<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0241</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0104/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2157(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0095/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 376, 27.12.2006, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 15 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006<FOOTNOTE><FIELD> IO L 166, 30.6.2023, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 41 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2157(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0095/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 376, 27.12.2006, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 15 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006<FOOTNOTE><FIELD> IO L 166, 30.6.2023, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 41 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2157(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 141/06, 29.3.2022, lch. 33.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí ( ‘an Lárionad’) don bhliain airgeadais 2022, EUR 18 893 136, ar laghdú 0,71 % é i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a thagann buiséad an Lárionaid den chuid is mó (94 %);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Lárionaid iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh de thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith 2022 go raibh ráta chur chun feidhme buiséid 98,78 % ann (laghdú 1,22 % i gcomparáid le 2021); ag tabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe 96,65 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn méadú beag 0,30 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh ráta cur chun feidhme 88,98 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a tugadh anonn ó 2021 go 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh maidir leis an Lárionad, ón tuarascáil ón gCúirt, cé gur íoc sé ús ar íocaíocht dhéanach amháin, gur shonraigh lucht bainistíochta airgeadais agus cuntasaíochta an Lárionaid (Cuntasaíocht ar bhonn Fabhraithe (ABAC)) go mícheart gurbh íocaíochtaí déanacha a bhí i líon suntasach de na híocaíochtaí (107 as 1 595) mar gheall ar na paraiméadruithe míchearta agus/nó na hionchuir mhíchearta sonraí maidir leis an dáta dlite íocaíochta nó maidir le fáil na ndoiciméad lena ngabhann oibleagáid íocaíochta; ag tabhairt dá haire, ón bhfreagra ón Lárionad, nach raibh de thoradh ar an sonrú neamhréireach i dtaobh íocaíochtaí déanacha go ndearnadh difear do rialtacht na n-oibríochtaí lena mbaineann; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Lárionad roinnt beart chun an riosca dá dtagraítear maidir le ‘torthaí bréagdheimhneacha’ a íoslaghdú agus chun a áirithiú tuilleadh go bhféadfaidh a chóras ABAC léargas soiléir cruinn a thabhairt ar na híocaíochtaí déanacha iarbhír; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an tsaincheist sin agus rioscaí clú a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a bhaineann leis an tsaincheist sin a mhaolú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go sonraítear líon teoranta (10) eochairtháscairí nua feidhmíochta (ETFanna) ilchodacha i samhail tomhais nua feidhmíochta an Lárionaid, ar táscairí iad a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar a éifeachtaí atá soláthar na n-aschur inmhianaithe agus ar a éifeachtúla atá úsáid na n-acmhainní a leithdháiltear, agus a gcomhlánaítear iad le ETFanna ardleibhéil lena ndírítear ar thorthaí agus ar thionchair; ag tabhairt dá haire, maidir le measúnú a dhéanamh ar ETFanna, gur shainigh an Lárionad 65 sprioc bhliantúla, ar baineadh amach 57 sprioc (87 %) díobh in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhain an Lárionad 152 as 188 de na haschuir/torthaí (81 %) amach i dtaca le clár oibre 2022, gur bhain sé 12 % díobh amach go páirteach (i.e. 23 aschur/thoradh, ar cuireadh moill orthu agus a bhí ar siúl ag deireadh 2022), agus go raibh 12 thoradh (6 %) ann nár cuireadh chun feidhme, agus go raibh dhá thoradh ann nach raibh infheidhme; ag tabhairt faoi deara gurb é tuairim an Lárionaid gur easpa acmhainní ba chúis leis an gcuid is mó de na moilleanna ar ghníomhaíochtaí nó de na gníomhaíochtaí a cuireadh ar ceal in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin, maidir le cur chun feidhme a shainordaithe nua (a bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh feidhm aige ó 2024), gur chuir an Lárionad tús in 2022 le hullmhúcháin lenar bhain príomhacmhainní agus ar ghá, lena n-aghaidh, roinnt coigeartuithe a dhéanamh ar chuid de na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag aithint go bhfuil iarrachtaí agus dul chun cinn déanta ag an Lárionad ina thrí réimse oibre (sláinte, slándáil agus tiománaithe gnó); ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur eisíodh an Tuarascáil Eorpach nua um Dhrugaí (EDR) in 2022, ina dtugtar an forléargas is déanaí ar staid na ndrugaí san Eoraip sa tréimhse go 2022, gur seoladh an t-ardán ríomhfhoghlama dar teideal PLATO ar a n-óstáiltear an Curaclam Eorpach um Chosc, atá ceaptha chun oiliúint a chur ar ghairmithe a bhfuil baint acu le cinntí, tuairimí agus beartais um chosc a mhúnlú san Eoraip, gur eisíodh seacht miontreoir lena gcumhdaítear freagairtí ar dhrugaí i suíomhanna áineasa, i bpobail áitiúla, i scoileanna agus i bpríosúin, chomh maith le freagairt do riachtanais na dteaghlach agus na bpobal gan dídean, agus gur foilsíodh trí thuarascáil spotsolais maidir le seomraí tomhaltais drugaí, seiceáil drugaí agus idirghabháil ríomhshláinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur eisigh an Lárionad in 2022 mearstaidéar nua treochtaimsitheora ar bhonn modhanna measctha chun measúnú a dhéanamh ar an bhfreagairt seirbhíse tosaigh ar riachtanais na nÚcránach easáitithe atá i dtíortha comharsanachta san Aontas; ag moladh an Lárionaid as comhoibriú le Europol as an gceathrú heagrán den anailís chomhpháirteach <STRING ITALIC="on">EU Drug Markets: In-depth analysis</STRING> [Margaí Drugaí AE: Mionanailís] a ullmhú, a gcuirtear a chuid fionnachtana sin i láthair i sraith modúl, agus gach ceann acu ag díriú ar an margadh le haghaidh druga ar leith agus iad ag cumhdach treochtaí feadh an tslabhra soláthair ó tháirgeadh agus ó gháinneáil ar thaobh amháin go dáileadh agus úsáid ar an taobh eile; ag moladh, sa chomhthéacs sin, gur seoladh in 2022 an chéad dá mhodúl maidir le cócaon agus maidir le meitiolamfataimín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Lárionad, in 2022, de Chóras Réamhrabhaidh an Aontais Eorpaigh (EWS) a chur chun feidhme i gcomhar lena chomhpháirtithe; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs céanna, gur tugadh fógra foirmiúil do EWS den chéad uair in 2022 maidir le 41 shubstaint shícighníomhach nua (NPS); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur áiríodh dhá NPS a ndearna an Lárionad measúnú ar riosca ina leith in 2021 (3-clórameiteacáitíonón (3-CMC) agus 3-meitilmeatcaitíonón (3-MMC)) sa sainmhíniú ar ‘druga’ le treoir tharmligthe ón gCoimisiún in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Lárionaid in imeachtaí oiliúna a bhaineann le drugaí agus i bhfothú acmhainneachta, agus gur éirigh leis a chuid eolais a aistriú chuig beagnach 950 gairmí atá ag obair i réimse na ndrugaí, lena n-áirítear oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí agus lucht ceaptha beartas; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur fhreastail thart ar 1 200 gairmí atá ag obair i réimse na ndrugaí ar fud an domhain ar na seacht seimineár gréasáin a d’eagraigh an Lárionad in 2022; ag moladh an Lárionaid as an gceathrú Comhdháil Eorpach um Iompraíochtaí Andúileacha agus Spleáchais dar teideal <STRING ITALIC="on">Lisbon Addictions 2022</STRING> a eagrú, in éineacht lena chomhpháirtithe, lenar tugadh le chéile, faoin téama uileghabhálach ‘Andúile Domhanda’, 1 757 rannpháirtí as 84 thír, an líon ba mhó riamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí gan staonadh an Lárionaid aird a tharraingt ar ghnéithe sóisialta agus ar thionchar sochaíoch drugaí, beartais athimeasctha sa tsochaí a chur chun cinn d’úsáideoirí drugaí, agus dul i ngleic le topaic na ndrugaí le dearcadh ildisciplíneach; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach leanúint d’fheasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le cosc agus cur chuige nuálach atá bunaithe ar mheabhairshláinte i leith beartais drugaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Lárionad maidir leis an anailís chomhpháirteach <STRING ITALIC="on">EU Drug Markets: In-depth analysis</STRING> [Margaí Drugaí AE: Mionanailís], i gcomhar le Europol, le modúil maidir le drugaí ar leith a eisíodh i rith 2022 agus le heisiúintí atá beartaithe in 2023; á chur in iúl gur geal léi an obair in 2022 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar infhaighteacht na gcroí-shonraí soláthair i gcomhar le Pointí Fócais Náisiúnta Reitox agus Europol; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme chúraimí uile an Lárionaid faoi phleananna gníomhaíochta oibríochtúla maidir le cannabas, cócaon agus hearóin de chuid an Ardáin Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla; á mheabhrú go sainaithnítear gáinneáil ar dhrugaí mar phríomhfhoinse bhrabúis agus mar bhealach earcaíochta i gcoireacht eagraithe agus i sceimhlitheoireacht, agus á thabhairt chun suntais a mhéid a rannchuidíonn an Lárionad le hEoraip níos sláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach idir an Lárionad agus na tíortha comhpháirtíochta atá i mBeartas Comharsanachta na hEorpa, tríd an tionscadal cúnaimh theicniúil de chuid EU4MD, chomh maith le cur chun feidhme an tionscadail dhéthaobhaigh (EMCDDA4GE) leis an tSeoirsia; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh comhpháirtíocht oifigiúil sa Chlár Comhair idir Meiriceá Laidineach, Muir Chairib agus an tAontas Eorpach maidir le Beartais Drugaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag moladh an Lárionaid as an tiomantas chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a ghníomhaíochtaí a fheabhsú i gcónaí agus an úsáid is mó is féidir a bhaint as a acmhainní, a shaineolas agus a fhios gnó chun a chion féin a dhéanamh ar deireadh thiar ar mhaithe le hEoraip atá níos sláine agus níos sláintiúla, go háirithe trí shocruithe comhair le gníomhaireachtaí i réimsí an cheartais, na ngnóthaí baile agus na sláinte; ag cur sonrú sna bearta atá déanta ag an Lárionad chun costais reatha a áitribh a laghdú, amhail scáthú gréine a úsáid ar limistéir ghloine agus lasca rialúcháin aeráide ar fhuinneoga; ag cur sonrú sa, thairis sin, sa chomhaontú leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí i dtaobh an úsáid a bhaintear as limistéar coiteann (ceaintín, limistéar páirceála faoi thalamh agus saoráidí comhdhála) a chomhroinnt sa chompún ina bhfuil a gceanncheathrú agus ag cur sonrú sa chomhar idir an dá ghníomhaireacht maidir le soláthar comhpháirteach seirbhísí comhroinnte (e.g. slándáil, glanadh, lónadóireacht, i measc nithe eile) agus comheagrú gníomhaíochtaí oiliúna leasa choitinn do bhaill foirne an dá ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil plean straitéiseach (Straitéis Chomhshaoil 2021-2025) ag an Lárionad le bheith neodrach ó thaobh carbóin de agus go bhfuil méadracht maidir le feidhmíocht chomhshaoil agus lorg CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> an Lárionaid curtha san áireamh aige ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, agus go bhfuil feabhas ag teacht go rialta ar na torthaí bliantúla ó 2014 i leith; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne Stiúrthóir an Lárionaid in 2022 deimhniú EMAS a fháil, ar próiseas é a rabhthas ag dréim lena thabhairt chun críche in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad roinnt tionscadal chun feidhme in 2022 a ceapadh chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil, trí fheabhas a chur ar an tomhaltas leictreachais, trí chealla grianchumhachta a shuiteáil ar dhíon an fhoirgnimh, agus trí stáisiúin comhroinnte carranna leictreacha a shuiteáil d’fhonn feithiclí leictreacha nó hibrideacha a chur in ionad fhlít feithiclí an Lárionaid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2022, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme ar bhonn 97 %, agus ceapacháin déanta i gcás 6 oifigeach agus 68 ngníomhaire shealadacha as 7 n-oifigeach agus 69 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (76 phost údaraithe in 2022, ar aon dul le 2021); ag tabhairt dá haire go raibh, sa bhreis air sin, 27 ngníomhaire ar conradh ag obair don Lárionad in 2022; á chur in iúl gur geal léi an cleachtadh scagtha foirne a rinne an Lárionad in 2022 mar aon le leithdháileadh éifeachtach agus éifeachtúil a acmhainní agus 72,44 % d’fhoireann an Lárionaid á leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla, 18,20 % á leithdháileadh ar thacaíocht agus comhordú riaracháin, agus 9,35 % á leithdháileadh ar oibríochtaí neodracha; ag moladh an Lárionaid as a ráta íseal iomlaoide foirne (2,9 %) in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Lárionad go raibh 2 bhean (22 %) agus 7 bhfear (78 %) ina lucht bainistíochta sinsearaí, agus go bhfuil 20 bean (37 %) agus 34 fhear (63 %) ar a bhord bainistíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an fhoireann ina hiomláine comhdhéanta de 36 fhear (38 %) agus 58 mbean (62 %); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne ar leibhéal na foirne a áirithiú agus á iarraidh ar an Lárionad an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin a bheidh ann amach anseo laistigh dá bhainistíocht shinsearach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta an Lárionad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur sonrú sa tuarascáil ón Lárionad maidir leis na bearta leantacha a rinneadh i bhfianaise an urscaoilte i leith chur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón Lárionad’) chun an chothromaíocht inscne a fheabhsú laistigh den Lárionad; ag tabhairt faoi deara go ndearnadh na bearta sin i gcomhthéacs nósanna imeachta earcaíochta an Lárionaid agus scaipeadh faisnéise sna Ballstáit maidir le próiseas roghnúcháin an Lárionaid; ag moladh Chathaoirleach bhord bainistíochta an Lárionaid as aghaidh a thabhairt ar údaráis ábhartha na mBallstát, na hIorua agus na Tuirce maidir le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhíonn a gcomhaltaí ar bhord bainistíochta an Lárionaid á n-ainmniú acu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil ón Lárionad, maidir leis an mbarúil i dtaobh neamhúsáid SYSPER, go bhfuil an Lárionad tar éis a uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide féin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun acmhainní daonna digitithe a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag meabhrú na barúla, ón tuarascáil bhliantúil ón gCúirt maidir le gníomhaireachtaí an Aontais do 2018, maidir le fostú oibrithe eatramhacha trí chreatchonradh gan ceanglais Threoir 2008/104/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).</FIELD></FOOTNOTE> ná dlí saothair na Portaingéile a urramú; ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, go bhfuil an bharúil sin dúnta, de bhrí go ndeachaigh an creatchonradh a bhí i gceist in éag i mí an Mhárta 2022, agus gur tharla an íocaíocht dheireanach maidir le hoibrithe eatramhacha i mí Eanáir 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, maidir leis an tsuim (EUR 75 000) a chomhfhreagraíonn do chonradh a tugadh i gcrích in 2022, nach raibh an tsuim sin cumhdaithe go hiomlán le gealltanas buiséadach comhfhreagrach, rud a d’fhág easnamh dar luach EUR 8 000; ag tabhairt dá haire gur tabhaíodh staid chomhchosúil in 2021 i ndáil leis an gcineál céanna conartha agus sa dá chás nach raibh an Lárionad, de réir na tuarascála ón gCúirt, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 10(3) agus 73(2) de Rialachán Airgeadais an Lárionaid; ag aithint, áfach, ón bhfreagra ón Lárionad, gur comhroinneadh costas an chonartha i gcomhréir leis na comhaontuithe a rinneadh le dhá eintiteas eile a bhaineann úsáid as áitreabh an Lárionaid i Liospóin; ag tabhairt faoi deara sa chomhthéacs sin nach raibh ar an Lárionad ach cuid de chostas nó de chaiteachas iomlán an chonartha a bhí ag brath ar ghealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha a sheasamh, agus go raibh na costais a bhí fágtha ag brath ar oibríochtaí cuntasaíochta fritháirimh/imréitigh toisc gurb iad an dá eintiteas eile a sheas na costais sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Lárionaid chun trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint a thabhairt do sceithirí; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh aon chásanna coinbhleachta leasa nó sceithireachta a thuairisciú, a imscrúdú ná a thabhairt chun críche in 2022; á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Lárionad ar a shuíomh gréasáin dearbhuithe leasa agus CVanna a bhall foirne bainistíochta sinsearaí, chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na saineolaithe seachtracha ar comhaltaí de choiste eolaíochta an Lárionaid iad; á mheabhrú, i gcás chomhaltaí an bhoird bainistíochta, nach bhfuil ach achoimre ar a ngníomhaíochtaí gairmiúla reatha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid; ag cur sonrú i dtiomantas an Lárionaid aghaidh a thabhairt faoi dheireadh 2023 ar a indéanta atá sé gníomhaíocht ghairmiúil na gcomhaltaí sin san am atá caite a áireamh freisin sna CVanna foilsithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár bhuail an Lárionad le brústocairí in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ar bhonn na dtreoirlínte agus na moltaí arna bhforbairt ag an gCoimisiún agus ag an Ombudsman Eorpach maidir leis an ábhar sin, go bhfuil cód iompair agus moltaí/treoirlínte praiticiúla i bhfeidhm ag an Lárionad maidir le hidirghníomhú féideartha a bhall foirne le hionadaithe sainleasa; ag tabhairt dá haire, thairis sin, i gcás ina dtionóltar cruinnithe den sórt sin, go moltar sna treoirlínte sin go gclárófaí an cruinniú agus go bpoibleofaí é; á iarraidh ar an Lárionad na treoirlínte sin a chomhlíonadh agus an fhaisnéis i dtaobh na gcruinnithe sin a fhoilsiú gan mhoill;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) dhá iniúchadh don Lárionad in 2022, eadhon iniúchadh maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta agus maidir le leormhaitheas an chomhordaithe agus na socruithe oibre i gcás na nArd-Stiúrthóireachtaí comhpháirtíochta agus na ngeallsealbhóirí eile, agus iniúchadh ar chreat rialachais ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais; ag tabhairt dá haire nach raibh na torthaí iniúchta don dá thionscadal iniúchta ar fáil fós ag deireadh 2022, agus ag an bpointe sin nach raibh aon rioscaí criticiúla ná moltaí gan réiteach ón IAS, seachas aon mholadh amháin atá fós gan réiteach, maidir leis an gcumarsáid inmheánach, de dhroim iniúchadh ar an mbainistiú acmhainní daonna agus ar eitic a rinneadh in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi toradh mheasúnú 2022 ar éifeachtacht chórais rialúcháin inmheánaigh an Lárionaid, is é sin go bhfuil na comhpháirteanna uile ann agus ag feidhmiú; ag tabhairt dá haire gur aimsíodh sa mheasúnú cúig phrionsabal de chuid an chreata rialaithe inmheánaigh ina bhféadfadh gá a bheith le feabhsuithe áirithe, maidir leis an timpeallacht rialaithe, maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus maidir le faisnéis agus cumarsáid; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh in 2022 cleachtadh cuimsitheach maidir le haimsiú agus measúnú riosca a bhí dírithe ar an mbainistiú riosca a fheabhsú sa Lárionad, agus gur thángthas sa chleachtadh sin ar rioscaí a bhaineann le sainordú nua an Lárionaid agus lena shamhail nua ghnó; á iarraidh ar an Lárionad aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh uile ar thángthas orthu tráth na measúnuithe éagsúla a rinneadh in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Lárionad straitéis athbhreithnithe frithchalaoise in 2021, ina raibh trí chuspóir straitéiseacha agus plean gníomhaíochta don chur chun feidhme in 2022, a bhí curtha chun feidhme den chuid is mó faoi dheireadh na bliana, agus gan ach aon ghníomhaíocht amháin as 12 ghníomhaíocht fós ar oscailt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag moladh an Lárionaid as na hiarrachtaí cumarsáide a bhí dírithe ar tháirgeadh foilseachán ardcháilíochta a áirithiú, agus 66 fhoilseachán eolaíochta agus institiúideacha á dtáirgeadh in 2022, agus 16 cinn d’ailt eolaíochta agus de chaibidlí leabhair ar an bhfód a raibh an Lárionad ina údar nó ina chomhúdar orthu agus a foilsíodh in irisí mór le rá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú suntasach ar spriocphobal an Lárionaid a sroicheadh in 2022 trí bhíthin na gcainéal uile; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go raibh thart ar 2, 6 milliún cuairteoir uathúil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid, an líon ab airde riamh (méadú beagnach 50 % ar líon 2021), 1,6 milliún amharc ar a fhíseáin (méadú 15 % i gcomparáid le 2021), agus breis leantóirí ar dhá phríomhchainéal meán sóisialta, LinkedIn (+ 57 %) agus Instagram (+ 37 %);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an Lárionad díriú ar thorthaí a chuid taighde a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí eagraíochtaí meán eile; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, go bhfuil rochtain ag an úsáideoir ar na tuarascálacha arna gcruthú ag an Lárionad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an leathanach acmhainní, EMCDDA 4 Ukraine, a cruthaíodh do ghairmithe atá ag obair i réimse na ndrugaí san Eoraip a thacaíonn le daoine easáitithe ón Úcráin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>