<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0244</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0082/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2142(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0080/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/1994 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 314, 7.12.1994, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 14 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0082/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Ionaid don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2142(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0080/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/1994 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 314, 7.12.1994, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 14 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0082/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2142(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0082/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 38.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 49 839 955 buiséad críochnaitheach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (‘an tIonad’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus laghdú 6,02 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go n-eascraíonn 95,80 % de bhuiséad an Ionaid ó ranníocaíochtaí díreacha ó institiúidí agus ó ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Ionaid don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Ionaid beacht, agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; de bhrí gur aimsigh an Chúirt íocaíochtaí neamhrialta dar luach EUR 1.3 milliún san iomlán, a bhfuil EUR 0.6 milliún díobh bainteach le cinneadh na Cúirte nach leor na húdair atá ag an Ionad le nósanna imeachta soláthair áirithe a roghnú gan réamhfhógra agus go mbaineann EUR 0.7 milliún díobh le mainneachtain ag an Ionad faireachán a dhéanamh ar ídiú na n-uasteorainneacha airgeadais ar leibhéal na nósanna imeachta aonair agus na gcreatchonarthaí le haghaidh aistriúchán, arb ionann iad agus 2,4 % go carnach de na leithreasuithe íocaíochta a bhí ar fáil in 2022, rud a sháraíonn an tairseach ábharthachta a leagadh síos don iniúchadh agus, dá bhrí sin, a bhfuil mar thoradh air tuairim cháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun le cuntais an Ionaid; de bhrí, cé is moite de na híocaíochtaí neamhrialta sin, gur chinn an Chúirt go bhfuil na hidirbhearta is bun leo maidir le híocaíochtaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2022 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh de thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2022 go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 89,08 % ann i leith leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa bhliain reatha, arb ionann é agus méadú 5,55 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gur ráta forfheidhmithe 83,50 % a bhí ann i leith leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é méadú 6,99 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh buiséad tosaigh an Ionaid le haghaidh 2022 (EUR 49.0 milliún) faoi réir buiséad leasaitheach amháin a ghlac bord bainistíochta an Ionaid i mí Mheán Fómhair 2022 agus go raibh sé mar aidhm leis sin go gcuimseofaí ann na réamhaisnéisí nuashonraithe a fuarthas ó chliaint agus toradh an athbhreithnithe a rinne an tIonad ar na míreanna caiteachais uile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-áirítear le holltoradh buiséid críochnaitheach na bliana 2022 an toradh ar ríomh iarbhír olltoradh buiséid na bliana 2022 (lúide EUR 0.05 milliún) móide olltoradh buiséid na bliana 2021, is é sin EUR 1.1 milliún, ar aistríodh EUR 2.3 milliún uaidh chuig an ‘gCúlchiste le haghaidh chobhsaíocht na praghsála’ chun cobhsaíocht bhuiséadach an Ionaid sa todhchaí a áirithiú, a mbeidh de thoradh air go ndéanfar olltoradh buiséid arb ionann é agus easnamh EUR 1.2 milliún a thabhairt ar aghaidh in 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur 89,6 % a bhí i ráta cur chun feidhme foriomlán chlár oibre an Ionaid i gcomhair 2022, i gcomhréir le buiséad leasaitheach 1/2022; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an ráta sin níos ísle ná mar a bhí in 2021 (93,4 %), agus deireadh tagtha dá chionn sin le treocht dhearfach feabhsuithe bliain ar bhliain ó 2018 i leith nuair ba ráta cur chun feidhme 82,4 % a bhí ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, agus 348 070 leathanach i gceist, a tháinig laghdú 5,2 % ar líon na leathanach doiciméad a aistríodh, a modhnaíodh, a cuireadh in eagar agus a athbhreithníodh i gcomparáid le 2021 (367 264 leathanach); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2022, maidir le trádmharcanna an Aontais, a tháinig laghdú breise 12,6 % ar líon na leathanach a aistríodh (239 964) i gcomparáid le líon na bliana 2021 (274 706 leathanach), agus an treocht shuntasach anuas i dtreis go fóill dá réir; ag tabhairt faoi deara gur amhlaidh, agus 588 033 leathanach san iomlán á aistriú in 2022, a tháinig laghdú 8,4 % ar an méid iarbhír i gcomparáid le líon na bliana 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag admháil na mórghníomhartha a rinne an tIonad in 2022, amhail Straitéis nua a fhorbairt do 2024-2027 arb é is aidhm di tionchar an Ionaid a mhéadú i gcomhthéacs níos leithne an ilteangachais sa ré dhigiteach, soláthar seirbhísí saincheaptha lena n-áirítear seirbhísí sonracha a sholáthar do chliant nua, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, tuilleadh forbartha ar an mbunachar sonraí téarmaíochta idirinstitiúideach InterActive Terminology for Europe (IATE) agus tacaíocht agus cothabháil na tairsí téarmaíochta idirinstitiúidí EurTerm; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an tIonad uasghrádú ar an teicneolaíocht aistriúcháin ríomhchuidithe atá i bhfeidhm, Trados Studio 2021, mar aon le huasghrádú ar na modúil atá tiomnaithe do bhainistiú cuimhní aistriúcháin agus do chruthú tionscadal baisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur léirigh na freagróirí (ráta 36 %) ar an suirbhé bliantúil ar shástacht na gcliant a rinneadh in 2022 rátaí arda sástachta le seirbhísí an Ionaid agus leis an gcaidreamh frithpháirteach, agus gurb iad na tosaíochtaí atá acu go fóill, in ord tábhachta, cáilíocht an aistriúcháin, cáilíocht an chaidrimh, sprioc-amanna, praghas, teaglamaí teanga agus formáidiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag admháil gur bliain dheacair a bhí in 2022 don Ionad, i bhfianaise na timpeallachta seachtraí lena n-áirítear an cogadh san Úcráin, tionchar leanúnach COVID-19, costais fuinnimh agus boilsciú, agus, dá bhrí sin, méadú iarmhartach ar na costais inmheánacha le haghaidh áitreabh agus thuarastail foirne an Ionaid; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, in ainneoin an laghdaithe ar na hiarrachtaí aistriúcháin ar thaobh cuid de chliaint an Ionaid agus a bhuí lena infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i ngnóthachain éifeachtúlachta, gur chuir an tIonad struchtúr praghsála don bhliain 2023 i láthair lenar ghabh praghsanna cobhsaí, arb ionann é agus laghdú ar na praghsanna é i dtéarmaí réadacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag admháil ról tábhachtach an Ionaid agus a sheirbhísí aistriúcháin ó thaobh modhanna oibre ghníomhaireachtaí an Aontais a chuíchóiriú, barainneachtaí scála a bhaint amach agus anuas air sin aon bharrachas oibre ó na hinstitiúidí den Aontas a bhfuil a seirbhísí aistriúcháin féin acu a ionsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug an tIonad céim shuntasach i dtreo na hinbhuanaitheachta agus chosaint an chomhshaoil trí chonradh nua léasa a shíniú agus laghdú 33 % a chur ar a spás oifige, agus spásanna oibre nua á mbunú ag an am céanna, lena n-áirítear caifitéire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an tIonad tar éis barr feabhais a chur ar a struchtúr agus a mhodhanna oibre de réir a chéile agus tar éis bearta cost-éifeachtúlachta a chur chun feidhme ina shamhail ghnó, mar shampla, trí uirlisí de chuid an Choimisiúin amhail ABAC, SYSPER, MIPS agus ARES a thabhairt isteach; ag tabhairt dá haire ón bhfreagra ón Ionad, maidir le SYSPER, gur cuireadh tús in 2022 le cur chun feidhme modúil nua chun taifid phearsanra a dhigitiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an tIonad Systal (uirlis roghnúcháin agus earcaíochta) isteach agus gur chuir sé barr feabhais breise ar a húsáid in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil feabhas curtha ag Roinn Riaracháin an Lárionaid ar a feidhmíocht trí athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar mhodhanna oibre, agus teicneolaíocht nua á tabhairt isteach chun a cuid oibríochtaí a shruthlíniú, as ar tháinig méadú ar tháirgiúlacht, laghdú ar chostais, agus feabhas foriomlán ar cháilíocht na hoibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire le teann sásaimh go raibh an tIonad ar cheann de na gníomhaireachtaí a bhí rannpháirteach sa tionscnamh ar a dtugtar ‘Comhfhórsaí AE maidir le IS’, a sheol an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil ón gCúirt go bhfuil an tIonad ar cheann de na gníomhaireachtaí sin a bhfuil pleananna corparáideacha acu chun éifeachtúlacht fuinnimh agus aeráidneodracht a gcuid oibríochtaí a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil deimhniú na Scéime um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) i seilbh an Ionaid go fóill, ach á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé i mbun staidéar gníomhach ar an bhféidearthacht go gcuirfí le nós imeachta clárúcháin EMAS go luath amach anseo; ag tabhairt dá haire go bhfuil rún daingean ag an Ionad a fheidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú go leanúnach agus go mbraitheann sé ar phrionsabail ghinearálta EMAS agus ar ISO 14001 ina chleachtais laethúla; á chur in iúl gur geal léi bearta an Lárionaid chun tomhaltas gáis agus leictreachais ag áitreabh an Lárionaid a laghdú don tréimhse ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Márta 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2022, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme ar bhonn 9378 %, go ndearnadh ceapacháin i gcás 46 oifigeach agus 135 ghníomhaire shealadacha as 51 oifigeach agus 142 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (193 phost údaraithe, mar a bhí in 2021); ag tabhairt dá haire go raibh, sa bhreis air sin, 20 gníomhaire ar conradh ag obair don Ionad in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur sonrú i miondealú inscne an Ionaid a tuairiscíodh do 2022, agus 8 mbean (42 %) agus 11 fhear (58 %) i bpoist bainistíochta sinsearaí, agus 38 bhfear (59 %) agus 26 bhean (41 %) ar leibhéal an bhoird bainistíochta agus 76 fhear (38 %) agus 125 bhean (62 %) ar an bhfoireann trí chéile; ag tabhairt faoi deara go bhfuil tearcionadaíocht ar na fir ar fhoireann an Ionaid trí chéile; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an Lárionad oibriú i dtreo cothromaíocht inscne ar leibhéal na foirne, na hardbhainistíochta agus na meánbhainistíochta agus ar leibhéal an bhoird bainistíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta an Lárionad; ag cur sonrú sa líon ard comhaltaí atá ar an mbord bainistíochta, ar rud é nach n-éascaíonn cinnteoireacht ná bainistíocht shimplithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil comhbheartas i bhfeidhm ag an Ionad maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc a bhfuil ar áireamh ann nós imeachta foirmiúil agus nós imeachta neamhfhoirmiúil, agus comhairleoirí iontaoibhe ceaptha atá in ann an nós imeachta neamhfhoirmiúil a láimhseáil; ag cur sonrú sa fhreagra ón Ionad nár tuairiscíodh aon chás ciaptha in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú ó 112 go 252 ar líon na n-uaireanta ragoibre a iarradh in 2022 agus a d’fhormheas an lucht bainistíochta in 2022, arb ionann é agus méadú 125 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt faoi deara ó fhreagra an Ionaid go bhfuil iomlaoid foirne 7 % ann (baill foirne a chuaigh ar scor á gcur as an áireamh) i leith 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bharúil atá sa tuarascáil ón gCúirt go raibh roinnt laigí le sonrú ar chur chuige an Ionaid in 2021 i gcás 3 cinn de dhámhachtainí conarthaí poiblí toisc gur shínigh sé conarthaí gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré, agus gur mheas an Chúirt nár leor an réasúnú maidir leis an ngá a bhí ann le cearta eisiacha a chosaint nó maidir leis an bhfíorphráinn a bhí ann; ag tabhairt dá haire nach raibh ach ceann amháin de na 3 chonradh sin ar oscailt in 2022 agus go raibh íocaíocht amháin dar luach EUR 0.6 milliún mar thoradh air agus go bhfuil barúil na Cúirte fós ar oscailt; ag tabhairt faoi deara go gcumhdaítear an íocaíocht sin leis an tuairim cháilithe ón gCúirt maidir le caiteachas an Ionaid i leith 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, sa tuairim cháilithe ón gCúirt ina dtugtar le fios go raibh íocaíochtaí dar luach EUR 0.1 milliún neamhrialta chomh maith leis an dá chonradh dar luach EUR 110 000 agus EUR 52 000 lenar bhain na híocaíochtaí sin agus ar thogair an tIonad caibidlíocht a dhéanamh ina leith le soláthraí aonair gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré; ag tabhairt dá haire, cé gur thug an Lárionad údar lena nós imeachta a roghnú ar fhorais fíorphráinne, gur chinn an Chúirt nach leor bonn cirt an Lárionaid; ag cur sonrú, thairis sin, sa fhreagra ón Ionad gur roghnaigh sé síneadh leis an tseirbhís a fháil trí nós imeachta idirbheartaithe toisc nár aimsíodh aon réiteach ar an aistriú ón sean-chreatchonradh agus chuig an gcreatchonradh nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur ann don tuairim cháilithe ón gCúirt maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí a rinneadh in 2022 i ndáil le 117 gcreatchonradh ar leithligh a eascraíonn as nós imeachta aonair a bhaineann le haistriú téacsanna; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt nár sonraíodh sa chreatchonradh gaolmhar an uasteorainn uilíoch don nós imeachta sin, arbh ionann é agus EUR 1 mhilliún; á chur in iúl gur oth léi gur sáraíodh leis an bhfionnachtain sin Airteagal 2(31) den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire thairis sin nach ndearna an tIonad faireachán ar shroicheadh na huasteorann uilíche sin ar leibhéal an chreatchonartha aonair ná i ndáil leis an nós imeachta ina iomláine, agus nár lean sé an caiteachas gaolmhar ach ar leibhéal na líne buiséid lena mbaineann; á chur in iúl gur oth léi go raibh de thoradh air sin gur íocadh EUR 0.5 milliún os cionn na huasteorann sin go neamhrialta; ag cur sonrú, ón bhfreagra ón Ionad, sna gníomhaíochtaí a rinne an tIonad chun feabhas a chur ar chórais rialúcháin an Ionaid sa réimse sin, eadhon tuarascáil Chuspóirí Gnó a fhorbairt ina liostaítear na creatchonarthaí uile atá i bhfeidhm agus ina n-áirítear na sonraí uile is gá chun sroicheadh uasteorainn gach ceann de na conarthaí sin a leanúint; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur forbraíodh gnéithe teicniúla lena ndéantar rátaí éagsúla tomhaltais buiséid (75 % agus 90 %) a bhrath, a thabhairt chun suntais agus/nó lena ndéantar ríomhphoist rabhaidh a sheoladh ina leith go huathoibríoch nuair a shroichtear na rátaí sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfoilsítear CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta ar shuíomh gréasáin an Ionaid, agus go ndéantar dearbhuithe leasanna thromlach na gcomhaltaí sin a uaslódáil ar an suíomh gréasáin sin; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear dearbhú leasanna agus CV an Stiúrthóra ar shuíomh gréasáin an Ionaid; ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón Ionad maidir leis na bearta a ghlac an tIonad i bhfianaise an urscaoilte i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Ionaid don bhliain airgeadais 2021, go bhfuil an tIonad fós ag obair ar an réiteach lena gcuirfear ar chumas chomhaltaí an bhoird bainistíochta féin an dearbhú leasanna agus an CV a uaslódáil agus a choinneáil cothrom le dáta; ag tathant ar an Ionad an chéim theicniúil sin a thabhairt chun críche agus á iarraidh ar an Ionad tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh an ábhair sin go dtí go bhfoilseofar doiciméid uile chomhaltaí uile an bhoird;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go síníonn na hiarrthóirí agus na baill foirne dearbhuithe leasa sula n-earcaítear iad, le linn na fostaíochta agus sula bhfilleann siad ó shaoire ar fhorais phearsanta nó ó shaoire gan phá; á chur in iúl gur geal léi thairis sin, maidir leis na baill foirne a bhíonn rannpháirteach i gcoistí roghnúcháin chun pearsanra a earcú nó i gcoistí meastóireachta i dtaobh glaonna ar thairiscintí, nach mór do na baill foirne sin dearbhú um rúndacht agus um easpa coinbhleachtaí leasa a líonadh isteach; ag tabhairt dá haire ó fhreagra an Ionaid nach raibh aon chásanna coinbhleachtaí leasa nó sceithireachta ann in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i bhfianaise chineál phríomhchúraimí an Ionaid, nach bhfuil aon chruinniú le brústocairí ar siúl agus nach bhfuil sé beartaithe ag an Ionad straitéis inmheánach frithéillithe a thabhairt isteach faoi láthair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cur sonrú, ón tuarascáil ón gCúirt, sa bharúil gur fágadh ar lár as na sonraíochtaí tairisceana, i gcás 3 cinn de nósanna imeachta soláthair iniúchta le haghaidh seirbhísí, critéir thábhachtacha um measúnú a dhéanamh ar acmhainneachtaí teicniúla agus gairmiúla na dtairgeoirí agus nár sainíodh iontu tacar íosleibhéal ábhartha, sonrach agus intomhaiste atá de dhíth ó thaobh acmhainneacht airgeadais de, arb amhlaidh, dá rachfaí faoi bhun na n-íosleibhéal sin, nach nglacfaí le tairgeoirí; ag cur sonrú sa fhreagra ón Ionad gur úsáideadh teimpléid níos sine sna nósanna imeachta sin le haghaidh na ndoiciméad tairisceana agus go n-éilítear leis na teimpléid nua atá á n-úsáid ag an Ionad go sonraítear agus go líontar isteach na figiúirí ábhartha go soiléir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 5 mholadh iniúchóireachta ar oscailt ag an Ionad ag tús 2022, ar moltaí iad a d’eascair as dhá iniúchadh de chuid na Seirbhísí um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS); ag admháil gurb amhlaidh, sa chomhthéacs sin, faoi dheireadh 2022, a dúnadh an dá mholadh a bhaineann leis an iniúchadh a rinne IAS in 2019 ar chóras an Ionaid chun an sreabhadh oibre aistriúcháin a bhainistiú agus ceann amháin de na 3 mholadh ón iniúchadh a rinne IAS in 2021 ar phleanáil agus ar bhuiséadú; ag tabhairt dá haire thairis sin, maidir leis an dá mholadh atá fágtha, nár sonraíodh aon cheann díobh a bheith ‘an-tábhachtach’ nó ‘criticiúil’, gur tugadh aghaidh ar ghníomhaíochtaí ina dtaobh agus gur beag an riosca iarmharach ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar obair leantach ar an mbarúil ón gCúirt don bhliain airgeadais 2021 maidir le laigí ar thángthas orthu i ndoiciméadacht an Ionaid i gcás roinnt nósanna imeachta soláthair phoiblí, go ndearna an tIonad athbhreithniú idir an dá linn ar a nósanna imeachta soláthair agus ar a theimpléid soláthair; ag tabhairt dá haire gur stádas dúnta a ghabhann leis an mbarúil sin anois; ag tabhairt dá haire go ndearna an tIonad, in 2022, plean gníomhaíochta nua frithchalaoise do 2022 agus 2023 a thabhairt chun críche agus na gníomhaíochtaí deireanacha a bhí ar feitheamh ón bplean roimhe sin a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiniúchtaí cáilíochta a cuireadh i gcrích go rathúil in 2022 lena dtugtar dearbhú breise do lucht bainistíochta an Ionaid maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhréireacht na nósanna imeachta iniúchta; ag tabhairt dá haire nár cláraíodh aon diallas i ndáil leis na nósanna imeachta iniúchta agus gur thángthas ar roinnt nótaí tráchta agus moltaí maidir le feabhsú agus gur comhaontaíodh iad sin sna tuarascálacha iniúchóireachta, agus go ndearnadh iad a thrasuí freisin i bpleananna gníomhaíochta le haghaidh cur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag admháil iarrachtaí an Ionaid in 2022 a infheictheacht phoiblí a mhéadú; ag cur sonrú i méadracht fheabhsaithe an Ionaid ar na meáin shóisialta, agus méadú 11 % tagtha in 2022 ar an líon síntiúsóirí atá cláraithe ar na cuntais meán sóisialta (Facebook, LinkedIn, Twitter); ag moladh an Ionaid as béim a choinneáil ar a phunann seirbhísí mhéadaithe a chur ar a súile ar bhealach níos fearr dá chliaint, do sholáthraithe seachtracha seirbhíse teanga, do chomhpháirtithe institiúideacha agus don phobal, trí bhileoga, trí fhíseáin teagaisc le haghaidh na n-uirlisí inmheánacha agus seachtracha sreafa oibre, nó trí fhíseáin lena gcuirtear an tseirbhís iareagarthóireachta chun cinn, mar bhealach chun spriocphobal níos leithne a shroicheadh; ag tabhairt dá haire gur lean na malartuithe dea-chleachtais le hollscoileanna agus leis an bpobal domhanda aistriúcháin (podchraoladh memoQ, Comhdháil na Danmhairge de chuid Nordic Techkomm) de bheith ina gcuid de ghníomhaíochtaí for-rochtana an Ionaid in 2022;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>