<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0240</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0112/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2022 (2023/2171(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0109/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 53, 22.2.2007, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 21 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe(AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2022 (2023/2171(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0109/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 53, 22.2.2007, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 21 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe(AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2022 (2023/2171(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontas Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 189.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 25 857 952 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 4,01 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go heisiach, nach mór, a thagann buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair na gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht, agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, mar thoradh ar iarrachtaí faireacháin i leith an bhuiséid le linn bhliain airgeadais 2022, go raibh ráta cur chun feidhme 100,00% ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa bhliain reatha (an ráta céanna le 2021); ag tabhairt dá haire gurbh é ráta foghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta 73,59%, arb ionann é agus méadú beag 2,64% i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur glacadh trí leasú bhuiséadacha in 2022, rud a mhéadaigh buiséad na Gníomhaireachta le EUR 1 562 781, ag tagairt do na cistí a fuarthas faoin gcomhaontú comhair le hOifig um Shásra Airgeadais LEE agus na hIorua agus do na comhaontuithe comhpháirtíochta le hInstitiúid Staidrimh Náisiúnta na Bulgáire, Ombudsman na Gréige agus Oifig Ionchúisitheora na Rómáine, chomh maith leis an bhfóirdheontas cíosa a fuarthas ó údaráis na hOstaire agus ioncam sannta inmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, dar leis an tuarascáil ón gCúirt, gur thug an Ghníomhaireacht os cionn EUR 6.4 milliún (26 %) de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhí ar fáil ó 2022 go 2023, a bhfuil EUR 5.9 milliún de, arb ionann é agus leithreasuithe faoi Theideal III, a bhaineann le caiteachas oibríochtúil (74 % in 2021); ag tabhairt chun suntais go bhfuil ardleibhéil tabhairt anonn ina saincheist athfhillteach don Ghníomhaireacht a thug an Chúirt faoi deara le roinnt blianta airgeadais as a chéile, ag tosú in 2018; ag cur sonrú i dtuairim athnuaite na Cúirte go bhfuil ardleibhéal tabhairt anonn ag teacht salach ar phrionsabal buiséadach na bliantúlachta agus gur léiriú é ar shaincheisteanna struchtúracha i bpróiseas an bhuiséid agus i dtimthriall an chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire ó fhreagra na Gníomhaireachta ar an mbarúil ón gCúirt agus ó thuarascáil na Gníomhaireachta dar teideal ‘Barúlacha Pharlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh 2021 do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus bearta arna nglacadh ag an nGníomhaireacht (tuarascáil leantach na Gníomhaireachta) na barúlacha seo a leanas maidir leis an ardleibhéal tabhairt anonn a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta: tá sé deacair caiteachas oibríochtúil a ghealladh i bhfad níos luaithe sa bhliain mar gheall ar an gcreat sonrach ina n-oibríonn an Ghníomhaireacht, rinneadh feabhsuithe ar an uirlis TF MATRIX chun faireachán níos dlúithe a dhéanamh ar fhorghníomhú an bhuiséid chomh maith le meastachán luath ar an tabhairt anonn (creidmheasanna C8) don bhliain dár gcionn, ba cheart measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid tríd an olltoradh deiridh a bhí níos airde ná 99 % le 10 mbliana anuas a chur san áireamh; ag aithint, mar a tharla i mblianta roimhe seo, gur feidhm de chineál phríomhghnó na Gníomhaireachta iad an tabhairt anonn ard;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht córas de 25 eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) mar chuid dá tomhas feidhmíochta; ag moladh an ardráta gnóthachtála i gcoinne a KPInna in 2022, inar sháraigh an Ghníomhaireacht beagnach gach sprioc a leagadh síos in aghaidh an KPI, lena gcoinnítear ardleibhéal sástachta na ngeallsealbhóirí i ndáil le himeachtaí na Gníomhaireachta agus ábharthacht, úsáideacht agus iontaofacht aschuir na Gníomhaireachta agus lena gcuirtear le hardleibhéal tuisceana ar phríomhchearta agus treochtaí; ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta a chuir leis an méid atá bainte amach aici in 2022 in ainneoin athbheartú tosaíochta na ngníomhaíochtaí leanúnacha uile agus na n-acmhainní daonna agus airgeadais uile agus in ainneoin roinnt de thionscadail na Gníomhaireachta a chur ar athló agus a atheagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, feidhmíocht na Gníomhaireachta, go háirithe an t-aschur ard a táirgeadh in 2022, lena n-áirítear foilseacháin, cruinnithe, eagrú imeachtaí, cúnamh teicniúil agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, chomh maith le hionchur i scríbhinn agus ó bhéal; ag tabhairt dá haire go ndearnadh tagairt d’obair na Gníomhaireachta i 213 fhoilseachán agus gur luadh é 4 319 n-uaire sna meáin in 2022; ag moladh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta maidir le tosaíocht straitéiseach 1, ‘Treochtaí a shainaithint: sonraí agus fianaise inchomparáide a bhailiú agus a anailís a dhéanamh orthu’, a mheastar a bheith ar na geallsealbhóirí is ábhartha agus is luachmhaire; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, a bhfuil bainte amach ag an nGníomhaireacht in 2022 amhail foilsiú na tuarascála ‘Romaigh i 10 dtír Eorpacha’, a chuir béim, i measc nithe eile, ar na feabhsuithe agus na bearnaí i gcuimsiú na Romach, an feasachán maidir le tearmann agus imirce atá dírithe ar staid chearta bunúsacha na ndaoine atá ag teacht isteach sna Ballstáit agus i dtíortha is iarrthóirí de chuid an Aontais ó thríú tíortha le linn na ráithe deiridh de 2021, an tuarascáil ‘Claontacht sna halgartaim. An intleacht shaorga agus an t-idirdhealú’ a d’fhág gurb í an Ghníomhaireacht an chéad eagraíocht idirnáisiúnta um chearta an duine chun dul i ngleic, le claontacht sna halgartaim, i measc nithe eile, agus gur tháinig sí chun bheith ina tuarascáil is mó a íoslódáladh ón nGníomhaireacht in 2022 sa chéad seacht lá tar éis a foilsithe, chomh maith leis an tuarascáil ‘Cosaint Spás na Saoránach san Aontas - Príomhthorthaí agus tuairimí FRA’ ina dtugtar forléargas ar na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an spás sibhialta ar fud an Aontais; ag moladh, maidir leis an tuarascáil dheireanach sin, gur léirigh an Ghníomhaireacht a cumas tionchar a imirt ar phróisis bheartais agus reachtacha maidir le spás na sochaí sibhialta, le tionscadail ó Uachtaránacht na Seice ar an gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ábhar sin a raibh baint ag an nGníomhaireacht leis in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi freagairt thráthúil na Gníomhaireachta ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le cearta bunúsacha, amhail treoir ghinearálta na Gníomhaireachta ina tuarascáil dar teideal ‘Sásraí neamhspleácha náisiúnta a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach ag teorainneacha seachtracha an Aontais’, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a sásraí náisiúnta a bhunú nó a neartú chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus coimircí a áirithiú do neamhspleáchas an tsásra; á mheabhrú go gceanglaítear leis an dlí idirnáisiúnta go gcaithfear go neamh-idirdhealaitheach le gach dídeanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go ndearna an Ghníomhaireacht bearta go pras chun freagairt do staid chearta an duine san Úcráin tar éis ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise, trí roinnt mórghníomhaíochtaí amhail suirbhé ar líne ar thaithí daoine easáitithe atá ag teitheadh ón Úcráin, dhá fheasachán maidir le himpleachtaí ar chearta bunúsacha i mBallstáit maidir leis an gcogadh san Úcráin, tábla a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme na Treorach 2001/55/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle ag 16 Bhallstát agus tionscadail bailithe sonraí maidir le heispéiris na mban atá ag teitheadh ón gcogadh i ndáil le foréigean agus mí-úsáidí eile ar chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag aithint ról na Gníomhaireachta maidir leis an mbonneagar náisiúnta um chearta an duine a chumhachtú, trí chomhar a dhéanamh agus sineirgí a chruthú le hinstitiúidí um chearta an duine agus leis na comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí na sochaí sibhialta; ag cur suntas i gcomhairle leanúnach na Gníomhaireachta i réimse an tearmainn agus na himirce, le forléargais rialta maidir le hábhair imní faoi chearta bunúsacha a bhaineann le himirce a cuireadh faoi bhráid na mBallstát; á chur in iúl gur geal léi ról na Gníomhaireachta maidir le hinsint atá bunaithe ar chearta an duine a chothú trí chumarsáid éifeachtach a fhorbairt, trí pháirt a ghlacadh i bhforbairt feidhmchlár agus uirlisí digiteacha nua, agus trí ghníomhaithe chearta an duine a thabhairt le chéile chun luachanna agus saoirsí Eorpacha a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gur chinn an Ghníomhaireacht, chun faireachán a dhéanamh ar staid na gceart bunúsach agus an smachta reachta san Ungáir, comhoibriú le hOllscoil Náisiúnta na Seirbhíse Poiblí agus le hOifig an Choimisinéara um Chearta Bunúsacha agus brath ar an bhfaisnéis sin, cé go bhfuil cuntas teiste ag an dá institiúid maidir le tacú leis an meath ar chearta bunúsacha san Ungáir; ag tabhairt dá haire, mar shampla, go raibh ‘imní ghéaraithe’ ag an gCoimisiún ina Thuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta faoi neamhspleáchas Choimisinéir na hUngáire um Chearta Bunúsacha; á chur in iúl gur saoth léi gur chinn an Ghníomhaireacht, mar sin féin, gan athmhachnamh a dhéanamh ar an gcomhar le hinstitiúidí a chuireann cúlú daonlathach chun cinn go bunúsach, cé gur cheart gurb é príomhchúram na Gníomhaireachta rannchuidiú le cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe i gcásanna achrannacha amhail ceann de rialtas na hUngáire; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a comhar leis na hinstitiúidí sin a chur ar fionraí agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir lena dul chun cinn ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht leis an gcomhar agus leis an obair in 2022 le Líonra na nGníomhaireachtaí um Cheartas agus Gnóthaí Baile (JHAN) agus leis na gníomhaireachtaí a chuimsíonn é chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ina réimsí frithpháirteacha oibre, amhail slándáil inmheánach, imirce, coireacht eagraithe, tearmann agus teorainneacha, trí rannchuidiú le saineolas ar chearta bunúsacha; ag cur sonrú, sa chomhthéacs sin, go háirithe i gcomhoibriú na Gníomhaireachta leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne maidir le suirbhé ar fhoréigean in aghaidh na mban a chur le chéile, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar roinnt modúl oiliúna agus leabhrán a chur le chéile maidir le cosaint shealadach do chaomhnóirí leanaí gan tionlacan, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí trí sheisiúin oiliúna maidir le sonraí coireachta fuatha agus tuairisciú a éascú agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil maidir le forbairt an lámhleabhair don chibearchoireacht agus cearta bunúsacha; ag cur sonrú i gcomhar na Gníomhaireachta le gníomhaireachtaí agus le heintitis eile lasmuigh de JHAN, amhail an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, an tÚdarás Eorpach Saothair agus Eurostat in 2022; ag moladh go ndéanfaí tuilleadh sineirgí a fhiosrú agus a shainaithint chun gnóthachain éifeachtúlachta a mhéadú agus costais a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, óna freagraí ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, go bhfuil tionscnaimh glactha ag an nGníomhaireacht chun a héifeachtúlacht agus a gnóthachain a mhéadú, trí chúraimí atriallacha a uathoibriú, próisis ghnó reatha a mhapáil agus a athstruchtúrú, athbhreithniú ar an struchtúr eagraíochtúil chun úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana, ardáin chomhair a chur ar bun ar bhealach níos córasaí, simpliú na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bainistiú acmhainní airgeadais agus daonna, chomh maith le meastóireachtaí cáilíochtúla ar na hiarrachtaí chun éifeachtúlacht a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an Ghníomhaireacht de phróisis acmhainní daonna a uathoibriú agus a shruthlíniú in 2022, lena n-áirítear trí úsáid SYSPER a leathnú; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur sheol an Ghníomhaireacht uirlis earcaíochta nua chun roghnúcháin a éascú agus chun taithí níos soláimhsithe a chruthú d’iarrthóirí agus d’achmhainní daonna agus gur thug sí isteach uirlisí sonraí breise chun gnéithe den phróiseáil párolla a uathoibriú; ag tabhairt dá haire freisin gur ghlac an Ghníomhaireacht córas leictreonach cartlainne agus bainistithe taifead (ARES) an Choimisiúin idir an dá linn, rud a d’fhág go ndearnadh réiteach Comhartha AE a chomhtháthú, rud a fhágann gur féidir ríomhshíniú cáilithe a úsáid; ag moladh gur tugadh chun críche an t-ullmhúchán do chur i bhfeidhm Uirlis Bainistíochta an tSoláthair Phoiblí (ríomhsholáthar) de chuid an Choimisiúin in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur sonrú i gcur chuige ‘níos mó a dhéanamh le níos lú’ na Gníomhaireachta le coigiltis de EUR 350 000 a rinneadh cheana agus EUR 200 000 a bhfuiltear ag dréim leis mar gheall ar úsáid acmhainní inmheánacha chun feidhmchláir TF nua a fhorbairt agus na teicneolaíochtaí néalbhunaithe nua a chabhraigh leis an nGníomhaireacht a bonneagar TF a bharrfheabhsú tuilleadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag lorg éifeachtúlachta freisin maidir le húsáid a cuid acmhainní trí iarratais ón gCoimisiún a ghlacadh, teocht téimh an fhoirgnimh a laghdú, nósanna imeachta gan pháipéar a úsáid sa réimse airgeadais agus conraitheoireachta agus na seirbhísí poist agus cúiréireachta a laghdú, i measc nithe eile; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun dea-chleachtais a onnmhairiú, i ndáil leis sin, trína bealaí comhair le gníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, dar le tuarascáil na Cúirte, nach bhfuil an Ghníomhaireacht i measc na ngníomhaireachtaí a bhfuil pleananna corparáideacha bunaithe acu chun éifeachtúlacht fuinnimh agus aeráidneodracht a n-oibríochtaí a fheabhsú, a bhfuil cineál éigin tuairiscithe comhshaoil comhtháthaithe acu ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí nó a bhfuil clárú EMAS faighte acu; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint go bhforáiltear do dheimhniú EMAS a luaithe a athlonnaíonn an Ghníomhaireacht go dtí a háitribh nua, ar ceisteanna iad a chloífidh freisin le ceanglais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; ag moladh na Gníomhaireachta as critéir ghlasa soláthair phoiblí a thabhairt isteach i ndáil le ceanglais chomhshaoil agus shóisialta, agus as critéir roghnúcháin agus dhámhachtana laistigh de theorainneacha bunúsacha an fhíorais go soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí den chuid is mó;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh 94 % den phlean bunaíochta curtha i gcrích agus 68 ngníomhaire shealadacha ceaptha as 72 ghníomhaire arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe agus a bhí in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 28.4 gníomhaire ar conradh coibhéiseach lánaimseartha (FTEanna) agus 9 shaineolaí náisiúnta FTEanna ar iasacht (lena n-áirítear ceann amháin saor ó chostas) ag obair don Ghníomhaireacht in 2022; ag tabhairt dá haire go raibh ráta láimhdeachais íseal (1,9 %) ann in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean an Ghníomhaireacht in 2022 de phróisis acmhainní daonna a uathoibriú agus a shruthlíniú, chun tuilleadh éifeachtúlachtaí a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina dhíol sásaimh di, sa chothromaíocht inscne i measc lucht bainistíochta sinsearaí agus meánbhainistíochta na Gníomhaireachta, le 3 fhear (50 %) agus 3 bhean (50 %), ar leibhéal an bhoird bainistíochta, le 33 as 65 chomhalta ina mná (51 %) agus 57 as 105 chomhalta (54 %) ina mná laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil cothromaíocht inscne ar cheann de phríomhspriocanna neamh-idirdhealaitheacha na Gníomhaireachta agus go bhfuil fócas ar leith aici fós in obair a comhlachtaí, amhail an Grúpa um Chomhionannas agus Éagsúlacht, a oibríonn chun neamh-idirdhealú inscne a chur chun cinn i ngach gné de phróisis acmhainní daonna sa Ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh foireann ó 23 Bhallstát fostaithe ag an nGníomhaireacht amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2022; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta cothromaíocht gheografach a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, mar chuid de Straitéis Chomhdheiseanna agus Neamh-Idirdhealaithe na Gníomhaireachta, go bhfuil cur chun cinn na héagsúlachta, lena n-áirítear cothromaíocht gheografach, mar chuid de na cuspóirí uileghabhálacha i bpróisis acmhainní daonna amhail earcaíocht agus roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt beart déanta ag an nGníomhaireacht do lánpháirtiú na ndaoine faoi mhíchumas trí chóiríocht a chur ar fáil, trí fheabhas a chur ar a háitribh chun inrochtaineacht a éascú, trí theilea-obair eisceachtúil a cheadú agus trí oiliúint rialta maidir le feasacht ar mhíchumas a eagrú don fhoireann; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta iarratais ar sheal oiliúna a mhealladh ó iarrthóirí faoi mhíchumas; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas tacaíochta míchumais á ullmhú ag an nGníomhaireacht freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thacaigh an Ghníomhaireacht le folláine a foirne trí sheirbhísí tacaíochta síceolaíochta a chur ar fáil, trí ghníomhaíocht choirp a spreagadh trí scéim nua a glacadh in 2022 lena gcuirtear ranníocaíocht airgeadais ar fáil don bhallraíocht spóirt agus trí rialacha an Choimisiúin maidir le hobair hibrideach a ghlacadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur foilsíodh CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na foirne bainistíochta ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, dar le tuarascáil leantach na Gníomhaireachta, gur chinn an Ghníomhaireacht gan faisnéis ar na saineolaithe inmheánacha a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin a thuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cleachtadh na Gníomhaireachta a rinneadh in 2022 chun athbhreithniú/nuashonrú a dhéanamh ar dhearbhuithe leasa na foirne uile agus roinnt moltaí coisctheacha a eisiúint, mar thoradh air sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann an Ghníomhaireacht oiliúint éigeantach ar fáil don fhoireann maidir le heitic agus ionracas agus go dtugann sí treoir maidir le measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí seachtracha; ag tabhairt dá haire, maidir le faireachán ar chomhlíonadh iarfhoireann na Gníomhaireachta leis na cinntí is infheidhme i réimse an ‘dorais imrothlaigh’ agus na srianta gaolmhara, go bhfuil measúnú á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar an bhféidearthacht rialuithe randamacha a dhéanamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur shainaithin an Ghníomhaireacht in 2022 go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann i gcás chomhalta de chuid an bhoird bainistíochta i ndáil le Conradh Tionscadail arna shíniú ag an nGníomhaireacht agus arna mhaoiniú ag Deontais LEE/na hIorua; ag tabhairt dá haire, tar éis measúnú a dhéanamh, gur thángthas ar an gconclúid nach coinbhleacht leasa iarbhír a bhí sa chás; á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, na bearta a glacadh chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear a iarraidh roimh an gcéad chruinniú eile de chuid an bhoird bainistíochta go ndéanfaí an dearbhú leasa ó chomhalta an bhoird bainistíochta lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith lena iarraidh go staonfadh an comhalta sin in aon chinneadh a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta maidir leis an tionscadal i dtrácht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú in 2022 ar a córais rialaithe inmheánaigh agus gur chinn sí go bhfuil siad éifeachtach agus go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail ann agus ag feidhmiú go maith ar an iomlán, gan ach roinnt mioneasnaimh a bhaineann le prionsabail 5, 13 agus 14 ann maidir le tabhairt i gcrích tráthúil chleachtadh na Tuarascála um Fhorbairt Gairmeacha chomh maith leis an ngá atá ann feabhas a chur ar an straitéis maidir le bainistiú geallsealbhóirí cumarsáide inmheánaí agus seachtraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an plean gníomhaíochta, maidir le straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta a tugadh cothrom le dáta in 2021, á chur chun feidhme, agus go dtugtar aghaidh ar ghníomhaíochtaí uile an phlean, lena n-áirítear measúnú tiomnaithe ar riosca calaoise, feasacht na foirne a ardú maidir le rialacha a bhaineann le calaois a chosc agus sceithireacht, agus nuashonrú tráthúil ar an gcreat dlíthiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta a hinfheictheacht phoiblí agus a láithreacht ar líne a mhéadú; ag moladh mhéadracht fheabhsaithe na Gníomhaireachta maidir le hardáin éagsúla na meán sóisialta a úsáid in 2022; ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Ghníomhaireacht feachtas ar na meáin shóisialta in 2022 dar teideal ‘Our Data, Your Ally’ chun daoine óga a chur ar an eolas faoi na sonraí óige is féidir leo a úsáid ina gcuid oibre abhcóideachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Ghníomhaireacht 134 chruinniú agus imeacht a eagrú nó a chomheagrú in 2022, lena n-áirítear ceardlanna agus seimineáir ghréasáin, chomh maith leis an gceathrú hIdirphlé maidir le Cearta Bunúsacha i bPáras, i gcomhar le hUachtaránacht na Fraince ar an gComhairle, le hoifigí idirchaidrimh an Choimisiúin agus na Parlaiminte sa Fhrainc agus i gCathair Pháras, agus an chéad chruinniú cónaithe dá cuid féin a bhaineann le Ceannairí agus Saineolaithe ar Chearta an Duine dar teideal ‘Cearta an duine a chur i gcroílár thodhchaí na hEorpa’, inar tugadh 60 geallsealbhóir éagsúla le chéile;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>