<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0252</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0134/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2159(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0097/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 151, 7.6.2019, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 31 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0134/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2159(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0097/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 151, 7.6.2019, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 31 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0134/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2159(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 05/2022 ón gCúirt Iniúchóirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0134/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 377/3, 30.09.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 39 207 625 buiséad críochnaitheach ENISA ('an Ghníomhaireacht') don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 67,03% i gcomparáid le 2021; de bhrí gurb é an míniú is mó atá leis an méadú ar bhuiséad na Gníomhaireachta ná go raibh tascanna breise le déanamh aici a bhí bainteach leis an gclár um Ghníomhaíocht Tacaíochta Cibearshlándála a chur chun feidhme ar bhonn píolótach; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil sí tar éis dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí ar fhaireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 ná go ndearnadh 99,93 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha a chur chun feidhme, arbh ionann é agus méadú 0,42 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann an ráta forghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta agus 52,02 %, arb ionann é agus laghdú 25,38 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt chun suntais gur toradh é méid bhuiséad deiridh na Gníomhaireachta ar leasú EUR 15 000 000 a ghlac an bord bainistíochta an 5 Lúnasa 2022 mar gheall ar chur chun feidhme gníomhaíochta tacaíochta cibearshlándála arb é is aidhm léi freagairt na Gníomhaireachta a neartú chun tacú leis na Ballstáit i gcomhréir lena sainordú; ag tabhairt dá haire gur síníodh formhór na ngealltanas faoin ngníomhaíocht tacaíochta cibearshlándála go déanach sa bhliain, rud a mhíníonn an ráta íocaíochta measartha íseal (agus an tabhairt ar aghaidh mór ina dhiaidh sin);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as ucht 100 % dá clár oibre chun feidhme in 2022; á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar a ghníomhaíochtaí agus ar na torthaí i ndáil le cuspóirí an chláir oibre; ag tabhairt faoi deara nár bhain aschuir áirithe a gcuspóirí amach ina n-iomláine mar gheall ar athbheartú tosaíochtaí i leith acmhainní chun an ghníomhaíocht tacaíochta cibearshlándála a chur ar fáil mar fhreagairt ar an ionradh neamhdhleathach agus gan chúis na Rúise ar an Úcráin; ag tabhairt dá haire gurbh iad aschuir 4.2, ‘Beartais oibriúcháin, nósanna imeachta, modheolaíochtaí agus uirlisí caighdeánacha a fhorbairt agus a fheabhsú le haghaidh cibirghéarchéimeanna’ agus 5.3, ‘Forbairt líonra iontaofa díoltóirí/soláthraithe a thionscnamh’, inter alia, roinnt de na haschuir a ndearnadh difear níos mó dóibh mar gheall ar an athbheartú tosaíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur eol di gurbh é ionradh neamhdhleathach na Rúise gan chúis ar an Úcráin an t-ábhar is mó ar chlár oibre slándála an Aontais in 2022; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an Ghníomhaireacht dlús lena comhordú agus lena hullmhacht, agus gur rannchuidigh sí le feasacht choiteann staide an Aontais trí thuarascálacha rialta staide cibirghníomhaíochta a chur ar fáil; ag tabhairt chun suntais gur treisíodh an comhordú agus an malartú faisnéise le líonraí cibearshlándála, amhail an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) – ina bhfuil údaráis náisiúnta bainistíochta géarchéime cibearshlándála, agus go leor pobal earnálach a dtacaíonn an Ghníomhaireacht leo; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht chun bealaí cumarsáide a áirithiú idir an leibhéal polaitiúil, an leibhéal oibríochtúil agus an leibhéal teicniúil, agus comhar feabhsaithe a áirithiú le líonra na bhfoirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thriail an Ghníomhaireacht teasléaráid déine an Aontais ar bhonn píolótach in 2022, a raibh sé d’aidhm léi forléargas tapa a thabhairt ar chibirtheagmhais agus ar chibirimeachtaí a dhéanann difear d’earnálacha criticiúla an Aontais mar thoradh ar an gcibirghníomhaíocht a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh na hearnálacha sin leis an tuarascáil chomhtháite maidir le feasacht agus anailís staide ón gCoimisiún, le 52 nuashonrú ar an staid reatha agus ar theagmhais maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a rannchuidigh le sásra an Aontais um bainistiú géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir Thuarascáil speisialta 05/2022 ón gCúirt:  ‘Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh’, go bhfuil méadú mór ag teacht ar líon na gcibirionsaithe ar chomhlachtaí an Aontais agus go bhfuil leibhéal na hullmhachta cibearshlándála laistigh de chomhlachtaí an Aontais éagsúil agus ar an iomlán nach bhfuil sé i gcomhréir leis na bagairtí atá ag dul i méid; ag tabhairt faoi deara, ós rud é go bhfuil comhlachtaí an Aontais idirnasctha go daingean, gur féidir le laige i gceann amháin acu na cinn eile a dhéanamh neamhchosanta ar bhagairtí slándála; ag tabhairt chun suntais go molann an Chúirt gur cheart don Ghníomhaireacht in éineacht leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhfócas a mhéadú ar chomhlachtaí de chuid an Aontais a bhfuil níos lú taithí acu ar an gcibearshlándáil a bhainistiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (a) réimsí tosaíochta a shainaithint ina bhfuil an tacaíocht is mó de dhíth ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, mar shampla trí mheasúnuithe aibíochta, agus (b) gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a chur chun feidhme, i gcomhréir lena meabhrán tuisceana; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna arna gcur in iúl ag an gCúirt agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le haon bheart a rinneadh i leith an ábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí éagsúla in 2022 chun a ról a chomhlíonadh maidir le tacaíocht a thabhairt don Aontas; ag tabhairt dá haire, cé go raibh an Ghníomhaireacht in ann a tacaíocht a thairiscint do roinnt comhaid bheartais, amhail slándáil gréasán agus faisnéise, cibear-athléimneacht agus athléimneacht dhigiteach oibríochtúil, gur chuir srianta acmhainní cosc ar an nGníomhaireacht tacú go gníomhach le comhaid bheartais a raibh forálacha cibearshlándála acu, amhail spás Eorpach sonraí, agus comhaid bheartais ríthábhacha eile, amhail margaí digiteacha agus na seirbhísí digiteacha; ag tabhairt dá haire gur áiríodh ar ghníomhaíochtaí eile an lucht ceaptha beartais a chur ar an eolas faoi éifeachtacht na gcreataí cibearshlándála atá ann cheana agus tacaíocht thabhairt d’earnálacha criticiúla; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an-tábhacht ag baint le glacadh Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).</FIELD></FOOTNOTE> (Treoir NIS 2) mar bheart chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus chun beartais a chomhchuibhiú ar fud an Aontais; á chur in iúl go dtuigeann sí gur tháinig tírdhreach beartais ilroinnte ar an bhfód, ar tugadh aghaidh air le Treoir NISD 2, de thoradh ar an easpa comhchuibhithe i gcur chun feidhme Treoir NIS1; á chur in iúl gur eol di go gcuireann NISD2 lena raon feidhme lena dtugtar isteach cúraimí cothrománacha nua don Ghníomhaireacht, amhail clár an Aontais le haghaidh eintitis dhigiteacha; ag tabhairt chun suntais gur choigeartaigh an Ghníomhaireacht a seirbhísí agus a hacmhainní le straitéis nua chun freastal ar éilimh an tírdhreacha cibearshlándála atá ag forbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarracht cur leis an úsáid a bhaineann sí as seirbhísí a chomhroinntear le gníomhaireachtaí eile agus/nó leis an gCoimisiún, lena n-áirítear, mar shampla, trí phróisis soláthair idirghníomhaireachta agus idirinstitiúideacha, agus trí sheirbhísí a chomhroinnt leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála (ECCC); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shínigh an Ghníomhaireacht comhaontú ar leibhéal seirbhíse in 2022 leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála nuabhunaithe, chun seirbhísí oifigigh cosanta sonraí agus cuntasóra a sholáthar don lárionad, atá le cur chun feidhme in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil céimeanna glactha ag an nGníomhaireacht chun imeacht ón tseanmhodheolaíocht bunaithe ar mhéad na foirne go pleanáil straitéiseach an lucht saothair chun bearnaí foirne a thuar agus aghaidh a thabhairt orthu chun lucht saothair solúbtha a thógáil agus chun acmhainní a leithdháileadh ar réimsí tosaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú na Gníomhaireachta le seirbhísí comhroinnte a chur chun cinn i measc gníomhaireachtaí trí roinnt líonraí sna réimsí soláthair, acmhainní daonna, TFC, bainistíochta riosca, bainistíochta feidhmíochta, cosanta sonraí, slándála faisnéise agus cuntasaíochta; á chur i bhfios go bhfuil tairbhí cothrománacha ag baint le bheith ag obair le chéile agus dea-chleachtais a oiriúnú agus, le tionscnaimh chomhpháirteacha, go dtugtar dearcthaí éagsúla le chéile, go laghdaítear dúbailt iarrachta, go feabhsaítear an fhoghlaim agus neartaítear an caidreamh idir na rannpháirtithe; ag spreagadh na Gníomhaireachta nósanna imeachta inmheánacha a aimsiú a d’fhéadfaí a chuíchóiriú trí uirlisí TF nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil an Ghníomhaireacht rannpháirteach sa scéim píolótach laistigh de Líonra Gníomhaireachtaí AE atá beartaithe chun tacú le gníomhaireachtaí an Aontais a n-ullmhacht don rialachán nua cibearshlándála atá ar na bacáin a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na ngníomhaireachtaí a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 89,02 % ar an 31 Nollaig 2022, agus go raibh ceapacháin déanta i gcás 73 ngníomhaire shealadacha as 82 díobh arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 76 bpost údaraithe in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 27 ngníomhaire ar conradh, 10 saineolaí náisiúnta ar iasacht, 10 mball foirne eatramhach agus 16 chonraitheoir ag obair don Ghníomhaireacht in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa cothromaíochta inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach agus de mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta agus gur fir iad 12 as 17 díobh (71 %); á mheas gur gá feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin a bheidh ann amach anseo laistigh dá bhainistíocht shinsearach agus dá mheábhainistíocht; ag cur sonrú sa dáileadh inscne laistigh de bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 41 as 55 díobh (75 %); ag aithint go comhdhéanamh an bhoird bainistíochta ag brath den chuid is mó ar ainmniúcháin na mBallstát; á áitiú go gcuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit san áireamh a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;   ag cur sonrú sa dáileadh cothrom inscne laistigh d’fhoireann na Gníomhaireachta ar an iomlán, gur fir iad 57 díobh (52 %) agus gur mná iad 53 díobh (48 %); ag tabhairt dá haire go bhfuil céimeanna glactha ag an nGníomhaireacht chun dul i ngleic le fadhbanna maidir leis an gcothromaíocht inscne lena n-áirítear athbhreithniú ar a beartas earcaíochta d’fhonn iarratais ó mhná a spreagadh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht ina straitéis chorparáideach chun Deimhniú Barr Feabhais Líonra Gníomhaireachtaí AE san Éagsúlacht agus Cuimsiú a bhaint amach faoi dheireadh 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid den líonra idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghíomhaireacht; ag tnúth lena tuarascáil agus lena moltaí a fháil; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna ciaptha tuairiscithe ann in 2022 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc amach anseo freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an éagothroime gheografach laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht agus i measc foireann eile na Gníomhaireachta, agus ionadaíocht 40,9 % ann de náisiúnaigh na Gréige; á áitiú go gcaithfear feabhsuithe a dhéanamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, gur shainaithin an Ghníomhaireacht easnamh acmhainní de EUR 734 000 agus dhá FTE ina hoibríochtaí, agus EUR 2.5 milliún ina seirbhísí corparáideacha, le linn fhorbairt chlár oibre 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur léiríodh le meastóireacht chríochnúil ar riachtanais acmhainní daonna do 2023-2025 go raibh bearna shuntasach ann, go háirithe i réimsí ríthábhachtacha gníomhaíochta, agus gan poist bhreise, go bhféadfadh sé go mbeadh ar an nGníomhaireacht ord tosaíochta a chruthú do chláir oibre amach anseo agus iad a choigeartú chun an t-easnamh acmhainní a fhritháireamh; ag tabhairt dá haire gur chuir an bord bainistíochta in iúl freisin gur gá poist foirne a mhéadú chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a sainordú a chomhlíonadh go hiomlán ar bhealach inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú trí bhonneagar inrochtana agus seirbhísí tacaíochta a leagan síos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht lena tacaíocht chomhlántach don fhoireann in 2022 le dearbháin, aisíocaíocht idirlín agus clár fit@work agus gur fhorbair sí a cód iompair, ina leagtar amach ionchas na Gníomhaireachta maidir le hiompraíocht agus iompar na mball foirne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, gur aimsigh an Chúirt dhá chás inar dhámh an Ghníomhaireacht conarthaí ar luach íseal (faoi bhun EUR 15 000) gan tuarascáil mheastóireachta agus cinneadh dámhachtana a eisiúint a d’fhormheas agus a shínigh an t-oifigeach údarúcháin go cuí, rud a sháraíonn pointí 30.3 agus 30.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais; á mheabhrú, i ndáil leis sin, go ndearna an Chúirt barúil chomhchosúil ina tuarascáil in 2021 gur fhreagair an Ghníomhaireacht go raibh na bearta ba ghá déanta aici cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin; á áitiú a thábhachtaí atá sé nósanna imeachta a chur chun feidhme chun comhlíonadh iomlán an Rialacháin Airgeadais a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna  arna gcur in iúl ag an gCúirt agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir na Cúirte, gur thairg an Ghníomhaireacht breithmheas gairmiúil ó sholáthraí seachtrach, arna ainmniú ag an nGníomhaireacht, dá bainisteoirí le linn 2022; ag tabhairt dá haire, i dtrí chás, go ndearna an Ghníomhaireacht íocaíocht dhíreach leis an soláthraí as na seirbhísí sin, agus sna 23 chás eile, gur thug sí aisíocaíocht dá bainisteoirí tar éis dóibh a soláthraí a íoc iad lena n-airgead féin; ag tabhairt faoi deara gurbh é EUR 120 276 an méid iomlán a d’íoc an Ghníomhaireacht as na 26 bhreithmheas; á chur in iúl gur oth léi gur roghnaigh an Ghníomhaireacht an soláthraí gan nós imeachta soláthair oscailte a sheoladh, agus ar an gcúis sin gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid go raibh na híocaíochtaí sin neamhrialta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna arna gcur in iúl ag an gCúirt agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le haon bheart a rinneadh i leith an ábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á áitiú gurb é an cuspóir atá le rialacha soláthair phoiblí ná deis a thabhairt d’eintitis soláthair na hearraí agus na seirbhísí sin a theastaíonn uathu a fháil ar an bpraghas is fearr, agus fós a áirithiú go mbíonn iomaíocht chóir ann idir tairgeoirí agus go gcomhlíontar prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na comhréireachta, prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh feabhais a chur ar a nósanna imeachta soláthair phoiblí, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha is infheidhme, ionas go mbainfidh siad an luach airgid is fearr is féidir amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur sonrú i mbearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus a ndearbhú tiomantais agus a ndearbhuithe leasa á bhfoilsiú ar a suíomh gréasáin, ach go bhfuil roinnt de na CVanna ar iarraidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár thuairiscigh an Ghníomhaireacht aon chás de choinbhleacht leasa in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Ghníomhaireacht Cinneadh 15/2021 óna Bord Bainistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus nuashonrú na dteimpléad le haghaidh na ndearbhuithe; á áitiú a thábhachtaí atá sé nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a bhaineann le cásanna ‘doirse imrothlacha’ agus faireachán gníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíocht ghairmiúil a mball foirne sinsearach lena n-áirítear iad siúd a d’fhág an ghníomhaireacht le dhá bhliain anuas, chun bheith in ann cásanna ‘doirse imrothlacha’ neamhdhearbhaithe a bhrath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil féilire na gcruinnithe idir lucht bainistíochta agus geallsealbhóirí seachtracha na Gníomhaireachta ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go bhforbróidh an Ghníomhaireacht infheictheacht níos fearr sna meáin, ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta chun a chuid oibre a chur in iúl do na saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach iniúchadh in 2021 ar chlársceidealú pleanála straitéisí agus bainistiú feidhmíochta agus gur eisigh sé a thuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach i mí Aibreáin 2022, ina dtugtar trí mholadh thábhachtacha agus ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcomhaontaíonn an Ghníomhaireacht leis na barúlacha iniúchóireachta agus go ndearna sí na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, dar leis an gCúirt, nach bhfuil aon samhailmheasúnú réamhshocraithe, eadhon treoirlínte, ag an nGníomhaireacht chun cabhrú leis an gcoiste meastóireachta measúnú a dhéanamh ar thairiscintí; ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn sé sin an riosca go bhféadfadh sé nach bhfuil meastóireacht chomhsheasmhach á déanamh ag gach aon chomhalta den choiste meastóireachta ar thairiscintí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an saincheist sin arna cur in iúl ag an gCúirt agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht rialuithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> in 2022 ar idirbhearta airgeadais a rinneadh le linn na bliana airgeadais 2021 de réir Airteagal 45(8) agus (9) de Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur sainaithníodh trí laige, as ar tháinig trí mholadh maidir le hidirbhearta airgeadais, nár measadh aon cheann acu a bheith criticiúil; ag tabhairt faoi deara, chun aghaidh a thabhairt ar an laige is mó, gur tugadh isteach faireachán seachtainiúil ar an thráth na n-íocaíochtaí in 2022 chun an fhoireann airgeadais ábhartha a chur ar an eolas maidir le hidirbhearta práinneacha atá fós le próiseáil, chun an creat dlíthiúil maidir le teorainneacha ama íocaíochta a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an measúnú ar éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta in 2022 bunaithe ar tháscairí an chreata, agus freisin ar fhaisnéis bhreise ó thuarascálacha measúnaithe (riosca) sonracha, ó thorthaí iniúchóireachtaí agus ó fhoinsí ábhartha eile; ag tabhairt faoi deara go léirítear leis an measúnú ar rialuithe inmheánacha na Gníomhaireachta go bhfuil dearbhú réasúnta ann maidir le hoibríochtaí éifeachtacha agus éifeachtúla a éascú, tuairisciú ardchaighdeáin a áirithiú, agus maidir le bheith i gcomhréir le rialacháin, ach go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe i ndáil le prionsabail áirithe chun éifeachtacht a mhéadú agus chun cur chun feidhme cuí na rialuithe inmheánacha a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don udarás um urscaoileadh maidir lena gníomhaíocht leantach ar an mheasúnú ar fheabhsuithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta tábhachtacha curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun an chosaint chibearshlándála a mhéadú, amhail réiteach slán ríomhphoist (SECEM2), cleachtadh foirne dearga lena ngabhann réitigh leantacha agus treisiú leantach, díchoimisiúnú córas oidhreachta agus nuashonrú ar an gcreat beartais cibearshlándála inmheánaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir bord bainistíochta na Gníomhaireachta sprioc le Doiciméad Clársceidealaithe Aonair 2022-2024 na Gníomhaireachta chun aeráidneodracht a bhaint amach ar fud a cuid oibríochtaí uile faoi 2030; ag tabhairt dá haire, le glacadh straitéis chorparáideach na Gníomhaireachta, gur príomhchuspóirí de chuid na Gníomhaireachta iad deimhniúchán EMAS agus soláthar poiblí glas; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfear an próiseas deimhniúcháin i gcrích le linn 2024;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh an dáta sin, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>