<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0251</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0109/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022 (2023/2147(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0085/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 23 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022 (2023/2147(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0085/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 23 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022 (2023/2147(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 24.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (‘an Lárionad’) don bhliain airgeadais 2022 ná EUR 99 872 000, arb ionann é agus laghdú 40,59 % i gcomparáid le 2021, mar thoradh ar athruithe ar dheontais an Údaráis Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA); de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a thagann buiséad an Lárionaid den chuid is mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhú réasúnta di go bhfuil cuntais bhliantúla an Lárionaid beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta; de bhrí go ndearna an Chúirt iniúchadh ar cheithre chomhaontú deontais ar luach iomlán EUR 7,9 milliún agus gur bhraith sí go raibh CBL ar luach EUR 0,6 milliún (8,1 %) i measc na gcostas incháilithe i dtrí cinn díobh sin; de bhrí go raibh na tairbhithe ag gabháil do ghníomhaíochtaí mar údaráis phoiblí agus dá thoradh sin nach costas incháilithe faoi Airteagal 186(4) an dara fomhír, pointe (c) den Rialachán Airgeadais atá in CBL; de bhrí gurb ionann méid iomlán measta an chaiteachais neamhchomhlíontaigh bunaithe ar an ráta agus ar an méid CBL a fuarthas sa sampla a thuairiscítear thuas agus 28 % de na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil in 2022 ar mó é ná an tairseach ábharthachta a leagadh síos don iniúchadh agus, dá bhrí sin, go raibh tuairim cháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun le cuntais an Lárionaid mar thoradh air; de bhrí, seachas an t-ábhar a mhínítear thuas, gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid go bhfuil an t-ioncam agus na híocaíochtaí is bun le cuntais an Lárionaid don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2022 dlíthiúil agus rialta ar gach slí ábhartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair an Lárionaid, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2022 ráta cur chun feidhme buiséid 98,86 % i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, a léiríonn méadú 0,49 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gurbh é 73,61 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha, arb ionann é agus méadú 9,53 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na hacmhainní is gá a dheonú don Lárionad chun cuspóirí Straitéis 2021-2027 a chomhlíonadh agus chun sainordú athbhreithnithe an Lárionaid a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2370<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (IO L 314, 6.12.2022, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú gurb é misean an Lárionaid bagairtí reatha agus bagairtí atá ag teacht chun cinn ar shláinte an duine de bharr galair thógálacha a shainaithint, a mheasúnú agus fógra a thabhairt ina leith agus á mheabhrú go n-oibríonn sé laistigh de na sé réimse seo a leanas, eadhon faireachas, ullmhacht do ráigeanna agus tacaíocht freagartha, comhairle eolaíoch, faireachas micribhitheolaíochta, oiliúint agus cumarsáid sláinte poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sholáthair an Lárionad 89 % de na haschuir a bhí beartaithe ina Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair 2022–2024; ag tabhairt dá haire gur cuireadh 8 % de na haschuir bheartaithe ar athló, agus gur cuireadh moill ar 3 % díobh nó gur cuireadh ar ceal iad faoi dheireadh na bliana; ag tabhairt dá haire go raibh formhór na n-aschur a cuireadh siar nó ar cuireadh moill orthu ag brath ar ghlacadh agus ar fhoilsiú shainordú athbhreithnithe an Lárionaid, a tharla ag deireadh 2022; á iarraidh ar an Lárionad anailís a dhéanamh ar na haschuir a cuireadh siar agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoina phlean chun iad a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, le linn 2022, don tríú bliain as a chéile, gur choinnigh an Lárionad a phlean éigeandála sláinte poiblí (PHE) mar fhreagairt ar phaindéim leanúnach COVID-19; ag tabhairt dá haire go ndearnadh leibhéal PHE a íosghrádú de réir a chéile ó Leibhéal 2 (Géarchéim) go Leibhéal 1 (Céim na Cothabhála) i mí an Mheithimh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur ghníomhaigh an Lárionad go tapa agus go héifeachtúil le linn thréimhse iomlán na paindéime; á mheas go bhféadfadh ról níos mó a bheith ag an Lárionad maidir leis an gclár oibre Eorpach um fhreagairt ar ghéarchéimeanna a mhúnlú don todhchaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis ionsaí na Rúise san Úcráin agus insreabhadh na ndídeanaithe atá ar a dteitheadh ón tír, gur oibrigh an Lárionad le húdaráis na gcúig thír mórthimpeall na hÚcráine a chuir gníomhaíochtaí freagartha teicniúla agus oibríochtúla ar fáil laistigh dá shainchúram, bunaithe ar riachtanais shainaitheanta; ag tabhairt dá haire, sa dara leath den bhliain, gur aistríodh an fócas ó fhreagairt oibríochtúil go gníomhaíochtaí freagartha níos meántéarmaí/níos fadtéarmaí agus níos straitéisí agus gur imscaradh saineolaithe an Lárionaid chuig an bPolainn agus chuig an Rómáin chun tacú leis na húdaráis náisiúnta agus leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ina gcúnamh le pobail easáitithe na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, le linn earrach agus shamhradh 2022, gur thacaigh an Lárionad go comhuaineach le trí PHE leanúnacha, eadhon COVID-19, Mpox, agus heipitíteas de bhunadh anaithnid i leanaí; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go raibh an taithí sin uathúil don Lárionad agus gur thástáil sí teorainneacha chumas an Lárionaid measúnuithe riosca agus treoir a fhorbairt le haghaidh bagairtí sláinte iomadúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi módúlachtaí an Lárionaid maidir le cur chun feidhme a shainordaithe treisithe a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2022, chomh maith leis an gclár claochlaithe ASPIRE (Réamhaíocht, Tacaíocht, Ullmhú, Cuir in Iúl, Freagairt agus Cumhachtú) a forbraíodh chun cabhrú leis an gcur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú an Lárionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Lárionad leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear, á áitiú go gcuirfí dlús le gníomhaíocht i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe a tháinig go háirithe ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an Lárionad dá iarrachtaí chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach trí mhodheolaíochtaí nua a thabhairt isteach, lena n-áirítear uathoibriú tacaíochta agus próiseas oibríochtúil; ag tabhairt dá haire go ndearnadh ceithre phróiseas riaracháin nua a uathoibriú trí shreafaí oibre leictreonacha le linn na bliana agus gur cuireadh réiteach nua costéifeachtach don ardán sreafaí oibre leictreonacha chun feidhme freisin chun teacht in ionad K2; á chur in iúl go léirítear cheana in anailís fhoriomlán ar úsáid na sreafaí oibre leictreonacha gur ghlac líon suntasach úsáideoirí leo agus gur laghdaigh siad go suntasach an t-am próiseála, mar gheall ar dheireadh a chur le céimeanna nach bhfuil gá leo, agus comhlíonadh dlíthiúil á áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é a bhí sa phlean bunaíochta, an 31 Nollaig 2022, 215 ghníomhaire shealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 208 post údaraithe in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 112 ghníomhaire ar conradh agus 5 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Lárionad in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san easpa cothromaíochta inscne laistigh d’ardbhainistíocht agus de mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta, le 4 as 6 (66,67 %) ina bhfir; ag cur sonrú sa dáileadh inscne i measc fhoireann fhoriomlán an Lárionaid, ar mná iad 198 as 331 (60 %) agus 133 as 331 (40 %) ina bhfir; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Lárionad i mbun an chairt um éagsúlacht agus cuimsiú a ghlacadh agus go mbeidh sí i bhfeidhm faoi R4 2023; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an Lárionad an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí lena gceapadh do bhord bainistíochta an Lárionad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chothromaíocht gheografach laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht an Lárionaid; á iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur forbraíodh an chéad dréacht de ‘Straitéis an Phobail’ in 2022, arb é is aidhm dó nuachóiriú agus comhdhlúthú sheirbhísí bainistithe acmhainní daonna an Lárionaid a threorú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tugadh tionscadail straitéise aonair, amhail an uirlis ríomh-earcaíochta agus an clár ionduchtúcháin ar líne, chun críche in 2022, agus go bhfuil cinn eile ar siúl; á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad tuilleadh feabhais ar an tacaíocht a thugann sé d’fhoghlaim agus d’fhorbairt foirne tríd an liúntas d’oiliúint aonair a mhéadú agus rochtain foirne ar ardáin ríomhfhoghlama a éascú (EU Learn, LinkedIn Learning agus Acadamh Fíorúil an Lárionaid);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Lárionad maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de thascfhórsa idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda é an Lárionad; ag dréim lena dtuarascáil agus a moltaí a fháil; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna ciaptha tuairiscithe ann in 2022 agus ag spreagadh an Lárionaid leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc amach anseo freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur líonadh in 2022 na poist bhreise a leithdháileadh ar an Lárionad tar éis síneadh a chur lena shainordú; á chur i bhfios go láidir nach mór méaduithe comhfhreagracha leordhóthanacha ar fhoireann agus ar acmhainní an Lárionaid a bheith ag gabháil le cúraimí nua a chur leis agus leis an ualach oibre atá ag dul i méid, agus go gcuireann ganntanas foirne brú suntasach ar leanúnachas a chuid oibríochtaí agus go gcuireann sé cáilíocht obair an Lárionaid i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, i sainordú forluiteach idir ECDC agus HERA agus á iarraidh go ndéanfaí dúbláil iarrachtaí idir an dá eintiteas a laghdú agus cúraimí a roinnt go soiléir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Lárionad dá bheartas neamhspleáchais a chur i bhfeidhm agus a neartú i gcás daoine nach baill foirne iad agus baill foirne; á thabhairt faoi deara go raibh céatadán beag de dhearbhuithe  leasa in easnamh ag an Lárionad in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dhearbhaigh na saineolaithe seachtracha uile a ndeachthas i gcomhairle leo le linn mear-mheasúnuithe riosca a bheith á ndéanamh sular foilsíodh iad; ag tabhairt dá haire go raibh dearbhuithe leasa bliantúla bailí ag comhaltaí uile an bhoird bainistíochta agus an fhóraim chomhairligh a d’fhreastail ar na cruinnithe agus, ar an gcaoi sin, a chuir leis an bplé agus gur líon an stiúrthóir agus na cinn aonaid a ndearbhuithe leasa bliantúla agus, maidir le 99 % de na saineolaithe seachtracha a d’fhreastail ar chruinnithe an Lárionaid a raibh seiceáil choinbhleachta leasa ag teastáil ina leith, gur chuir siad dearbhú leasa bliantúil isteach freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an Lárionad a áirithiú go ndéanfaidh comhaltaí uile an bhoird bainistíochta, comhaltaí uile an fhóraim chomhairligh agus a gcomhaltaí malartacha na dearbhuithe bliantúla éigeantacha maidir le leasanna a thíolacadh gan teip; á iarraidh ar an Lárionad a áirithiú go mbeidh saineolaithe iomchuí rannpháirteach in obair an Lárionaid le linn a chuid gníomhaíochtaí agus go gcoinneofar ardleibhéal comhlíontachta le rialacha coinbhleachta leasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhforáiltear le beartas neamhspleáchais an Lárionaid do dhaoine nach baill foirne iad don nós imeachta atá le leanúint chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a sheachaint; ag tabhairt dá haire, go hachomair, gurb é atá i gceist leis sin dearbhuithe leasa a bhailiú in imthosca ar leith, mar shampla i gcás ina dtáirgfear aschur eolaíoch, a ndéanann ball foirne an Ionaid atá freagrach as an ngníomhaíocht ábhartha measúnú orthu ina dhiaidh sin, le tacaíocht ó oifigeach comhlíontachta an Ionaid; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon choinbhleacht leasa iarbhír in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur forbraíodh an nós imeachta inmheánach do chruinnithe an Lárionaid le heagraíochtaí tráchtála atá gníomhach i réimse a shainordaithe in 2022 agus gur cuireadh chun feidhme go foirmiúil é i mí Eanáir 2023; ag tabhairt dá haire thairis sin, áfach, nár thionóil an Lárionad aon chruinnithe den sórt sin in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag aithint na hinfheictheachta a d’fhorbair an Lárionad le linn na paindéime; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí níos mó infheictheachta a bheith sna meáin, ar an idirlíon, agus ar na meáin shóisialta fós chun a chuid oibre a chur in iúl do shaoránaigh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an Lárionad trédhearcacht iomlán a áirithiú i bhfoilsiú staidéar eolaíoch agus feabhas a chur ar a acmhainneacht cumarsáide seachtraí maidir leis an bpobal i gcoitinne, trína áirithiú go mbeidh an phríomhfhaisnéis uile, go háirithe a bhaineann le héigeandálaí sláinte poiblí, ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus trína dhéanamh inrochtana go héasca agus intuigthe do shaoránaigh an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur ann do thuairim cháilithe na Cúirte maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht íocaíochtaí de bharr CBL a áireamh mar chostas incháilithe faoi chomhaontuithe deontais a bhfuil a dtairbhithe i mbun gníomhaíochtaí mar údaráis phoiblí, arb ionann a dtairbhithe agus 2,8 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2022; á mheabhrú gur cheart don Lárionad, agus deontais á mbainistiú aige, comhlíonadh na rialacha is infheidhme a áirithiú, go háirithe maidir le CBL a aisíoc le tairbhithe ar údaráis phoiblí iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann an Lárionad measúnú ar éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh uair sa bhliain ar a laghad trí mheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear cur chun feidhme na dtáscairí arna sainiú, agus trí mheastóireacht a dhéanamh ar na príomheasnaimh a shainaithin an Lárionad féin nó a thuairiscigh daoine eile, lena n-áirítear an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus an Chúirt; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh roinnt feabhsuithe ar an gcreat rialaithe inmheánaigh in 2022, amhail straitéis rialaithe fheabhsaithe, lena n-áirítear táscairí nua, catalóg fheabhsaithe um shócmhainní faisnéise agus beartas nua cumarsáide inmheánaí a fhorbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh sé mar aidhm ag an Lárionad a bheith cláraithe in 2023 agus go bhfuil tionscadal fritháirimh CO2 á bheartú aige (le tosú i R1 2024) lena n-áireofar bearta maidir lena thionchar CO2 a ríomh agus conas é a íoslaghdú; ag tabhairt dá haire go mbeidh spriocanna sonracha mar chuid de chur chun feidhme EMAS, rud a chuirfear tús leis in 2024.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag moladh an Lárionaid as dul níos mó in 2022 i dtreo uirlisí leictreonacha a úsáid sa phróiseas soláthair; ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Lárionad Uirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí (PPMT) an Choimisiúin anois chun gach nós imeachta soláthair a chlárú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear foilseacháin ex ante; ag tabhairt dá haire go bhfuil córas PPMT nasctha le eTendering ina láimhseáiltear an foilseachán chomh maith le ceisteanna agus freagraí le linn an fhoilseacháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-úsáideann an Lárionad eWorkflow inmheánach freisin le haghaidh ceannacháin faoi chreatchonarthaí agus le haghaidh an athbhreithnithe sula seolfar é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur shroich sástacht fhoriomlán na ngeallsealbhóirí le hobairan Lárionaid 86 % in 2022;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach  a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>