<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0237</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0117/2024 -  Rapóirtéir:Luke Ming Flanagan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir leis an urscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2139(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06179/2024 – C9‑0077/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 94 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2139(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06179/2024 – C9‑0077/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 94 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2139(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) oifig neamhspleách ionchúisimh phoiblí an Aontais agus go bhfuil sí freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus as lucht déanta cionta coiriúla agus a gcomhchoirithe sna cionta sin a thabhairt chun breithiúnais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 198, 28.7.2017, lch. 29.</FIELD></FOOTNOTE> agus arna léiriú i Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017, lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir leis an Oifig a bhunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuimsítear in inniúlacht OIPE líon cineálacha calaoise, lena n-áirítear calaois CBL a ngabhann damáistí os cionn EUR 10 milliún léi, sciúradh airgid, an éillitheacht agus cineálacha eile a bhfeidhmíonn OIPE feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát rannpháirteach i ndáil leo, go dtí go ndiúscrófar an cás go críochnaitheach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil OIPE ar cheann de ghné struchtúr Frith-Chalaoise an Aontais Eorpaigh agus, dá réir sin, go ndéantar a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí na ngnéithe eile den ailtireacht sin agus atá comhlántach leo, chun toradh deiridh ina mbeidh níos mó i gceist leis a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéanann OIPE idirghabháil i gcás inarb iad na húdaráis náisiúnta amháin a d’fhéadfadh na coireanna sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach ina raibh deireadh lena sainphribhléidí ag teorainn a dtíre, agus gan na cumhachtaí riachtanacha ag eagraíochtaí eile amhail Eurojust, OLAF agus Europol chun na himscrúduithe agus ionchúisimh choiriúla ábhartha a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil gníomhartha nós imeachta OIPE faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag na cúirteanna náisiúnta agus go bhfuil cumhachtaí iarmharacha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) – trí réamhrialuithe nó athbhreithnithe breithiúnacha ar na gníomhartha sin – chun a áirithiú go gcuirtear dlí AE i bhfeidhm go comhsheasmhach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil OIPE comhdhéanta de leibhéal lárnach, a bhfuil a cheanncheathrú i Lucsamburg, ina bhfuil an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, 22 Ionchúisitheoir Eorpach (ceann in aghaidh gach tír is rannpháirtí) agus an Stiúrthóir Riaracháin, agus de leibhéal díláraithe (náisiúnta) ina bhfuil na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha (ITEnna) sa 22 Bhallstát Aontais atá rannpháirteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, ag an leibhéal lárnach, gurb é an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus an 22 Ionchúisitheoir Eorpacha le chéile a dhéanann Coláiste OIPE agus go maoirsíonn sé na himscrúduithe agus ionchúisimh ar an leibhéal náisiúnta arna ndéanamh ag ITEnna, a oibríonn le neamhspleáchas iomlán ar a n-údaráis náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2017/1939 go ndéanfaidh Stiúrthóir Riaracháin OIPE, ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin na hOifige, buiséad na hoifige a chur chun feidhme faoina freagracht féin agus laistigh de na teorainneacha a údaraítear sa bhuiséad, agus an fhaisnéis uile a bhaineann le cinntí aon nósanna imeachta meastóireachta a sheoladh gach bliain chuig an údarás buiséadach;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialacha Airgeadais OIPE, go ngníomhóidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin mar Oifigeach Cuntasaíochta OIPE freisin agus go mbeidh sé freagrach as na cuntais bhliantúla, a chomhdhlúthaítear le cuntais an Aontais, a ullmhú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, faoin gcreat reatha, gurb í an Chúirt a iniúchann na cuntais bhliantúla chríochnaitheacha agus gur faoin gComhairle atá sé moladh a dhéanamh agus faoi Pharlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú do Stiúrthóir Riaracháin na hOifige i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais ar leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur chuir an Oifig tús lena gníomhaíochtaí oibríochtúla an 1 Meitheamh 2021 agus go bhfeidhmíonn sí go neamhspleách i gcur chun feidhme a buiséid ón 24 Meitheamh 2021, agus go gceadaítear leis an tréimhse ghearr sin anailís chomparáideach theoranta agus treochtaí a shainaithint;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur gá na rialacha lena rialaítear bainistiú acmhainní OIPE agus caiteachas gaolmhar a choigeartú de réir shaintréithe na ngníomhaíochtaí ionchúisimh agus imscrúdaitheacha agus go bhfuil forálacha ábhartha an Rialacháin Airgeadais á bplé laistigh d’athmhúnlú an rialacháin sin agus, i gcomhthéacs níos leithne, idir OIPE agus an Coimisiún;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tuairim dhearfach ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le hiontaofacht chuntais OIPE don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2022 agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus na n-íocaíochtaí is bun leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa go láidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú; ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag OIPE mar chomhlacht neamhspleách de chuid an Aontais agus á chur i bhfáth go gcuireann sé freagracht ar leith uirthi i leith institiúidí eile agus i leith institiúidí an phobail i gcoitinne i réimsí a thagann faoi chuimsiú shainchúram an chórais dlí; á chur in iúl gur mór aici an obair a dhéanann OIPE chun coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais, amhail calaois, éilliú agus calaois thromchúiseach trasteorann CBL, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus ceartas a bhaint amach ina leith i ndáil le coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais agus maidir le leasanna airgeadais an Aontais; ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag OIPE maidir le rannchuidiú le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus, go háirithe, le buiséad an Aontais; á mheabhrú go gcruthaíonn ról uathúil OIPE i gcreat forfheidhmithe dlí an Aontais mar sheirbhís ionchúisimh oibleagáid ar OIPE imscrúdú a dhéanamh ar na hábhair uile atá faoina n-inniúlacht, nuair a chuirtear ar a n-aire iad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann an buiséad foriomlán deiridh a leithdháileadh ar OIPE do 2022 agus EUR 51.2 milliún, arna laghdú ón maoiniú tosaigh, arb ionann é agus EUR 57.1 milliún, agus gur méadaíodh go ciallmhar é ón EUR 35.4 milliún a leithdháileadh in 2021; ag tabhairt dá haire gur feabhas é an méid aisíoctha de EUR 5.9 milliún (arb ionann é agus 10 % den bhuiséad tosaigh do 2022) i gcomparáid le 2021, nuair a tugadh EUR 9.5 milliún ar ais do bhuiséad an Aontais (arb ionann é agus 21 % den bhuiséad tosaigh do 2021); ag tabhairt dá haire go raibh an méid sin aisíoctha de réir a chéile in 2022 toisc go ndearnadh rómheastachán i bpáirt air i ndáil leis na riachtanais éifeachtacha (i gcás seirbhís teanga a bhí 65 % níos airde), agus i bpáirt go raibh sé dodhéanta é a úsáid chun imscrúduithe fíorchostasacha na mBallstát rannpháirteach a aisíoc, mar shampla Airteagal 91(6) de Rialachán (AE) 2017/1939 (a choisctear leis an Rialachán Airgeadais go dtí gur deonaíodh maolú in 2023) agus, ar deireadh, mar gheall ar mhoill ar roghnú agus earcú ball foirne nua a sheoladh (ar cheart iad a bheith beartaithe in 2021 ach nach bhféadfaí a bheith indéanta go dtí níos déanaí ná sin, nuair a glacadh buiséad 2022);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach féidir comparáid a dhéanamh ach amháin idir feidhmíocht bhuiséadach OIPE don tréimhse tar éis a neamhspleáchais airgeadais, a cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2021; á chur in iúl gur geal léi leibhéal sásúil chur chun feidhme an bhuiséid de 98,1 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (i gcoinne 97,4 % in 2021) agus 76,6 % de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (i gcomparáid le 78,2 % in 2021); á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh dul chun cinn in 2022 maidir leis an ráta foriomlán forghníomhaithe le haghaidh íocaíochtaí agus 76,6 % de leithreasuithe íoctha tugtha chun críche sa bhuiséad deiridh, i gcomparáid le 71 % in 2021; ag tabhairt faoi deara gur mhéadaigh an meán-am íocaíochta go 23,8 lá in 2022 i gcomparáid le 21,0 lá in 2021 agus go dtuigeann sí go bhfuil an treocht sin nasctha leis an méadú suntasach ar iarrataí ar íocaíochtaí a phróiseáiltear sa bhliain (is ionann 2 316 iarraidh ar íocaíocht i gcomparáid le 657 lá in 2021 agus méadú 252 %); ag spreagadh OIPE, arís eile, an modúl ríomhshonrasctha (ríomhshonrascadh) a chur chun feidhme tuilleadh, ar modúl é nár cuireadh tús leis go dtí 2023, chun ualaí riaracháin, am le haghaidh íocaíocht agus na costais fhoriomlána phróiseála a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, tar éis a neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach, i mí an Mheithimh 2021, go bhfuil tosaíocht tugtha ag OIPE don chaiteachas oibríochtúil a bhaineann le bearta imscrúdaithe, ionchúisimh agus slándála, lena dteorannaítear caiteachas neamhoibríochtúil do cheanglais fhíor-riachtanacha chomhlíonta agus do sheirbhísí tacaíochta ar an leibhéal bunúsach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur sonrú i dtreocht in airde i roinnt línte caiteachais oibríochtúla; ag tabhairt dá haire gur shroich luach saothair na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha EUR 8.7 milliún, agus gurb ionann é agus an príomhchaiteachas oibríochtúil mar gheall ar an méadú ar líon na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a bhí i bhfeidhm le linn 2022; ag tabhairt faoi deara gurb ionann costais misean agus cruinnithe oibríochtúla agus 5,2 % den chaiteachas oibríochtúil (EUR 1,1 milliún) i gcomparáid le 2,9 % in 2021, agus i gcás misean aonair gurb ionann an méadú in 2022 i gcomparáid le 2021 (tar éis do OIPE neamhspleáchas airgeadais a fháil) agus 170 %, mar thoradh ar an méadú ar ghníomhaíochtaí foirne agus seachtracha sa chéad bhliain iomlán oibríochtaí; ag tabhairt dá haire freisin gur gealladh EUR 2,8 milliún do sheirbhísí aistriúcháin, arb ionann é agus 14 % den chaiteachas oibríochtúil, i gcomparáid le 7,6 % in 2021; á aithint go bhfuil gá le hacmhainní breise le haghaidh aistriúcháin i bhfianaise an mhéadaithe a bhfuiltear ag dréim leis i gcásanna imscrúdaitheacha sna blianta ina dhiaidh sin; á iarraidh ar OIPE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoina phleananna úsáid seirbhísí aistriúcháin uathoibrithe a leathnú tuilleadh leis an ‘tairseach aistriúcháin’ arna forbairt go hinmheánach agus trí úsáid mhéadaithe a bhaint as aistritheoirí náisiúnta faoi mhionn a íocann na Ballstáit rannpháirteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil réamhaisnéis ar an gcaiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí OIPE an-chasta mar gheall ar leibhéal braite na calaoise, tíopeolaíocht agus cineál na gcásanna, éifeachtúlacht OIPE maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh a stiúradh i bhfianaise a gcineáil éigeantaigh agus nósanna imeachta agus srianta na gcóras breithiúnach náisiúnta, an easpa comhghaoil sheasta idir líon na n-imscrúduithe agus a gcostais, agus ar deireadh, méid leasanna airgeadais an Aontais a bheidh le cosaint, lena n-áirítear pleananna na Polainne agus na Sualainne dul isteach in OIPE; ag tabhairt faoi deara freisin go bhfuil sé deacair meastachán a dhéanamh ar an réamhaisnéis ar chaiteachas don ualach cásanna a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) - mar gheall ar mhodh cur chun feidhme nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus líon mór na n-acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata tionchar imscaradh RRF a chur san áireamh sa réamhaisnéis go gcuirfidh OIPE in iúl don Choimisiún faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh; ag teacht leis an tuairim go bhfuil fás suntasach tar éis teacht ar ualach oibre OIPE, a ndearnadh gannmheastachán air i dtosach, agus go leanfaidh sé de bheith ag méadú sna blianta amach romhainn, go háirithe maidir le líon na gcásanna RRF (nár osclaíodh ach 15 chás in 2022, ach nach n-osclófar ach 15 chás eile in 2023 de réir mar a shroichfidh sé a bhuaic cur chun feidhme) agus go mbeidh gá le fócas éagsúil i líon níos mó cásanna le linn na céime trialaí ná na cinn le linn chéim an imscrúdaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á aithint gur léir go rannchuidíonn OIPE le breisluach Eorpach ó thaobh comhordú agus comhar leis na Ballstáit maidir le coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus go bhfuil na spriocanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 á mbaint amach ag OIPE ina leith sin; ag dréim leis go gcomhlíonfaidh na Ballstáit oibleagáidí dlíthiúla agus go ndéanfaidh siad gach cás ábhartha a thuairisciú do OIPE; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh na Ballstáit tar éis cionta coiriúla a dhearbhú i roinnt cásanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar chásanna náisiúnta, a thagann faoi inniúlacht OIPE; ag tabhairt dá haire gur tháinig ceisteanna inniúlachta idir na húdaráis náisiúnta agus na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha chun cinn i roinnt cásanna ar fud roinnt tíortha; á chur in iúl gur eol di, de réir Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2017/1939, go bhfuil cásanna easaontais faoi inniúlachtaí OIPE le cinneadh ag an údarás breithiúnach náisiúnta céanna atá freagrach as an gcomhlacht inniúil le haghaidh ionchúisimh ar an leibhéal náisiúnta a chinneadh; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus na húdaráis náisiúnta ar cuireadh de chúram orthu na cinntí maidir le cásanna den sórt sin maidir le coinbhleachtaí inniúlachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, á chur i bhfáth, i gcásanna coinbhleachtaí inniúlachta idir OIPE agus údarás náisiúnta ionchúisimh, go bhféadfadh an t-údarás náisiúnta atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le sannadh na hinniúlachta teacht ar chonclúid gan réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais a iarraidh ach ina ionad sin cinneadh a dhéanamh atá ina cheangal ar OIPE agus ag tabhairt le fios go bhfuil sé sin in aghaidh mheon Rialachán (AE) 2017/1939, ina luaitear go bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, réamhrialú a thabhairt ar léirmhíniú na forála maidir le coinbhleachtaí inniúlachta idir na húdaráis náisiúnta agus OIPE; á chreidiúint go bhfuil easpa soiléireachta dlíthiúla sa staid reatha; ag spreagadh na mBallstát uile oibriú níos dlúithe le OIPE; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil inniúlacht OIPE leagtha amach go soiléir in Airteagal 22(1) agus (2), agus in Airteagal 23, agus gur cheart do na Ballstáit uile Rialachán (AE) 2017/1939 a urramú; ag tabhairt dá haire, i gcás ina mbeidh amhras ar na Ballstáit faoi inniúlacht OIPE i gcás ar leith, go bhféadfaí réamhcheist a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais i gcomhair réamhrialú de réir Airteagal 267 CFAE agus Airteagal 42(2)(c) de Rialachán (AE) 2017/1939; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcás ina bhfuil sárú cáis ar Rialachán (AE) 2017/1939, an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfadh ceist na hinniúlachta a bheith ina cúis le stop a chur leis an imscrúdú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé go gcaillfear fianaise nuair a chuirtear cásanna ar sos; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a bhailiú lena n-athghrádaítear cásanna maidir le coinbhleachtaí inniúlachta don tuarascáil mheastóireachta a thíolacfar in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur tharla 9 gcás san Iodáil, in 2022, de na 15 chás ghníomhacha RRF a liostaítear i dTuarascáil Bhliantúil OIPE, 2 chás sa Phortaingéil, 3 chás sa Rómáin, agus cás amháin sa Chróit; ag moladh go láidir do OIPE patrúin chalaoise a lorg i dtíortha inar tharla níos mó ná cás RRF amháin, agus OLAF agus Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta araon a chur ar an eolas faoi na patrúin sin agus é mar aidhm leis na cásanna calaoise a tharlaíonn ar an gcéad dul síos a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil thart ar 170 imscrúdú gníomhach ag OIPE i níos mó ná 7 dtír a bhaineann le cásanna RRF agus go meastar faoi láthair gurb ionann na damáistí sna himscrúduithe gníomhacha sin agus EUR 530 milliún; ag tabhairt dá haire go measann OIPE go dtiocfaidh méadú ar líon na n-imscrúduithe gníomhacha nua lena mbaineann cistí téarnaimh agus athléimneachta de réir mar a thiocfaidh níos mó tíortha chun bheith ina bhfaighteoirí de chistí RRF, ag spreagadh OIPE a mbuiséad agus a n-acmhainneachtaí a phleanáil dá réir sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>maidir le méid na n-acmhainní a leithdháiltear ar OIPE, á chur i bhfios go láidir gur cheart na hacmhainní buiséadacha agus daonna a leithdháileadh a bheith leordhóthanach chun go bhféadfar a shainordú a chur i gcrích go héifeachtúil agus go rathúil agus chun go mbeifear in ann gnáthláimhseáil a dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chreat buiséadach OIPE i ndlúthchomhar le OIPE chun bealaí leordhóthanacha a aimsiú chun tacú leis ina chuid oibre, agus é ar an eolas go mbeidh gá le hacmhainní breise i gcomhthéacs líon méadaitheach cásanna casta agus nár cheart iad sin a bheith ag brath ar athbhreithniú Rialachán (AE) 2017/1939 agus/nó ar a shainordú; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin freisin, go bhfuiltear ag dréim le líon méadaitheach na ndúshlán dlíthiúil, rud a chuireann amhras ar léirmhíniú chreat dlíthiúil OIPE agus ar a chomhtháthú i gcórais bhreithiúnacha na mBallstát nó os comhair na Cúirte Breithiúnais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí, maidir le húsáid na n-acmhainní a leithdháiltear ar OIPE, go mbíonn OIPE ag gabháil do nuashonrú agus d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar a rialacha airgeadais inmheánacha lena rialaítear gnéithe airgeadais a cuid oibríochtaí; á chur in iúl gur geal léi, chun na críche sin, an t-idirphlé leanúnach leis an gCoimisiún agus gur eol di, i gcomhréir leis na moltaí a rinne an Coimisiún, gur leasaigh Cinneadh ó Choláiste OIPE le déanaí a rialacha airgeadais tríd an bhféidearthacht comhaontuithe a thabhairt i gcrích le húdaráis inniúla na mBallstát a chur isteach agus conarthaí a thabhairt i gcrích gan dul i muinín nós imeachta soláthair phoiblí, i gcás nach féidir soláthar a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí gur seoladh creat-chomhaontú píolótach in 2022, chun éilimh a rinneadh faoi Airteagal 91(6) de Rialachán (AE) 2017/1939 a aisíoc, chun bearta imscrúdaithe costasacha arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta thar ceann OIPE a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios gur gá Airteagal 91(6) de Rialachán (AE) 2017/1939 a chur chun feidhme go cuí agus á chur i bhfios go láidir nach mór saintréithe sonracha an chaiteachais ionchúisimh agus imscrúdaithe (lena n-áirítear na cásanna eisceachtúla de chaiteachas oibríochtúil OIPE arna rialú ag Airteagal 91.6) a chur san áireamh; á chur in iúl gur oth léi gur cuireadh deireadh leis an togra a tugadh chun cinn sa chaibidlíocht thríthaobhach athmhúnlaithe; á áitiú gur cheart don Choimisiún, agus é i mbun idirphlé le OIPE, féachaint ar bhealaí malartacha chun go bhféadfaí an fhoráil a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt chun suntais, tar éis thús ghníomhaíocht oibríochtúil OIPE, nach raibh Ráiteas Airgeadais Reachtach 2017 oiriúnach dá fheidhm a thuilleadh toisc go ndearnadh gannmheastachán suntasach ar an ualach oibre, agus nár moladh aon nuashonrú air; i ndáil leis an méid sin, á chreidiúint, in éagmais athbhreithniú buiséadach meántéarma do OIPE, go gcuirtear cosc ar OIPE tuiscint shoiléir a bheith aige ar na hacmhainní atá ar fáil do ghníomhaíochtaí na gcásanna atá ann cheana amach anseo agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a réamh-mheas roimh dheireadh phróiseas an ghlactha bhuiséadaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim go bhfuil teorainn á cur leis na roghanna ar cheart a chur ar fáil chun an tsolúbthacht is mó is féidir a bhaint amach maidir le bonneagar eagraíochtúil a thógáil le haghaidh fhorbairt chomh nuálach le OIPE toisc nach ann do chreat acmhainní meántéarmach i gcomhair OIPE, ó thaobh buiséid agus foirne de araon, tráth ar den riachtanas gníomhú go beo chun dlús a chur leis na hoibríochtaí agus bunaíochtaí riaracháin a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go bhfuil OIPE ag iarraidh comhar agus comhordú a dhéanamh leis na Ballstáit maidir leis an gcaoi ar cheart calaois a dhéanann difear do RRF a thuairisciú do OIPE agus a láimhseáil ar an leibhéal imscrúdaitheach agus le linn na céime ionchúisimh, agus ar an gcaoi a bhféadfadh OIPE idirghabháil éifeachtach a dhéanamh ina leith sin; á chreidiúint go bhfuil rannpháirtíocht OIPE in imscrúdú agus in ionchúiseamh cásanna calaoise a dhéanann difear do chistí RRF bunriachtanach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á mheabhrú gur comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é OIPE agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún treoir leormhaith a chur ar fáil do OIPE maidir le conas tacú leis na bearta feabhais a ghlacadh a thagann tar éis calaois a dhéanann difear do RRF a imscrúdú agus a ionchúiseamh, arna dhéanamh ar bhonn neamhspleách ag OIPE, agus an t-údarás buiséadach a choinneáil ar an eolas maidir leis na roghanna atá ar fáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar thuarascálacha coireachta a cuireadh faoi bhráid OIPE (3 318 in 2022 i gcomparáid le 2 832 in 2021) agus, mar thoradh air sin, gur tháinig méadú ar imscrúduithe oscailte (865 in 2022 agus damáistí measta arb ionann iad agus 9.9 billiún, i gcomparáid le 576 in 2021 agus damáistí measta arb ionann iad agus 5.4 billiún); ag tabhairt dá haire gurb ionann líon na gcásanna dúnta (251 in 2022 i gcomparáid le 57 in 2021) agus líon na ndíotálacha (87 in 2022 i gcomparáid le 5 in 2021) mar aon leis na horduithe reo a fuair OIPE agus EUR 359.1 milliún in 2022 amháin (i gcomparáid le EUR 516 mhilliún a iarradh); ag tabhairt dá haire gur tugadh 20 cás i gcrích sa Chúirt in 2022, agus á mheas go bhfuil sé tábhachtach go dtuairisceodh OIPE go córasach ar an obair leantach ar na cásanna sin ó thaobh na mbeart airgeadais a glacadh (coigistiú agus/nó téarnamh) chun tuiscint níos soiléire a thabhairt ar thionchar ghníomhaíochtaí OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na bealaí is iomchuí chun cúnamh a thabhairt do OIPE sna gníomhaíochtaí faireacháin agus leantacha, ar bhealach nach ndéanfar acmhainní OIPE a atreorú óna gcúraimí imscrúdaitheacha agus ionchúisimh; ag spreagadh OIPE, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, dul i mbun comhar níos fearr le comhpháirteanna eile den Ailtireacht Frith-Chalaoise, amhail Eurojust agus Europol, nó úsáid a bhaint as - trí OLAF - na Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise (AFCOS) arna mbunú sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar OIPE córas a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthachain éifeachtúlachta, ar choigilteas ama agus costais agus á chur in iúl gur mór aici córas bainistithe cáilíochta a ghlacadh chun príomhphróisis a bharrfheabhsú agus chun feidhmíocht eagraíochtúil, cáilíocht seirbhíse agus cost-éifeachtúlacht a bhaint amach; á chur in iúl go dtuigeann sí go ndearnadh athchóiriú ar roinnt nósanna imeachta chun ualach riaracháin agus iomarcaíochtaí nach bhfuil gá leo a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go n-úsáideann OIPE cur chuige atá bunaithe ar riosca ar fud a ghníomhaíochtaí, agus béim á leagan ar réimsí ardriosca a shainaithint; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Beartas Comhshaoil Riaracháin um Rialú Inmheánach OIPE agus á iarraidh ar bhainistiú OIPE faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh chun a fhíorú go ndéantar iad a chur in oiriúint go leanúnach do chonair fáis aibíochta eagrúcháin OIPE; á chur in iúl gur mór aici, i ndáil leis an méid sin, an measúnú a rinneadh le déanaí, rud as a dtagann treochlár cur chun feidhme ina ndírítear ar na heasnaimh a sainaithníodh; á chur i bhfios gur sainaithníodh gur de dheasca easpa acmhainní iad na príomhréimsí ardriosca iarmharacha (i gcás ina gcuirtear iallach ar OIPE rogha a dhéanamh idir gníomhaíochtaí atá chomh bunriachtanach céanna chun a shainordú a chur i gcrích nó i gcás nach bhfuil dearbhú réasúnach ann maidir leis na caighdeáin riaracháin uile a chomhlíonadh);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Eochairtháscairí Feidhmíochta (KPInna) le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla agus riaracháin araon, atá nasctha leis an gclár oibre bliantúil agus ilbhliantúil; ag tabhairt faoi deara nach n-áirítear sna heochairtháscairí feidhmíochta le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla aon tagairt shonrach do na méideanna arna n-aisghabháil ó bhuiséad an Aontais, arb é a gcosaint ar deireadh ná raison d’être na hAiltireachta Frithchalaoise a bhfuil OIPE ina chomhpháirt thábhachtach di; á iarraidh ar OIPE táscairí a ghlacadh atá nasctha leis an gcúram bunriachtanach sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur ghlac Coláiste OIPE, in 2022, Cairt Iniúchóireachta Inmheánaí agus plean iniúchóireachta rioscabhunaithe an Chumais Iniúchóireachta Inmheánaí, lena sainaithnítear na tosaíochtaí Iniúchóireachta Inmheánaí do 2022–2024; á mholadh don tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) agus don Chumas Iniúchóireachta Inmheánaí (IAC) a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú d’fhonn comhairle agus cúnamh a thabhairt do OIPE maidir lena chroíphróisis a bhunú agus maidir lena chuspóirí a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh córas níos fearr a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí agus tar éis thionchar airgeadais obair OIPE; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le sonraí níos comhiomlánaithe maidir le cásanna chun patrúin calaoise a shainaithint ar bhealach níos fearr; ag spreagadh comhordú leanúnach le Europol sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag OIPE caighdeáin bhainistíochta riaracháin phoiblí an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán, agus á mheabhrú go bhfuil plean cuimsitheach leanúnachais gnó a ghlacadh ar cheann de na buncheanglais den sórt sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil an treocht aníos i líon na foirne, ag méadú ó 58 in 2020, go 122 in 2021, agus go 217 faoi dheireadh 2022; á chur in iúl gur eol di gur iarr OIPE 171 ngníomhaire shealadacha, 48 ngníomhaire ar conradh agus 29 saineolaí náisiúnta ar iasacht, le haghaidh 2022, arb ionann iad agus 248 bpost san iomlán (i gcomparáid leis an staid in 2021, le 95 ghníomhaire shealadacha, 35 ghníomhaire ar conradh, agus 0 saineolaí náisiúnta ar iasacht le haghaidh 130 post san iomlán); ag tabhairt dá haire gur dheonaigh an t-údarás buiséadach 100 % de na poist arna n-iarraidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfios, in 2022, go ndearnadh 85 ghníomhaire reachtúla a fhostú sa lároifig agus 22 ITE a fhostú in oifigí náisiúnta a bhí mar thoradh ar iarrachtaí OIPE líon leormhaith ball foirne cáilithe a earcú le nósanna imeachta tapa; ag tabhairt dá haire, agus 217 de na 248 bpost buiséadaithe líonta ag deireadh 2022, gur tháinig laghdú go 87,5 % ar ráta áitíochta na bpost arna líonadh ag gníomhairí sealadacha, ag gníomhairí ar conradh agus ag SNEanna (i gcomparáid le 94 % in 2021), agus i gcás ITEnna gur mhéadaigh an ráta lonnaitheachta go 82,1 % (le 115 as an 140 post buiséadaithe ITE a líonadh) i gcomparáid le 68 % in 2021 (líonadh ach 95 as an 140 post buiséadaithe ITE) ag tabhairt an ráta lonnaitheachta domhanda foriomlán go 85,56 % (i gcomparáid le 81 % in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, le linn na cuairte ar OIPE le linn an Mhisin um Rialú Buiséadach go Lucsamburg in 2023, gur chuir OIPE in iúl go raibh géarghá le níos mó saineolaithe dlíthiúla chun an líon mór imscrúduithe a láimhseáil; ag tabhairt dá haire go raibh os cionn 1117 n-imscrúdú gníomhach ann in 2022 (staidreamh OIPE 2022); á aithint go raibh an Coimisiún gníomhach sa réimse sin cheana féin ach á iarraidh go gcomhlíonfar acmhainneachtaí breise go háirithe i bhfianaise an riaráiste agus na gcásanna breise a bhaineann le RRF agus na calaoise forleithne CBL; á chur i bhfios go bhféadfadh sé go ndearna an Coimisiún gannmheastachán ar riachtanais agus ar acmhainneachtaí; á aithint gur chomhlíon AS an Bhuiséid agus an Coimisiún iarrataí OIPE go dtí seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuiltear ag dréim go dtiocfaidh méadú ar na feidhmeanna riaracháin agus lárnacha tacaíochta, i gcomhréir leis an daonra oibríochtúil níos mó, agus go mbeidh earcaíocht bhreise ríthábhachtach freisin i réimse na Seirbhísí Digiteacha agus Slándála; á chur in iúl gur mór aici gur cuireadh na riachtanais oibríochtúla bhreise san áireamh i nDoiciméad Clársceidealaithe Aonair 2024-2026 OIPE agus sna hiarrataí ar Bhuiséad do 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go bhfuil margadh saothair Lucsamburg an-iomaíoch, agus nach bhfuil na dálaí a chuireann riarachán an Aontais ar fáil tarraingteach i gcoinne an mhargaidh áitiúil (faoi réir innéacsú an phá éagsúil i rith na bliana), ná nach gcuireann siad san áireamh go leormhaith an costas ard maireachtála (go háirithe i réimse na tithíochta); á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an staid achrannach sin níos géire fós d’oiliúnaithe agus do ghníomhairí ar conradh, agus ar an gcúis sin, tá deireadh á chur de réir a chéile le gníomhairí ar conradh i bhfabhar poist mar ghníomhairí sealadacha toisc go dtairbhíonn siad de chonradh atá níos fabhraí; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé níos deacra fós pearsanra a mhealladh agus a choinneáil in 2022 mar gheall ar an ráta boilscithe agus ar an gcostas maireachtála méadaithe, agus nach bhfuil an tionchar dearfach céanna ag figiúirí cúitimh agus atá acu lasmuigh de riarachán an Aontais, i gcás inar choinnigh innéacsú pá náisiúnta an chosaint ar chumhacht ceannaigh na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil OIPE chomh tarraingteach céanna leis na ceithre institiúid eile de chuid an Aontais atá ag feidhmiú ó Lucsamburg, toisc nach féidir leis bealach a chur ar fáil chun bheith ina Oifigeach de chuid an Aontais; ag tabhairt chun suntais gur gá do OIPE tuarastail tharraingteacha a thairiscint do ghníomhairí ar conradh agus do ghníomhairí sealadacha, atá iomaíoch lena bhfuil ar fáil san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear seirbhísí dlí agus seirbhísí TF, chun an tallann is fearr agus is cliste a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu a mhealladh; ag tabhairt chun suntais go bhféadfadh sé gur ghá tuarastail reatha agus buiséad reatha a choigeartú chun é sin a léiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, ag deireadh 2022, go bhfuil cothromaíocht gheografach agus inscne á saothrú go leormhaith ar an iomlán ar fud an 217 mball foirne (ba fhir iad 122 agus ba mhná iad 95 díobh); á chur in iúl gur geal léi go ndéanann an fhoireann earcaíochta faireachán leanúnach ar mhiondealú náisiúntachta dhaonra OIPE, chun cothromaíocht a áirithiú, go háirithe, i bhfianaise dháileadh míchothrom na n-iarratasóirí; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil an dáileadh inscní is fearr fós i measc na bpost sinsearach agus meánbhainistíochta (ceithre in aghaidh a haon) agus á athdhearbhú gur cheart an ghné sin a fheabhsú faoi chuimsiú na straitéise éagsúlachta foriomláine, lena n-áirítear spreagadh leormhaith a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh; á iarraidh in athuair ar OIPE a chairt maidir le héagsúlacht agus cuimsiú a ghlacadh gan mhoill, i bhfianaise an mhéadaithe foirne le bliain anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt le fios, faoi dheireadh 2022, go ndearnadh 275 as 332 bhall foirne (82,83 % i gcomparáid le 186 bhall foirne, is é sin 86 % in 2021), a imscaradh i ngníomhaíochtaí imscrúdaitheacha (gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh, SNInna agus ITEnna) agus go raibh 57 mball foirne i mbun Feidhmeanna Tacaíochta agus Rialaithe Riaracháin (17,17 %) agus go raibh 9 bpost imscrúdaitheacha folamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur freagracht chomhroinnte de chuid OIPE agus de chuid na mBallstát é ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha a cheapadh; á chur i bhfáth nach mór don nós imeachta ceapacháin a bheith i gcónaí de réir Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/1939 agus phrionsabal an neamhspleáchais náisiúnta nós imeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an méadú atá tagtha ar líon na ITEnna a earcaíodh i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur eol di go bhféadfaí feabhas a chur ar rannpháirtíocht iarrthóirí cáilithe, agus go bhféadfadh an próiseas ceapacháin a bheith níos roghnaí trí pheirspictíocht ghairme níos soiléire agus smacht riaracháin níos fabhraí a ghlacadh maidir le slándáil shóisialta agus cumhdach árachais sláinte; á chreidiúint go mbeadh na poist sin níos tarraingtí dá gcruthófaí stádas sonrach do ITEnna, mar a thuigfí trí chineál a bhfeidhme breithiúnaí; á iarraidh ar OIPE agus ar an gCoimisiún féachaint ar na réitigh uile a d’fhéadfadh a bheith ann chun feabhas a chur ar a n-idirphlé chun an toradh sin a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar na tairbhí a chruthódh sé sin ó thaobh inniúlachtaí agus éifeachtúlacht oibríochtúil de; á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim go dtugann an staid sin tacaíocht bhreise don iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2017/1939 agus ar stádas OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil soláthraithe seirbhíse seachtracha atá ag obair ar an láthair fós fostaithe ag OIPE (39 mball foirne in 2022); á chur in iúl gur eol di, le linn 2022, go raibh ar OIPE arís dul i muinín foireann eatramhach a úsáid le haghaidh idirbhearta airgeadais, ar sárú é ar a rialacha airgeadais féin; á chur in iúl go dtuigeann sí gur forchuireadh an cinneadh sin, a nochtadh go trédhearcach, mar gheall ar an ngá leis an bhfoireann reachtúil atá ar fáil a imscaradh i róil imscrúdaithe agus ionchúisimh; ag tabhairt dá haire, áfach, gur stad OIPE de bheith ag brath ar fhoireann eatramhach chun idirbhearta airgeadais a phróiseáil tar éis a acmhainneachta foirne méadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go raibh costais mhéadaithe ar chúrsaí oiliúna in 2022 agus go dtuigeann sí gur baineadh úsáid níos déine as ardán EU Learn mar thoradh air sin, agus gur tháinig méadú beagnach faoi dhó ar a chostas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth go sainíonn dhá chomhlacht rialacha socruithe solúbtha oibre agus an córas teilea-oibre faoi láthair, nach bhfuil an Cinneadh ó Choláiste OIPE maidir leis an am oibre a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2021 infheidhme ach amháin maidir le hionchúisitheoirí agus maidir leis an stiúrthóir riaracháin, agus go bhfuil an Cinneadh ó Choláiste OIPE a glacadh i mí na Nollag 2022 infheidhme maidir leis an gcuid eile den fhoireann; á chur i bhfáth go bhfuil an dá Chinneadh i bhfeidhm agus go gcuirtear i bhfeidhm iad go comhuaineach maidir leis na seolaithe faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an chéad chinneadh níos sriantaí agus go gcuireann sé an t-am oibre agus na roghanna gaolmhara maidir le leibhéil bhainistíochta in oiriúint d’éilimh OIPE, chun comhsheasmhacht agus leanúnachas na bpróiseas cinnteoireachta a ráthú, agus tá sé d’aidhm ag an dara ceann an chothromaíocht phríobháideach agus cothromaíocht oibre is saoil a bharrfheabhsú; ag tabhairt faoi deara go nglactar idirdhealú den chineál céanna don chóras teilea-oibre, ina bhfuil an bhainistíocht i dteideal teilea-obair a dhéanamh ar feadh 60 lá ar a mhéad in aghaidh na bliana féilire, agus gur féidir le baill foirne eile teilea-obair a roghnú idir 20 % agus 60 % den am oibre seachtainiúil; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an dá ghrúpa foirne teilea-obair a dhéanamh thar lear suas le teorainn 10 lá oibre; ag spreagadh OIPE dul i gcomhairle lena fhoireann trí shuirbhé a sheoladh chun an leibhéal sástachta a fhíorú agus dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne maidir le haon chinntí breise a bheidh le déanamh maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chás traochta ná ciaptha agus go bhfuil líon na saoire breoiteachta fadtéarmaí an-teoranta; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh nós imeachta struchtúrtha chun cásanna ciaptha ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus ag na hIonchúisitheoirí Eorpacha a thuairisciú chomh maith lena nochtadh don fhoireann uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mbeidh dea-bhail na foirne ina gné lárnach d’imscaradh níos leithne an Chreata Acmhainní Daonna agus go gcaithfidh OIPE acmhainní breise a chur ar fáil d’fholláine na foirne; á mholadh go láidir do OIPE a bheartais maidir le cuimsiú, ciapadh agus comhionannas atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chomhchuibhiú agus suirbhéanna a sheoladh go tráthrialta i measc a fhoirne, trí athbhreithniú piaraí a chur chun cinn, nuair is féidir, le comhpháirteanna eile den ailtireacht frithchalaoise (Eurojust, OLAF, etc.) agus tríd is tríd an éagsúlacht a spreagadh chun an t-ionad oibre a dhéanamh níos tarraingtí d’iarrthóirí a bhfuil riachtanais shonracha acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt faoi deara nár earcaíodh aon oiliúnaithe in 2022, ach leis an obair ullmhúcháin chun na coinníollacha a bhunú do chomhpháirteanna bainistíochta acmhainní daonna amach anseo, gur cuireadh tréimhsí oiliúna san áireamh leo; ag formhuiniú an togra agus clár píolótach na dtréimhsí oiliúna a chur i gcrích go luath in 2023, a bhfuil a thorthaí á scrúdú faoi láthair d’fhonn clár oiliúna a chur chun feidhme ó 2024 ar aghaidh; á chur i bhfáth gur bac suntasach ar oiliúnaithe ionchasacha iad na dúshláin a bhaineann leis an gcostas maireachtála i Lucsamburg; á dhearbhú gur cheart luach saothair a thabhairt don seal oiliúna chun é a ailíniú le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 maidir le Tréimhsí Oiliúna Ardchaighdeáin san Aontas (2020/2005(INL) lena moltar gur cheart gach intéirneach san Eoraip a íoc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leagtar amach i gCód Iompair OIPE na caighdeáin iompraíochta a bhfuiltear ag dréim leo d’fhostaithe ar gach leibhéal agus, le linn 2022, gur treisíodh na próisis chinnteoireachta eiticiúla trí threoirlínte sonracha a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eiticiúla agus chun cinntí eiticiúla a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí seachtracha agus le bronntanais agus fáilteachas a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go n-eagraítear seisiúin oiliúna rialta (2 uair sa mhí) d’fhoireann OIPE maidir le creat eiticiúil OIPE, Cód um Dhea-iompraíocht Riaracháin agus an Straitéis Frith-Chalaoise agus gur seoladh roinn thiomnaithe inlín OIPE maidir leis an gcreat eiticiúil in 2022; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur cosúil go bhfuil rannpháirtíocht reatha na foirne i gcúrsaí múscailte feasachta teoranta (bhí 69 mball foirne ar an iomlán rannpháirteach i gcúrsaí oiliúna in 2022); á iarraidh ar OIPE féachaint ar roghanna inmharthana arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht a mhéadú; á chur in iúl gur oth léi nár seoladh suirbhé go fóill chun measúnú a dhéanamh ar fheasacht na foirne maidir le heitic agus ag spreagadh OIPE dlús a chur lena idirphlé leis an bhfoireann trí shuirbhéanna agus freastal foirne a chothú ag cruinnithe ginearálta tréimhsiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur geal léi nár braitheadh aon chásanna coinbhleachta leasa in 2022; á chur in iúl gur geal léi an beartas coinbhleachta leasa atá á fhorbairt faoi láthair; ag tabhairt dá haire gur bunaíodh rialacha tiomnaithe maidir le coinbhleacht leasa do chomhaltaí Choláiste OIPE, do ITEnna, agus do chomhaltaí foirne an aonaid oibríochtúil; ag tabhairt faoi deara go ndéanann cód na gcaighdeán gairmiúil d’fhoireann OIPE atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid agus as cairt cúraimí agus freagrachtaí oifigeach údarúcháin trí tharmligean na rialacha is infheidhme i gcásanna coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sholáthar; ag tabhairt faoi deara, áfach, cé go ndéanann OIPE an fhoráil ghinearálta a chomhlíonadh faoi Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne, nár ghlac sé beartas spriocdhírithe maidir le doirse imrothlacha; ag spreagadh OIPE beartas den sórt sin a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, go ndearna Oifigeach Rialaithe Inmheánaigh OIPE athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta Straitéis Frithchalaoise OIPE 2021-2022 agus, ina dhiaidh sin, gur glacadh leagan nuashonraithe (Straitéis Frithchalaoise 2023-2025) an 1 Márta 2023 atá dírithe ar na heasnaimh agus ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithnítear le linn na chéad bhliana den chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil nós imeachta tiomnaithe sceithireachta agus frith-fhrithbheartaíochta curtha ar bhonn foirmiúil go fóill ach go bhfuil sé á fhorbairt le linn 2023 agus go dtugann Rialacha Airgeadais OIPE, faoi láthair, treoracha maidir leis na bearta a bheidh le leanúint ag ball foirne nó ag seirbhíseach eile, lena n-áirítear saineolaithe náisiúnta ar iasacht chuig OIPE; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an beartas sceithireachta agus frith-fhrithbheartaíochta a chur ar bhonn foirmiúil a luaithe is féidir chun ionad oibre sábháilte agus cosanta a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaí sásra den sórt sin a phleanáil agus a struchtúrú go cúramach chun fíorsceithirí a dheighilt uathu siúd a dhéanann líomhaintí bréagacha, á dhearbhú gur cheart cosaintí a thógáil isteach dóibh siúd atá cúisithe go bréagach nó atá cráite, ag spreagadh forbairt caighdeán atá cosúil le hinstitiúidí eile an Aontais i ndáil leis sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí nach mbeidh an Coimisiún, trína Ard-Stiúrthóireacht Faisnéisíochta (Seirbhísí Digiteacha athainmnithe anois) in ann seirbhísí um an áit oibre dhigiteach a sholáthar do OIPE tar éis lár na bliana 2024, mar gheall ar athrú ar chórais TF an Choimisiúin agus beartas TF lena gcuirtear teorainn le seirbhísí um an áit oibre dhigiteach a sholáthar do sheirbhísí an Choimisiúin amháin; ag tabhairt dá haire go dtugann cur chuige tosaigh OIPE tosaíocht d’acmhainní maidir le seirbhísí digiteacha bunriachtanacha atá nasctha lena gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhunú agus a oibriú, amhail a Chóras Bainistithe Cásanna, agus á aithint ag an am céanna go mbeadh cur chuige saincheaptha ag teastáil ó sheirbhísí digiteacha OIPE, sa mheántéarma, atá éagsúil i bpáirt ar a laghad ó sheirbhísí an Choimisiúin; ag tabhairt faoi deara go bhféadfadh cur isteach ar sheirbhís atá beartaithe ag an gCoimisiún fadhb bhreise a chruthú d’eagraíocht OIPE sa chéim ríthábhachtach chun a bhunú a chomhdhlúthú; á iarraidh ar an gCoimisiún aistriú OIPE i dtreo leibhéal sásúil neamhspleáchais dhigitigh ina chroísheirbhísí a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tathant go láidir ar sheirbhís TF an Choimisiúin gan cur isteach ar sheirbhís TF go dtí go mbeidh córas iontaofa TF ag OIPE chun caillteanas sonraí a sheachaint go háirithe maidir le comhaid cáis; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cumarsáid shoiléir agus comhordú oibríochtúil maidir leis sin ar na leibhéil is airde idir an Coimisiún agus OIPE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil aistriú rianúil agus leanúnach idir córais ríthábhachtach chun leanúnachas an tsreafa oibre, iontaofacht sonraí agus struchtúir oibríochtúla fheidhmiúla a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bac ar OIPE maidir le próiseáil doiciméad neamhdhigitithe arna mbailiú ag údaráis náisiúnta agus ag páirtithe príobháideacha i gcomhthéacs imscrúduithe; á iarraidh ar na Ballstáit a ndoiciméid agus a nósanna imeachta a dhigitiú chun go mbeidh OIPE in ann a bheith níos costéifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an dúshlán atá ann faoi láthair sa digitiú ag cur le cuardaigh agus cúraimí uathoibrithe chun feidhmíocht agus inúsáidteacht Chóras Bainistithe Cásanna OIPE a mhéadú, rud atá bunriachtanach chun ‘forléargas’ na líonraí coiriúla a thabhairt do OIPE agus naisc idir cásanna a shainaithint; ag tabhairt faoi deara go bhfuil sé ríthábhachtach seachfhoinsiú a laghdú agus slándáil a neartú chun freagairt éifeachtúil a thabhairt ar bhagairtí fisiciúla agus cibearbhagairtí méadaithe ar oifigí lárnacha agus díláraithe OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag cur sonrú i mbuiséad méadaithe a infheistíodh i dtionscadail TF in 2022 (EUR 11.3 milliún i gcomparáid le EUR 6.1 milliún in 2021 sa tréimhse neamhspleáchais airgeadais); á chur in iúl gur mór aici go háirithe an aird atá dírithe ar Chóras Bainistithe Cásanna OIPE a chur ar bun agus a chur chun feidhme, ar córas é a bhfuiltear ag dréim go gcuirfidh sé cumas na hidir-inoibritheachta le 22 Bhallstát ar fáil; á chur in iúl go dtuigeann sí nach bhfuil éifeachtúlacht na n-uirlisí is fearr atá ann cheana maidir le hidir-inoibritheacht agus nach mbeifear in ann faisnéis agus comhar a mhalartú go héifeachtach trí na hardáin éagsúla arna n-úsáid ag na Ballstáit éagsúla ach amháin trí na comhaontuithe coiteanna malartaithe sonraí íosta agus uirlisí idir-inoibritheachta breithiúnacha a ghlacadh; ag spreagadh OIPE comhordú leis na Ballstáit agus comhar leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha a shaothrú tuilleadh chun samhail um malartú coiteann a dhearadh i gcomparáid leis an staid reatha ina bhfuil amas-neamhamas bunaithe ar shamhlacha déthaobhacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil bagairt mhéadaithe ar shláine struchtúrach TF de chuid OIPE a eascraíonn as ionsaitheacht na coireachta eagraithe, atá á comhrac ag OIPE, agus as a dtagann an gá le dlús a chur leis an tslándáil fhisiciúil agus dhigiteach; ag tacú le rún OIPE a acmhainneacht chibearshlándála féin a fhorbairt chun seirbhísí CERT-EU agus AS DIGIT a fhorlíonadh agus comhoibriú leo; ag tacú le OIPE ina iarraidh ar acmhainní breise a leithdháileadh chun a chibearshlándáil a chosaint; ag spreagadh fhoireann OIPE an gá atá le bonneagar breise cibearshlándála nó le hoiliúint bhreise i ndáil leis an gcibearshlándáil a chur in iúl go gníomhach laistigh den eagraíocht féin agus don Pharlaimint agus don Choimisiún trí na bealaí iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an fhorbairt a rinne OIPE ar a Éiceachóras Bainistithe Cásanna féin, a bhfuil a chomhpháirteanna uile á n-óstáil in ionad sonraí OIPE agus á mbainistiú ag foireann OIPE, lena ráthaítear rialú, coinneáil agus úinéireacht OIPE ar chórais agus ar shonraí a phróiseáiltear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag aithint go bhfuil gá ag OIPE le trealamh cothrom le dáta, le córais chibearshlándála agus le córais TF chun déileáil le coireanna atá ag éirí níos casta a mbíonn gnéithe digiteacha ag baint leo go minic; ag tabhairt dá haire cur i láthair OIPE le linn an Mhisin um Rialú Buiséadach chuig Lucsamburg i mí Dheireadh Fómhair 2023 maidir leis an méadú seasta ar choireanna a bhaineann le gnéithe digiteacha, lena n-áirítear calaois chibearairgeadra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar Sheirbhísí Digiteacha an Choimisiúin agus ar OIPE seoltaí ríomhphoist atá inaitheanta go héasca a bhunú do OIPE nach bhfuil míthreorach, toisc gur féidir leis an ‘ext.ec’ a chríochnaíonn sna seoltaí ríomhphoist a bheith mearbhlach do bhaill foirne in institiúidí eile agus do chumarsáid sheachtrach ós rud é gurb é sin an deireadh de ghnáth nach dtugtar ach do chomhairleoirí seachtracha agus go mbaineann sé an bonn de dhlisteanacht fhoireann OIPE tríd an seoladh ríomhphoist a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag spreagadh sheirbhísí an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha leanúint dá gcuid oibre ar bhealach comhordaithe agus a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar phróiseáil na sonraí a bhailíonn siad, agus urraim do chearta daoine aonair maidir le cosaint sonraí á ráthú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh agus slándáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an comhaontú léasa le húdaráis Lucsamburg maidir leis an bhfoirgnimh ina bhfuil ceanncheathrú OIPE (foirgneamh TOB) faoi láthair a úsáid agus lena ndéanfar soláthar oifigí reatha OIPE atá saor in aisce a chur ar bhonn foirmiúil go dtí an 31 Nollaig 2029; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhféadfar síneadh a chur ar bhealach intuigthe ar an gcomhaontú sin ar bhonn bliantúil, mura ndéanann ceachtar den dá pháirtí é a fhoirceannadh le fógra dhá mhí dhéag; ag tabhairt faoi deara go n-íocann OIPE muirear seirbhíse EUR 716 724 in aghaidh na bliana agus costais aonuaire ar shlándáil bhreise agus ar shaoráidí breise eile arna n-iarraidh ag OIPE; á chur i bhfios gur cuireadh tús leis an athchóiriú in 2022 le haghaidh dhá urlár breise d’fhoirgneamh an Túir a bheidh le húsáid ag OIPE agus cineál obair OIPE a chur in oiriúint, rud nach bhfuil go hiomlán comhoiriúnach le spásanna oscailte agus deasca sealaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth, ó thaobh na slándála fisiciúla de, go bhfuil bearta slándála, trealamh agus próisis curtha chun feidhme ag OIPE chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar a háitreabh, ar a sócmhainní agus ar a pearsanra; á chur i bhfios go dtacaíonn roinnt beartas, nósanna imeachta agus treoirlínte freisin le bearta slándála fisiciúla a chur chun feidhme; á chur in iúl gur mór aici, i ndáil leis an méid sin, measúnú riosca slándála fisiciúla a dhéanamh in 2022 chun bearnaí a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu; á chur in iúl gur eol di gur iarr OIPE 21 phost bhreise i mí an Mheithimh 2023 chun a cumas slándála a fheabhsú, á athdhearbhú gur leag baill foirne OIPE tuilleadh béime ar an ngá sin atá le slándáil sa Mhisean um Rialú Buiséadach chuig Lucsamburg i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus gur comhlíonadh an iarraidh sin i mí na Samhna 2023 le buiséad leasaitheach lena gcumhdaítear 8 bpost, agus go ndéanfar na 13 phost atá fágtha a ionchorprú sa bhuiséad do 2024; á chur i bhfios go láidir gur gá do OIPE leanúint de chuid leordhóthanach den bhuiséad a leithdháileadh ar bhearta slándála agus ar fhoireann slándála chun cosaint níos fearr a thabhairt don fhoireann uile, go háirithe i bhfianaise chineál rúnda na n-imscrúduithe ar chásanna calaoise ardleibhéil a bhfuil an-tábhacht ag baint leo; ag tathant gur cheart ionchúisitheoirí agus baill foirne a chosaint go leordhóthanach chun go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh a mhéid is féidir gan bagairt d’fhoréigean fisiciúil nó síceolaíoch agus gan tionchar ná brú seachtrach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur eol di, toisc go bhfuil ceanncheathrú OIPE i Lucsamburg agus go soláthraíonn na húdaráis náisiúnta na seirbhísí ábhartha, agus gurb iad na húdaráis náisiúnta freisin a dhéanann cúram d’infheistíochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus feidhmíocht fuinneamhachais, nár ghabh OIPE d’aon ghníomhaíocht shonrach maidir le fuinneamh in-athnuaite amhail painéil ghréine a shuiteáil, rialacha EMAS agus fritháireamh CO2;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil foirgneamh TOB suite i ngaireacht don iompar poiblí agus á iarraidh ar OIPE an staid reatha a fhorbairt chun straitéis a ghlacadh maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe a fhoirne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt moladh do na hiarrachtaí atá déanta ag OIPE dul i mbun dianchomhoibriú agus dianchomhordú le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí, agus á chreidiúint go dtugtar le tuiscint le ról OIPE mar phríomhghné oibríochtúil na hAiltireachta Frith-Chalaoise go mbeidh iarracht leanúnach cumarsáide agus comhordaithe ann leis na comhpháirtithe éagsúla, a bhfuil a ngníomhaíocht a cheapadh chun a bheith comhlántach ar bhonn cómhalartach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir OIPE in iúl gur ó institiúidí agus ó chomhlachtaí de chuid an Aontais a fuarthas 103 thuarascáil ar choireacht a fuarthas in 2022, (55 ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, 16 ón gCoimisiún, 9 ó Eurojust, 8 ón gCúirt Iniúchóirí, 3 ón mBanc Ceannais Eorpach, agus 1 ón bParlaimint), á chur in iúl gur mór aici an comhar idirinstitiúideach éifeachtach idir OIPE agus na hinstitiúidí ábhartha i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfios a thábhachtaí atá an comhordú agus an comhar oibríochtúil idir OIPE agus OLAF, ag féachaint go sonrach d’imscrúduithe comhlántacha OLAF agus d’imscrúduithe riaracháin comhlántacha a sheoladh chun tacú le OIPE; á iarraidh ar an dá Oifig tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar idirphlé na hOifige chun a gcomhar a neartú i bhfianaise na dtairbhí a thiocfadh as ó thaobh úsáid fhónta na n-acmhainní atá ar fáil; á iarraidh, thairis sin, ar OIPE agus ar OLAF forluí agus dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint, agus ag spreagadh comhar dílis, frithpháirteach agus sineirgisteach i bhfeidhmiú a sainordaithe, d’fhonn éifeachtúlacht a ngníomhaíochtaí a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur uirlis nuálach chun buiséad an Aontais a chosaint iad na fógraí ó OIPE chuig an gCoimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 103(2) de Rialachán (AE) 2017/1939; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, nár chuir ceachtar den dá pháirtí aon aiseolas ar fáil go fóill, rud a chuireann cosc ar na reachtóirí tuiscint chuimsitheach a fháil ar na saincheisteanna bunúsacha; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí OIPE agus an Choimisiúin feabhas a chur ar an sásra inmheánach lena n-áirithítear tarchur na bhfógraí sin agus á chur i bhfáth gur cheart don mheitheal a bunaíodh le déanaí leis an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh fógraí OIPE, chun críche aisghabhála riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 103(2)(c), agus an Coimisiún a chumasú go cuí agus go héifeachtach chun an téarnamh chuig buiséad an Aontais a uasmhéadú, agus rúndacht agus seoladh cuí na ngníomhaíochtaí imscrúdaitheacha á gcomhlíonadh ag an am céanna; á áitiú gur cheart go ndíreodh na cruinnithe bliantúla maidir le Socrú Oibre idir an Coimisiún agus OIPE a chur chun feidhme ar chomhordú beart cosanta agus ceartaitheach chun buiséad an Aontais a choimirciú; á iarraidh ar OIPE comhairle a chur ar na hIonchúisitheoirí Tarmligthe sna Ballstáit ina n-iarrachtaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí an Choimisiúin buiséad an Aontais a choimirciú; á iarraidh arís ar OIPE agus ar an gCoimisiún araon tuarascáil a thabhairt ar an ábhar sonrach sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tabhairt le fios gur síníodh socruithe oibre agus comhaontuithe oibre idir OIPE agus a phríomh-chomhpháirtithe: Europol, Eurojust, OLAF, an Coimisiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Grúpa BEI i réimsí an choisc, an bhraite, na hanailíse agus na hidirghabhála; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil acmhainneacht inmheánach á forbairt ag OIPE chun tacú lena cuid oibre le hanailís de réir an cháis; ag spreagadh OIPE agus a chomhpháirtithe feabhas a chur ar a gcomhar chun cur leis an tacar inniúlachtaí agus taithí a tástáladh cheana, chun dúbailt agus cailliúint fócais a sheachaint ar chroí-shainordú gach comhpháirte den Ailtireacht Frith-Chalaoise agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>i bhfianaise líon mór na gcásanna gníomhacha a bhaineann le cistí RRF, ag spreagadh OIPE fógra a thabhairt don Choimisiún faoi mhéadú ar chásanna gníomhacha RRF, á mholadh do OIPE fógra a thabhairt don Choimisiún freisin, go háirithe an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta, faoi bhearnaí maoirseachta nó rialaithe nó patrúin chalaoise a d’fhéadfadh a bheith ann i gcásanna gníomhacha RRF ionas gur féidir leis an gCoimisiún ionstraimí agus sásraí a thabhairt cothrom le dáta maidir le faireachán feidhmíochta agus bearnaí a chur in iúl do na Ballstáit chun calaois amach anseo a sheachaint; á mheabhrú do na gníomhaithe uile gur cistí Eorpacha seachas cistí náisiúnta iad cistí RRF agus go bhfuil siad faoi dhlínse OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil caibidlíochtaí leis an bParlaimint chun na socruithe oibre a thabhairt cothrom le dáta fós ar siúl; á chreidiúint go bhféadfadh an staid sin deis a chur ar fáil chun deiseanna nua cumarsáide agus comhair idir OIPE agus Coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa a fhiosrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an tuiscint neamhleor a léirigh OIPE agus na hiarrataí ar tharscaoileadh díolúine a rinneadh chuig Parlaimint na hEorpa á láimhseáil aici in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á mheabhrú gur cruthaíodh le déanaí í, ach mar sin féin, á iarraidh uirthi, sna tuarascálacha oifigiúla, forbairt a dhéanamh leis na hinstitiúidí náisiúnta agus Aontais, chun léargas a fháil ar na nósanna imeachta éagsúla a chuireann siad chun feidhme agus chun iad a chomhlíonadh, agus a áirithiú gan an bonn a bhaint óna stádas agus óna thascanna
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 20 Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse (CLSanna) nó Meabhrán Tuisceana sínithe ag OIPE in 2022 le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus gurbh fhéidir leis sin coigilteas buiséadach ó na hionstraimí conarthacha a uasmhéadú, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé dul i mbun idirphlé táirgiúil le Ballstáit neamh-rannpháirteacha d’fhonn teacht ar shocruithe oibre éifeachtacha leo; ag tabhairt dá haire go raibh na cúig Bhallstát neamh-rannpháirteacha rannpháirteach in 86 imscrúdú OIPE in 2022 (i gcomparáid le 48 imscrúdú in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag cur sonrú i gcomhar a bhfuil na hionstraimí ábhartha Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla mar bhunús leis, go n-oibríonn sé go réidh leis an Danmhairg, an Ungáir agus an tSualainn, fiú más ar ráta é atá éagsúil leis an ráta leis na tíortha rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire, leis an bPolainn, gur tugadh an socrú oibre chun críche ar an leibhéal teicniúil ach nár síníodh é in 2022 toisc nár tháinig na leasuithe ar Chód na Polainne um Nós Imeachta Coiriúil (agus OIPE á aithint mar údarás inniúil d’ionstraimí ábhartha an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla) i bhfeidhm ach an 27 Nollaig 2022; ag tabhairt le fios gurb é an toradh a bhí air sin freisin gur thuairiscigh OIPE don Choimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, maidir leis an easpa comhair ar bhonn córasach ón bPolainn le linn 2021 agus 2022 agus maidir lena tionchar diúltach díreach ar chumas OIPE chun buiséad an Aontais a chosaint trí bhíthin imscrúduithe agus ionchúisimh choiriúla; á chur in iúl gur geal léi go mór, dá bhrí sin, gur cuireadh tús leis an bpróiseas chun dul isteach in OIPE tar éis iarratais arna dtíolacadh ag Rialtas nua na Polainne i mí na Nollag 2023 agus ag an tSualainn, mar a fógraíodh i mí Eanáir 2024, agus á chur in iúl go bhfuil sí suite de go neartóidh an tSualainn agus an Pholainn a rachaidh isteach in OIPE cosaint fhoriomlán leasanna airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh údaráis na hÉireann in 2022 comhoibriú le OIPE agus roinnt iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach arna seoladh ag ITEnna a fhorghníomhú, agus easpa bunús dlí á agairt acu; á chur in iúl freisin gur thuairiscigh OIPE an staid don Choimisiún mar thoradh air sin, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Coinníollacht; á chur in iúl gur geal léi, áfach, an cinneadh a rinne údaráis na hÉireann le déanaí a reachtaíocht intíre a leasú, ar reachtaíocht í lena gcuirtear creat dlíthiúil ar fáil le haghaidh cúnamh dlíthiúil frithpháirteach do OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil an baol ann go gcruthófar nideoga díolúine agus pribhléide a fhágann go bhfuil cosaint leasanna airgeadais an Aontais míchothrom agus neamhéifeachtúil sa chás is fearr, mar gheall ar an easpa comhair le OIPE ó aon cheann de na Ballstáit, bíodh sé rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe nó ná bíodh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lena mbaineann aon iarracht a dhéanamh chun an cás reatha a chomhtháthú leis an líon beag comhpháirteanna atá in easnamh ach atá an-tábhachtach go fóill, agus leathnú rannpháirtíochta in OIPE ag na Ballstáit eile nach bhfuil rannpháirteach fós a chur chun cinn ar bhealach a neartóidh éifeachtacht chosaint an Aontais agus na mbuiséad náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh i gcrích roinnt socruithe oibre le húdaráis ó thríú tíortha, go háirithe an Úcráin, an Albáin, an Mholdóiv, Montainéagró, an tSeoirsia agus an Mhacadóin Thuaidh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag moladh iarrachtaí OIPE feabhas a chur ar an gcumarsáid inmheánach agus sheachtrach; á chur in iúl gur eol di gur feabhsaíodh an chumarsáid inmheánach chun an comhar idir aonaid a neartú agus chun malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú; á chur in iúl gur mór aici na gníomhaíochtaí diana a dhéantar trí ardáin líonraí sóisialta agus go bhfuil sí ag déanamh faireacháin ar threochtaí chun na deiseanna a chuirtear ar fáil le hardáin líonraí sóisialta atá saor in aisce, foinse oscailte, féinóstach a thapú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil iarrachtaí OIPE a ghníomhaíochtaí a chur in iúl agus feasacht a mhúscailt ar mhéid a ghníomhaíochtaí i measc na gcáiníocóirí an-tábhachtach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an méadú atá tagtha ar líon na dteachtaireachtaí poiblí agus na hiarrachtaí chun infheictheacht fheidhmiúlacht ‘Tuarascáil Coireachta A’ ar shuíomh gréasáin corparáideach OIPE a mhéadú; á iarraidh ar OIPE na torthaí a chur in iúl go soiléir, agus an chothromaíocht is fearr á baint amach idir trédhearcacht agus leas an phobail, ar thaobh amháin, agus rúndacht agus an t-imscrúdú a sheoladh go cuí ar an taobh eile; á iarraidh ar OIPE cumarsáid neodrach a áirithiú maidir lena ghníomhaíochtaí agus a áirithiú go dtabharfar aghaidh go leormhaith ar aon saincheisteanna a tugadh faoi deara roimhe seo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeacht chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go raibh tionchar ag an ráta boilscithe méadaithe in 2022, mar thoradh ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar chur chun feidhme bhuiséad ginearálta OIPE, (a raibh innéacsú 6,9 % i luach saothair foirne agus méadú ginearálta ar phraghsanna maidir le héadáil earraí agus seirbhísí mar thoradh air);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí OIPE atá beartaithe chun dianchumarsáid agus dianmhalartuithe a choinneáil ar bun le húdaráis na hÚcráine, agus le comhpháirtithe eile an Aontais a bhfuil baint acu le calaois airgeadais agus gníomhaíochtaí calaoise a bhrath san Úcráin, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an iarracht a rinne OIPE a shoiléiriú go dtagann cionta a dhéanann difear do chistí an Aontais a leithdháiltear ar thríú tíortha faoina dhlínse, fiú má dhéantar iad go hiomlán nó go páirteach lasmuigh de chríocha comhcheangailte na 22 Bhallstát rannpháirteach, aon uair a dhéanann náisiúnach de Bhallstát rannpháirteach nó oifigeach de chuid an Aontais cion, nó i gcás ina dtarlaíonn eilimint de ghníomh coiriúil sa Bheilg nó i Lucsamburg, -a mheastar gur suíomhanna Institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad a bhfuil baint acu le caiteachas bhuiséad an Aontais- agus fiú más san Úcráin nó i dtríú tír eile a tharla na heilimintí den ghníomh coiriúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur shínigh OIPE dhá shocrú oibre le hoifig Ard-Ionchúisitheoir na hÚcráine agus leis an mBiúró Náisiúnta Frith-Éillithe chun comhar a éascú in imscrúduithe ar bhonn Choinbhinsiún 1959 Chomhairle na hEorpa maidir le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla; ag tabhairt dá haire go n-eagraítear cúrsaí oiliúna ina áitreabh d’ionchúisitheoirí agus d’imscrúdaitheoirí na hÚcráine chun a gcuid saineolais in imscrúduithe airgeadais agus casta a roinnt agus gur tionóladh cruinnithe rialta ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil ó síníodh na socruithe oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oifig lárnach OIPE ullamh tascfhórsa a ghníomhachtú le húdaráis na hÚcráine chun imscrúduithe a chomhordú; á chreidiúint, i gcomhthéacs shásraí Shaoráid na hÚcráine a bheidh ann amach anseo, go dtacódh an creat atá ann cheana agus an chomhpháirtíocht a bunaíodh le húdaráis na hÚcráine le himscrúdú agus ionchúiseamh agus go n-éascódh sé comhar tapa agus iontaofa; á iarraidh ar na húdaráis lena mbaineann comhaontú nua a ghlacadh maidir le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla idir an tAontas agus an Úcráin chun an comhar a neartú tuilleadh i gcomhthéacs sonrach shásra na Saoráide, go háirithe maidir le sócmhainní a urghabháil, a choigistiú agus a aisghabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar sin féin, an ráta ard éillithe agus calaoise atá san Úcráin, roimh an gcogadh reatha agus lena linn araon, ag tabhairt rabhaidh gur cheart réamhchúraimí breise a dhéanamh agus iad ag comhoibriú le himscrúduithe, chun foireann agus finnéithe a chosaint, ag tabhairt dá haire, mar shampla, gur chinn an Chúirt Iniúchóirí in 2021 go raibh Tionscnamh Frith-Éillithe AE arna mhaoiniú ag an Aontas a bunaíodh in 2017 neamhéifeachtach chun éilliú a chomhrac; ag aithint iarrachtaí Pharlaimint na hÚcráine, Verkhovna Rada, i gcomhar leis an Aontas Eorpach, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí frith-éillithe chun spriocanna trédhearcachta a bhaint amach go rathúil;
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>