<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0242</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0130/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022 (2023/2149(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0087/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol<FOOTNOTE><FIELD> IO L 126, 21.5.2009, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 13 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022 (2023/2149(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0087/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol<FOOTNOTE><FIELD> IO L 126, 21.5.2009, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 13 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022 (2023/2149(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.01.2023, lch.6.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 88 173 021 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, a léiríonn méadú de 35,93 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus ó ranníocaíocht CSTE (63.32 %) agus ó ranníocaíochtaí faoi chomhaontuithe sonracha (36.67 %);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), i dtuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair na Gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici gurbh é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí ar faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 ráta cur chun feidhme buiséid de 100 % de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa bhliain reatha, mar an gcéanna le 2021; ag tabhairt dá haire gur ráta forfheidhmithe 86.66 % a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn méadú 1.75 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid ina tuarascáil in 2021 gur úsáid neamhrialta a bhí in úsáid nós imeachta idirbheartaithe gan é a fhoilsiú roimh ré chun creatchonradh a leasú tríd an mbuiséad tosaigh a dhúbailt go EUR 1 mhilliún, agus mar thoradh air sin, go bhfuil gach íocaíocht a rinneadh ina dhiaidh sin i ndáil leis an nós imeachta sin neamhrialta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndeachaigh an conradh in éag i mí na Nollag 2022 agus gurbh ionann na híocaíochtaí gaolmhara in 2022 agus EUR 470 660; ag tabhairt dá haire go bhfuil stádas reatha bharúil na Cúirte ina leith seo dúnta cheana féin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil creat feidhmíochta na Gníomhaireachta bunaithe ar chúig chuspóir feidhmíochta a ndéantar faireachán orthu le 17 KPI ilbhliantúla lena n-áirítear ráta áitíochta na foirne, cur i bhfeidhm an bhuiséid agus seachadadh an chláir oibre bhliantúil; ag tabhairt faoi deara gur seachadadh 95 % den chlár oibre bliantúil maidir le príomhthuarascálacha agus measúnú agus 96 %, faoi seach, de maidir le príomhtháscairí socraithe a tugadh cothrom le dáta, ar táscairí iad araon os cionn na sprice a bunaíodh ag 90 %; ag cur sonrú sna táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá tite ar gcúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di gur lean an Ghníomhaireacht in 2022 de ról lárnach a ghlacadh uirthi maidir le bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí chun tacú leis an gcomhshaol, ag freagairt ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil chomh maith le huaillmhianta foriomlána agus gealltanais dhomhanda na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi gur lean an Ghníomhaireacht de ghníomhaíochtaí agus cúraimí comhaontaithe a chur i gcrích, agus gur thug sí faoi ghníomhaíochtaí nua chun tacú leis an aistriú glas agus le cur chun feidhme an Dlí Aeráide Eorpaigh, agus gníomhaíochtaí á nascadh le straitéis an Aontais um an oiriúnú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh í an dara bliain de chur chun feidhme Straitéis 2021-2030 an Ghréasáin Eorpaigh um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (Eionet) a bhí ann, arb é is aidhm di an t-eolas is fearr atá ar fáil a thabhairt do lucht ceaptha beartas AE agus don phobal chun na spriocanna maidir leis an gcomhshaol agus an inbhuanaitheacht a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur luadh an Ghníomhaireacht in 27 000 alt ar líne in 2022, agus tonnta teasa, triomach agus dóiteáin foraoise ag imirt tionchar ar chuid mhór den Eoraip agus an samhradh is teo riamh ar an mór-roinn, agus gur chuir eagraíochtaí meán ar fud na hEorpa roinnt ball foirne faoi agallamh mar thoradh ar spéis shuntasach sna meáin, agus béim á leagan ar chúiseanna agus ar iarmhairtí na hadhaimsire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú gur thug an Ghníomhaireacht faoi chúraimí nua in 2022 chun tacú leis an aistriú glas agus le cur chun feidhme an Dlí Aeráide Eorpaigh, amhail seoladh an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch Eorpaigh don Athrú Aeráide, agus an am céanna gur thug sé faoi ghníomhaíochtaí a nascadh le straitéis oiriúnaithe an Aontais agus ról na Gníomhaireachta a mhéadú maidir le tacú le spriocanna aeráide na hEorpa a bhaint amach; á chur in iúl gur mór aici tacaíocht na Gníomhaireachta do chomhaltaí choiste ENVI le sonraí agus faisnéis atá bunaithe ar an eolaíocht agus cothrom le dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Lárionad nua Téamach Eorpach maidir le Bithéagsúlacht agus Éiceachórais in 2022 don tréimhse 2023-2026;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhréir leis an gcur chuige le blianta beaga anuas, in 2022, gur lean an Ghníomhaireacht de ghnóthachain éifeachtúlachta a shaothrú trí sheirbhísí a chomhroinnt leis an gCoimisiún Eorpach, le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus le hOifig Tacaíochta Comhroinnte — Líonra Gníomhaireachtaí AE (EUAN) sa Bhruiséil; ag tabhairt dá haire, tar éis an chleachtais sin, gur shaothraigh an Ghníomhaireacht soláthar comhpháirteach le seirbhísí an Choimisiúin agus EUAN, trí chreatchonarthaí a sholáthar agus a threorú, ar creatchonarthaí iad a úsáideann an Coimisiún agus gníomhaireachtaí eile freisin nó trí chreatchonarthaí faoi stiúir daoine eile a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht seirbhísí éagsúla de chuid an Choimisiúin (e.g. párolla, slándáil TF) agus córais éagsúla (e.g. ABAC, Sysper, Ares, e-Prior) i gcomhréir le gnóthachain éifeachtúlachta atá nasctha le húsáid mhéadaithe uirlisí leictreonacha chun tacú le próisis riaracháin (lena n-áirítear i gcás soláthair, airgeadais agus acmhainní daonna); ag tabhairt dá haire freisin, mar fhreagairt ar srianta na paindéime COVID, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag baint úsáid as earcaíocht ar líne, le tacaíocht ó ardán earcaíochta (Systal) a chur chun feidhme, rud a chuir ar a cumas na Gníomhaireachta líon mór nósanna imeachta earcaíochta a chur i gcrích in 2021 agus in 2022, rud a d’fhág ráta íseal folúntais ag deireadh na bliana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, le haistriú leanúnach na Gníomhaireachta chuig obair bunaithe ar ghníomhaíochtaí, cuireadh le gnóthachain éifeachtúlachta in úsáid dhinimiciúil agus sholúbtha an spáis oifige athchóirithe, chomh maith leis an bhféidearthacht leathnaithe teilea-oibre d’fhoireann na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di freisin, gur tháinig an Ghníomhaireacht ar pholasaí ‘fón póca amháin’, rud a d’fhág go raibh coigilteas suntasach ann i gcostais teileafóin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear; á áitiú gur gá dlús a chur le gníomhaíocht i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe go háirithe iad siúd a thagann ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go leanfadh an Ghníomhaireacht den chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus idirphlé a chothú le geallsealbhóirí agus le saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 97,33 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás triúr oifigeach bhuana agus 143 ghníomhaire shealadacha as 150 post arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 140 post údaraithe in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 84 ghníomhaire ar conradh agus 13 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha, ó 2021 go 2023, ar an bplean bunaíochta arna údarú faoi bhuiséad an Aontais in 25 Ghníomhaire Shealadacha agus i 14 Ghníomhaire ar Conradh chun aghaidh a thabhairt ar chúraimí nua a eascraíonn ón mBord Comhairleach Eolaíoch um an Athrú Aeráide, LULUCF, Seveso agus Reachtaíocht maidir le hAthchóiriú Dúlra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil easpa cothromaíochta inscne laistigh d’ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, agus gur fir iad 6 as 9 díobh (67 %); ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di, maidir le cothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 18 as 36 díobh (50 %); ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann na Gníomhaireachta i gcoitinne, gur mná iad 118 as 221 díobh (53 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí amach anseo; ag tabhairt dá haire nár ghlac an Ghníomhaireacht an ‘Chairt um éagsúlacht agus cuimsiú’ agus ag spreagadh na Gníomhaireachta í a ghlacadh agus páirt ghníomhach a ghlacadh i dtionscnaimh lena gcuirtear éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn san ionad oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chothromaíocht gheografach laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta nach bhfuil aon fhoireann bainistíochta acu ó lár agus oirthear na hEorpa; á áitiú go gcaithfear feabhsuithe a dhéanamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil comhordaitheoir dea-bhaile ag an nGníomhaireacht agus go bhfuil obair fhairsing déanta aici maidir le múscailt feasachta agus próisis a bhunú do bhaill foirne atá ag filleadh ó neamhláithreacht fhadtéarmach agus, i gcás inar gá, go gcuirtear cúnamh gairmiúil ar fáil don fhoireann tríd an gcomhairleoir leighis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil aip faireacháin struis (ar a dtugtar ‘Howdy’) lena soláthraí sláinte tugtha isteach ag an nGníomhaireacht chun an riosca traochta a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an fhoireann cláraithe leis an aip agus go gcuirtear sraith ceisteanna orthu ar bhonn rialta chun faireachán a dhéanamh ar a leibhéil struis agus má bhíonn méadú ar an leibhéal sin, go ndéanann síceolaí leighis teagmháil leo chun an toradh a phlé; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de rogha ag an bhfoireann dul i gcomhairle le síceolaí ar feadh suas le trí chuairt ag soláthraí leighis na Gníomhaireachta chun oibriú trí shaincheisteanna; ag tabhairt chun suntais go ndéileáiltear leis an méid sin go léir gan ach staitisticí a chur ar ais chuig an nGníomhaireacht
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de tascfhórsa idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghníomhaireacht; ag dréim lena dtuarascáil agus a moltaí a fháil; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna ciaptha tuairiscithe ann in 2022 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc amach anseo freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, in ainneoin gur cúraimí ilbhliantúla iad cúraimí na Gníomhaireachta, go bhfuil éagothroime ann maidir le líon na bpost buan i gcomparáid le poist chonarthacha chomh maith le foireann oibríochtúil i gcomparáid le foireann tacaíochta, rud a fhágann go bhfuil gá leanúnach le hathsciliú agus go bhfuil ró-ualach oibre riaracháin d’eolaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht EEA athbhreithniú a dhéanamh ar a beartas foirne; á mheas, agus an méadú suntasach ar an ualach oibre á chur san áireamh agus chun na cúraimí maidir le spriocanna an Aontais maidir le neodracht aeráide, an geilleagar ciorclach agus athbhunú dúlra, inter alia, a dhéanamh i gceart, gur cheart go leanfadh líon foirne na Gníomhaireachta de bheith ag fás go suntasach sna blianta atá le teacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú gur cheart go soláthródh comhaltaí sinsearacha bainistíochta agus comhaltaí an bhoird bainistíochta dearbhú leasa a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gur cheart go ndéanfadh comhaltaí sinsearacha bainistíochta, mar chuid den idirphlé forbartha gairme, an fheasacht maidir le coinbhleacht leasa a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar fhéindearbhú (mar chuid den fhéinmheasúnú), i gcás inar cheart go luafadh an comhalta sinsearach bainistíochta, mar bhall foirne, an ndearnadh, nó an ndéanfar, aon ghníomhaíochtaí nua a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh orthu; ag tabhairt faoi deara, agus an plean forbartha gairme ag tabhairt chun críche, gur cheart go sonródh an bainisteoir líne atá freagrach a mheasúnú/a measúnú féin ar cheist na coinbhleachta leasa.; ag tabhairt dá haire nár aithníodh aon chásanna coinbhleachta leasa in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag coinneáil súil ar CVanna agus dearbhuithe leasa a chuirtear isteach do chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus do bhainisteoirí sinsearacha agus go bhfoilsítear iad ar a suíomh gréasáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir bharúlacha leantacha 2021 maidir le hurscaoileadh, go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú chun measúnú a dhéanamh ar a hoiriúnacht agus a hábharthacht de réir cur chuige atá bunaithe ar riosca; ag tabhairt dá haire, agus an méid sin á dhéanamh aici, go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht breithniú ar a sásraí rialaithe inmheánaigh agus frithéillithe agus go ndéanfaidh sí coigeartuithe ar aon bhearna a d’fhéadfadh sí a shainaithint; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le torthaí an mheasúnaithe thuasluaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag aithint go dearnadh infheictheacht na Gníomhaireachta a bhaint amach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí na meáin, an t-idirlíon agus na meáin shóisialta a dhéanamh níos feiceálaí fós chun go mbeidh a chuid oibre agus na contúirtí atá ann don chomhshaol ar an eolas do na saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de bheith ag obair in 2022 ar na hathruithe struchtúracha ar a bealaí oibre a seoladh in 2021; ag tabhairt dá haire, a luaithe a bheidh athruithe i bhfeidhm go hiomlán, go dtabharfar aird iomlán ar dhoiciméadú na nósanna imeachta a nuashonrú, rud a réiteoidh na laigí a sainaithníodh i gcreat rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chuige na Gníomhaireachta maidir le bainistiú riosca comhlíontach i bpáirt, ós rud é go sainaithnítear agus go ndéantar anailís ann ar rioscaí ar fud na heagraíochta, ach go bhfuil sainaithint, measúnú agus obair leantach chórasach ar rioscaí ar leibhéal an ghrúpa tionscadail teoranta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil na gníomhaíochtaí rialaithe chun rioscaí a mhaolú comhlíontach i bpáirt freisin, ós rud é go bhfuil siad as dáta mar gheall ar athruithe struchtúracha in 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas an Lárionaid Théamaigh Eorpaigh agus an beartas maidir le deontais as dáta freisin i bhfianaise an athraithe ar an struchtúr fíorúcháin a cuireadh i bhfeidhm in 2022; maidir le pleananna leanúnachais gnó, tá siad i bhfeidhm agus baineadh úsáid éifeachtach astu le linn géarchéimeanna, ach tá a mbearta scaipthe ar fud doiciméid éagsúla agus níor tugadh cothrom le dáta iad chun bealaí nua oibre a léiriú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta a glacadh chun doiciméadacht na nósanna imeachta a uasdátú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i mí Mheán Fómhair 2022, gur chuir comhlacht inniúil síneadh bliana eile le clárú Scéim AE um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) don Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil sé léirithe i dtuarascáil na Gníomhaireachta go bhfuil an tÚdarás i measc na ngníomhaireachtaí a eisíonn ráiteas bliantúil ar an gcomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a hiarrachtaí leanúnacha i dtreo infheictheacht an phobail agus láithreacht ar líne in 2022, amhail foilseachán corparáideach digiteach idirghníomhach ‘EEA 2021: achoimre ar an mbliain’ a fhorbairt chun míniú a thabhairt ar a bhfuil i gceist leis an nGníomhaireacht agus an méid a dhéanann sí, agus an tionscadal gréasáin ilbhliantúil leanúnach lenar soláthraíodh príomhghnéithe in 2022, loighic loingseoireachta úsáideoir-lárnach agus inneachar nuashonraithe sna príomhréimsí eolais bunaithe ar dhiananailís úsáideoirí ina measc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as páirt a ghlacadh i dtascfhórsa speisialta chun eolas, saineolas agus sonraí a thabhairt le chéile chun tionchar comhshaoil ionsaí na Rúise gan chúis gan údar ar an Úcráin a mhapáil;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach  a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>