<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0253</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0092/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2160(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na ngníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0098/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004<FOOTNOTE><FIELD> IO L 138, 26.5.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 65 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0092/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2160(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na nGníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0098/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004<FOOTNOTE><FIELD> IO L 138, 26.5.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 65 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0092/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2160(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi  maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0092/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 51.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 34 814 691 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 9,38 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí ( ‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici, gurbh é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2022, ráta cur chun feidhme buiséid de 99,95 % de leithreasuithe na bliana reatha, arb ionann é agus méadú beag 0,13 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gurbh é 94,97 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus méadú 1,43 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gurbh ionann toradh an bhuiséid in 2022 agus EUR 81 821, ar méadú é i gcomparáid le EUR 69 638 in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á aithint gur tosca seachtracha domhanda ba chúis leis an bpríomhthionchar ar chur chun feidhme an bhuiséid in 2022, amhail an comhthéacs geopholaitiúil luaineach agus an ghéarchéim fuinnimh, as ar eascair luaineacht ard, rud a d’fhág gur tháinig méadú dothuartha ar chostais na Gníomhaireachta;  ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta láidre curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun a caiteachas a rialú, gur choigeartaigh sí leibhéal na dtáillí agus na muirear (i.e. méadú in aghaidh na huaire, agus go ndéantar coigeartú rialta air, de réir an ráta boilscithe) agus go bhfuil próiseas faireacháin rialta curtha i bhfeidhm aici maidir le feidhmiú an bhuiséid le roinnt uirlisí pleanála agus faireacháin chun an próiseas sin a uathoibriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig an Ghníomhaireacht isteach i gcéim phíolótach an Choimisiúin, chun córas nua, SUMMA, a chur in ionad a córais bhuiséadaigh agus cuntasaíochta;  ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, ón tuarascáil ón gCúirt, na barúlacha maidir leis na laigí agus na heasnaimh a bhí ag an nGníomhaireacht, eadhon easpa straitéise bainistithe riosca agus rialaithe chun an córas nua a chur chun feidhme, ciorcaid airgeadais neamh-nuashonraithe agus straitéis seiceálacha ex-ante agus ex-post, agus maidir le cearta sannta úsáideoirí gan seiceáil;  ag cur sonrú i bhfreagraí na Gníomhaireachta ar bharúlacha na Cúirte go ndearnadh bearta maolaithe go réamhghníomhach feadh an chuar foghlama dhílis, lena n-áirítear trí thús a chur leis an nuashonrú sa dara leath de 2022 ar chiorcaid airgeadais agus straitéis seiceálacha ex-ante agus ex-post na Gníomhaireachta, agus meastar go ndéanfar na doiciméid ábhartha a nuashonrú in 2023; á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht aghaidh a thabhairt go hiomlán ar bharúlacha na Cúirte agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn ar an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur sonrú i mbarúil na Cúirte maidir le neamh-urramú na Gníomhaireachta, ar an teorainn ama dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais maidir le híocaíochtaí, agus 12,2 % de na híocaíochtaí níos mó ná 30 lá déanach in 2022;  ag aithint sheasamh na Gníomhaireachta go raibh baint ag moilleanna den sórt sin le cur chun feidhme an chórais nua SUMMA agus gur cuireadh bearta i bhfeidhm idir an dá linn chun moilleanna ar íocaíochtaí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire thairis sin gur thabhaigh an Ghníomhaireacht moilleanna freisin maidir le sonraisc a eisiúint (nó ‘nótaí dochair’) le haghaidh na dtáillí agus na muirear gaolmhar, de bhrí go gcuireann an Ghníomhaireacht moilleanna den sórt sin i leith chur chun feidhme an chórais nua SUMMA freisin, agus maidir le ráitis chostais a fháil ó na hÚdaráis Sábháilteachta Náisiúnta (NSAnna), rud a sháraíonn airteagail ábhartha an Rialacháin Airgeadais agus Rialachán (AE) 2018/764 maidir le táillí agus muirir na Gníomhaireachta;  á aithint ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar bharúlacha na Cúirte go bhféadfaí moilleanna den sórt sin a sheachaint nó a laghdú dá gcuirfeadh na NSAnna a ráitis maidir le costais faoi bhráid na Gníomhaireachta in am trátha, ach nach bhfuil aon luamhán ag an nGníomhaireacht chun a áirithiú go n-urramóidh NSAnna spriocdhátaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an buiséad is lú ag an nGníomhaireacht i measc na ngníomhaireachtaí iompair in ainneoin na dtairbhí comhshaoil den scoth a bhaineann le hiarnróid ar thug an Coimisiún tús áite dóibh; ag moladh an mhéadaithe atá tagtha ar bhuiséad na bliana fioscaí 2022, agus iarrachtaí éagsúla ag gabháil leis chun feabhas a chur ar an iomaíochas, chun sábháilteacht a fheabhsú agus chun idir-inoibritheacht trasteorann a chur chun cinn; á iarraidh, mar sin féin, go méadófaí an buiséad chun a áirithiú go mbeidh acmhainní riachtanacha ag an nGníomhaireacht chun feidhmiú mar údarás éifeachtúil agus chun a cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht gur baineadh amach 81,13 % dá clár oibre bliantúil AWP 2022, i gcomparáid le 76,41 % in 2021, méadú a raibh fáilte roimhe don dara bliain as a chéile;  ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht struchtúr nua dá clár oibre in 2022, ag aistriú ó chlár oibre bunaithe ar ghníomhaíocht go clár oibre straitéiseach bunaithe ar ráiteas agus gur sheol sí ardán nua chun tuairisciú míosúil a dhéanamh ar na tionscadail agus na seirbhísí uile agus ar dheais faireacháin nua;  ag tabhairt dá haire go bhfuil 9 ráiteas straitéiseacha san AWP a dearadh de réir an tionchair a bhíonn an Ghníomhaireacht ag iarraidh a imirt ar an tsochaí;  á aithint gur éirigh leis an nGníomhaireacht a ráitis straitéiseacha a chomhlíonadh agus go bhfuil ardleibhéal bainte amach ag an nGníomhaireacht maidir le spriocanna na n-aschur éagsúla agus na Príomhtháscairí Feidhmíochta a leagadh síos in 2022; ag tabhairt dá haire, áfach, nár baineadh roinnt KPInna amach, amhail na heochairtháscairí feidhmíochta sin a bhaineann le seoladh ‘Staidéar-Céim 3’ le haghaidh thógáil fhoirgnimh nua na Gníomhaireachta in Valenciennes, cur chun feidhme córais nua (ARES) le haghaidh bainistiú doiciméad, íocaíochtaí arna ndéanamh faoi sprioc-amanna conarthacha atá nasctha le córas airgeadais nua (SUMMA) agus an tionscnamh ‘Mná in earnáil an iompair’ a ghlacadh sa chéim phíolótach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur sonrú i roinnt de phríomhéachtaí na Gníomhaireachta in 2022, amhail glacadh an Phlean Gníomhaíochta Neartaithe (SAP) 2023-2027, líon méadaitheach Údaruithe Feithiclí (1861) agus Deimhnithe Sábháilteachta Aonair a chur ar fáil go tráthúil (66), moladh na Gníomhaireachta maidir le pacáiste athbhreithnithe TSI 2022 a thabhairt chun críche lena dtacófar le hidir-inoibritheacht iarnróid a neartú ar fud an Aontais, seoladh an dara timthriall iniúchóireachta faireacháin NSA lena gcuimsítear na cúraimí uile a shanntar do NSA le reachtaíocht an Aontais, líon as cuimse tuarascálacha (ocht gcinn seachas trí cinn a bhfuiltear ag súil leo) a chur ar fáil i réimse an fhaireacháin ar Chomhlachtaí dá dtugtar Fógra agus an obair ar an gcéad tuarascáil ón nGníomhaireacht bunaithe ar thorthaí an tSuirbhé Sábháilteachta Aeráide (a seoladh in 2021, agus a fuair 46500 freagra);  ag moladh na Gníomhaireachta as modúil oiliúna sábháilteachta maidir le Cultúr Cóir a fhorbairt, lena bhfeabhsófaí sábháilteacht ar fud na hearnála, agus as an méid atá bainte amach aici (sraith straitéisí, ábhar treorach agus oiliúna, gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt, modúil oiliúna) maidir le comhtháthú Fachtóirí Daonna agus Eagraíochtúla, rud a chuideoidh le feidhmíocht agus éifeachtúlacht sábháilteachta iarnróid a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint de thacaíocht a thabhairt do gach tionscnamh le haghaidh comhthuiscint níos fearr ar Shonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht (STInna) lena rannchuideofar le tionscal iarnróid Eorpach atá láidir agus iomaíoch a fhorbairt; á áitiú go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta don nuálaíocht i lasta iarnróid agus i seirbhísí iompair idirmhódúil chun comhtháthú iomaíoch sa luachshlabhra lóistíochta a bhaint amach, agus uathoibriú agus digitiú an iarnróid lasta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht Iarnróid an Aontais; á aithint gurb ann do thiomantas leanúnach do chuspóir na Gníomhaireachta Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú mar aon lena hobair leanúnach i bpríomhréimsí amhail rialacha náisiúnta a laghdú agus aibíocht sonraíochtaí teicniúla maidir le hinoibritheacht a áirithiú; ag tabhairt dá haire go dtacóidh an obair thábhachtach sin le hidir-inoibritheacht iarnróid a neartú ar fud na hEorpa, i gcomhréir le hionchais bheartais an Choimisiúin; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú leanúnach na Gníomhaireachta laistigh de réimse na rialacha náisiúnta agus na rialacha teicniúla náisiúnta atá fágtha (don tSeicia agus don Ísiltír) á nglanadh in 2022 arb ionann iad agus bacainní ar oibríochtaí iarnróid rianúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag moladh fhreagairt réamhghníomhach na Gníomhaireachta ar na moltaí a cuireadh amach i mbreathnóireacht na bliana roimhe sin, ag tathant ar an nGníomhaireacht seiceálacha éifeachtacha a thabhairt isteach chun stádas FBManna iarratasóirí a fhíorú; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme rialuithe feabhsaithe chun stádas FBManna a fhíorú le haghaidh iarratais ar Dheimhnithe Sábháilteachta Aonair agus ar Údaruithe Feithiclí; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis roinnt tionscnamh a spreagadh a bhfuil sé mar aidhm leo borradh a chur faoin trácht iarnróid (paisinéirí agus lasta araon), lena n-áirítear bearta chun trácht iarnróid idirnáisiúnta a chomhordú agus chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, amhail uathoibriú traenacha, rannchuidiú leis an gcomhtháthú, borradh a chur faoi gheilleagar an Aontais agus faoin aistriú glas agus digiteach; á chur in iúl gur geal léi gur éirigh le Grúpa Stiúrtha an Phacáiste Iarnróid leanúint dá ghníomhaíochtaí lena ndéantar meastóireacht ar ullmhacht na Gníomhaireachta don 4ú Pacáiste Iarnróid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth gur léiríodh le cogadh foghach neamhdhleathach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine an ról ríthábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag na hiarnróid; ag tabhairt dá haire, ó rinneadh ionradh ar an Úcráin, go bhfuil na hiarnróid ina sócmhainn shuntasach do ghluaiseacht daoine agus earraí, go háirithe le dúnadh aerspás na hÚcráine don eitlíocht shibhialta; á chur i bhfios go bhfuil saighdiúirí, oibrithe riachtanacha, cónaitheoirí, chomh maith le go leor earraí ríthábhachtacha amhail earraí talmhaíochta á n-iompar ag iarnróid na hÚcráine; á aithint gur rannchuidigh an Ghníomhaireacht le comhar AE leis an Úcráin maidir le hathléimneacht agus forbairt nasc iarnróid, gur thacaigh sí leis an Úcráin agus leis na daoine ar fud an domhain trí bhealaí breise a aimsiú chun méid an iompair de tháirgí bia na hÚcráine d’iarnród a mhéadú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóchain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an bPlean Neartaithe (SP) agus an Plean Gníomhaíochta Neartaithe (SAP) 2023-27 a ghlacadh in 2022; ag tabhairt dá haire go n-eagraítear SAP de réir comhpháirteanna agus cuspóirí agus go bhfuil sé i gcroílár straitéis na Gníomhaireachta maidir le gnóthachain éifeachtúlachta do na cúig bliana atá le teacht;  ag tabhairt dá haire gur bunaíodh tascfhórsa inmheánach ar fud na Gníomhaireachta maidir le SAP agus a garspriocanna agus go gceapfar rapóirtéir chun tacú le cur chun feidhme SAP, chun treoir a thabhairt ina leith agus chun faireachán a dhéanamh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, a bhuí lena SAP, go bhfuair an Ghníomhaireacht 12 ghníomhaire shealadacha bhreise (TAnna) in 2022, a léiríonn méadú a d’fhéadfadh bonn maith a thairiscint don Ghníomhaireacht chun dul ar aghaidh le cur chun feidhme SP; á chur in iúl gur oth léi nach raibh leithdháileadh comhfhreagrach fóirdheontais ag gabháil le leithdháileadh post, rud a chuir srianta breise ar phleanáil oibre agus acmhainní na Gníomhaireachta, mar aon le hinnéacsú urghnách tuarastal agus an méadú ginearálta ar phraghsanna fóntais, agus tugadh roinnt tosaíochtaí diúltacha faoi deara do 2022, amhail an obair ar athbhreithniú feidhmíochta bliantúil NSA nó forbairt an chórais comhroinnte faisnéise le haghaidh tarluithe sábháilteachta san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire, bunaithe ar scagadh leanúnach na seirbhísí arna soláthar ag na Gníomhaireachtaí agus ag seirbhísí an Choimisiúin, gur sainaithníodh ‘acmhainneachtaí comhroinnte’ agus míreanna comhair á gcur chun feidhme de réir a chéile ag an nGníomhaireacht i réimse eagrú cruinnithe, slándáil TF, acmhainní daonna (e.g. párolla agus bainistiú theidlíochtaí aonair na foirne, imscrúduithe a bhaineann le cásanna ciaptha), soláthar (e.g. tairiscintí idirghníomhaireachta, creatchonarthaí comhroinnte), aistriúchán agus cuntasaíocht;  ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht Meabhrán Comhair i gcrích in 2022 le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) lena mbunaítear idirphlé struchtúrtha rialta idir an dá ghníomhaireacht sin agus lena bhfeabhsaítear comhroinnt faisnéise, eolais agus taithí i réimsí comhair éagsúla, lena n-áirítear maidir le fiosrú ar an bhféidearthacht ceann de na réitigh TF atá ann cheana in earnáil na heitlíochta a oiriúnú (Ionad Comhordaithe Eorpach um Chórais Tuairiscithe Timpistí agus Teagmhas) chun an Córas um Chomhroinnt Faisnéise Iarnróid a chur in oiriúint do thuairisciú ar tharluithe sábháilteachta iarnróid;  á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht toradh na céime taiscéalaíochta sin a thuairisciú don Údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dréachtaíodh agus gur foilsíodh an chéad straitéis bainistíochta comhshaoil de chuid na Gníomhaireachta in 2022, mar chuid de Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair (SPD) na Gníomhaireachta 2023-2025;  ag moladh na Gníomhaireachta as roinnt tionscnamh agus gníomhaíochtaí a réamh-mheas agus a chur i gcrích cheana féin faoi dheireadh 2022, amhail an teocht san fhoirgneamh a laghdú, braiteoirí lochtacha a dheisiú/a ionadú chun soilse a bhíonn lasta i gcónaí i roinnt oifigí a réiteach, socruithe uathmhúchta soilse a choigeartú, agus Grúpa Timpeallachta ERA (Deonach) a bhunú chun gníomhaíochtaí scaipthe a spreagadh, smaointe a bhailiú agus dul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí comhshaoil a bhrú chun cinn;  ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil an Ghníomhaireacht i measc na ngníomhaireachtaí a bhfuil sé beartaithe acu éifeachtúlacht fuinnimh agus neodracht aeráide a n-oibríochtaí a fheabhsú; ag spreagadh na Gníomhaireachta bonnlínte agus spriocanna cainníochtaithe chun lorg carbóin agus tomhaltas fuinnimh a laghdú a áireamh sa phlean sin, chomh maith lena áirithiú go ndéanfar a foirgneamh nua in Valenciennes a dheimhniú faoi EMAS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á aithint go bhfuil leibhéal an-ard digitithe bainte amach ag an nGníomhaireacht, chub a héifeachtúlacht a mhéadú, próisis pháipéir a dhíothú agus réitigh ar líne a thabhairt ar aghaidh amhail ríomhsholáthar, ríomhshonrascú, áirithint taistil leictreonach, lena n-áirítear trí chóras bainistithe acmhainní daonna (SYSPER) an Choimisiúin a chur i bhfeidhm in 2022 agus tríd an t-aistriú, sa chéim phíolótach, chuig an gcóras buiséadach, cuntasaíochta agus airgeadais nua, SUMMA; á chur in iúl gur geal léi go bhforáiltear le SPD 2023-2025 na Gníomhaireachta a sreafaí oibre a dhigitiú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó Thuairim na Gníomhaireachta maidir leis na bearta leantacha a rinneadh i bhfianaise an urscaoilte i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (dá ngairtear ‘Tuairim na Gníomhaireachta’ anseo feasta) go bhfuil roinnt beart curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun costas na n-oibríochtaí in Lille a laghdú (i.e. gur laghdaíodh go suntasach misin agus speansais taistil d’fhoireann agus do gheallsealbhóirí seachtracha) agus go bhfuil deireadh curtha aici leis an gconradh léasa reatha d’áitreabh Lille;  ag tabhairt dá haire nach bhfuil sé ar intinn ag an nGníomhaireacht ach na cruinnithe éigeantacha in Lille a eagrú chun an cinneadh ón gComhairle Eorpach maidir leis an suíomh dúbailte ‘Lille-Valenciennes’ a chomhlíonadh;  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil a straitéis acmhainní daonna (2023-2027) formheasta ag an nGníomhaireacht in 2022 bunaithe ar bharúil ón bParlaimint, agus béim á leagan ar a héifeachtacht agus a héifeachtúlacht a fheabhsú; ag cur sonrú chuige seo sa taithí agus san fhorbairt dhearfach laistigh den Ghníomhaireacht maidir le húsáid an chórais teilea-oibre le linn phaindéim COVID-19, rud a thug ar an nGníomhaireacht a shocrú gurb é an gnáthamh nua gurb ionann an teilea-obair agus bheith ag obair san oifig d’fhormhór na foirne, agus go bhfuil láithreacht fhisiciúil fós ríthábhachtach do roinnt post sonrach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaithe 97,40 % déanta an 31 Nollaig 2022, agus 150 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 154 ngníomhaire shealadacha údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 151 phost údaraithe in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 36 ghníomhaire ar conradh (as 36 gníomhaire údaraithe) agus 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (as 4 shaineolaí údaraithe) don Ghníomhaireacht in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, agus gur fir iad 8 as 10 (80 %) díobh; ag tabhairt dá haire go léiríonn an dáileadh inscne i measc chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 34 as 64 (53 %) díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go léiríonn an dáileadh inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, gur fir iad 120 as 188 (64 %) díobh; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin a bheidh ann amach anseo laistigh dá bhainistíocht shinsearach; ag tabhairt dá haire in obair leanúnach na Gníomhaireachta i dtreo an bhearna idir na hinscní a dhúnadh, le tionscadail shonracha amhail ‘Mná in earnáil an iompair’ chun fostaíocht na mban agus comhdheiseanna in earnáil an iompair a neartú;  ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, iarrachtaí na Gníomhaireachta líon na mban in earnáil an iompair a mhéadú trí tháirgí insoláthartha amhail imeachtaí líonraithe luais agus seimineáir ghréasáin a dhíríonn ar an éagsúlacht agus ar an gcuimsiú in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó thuairim na Gníomhaireachta, go ndearna an Ghníomhaireacht Iniúchadh Inscne Rannpháirteach sa dara leath de 2022, ar úsáideadh a torthaí ina dhiaidh sin chun cuidiú le tosaíocht a thabhairt do chuspóirí Straitéis Acmhainní Daonna na Gníomhaireachta 2023-2027 agus go raibh sí ina hionchur le haghaidh doiciméad ina ndearnadh cur síos ar ghealltanais fhoireann bainistíochta na Gníomhaireachta maidir le héagsúlacht agus cuimsiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go sainítear gníomhaíochtaí nithiúla gearrthéarmacha chun éagsúlacht agus cuimsiú laistigh den Ghníomhaireacht a fheabhsú ar gach leibhéal, e.g., obair a dhéantar ar earcaíocht agus rannpháirtíocht (úsáid na bpainéal ionadaithe, ionduchtú, meantóireacht);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéanann an Ghníomhaireacht a dícheall cothromaíocht gheografach a áirithiú dá baill foirne agus iarrthóirí ó na Ballstáit uile a spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar a poist; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear na poist shealadacha i dteangacha uile AE agus go bhfoilsítear na hiarrataí ar iarratas ní hamháin ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, ach go scaiptear iad freisin ar leibhéal bhuanionadaíochtaí na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire i bhfreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, maidir leis na cásanna ciaptha tuairiscithe laistigh den Ghníomhaireacht, a láimhseálann na Comhairleoirí rúnda inmheánacha, gur cuireadh ceathrar ball foirne ar an gclár, gur baineadh beirt den chlár ag deireadh 2022, gan aon imscrúdú a bheith déanta ná conclúid tugtha; á mholadh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht a beartais agus a modhanna a fhorbairt tuilleadh chun cásanna den sórt sin a chosc ar bhealach níos éifeachtúla amach anseo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 2 ghlao oscailte ar thairiscintí, 3 nós imeachta idirbheartaithe agus athoscailt iomaíochta amháin in 2022 agus 2 ghlao oscailte ar thairiscintí agus 3 nós imeachta idirbheartaithe arna maoiniú ag leithreasuithe riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint go bhfuil soláthar poiblí glas á chur chun feidhme agus go bhfuil sé ar cheann de thionscnaimh/gníomhaíochtaí straitéis bainistíochta comhshaoil na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna an údaráis um urscaoileadh, go ndearnadh próisis soláthair na Gníomhaireachta a dhigitiú go hiomlán cheana féin in 2022;  á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh an Ghníomhaireacht i mí Iúil 2023 ar an Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí a ionduchtú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht CVanna agus dearbhú leasanna de chuid chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus de chuid a lucht bainistíochta sinsearaí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire nach bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht CVanna saineolaithe seachtracha ná saineolaithe inmheánacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fheabhsú trí fhaisnéis a fhoilsiú go rialta ar a suíomh gréasáin maidir le gach cruinniú arna reáchtáil ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le heagraíochtaí nó le daoine aonair féinfhostaithe;  ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht roinnt sásraí chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint trí leasanna a bhaineann le catagóirí sonracha a liostú (e.g. leasanna gairmiúla, teaghlaigh), athbhreithniú ar dhearbhuithe leasanna, lena n-éilítear dearbhuithe spontáineacha nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann agus oiliúint rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a nósanna imeachta sceithireachta trínar féidir le baill foirne coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú gan eagla roimh fhrithbheart;  ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur tuairiscíodh in 2022 cásanna coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal chomhaltaí MB agus bhaill foirne na Gníomhaireachta, agus go ndearnadh bearta maolaitheacha a dhéanamh agus a thaifeadadh i gcruinnithe MB nó go ndearnadh iad a dhoiciméadú i ndearbhuithe leasa na mball foirne lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur sonrú i bhfreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun cásanna féideartha ‘dorais imrothlaigh’ a láimhseáil i gcás iarchomhaltaí foirne;  á chur in iúl gur oth léi sa chomhthéacs sin nach ndéanann an Ghníomhaireacht faireachán córasach ar chomhlíonadh na rialacha is infheidhme, agus é mar éifeacht leis sin go bhféadfadh sé nach mbraithfí cásanna neamhdhearbhaithe ‘dorais imrothlaigh’ nó go bhféadfadh sé nach n-áiritheofaí comhlíonadh na dtreoracha a forchuireadh roimhe sin ar bhaill foirne a d’fhág an Ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht leis na seisiúin oiliúna maidir le hEitic agus Frithchalaois, atá éigeantach do gach ball foirne, mar chuid de thimthriall leanúnach 4 bliana de sheisiúin oiliúna agus é mar chuspóir rannpháirtíocht 100 % a bhaint amach ag deireadh an timthrialla;  ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta foriomlán na rannpháirtíochta in 2022 agus 22,1 % don fhrithchalaois agus 31,11 % don eitic, agus go bhfuil an dá oiliúint saincheaptha, i gcomhréir le timpeallacht riosca na Gníomhaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, sa tuarascáil ón gCúirt, na barúlacha maidir le roinnt easnamh i gcórais bhainistíochta agus rialaithe na Gníomhaireachta, eadhon easpa beartais maidir le faisnéis íogair a aicmiú agus a chosaint agus maidir le modhanna formheasa neamhbhailí a úsáid, seachas ríomhshínithe fisiceacha nó cáilithe, i réimse na nósanna imeachta soláthair;  ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar bharúlacha na Cúirte gur tugadh aghaidh ar na heasnaimh sin idir an dá linn trí ghníomhaíochtaí agus bearta éagsúla; á iarraidh go ndéanfadh an Chúirt na gníomhaíochtaí agus na bearta sin a áireamh ina hiniúchtaí leantacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag cur sonrú i dtuairim na Gníomhaireachta, maidir leis na moltaí a rinne an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) tar éis an iniúchta a rinneadh in 2019 maidir le Bainistiú Faisnéise agus Slándáil Faisnéise, gur chuir an Ghníomhaireacht chun feidhme an moladh an-tábhachtach maidir le creat rialachais sonraí agus an moladh tábhachtach maidir le sonraí agus oibríochtaí TF (arna ndúnadh cheana ag IAS), agus go bhfuil obair ar siúl chun na trí mholadh eile a chur chun feidhme in 2023 (maidir le hidir-inoibritheacht agus cáilíocht sonraí, slándáil sonraí agus TF, agus leanúnachas TF agus slándáil fhisiciúil);  á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás buiséadach maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire, laistigh den Ghníomhaireacht, go ndéantar gach imeacht ó phróiseas nó nós imeachta bunaithe a dhoiciméadú, a chosaint agus a fhormheas ar an leibhéal bainistíochta iomchuí;  ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig laghdú ar líon na neamhchomhréireachtaí cláraithe (NCanna) ó 35 in 2021 go 28 in 2022;  ag tabhairt faoi deara gur cláraíodh 28 NC in 2022 maidir le comhlíonadh, mar shampla, rialacha riaracháin (diall ó rialacha teilea-oibre), nósanna imeachta/rialacha soláthair (úsáid neamhrialta an nós imeachta idirbheartaithe), rialacha misin (ag dul ar mhisin gan ordú misin údaraithe) chomh maith le rialacha i réimsí amhail bainistiú conarthaí, gealltanais agus roghnú foirne;  ag tabhairt dá haire go raibh 13 de na 28 NC eisceachtúil (neamh-chomhréireachtaí ex-ante) agus go raibh siad doiciméadaithe go trédhearcach agus go raibh údar maith leo ar mhaithe le, mar shampla, leanúnachas gnó nó cúiseanna eacnamaíocha a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gníomhaíochtaí maolaithe nó faireacháin curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar gach NC;  á iarraidh go leanfadh an Ghníomhaireacht de mheasúnuithe rioscabhunaithe tréimhsiúla a dhéanamh ar fheidhmiú phríomhréimsí an rialaithe inmheánaigh a thacaíonn leis an bpróiseas dearbhaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, go ndearna an Ghníomhaireacht an cleachtadh measúnaithe riosca a bhí ailínithe lena pleanáil straitéiseach bhliantúil agus go ndearna sí athbhreithniú leanúnach ar ábharthacht na rioscaí agus na mbeart maolaitheach gaolmhar i rith na bliana;  ag cur sonrú sna dúshláin mhóra/na rioscaí móra a sainaithníodh a bhaineann le cur i bhfeidhm an bhuiséid, cur chun feidhme uirlis airgeadais chorparáidigh TF nua (SUMMA), srianta foirne, saincheisteanna slándála TF, agus iarmhairtí COVID;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dúnadh imscrúdú OLAF i mí na Nollag 2022 gan aon torthaí ná moltaí breise;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis na gcéimeanna a rinneadh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le foirgneamh nua na Gníomhaireachta, gur chuir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi roinnt cruinnithe le Valenciennes Métropole in 2023; ag tabhairt dá haire thairis sin gur cheart go mbeadh an cead tógála réidh i mí an Mhárta 2024 agus go bhféadfaí tús a chur leis an tógáil i samhradh 2024 agus go mbeadh an foirgneamh réidh in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta a cumarsáid a neartú, arna gcur chun feidhme trí shlite éagsúla chun an pobal is mó is féidir a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur forbraíodh agus gur seoladh suíomh gréasáin nua LET i Samhain 2022, lena gcuirtear uirlis níos soiléire, cuíchóirithe agus nua-aimseartha ar fáil chun rannchuidiú na Gníomhaireachta leis an earnáil iarnróid agus le saoránaigh an Aontais i gcoitinne a chur i láthair; ag aithint iarrachtaí na Gníomhaireachta chun 9 seimineár gréasáin a eagrú agus roinnt foilseachán agus físeán a ullmhú in 2022; á chur in iúl gur geal léi go raibh láithreacht láidir ag an nGníomhaireacht sna meáin agus gur mhéadaigh sí lucht leanúna a meán sóisialta in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfáth gur lean cuideachtaí iarnróid Eorpacha dá dtéarnamh ó phaindéim COVID-19 in 2022; á chur i bhfáth gur dhá fhachtóir riachtanacha iad athléimneacht leanúnach na hearnála iarnróid, mar aon lena hastaíochtaí ísealcharbóin, chun filleadh ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil na ceanglais reatha maidir le tionóiscí agus teagmhais sábháilteachta iarnróid a thuairisciú ilroinnte ar fud na hEorpa, teoranta d’fheidhm formhaoirseachta amháin, agus nach dtacaíonn uirlis chumasúcháin iomchuí leo, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin agus aon chistiú is gá a chur ar fáil chuige sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbeidh an creat agus acquis AE curtha chun feidhme acu nuair a thiocfaidh tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas isteach san Aontas; á chur i bhfios go gcuirfidh sé sin ar chumas shaoránaigh AE an t-iarnród a úsáid mar mhodh iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus sábháilte agus a gcuid earraí a iompar ó/chuig Oirdheisceart na hEorpa, ós rud é go bhfuil conairí lasta iarnróid ag nascadh na mBalcán Thiar le AE sa lá atá inniu ann; ag cur béim ar ról IPA agus Thionscadal na mBalcán Thiar a bhaineann le tacú leis an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht agus le cur chun feidhme na Treorach maidir le Sábháilteacht i measc thairbhithe an tionscadail; ag tabhairt dá haire freisin go gcuirfear bonn ar fáil leis sin chun seirbhísí iarnróid a oscailt ar an margadh agus chun turas traenach gan uaim a dhéanamh ón réigiún comharsanachta sin agus chuige;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>