<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0249</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0116/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2145(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0083/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 121 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin gníomhach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin gníomhach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2145(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0083/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 121 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin gníomhach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2145(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 73, 28.2.2023, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 224 265 965 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, ar méadú 10,04 % é i gcomparáid le 2021; de bhrí go dtagann EUR 39 678 000 de bhuiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus gur ioncam ó tháillí agus ó mhuirir é EUR 120 435 031;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhú réasúnta di go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 97,08 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 0,77 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 87,18 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, ar laghdú beag 0.16 % é i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chríochnaigh an Ghníomhaireacht an bhliain le toradh buiséadach táillí agus muirear dar luach diúltach EUR 8.2 milliún (i gcomparáid le EUR 11,2 milliún in 2021); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, dá thoradh sin, gur laghdaíodh barrachas táillí agus muirear carntha na Gníomhaireachta ó EUR 72,1 milliún go EUR 63,9 milliún; á thabhairt dá haire go raibh ráta na leithreasuithe cealaithe i ndáil le gealltanais a tugadh anonn go dtí 2022 ag 2,82%, atá faoi bhun na huasteorann 5 % a shocraigh an Coimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur sonrú, de dhroim na tuarascála ón gCúirt, sa bharúil go mbailíonn an Ghníomhaireacht táillí agus muirir chun seirbhísí deimhniúcháin a sholáthar, ach nach ndéanann sí doiciméadú ar na seiceálacha a dhéanann sí chun a áirithiú go mbailítear an t-ioncam sin i gceart, agus dá bhrí sin nach bhfuil Airteagail 74(5) agus 75 den Rialachán Airgeadais á gcomhlíonadh aici; ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht lena ngeallann an Ghníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun a ráthú go ndéanfar seiceálacha a dhoiciméadú i gceart;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as bearta áirithe in 2022 chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a chuirtear ar fáil lena gníomhaíochtaí agus le bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid, trí mheascán de 128 gcuspóir agus 66 eochairtháscaire feidhmíochta (KPInna) in 11 eochair-réimse oibríochta; ag tabhairt dá haire go raibh feidhmíocht an-mhaith ag an nGníomhaireacht in 2022 agus 97 % dá Clár Oibre Bliantúil le haghaidh 2022 á chur chun feidhme agus 77 % d’eochairtháscairí feidhmíochta na Gníomhaireachta ar an mbóthar ceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag aithint phríomhéachtaí agus dul chun cinn na Gníomhaireachta in 2022 i réimsí atá ag teacht chun cinn agus atá nasctha le réitigh ghlasa agus leis an digitiú; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur chuir an Ghníomhaireacht dlús lena hiarrachtaí eitlíocht ghlan a bhaint amach trí Chlár Eitlíochta Inbhuanaithe EASA – 2022 le gníomhaíochtaí éagsúla amhail foilsiú an tríú heagrán de Thuarascáil Comhshaoil na hEitlíochta Eorpaí agus an rannchuidiú rathúil leis na conclúidí maidir leis an gcomhshaol de chuid Thionól na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) 41; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú cuimsitheach in 2022 ar na tosaíochtaí straitéiseacha chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don chóras i ndáil le córas an Phlean Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta (EPAS); ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go raibh de thoradh ar an athbhreithniú sin gur díríodh níos mó ar bhainistiú idirthuilleamaíochtaí riosca, agus ar inniúlachtaí pearsanra, agus gur áiríodh ann tosaíochtaí breise maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus coincheapa nua gnó a chomhtháthú go sábháilte; ag tabhairt dá haire go n-áirítear na tosaíochtaí straitéiseacha nua sin in eagrán 2023-2025 de EPAS a glacadh in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur sonrú i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta in 2022 chun an treochlár maidir le Soghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh a chur chun feidhme tríd an treoraíocht maidir le dearadh ingearfort a fhoilsiú, tríd an gcreat rialála nua atá beartaithe maidir le hoibriú tacsaithe aeir i gcathracha, trí na treoirlínte chun leibhéil torainn na ladrann faoi bhun 600 kg a bhunú agus trí na Modhanna Inghlactha Comhlíontachta agus an Treoirábhar chun tacú le cur chun feidhme comhchuibhithe, sábháilte agus éifeachtúil U-spáis ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag moladh claochlú digiteach spéartha na hEorpa, lena n-áirítear roghanna feabhsaithe soghluaisteachta agus cáilíochtaí sruthlínithe do cheadúnú agus oiliúint Rialtóirí Aerthráchta agus Córais Talún BAT; á iarraidh go ndéanfaí leasú ar fhrásaíochtaí SERA RT le haghaidh cumarsáid idir píolótaí agus rialtóirí aerthráchta; á chur i bhfáth go bhfuil roinnt comhpháirteanna aonair agus bloic thógála i gceist le claochlú digiteach spéartha na hEorpa, ar réitigh chriticiúla iad don ailtireacht aerspáis a bheidh ann amach anseo agus arb é is aidhm dóibh tacú le sábháilteacht, éifeachtúlacht agus feidhmíocht chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an tAerspás Eorpach Aonair chun dul i ngleic le hilroinnt an aerspáis Eorpaigh agus lena ndírítear ar fheidhmíocht BAT a fheabhsú ó thaobh na sábháilteachta, na hacmhainneachta, na costéifeachtúlachta agus an chomhshaoil de; á chur in iúl gur geal léi obair na Gníomhaireachta in athchóiriú Aerspás Eorpach Aonair 2+ in 2022, go háirithe maidir le comhchuibhiú ATCOnna trí cheadúnú agus deimhniú ag an nGníomhaireacht ar chórais talún BAT/SAL; ag moladh go laghdaíonn an dá athchóiriú an costas agus go méadaíonn siad acmhainneacht BAT, agus go gcuireann siad breisluach suntasach ar fáil do phacáiste tionscnaimh Aerspás Eorpach Aonair 2+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí ábhair imní faoi fhlíteanna paisinéirí na Rúise; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, rannpháirtíocht na Gníomhaireachta san Fhoireann Sábháilteachta Aerspáis Mhíleata Shibhialta don Úcráin, go háirithe i ndáil leis na héilimh mhéadaitheacha ar aerspás chun freachnaimh mhíleata Stáit agus ECAT a éascú; ag aithint go bhfuil an clár oibre leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) á chur chun feidhme go rathúil, rud a chuir go mór leis an gcomhar i réimse na nuálaíochta atá ag teacht chun cinn; á chur in iúl gur geal léi gur thacaigh an Ghníomhaireacht le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin faoi chuimsiú chlár RescEU (conradh comhraiceoirí dóiteán agus acmhainneacht MEDEVAC/iompair aerloingseoireachta);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur sonrú i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, amhail Feasachán faisnéise maidir le Crios Coinbhleachta a fhoilsiú lena moltar d’oibreoirí gan traseitilt thar na limistéir ina bhfuil gníomhaíocht mhíleata dhian nó mhéadaithe, agus Feasachán Faisnéise Sábháilteachta a fhoilsiú ar bhristeacha uaineacha GNSS gar do limistéir choinbhleachta na hÚcráine; ag moladh sa chomhthéacs sin, tar éis chéim thrialach an tionscnaimh, go ndeachaigh an tArdán Eorpach um Chomhroinnt Faisnéise agus um Chomhar maidir le Criosanna Coinbhleachta i mbun feidhme agus é mar chuspóir aige faisnéis a chomhroinnt maidir le bagairtí ar an eitlíocht shibhialta a eascraíonn as limistéir choinbhleachta nó ceannairce armtha; á thabhairt chun suntais thairis sin go bhfuil de thoradh ar an ionradh neamhdhleathach ar an Úcráin go bhfuil saincheisteanna nua sábháilteachta tagtha i dtreis agus go bhfuil saincheisteanna a bhí ann cheana tar éis méadú; ag athdhearbhú a hiarrata ar dhlúthchaidreamh le hÚdaráis Eitlíochta Stáit agus Míleata na hEorpa, le GEC, leis an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála (OCCAR) agus le ECAT, de réir mar is iomchuí chun cúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139, chun sábháilteacht agus slándáil eitilte a fheabhsú san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag aithint gur chomhlíon an Ghníomhaireacht na smachtbhannaí agus na beartais a leag an Coimisiún síos tar éis ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin in 2022 agus gur chuir sí na gníomhaíochtaí comhair uile leis an Rúis ar fionraí, agus gur dhírigh an Ghníomhaireacht a haird ar ghníomhaíochtaí lena dtacaítear leis an Úcráin; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin gur thacaigh foireann um Chomhordú Rampa na Gníomhaireachta leis an gCoimisiún i dtaca le liosta a bhunú de chlárúcháin aerárthaí atá á n-úsáid nó á rialú ag náisiúnaigh Rúiseacha, agus gur tugadh an liosta cothrom le dáta 38 n-uaire agus gur cumhdaíodh breis agus míle aerárthach in 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as acmhainní a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile maidir le cúraimí agus inniúlachtaí forluiteacha, lena n-áirítear i réimsí na seirbhísí comhairleacha acmhainní daonna, an digitithe acmhainní daonna agus na n-uirlisí acmhainní daonna, na ríomhfhoghlama agus suirbhéanna, agus as rannpháirtíocht i nglaonna idirinstitiúideacha agus idirghníomhaireachta ar thairiscintí; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag comhoibriú go dlúth leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil chun tuarascálacha a fhorbairt amhail Tuarascáil Comhshaoil Eitlíochta na hEorpa, le Eurocontrol le haghaidh deiseanna frithpháirteacha i dtaca le réitigh foghlama a bhaineann le heitlíocht, agus le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh trí Mheabhrán Comhair arna shíniú in 2022 lena mbunaítear idirphlé struchtúrtha rialta agus lena bhfeabhsaítear comhroinnt faisnéise, eolais agus taithí i réimsí éagsúla comhair; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhpháirtíochtaí straitéiseacha ag an nGníomhaireacht maidir le hacmhainní agus faisnéis a chomhroinnt le beagnach gach ceann de na húdaráis náisiúnta inniúla eitlíochta ina Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinnt comhpháirtíochtaí bunaithe ag an nGníomhaireacht le comhlachtaí eile de chuid an Aontais chun éifeachtúlacht agus comhleanúnachas a fheabhsú, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan, Comhghnóthas SESAR 3; á chur in iúl gur geal léi an comhar maidir le réitigh foghlama le roinnt gníomhaireachtaí maidir le saincheisteanna leasa choitinn i réimsí na seirbhísí comhairleacha acmhainní daonna, an digitithe agus na n-uirlisí, ríomhfhoghlama agus suirbhéanna, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú gurb amhlaidh, in 2020, maidir leis an gclár claochlaithe chorparáidigh ‘Ceann Scríbe: a sheasfaidh an aimsir’, a cuireadh i bhfeidhm é chun costais a laghdú, éifeachtúlacht a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar ‘phríomhthiomántóirí’ na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gur baineadh amach leis an gclár sin, a tugadh i gcrích go foirmiúil in 2022, eochairathruithe lena n-áirítear, i measc nithe eile, nós imeachta simplithe maidir le rialacha a dhéanamh, seirbhísí réamhiarratais le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha agus próiseas clársceidealaithe corparáideach feabhsaithe, chomh maith le gnóthachan 12 % sa táirgiúlacht (nuair a chuirtear 2022 i gcomparáid le haschuir 2019) atá coibhéiseach le laghdú 36 choibhéis lánaimseartha ar fhorchostas na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh cur chuige an chláir chun éifeachtúlacht a bhaint amach chomh maith leis an mbonneagar chun tionscnaimh nua a thionscnamh ionas gur féidir leis an nGníomhaireacht leanúint d’fheabhas a chur ar phróisis agus digitiú a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinne an Ghníomhaireacht chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar a lorg comhshaoil i réimsí a bhaineann lena foirgneamh, lena fóntais agus lena soláthairtí, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go bhfuil barrfheabhsú déanta ag an nGníomhaireacht ar úsáid fuinnimh agus uisce ina foirgneamh, go gceannaíonn sí fuinneamh leictreach atá inathnuaite 100 %, go bhfuil lárphointí bailithe dramhaíola aici i spásanna foirne na Gníomhaireachta agus go bhfuil bearta i bhfeidhm aici chun soláthairtí páipéir agus oifige a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht de na critéir agus na ceanglais ábhartha maidir le Soláthar Poiblí Glas a chur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as na sraitheanna uirlisí atá ar fáil maidir lena glaonna ar thairiscintí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur earcaíodh ball foirne amháin in 2022 agus é mar aidhm leis acmhainní a áirithiú chun tús a chur an athuair leis an anailís ar uirlisí um fheabhsuithe leanúnacha i dtaca le feidhmíocht chomhshaoil eagraíochtaí, agus béim á leagan go príomha ar EMAS agus ar ISO 14001; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí na hanailíse sin a chur in iúl don údarás um urscaoileadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2022, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme ar bhonn 95,59 %, agus ceapacháin déanta i gcás 651 ghníomhaire sealadach as 681 ghníomhaire sealadach a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 680 post a údaraíodh in 2021); ag tabhairt dá haire go raibh, lena chois sin, 95 ghníomhaire ar conradh agus 23 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht infheistíochtaí suntasacha maidir le cumais theicniúla a threisiú le linn 2022 agus maidir le deiseanna dul chun cinn gairme a thairiscint maille le beartas inniúlachta athnuaite; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur éirigh leis an nGníomhaireacht os cionn 60 duine nua a earcú go rathúil in 2022, agus gur chuir sí an tríú glúin den Chlár um Cháilíochtaí Sóisearacha (JQP) in úsáid, gur chuir sí deiseanna inmheánacha forbartha gairme ar fáil do bhreis agus 70 ball foirne agus go ndearna sí 98 % den oiliúint theicniúil phleanáilte a thabhairt i gcrích don fhoireann; ag moladh ráta an-íseal iomlaoide na Gníomhaireachta (0,1 %) in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san easpa cothromaíocht inscne i measc chomhaltaí lucht ardbhainistíochta agus lucht meánbhainistíochta na Gníomhaireachta, agus 17 as 22 díobh (77 %) ina bhfir agus i measc bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, agus 59 as 79 díobh (75 %) ina bhfir; ag cur sonrú, thairis sin, sa chothromaíocht inscne i measc bhaill foirne na Gníomhaireachta trí chéile, agus 525 as 757 díobh (69 %) ina bhfir; ag tabhairt dá haire go bhfuil faireachán córasach á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar an dáileadh inscne i measc iarratasóirí agus go ndéanann sí teagmháil ghníomhach le hiarrthóirí baineanna, trí na poist a fhoilsiú sna fóraim chearta, trí iarratais ó iarrthóirí baineanna a spreagadh go sainráite, agus trí phoist a dhréachtú lena ngabhann faisnéis bheacht mar go bhféadfaí difear a dhéanamh leis sin don chothromaíocht oibre is saoil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí cothromaíocht inscne a bhaint amach ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na foirne trí chéile trí ghníomhaíochtaí nithiúla lena mealltar iarratais ó mhná ar phoist a thairgeann an Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur i gcuntas nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur choinnigh an Ghníomhaireacht béim ar chothromaíocht inscne, ar chothromaíocht gheografach agus ar an éagsúlacht; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach na n-acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, oifig bhaile, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, chomh maith lena gcóir chomhionann agus a ndeiseanna a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire sa tuarascáil ón nGníomhaireacht maidir leis na bearta leantacha a rinneadh i bhfianaise an urscaoilte i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (an ‘Tuarascáil ón nGníomhaireacht’), gur shonraigh an Ghníomhaireacht, bunaithe ar a clár bainistithe inniúlachtaí agus pleanála straitéisí don lucht saothair, staid foirne cobhsaí 2022+ lena ngabhann infheistíochtaí suntasacha acmhainní seachtracha i réimsí saineolais theicniúil agus chorparáidigh do chúraimí traidisiúnta agus do réimsí atá ag teacht chun cinn, bunaithe ar thosaíochtaí straitéiseacha meántéarmacha na Gníomhaireachta, lena n-áirítear e.g. teicneolaíochtaí nua, cibearshlándáil, measúnú sábháilteachta, tástáil agus taighde eitilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh cás amháin ciaptha in 2022 ar bhain an Ghníomhaireacht úsáid as seirbhísí imscrúdaitheora sheachtraigh de chuid an líonra Idirghníomhaireachtaí ina leith, agus gur thángthas ar an gconclúid nach bhféadfaí an ciapadh a dheimhniú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tuairiscíodh 4 chás tnáithe in 2022, an líon céanna a tuairiscíodh in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag meabhrú, de dhroim na tuarascála bliantúla ón gCúirt maidir le gníomhaireachtaí an Aontais do 2021, na barúla maidir le neamhchomhlíonadh Airteagal 16 de Rialacháin Foirne an Aontais ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go raibh an bharúil sin fós ar oscailt; ag tabhairt dá haire, áfach, de dhroim na tuarascála ón nGníomhaireacht, go ndearna an Ghníomhaireacht Comhchoiste a bhunú go foirmiúil idir an dá linn, agus gur athbhreithnigh sé a nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar laigí arna sonrú ag an gCúirt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur thug an Ghníomhaireacht conradh i gcrích le haon soláthraí seirbhíse amháin chun leanúint de chóras tuairiscithe teagmhas a fhorbairt ar luach EUR 1.9 milliún trí úsáid a bhaint as nós imeachta deargphráinne; ag cur sonrú sa bharúil ón gCúirt gurb amhlaidh, ós rud é nár comhlíonadh na coinníollacha dlíthiúla maidir le húsáid an nós imeachta sin, go raibh an nós imeachta neamhrialta, mar a bhí na híocaíochtaí gaolmhara uile (EUR 261 385) a rinneadh in 2022; ag cur sonrú, mar sin féin, sa fhreagra ón nGníomhaireacht gurb é an conraitheoir ar bronnadh an dámhachtain air an t-aon chonraitheoir amháin a bhí in ann leanúint d’fhorbairt an chórais sin gan suaitheadh agus riosca láithreach sábháilteachta a chruthú a bhféadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ag baint leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur mhodhnaigh an Ghníomhaireacht, tar éis di nós imeachta tairisceana le haghaidh seirbhísí bainistithe ócáidí a sheoladh, praghas na tairisceana gan cloí le forálacha Airteagal 151 den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt faoi deara gurb amhlaidh, tar éis gearán a fháil ón tairgeoir, a rinne an Ghníomhaireacht an dara meastóireacht as ar eascair eisiamh an tairgeora ar na forais ‘nár chomhlíon sé na ceanglais a leagadh síos sna sonraíochtaí tairisceana’, gan sonrú a dhéanamh ar na ceanglais nár comhlíonadh; ag cur sonrú sa chonclúid ón gCúirt nach raibh údar cuí le heisiamh an tairgeora; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun a ráthú go mbeidh bonn cirt, i gcás nósanna imeachta soláthair amach anseo, le haon cheartú praghais nó eisiamh na dtairgeoirí de réir an bhunúis dlí is infheidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag aithint chóras reatha na Gníomhaireachta chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a mhaolú, lena n-áirítear cleachtadh bliantúil ina n-iarrtar ar an bhfoireann athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh (más gá) ar aon athrú ar a staid a bhféadfadh coinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha a bheith mar thoradh air; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2022, de dhroim na ndearbhuithe leasa uile a thíolaic baill foirne i gcomhthéacsanna éagsúla (dearbhú bliantúil, earcaigh nua, gníomhaíochtaí iarfhostaíochta nó gníomhaíochtaí seachtracha/saoire ar fhorais phearsanta) agus a ndearna an Ghníomhaireacht measúnú orthu i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme, a tarchuireadh 4 chás chuig Coiste Eitice na Gníomhaireachta le tuairim a fháil; á chur in iúl gur geal léi nach raibh aon chás deimhnithe coinbhleachtaí leasa ann in 2022 agus go bhféadfaí gach cás inar thángthas ar riosca coinbhleachta leasa iarbhír nó féideartha a mhaolú trí bhearta sonracha a cuireadh i bhfeidhm, mar shampla tréimhsí marana, toirmisc bhrústocaireachta, neamh-rannpháirtíochtaí i sannacháin áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear CVanna agus dearbhuithe leasa na gcomhaltaí boird agus na n-ardbhainisteoirí agus na meánbhainisteoirí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndéanann an Ghníomhaireacht a cruinnithe uile le brústocairí nó le hionadaithe sainleasa a liostú ar a leathanach gréasáin agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht é sin a dhéanamh gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht toilteanach glacadh, b’fhéidir, le straitéis inmheánach frithéillithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ach go measann sí, de réir na dtaifead le blianta beaga anuas, nach bhfuil aon bhagairt ann ina leith sin i láthair na huaire; mar sin féin, á iarraidh ar an nGníomhaireacht athmheastóireacht a dhéanamh ar a seasamh agus bearta a dhéanamh chun straitéis inmheánach frithéillithe a bhunú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) an Choimisiúin iniúchadh in 2022 ar ghníomhaíochtaí caighdeánúcháin ina ndearnadh measúnú i dtaobh an dtugann na rialuithe atá i bhfeidhm dearbhú réasúnta maidir le comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha agus i dtaobh an bhfuil na gníomhaíochtaí caighdeánúcháin á n-eagrú ar bhealach éifeachtúil chun tacú go héifeachtach le cuspóirí gnó na Gníomhaireachta a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, de thoradh an iniúchta sin, a tarraingíodh anuas trí mholadh dár dhréachtaigh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta a bhí le cur chun feidhme le linn 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é a bhí i gclár iniúchóireachta 2022 ar Chumas Iniúchóireachta Inmheánaí (IAC) na Gníomhaireachta 8 bhfostú, eadhon 4 iniúchadh dearbhaithe, lena n-áirítear 1 iniúchadh a rinne IAS, 2 iniúchadh comhairliúcháin, agus 2 iniúchadh leantacha; ag tabhairt dá haire, le linn iniúchtaí leantacha 2022, go bhféadfaí 2 as na 13 ghníomhaíocht a sonraíodh sna hiniúchtaí tosaigh ó 2021 a dhúnadh, agus gur measadh go raibh sé ghníomhaíocht curtha chun feidhme go páirteach agus go raibh cúig ghníomhaíocht fós ar oscailt; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na gníomhaíochtaí sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag moladh go bhfuil an Ghníomhaireacht ag díriú ar an Úcráin a lánpháirtiú mar thír is iarrthóir i gcóras an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de dhroim na tuarascála ón nGníomhaireacht, go ndearna an Ghníomhaireacht staidéar cuimsitheach inúsáidteachta in 2022 a raibh cranntástáil agus agallamh duine le duine i gceist leis; ag tabhairt dá haire gur tugadh léargais cháilíochtúla sa staidéar a gceaptar go mbeidh de thoradh orthu, in éineacht leis na léargais chainníochtúla, go bhfeabhsófar EASA Pro, EASA Light agus pobail ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag moladh na Gníomhaireachta as tionscadal a chur ar bun chun EASA Light (réimse tiomnaithe de shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta ina mínítear a cuid gníomhaíochtaí i mBéarla simplí neamhtheicniúil) a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024 <FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>