<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0245</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0133/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2156(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0094/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 68 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0133/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2156(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0094/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 68 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0133/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2156(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0133/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 489, 22.12.2022, lch. 7.</FIELD></FOOTNOTE>, gur EUR 421 815 000 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, a léiríonn méadú 11,23 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur gníomhaireacht a fhaigheann maoiniú ó tháillí í an Ghníomhaireacht, agus go n-eascraíonn thart ar 88 % dá hioncam do 2022 as táillí a dhíorthaítear ón meastóireacht ar chógais leighis agus ar ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le gnó, agus 12 % ag eascairt as buiséad an Aontais agus as ioncam ilghnéitheach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhuithe réasúnacha faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair na Gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí ar fhaireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 go ndearnadh 96,80 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha a chur chun feidhme, arb ionann é agus méadú 0,42 % i gcomparáid le 2021; á chur in iúl gur oth léi gurbh ionann agus 71,48 % an ráta forghníomhaithe don bhliain reatha i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 0,88 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt faoi deara, i gcás íocaíocht iniúchta amháin de EUR 2 mhilliún, nár údaraigh an Ghníomhaireacht an gealltanas buiséadach gaolmhar ach amháin tar éis don ghealltanas dlíthiúil a bheith glactha; á mheabhrú go dtéann sé sin i gcoinne Airteagal 73(2) de Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta;  á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht gníomhú láithreach agus bearta a chur chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil gach idirbheart airgeadais i gcomhréir le Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire gur saincheist leanúnach i gcónaí iad na dliteanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn, go dtí 2039, as an léas ar iar-áitreabh oifige na Gníomhaireachta i Londain; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh é EUR 366 mhilliún an cíos iomlán gan íoc, na muirir seirbhíse ghaolmhara agus an t-árachas tiarna talún a bhí le híoc ag an nGníomhaireacht go dtí deireadh théarma an léasa an 31 Nollaig 2022, is é sin thart ar EUR 23 mhilliún in aghaidh na bliana;  á thabhairt dá haire, i mí Iúil 2019, gur tháinig an Ghníomhaireacht ar chomhaontú lena thiarna talún, agus rinne sí an t-áitreabh a bhí aige a fholigean le fothionónta le héifeacht ón Iúil 2019, faoi choinníollacha atá i gcomhréir le téarmaí an cheannléasa; á aithint go maireann téarmaí an fholéasa go dti go rachaidh léas na Gniomhaireachta in éag i mí an Mheithimh 2039 agus, ós rud é go leanann an Ghníomhaireacht de bheith ina páirtí sa cheannléas, go bhféadfadh sí a bheith faoi dhliteanas i leith na suime iomláine atá fós le híoc faoi oibleagáidí conarthacha an cheannléasa má mhainníonn an fothionónta a oibleagáidí a chomhlíonadh; ag tarraingt aird ar ghné eile a tugadh chun suntais i gcuntais na Gníomhaireachta, eadhon na héiginnteachtaí a bhaineann le feidhmíocht airgeadais mháthairchuideachta deiridh na fothionóntaí mar thoradh ar mheath a rátála creidmheasa agus ar an athstruchtúrú fiachais a rinneadh le déanaí, rud a d’fhág gur stopadh an íocaíocht;  á thabhairt dá haire go bhfuil imní ar an nGníomhaireacht agus ar a Bord Bainistíochta go gcaithfidh an Ghníomhaireacht, in ionad a hiarracht iomlán a dhíriú ar a misean maidir leis an tsláinte phoiblí a chosaint agus a chur chun cinn, maoin tráchtála i dtríú tír a bhainistiú anois freisin, agus a hacmhainní daonna agus airgeadais a atreorú óna freagrachtaí sláinte poiblí i ndáil le saoránaigh an Aontais;  á chur in iúl gur eol di go raibh malartú tuairimí ag Coiste um Buiséid na Parlaiminte an 11 Eanáir 2024 leis an nGníomhaireacht maidir leis an leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar fholéas na Gníomhaireachta d’iaráitreabh na Gníomhaireachta i Londain;  á áitiú go bhfuil gá le cinneadh polaitiúil chun réiteach fadtéarmach ar an tsaincheist sin a áirithiú; á áitiú, cé go bhfuil réiteach fadtéarmach á shaothrú, gur cheart beart gearrthéarmach a aimsiú agus a imscaradh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus í a shrianadh, ós rud é go leanann an fothionónta de mhainneachtain a chíos a íoc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht in 2022 ar 41 tháscaire feidhmíochta, agus ráta cur chun feidhme 92,60 % á mheas aici;  á thabhairt dá haire gur ghiaráil an Ghníomhaireacht a seasamh mar chathaoirleach ar Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta na nÚdarás Rialála Leigheasra in 2022 chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an obair ar chomhchuibhiú na gcóras rialála idirnáisiúnta;  á thabhairt faoi deara go bhfuil trí mhórphíosa reachtaíochta (Rialachán (AE) Uimh. 536/2014<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, Rialachán (AE) 2019/6<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).</FIELD></FOOTNOTE> agus an sainordú leathnaithe i Rialachán (AE) 2022/123<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>) curtha i gcrích aige freisin agus dul chun cinn déanta ar an obair maidir le rialachas sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh síneadh le sainordú na Gníomhaireachta an 1 Márta 2022 nuair a tháinig Rialachán (AE) 2022/123 i bhfeidhm lena dtreisítear a ról in ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus i mbainistiú táirgí íocshláinte agus feistí leighis;  á thabhairt dá haire gur ceanglaíodh leis an Rialachán sin ar an nGníomhaireacht comhlachtaí nua a chur ar bun, amhail an Grúpa Stiúrtha maidir le Ganntanais Leighis agus an Tascfhórsa Éigeandála (ETF) agus, ina theannta sin, gur ghlac an Ghníomhaireacht le bainistiú na bpainéal saineolaithe maidir le feistí leighis a aistríodh chuig an nGníomhaireacht ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin;  á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Ghníomhaireacht, faoi Rialachán (AE) 2022/123, freagrach as faireachán a dhéanamh ar theagmhais a bhféadfadh géarchéim a bheith mar thoradh orthu, as freagairtí an Aontais ar ghanntanais cógas leighis criticiúil, feistí leighis agus diagnóisic in vitro le linn géarchéime a thuairisciú agus a chomhordú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais go n-áirítear ar phríomhéachtaí eile in 2022 dhá vacsaín nua agus dhá chóireáil COVID-19 a fhormheas, mhol ETF úsáid shealadach a bhaint as vacsaín bolgaí moncaí Jynneos atá formheasta ag na Stáit Aontaithe le haghaidh bolgach mhoncaí chun tacú le hiarrachtaí vacsaínithe ag údaráis náisiúnta an Aontais Eorpaigh, mar aon le síneadh a chur le húsáid Imvanex chun daoine fásta a chosaint ar bolgach mhoncaí freisin; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht le Lárionad Leighis Ollscoil Erasmus in Rotterdam chun an Lárionad Comhordúcháin don Líonra um Anailís Sonraí agus um Fhíorcheistiúchán Domhanda (DARWIN EU®) a bhunú, atá ag feidhmiú mar threo-aimsitheoir don Rialachán atá beartaithe le haghaidh Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) agus chun nascadh le seirbhísí EHDS lena n-úsáid i rialáil cógas;  á thabhairt dá haire, thairis sin, gur bhain cur chun feidhme an <STRING ITALIC="on">Scaled Agile Framework</STRING> [Creat Lúfar Scálaithe] le haistriú phunann TF na Gníomhaireachta chuig an modh oibre Agile, lenar bunaíodh sruthanna luacha atá ailínithe lena croí-mhisean, agus lena ndearnadh foirne táirgí a oibríochtú laistigh díobh;  á iarraidh go bhfoghlaimeodh an Ghníomhaireacht ó na heispéiris sin agus úsáid a bhaint as na dea-chleachtais a eascraíonn astu amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag an nGníomhaireacht maidir le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint trí mheasúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar chógais leighis lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáid tréidliachta agus an tsláinte phoiblí a chosaint trí fheasacht a mhúscailt maidir le príomh-shaincheisteanna lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus galair theagmhálacha a chosc trí vacsaíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh acmhainní neamhleora don Ghníomhaireacht an bonn a bhaint de chumas na Gníomhaireachta a misean a chur i gcrích agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Chomhairle cistiú leordhóthanach ón Aontas a leithdháileadh chun a áirithiú go mbeidh a dóthain acmhainní ag an nGníomhaireacht chun a cuid gníomhaíochtaí uile a chur i gcrích maidir le raon leathan sásraí rialála, lena n-áirítear forbairt cógas leighis agus rochtain orthu a éascú, tacú le taighde agus nuálaíocht agus a freagrachtaí maidir le faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais fhéideartha nó iarbhír cógas leighis criticiúil gan aon mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á aithint go raibh leibhéal suntasach gníomhaíochtaí a bhain le COVID-19 fós mar shaintréith de 2022 agus go raibh aistriú ann ó ghníomhaíochtaí údaraithe margaíochta roimh ré agus tosaigh go gníomhaíochtaí iar-údarúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuair 52 % de na hiarratasóirí ar deonaíodh tuairim dhearfach dóibh maidir lena dtáirge íocshláinte comhairle eolaíoch nó cúnamh prótacail ón nGníomhaireacht le linn chéim forbartha a dtáirge, agus an figiúr sin ag ardú go 78 % d’iarratasóirí ar tháirgí íocshláinte a bhfuil substaintí gníomhacha nua acu; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh comhairle luath an próiseas formheasa a chuíchóiriú go suntasach agus táirgí íocshláinte sábháilte agus éifeachtacha a fhorbairt mar thoradh uirthi;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur eol di gur lean an Ghníomhaireacht le linn 2022 dá straitéis a chur chun feidhme chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach, lenar díríodh ar fheabhas a chur ar phróisis agus ar an digitiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire, trí obair a Saotharlainne Nuálaíochta Digití (DigiLab), gur scrúdaigh an Ghníomhaireacht deiseanna chun uathoibriú na hoibre riaracháin a bhaint amach;  á thabhairt faoi deara gur thionscain DigiLab 14 thionscadal uathoibrithe, ar thug an Fhoireann Ceannaireachta um Luasú Digiteach tosaíocht dóibh agus formhuiniú ina leith, in éineacht leis an Ionad Barr Feabhais Anailísíochta (ACE), lena n-áirítear uathoibrithe le haghaidh catagóiriú ríomhphoist, giniúint liosta brisphointí cliniciúla, agus bunachar sonraí píolótach an Aontais maidir le Liosta Dátaí Tagartha le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta i gcothabháil agus i bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;  ag tabhairt faoi deara gur oibrigh DigiLab freisin le ACE chun cúig réiteach fhéideartha ar dhúshláin ghnó a phíolótú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht, mar chuid dá hiarrachtaí digitithe in 2022, an dea-chleachtas cliniciúil agus na cigireachtaí ar dhea-chleachtas cógas-aireachais a chomhtháthú ina hardán TF, IRIS, agus feabhas á chur ar éifeachtúlacht, trédhearcacht agus obair chomhoibríoch i gcomhréir le clár claochlaithe dhigitigh na Gníomhaireachta, lena ndéantar maoirseacht ar chigireachtaí ar chógais leighis dhaonna agus tréidliachta faoin nós imeachta láraithe nó faoin bpróiseas atreorúcháin arna iarraidh sin ag na Coistí um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine nó d’Úsáid Tréidliachta;  á iarraidh go ndéanfadh an institiúid tuilleadh nósanna imeachta inmheánacha a aimsiú a d’fhéadfaí a chuíchóiriú tríd an digitiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire, mar chuid de ghnéithe feabhsaithe an phróisis, gur oibrigh an Ghníomhaireacht le linn 2022 ar an gclaochlú Agile, agus é mar aidhm aici trédhearcacht mhéadaithe, ualach riaracháin laghdaithe agus cuntasacht níos soiléire a sholáthar, trí shamhail rialachais nua agus modh oibre i mBainistiú Faisnéise/TF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios, in 2022 gur thosaigh an Ghníomhaireacht ar ghníomhaíochtaí ar an láthair arís de réir a chéile ag a foirgneamh, agus socruithe solúbtha oibre á gcoinneáil ar bun aici ag an am céanna, rud a d’fhág go raibh suas le 60 % den teilea-obair ann in aghaidh na míosa;  le rialacha sealadacha maidir le taisteal gnó, tugadh tús áite do rannpháirtíocht fhíorúil i gcomhdhálacha, cruinnithe agus seisiúin oiliúna, agus láithreacht fhisiciúil á háireamh mar bhreisluach straitéiseach, agus rinneadh cinneadh a chur chun feidhme maidir le suíomhanna fíorúla agus fisiciúla a mhalartú le haghaidh cruinnithe coiste eolaíochta agus meithleacha chun acmhainneacht ar an láthair a bhainistiú agus chun rannchuidiú leis an lorg carbóin a rialú, rud a d’fhág go raibh astaíochtaí CO2 níos ísle ann i gcomparáid leis na blianta roimh an bpaindéim in ainneoin atosú na ngníomhaíochtaí fisiciúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear; á áitiú gur gá dlús a chur le gníomhaíocht i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe go háirithe iad siúd a thagann ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht le gníomhaireachtaí eile, go háirithe leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, lena n-áirítear ar an Tairseach Faisnéise Eorpach um Vacsaíní, chun faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht vacsaíní agus chun fo-éifeachtaí a thuairisciú, chomh maith le tomhaltas agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh go leanfadh an Ghníomhaireacht den chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus idirphlé a chothú le geallsealbhóirí agus le saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 99,39 % an 31 Nollaig 2022, go raibh ceapacháin déanta i gcás 658 ghníomhaire shealadacha as 662 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 657 bpost údaraithe in 2021); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 192 ghníomhaire ar conradh, 25 saineolaí náisiúnta ar iasacht agus 114 eatramhach ag obair don Ghníomhaireacht in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa cothromaíochta inscne ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad 36 as 67 (54 %) díobh, agus i gcás na foirne ar an iomlán, gur mná iad 568 as 865 (66 %);  á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur fir iad 17 as 27 (63 %) i bpoist ardbhainistíochta;  á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim gur gá an chothromaíocht inscne i measc chomhaltaí bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta agus na foirne riaracháin a fheabhsú ar luas níos tapúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chothromaíocht gheografach i measc bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta nach bhfuil ach ball bainistíochta amháin foirne aici ó Lár-Oirthear na hEorpa;  á áitiú go gcaithfear feabhsuithe a dhéanamh;  á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú agus á aithint i ndáil leis sin go bhfuil tionscnaimh éagsúla á gcur chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna inscne i bpoist shinsearacha bhainistíochta, lena n-áirítear clár forbartha bainistíochta, deiseanna soghluaisteachta inmheánaí, agus cruthú pobal bainistíochta chun baill foirne ban a spreagadh agus tacú leo;   á thabhairt dá haire go bhfuil píblíne á tógáil ó Chinn Oifige/Seirbhísí/sruth Oibre, agus go bhfuil méadú forchéimnitheach tagtha ar bhainisteoirí ar mná iad; ag cur sonrú, thairis sin, i scor na bpríomhbhainisteoirí sinsearacha fireanna, lena gcuirtear deiseanna earcaíochta ar fáil do mhná, arna gcomhlánú le straitéis bhrandála fostóirí feabhsaithe, margaíocht earcaíochta spriocdhírithe, Meitheal um Éagsúlacht agus Cuimsiú a bhunú agus formhuiniú na cairte éagsúlachta agus cuimsithe i mí an Mhárta 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh an ragobair a dearbhaíodh in 2022 a bhí cothrom le 72 463 uair an chloig 30 % níos ísle i gcomparáid leis an 102 912 uair an chloig a tuairiscíodh in 2021; á thabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann an ragobair ar an meán in 2022 agus 4,3 % i gcomparáid leis an 6,3 % a tuairiscíodh in 2021, rud atá gar don mheán 4,0 % a taifeadadh le linn na tréimhse 2016-2019; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cothromaíocht mhaith oibre is saoil, uaireanta oibre solúbtha, teilea-obair, agus an ceart chun dícheangail, maidir le folláine na foirne a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht suirbhé cuimsitheach ar dhea-bhail in 2022, agus gur comhtháthaíodh na moltaí a tháinig as sin i straitéis acmhainní daonna na Gníomhaireachta do 2023-2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de thascfhórsa idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghníomhaireacht;  á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth lena dtuarascáil agus lena moltaí a fháil;  á thabhairt dá haire nach raibh aon chásanna ciaptha tuairiscithe ann in 2022 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc amach anseo freisin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt dá haire, chun neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht a choinneáil in oibríochtaí na Gníomhaireachta, go ndéanann sí raon feidhme agus próisis chur chun feidhme na mbeartas a choigeartú go rialta vis-à-vis rioscaí atá ag teacht chun cinn a eascraíonn as gníomhaíochtaí nua agus/nó as idirghníomhaíochtaí le catagóirí nua geallsealbhóirí;  á thabhairt dá haire, in 2022, mar thoradh ar fhreagrachtaí nua na Gníomhaireachta i réimse na bhfeistí leighis, na bhfeistí leighis in vitro, chomh maith leis na freagrachtaí faoina sainordú leathnaithe, go ndearnadh athbhreithniú ar an mbeartas maidir le leasanna iomaíocha do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta, ar bheartas maidir le leasanna iomaíocha do shaineolaithe, agus ar na rialacha cur chun feidhme maidir le leasanna dearbhaithe na foirne agus na n-iarrthóirí a láimhseáil sula n-earcaítear iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil nós imeachta maidir le sárú iontaobhais (BoT) ag an nGníomhaireacht, lena leagtar amach conas a dhéileálann sí le r-DoInna mhíchearta nó neamhiomlána ó shaineolaithe agus ó chomhaltaí an choiste, chomh maith le faisnéis rúnda a nochtadh; á thabhairt faoi deara go ndearnadh athbhreithniú ar nós imeachta BoT i mí na Nollag 2022; á thabhairt chun suntais go luaitear sa nós imeachta BoT athbhreithnithe go bhfuil feidhm aige freisin maidir leis na comhlachtaí eile a bunaíodh laistigh den Ghníomhaireacht faoin sainordú leathnaithe (e.g. ETF agus an dá Ghrúpa Stiúrtha maidir le Ganntanais);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur tionscnaíodh dhá nós imeachta BoT in 2022 do shaineolaithe; á thabhairt dá haire go raibh i gceist le cás amháin nár nocht comhalta den choiste airgead oinigh maidir le léacht, rud a d’fhág gurbh ann do dhearbhuithe athbhreithnithe agus srian trí bliana agus gur bhain an dara cás le ball den choiste a rinne leas dlúthbhaill teaghlaigh a fhágáil ar lár, as ar eascair srian 9 mí ó bheith páirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur lorg baill foirne de chuid na Gníomhaireachta ar fhágáil dóibh cead le haghaidh gairmeacha iarfhostaíochta, agus go raibh údaruithe éagsúla mar thoradh ar 22 iarratas in 2022, lena n-áirítear cásanna neamhshrianta agus srianta araon;  á aithint go bhfuil cinntí maidir le baill foirne shinsearacha a fhágann an eagraíocht á bhfoilsiú ag an nGníomhaireacht ar a suíomh gréasáin corparáideach ó mhí na Nollag 2020 i leith, rud a chuireann go mór le trédhearcacht maidir le leasanna iomaíocha a láimhseáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur deimhníodh i dtuarascáil Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach, a foilsíodh le linn 2022 agus inar díríodh ar ábhair a bhaineann le hacmhainní daonna, stóinseacht an chórais atá i bhfeidhm bunaithe ar fheasacht an-ard foirne ar na rioscaí lena mbaineann agus ar aibíocht na rialuithe inmheánacha chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire, mar chomhlacht teicniúil, eolaíoch de chuid an Aontais, nach dtéann an Ghníomhaireacht i dteagmháil go foirmiúil le brústocairí ná nach reáchtálann sí cruinnithe le brústocairí, ach, go dtéann an Ghníomhaireacht i dteagmháil le geallsealbhóirí agus go reáchtálann sí cruinnithe leo i gcomhréir lena creataí foirmiúla geallsealbhóirí;  á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil cruinnithe le geallsealbhóirí seachtracha poiblí agus go bhfoilsítear na sonraí ar leathanach imeachtaí shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag cur sonrú san infheictheacht atá bainte amach ag an nGníomhaireacht;  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh sí níos mó infheictheachta fós a bhaint amach sna meáin, ar an idirlíon agus sna meáin shóisialta chun go mbeidh na saoránaigh ar an eolas maidir lena cuid oibre agus na contúirtí atá ann don chomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuair an Ghníomhaireacht 676 iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid in 2022, níos lú ná an líon iarrataí a fuarthas in 2019 (783 iarraidh) nó in 2021 (710 n-iarraidh) agus gur scaoileadh 216 666 leathanach, níos mó i gcomparáid le 165 943 in 2021 ach i bhfad níos lú ná na 318 013 leathanach in 2019; á thabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht sásra scuainí i bhfeidhm chun bainistiú a dhéanamh ar phróiseáil ilrochtana ar dhoiciméid ón iarrthóir céanna arb ionann é agus scrogall chun rochtain thráthúil a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta agus chun iarrthóirí a dhíspreagadh ó iarrataí nua a thabhairt isteach;  á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le líon na n-iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid atá fós díghníomhaithe sa chóras scuaine agus maidir leis an meán-am a chaitear sa chóras scuaine sula ngníomhachtaítear iad; á iarraidh go seolfaí iniúchadh ar rialacha na Gníomhaireachta chun iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a phróiseáil, an sásra scuainithe, éabhlóid na n-iarrataí le himeacht ama agus na héifeachtaí ar iarratasóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go bhfaighidh an Ghníomhaireacht acmhainní leordhóthanacha chun na cúraimí a sannadh don Ghníomhaireacht trí Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 a ghlacadh agus chun ganntanais foirne a sheachaint a mbeidh tionchar diúltach acu ar bheartas trédhearcachta na Gníomhaireachta, lena n-áirítear maidir le sonraí cliniciúla a fhoilsiú go tráthúil, miontuairiscí cruinnithe agus freagairtí tráthúla ar rochtain ar iarrataí ar dhoiciméid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur ullmhaíodh ceistneoir chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme, ar fheidhmiú agus ar fheabhsú na 17 bprionsabal laistigh den chreat rialaithe inmheánaigh; á thabhairt dá haire go bhfuair bainisteoirí agus baill foirne atá freagrach as prionsabail nó gnéithe sonracha an ceistneoir, agus go ndearnadh agallaimh chun tuilleadh soiléirithe a fháil;  á thabhairt dá haire, thairis sin, gurb é an chonclúid fhoriomlán go meastar go bhfuil an córas rialaithe inmheánaigh éifeachtach agus éifeachtúil, go bhfuil a chomhpháirteanna agus a phrionsabail i láthair agus ag feidhmiú go measartha maith, cé go bhféadfadh roinnt prionsabal tairbhe a bhaint as mionsoiléirithe nó as faisnéis bhreise, agus go moltar coigeartuithe agus feabhsuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tarraint aird ar an bhfíoras, , mar thoradh ar a athlonnú in 2019, go ndearna an Ghníomhaireacht foirgneamh in Amstardam a fháil ar léas, ar foirgneamh é a bhí feistithe agus trealmhaithe go hiomlán trí úsáid a bhaint as scéim dreasachta €15 mhilliún ó rialtas na hÍsiltíre, lena n-áirítear deonú troscáin agus trealaimh lónadóireachta. á thabhairt dá haire gur chinn an Chúirt nár shann an Ghníomhaireacht sainaithint shoiléir (amhail lipéid le barrachóid) do chuid de na sócmhainní sin, troscán den chuid is mó; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur léirigh ceithre fhardal a bhí déanta ag an nGníomhaireacht ó thráth a athlonnaithe neamhréireachtaí arís agus arís eile (a laghdaigh, in imeacht ama, ó EUR 534 331 go EUR 15 000) idir an liosta sócmhainní a bhí deonaithe ag rialtas na hÍsiltíre, clár sócmhainní na Gníomhaireachta agus na sócmhainní a fuarthas san áitreabh; á thabhairt chun suntais go bhfuil easpa liosta fardail iomlán agus nuashonraithe, lena sonraítear suíomh na sócmhainní inláimhsithe, contrártha le hAirteagal 87 den Rialachán Airgeadais, agus go ndéanann sé dochar do chumas na Gníomhaireachta a sócmhainní a choimirciú;  á chur in iúl gur geal léi, d’fhonn a próisis a fheabhsú go leanúnach, go scaoilfidh an Ghníomhaireacht treoir inmheánach nuashonraithe maidir lena fardal sócmhainní a bhainistiú, go nglacfaidh sí cur chuige rioscabhunaithe maidir le lipéadú troscáin agus go scaoilfidh sí plean seiceálacha fisiceacha rollacha chun cruinneas a fardail a dheimhniú go leanúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cur sonrú sa bharúil ó thuarascáil na Cúirte maidir le ranníocaíocht na Gníomhaireachta le cineálacha áirithe costas cúraim leanaí foirne, amhail cúram réamhscoile agus iarscoile san Ísiltír;  á thabhairt dá haire, i gcás béilí scoile, gur chinn an Chúirt nach raibh ar chumas na Gníomhaireachta fianaise iomlán a sholáthar i dtaobh na seiceálacha a rinneadh chun a chinntiú go raibh costais na mbéilí scoile curtha as an áireamh, agus ag tarraingt amhrais, dá bhrí sin, i dtaobh an raibh na seiceálacha sin á ndéanamh go córasach; á thabhairt faoi deara ó fhreagra na Gníomhaireachta go bhfuil costais bhéile eisiata ó tháillí scoile agus go gcomhdóidh an Ghníomhaireacht an fhianaise go bhfuil costais béile scoile eisiata ó ríomh na ranníocaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur sonrú i dtoradh na gníomhaíochtaí a rinne cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta, agus 6 mholadh chriticiúla agus 19 moladh an-tábhachtach eisithe in 2022;  á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na 14 mholadh mhóra atá ar feitheamh le plean gníomhaíochta feabhsúcháin amhail ón 31 Nollaig 2022 agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na forbairtí ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht a cuspóirí aeráide fadtéarmacha a ailíniú leis an sprioc a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le glanlaghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 1990) agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;  á thabhairt dá haire, i gcás tomhaltas fuinnimh agus uisce, go ndearna an Ghníomhaireacht na cuspóirí sin a aistriú go laghdú 15 % in aghaidh an mhéadair chearnaigh de spás oifige a bhaint amach idir 2012 agus 2021; á thabhairt faoi deara gur cuireadh an fás a tháinig ar an nGníomhaireacht le linn na tréimhse sin, agus gur bhog sí isteach i bhfoirgneamh níos mó ach a bhí níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, tar éis di athlonnú ó Londain go hAmstardam, i gcuntas leis an sprioc sin; á thabhairt dá haire go ndearnadh an sprioc sin a shárú ó thaobh fuinnimh agus uisce de araon inar baineadh amach laghdú 45 % i dtomhaltas fuinnimh agus laghdú 63 % in úsáid uisce in aghaidh an mhéadair chearnaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag ullmhú do dheimhniú na Scéime um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht an Straitéis Slándála Faisnéise agus an plean cur chun feidhme gaolmhar in 2022, chun an chibearshlándáil a mhéadú, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar na coimircí agus na próisis slándála a bhí ann cheana chun sócmhainní faisnéise na Gníomhaireachta a chosaint agus ag an am céanna tacú le dúshláin nua ghnó agus theicneolaíocha;  á thabhairt dá haire gur cuireadh bearta tábhachtacha eile chun feidhme freisin in 2022 lena n-áirítear an clár oiliúna agus feasachta slándála a bhunú agus cur chun feidhme an Lárionaid Oibríochta Slándála arb é is aidhm dó faireachán leanúnach a dhéanamh ar staid slándála na Gníomhaireachta agus é a fheabhsú agus teagmhais chibearshlándála á gcosc, á mbrath, á n-anailísiú agus ag freagairt dóibh ag an am céanna; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag obair i ndlúthchomhar leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil lena gcumhdaítear go leor gnéithe de réimsí na slándála faisnéise agus na cibearshlándála, lena n-áirítear freisin pléití agus nuashonruithe rialta ar an rialachán cibearshlándála atá ar na bacáin d’institiúidí, do ghníomhaireachtaí agus do chomhlachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as comhairle tosaigh a eisiúint d’urraitheoirí maidir le conas stiúradh trialacha cliniciúla a bhainistiú i gcomhthéacs an chur isteach de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach  a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>