<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0247</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0114/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2022 (2023/2163(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh an 22 Feabhra 2024 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhoras i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0101/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 31.12.2008, lch. 82.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 17 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna i leith chur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig Stiúrthóir na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2022 (2023/2163(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh an 22 Feabhra 2024 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhoras i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0101/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 31.12.2008, lch. 82.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 17 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na Fondúireachta Oiliúna Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in<STRING ITALIC="on"> Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2022 (2023/2163(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do cginneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh EUR 25 051 848 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (‘an Fhondúireacht’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus ardú 17,05 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go ndíorthaíonn buiséad na Fondúireachta go hiomlán ó bhuiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla an Fhorais don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhuithe réasúnacha faighte aici go bhfuil cuntais an Fhorais iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus is mór aici gurbh é 99,98% ardráta cur chun feidhme an bhuiséid, de thoradh na n-iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022, agus gurb ionann é sin agus méadú beag 0,07% i gcomparáid le 2021; á chur i bhfios gurbh ionann an ráta forfheidhmithe agus 97,70 % i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, ar laghdú 11,48 % é i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, in ainneoin na géarchéime buiséadaí a bhí ann de dheasca boilscithe agus praghsanna fóntas in 2022, a bhí an Fhondúireacht in ann a speansais a bhainistiú go héifeachtach, bearta coigilte costais a thabhairt isteach agus tosaíocht a thabhairt an athuair do nithe eile gan an bonn a bhaint óna clár oibre;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann an Fhondúireacht bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena gníomhaíochtaí agus le bearta eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghnóthaigh an Fhondúireacht ráta comhlánaithe gníomhaíochta 93 %, laghdú beag i gcomparáid le 2021, agus comhlánú tráthúil 89 %; ag moladh go bhfuil na heochairthascairí feidhmíochta go léir bainte amach ag an bhFondúireacht, ar táscairí iad atá os cionn nó i bhfad os cionn na spriocanna a leagadh síos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cur sonrú i bpríomhéachtaí na Fondúireachta in 2022, atá bunaithe ar thrí chuspóir straitéiseacha: ábharthacht agus oirchill scileanna, forbairt agus bailíochtú scileanna, agus feidhmíocht agus cáilíocht na mbeartas oideachais agus oiliúna; ag tabhairt dá haire go bhfuil na cuspóirí sin á mbaint amach ag an bhFondúireacht faoi thrí chroísheirbhís: mol eolais, faireachán agus measúnú, agus comhairle bheartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur sonrú sna tionscnaimh nua a sheol an Fhondúireacht in 2022, amhail Tionscnamh nua Fhoireann na hEorpa i nDeisceart agus in Oirthear na Meánmhara agus an líonra lena mbailítear Rialachais, Foghlaim, Gníomhaíocht agus Idirphlé (GLAD); ag tabhairt dá haire go bhfuil fás tagtha ar a líonra barr feabhais agus ar líonra barr feabhais ar líne na Fondúireachta i mí na Samhna 2022 lenar tugadh deis do rannpháirtithe forbairtí agus torthaí a chomhroinnt maidir le hobair na comhpháirtíochta téamaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an Fhondúireacht ag tacú leis an Moldóiv, leis an tSeoirsia agus leis an Úcráin ina dtoilmhianta a mbeartais oideachais agus fostaíochta a ailíniú le beartais an Aontais, trí shaineolas teicniúil agus comhairle maidir le saincheisteanna éagsúla a sholáthar do na húdaráis náisiúnta i ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais agus le seirbhísí an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh na bearta a rinne an Fhondúireacht mar fhreagairt ar shuaitheadh amhail éifeachtaí leanúnacha phaindéim COVID-19 agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin an-éifeachtach chun leibhéal leanúnach agus an-ard de sheachadadh an chláir oibre bhliantúil a áirithiú; ag moladh thionscnamh na Fondúireachta chun tacú leis an Úcráin tríd an mol acmhainní ar líne chun cáilíochtaí, scileanna agus tréimhsí staidéir na ndídeanaithe ón Úcráin agus modhanna eile a aithint, agus chun freagairt i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, i ndlúth-theagmháil le seirbhísí éagsúla an Choimisiúin, agus leas á bhaint as an saineolas téamach atá aici agus as an eolas atá aici ar chórais oideachais agus oiliúna na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gach gníomhaíocht agus comhar le húdaráis na Bealarúise curtha ar fionraí ag an bhFondúireacht ó thús 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an bhFondúireacht chun cuidiú le tíortha comhpháirtíochta an Aontais leas a bhaint as acmhainneacht a gcaipitil dhaonna agus feabhas a chur ar ionchais fostaíochta a saoránach trí athchóiriú a dhéanamh ar chórais oideachais, ar chórais gairmoiliúna, ar chórais scileanna agus ar chórais mhargadh an tsaothair, i gcomhthéacs bheartais an Aontais maidir le caidreamh seachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go háirithe coincheap nua na Fondúireachta d’ionaid fiontraíochta barr feabhais arna bhforbairt chun cur leis an díospóireacht idirnáisiúnta sa phobal foghlama fiontraíochta, agus chun ionaid oiliúna a spreagadh le freagairt níos fearr do riachtanais athraitheacha na saoránach, na ngeilleagar agus na sochaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Fhondúireacht, in 2022, de dheiseanna a shainaithint chun gnóthachain éifeachtúlachta a thabhairt isteach ina chuid oibríochtaí, amhail sreafaí oibre digiteacha a fheabhsú agus páirt réamhghníomhach a ghlacadh i líonra ghníomhaireachtaí an Aontais agus ina meithleacha éagsúla; ag tabhairt dá haire, i measc nithe eile, go ndearnadh seirbhísí cuntasaíochta an Fhorais a chomhroinnt leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair trí chomhaontú ar leibhéal na seirbhíse a síníodh in 2022 agus go ndearnadh meastóireacht ar an bhféidearthacht acmhainní a chomhroinnt i réimsí na hearcaíochta, na cibearshlándála, EMAS, na hinbhuanaitheachta agus an ghlasaithe, an tsoláthair agus uirlisí agus córais TF leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm ag an bhFondúireacht lena n-áirítear i réimsí tomhaltais fuinnimh agus bainistithe foirgneamh, mar shampla, na hoifigí a dhúnadh i mí Lúnasa 2022, braiteoirí le haghaidh soilsiú agus uisce, amadóirí le haghaidh coirí, téamh agus aerchóiriú; ag cur sonrú sna hiarrachtaí méadaithe maidir le bainistiú fuinnimh as ar eascair coigilteas 2,000 mc gáis agus 49,107 KwH leictreachais in 2022 in ainneoin gur tháinig méadú ar líon na foirne in oifigí le linn na bliana mar gheall ar shocruithe oibre hibrideacha a bheith i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Fhorais uirlisí ríomhsholáthair uile an Choimisiúin a ghlacadh agus próiseas soláthair na Fondúireachta a dhigitiú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag moladh na Fondúireachta as plean corparáideach a bhunú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus aeráidneodracht a hoibríochtaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh 98,8 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme, agus 85 oifigeach agus gníomhaire shealadacha ceaptha as 86 oifigeach agus gníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe agus a bhí in 2021);  ag tabhairt dá haire gur oibrigh, ina theannta sin, 39 ngníomhaire ar conradh agus gníomhaire áitiúil amháin don Fhondúireacht in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh ionadaíocht ar 21 Bhallstát i measc fhoireann an Fhorais in 2022; á athdhearbhú, agus é ina chúis imní di, gur dúshlán í an chothromaíocht gheografach; ag tabhairt dá haire gur náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil sí lonnaithe iad 42 % d’fhoireann an Fhorais; ag aithint go bhfuil an Fhondúireacht ag úsáid nós imeachta roghnúcháin fiúntasbhunaithe, trína mbeadh an Fhondúireacht i bhfabhar iarrthóirí ó náisiúntachtaí faoi ghannionadaíocht i gcásanna ina mbeadh comhfhiúntas ann; á mheabhrú a thábhachtaí atá cothromaíocht gheografach agus á iarraidh ar an bhForas na bearta is gá a dhéanamh chun ionadaíocht gheografach chothrom agus chóir a bheith ann, lena n-áirítear i bpoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta, agus inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí á n-urramú agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an chothromaíocht inscne i measc na meánbhainistíochta agus na hardbhainistíochta in 2022 agus ceathrar ban as naoi bpost; ag tabhairt dá haire gurb ionann an chothromaíocht inscne i measc chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus 41 % fir agus 59 % mná (11 agus 16 chomhalta faoi seach) agus i measc na foirne ar an iomlán 33 % fir agus 67 % mná (41 agus 84 chomhalta faoi seach); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an bhFondúireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo ina meánbhainistíocht agus ina hardbhainistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfí san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir na hoibre leantaí ar bharúlacha maidir le hurscaoileadh 2021, go bhfuil athbhreithniú déanta ag an bhFondúireacht ar a fhógraí folúntais chun tarraingteacht na háite fostaíochta a mhéadú agus go bhfuil na bealaí cumarsáide á n-éagsúlú aige chun díriú ar thíortha ar lú a n-ionadaíocht trí LinkedIn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Fhondúireacht an chairt um éagsúlacht agus Cuimsiú i mí na Nollag 2022; ag tabhairt dá haire go raibh go leor buntáistí ag an bhfoireann in 2022 chun feabhas a chur ar an dea-bhail ag an obair agus, ina theannta sin, gur glacadh rialacha nua maidir le ham oibre agus obair hibrideach a leanann de dheiseanna a chur ar fáil don fhoireann maidir le bealaí nua solúbtha oibre;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur sonrú i mbarúil na Cúirte maidir le creatchonradh EUR 1 mhilliún a dhámhachtain le haghaidh seirbhísí tacaíochta inneachair, a tionscnaíodh in 2021, ar dá réir a bhí sé neamhrialta mar gheall ar dhiall ó shonraíochtaí teicniúla; ag tabhairt dá haire gur ceanglaíodh ar thairgeoirí cuntais dhúnta agus shínithe a sholáthar lena léirítear láimhdeachas EUR 250 000 ar a laghad don dá bhliain airgeadais dheireanacha, eadhon 2019 agus 2020, chun a n-acmhainneacht airgeadais a léiriú; ag tabhairt faoi deara nach raibh an tairseach a bhí ag teastáil bainte amach ag láimhdeachas an tairgeora bhuaitigh don bhliain 2019 ach chinn an Fhondúireacht, áfach, seachas diúltú don tairgeoir, gan é a dhiúltú ar bhonn an láimhdeachais níos airde a léirítear i gcuntais shealadacha 2021; á thabhairt chun suntais gur tháinig an Chúirt ar an tátal go bhfuil an nós imeachta meastóireachta agus an conradh a tháinig as sin neamhrialta agus gur íocaíochtaí gaolmhara uile iad, arbh ionann iad agus EUR 100 100 in 2022; ag tabhairt dá haire, tar éis na tuairime ón gCúirt, déanfaidh an Fhondúireacht a modheolaíocht a shimpliú, a leanfaidh de mheasúnú a dhéanamh ar iontaofacht airgeadais conraitheoirí, ach é a dhéanamh níos oiriúnaí don staid airgeadais reatha (tar éis phaindéim COVID-19 agus an chogaidh san Úcráin);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cur sonrú i nós imeachta oscailte eile le haghaidh seirbhísí tacaíochta intíre, ar fiú EUR 4 mhilliún é, go raibh acmhainneachtaí airgeadais agus eacnamaíocha na dtairgeoirí le measúnú de réir dhá chritéar; (i) staid airgeadais chobhsaí, arna léiriú le tacar paraiméadar, lena n-áirítear glanbhrabús dearfach; agus (ii) láimhdeachas bliantúil de EUR 1 mhilliún ar a laghad sa dá bhliain airgeadais dheireanacha; ag tabhairt faoi deara gur dhámh an Fhondúireacht an conradh do chuibhreannas de chúig eintiteas neamhthráchtála cé nach raibh aon bhrabús tuairiscithe ag aon cheann de chomhaltaí an chuibhreannais le dhá bhliain anuas agus ina theannta sin, gur chinn sé neamhaird a thabhairt ar an gceanglas láimhdeachais, nár chomhlíon an tairgeoir buaiteach, toisc nach raibh feidhm aige maidir le heintitis neamhthráchtála; ag tabhairt chun suntais gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid gur chuir an Fhondúireacht na critéir roghnúcháin i bhfeidhm go mícheart agus nach raibh acmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais an tairgeora bhuaitigh léirithe. ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an nós imeachta meastóireachta agus an conradh a tháinig as neamhrialta dá bhrí sin, chomh maith leis na híocaíochtaí gaolmhara, arbh ionann iad, in 2022, agus EUR 70 500. ag tabhairt faoi deara go raibh an nós imeachta soláthair i dtrácht ag díriú ar fhorbairt caipitil dhaonna san Áise Láir agus tar éis na barúla ón gCúirt, leanfaidh an Fhondúireacht de phlé a dhéanamh le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin maidir le modhanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun na gníomhaíochtaí ina tíortha comhpháirtíochta a chur chun feidhme agus go ndéanfaidh sé, ag an am céanna, a mhodheolaíocht maidir le measúnú airgeadais a shimpliú chun díriú, i gcás inarb infheidhme, ar an margadh neamh-Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé maidir leis na nósanna imeachta soláthair uile, go ndéanfar iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta agus úsáid fhónta na n-acmhainní poiblí, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh ar an bhFondúireacht gníomhaíochtaí a dhéanamh chun a ráthú go bhfuil na rialacha is infheidhme á gcomhlíonadh go hiomlán i nósanna imeachta soláthair amach anseo lena n-áirithítear trédhearcacht, cothroime agus sláine sa phróiseas tairisceana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, nach raibh ach cinneadh Cúirte oscailte amháin ag an bhFondúireacht maidir leis an nós imeachta soláthair d’oibrithe eatramhacha, a eisíodh in 2018, agus a d’aithin an Pharlaimint roimhe sin ina tuarascáil maidir le hurscaoileadh; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur thug an Fhondúireacht aghaidh ar an tsaincheist sin agus an creatchonradh nua á sheoladh aici, atá le síniú in 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Fhondúireacht na dearbhuithe coinbhleachta agus CVanna go léir do chomhaltaí an bhoird bainistíochta, agus do na hardbhainisteoirí agus na bainisteoirí meánacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Fhondúireacht na cruinnithe uile arna dtionól ag a Stiúrthóir agus a heagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a liostú ar a suíomh gréasáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis inmheánach frithchalaoise ag an bhFondúireacht, a thugtar cothrom le dáta go rialta, agus go bhféadfadh sé breithniú a dhéanamh ar an straitéis sin a chomhlánú le roinn frithéillithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil beartas á fhorbairt aige anois maidir le saincheisteanna coinbhleachtaí leasa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tuairim dhearfach a d’eisigh an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí maidir leis na sásraí comhlántachta agus comhair idir an Fhondúireacht agus an Coimisiún ina tuarascáil iniúchóireachta deiridh i mí na Nollag 2022 ina leagtar béim ar shaineolas foirne na Fondúireachta agus ar idirphlé struchtúrtha leathbhliantúil a chur ar bun chun comhordú níos fearr a áirithiú agus cruinnithe boird rialaithe á n-ullmhú; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go gcuireann an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí dhá shaincheist an-tábhachtach in iúl freisin maidir le sainordú na Fondúireachta agus faireachán a dhéanamh ar tháscairí, chomh maith le dhá shaincheist thábhachtacha maidir le hailíniú tosaíochta agus maidir le feabhsuithe ar bhunachar sonraí agus ar nósanna imeachta iarrataí an Aontais; á aithint, mar fhreagairt air sin, go bhfuil plean gníomhaíochta ceaptha ag an bhFondúireacht, i gcomhar le AS EMPL, chun dul i ngleic leis na moltaí sin, a bhí le teacht i bhfeidhm in 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil aird thiomnaithe ag an bhFondúireacht ar an gcibearshlándáil agus ar thaifid dhigiteacha agus ar bhainistiú sonraí agus ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun na treoirlínte ábhartha ón Aontas a leanúint, amhail feabhsuithe cúltaca agus príomhthástálacha treáite na Fondúireachta; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, tar éis measúnú riosca slándála faisnéise ar fud na Fondúireachta a rinneadh in 2021, gur forbraíodh agus gur comhaontaíodh plean cóireála riosca in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur choinnigh an Fhondúireacht deimhniú EMAS agus deimhniú ISO 14001 araon in 2022 tar éis iniúchadh comhshaoil a rinneadh i mí an Mhárta 2022 (agus 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an Fhondúireacht de bhearta éagsúla a chur chun feidhme chun cur lena láithreacht phoiblí agus ar líne, lena n-áirítear trí 10 bpodchraoladh, dhá ghradam idirnáisiúnta agus 10 gcumarsáid chomhpháirteacha a tháirgeadh agus a chur chun cinn, sruthú seacht n-agallamh LIVE LearningConnects, agus páirt a ghlacadh i gcomhdháil COP na Náisiún Aontaithe chun a chuid oibre ar scileanna glasa a chur i láthair; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur tháinig méadú suntasach ar mhéadracht na Fondúireachta ar na meáin shóisialta in 2022 i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an bhFondúireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaíochtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>