<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0248</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0107/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2158(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0096/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 19 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2158(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0096/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 19 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tairmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an </STRING>11 Aibreán 2024 <STRING BOLD="on">ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2022 (2023/2158(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 73, 28.2.2023, lch. 92.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh ionann buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022 agus EUR 115 807 269,88 arb ionann é sin agus méadú de 9,48 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad agus ó ioncam oibríochtúil an Aontais buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair na Gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha le haghaidh 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, maidir le córais rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna ceartaitheacha do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus is mór aici, gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad i rith na bliana airgeadais 2022 go ndearnadh ráta leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha 99,80% a chur chun feidhme ar an mbuiséad, arb ionann é agus méadú beag 0,14% i gcomparáid le 2021 agus ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta 98,42% don bhliain reatha, arb ionann é agus méadú 1,10% freisin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun cur chun feidhme a cláir oibre bhliantúil a thomhas sna príomhréimsí lena gcuireann an Ghníomhaireacht agus a gníomhaíochtaí cothrománacha (inbhuanaitheacht, faireachas, sábháilteacht agus slándáil, simpliú, digitiú, cúnamh teicniúil, fothú acmhainneachta agus tacaíocht straitéiseach); ag moladh gur baineadh na spriocanna amach ar an iomlán, agus líon an-bheag spriocanna chun deiridh go príomha mar gheall ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo; ag tabhairt dá haire thairis sin gur ghnóthaigh an Ghníomhaireacht a cuspóirí in 2022 i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil agus leis an gcreat straitéiseach ilbhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht rannpháirteach go gníomhach i roinnt tionscnamh a bhain leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus gur chuir sí tacaíocht agus sonraí ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit agus béim ar leith á leagan ar thograí éagsúla laistigh den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ amhail togra ‘FuelEU Maritime’ agus an togra arb é is aidhm dó an Scéim Trádála Astaíochtaí a leathnú chun an mhuiriompair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fíoras go bhfuil an Ghníomhaireacht ina gníomhaí tábhachtach maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shoithí spéise tar éis ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise ar an Úcráin i bhFeabhra 2022; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur thuairiscigh an tseirbhís tacaíochta muirí (MSS) do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir le soithí a bhfuil bratach na Rúise ar foluain acu, maidir le cuairteanna ar chalafoirt AE do Bhallstáit shonracha agus don Choimisiún, agus maidir le glaonna long a bhaineann le smachtbhannaí (e.g. allmhairí guail);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean seirbhísí Faire na Cruinne ón nGníomhaireacht de chumais faireachais a fhorbairt agus a sholáthar, agus béim á leagan ar CleanSeaNet, Faireachas Muirí Copernicus do Frontex agus tacaíocht d’éigeandálaí muirí ar muir i gcomhthéacs phlean teagmhasach na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fíoras gur chuir an Ghníomhaireacht tacaíocht theicniúil ar fáil don Choimisiún agus d’Údarás Faireacháin CSTE trí pháirt a ghlacadh sna cigireachtaí a d’eagraigh siad chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht slándála muirí an Aontais sna Ballstáit a mheasúnú agus a fhíorú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht rochtain do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (EUROPOL) ar sheirbhísí faisnéise muirí agus faireachais in 2022 chun tacú leo i réimsí fhorfheidhmiú an dlí agus gníomhaíochtaí coireachta eagraithe ar muir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur choinnigh an Ghníomhaireacht a ról mar ionad barr feabhais i gcás fothú acmhainneachta, tionscadal IPA II a chur chun feidhme agus tionscadail a thabhairt chun críche le haghaidh cúnamh teicniúil sa Mheánmhuir (SAFEMED IV) agus sa Mhuir Dhubh agus sa Mhuir Chaisp (BCSEA) in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tacaíocht na Gníomhaireachta don Choimisiún ag IMO, go háirithe i bhfóraim amhail MEPC, PPR agus CCC; cludaíonn an tacaíocht sin réimsí ríthábhachtacha a bhaineann leis an trualliú a chosc agus le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear Straitéis IMO maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú, déine carbóin na loingseoireachta, sábháilteacht, meastóireacht, imlonnú agus úsáid breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha inbhuanaithe, bruscar muirí agus torann faoi uisce; ag tabhairt chun suntais go mbeidh obair IMO atá ar na bacáin chun na ceanglais agus na caighdeáin chomhfhreagracha a fhorbairt maidir le húsáid breoslaí agus teicneolaíochtaí nua ríthábhachtach maidir lena nglacadh ar an leibhéal domhanda agus ar leibhéal an Aontais araon;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, faoi chuimsiú an tsainordaithe nua le haghaidh comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta, go ndearna an Ghníomhaireacht faisnéis, saineolas, nósanna imeachta, ábhair oiliúna agus uirlisí a chomhroinnt leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus le Frontex; ag tabhairt dá haire thairis sin go leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag obair go dlúth leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCCDA) chun a héifeachtúlacht a mhéadú agus costais a choigilt toisc ghaireacht gheografach an dá ghníomhaireacht; á chur in iúl gur geal léi an fíoras go raibh an Ghníomhaireacht ag tacú le EMCCDA trí eolas a chomhroinnt i leith chlárú EMAS agus gur lean EFCA den socrú cúltaca frithpháirteach a áirithiú don fheidhm chuntasaíochta sa dá Ghníomhaireacht; á chur i bhfios na tairbhí cothrománacha a bhaineann le bheith ag obair le chéile agus dea-chleachtais a oiriúnú agus go dtugann tionscnaimh chomhpháirteacha dearcthaí éagsúla le chéile, laghdaítear dúbailt iarrachta, feabhsaítear foghlaim agus neartaítear caidrimh idir na rannpháirtithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur oibrigh an Ghníomhaireacht chun a héifeachtúlacht agus a héifeachtacht a fheabhsú trí nósanna imeachta a uathoibriú agus é mar aidhm aici ualach oibre riaracháin ball foirne sonrach a laghdú go suntasach, rud a chuirfeadh ar a gcumas díriú ar chúraimí i réimsí gaolmhara ina bhfuil breisluach níos airde; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil tús curtha ag an nGníomhaireacht le treoirthionscadail i gcás Ríomhshíniú Cáilithe agus chun uirlisí corparáideacha a chomhtháthú le ARES; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh nósanna imeachta inmheánacha a shainaithint a d’fhéadfaí a chuíchóiriú trí uathoibriú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2022, go raibh an plean bunaíochta cobhsaí, agus gur comhlíonadh 99,06 % de, agus go raibh 210 oifigeach agus gníomhaire sealadach (GS) ceaptha as 212 oifigeach agus gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (mar a chéile le 2021); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 28 ngníomhaire ar conradh don Ghníomhaireacht in 2022 agus 16 shaineolaí náisiúnta ar iasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa cothromaíocht inscne i measc chomhaltaí bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta, ar mná iad 5 as 16 (31 %) díobh; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa cothromaíocht inscne i measc chomhaltaí bhord riaracháin na Gníomhaireachta, ar mná iad 10 as 57 (18%); ag cur sonrú, thairis sin, san easpa cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán an Údaráis, agus gur mná iad 99 as 264 (38 %) díobh; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur geal léi go bhfuil Plean Gníomhaíochta Inscne do 2022-2025 seolta ag an nGníomhaireacht, lena ndírítear ar chothromaíocht inscne agus ar chomhionannas a fheabhsú san fhadtéarma ar bhonn cáilíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh nuair a bheifear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord riaracháin na Gníomhaireachta; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun an ‘Chairt maidir le D&I’ a ghlacadh freisin agus leanúint de bheith rannpháirteach i dtionscnaimh lena gcuirtear éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn san ionad oibre ar gach leibhéal ordlathais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dúshlán leanúnach ann maidir le Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht (SNE) a earcú i bhfianaise a dheacra atá sé saineolaithe ó na Ballstáit a mhealladh; á chur i bhfios go ndearna an Ghníomhaireacht roinnt glaonna gan rath; á mholadh go dtabharfaí deis do ghníomhairí inmheánacha ar conradh dul ar aghaidh chuig an gcéad ghrúpa feidhme eile trí nós imeachta roghnúcháin ginearálta; maidir leis na gnóthachain éifeachtúlachta, ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht, agus tá sí ag obair chuige, a cuid nósanna imeachta a fheabhsú chun a héifeachtúlacht agus a héifeachtacht a fheabhsú chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní daonna agus airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fíoras, i gcomhthéacs ciapadh san ionad oibre a chosc, gur ceapadh seisear Comhairleoirí Rúnda nua tar éis oiliúint éigeantach a fháil go rathúil agus go bhfuil siad gníomhach anois sa ról sin sa Ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht tionscadal Straitéise Acmhainní Daonna le comhairliúchán leis an bhfoireann, leis an mbainistíocht agus leis an gCoiste Foirne, tionscadal chun clár ionduchtaithe ar líne a chruthú do nuatheachtaithe, agus an obair ullmhúcháin a bhaineann leis an gcinneadh maidir le ham oibre agus obair hibrideach, a rabhthas ag súil go nglacfar iad in 2023; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag aithint go n-iarrtar ar Chomhaltaí agus ar Mhalartaigh Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta Dearbhú Gealltanais agus Rúndachta a shíniú tráth a n-ainmnithe agus go bliantúil, aon choinbhleacht leasa (a d’fhéadfadh a bheith ann) a dhearbhú a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach don chaoi a gcaitear le haon mhír ar an gclár oibre ag tús gach cruinnithe den Bhord Riaracháin; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear ar an bhfoireann uile (lena n-áirítear an bhainistíocht shinsearach atá páirteach i nósanna imeachta sonracha) coinbhleacht leasa (a d’fhéadfadh a bheith ann) a dhearbhú i nósanna imeachta éagsúla amhail soláthar agus earcaíocht; ag tabhairt dá haire, le linn 2022, gur dhearbhaigh comhalta den choiste roghnúcháin cás amháin de choinbhleacht leasa i nós imeachta earcaíochta agus tar éis anailís a dhéanamh ar an gcoinbhleacht dhearbhaithe, gur cuireadh comhalta nua in ionad an chomhalta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht ‘Beartas Coinbhleachta Leasa Bhord Riaracháin EMSA’, lena mbunaítear prionsabail chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas a comhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha a rialú agus chun na bearta a shainmhíniú chun a gcur i bhfeidhm praiticiúil a áirithiú chun na rioscaí a chosc agus a mhaolú go bhféadfadh leasanna cheana, reatha nó sa todhchaí tionchar míchuí a imirt ar neamhchlaontacht agus ar neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear CVanna chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus na Foirne Bainistíochta ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag moladh, i gcomhréir le Creat Bainistíochta Riosca na Gníomhaireachta, go ndearnadh an clár riosca a nuashonrú agus a mhionchoigeartú go hiomlán in 2022, agus gur tugadh aird ar leith le linn an chleachtaidh sin ar rioscaí féideartha a bhaineann le calaois agus deiseanna foriomlána a shainaithint; á chur in iúl gur geal léi thairis sin, tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, gur sainaithníodh roinnt rioscaí agus deiseanna sainaitheanta nua a bhaineann leis an ngéarchéim mhór sin agus gur cuireadh iad san áireamh sna cláir riosca nuashonraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tréaslú leis an nGníomhaireacht as roinnt táirgí ad hoc a fhorbairt chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún smachtbhannaí AE a bhaineann leis an ionradh a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin a chur chun feidhme, amhail tuairisciú ar iarrataí ar longa i gcás lastaí agus bratacha sonracha; á chur in iúl gur geal léi an fíoras thairis sin gur fhorbair an Ghníomhaireacht tuarascáil mhíosúil agus go gcuireann sí í ar fáil do gheallsealbhóirí ábhartha maidir le tionchar na bhforbairtí san Úcráin ar thrácht agus trádáil mhuirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fíoras go ndearna an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí éagsúla glasaithe in 2022, amhail feachtas cumarsáide fairsing glasaithe, seomra stáiseanóireachta in-athúsáidte a chruthú, rannpháirtíocht sa tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht, agus ísliú ar an teocht bhunúsach san áitreabh le linn shéasúr an gheimhridh, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú gur sheol an Ghníomhaireacht ‘Glasú EMSA’ in 2019 arb é is aidhm dó bainistiú comhshaoil a thabhairt isteach, agus gur tharla an chéim dheiridh leis an iniúchadh fíorúcháin sheachtraigh in Eanáir 2022; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuair an Ghníomhaireacht lipéad EMAS agus gur fhoilsigh sí a ráiteas ar an gcomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur threisigh an Ghníomhaireacht a comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil trí pháirt a ghlacadh sa treoirthionscadal chun an Rialachán maidir le Cibearshlándáil atá le teacht a chur chun feidhme amach anseo; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur neartaigh an Ghníomhaireacht a comhar le CERT EU trí Chomhaontú sonrach ar Leibhéal Seirbhíse a athnuachan ina gcuimsítear níos mó gníomhaíochtaí anois, amhail líon méadaithe measúnuithe slándála, agus trí rochtain a chur ar fáil d’fhaireachán fíor-ama ar imeachtaí slándála i mbonneagar TF EMSA; á thabhairt dá haire freisin go bhfuil measúnuithe slándála rialta á ndéanamh ag an nGníomhaireacht le CERT EU agus le soláthraí Seirbhísí Slándála Idirinstitiúideacha na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta éagsúla curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun a hinfheictheacht phoiblí agus a láithreacht ar líne a mhéadú, amhail comhdhálacha a óstáil, físeáin a chomhroinnt ina mínítear príomhghníomhaíochtaí agus príomhinniúlachtaí na Gníomhaireachta, beoshruthú, agus seoladh choincheap ‘lá oscailte EMSA’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas na Gníomhaireachta a cumarsáid ilteangach a fheabhsú, rud lena n-áiritheofar inrochtaineacht níos fearr do shaoránaigh uile na hEorpa; ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis 5 bliana na Gníomhaireachta, an Tuarascáil Eorpach maidir leis an gComhshaol Muirí agus an Tuarascáil Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sa tslándáil mhuirí agus á iarraidh uirthi cúnamh teicniúil leanúnach a thabhairt don Choimisiún le linn cigireachtaí sa chreat sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na dteagmhas cibearshlándála san earnáil mhuirí le blianta beaga anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí digitiú chun cinn san earnáil mhuirí trí tharchur leictreonach sonraí a éascú, trí thacú le simpliú agus trí chórais agus seirbhísí faireachais mhuirí agus feasachta comhtháite a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil fás chabhlach an Aontais (ó thaobh long agus tonnáiste araon de) níos moille i gcomparáid leis an bhflít dhomhanda; le cúig bliana anuas, tháinig fás 3,4 % ar chabhlach an Aontais, i gcodarsnacht leis an bhflít dhomhanda, a raibh ráta fáis 7 % níos mó aici;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh an dáta sin, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>