<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0246</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0099/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2168(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0106/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 63 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0099/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2168(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0106/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 63 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0099/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2168(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0099/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 194.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh ionann buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022 agus EUR 50 183 522, a léiríonn laghdú 5,84 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go heisiach, nach mór, a thagann buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhuithe réasúnacha faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh ráta cur chun feidhme buiséid de 99,93 % i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 2022 mar thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid; ag tabhairt dá haire go raibh ráta forfheidhmithe 89,22 % sa bhliain reatha maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann sin agus méadú 4,64 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig riachtanais mhaoiniúcháin nua éagsúla chun cinn le linn 2022, lena n-áirítear riachtanais atá nasctha le bonneagar don Chóras Bainistithe Cásanna nua (CMS), atreisiú a bhaineann le cúraimí nuaan Bhunachair Sonraí maidir le Fianaise ar Choireacht Idirnáisiúnta (CICED) agus méaduithe tuarastail mar gheall ar bhoilsciú ard; ag tabhairt dá haire gur cumhdaíodh na riachtanais mhaoiniúcháin sin le dhá bhuiséad leasaitheacha (EUR 5,7 milliún san iomlán) agus le roinnt aistrithe buiséid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht córas nua bainistithe airgeadais agus cuntasaíochta (SUMMA) an Choimisiúin i bhfeidhm in 2022 agus na saincheisteanna teicniúla gaolmhara a raibh tionchar acu ar chur chun feidhme agus tuairisciú buiséid na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, go háirithe, tuairim na Gníomhaíochta go raibh tionchar ag na saincheisteanna sin ar ráta ard na n-íocaíochtaí nach ndearnadh in am (52,9 %) agus gur cuireadh leis an gcastacht a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar réimsí ina bhfuil luaineacht ard costais amhail cruinnithe comhordúcháin (CManna); ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar an mbarúil ón tuarascáil ón gCúirt nár thug an Ghníomhaireacht, agus cuid d’fhorálacha an Rialacháin Airgeadais á sárú, a straitéis bainistithe riosca agus rialaithe cothrom le dáta chun rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme SUMMA a chumhdach, ná a scagchuarda airgeadais agus a straitéis seiceálacha <STRING ITALIC="on">ex-ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex-post</STRING> agus nach seiceálann sí go sonrach na cearta a sannadh d’úsáideoir sa chóras sin, arb ionann é agus riosca nach ndéanfaí róil úsáideoirí in SUMMA a shannadh agus a nuashonrú i gceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur béim ar an mbarúil ó thuarascáil na Cúirte nár chloígh an Ghníomhaíocht leis na tréimhsí ama le haghaidh íocaíochtaí atá sonraithe sa Rialachán Airgeadais i gcás 1 222 íocaíocht as an iomlán de 2 308 n-íocaíocht (52,9 %); á mheabhrú agus á chur i bhfios go láidir go raibh moill níos mó ná 30 lá ar na híocaíochtaí i 720 cás as na cásanna uile (31,5 %); ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht an t-easnamh sin, arb easnamh é lena nochtar an Ghníomhaireacht do riosca airgeadais agus clú agus a théann i gcoinne phrionsabal an gheilleagair i dtuairim na Cúirte, i leith chur chun feidhme SUMMA; ag cur béim ar fhreagra na Gníomhaireachta go raibh SUMMA i gcéim phíolótach agus go raibh moilleanna agus deacrachtaí teicniúla ann maidir leis na hidirbhearta a phróiseáil a raibh tionchar acu ar oiliúint foirne agus a chruthaigh roinnt dúshlán maidir le bainistiú buiséadach; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, d’ainneoin an mhéadaithe ar mhéid na n-íocaíochtaí déanacha, nár íoc an Ghníomhaireacht aon ús dá mbarr; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt go hiomlán ar an mbarúil sin, dul i ngleic le deacrachtaí teicniúla maidir le hidirbhearta a phróiseáil agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun an breisluach arna sholáthar ag a gníomhaíochtaí a mheas agus chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid; ag cur béim ar Straitéis Ilbhliantúil nua 2022-2024 (MAS) na Gníomhaireachta ina leagtar amach cúig chuspóir lena gcumhdaítear roinnt réimsí gníomhaíochta straitéiseacha; ag tabhairt dá haire gur shainigh an Ghníomhaireacht 67 KPI ina plean oibre bliantúil do 2022 agus 14 KPI ilbhliantúla do MAS; ag tabhairt dá haire, cé is moite de KPInna a measadh a bheith dothomhaiste nó neamhábhartha, gur bhain an Ghníomhaireacht amach na spriocanna le haghaidh 47 as 59 KPI (88 %), arb ionann é sin agus méadú i gcomparáid le 2021 (73 %); ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht dul chun cinn seasta in 2022 i dtreo a KPInna ilbhliantúla a bhaint amach agus 10 díobh (72 %) ar an mbóthar ceart chun a sprioc a bhaint amach agus gur gá aird bhreise a thabhairt ar 3 cinn (21 %) díobh sin, cé go ndéanfar tuairisciú ar na torthaí deiridh le haghaidh KPInna MAS ag deireadh 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean líon na gcásanna arna dtarchur chuig an nGníomhaireacht ag na Ballstáit ag fás, agus 11 544 chás san iomlán á láimhseáil in 2022 (ar osclaíodh 5 227 díobh le déanaí), arb ionann é sin agus méadú 14 % i gcomparáid le 2021; ag moladh rannchuidiú na Gníomhaireachta sa chomhthéacs sin, a mhéid a bhaineann le comhairle dhlíthiúil, anailís agus cúnamh oibríochtaí a chur ar fáil a bhfuil 941 sprioc insoláthartha oibríochtúla mar thoradh orthu chun tacú le 528 gcás, lena n-áirítear cásanna casta as ar eascair gabháil smuigléirí daoine (lena n-áirítear imircigh), chomh maith leis an gcniogbheartaíocht ar líonraí coiriúla nó gníomhaíochtaí ina gcoinne i réimsí amhail sciúradh airgid, teacht i dtír gnéasach, calaois infheistíochta ar líne nó gáinneáil ar dhrugaí; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, thairis sin, gur thacaigh an Ghníomhaireacht in 2022 le 265 Fhoireann Chomhpháirteacha um Imscrúdú (JITanna) (lena n-áirítear 78 JIT nuabhunaithe), gur eagraigh sí 528 CM agus 22 Lárionad Comhordúcháin (CC), gur éascaigh sí forghníomhú 1 262 Bharántas Gabhála Eorpach (lena n-áirítear 504 chás nua) agus gur cumasaíodh úsáid a bhaint as 5 415 Ordú Imscrúdaithe Eorpacha (ar osclaíodh thart ar a leath díobh le déanaí); ag tabhairt dá haire go gcoimeádann an Ghníomhaireacht caidreamh comhoibritheach leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), d’fhonn feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise ar an Úcráin in 2022; ag tabhairt dá haire gur thacaigh an Ghníomhaireacht, 3 seachtaine tar éis thús an chogaidh, le bunú JIT chun imscrúdú a dhéanamh ar chroíchoireanna idirnáisiúnta líomhnaithe a rinneadh san Úcráin agus é mar aidhm aige imscrúduithe agus ionchúisimh a éascú sna stáit lena mbaineann; ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht tacaíocht dhlíthiúil agus oibríochtúil do na deasca náisiúnta a bhain le síneadh a chur le comhaontú JIT chuig páirtithe nua (an Eastóin, an Laitvia, an Rómáin agus an tSlóvaic), chomh maith le hanailísí agus tuairimí dlíthiúla a bhain le rannpháirtíocht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta in JIT; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann an Ghníomhaireacht tacaíocht oibríochtúil ar fáil don Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú AE’ a bhunaigh an Coimisiún trí chomhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú smachtbhannaí an Aontais ag na Ballstáit tríd an dlí coiriúil, arna dhéanamh trí roinnt gníomhaíochtaí, amhail liosta na ndaoine aonair agus na gcuideachtaí ar chuir an tAontas smachtbhannaí ina leith a thras-seiceáil go rialta i sonraí na Gníomhaireachta maidir le cásanna atá ann cheana arna láimhseáil ag an nGníomhaireacht agus faisnéis ábhartha a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta maidir le himscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus imscrúduithe leanúnacha a bhaineann leo siúd a liostaítear sa liosta smachtbhannaí chun imeachtaí coiriúla a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Ghníomhaireacht feabhas in 2022 ar a comhar oibríochtúil agus straitéiseach le geallsealbhóirí éagsúla, amhail gníomhaireachtaí Eorpacha um cheartas agus gnóthaí baile (CGB), institiúidí an Aontais, OLAF, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), chomh maith le líonraí cleachtóirí breithiúnacha, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire go háirithe comhar na Gníomhaireachta leis an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) i ndáil le tuarascáil chomhpháirteach maidir leis an intleacht shaorga (IS) lena dtacaítear le comhar trasteorann sa cheartas coiriúil, leis an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) maidir le 16 chúrsa lena gcumhdaítear comhar breithiúnach agus leis an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) maidir le tionscadal SIRIUS agus córas ‘amas/gan amas’ Europol, le húdaráis náisiúnta ó 20 Ballstát, Europol, OLAF agus OIPE maidir le hOibríocht SENTINAL lena ndírítear ar chalaois i gcoinne cistí aisghabhála COVID-19; ag cur béim ar rannchuidiú na Gníomhaireachta le tionscnaimh an Choimisiúin i réimse dhigitiú an cheartais (SIS II, CMS, ECRIS-TCN, i measc nithe eile); ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag brath ar líonra siarmhéadaitheach de Phointí Teagmhála leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ach gur fhás líon iomlán Pointí Teagmhála na Gníomhaireachta in 2022 chun an Astráil, Bairéin agus Maracó a chur san áireamh; ag moladh an mhéadaithe ar chomhar na Gníomhaireachta maidir le hábhair choiriúla ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe trí Chlár Ceartais EuroMed leis na Tíortha Comhpháirtíochta Theas agus trí thionscadal atá maoinithe ag an Aontas lena ndírítear ar chomhar trasteorann sa cheartas coiriúil sna Balcáin Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an comhar trasnáisiúnta idir na húdaráis bhreithiúnacha arna éascú ag an nGníomhaireacht agus an dlúthchomhar leis na gníomhaithe uile i slabhra an cheartais choiriúil, lenar cuireadh le gabháil níos mó ná 4 000 duine a bhí faoi dhrochamhras, agus go ndearnadh sócmhainní coiriúla ar fiú beagnach EUR 3 bhilliún iad a urghabháil nó a reo agus go ndearnadh drugaí ar fiú beagnach EUR 12 bhilliún iad a urghabháil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt chun suntais, sa bhreis ar chur i bhfeidhm SUMMA, gur chuir an Ghníomhaireacht tuilleadh feabhais ar a próisis agus a huirlisí Bainistíochta Bunaithe ar Ghníomhaíocht, trí éifeachtúlacht, cáilíocht/sláine sonraí agus inúsáidteacht a huirlise pleanála a mhéadú, trí uirlis nua taifeadta gníomhaíochtaí a thabhairt isteach, agus trí leanúint dá haistriú de réir a chéile ó KPInna aschuir go KPInna toraidh; ag moladh na Gníomhaireachta as tús a chur le plé le Europol chun féachaint an bhféadfaí seirbhísí leighis a chomhroinnt amach anseo; ag moladh chinneadh na Gníomhaireachta ina theannta sin éifeachtúlachtaí áirithe a fuarthas le linn na paindéime COVID-19 a choinneáil; ag tabhairt dá haire, ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, gur ar líne a d’eagraigh an Ghníomhaireacht 47 % de na Cmanna agus an oiliúint foirne agus na nósanna imeachta roghnúcháin uile in 2022, rud a laghdaigh go suntasach na costais ghaolmhara airgeadais agus acmhainní daonna, agus gur i mód hibrideach a eagraíodh 29 % de na CManna uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, d’fhonn éifeachtúlacht a mhéadú, gur tháinig dhá thionscadal uile-eagraíochta i bhfeidhm in 2022, is iad sin Tairseach Féinseirbhíse na Gníomhaireachta agus Pexip, an córas físchomhdhála nua do CManna agus Ccanna, agus suas le 10 n-ateangaireacht chomhuaineacha ar a laghad ann; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cuireadh i gcrích an anailís maidir le haistriú an Eislín atá ann cheana agus roghnú na soláthróirí chun ionadú a dhéanamh ar chóras na Leabharlainne, agus go bhfuil uirlis ríomhshínithe dheimhnithe fós ar na bacáin agus go meastar gur in 2024 a bheidh an toradh le fáil; ag moladh na Gníomhaireachta as ceithre mhodúl nua SYSPER a chur chun feidhme (Breithmheas, teidil phoist / tuairiscí poist, NDP, Tuairisciú), chomh maith leis na cúig mhodúl a cuireadh chun feidhme cheana féin sna blianta roimhe sin; ag thabhairt dá haire go bhfuil gealltanas tugtha ag an nGníomhaireacht SYSPER a chur chun feidhme go hiomlán faoi 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte nach bhfuil an Ghníomhaireacht i measc na ngníomhaireachtaí a bhfuil pleananna corparáideacha bunaithe acu chun éifeachtúlacht fuinnimh agus neodracht aeráide a n-oibríochtaí a fheabhsú fós, a bhfuil cineál éigin tuairiscithe comhshaoil comhtháthaithe ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí acu nó a bhfuil clárú na Scéime um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) faighte acu; á mheabhrú gur thionscain an Ghníomhaireacht cur chun feidhme chreat comhlíontachta EMAS/ISO 14001 in 2021; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go bhfuair an Ghníomhaireacht an tuarascáil chríochnaitheach ón gcuideachta comhairliúcháin sheachtrach in 2022, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis na rialacháin a bhaineann leis an gcomhshaol san Ísiltír; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Ghníomhaireacht páirt, le linn 2022, sa tairiscint phoiblí le haghaidh comhairliúchán maidir le Córais Bainistithe Comhshaoil agus Laghdú agus Fritháireamh Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh plean bunaíochta na Gníomhaireachta 100 % curtha i gcrích (mar a bhí in 2021), agus 221 ghníomhaire shealadacha ceaptha as an 221 ghníomhaire shealadacha (TAnna) arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais do 2022, cé go raibh 209 as 221 TA sa phost agus gur seoladh 12 litir tairisceana; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 18 ngníomhaire ar conradh agus 22 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndearnadh cleachtadh athaicmiúcháin, rud a d’fhág go ndearnadh 53 bhall foirne a athaicmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh easpa ionadaíocht inscne sa Ghníomhaireacht in 2022, gur seisear fear (60 %) agus ceathrar ban (40 %) a bhí san ardbhainistíocht agus sa mheánbhainistíocht, gur 16 fhear (64 %) agus naonúr ban (36 %) a bhí ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, agus gur foireann 85 fhear (33 %) agus 175 bhean (67 %) a bhí ann ar fad; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne níos fearr a áirithiú ar gach leibhéal foirne agus iarrthóirí baineanna a spreagadh tuilleadh chun iarratas a dhéanamh ar phoist bhainistíochta, chomh maith le hiarratais ó iarrthóirí fireanna i bpróisis roghnúcháin sheachtracha don chuid eile de na poist foirne; á aithint nach bhfuil an Ghníomhaireacht freagrach as comhdhéanamh a boird bainistíochta (dá ngairtear ‘an Coláiste’ anseo feasta) ós rud é gurb iad na Ballstáit faoi seach a cheapann Comhaltaí Náisiúnta an Choláiste go díreach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí don Choláiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur iarr an Ghníomhaireacht comhairle ó ghnólacht dlí seachtrach atá speisialaithe i ndlí státseirbhíse an Aontais, idir 2017 agus 2022, i gcás roinnt iarrataí ar chúnamh i ndáil le ciapadh síceolaíoch líomhnaithe; ag tabhairt dá haire gur osclaíodh dhá fhiosrúchán riaracháin scartha mar thoradh ar iarraidh ar chúnamh a fuarthas in 2021 inar lorg an Ghníomhaireacht tacaíocht ó bheirt imscrúdaitheoirí seachtracha; ag tabhairt dá haire gur dúnadh na fiosrúcháin sa dá chás gan aon ghníomh eile, cé gur tugadh ceann amháin díobh os comhair na cúirte; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thoradh an cháis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt chun suntais gur ghlac an Ghníomhaireacht rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis na Rialacháin Foirne in 2022 maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a dhéanamh, saoire bhaile don fhoireann atá ag fónamh i dtríú tír agus íocaíocht an liúntais oideachais a sholáthraítear do bhaill foirne faoi choinníollacha áirithe, i measc nithe eile; á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac an Ghníomhaireacht um lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, chomh maith le gealltanas na Gníomhaireachta, faoi chuimsiú chur chun feidhme na straitéise acmhainní daonna, ‘an Chairt um Éagsúlacht agus Cuimsiú’ a ghlacadh, a d’fhormhuinigh Meitheal Líonra CGB um Éagsúlacht agus Cuimsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh foireann na Gníomhaireachta ag teilea-obair go dtí mí an Mhárta 2022 den chuid is mó; ag tabhairt dá haire, ó mhí Aibreáin 2022, gur fhill an fhoireann uile ar áitreabh na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur chuir an Ghníomhaireacht bearta idirthréimhseacha i bhfeidhm maidir le hobair san oifig agus teilea-obair agus gur eagraigh sí ceardlanna chun cabhrú leis an bhfoireann dul in oiriúint ó thaobh meabhrach de don fhilleadh ar an oifig tar éis na teilea-oibre ar bhonn leanúnach ar feadh 2 bhliain; ag tabhairt dá haire freisin go léirítear le torthaí Shuirbhé Foirne 2023 na Gníomhaireachta gur maolaíodh go héifeachtach leis na bearta leasa a ghlac an Ghníomhaireacht in 2022 an tionchar a bhí ag teilea-obair leathnaithe ar an bhfoireann; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go raibh 96 % de na freagróirí dearfach maidir le bheith in ann comhordú le comhaltaí foirne cé gur ó áiteanna éagsúla a bhí siad ag obair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil, amhail ón 31 Nollaig 2022, go bhfuil foireann ó 26 mBallstát fostaithe ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gurb iad an Ísiltír, an Iodáil, an Spáinn agus an Rómáin na náisiúntachtaí is mó a ndéantar ionadaíocht orthu i measc fhoireann na Gníomhaireachta; á mheabhrú a thábhachtaí atá cothromaíocht gheografach agus á mholadh don Ghníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun ionadaíocht gheografach chothrom agus chóir a bheith ann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag meabhrú na barúla ó thuarascáil na Cúirte do 2020 nach raibh creatchonradh le haghaidh léasú feithiclí le hoibreoir eacnamaíoch aonair iomchuí do chineál na seirbhísí a bhí ag teastáil agus go raibh an conradh a dámhadh mar thoradh ar an nós imeachta, chomh maith leis na híocaíochtaí gaolmhara uile, neamhrialta; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur íoc an Ghníomhaireacht EUR 59 281 ar bhonn neamhrialta in 2022 faoin gconradh sin agus go bhfuil an bharúil fós oscailte; á iarraidh ar an nGníomhaireacht scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht deireadh a chur leis an gcreatchonradh sin agus nós imeachta nua a sheoladh lena ngabhann athoscailt iomaíochta de réir mar a mheasann an Chúirt a bheith iomchuí i gcás léasú feithiclí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó thuarascáil leantach na Gníomhaireachta maidir le hurscaoileadh 2021 (dá ngairtear ‘an tuarascáil leantach’ anseo feasta) go leanann an Ghníomhaireacht de thástáil a dhéanamh ar an Uirlis um Bainistiú an tSoláthair Phoiblí (PPMT), agus é i gceist aici úsáid a bhaint aisti le haghaidh gach nós imeachta soláthair nua a sheolfar ó 2024 ar aghaidh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ann do nós imeachta oibríochta caighdeánach na Gníomhaireachta maidir le bainistiú coinbhleachtaí leasa is infheidhme maidir le gach iarrthóir dá dtairgtear post sa Ghníomhaireacht, do nuatheachtaithe, don fhoireann a athraíonn go post eile, agus don fhoireann ar fad atá ag fágáil na Gníomhaireachta; ag tabhairt chun suntais go bhfuil Cód Eitice curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht do chomhaltaí an Choláiste agus an Bhoird Feidhmiúcháin, ach nach bhfuil beartas ann i réimse na ‘ndoirse imrothlacha’; ag tabhairt dá haire, in 2022, gur tuairiscíodh agus gur bainistíodh coinbhleachtaí leasa, go háirithe maidir le rannpháirtíocht chomhaltaí an Choláiste in imeachtaí a bhaineann leis an bhfoireann; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir na daoine lena mbaineann iad féin ar leataobh agus nár ghlac siad páirt i bplé agus i gcinnteoireacht an Choláiste i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé nach bhfuil cruinnithe ag an nGníomhaireacht le brústocairí, gur foilsíodh cruinnithe Bhord Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta le haíonna seachtracha a thug cuairt ar an nGníomhaireacht ar chuntas Twitter na Gníomhaireachta in 2022 agus, ó 2023 ar aghaidh, ar shuíomh gréasáin poiblí na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur oth léi go mór, in ainneoin iarrataí na Parlaiminte arís agus arís eile i roinnt rún maidir le hurscaoileadh, nach ndéanann an Ghníomhaireacht fós CVanna a foirne ardbhainistíochta, a saineolaithe inmheánacha agus a saineolaithe seachtracha a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; ag tathant ar an nGníomhaireacht na CVanna sin a fhoilsiú nó míniú a thabhairt ar na cúiseanna nach bhfuil sé sin déanta ag an nGníomhaireacht go fóill;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú go raibh imscrúdú OLAF fós ar siúl in 2021, arb imscrúdú é a rinneadh tar éis gearán anaithnid maidir le líomhaintí neamhrialtachtaí i nósanna imeachta earcaíochta; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh OLAF in 2022 nár aimsíodh aon neamhrialtachtaí ina leith; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, toisc go raibh an t-imscrúdú sin fós ar feitheamh go páirteach ag deireadh 2022, agus ar chúiseanna rúndachta, gur chinn OLAF gan tuilleadh sonraí a roinnt ag an gcéim sin; á chur in iúl gur geal léi ón tuarascáil leantach gealltanas na Gníomhaireachta an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le haon fhorbairt ar an ábhar sin in am trátha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, go raibh moill shuntasach ar cheithre mholadh a d’eisigh Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) in 2019 agus 2021; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, a mhéid a bhaineann le moladh IAS ó 2021 ar a tionscnamh féin maidir le cúraimí oibríochtúla, gur tháinig meitheal inmheánach ábhartha na Gníomhaireachta ar chomhaontú maidir le doiciméad straitéiseach agus plean gníomhaíochta, le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha, ar cuireadh cuid acu chun feidhme cheana féin in 2023, lenar léirigh an Ghníomhaireacht, faoi réir mheasúnú deiridh IAS, gur cuireadh chun feidhme an moladh sin; ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar an tuarascáil leantach, maidir le moladh IAS ó 2021 go ndéanfadh an Ghníomhaireacht suirbhé iCAT chun an measúnú ar rialuithe boga a neartú, gur cuireadh moill ar sheoladh an tsuirbhé sin, a beartaíodh i R4 2022, mar gheall ar chur chun feidhme mórthionscadal tras-eagraíochta (e.g. SUMMA), an méadú ar an ualach oibre mar gheall ar thosaíochtaí nua a bhaineann leis an gcogadh san Úcráin, agus an idirthréimhse idir imeacht an stiúrthóra riaracháin roimhe sin agus ceapachán an stiúrthóra riaracháin nua; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go ndearnadh ceisteanna ábhartha iCAT a chomhtháthú i Suirbhé Rannpháirtíochta na Gníomhaireachta (SES) a seoladh i R2 2023; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, faoi réir mheasúnú deiridh IAS, go meastar go bhfuil an moladh sin curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht freisin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur le cur chun feidhme mholtaí oscailte IAS atá fágtha, go háirithe na moltaí sin a bhfuil moill shuntasach orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú suntasach ar líon agus ar luach na dteagmhas neamhchomhlíontachta in 2022 (43 imeacht dar luach EUR 294 000) i gcomparáid le 2021 (33 imeacht dar luach EUR 18 000), cé go raibh baint ag imeachtaí den sórt sin go príomha le saincheisteanna amhail sonrasc a bheith níos airde ná an gealltanas dlíthiúil, an gealltanas buiséadach a rinneadh tar éis an gealltanas dlíthiúil a shannadh nó ordú ceannaigh nó conradh sonrach a bheith in easnamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil míniú tugtha ag an nGníomhaireacht go bhfuil nasc idir an méadú sin agus na deacrachtaí a tháinig chun cinn i mbainistiú buiséadach agus airgeadais in 2022, mar gheall ar SUMMA a thabhairt isteach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na barúlacha sin agus samhlacha a fhiosrú ionas nach dtarlóidh na cásanna sin a thuilleadh amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh comhpháirteanna agus prionsabail chreat rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta i láthair agus ag feidhmiú in 2022, agus go raibh an córas éifeachtach ar an iomlán, agus go raibh gá le roinnt feabhsuithe,e.g. maidir cur chun feidhme SUMMA agus an gá atá le Plean Téarnaimh ó Thubaiste a ghlacadh; ag moladh na Gníomhaireachta as beartas a ghlacadh maidir le feidhmeanna íogaire, as an dréachtmheasúnú ar chostéifeachtacht agus ar an tairbhe a bhaineann le Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí (IAC) a cheapadh, agus as easpa moltaí nó barúlacha iniúchóireachta criticiúla in 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe maidir le IAC; ag moladh na ngníomhaíochtaí breise a rinne an Ghníomhaireacht ar deireadh tar éis straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta a ghlacadh in 2021; ag tabhairt dá haire sa chiall sin gur ghlac an Ghníomhaireacht nósanna imeachta inmheánacha nua in 2022 maidir le sócmhainní agus bainistiú fardail;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as infheistíocht a dhéanamh ina gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht agus tuiscint na Gníomhaireachta a mhéadú maidir lena cuid oibre trína dtéann sí i dteagmháil le lucht féachana fairsing; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, gur tháinig méadú 40 % ar mhéadracht na Gníomhaireachta ar na meáin shóisialta, gur tháinig méadú beagnach 100 % ar líon na gcuairteoirí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, agus gur tháinig méadú 16 % ar líon na bpreaseisiúintí agus na míreanna nuachta in 2022 i gcomparáid le 2021, agus go raibh méadú beagnach cúig huaire níos mó ar líon na gcuairteoirí i gcomparáid le 2021 mar thoradh air sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag moladh iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta in 2022 chun a comhlíontacht maidir le cosaint sonraí a neartú; á chur in iúl gur geal léi an méadú ar fhoireann Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) na Gníomhaireachta agus beirt bhall foirne eile ann le haghaidh na gcúraimí nua i ndáil le Rialachán (AE) 2018/1725<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).</FIELD></FOOTNOTE> agus gur cuireadh síneadh le sainordú na Gníomhaireachta maidir le croíchoireanna idirnáisiúnta, rud a chuireann leis na ceanglais maidir le cosaint sonraí; ag tabhairt dá haire gur lean OCS agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí de chruinnithe rialta (démhíosúla) a reáchtáil in 2022, chomh maith le cruinnithe ad hoc, agus comhairliúcháin maidir le saincheisteanna éagsúla cosanta sonraí amhail sáruithe agus gearáin sonraí, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta, thairis sin, as roinnt beart a chur chun feidhme in 2022 chun cibearshlándáil agus cosaint na dtaifead digiteach atá ina seilbh a mhéadú, amhail úsáid a bhaint as fóin phóca chorparáideacha a bhainistítear go lárnach agus atá slán, seisiúin ardaithe feasachta inmheánacha i bhfoirm Cibearchaifé a thabhairt isteach agus cosaint a chur chun feidhme i gcoinne ionsaithe diúltaithe seirbhíse dáilte, i measc nithe eile;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>