunaíochta d’Fhoireann Tarmligin, agus go dtugann Toscaireacht an Aontais i Londain fógra d’fhoireann na Parlaiminte chuig údaráis na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú ar Leibhéal Seirbhíse;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2022, go raibh 5188 duine fostaithe ag SEGS, as a raibh 2419 (46,6 %) postaithe ag Ceanncheathrú SEGS agus 2769 (53,4 %) ag obair i dToscaireachtaí agus Oifigí an Aontais, arb ionann é agus méadú 2,3 % ó 5072 dhuine a bhí ag obair in SEGS ag deireadh 2021 le 2303 sa Cheanncheathrú agus 2769 i dToscaireachtaí agus Oifigí; ag tabhairt dá haire go raibh an méadú de 116 ball foirne ar fad fostaithe i gCeanncheathrú SEGS; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, le haghaidh 2022, go bhfuair SEGS 32 choibhéis lánaimseartha bhreise ón Údarás Buiséadach agus gur aistríodh ceithre phost (trí AD agus AST amháin) chuig an gCoimisiún mar chuid den bhuiséad riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, go raibh an fhoireann comhdhéanta de 1247 n-oifigeach, 468 ngníomhaire shealadacha, 596 ghníomhaire ar conradh, 491 saineolaí náisiúnta ar iasacht, 1 ghníomhaire áitiúil, 144 oiliúnaí, 39 ngairmí shóisearacha sna Toscaireachtaí agus 630 ball foirne seachtrach, eatramhach agus eile; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go raibh 3316 bhall d’fhoireann an Choimisiúin fostaithe i dToscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, go raibh 881 (51,4 %) oifigeach agus gníomhairí sealadacha, as 1715 oifigeach agus gníomhaire sealadach, ina bhfir agus 834 (48,6 %) ina mná, rud a léiríonn méadú beag ó 2021 nuair ba mhná iad 48,1 % den fhoireann; ag tabhairt dá haire, i measc gníomhairí ar conradh, gur mhná iad 55,9 %, laghdú beag ó 57,7 % in 2021 agus gur mhná iad 25,.1 % i measc saineolaithe náisiúnta ar iasacht, arb ionann é agus méadú ó 22,2 % in 2021; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht go háirithe i bpoist shinsearacha amhail AD 9-12 agus AD 13-16, agus go bhfuil ró-ionadaíocht na mban i bpoist AST den chuid is mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, i gcás na hardbhainistíochta sa Cheanncheathrú agus sna Toscaireachtaí, go raibh 18 mbean (29,0 %) agus 44 fhear (71,0 %) ann ag deireadh 2022, arb ionann é agus méadú beag ar sciar coibhneasta na mban ó 26,8 % in 2021; á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh sciar na mban i bpoist ardbhainistíochta ó 25,0 % in 2021 go 30,6 % in 2022 sa Cheanncheathrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i gcás na meánbhainistíochta sa Cheanncheathrú agus sna Toscaireachtaí, go raibh 86 mná (38,4 %) agus 138 fear (61,6 %) i bpoist mheánbhainistíochta ag deireadh 2022; ag tabhairt dá haire gurb ionann sin agus méadú ar sciar na mban ó 34,2 %, ach go bhfuil sciar na mban fós íseal rud nach bhfuil sásúil; á chur in iúl gur geal léi thairis sin, i gcás na Ceanncheathrún, gur tháinig méadú ar sciar na mban i bpoist mheánbhainistíochta ó 40,7 % in 2021 go 44,4 % in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar SEGS leanúint de ghníomhaíocht a dhéanamh chun cothromaíocht inscne níos inbhraite a bhaint amach laistigh dá eagraíocht ar gach leibhéal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún agus an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán, mar fhreagairt ar na hiarrataí ón bParlaimint, Plean Gníomhaíochta Inscne do 2021-2025 mar bheart trasearnálach do gach gné den bheartas eachtrach mar chéadchéim i dtreo fíorthaidhleoireacht feimineach; á chur in iúl gur geal léi go leanann Ambasadóir an Aontais um Inscne agus Éagsúlacht de chreat beartais an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus a chur chun cinn chun rannpháirtíocht na mban san idirphlé taidhleoireachta agus polaitiúil uile a áirithiú agus á chur in iúl gur geal léi seoladh Líonra an Aontais um Thaidhleoirí Ban idir na Ballstáit agus SEGS chun luachanna an Aontais maidir leis an éagsúlacht agus an comhionannas a chur chun cinn agus chun tacú leis an gcomhionannas inscne sa chuid eile den domhan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth gur de réir Phlean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP III) nach mór do 85 % de ghníomhaíochtaí nua AE cur leis an gcomhionannas inscne agus le cumhachtú na mban agus na gcailíní faoi 2025, agus nach mór do SEGS dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna GAP III trí dhíriú go fóinteach ar a chuid oibre gach lá ar phríomhréimsí rannpháirtíochta GAP III, lena n-áirítear deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe mar aon le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, cearta eacnamaíocha agus sóisialta agus cumhachtú, rannpháirtíocht chomhionann agus ceannaireacht a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di stádas domhanda chearta LGBTIQ+ agus an méadú atá ag teacht ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh chearta na mban, an chomhionannais inscne, agus na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe i dtíortha i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS aghaidh a thabhairt ar chéimeanna ar gcúl sna cearta sin a aithint agus a chosaint; ag cur béim ar an ngá tús áite a thabhairt do thacaíocht spriocdhírithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus do phobail a mholann do shláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, do chearta na mban, don chomhionannas inscne, do phobal LGBTIQ+ agus do ghrúpaí imeallaithe eile, lena n-áirítear bearta feabhsaithe chun an homaighnéasacht a dhíchoiriúlú; á mheabhrú gur cheart d’íosmhéid 85 % de ghníomhaíochtaí nua faoin ionstraim NDICI-GE tús áite a thabhairt don chomhionannas inscne, agus 5 % ar a laghad tiomnaithe go sonrach do chearta agus do chumhachtú na mban agus na gcailíní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ionadaíocht ag na Ballstáit uile ar bhaill foirne SEGS; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil míchothromaíochtaí suaithinseacha fós ann agus go bhfuil ionadaíocht ag 25 Bhallstát i ngach catagóir foirne, cé nach raibh beirt náisiúnach ó Lucsamburg ann (1 CA agus 1 SNE), agus nach raibh aon náisiúnach ag Málta sa chatagóir Gníomhairí ar Conradh; ag tabhairt dá haire gurb í an Bheilg an Ballstát is mó ionadaíocht arb ionann é agus 12,7 % den fhoireann atá fostaithe ag SEGS, lena n-áirítear 15,4 % de na hoifigigh; ag tabhairt dá haire, as 141 Ambasadóir an Aontais, nach bhfuil aon cheann ag trí Bhallstát (an Ungáir, Lucsamburg agus Málta) agus níl ach náisiúnach amháin ag an gCipir agus ag an tSlóivéin, go háirithe ceann níos lú ná in 2021, agus is iad na Ballstáit is mó a bhfuil Ambasadóirí acu ná an Fhrainc le 20, an Spáinn le 18, an Iodáil le 17, an Ghearmáin le 14 agus an Bheilg le 11, a thugann le tuiscint go bhfuil 80 post ag na cúig thír sin as an 141 phost, arb ionann é agus 57 %; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur laghdú é sin i gcomparáid le anuraidh, nuair a bhí 61% de na poist Ambasadóra ag na cúig thír chéanna; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur tháinig laghdú go 17 % in 2022, i gcomparáid le 18 % in 2021, ar líon na bpost Ambasadóra a bhí i seilbh na mBallstát a tháinig isteach in 2004 nó níos déanaí (AE13); á iarraidh ar SEGS miondealú inscne agus náisiúntachta ar phoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta a fhoilsiú go bliantúil; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an éagothroime gheografach maidir le seasamh na gCeann Toscaireachta agus á iarraidh ar SEGS leanúint d’fheabhas a chur ar an gcothromaíocht gheografach chun ionadaíocht chuí a dhéanamh ar náisiúnaigh ó na Ballstáit uile lena léirítear a n-éagsúlacht, agus inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcuireann SEGS timpeallacht oibre atá solúbtha, digiteach agus muinínbhunaithe chun cinn chun éifeachtúlacht a fheabhsú, sláinte agus folláine na foirne a chosaint, agus cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur fhág rialacha teilea-oibre SEGS in 2022 gur údaraíodh do bhaill foirne sa Cheanncheathrú teilea-obair a dhéanamh suas le trí lá in aghaidh na seachtaine, agus gur údaraíodh do bhaill foirne sna Toscaireachtaí teilea-obair a dhéanamh lá amháin sa tseachtain; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig rialacha nua maidir le teilea-obair i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus gur áiríodh sna bearta idirthréimhseacha údarú 10 lá teilea-oibre ó lasmuigh den áit fostaíochta don fhoireann sa Cheanncheathrú agus sna Toscaireachtaí araon, ar féidir iad a leathnú de réir an cháis do bhaill foirne a bhfuil cásanna casta teaghlaigh acu; á iarraidh go ndéanfadh SEGS an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi na rialacha nua maidir le teilea-obair agus faoin gcaoi a ndéanann an fhoireann agus an bhainistíocht araon iad a mheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, gur tháinig méadú ar líon na foirne ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach ar feadh níos mó ná 50 lá ó 91 bhall foirne in 2021 go 111 bhall foirne in 2022, arb ionann é agus méadú 22 %; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, go bhfuil roinnt tionscnamh i bhfeidhm ag SEGS chun tacaíocht a áirithiú agus chun oiliúint a chur ar bhaill foirne faoi straitéisí chun traochadh a sheachaint, lena n-áirítear an fhreagracht a chur ar bhainisteoirí a áirithiú go bhfuil leithdháileadh na gcúraimí réasúnach agus, i gcás traochadh, treoir agus socruithe speisialta ama oibre a chur i bhfeidhm chun filleadh ar an obair a éascú; á iarraidh go ndéanfadh SEGS tuilleadh machnaimh ar conas is féidir tinneas fadtéarmach, lena n-áirítear traochadh, a chosc a mhéid is féidir agus na bearta is gá a dhéanamh chun folláine a foirne a chinntiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur threisigh SEGS a iarrachtaí agus gur sheol sé roinnt tionscnamh i rith 2022 chun aird a tharraingt ar chiapadh, lena n-áirítear ‘Seachtain Feasachta Frithchiaptha’ i nDeireadh Fómhair 2022 agus glacadh ‘Prionsabail nua um iompair ghairmiúil in SEGS’; ag tabhairt dá haire gur cuireadh isteach dhá iarraidh ar chúnamh i ndáil le ciapadh le linn 2022, agus dúnadh ceann amháin in 2022 agus dúnadh an ceann eile in 2023, gan smachtbhannaí; ag tabhairt dá haire gur dúnadh trí iarraidh eile ó 2021 agus ceann amháin ó 2020 le linn 2022 agus 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig méadú ar an éileamh ar sheirbhísí idirghabhála SEGS le linn 2022, áit ar baineadh amach 218 cás idirghabhála agus 19 gcás de chomhairleoireacht rúnda; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoin bhforbairt i líon na gcásanna ciaptha agus má fhorchuirtear smachtbhannaí in aon cheann díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil a fhios ag SEGS líon beacht na mball foirne faoi mhíchumas ach gur léirigh na freagraí i suirbhé anaithnid ó 2021 gur dhearbhaigh 24 as 1 075 fhreagróir go raibh míchumas orthu agus gur dhearbhaigh 23 fhreagróir go raibh míchumas gearrthéarmach nó sealadach orthu; á chur in iúl gur geal léi gur tháirg Toscaireachtaí an Aontais ‘bileoga eolais inrochtaineachta’ lena soláthraítear faisnéis maidir le hoiriúnacht agus inrochtaineacht áitreabh na Toscaireachta chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ábhartha ag baill foirne atá faoi mhíchumas sula ndéanfaidh siad iarratas ar phostú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SEGS fós ag fostú líon measartha mór oiliúnaithe, ag tairiscint 63 oiliúnaí Páipéar Gorm, ceithre chúrsa oiliúna ghearrthéarmacha sa Cheanncheathrú agus 365 chúrsa oiliúna in 102 Thoscaireacht; ag tabhairt dá haire nár maoiníodh tréimhse oiliúna gearrthéarmach amháin sa Cheanncheathrú agus 22 thréimhse oiliúna i dToscaireachtaí agus gur mic léinn a raibh orthu tréimhse oiliúna a chur i gcrích mar chuid dá gcuid staidéir mar mhalairt ar chreidmheasanna acadúla a rinne iad; á chur in iúl gur geal léi, cosúil leis an bhfoireann, gur bhain na hoiliúnaithe tairbhe as socruithe oibre hibrideacha i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an Ard-Stiúrthóir um Bainistíocht Acmhainní; ag athdhearbhú a hiarrata ar gach institiúid a chinntiú go bhfaighidh gach oiliúnaí luach saothair réasúnta ón institiúid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí struchtúr buan agus na hacmhainní is gá don Acadamh Eorpach Taidhleoireachta, is féidir rannchuidiú go hiomlán le taidhleoireacht uathrialach AE a fhorbairt ina mbeidh comhthaidhleoireacht atá bunaithe ar dhearcadh de chuid AE; á mheas gur cheart go n-áireofaí san Acadamh sin amach anseo córas roghnúcháin, earcaíochta agus oiliúna d’Eorpaigh a bhfuil ardoideachas bainte amach acu agus nach taidhleoirí de chuid na mBallstát iad; á chur i bhfáth gur gá féachaint ar bhealaí rochtana ar SEGS dóibh siúd a bhaineann céim amach ón Acadamh seo agus cinneadh a dhéanamh ina leith;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go leanann SEGS d’oiliúint eitice a chur ar fáil faoi chuimsiú na Seisiún Fáilte do nuatheachtaithe agus na seimineár réamhphoist d’Ambasadóirí agus do Chinn Riaracháin an Aontais; á iarraidh ar SEGS, seisiúin oiliúna éigeantacha a sholáthar chun a áirithiú go gcuirfear prionsabail thábhachtacha i gcuimhne do gach ball foirne amhail eitic, trédhearcacht, coinbhleachtaí leasa agus frith-chalaois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go ndearna OLAF imscrúdú ar líon teoranta cásanna a bhain le calaois lena mbaineann míleithreasú chistí an Aontais ag comhaltaí foirne ag Toscaireacht an Aontais le linn 2022 agus go bhfuil cuid acu fós ar siúl; á chur i bhfios go láidir nach mór do OLAF a imscrúduithe a thabhairt chun críche sula bhféadfar teacht ar chonclúidí, ach ag an am céanna ag spreagadh SEGS gach beart is gá a dhéanamh chun obair leantach a dhéanamh go pras maidir leis an gcáineadh a d’fhéadfadh OLAF a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, gur dhéileáil SEGS le 16 iarraidh ón Ombudsman, agus gur bhain 11 chás díobh le nósanna imeachta riaracháin agus gur bhain cúig cinn díobh le rochtain ar dhoiciméid; ag tabhairt dá haire gur tugadh 13 cinn as na 16 fhiosrúchán i gcrích in 2022 agus nár aimsíodh aon drochriarachán in 11 chás agus gur aimsíodh drochriarachán páirteach nó drochriarachán sa dá chás eile; á chur in iúl gur geal léi go ndéanann SEGS a dhícheall ráta cur chun feidhme 100 % de mholtaí a chuir an tOmbudsman chun cinn a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i mí Dheireadh Fómhair 2022, gur ghlac SEGS ‘Prionsabail iompair ghairmiúil in SEGS’ ina ndéantar achoimre ar an iompar gairmiúil a bhfuiltear ag súil leis ó bhaill foirne agus nach mór dóibh aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu a dhearbhú, trí fhoirm a sheoladh chuig foireann eitice SEGS; ag tabhairt dá haire go leanann SEGS de mhachnamh a dhéanamh ar nuashonruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chreat eitice SEGS; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint cothrom le dáta go hiomlán maidir le haon fhorbairtí i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth, cé nach Institiúid de réir bhrí Airteagal 13 CAE í SEGS agus nach bhfuil ról díreach aici i reachtaíocht an Aontais, go bhfuil ról tábhachtach aici, áfach, a bhaineann le reachtaíocht an Aontais maidir le cinntí a bhaineann le smachtbhannaí agus le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chaibidliú, a bhfuil tionchar suntasach rialála acu; ag tabhairt dá haire go mbeadh sé an-ábhartha do SEGS dul isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais ar bhonn comhaontú ar leibhéal seirbhíse; á iarraidh go ndéanfadh SEGS gach cruinniú le gach cineál eagraíochtaí brústocaireachta a fhoilsiú, lena n-áirítear cruinnithe Chinn Thoscaireachtaí an Aontais, chun trédhearcacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuair SEGS, in 2022, ceithre dhearbhú maidir le coinbhleachtaí leasa agus gur láimhseáladh iad go gairmiúil agus ar bhonn aonair; ag tabhairt dá haire gur dhiúltaigh SEGS cead a thabhairt do ghníomhaíocht sheachtrach agus trí fhostaí a shaoradh ó dhualgais i ndáil le saincheisteanna, cistiú nó bainistiú thionscadail a iarfhostóra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuair SEGS trí fhógra in 2022 maidir le rúin a bheith páirteach i gcuideachta phríobháideach as 15 fhógra maidir le gníomhaíochtaí iarsheirbhíse; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur forchuireadh tréimhse mharana dhá bhliain ar oifigeach bunaithe le haghaidh gníomhaíocht mar chomhairleoir do ghnólacht dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar SEGS faireachán a dhéanamh ar sheasaimh na hiarfhoirne sinsearaí agus na gceann toscaireachtaí, i bhfianaise an róil pholaitiúil íogair atá acu; á iarraidh ar SEGS athbhreithniú córasach a dhéanamh ar aistrithe a d‘fhéadfadh a bheith fadhbach don earnáil phríobháideach nó d’eagraíochtaí tríú tír agus leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar ghairm na n-iaroifigeach sinsearach go dtí deireadh na tréimhse marana éigeantaí, ó fhéadfaidh coinbhleachtaí leasa nach dtugtar aghaidh orthu forfheidhmiú ardchaighdeán eiticiúil ar fud riarachán an Aontais a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur ghlac SEGS straitéis nua frithchalaoise in 2023, straitéis atá á cur chun feidhme anois; á iarraidh go ndéanfaí í a chur ar an eolas maidir leis an gcur chun feidhme agus go bhfillfear ar an tsaincheist le linn urscaoileadh 2023; ag an am céanna, ag tabhairt dá haire go bhfuil cúrsaí oiliúna maidir le calaois á gcur ar fáil cheana féin ag SEGS, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus gur cuid éigeantach den oiliúint réamhphoist í an oiliúint sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil próiseas machnaimh á dhéanamh in SEGS ar fhorálacha neamhspleácha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí agus tascanna seachtracha; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoi aon toradh agus á mheabhrú a thábhachtaí atá an creat sin chun íomhá agus clú an Aontais a chosaint go háirithe i gcás Cinn Toscaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuair SEGS aon chásanna maidir le sceithireacht agus go gcuireann SEGS treoirlínte an Choimisiúin maidir le Sceithireacht i bhfeidhm; ag spreagadh SEGS, mar sin féin, a bheartas féin atá oiriúnaithe do shaintréithe sonracha SEGS maidir leis an tsaincheist thábhachtach sin a ghlacadh agus bealach sábháilte a bhunú do sceithirí ionchasacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfeidhmíonn SEGS a Lárionad Oibríochta Slándála féin, a dhéileálann le láimhseáil teagmhas, agus go bhfuil sé lonnaithe i gCeanncheathrú: ag tabhairt rabhadh gur deimhníodh 129 gcibirionsaí ar SEGS in 2022 agus ag tabhairt dá haire gur dócha go ndíríonn gníomhaithe, a bhfuil acmhainní ollmhóra acu, agus ar mian leo ceataí a dhéanamh d’Institiúidí an Aontais, ar SEGS, go háirithe na gníomhaithe sin atá urraithe ag stáit choigríche; á chur in iúl gur oth léi nár sainaithníodh mórtheagmhas slándála amháin a tharla in 2022, mar gheall ar a chastacht, go dtí 2023; á chur in iúl gur geal léi nár cuireadh aon fhaisnéis rúnda i mbaol; á iarraidh go leanfadh SEGS de bhéim láidir a leagan ar an gcibearshlándáil agus ar bhagairtí hibrideacha agus oibriú i gcomhar le hInstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit chun bagairtí den sórt sin a shainaithint agus chun bonneagar an Aontais a chosaint a mhéid is féidir; á chur i bhfios go láidir gur príomhghnéithe de chreat éifeachtach cibearshlándála iad cibearfheasacht agus clár oiliúna córasach don fhoireann uile, lena n-áirítear an fhoireann bhainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár sheol MECS aon fhiosrúcháin nó imscrúduithe a bhí dírithe go sonrach ar SEGS in 2022 ná nár chuir sé i gcrích iad; á chur in iúl gur geal léi cinneadh SEGS gan Microsoft 365 a úsáid toisc  ábhair imní slándála ach leanúint d’úsáid a bhaint as néalchláir inmheánacha atá á n-óstáil san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil beartas óstála glactha ag SEGS agus go gcoinníonn sé stór lárnach de na córais faisnéise agus na seirbhísí teicniúla uile a bhaineann le feidhmchláir ghnó agus seirbhísí gnó; ag tabhairt dá haire, thairis sin, i gcás córais faisnéise a óstáiltear ar áitreabh, go bhfuil an córas agus a shonraí araon ar fhreastalaithe atá faoi úinéireacht agus faoi rialú díreach SEGS agus go n-áirithíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí na rialuithe fónta cosanta sonraí atá i bhfeidhm; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil clásail cosanta sonraí sna córais faisnéise a óstáiltear ar néal atá bunaithe ar mholtaí comhpháirteacha ó MECS agus ón gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtugtar le tuiscint le beartas foinse oscailte SEGS i gcás réitigh dhigiteacha gur réiteach inmharthana í an fhoinse oscailte má mheastar, tar éis measúnú a dhéanamh, go bhfuil na huirlisí agus na feidhmchláir uile comhionann; ag tabhairt dá haire go bhfuil sraith táirgí foinse oscailte á húsáid ag SEGS chun úinéireacht agus rialú iomlán ar a shonraí a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth, gur cheart don Aontas a bheith in ann brath ar an bhfaisnéis riachtanach phearsanta maidir le saincheisteanna domhanda a tharlaíonn lasmuigh dá theorainneacha, agus dúshláin gheopholaitiúla agus an ghéarchéim ag méadú ar fud an domhain; á iarraidh, i ndáil leis sin, go neartófaí INTCEN AE, Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS agus SatCen trína fhoireann agus a acmhainní airgeadais a fheabhsú, chomh maith le cur lena chumais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh agus slándáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil punann foirgneamh an-chasta ag SEGS ina bhfuil Ceanncheathrú SEGS sa Bhruiséil agus líon mór oifigí agus áiteanna cónaithe d’Ambasadóirí ar fud an domhain agus go mbainistíonn sé an punann sin; ag tabhairt dá haire, ag tús 2022, gur thóg SEGS sa Bhruiséil os cionn 8 334 m² de spás tógála ón gCoimisiún, a raibh EPSO lonnaithe ann roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, in 2022, go raibh thart ar 58 000 m² de spás oifige agus thart ar 20 % de 153 áit chónaithe d’ambasadóirí faoi úinéireacht SEGS; ag tabhairt dá haire go measann SEGS gurb ionann an coigilteas iomlán a thagann ó úinéireacht an fhoirgnimh sin agus thart ar EUR 20 milliún in aghaidh na bliana; á chur in iúl gur geal léi go mór go bhfuil creat beartais forbartha ag SEGS le haghaidh straitéis ceannaigh, a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Bhuiséadaigh in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó 2020 i leith, go bhfuil a bheartas bainistithe oifige á fhorbairt ag SEGS i dtreo coincheapa comhoibríocha agus solúbtha oifige sa Cheanncheathrú agus i dToscaireachtaí araon; á iarraidh go ndéanfar an fhorbairt sin i ndlúthchomhar leis an bhfoireann chun a áirithiú go gcuirfear ábhair imní dhlisteanacha agus tuairimí dlisteanacha san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SEGS dírithe ar a áirithiú go mbeidh a fhoirgneamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; ag tabhairt dá haire go gcomhlíonann an fhoirgneamh sa Bhruiséil na ceanglais sin cheana féin agus á chur in iúl gur geal léi go mbeartaíonn nósanna imeachta roghnúcháin SEGS tógáil saor ó bhacainní mar phríomhchritéir roghnúcháin d’fhoirgnimh oifige nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig na príomhchostais bhreise don tslándáil i dToscaireachtaí an Aontais chun cinn ó fhilleadh SEGS go Cabúl mar an t-aon mhisean Eorpach i gCabúl tar éis don Talaban seilbh a ghlacadh, an staid slándála atá ag dul in olcas i dtíortha agus i limistéir amhail an Úcráin agus an tSaiheil agus an gá atá le tuilleadh trealaimh slándála sna Toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire gur cumhdaíodh na speansais trí chostais eile a mhoilliú agus a chur siar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i mí Aibreáin 2022, gur shínigh SEGS creatchonradh chun cabhrú le Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) a ullmhú do Cheanncheathrú SEGS agus do na Toscaireachtaí, agus ag glacadh leis go mbeidh gá Córas Bainistíochta Comhshaoil (EMS) níos éadroime a chur i bhfeidhm in go leor Toscaireachtaí mar gheall ar theorainneacha áitiúla; á iarraidh go dtabharfaí an Pharlaimint cothrom le dáta maidir le torthaí chur chun feidhme na scéimeanna sin sa Cheanncheathrú agus sna Toscaireachtaí araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh painéil fhótavoltacha feistithe i gCeanncheathrú SEGS agus i 20 foirgneamh Toscaireachta araon faoi dheireadh 2022 agus go raibh trí Thoscaireacht feistithe le painéil den sórt sin i rith na bliana; ag spreagadh SEGS leanúint de shuiteálacha na bpainéal fótavoltach a fhorbairt ar a fhoirgnimh uile, ó chuireann sé feabhas ar lorg comhshaoil Toscaireachta,  sábhálann sé astaíochtaí, fuinneamh agus airgead, laghdaíonn sé an spleáchas ar ghineadóirí agus ar bhreosla agus léiríonn sé freisin go dtugann SEGS dea-shampla chun tacú leis an ‘gComhaontú Glas’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, in 2022, gur fhorbair SEGS a chéad Phlean Comaitéireachta agus é mar chuspóir leis sciar na mball foirne a thaistealaíonn chun na hoibre ar bhealaí inbhuanaithe a mhéadú, go ndearnadh líon na n-áiteanna páirceála rothar i bpríomhfhoirgneamh SEGS a dhúbailt agus go leanann SEGS de leath na gcostas a bhaineann le hiompar poiblí na Bruiséile a aisíoc le baill foirne nach gcuireann isteach ar shuaitheantas páirceála gluaisteán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach n-áirítear clásail a bhaineann leis an inbhuanaitheacht i gcomhaontuithe comhlonnaithe faoi láthair; ag tabhairt dá haire go dtabharfadh sé comhartha láidir maidir le tiomantas SEGS inbhuanaitheacht chomhshaoil a áirithiú dá n-áiritheofaí leis na comhaontuithe sin amach anseo gné shainráite maidir le caighdeáin agus spriocanna comhshaoil áirithe a bhaint amach; á iarraidh ar SEGS roghanna féideartha a chíoradh agus nuashonruithe éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh freisin i dToscaireachtaí atá ag feidhmiú mar chomhshuíonna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á mheabhrú go mbaineann tionchair dhíreacha agus indíreacha an athraithe aeráide an bonn den tsíocháin agus den tslándáil dhomhanda agus, ag an am céanna, go ndéanann siad leochaileachtaí agus neamhionannais atá ann cheana a dhoimhniú agus rioscaí a chruthú do chearta an duine; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar SEGS taidhleoireacht láidir aeráide AE a cheapadh agus a dhéanamh arb é is aidhm di comhar idirnáisiúnta i dtreo spriocanna Chomhaontú Pháras a chothú, an ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas nua a neartú agus tacaíocht nithiúil a chur ar fáil do spriocanna uaillmhianacha maidir le laghdú CO2 i dtríú tíortha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chomhaontaigh SEGS dhá Chomhaontú ar Leibhéal Seirbhíse le linn 2022 leis an bParlaimint, an chéad Chomhaontú maidir le hoifigigh de chuid na Parlaiminte a thabhairt ar iasacht do líon tosaigh de thrí Thoscaireacht (na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac, an tAontas Afracach san Aetóip agus ASEAN in Iacárta), ina ndéanfar an fhoireann ar iasacht a chomhtháthú san fhoroinn um ghnóthaí parlaiminteacha de ranna polaitiúla na dToscaireachtaí, agus an dara ceann maidir le foireann na Parlaiminte sna hoifigí idirchaidrimh i Londain agus in Washington;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an próiseas chun teacht in ionad chomhaontú idirinstitiúideach 2002 idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir le rochtain na Parlaiminte ar fhaisnéis rúnaicmithe i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES), ag leanúint ar aghaidh ar luas an-mhall, agus gur cosúil nach raibh ach cruinniú teicniúil amháin ann le linn 2022 agus ceann in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearbhaíonn SEGS go gcomhoibríonn sé go sármhaith le OLAF, OIPE agus an Chúirt agus go mbíonn cruinnithe agus malartuithe faisnéise rialta idir na hinstitiúidí sin; á chur in iúl gur geal léi thairis sin go bhfuil SEGS i mbun caibidlíochta maidir le socruithe oibre tiomnaithe idir SEGS agus OIPE agus á iarraidh go gcoinneofar an Pharlaimint ar an eolas faoi aon dul chun cinn a dhéantar sna caibidlíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á iarraidh ar SEGS béim a leagan ar na rialacha soláthair agus socruithe oibre tiomnaithe á gcaibidliú le OIPE, ó fhéadfaidh faisnéis an-íogair agus fiú a bhaineann le slándáil a bheith i gceist le nósanna imeachta áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcomhoibríonn SEGS go gníomhach le MECS trína Oifigeach Cosanta Sonraí, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe comhchéime, trí chruinnithe chun cuspóirí líonra OCS amach anseo a shainmhíniú, agus trí rannchuidiú leis an Meitheal um Aistrithe Idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcomhoibríonn SEGS go dlúth leis an Ombudsman agus go dtugtar cuireadh go córasach don Ombudsman anois chuig seimineáir réamhphoist SEGS chun a gcuid oibre a chur i láthair chun aird a tharraingt ar phrionsabail an dea-iompair riaracháin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh buiséad iomlán EUR 15,352 milliún ag SEGS le haghaidh cumarsáid phoiblí agus gníomhaíochtaí cur chun cinn agus gur treisíodh an chumarsáid phoiblí go suntasach mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac SEGS bearta chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar úsáid chorparáideach na meán sóisialta, lena n-áirítear a áirithiú go gcomhlíonfaidh an úsáid sin rialacha slándála TF agus cosanta sonraí, chun na treoirlínte a thabhairt cothrom le dáta agus chun fógraí íoctha ar an gcuntas corparáideach a chur ar fionraí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eisíodh treoirlínte maidir le húsáid phríobháideach na meán sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac SEGS páirt sa treoirthionscadal le haghaidh an ardáin meán sóisialta foinse oscailte EU Voice arna sheoladh ag MECS, agus ag moladh dó páirt a ghlacadh san ardán EU Video freisin, i bhfianaise an tóir atá air; á chur in iúl gur geal léi freisin go gcomhoibríonn SEGS le hinstitiúidí eile an Aontais chun taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a chomhrac, lena n-áirítear gníomhaíochtaí bréagaisnéise, agus EUR 7,150 milliún san iomlán in 2022; á chur in iúl gur geal léi go mór go bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag SEGS chun athléimneacht a neartú agus a fhorbairt chun an bhréagaisnéis agus cur isteach eachtrach ar ghnóthaí an Aontais a chomhrac; á chur i bhfáth gurb é SEGS príomhinstitiúid an Aontais atá freagrach as dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir Tascfhórsa StratCom an Oirthir dlús lena iarrachtaí feachtais bhréagaisnéise na Creimile a nochtadh tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus gur oibrigh an Tascfhórsa go dlúth leis na meáin neamhspleácha agus le comhpháirtithe na sochaí sibhialta i dtíortha Chomhpháirtíocht Oirthear na hEorpa chun cur i gcoinne FIMI agus gur aistríodh an t-ábhar roghnaithe sin ar shuíomh gréasáin EUvsDisinfo go teangacha éagsúla lena n-áirítear cuid de theangacha oifigiúla an Aontais chomh maith leis an Úcráinis, an tSeoirsis, an Airméinis, an Asarbaiseáinis, an Rúisis, agus an tSínis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais inár gcomharsanacht agus i dtíortha na mBalcán Thiar a rannphairtíocht a mhéadú chun tacú le beartas cumarsáide níos gníomhaí agus níos éifeachtaí maidir leis an bpeirspictíocht Eorpach agus a bheith réidh chun an cúnamh is fearr is féidir a chur ar fáil do na tíortha atá ag gabháil d’athchóirithe atá ar son an daonlathais agus ar son na hEorpa; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais cur chuige níos inchreidte agus fiúntasbhunaithe a chur i bhfeidhm bunaithe ar chritéir Chóbanhávan, go háirithe ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chosaint chearta an duine, go háirithe i bhfianaise an dul chun cinn teoranta atá déanta ag roinnt tíortha sna Balcáin Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais an tacaíocht a thugtar d’fhíorghníomhaithe daonlathacha agus don tsochaí shibhialta sna Balcáin Thiar a fheabhsú agus gníomhaíochtaí gníomhaithe neamhliobrálacha agus neamhdhaonlathacha a théann i gcoinne leas an Aontais a cháineadh go láidir agus go poiblí agus a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme chistiú IPA III i gcomhréir le cuspóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag leanúint de thoscaireachtaí an Aontais a spreagadh chun gníomhaithe áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn agus teagmháil a dhéanamh leo i dtríú tíortha chun idirphlé sóisialta agus idirphlé i dtaobh an smachta reachta, cearta bunúsacha agus an comhrac i gcoinne an éillithe a spreagadh chomh maith le feachtais dífhaisnéise a dhíbirt a bhagraíonn ar luachanna daonlathacha arna n-eagrú ag gníomhaithe stáit choigríche; á iarraidh go ndéanfadh toscaireachtaí an Aontais tacaíocht lóistíochta agus theicneolaíoch a chur ar fáil do chearta an duine agus do chosantóirí na bpobal dúchasach, go háirithe mná; á iarraidh go leanfadh toscaireachtaí an Aontais dá n-iarrachtaí comhordaithe chun infheictheacht tionscadal arna gcistiú ag an Aontas a mhéadú, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais ardchaighdeáin i gcás cuntasacht agus trédhearcacht a urramú agus iad i dteagmháil le comhpháirtithe réigiúnacha; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais a áirithiú go ndéanfar cistí an Aontais a dhámhtar i dtríú tíortha a úsáid go héifeachtach, go héifeachtúil agus i gcomhréir le luachanna, beartais agus rialacha airgeadais an Aontais a chumhdaítear, i measc áiteanna eile, sa Rialachán Airgeadais, a leagann síos trédhearcacht mar cheann dá threoirphrionsabail bhuiséadacha; á iarraidh aird ar leith a thabhairt ar bhacainní maorlathacha nach gá a sheachaint agus tacú le tairbhithe chun earráidí a bhuaileann an ráta earráide a chosc; á iarraidh ar SEGS toscaireachtaí an Aontais i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú; á chur i bhfios go láidir gur gá cabhrú le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir atá ag fulaingt ó ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin agus beartais an Aontais a chur in iúl dá saoránaigh ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>ag tathant ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais dlúthfhaireachán a dhéanamh ar staid an daonlathais sna tíortha éagsúla agus tacaíocht lóistíochtúil agus theicneolaíoch a chur ar fáil do chosantóirí chearta an duine agus do dhaoine dúchasacha, go háirithe do mhná.
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an staid in Gaza</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh tionchar an-láidir ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar bhuiséad SEGS trí bhoilsciú ag dul i méid, go háirithe in go leor áiteanna ar domhan ina ndéanann SEGS an chuid is mó dá oibríochtaí, go raibh tionchar ag an mboilsciú sin freisin ar chostais mhéadaitheacha do shlándáil agus do threalamh TF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil 108 mball foirne ag an toscaireacht san Úcráin agus go raibh thart ar 60 % díobh ina mbaill foirne áitiúla agus 40 % den fhoireann easaoránach roimh an ionradh agus gur iarradh ar bhaill foirne neamhriachtanacha fágáil seachtain sular bhris an t-ionradh amach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 25 bhall foirne easaoránacha ag Toscaireacht an Aontais chun na Rúise i mí Eanáir, agus go raibh 36 bhall foirne áitiúla, agus beirt bhall foirne ó BEI, agus gur díbríodh 18 gcomhalta den Toscaireacht, i mí Aibreáin 2022, tar éis 19 gcomhalta de Bhuanmhisean na Rúise chuig an EI sa Bhruiséil a bheith dearbhaithe mar personae no-grata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Aontas leanúint de sheirbhís sheachtrach láidir athléimneach a fhorbairt le ceannaireacht pholaitiúil shoiléir chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha agus chun comhleanúnachas bheartas eachtrach an Aontais a áirithiú; ina leith sin, tugann sí dá haire go bhfuil ról lárnach ag SEGS agus go háirithe ag a Toscaireachtaí i gcomhthéacs na n‑iarmhairtí geopholaitiúla a lean fogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an gá atá mar thoradh air sin le tacú le tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain agus comhaontais dhomhanda a neartú; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rannpháirtíocht agus tionchar láidir polaitiúil leanúnach ar an leibhéal déthaobhach, agus sa taidhleoireacht phoiblí agus chultúrtha chun luachanna, prionsabail agus leasanna an Aontais a chur chun cinn, agus i gcumarsáid straitéiseach chun an bhréagaisnéis a chomhrac; á iarraidh go dtabharfar isteach úsáid níos éifeachtaí acmhainní atá ar fáil ionas nach gcuirfear éifeachtacht an Aontais i mbaol ar an ardán idirnáisiúnta; á iarraidh ar SEGS leanúint dá hiarrachtaí chun an cur chuige atá aici a nuachóiriú agus chun infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus i gcumais nua agus, ag an am céanna, an chost-éifeachtúlacht a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di rannpháirtíocht leanúnach Phríomh-Aire na hUngáire Viktor Orban le hUachtarán na Rúise in ainneoin smachtbhannaí an Aontais agus barántas gabhála ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i leith coireanna cogaidh i gcoinne na cúirte sin i bhfianaise fhogha leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, faoi Airteagal 24 (3) CAE, tacú go gníomhach agus gan chuntar le beartas seachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí, agus staonfaidh siad ó ghníomhaíochtaí atá contrártha le leas an Aontais; á mheabhrú don Ardionadaí/Leas-Uachtarán go bhfuil sé d’oibleagáid air a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na prionsabail faoin airteagal seo, agus á iarraidh air, sa chomhthéacs sin, tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint maidir lena bhreithniú ar bheartas Phríomh-Aire na hUngáire i leith na Rúise agus maidir le comhlíonadh an airteagail seo den Chonradh, chomh maith le haon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith déanta aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag cáineadh go láidir úsáid an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe mar uirlis chogaidh san Úcráin, lena n-aicmítear é mar choir chogaidh; ag tabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar na tuairiscí maidir le gáinneáil ar dhaoine, foréigean gnéasach, saothrú, éigniú, agus mí-úsáid a bhíonn ar mhná agus leanaí atá ag teitheadh ón Úcráin go dtí an Eoraip; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban agus na gcailíní in ionaid ghlactha, lena n-áiritheofar go mbeidh seirbhísí foréigin inscnebhunaithe ar fáil láithreach; ag tathant ar an Aontas agus ar thíortha óstacha agus idirthurais rochtain ar sheirbhísí a bhaineann le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a ráthú; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tacú le heagraíochtaí a chuireann seirbhísí agus dídean ar fáil do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe i measc dídeanaithe mná agus cailíní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór gach foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht; ag cur béim ar an bhfíoras go n-úsáidtear an cineál spriocdhírithe sin d’fhoréigean gnéasach brúidiúil agus de chéasadh brúidiúil in aghaidh na mban go córasach i gcogaidh chun an daonra a sceimhliú agus a náiriú; sa chomhthéacs sin, á chur in iúl gur saoth léi go mór gur fhulaing mná go huafásach le linn na n-ionsaithe ó Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 ar a ndearna Hamas éigniú agus cineálacha eile céastóireachta gnéasaí fíochmhaire in aghaidh ban, déagóirí ban agus cailíní ó Iosrael agus ó náisiúin eile, de réir tuarascáil ó mhisean na Náisiún Aontaithe agus tuarascáil ó Chomhlachas na nIonad Géarchéime um Éigniú in Iosrael; á chur in iúl gur oth léi an easpa ceannaireachta ó SEGS agus ón gCoimisiúin agus a bhfreagairt mhoillithe ar na hionsaithe cruálacha sin; á iarraidh go láidir ar SEGS straitéis dhomhanda níos fearr a bhunú chun na cineálacha ionsaithe sin a chosc, chun tacaíocht a thabhairt do mhná atá ina gcónaí i limistéir ina bhfuil riosca agus i limistéir choinbhleachta, agus leanúint d’aon chineál foréigin ghnéasaigh agus céastóireachta gnéasaí a cháineadh go poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thionóil an tArdionadaí/Leas-Uachtarán cruinniú urghnách den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an 10 Deireadh Fómhair 2023 go gairid i ndiaidh ionsaí uafásach Hamas ar Iosrael; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhunaigh an Chomhairle Eorpach comhsheasamh maidir leis an staid in Iosrael agus sa Phalaistín ag an gcruinniú urghnách a bhí aici an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena n-áirítear plean gníomhaíochta ina bhfuil roinnt sraitheanna oibre; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di amhantraíocht go bhféadfadh Hamas airgead cháiníocóirí an Aontais a úsáid, seachas dul chun sochair do shibhialtaigh na Palaistíne, agus dá bhrí sin, ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur léiríodh leis an athbhreithniú ar chúnamh an Aontais don Phalaistín a tugadh chun críche i Samhain 2023<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht chuig an gCoimisiún ‘Athbhreithniú ar chúnamh airgeadais leanúnach don Phalaistín’, C(2023)8300 final.</FIELD></FOOTNOTE> nach bhfuarthas aon fhianaise go dtí seo gur atreoraíodh airgead chun críoch neamhbheartaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na líomhaintí tromchúiseacha a rinne Iosrael go bhféadfadh 12 fhostaí de chuid UNRWA a bheith bainteach le gníomhartha sceimhlitheoireachta agus ag tabhairt dá haire gur fhoirceann an Ghníomhaireacht a gconarthaí láithreach, gur sheol sí imscrúdú de chuid na Náisiún Aontaithe agus gur cheap sí grúpa athbhreithnithe neamhspleách; ag tabhairt dá haire go ndéanann SEGS faireachán leanúnach chun cosc a chur ar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta amhail Hamas mí-úsáid a bhaint as cistí an Aontais; ag tabhairt dá haire gur léirigh an t-athbhreithniú freisin go gcuireann an Coimisiún rialuithe ex ante agus ex post leormhaithe i bhfeidhm agus go bhfuil na coimircí atá i bhfeidhm éifeachtach; á mheabhrú go bhfuil ról nach féidir a ionadú ag an nGníomhaireacht sa fhreagairt dhaonnúil in Gaza, agus chun a áirithiú go gcuirfear seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil gan bhriseadh do dhídeanaithe leochaileacha Palaistíneacha ar fud an Mheánoirthir; á iarraidh ar SEGS an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi athruithe sa chomhar idir SEGS agus Údarás na Palaistíne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>ag aithint go gcuireann cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an staid in Gaza ualach airgeadais ar na Ballstáit, ar shaoránaigh na hEorpa agus ar fheidhmiú institiúidí an Aontais. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh don Úcráin agus do Gaza chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú maidir le húsáid na gcistí sin.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>