<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0250</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0129/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2022 (2023/2151(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0089/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0129/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2022 (2023/2151(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0089/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0129/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá i gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2022 (2023/2151(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0129/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 178, 29.4.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2022, EUR 149 841 816,93, ar méadú 15,99 % é i gcomparáid le 2021; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad an Údaráis;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Údaráis iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair an Údaráis, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha le haghaidh 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, maidir le córais rialaithe inmheánaigh an Údaráis, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha le haghaidh 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gníomhaíochtaí ceartaitheacha gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí ar fhaireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 ná go ndearnadh 99,95 % den leithreasú faoi chomhair gealltanas a chur chun feidhme ar an mbuiséad don bhliain reatha, arb ionann é agus laghdú beag 0,04 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh ráta forghníomhaithe 89,77 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha, a léiríonn méadú 0,92 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn moill ann maidir le formheas a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha a mbaineann riosca íseal leo agus le modheolaíochtaí measúnaithe a thabhairt cothrom le dáta de réir forbairtí eolaíocha mar thoradh ar easpa acmhainní agus post d’údaráis rialála táirgí cosanta plandaí, rud a laghdódh tionchar na dtáirgí cosanta plandaí ar an gcomhshaol san fhadtéarma; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh acmhainní agus poist leordhóthanacha ag an Údarás chun tacú leis na Ballstáit a spriocdhátaí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chomhlíonadh, chun líon na measúnuithe ar shubstaintí gníomhacha le haghaidh táirgí cosanta plandaí in aghaidh na bliana a dhúbailt agus chun luas forbartha modheolaíochtaí a mhéadú faoi thrí chun go mbeadh measúnuithe riosca i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha is déanaí agus le hionchais na sochaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di rannchuidiú an Údaráis le sábháilteacht shlabhra bia agus beatha an Aontais, agus a iarrachtaí suntasacha i dtaobh comhairle chuimsitheach, neamhspleách agus chothrom le dáta maidir le ceisteanna atá nasctha leis an slabhra bia a sholáthar do bhainisteoirí riosca, faisnéis a chur in iúl go soiléir don phobal maidir lena aschur agus an eolas ar a bhfuil siad bunaithe, agus i dtaobh comhoibriú le páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe institiúideacha chun comhleanúnachas agus iontaoibh sa chóras sábháilteachta bia a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil creat feidhmíochta comhtháite curtha chun feidhme ag an Údarás lena nasctar acmhainní agus gníomhaíochtaí le haschuir agus leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, arna gcomhlánú le tacar eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus chun í a spreagadh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shroich an fheidhmíocht i gcoinne na spriocanna a leagtar amach sa Chreat Feidhmíochta ráta foriomlán 96 %; ag tabhairt faoi deara gur léiríodh dea-fheidhmíocht ar an iomlán i réimsí Chuspóirí Straitéiseacha 2 (Ullmhacht a áirithiú le haghaidh riachtanais anailíse riosca amach anseo) agus Chuspóir Straitéiseach 3 (Daoine a chumhachtú agus solúbthacht eagraíochtúil a áirithiú), ach gur imíodh ón sprioc i réimse Chuspóir Straitéiseach 1 (‘Comhairle Eolaíoch Iontaofa a chur ar fáil agus Rioscaí ón bhFeirm go dtí an Forc a chur in iúl’), a raibh tionchar mór ag cur chun feidhme rialacha agus nósanna imeachta nua faoi Rialachán (AE) 2019/1381<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil 586 cheist eolaíocha tugtha chun críche ag an Údarás as na 701 cheist spriocdhírithe maidir le Cuspóir 1: ‘Comhairle Eolaíoch Iontaofa a chur ar fáil agus Rioscaí ón bhFeirm go dtí an Forc a chur in iúl’; ag tabhairt dá haire, in ainneoin go raibh líon na gceisteanna eolaíocha dúnta níos ísle ná mar a tuaradh, gurbh ionann é, tríd is tríd, na ceisteanna nua a fuarthas le linn na bliana, agus ar an gcaoi sin á áirithiú nár tháinig méadú ar stoc na gceisteanna oscailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh torthaí an-dearfacha i réimse cumarsáide na dtorthaí, agus tráthúlacht an fhoilsithe ar Iris an Údaráis á coinneáil ar bun an fheidhmíocht dhearfach a baineadh amach le dhá bhliain anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb í 2022 an chéad bhliain de chur chun feidhme Straitéis 2027, a ceapadh mar fhorbairt ar Straitéis 2020, agus ar Straitéis í atá dírithe ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1381 (sa ghearrthéarma) agus lena n-ullmhaítear an tÚdarás chun aghaidh a thabhairt ar bheartais nua AE atá ag teacht chun cinn (san fhadtéarma);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an tÚdarás an Chomhdháil ‘ONE - Health, Environment, Society’ i mí an Mheithimh 2022, inar leagadh béim ar an nasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil agus as a n-eascraíonn ‘One Health One Environment’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil feachtas maidir le Fiabhras Afracach na Muc seolta ag an Údarás i gcomhpháirtíocht le 18 mBallstát; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur rannchuidigh an tÚdarás le Straitéis Ceimiceán an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an tSuirbhé Straitéise Bhliantúil a sheol an tÚdarás inar iarradh aiseolas óna chustaiméirí, óna chomhpháirtithe agus óna gheallsealbhóirí atá bainteach go díreach nó go hindíreach le tuairimí eolaíocha an Údaráis a sholáthar, go dtugtar aird i gcónaí ar chumas an Údaráis a chomhairle a sholáthar go tráthúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás ag comhoibriú leis an Údarás Eorpach Ceimiceán, i gcomhthéacs Straitéis Ceimiceán nua an Aontais, agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú chun córais a fhorbairt chun seicheamhú géanóim a bhailiú agus a anailísiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil acmhainní daonna agus acmhainní taighde comhroinnte ag an Údarás le Comhghníomhaireachtaí agus leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde; ag cur béim bhreise ar na tairbhí cothrománacha a bhaineann le bheith ag obair le chéile agus le dea-chleachtais a oiriúnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an tÚdarás a iarrachtaí in 2022 maidir le cur chun feidhme próiseas nua agus uirlisí TF a chomhdhlúthú, iarracht a dhéanamh ardleibhéal éifeachtúlachta a bhaint amach agus sineirgí le gníomhaireachtaí eile a uasmhéadú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár díríodh go dtí deireadh 2023 ar chuid de thorthaí an Údaráis maidir le héifeachtúlacht agus gnóthachain in uirlisí TF a glacadh in 2020-2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an Údarás bainistiú comhpháirteach sonraí a neartú leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí eile chun cáilíocht agus idir-inoibritheacht sonraí a fheabhsú (i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2022, go raibh 95,55 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh ceapacháin déanta i gcás 5 oifigeach agus 382 ghníomhaire shealadacha as 405 phost arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 380 post údaraithe in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 170 gníomhaire ar conradh agus 14 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, chun Rialachán (AE) 2019/1381 a chur chun feidhme, gur deonaíodh 31 phost foirne nua don Údarás in 2022, agus 15 ghníomhaire bhreise ar conradh (CAnna) don tréimhse 2022-2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur baineadh cothromaíocht inscne amach laistigh d’fhoireann fhoriomlán an Údaráis in 2022, agus gur mná iad 335 as 557 (60,1 %) agus laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis gur mná 37 as 70 (52,9 %) díobh; ag tabhairt faoi deara, i bpoist shinsearacha agus bhainistíochta, go bhfuil sciar níos airde post ag fir (63 %) i gcomparáid le mná (37 %); á iarraidh ar an Údarás dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an bhearna inscne a dhúnadh i bpoist shinsearacha agus bhainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an tSeirbhís Liachta trí chás traochta in 2022; ag cur béim ar a ríthábhachtaí atá sé cothromaíocht a choinneáil idir freagrachtaí gairmiúla agus an saol pearsanta; á iarraidh ar an Údarás leanúint de chothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a chur chun cinn i measc na foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás tiomanta do luachanna Líonra Gníomhaireachtaí AE agus na Cairte um Éagsúlacht agus Cuimsiú agus go bhfuil sé i mbun oibre lena nglacadh a luaithe is féidir; ag cur sonrú, thairis sin, i rannpháirtíocht an Údaráis i Meitheal Líonra Gníomhaireachtaí AE um Éagsúlacht agus Cuimsiú lena roinntear sineirgí, faisnéis agus acmhainní maidir le héagsúlacht agus cuimsiú; ina theannta sin, cuireadh roinnt tionscnaimh inmheánacha chun feidhme, amhail suíomh gréasáin gairme nua agus físeán faoi bheith ag obair san Údarás, le hábhar speisialta maidir le héagsúlacht agus cuimsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás na Treoirlínte maidir le Cabhair do Dhaoine faoi Mhíchumas a Chur Chun Feidhme lena gcuirtear beartas sóisialta agus cóir chomhionann san ionad oibre chun cinn; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dearadh foirgneamh an Údaráis i gcomhréir le Rialacháin Inrochtaineachta na hIodáile do dhaoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh struchtúr eagraíochtúil nua arna cheapadh chun tacú le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1381 agus uaillmhianta Straitéis 2027 an Údaráis a chur chun feidhme amhail ón 1 Eanáir 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur shínigh bord bainistíochta agus bainistíocht oibríochtúil an Údaráis Dearbhú maidir le Coinbhleachtaí Leasa agus go bhfuil sé foilsithe agus le fáil ar an suíomh gréasáin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh CVanna chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha an bhoird bainistíochta le foilsiú faoi dheireadh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás seacht gcoinbhleacht leasa ar leibhéal na ndearbhuithe bliantúla leasa a shainaithint agus a bhainistiú in 2022, a raibh baint acu le saineolaithe seachtracha; ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás cosc orthu páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht eolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag aithint go bhfuil cód iompair deonach i bhfeidhm ag an Údarás ar dá réir a chuireann comhaltaí an bhoird bainistíochta d’oibleagáid orthu féin gníomhaíochtaí gairme arna ndéanamh laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis dheireadh a sainordaithe a chur in iúl don Údarás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás nós imeachta caighdeánach nua um iarfhostaíocht a ghlacadh faoin gcéad ráithe de 2024, lena n-áireofaí na critéir agus an nós imeachta chun deireadh a chur le rochtain ar fhaisnéis rúnda a bheith ag baill foirne a fhágann an tseirbhís, ceanglais faireacháin agus cur chun feidhme, agus caighdeáin trédhearcachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis frithchalaoise i bhfeidhm ag an Údarás, a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, agus go bhfuil rialacha cur chun feidhme gaolmhara agus plean gníomhaíochta ag gabháil léi chun calaois agus éilliú a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur eisigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) i mí an Mheithimh 2022 an tuarascáil iniúchóireachta maidir le slándáil faisnéise agus athshlánú ó thubaiste, agus é mar chuspóir léi measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh agus chur chun feidhme an rialachais, agus gur shainaithin sí dhá bharúil agus trí bharúil thábhachtacha maidir le Rialachas Slándála TF; ag tabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás leis na moltaí ó IAS agus go bhfuil plean gníomhaíochta á chur chun feidhme aige faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Údaráis a infheictheacht phoiblí agus a láithreacht ar líne a mhéadú tríd an bhfeachtas ‘#EUChooseSafeFood’ a sheoladh don dara bliain, arna sheachadadh i gcomhpháirtíocht le húdaráis inniúla na mBallstát, arb é is aidhm leis an eolaíocht atá taobh thiar de shábháilteacht bia san Aontas a mhíniú ar bhealach inrochtana, agus trí eagrú na Comhdhála ‘ONE - Health, Environment, Society’ i gcomhpháirtíocht leis na ceithre ghníomhaireacht eile ENVI, as ar eascair seoladh chainéal comhpháirteach Instagram dar teideal ‘One Health One Environment’; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an tÚdarás infheistíocht chun a shuíomh gréasáin a dhéanamh ilteangach, le hintleacht shaorga trí ghiuirléid <STRING ITALIC="on">eTranslation</STRING> an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean an tÚdarás in 2022 d’infheistíocht a dhéanamh chun a thairseach ‘OpenEFSA’ a fhorbairt, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2019/1381;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tÚdarás ar cheann de ghníomhaireachtaí deimhnithe EMAS le blianta beaga anuas; ag tabhairt dá haire, ag brath ar an gcineál ceannacháin, go gcuireann an tÚdarás caighdeáin ‘Soláthar Poiblí Glas (SPG)’ i bhfeidhm mar cheanglais íosta maidir le sonraíocht tairisceana i gcritéir roghnúcháin agus/nó i gcritéir dhámhachtana;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>