<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0254</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0098/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2144(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na ngníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0082/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 319, 4.12.2015, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 20 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2144(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na ngníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0082/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 319, 4.12.2015, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 20 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in<STRING ITALIC="on"> Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2144(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 73, 28.2.2023, lch. 44.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh ionann buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL)(an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022 agus EUR 28 295 362, a léiríonn laghdú 5,82 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go maoinítear an Ghníomhaireacht le ranníocaíocht ón Aontas agus le hioncam sannta seachtrach le haghaidh tionscadail shonracha;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht, agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; de bhrí gur shainaithin an Chúirt íocaíochtaí neamhrialta EUR 4,2 milliún san iomlán, ar íocaíochtaí iad EUR 4,1 milliún den mhéid sin a ndearnadh i ndáil le 359 íocaíocht a rinneadh faoi dhá chreatchonradh arna gcur chun feidhme trí iarrataí seirbhíse arna seoladh ag baill foirne nach raibh sé d’údarás acu gealltanais dhlíthiúla a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta agus EUR 152 655 mar íocaíochtaí a rinneadh in 2022 faoi chreatchonradh nach bhféadfaí cuid de na méideanna a íocadh a réiteach leis na seirbhísí a soláthraíodh, arb ionann iad san iomlán agus 13,5 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2022, rud a sháraíonn an tairseach ábharthachta a leagadh síos don iniúchadh agus, dá bharr sin, tuairim cháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais; de bhrí, cé is moite de na híocaíochtaí neamhchomhlíontacha sin, go gcinneann an Chúirt go bhfuil na hidirbhearta is bun leo maidir le híocaíochtaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2022 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici go raibh ráta cur chun feidhme de 100 % ann i rith bhliain airgeadais 2022 de thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid, a léiríonn méadú 3,21 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe 84,66 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a léiríonn méadú 12,93 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tugadh EUR 1,6 milliún, arbh ionann é agus 15 % de na gealltanais in 2022, ar aghaidh go 2023; ag tabhairt dá haire, maidir le ráta forghníomhaithe an bhuiséid maidir le cistí cúnaimh sheachtraigh an Aontais atá tiomnaithe chun cabhrú le tríú tíortha a n-acmhainneachtaí a fhorbairt i réimsí beartais ábhartha um fhorfheidhmiú an dlí, gur shroich sé 48,5 % faoi dheireadh 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as ráta cur chun feidhme chlár oibre 2022 de 100 %, bunaithe ar an bhfíoras gur cuireadh 418 ngníomhaíocht oiliúna chun feidhme i gcomparáid le 417 ngníomhaíocht a bhí beartaithe; ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht d’oiliúint a chur ar fáil do phobal forfheidhmithe dlí in 2022 trí fhilleadh ar an timpeallacht ar líne a mhéid is féidir; ag tabhairt dá haire gur mór aici go raibh ráta sástachta na gcustaiméirí fós ard in 2022 agus gur dhearbhaigh 97 % de na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna na Gníomhaireachta go raibh siad sásta nó an-sásta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht bearta áirithe mar Eochairtháscairí Feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena gníomhaíochtaí agus le bearta eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur baineadh amach beagnach gach KPI in 2022, agus nach raibh ach ceann amháin fós ar siúl le spriocdháta faoi dheireadh 2023, i.e. KPI a bhain le céatadán na moltaí iniúchóireachta a dúnadh i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta comhaontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici gur fhreastail 43 838 rannpháirtí ar oiliúint na Gníomhaireachta in 2022, ar for-rochtain shuntasach é sin i gcomparáid leis an líon rannpháirtithe a bhí beartaithe, 27 800; ag moladh na Gníomhaireachta as an dara Measúnú ar Riachtanais Straitéiseacha Oiliúna AE a fhoilsiú, ina sainaithnítear riachtanais straitéiseacha agus oiliúna na n-oifigeach forfheidhmithe dlí don chéad timthriall eile den Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla 2022-2025 agus tús a chur lena chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil stiúrthóir feidhmiúcháin nuacheaptha na Gníomhaireachta tar éis tús a chur in 2022 le straitéis nua a fhorbairt lena leagtar síos treo na Gníomhaireachta don tréimhse 2023-2027; á chur in iúl gur mór aici freisin an Páipéar Straitéise ón nGrúpa Saineolaithe faoi Chearta Bunúsacha arb é is aidhm dó na gnéithe a bhaineann le cearta bunúsacha a áireamh i ngach gníomhaíocht oiliúna; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraíodh oiliúint <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> maidir le hiriseoirí iniúchacha a chosaint in 2022; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí sonracha oiliúna maidir le hábhair ar an bhfuathchoireacht agus scaipeadh an eolais maidir le réitigh éifeachtacha a bhaineann le tacaíocht d’íospartaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a mearfhreagairt ar an gcogadh gan údar san Úcráin, agus as cúrsa faisnéise foinse oscailte saincheaptha a chur ar fáil d’Oifig Ionchúisitheoirí Ginearálta na hÚcráine, i gcomhar le Comhairle na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó thuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta na Gníomhaireachta do 2022 go léiríonn an méadú easpónantúil ar oiliúint a cuireadh ar fáil le blianta beaga anuas (ó 18 000 in 2016 go beagnach 44 000 in 2022) go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar ghníomhaíochtaí oiliúna nach mór don Ghníomhaireacht a sholáthar; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, mar gheall ar acmhainní neamhleora, nach bhféadfaí an t-éileamh sin a leanúint ach amháin tríd an gcomhpháirt foghlama ar líne a mhéadú, rud nach sásaíonn go hiomlán riachtanais na ngeallsealbhóirí; ag tacú le haidhm na Gníomhaireachta leanúint de ghníomhaíochtaí ildisciplíneacha a chur ar fáil lena mealltar rannpháirtithe ó na póilíní, agus ó oifigigh chustaim agus teorann freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de cheithre thionscadal fothaithe acmhainneachta a chur chun feidhme go rathúil i dtríú tíortha in 2022, agus í ag rannchuidiú go díreach le slándáil inmheánach an Aontais a neartú, chomh maith le gníomhaíochtaí oiliúna faoi scáth Lárionad Eolais CEPOL maidir leis an bhFrithsceimhlitheoireacht agus Lárionad Eolais CEPOL maidir le Comhar, Faisnéis agus Malartú agus Idir-inoibritheacht i bhForfheidhmiú an Dlí; á chur in iúl gur geal léi an cur chun feidhme rathúil Chomhdháil Taighde agus Eolaíochta CEPOL i gcomhar le hOllscoil Mykolas Romeris i Vilnias na Liotuáine, lena neartaítear an comhar idir earnálacha forfheidhmithe dlí agus taighde, le beagnach 200 rannpháirtí i láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú nach mór don oiliúint i bhforfheidhmiú dlí ar leibhéal an Aontais tosaíochtaí an Aontais a léiriú i gcomhréir le riachtanais oiliúna na mBallstát agus tacú le freagairt an Aontais ar an gcoireacht thromchúiseach eagraithe agus ar bhagairtí eile ar an tslándáil inmheánach, agus ba cheart cosaint na gceart bunúsach a bheith ina cholún lárnach i ngníomhaíochtaí oiliúna na Gníomhaireachta; ag cur sonrú sna gníomhaíochtaí oiliúna i réimse na frithsceimhlitheoireachta, lena n-áirítear maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta, an sceimhlitheoireacht agus arm tine, na trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus na gníomhaíochtaí atá díríthe i gcoinne an antoisceachais agus an radacaithe; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh oiliúna maidir leis an gcibearchoireacht, an chibearfhóiréinsic, an intleacht shaorga, cosaint sonraí, cearta bunúsacha agus frithchiníochas ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú, ina gníomhaíochtaí uile, go háirithe a gníomhaíochtaí le tríú tíortha, trédhearcacht iomlán agus lánurraim do chearta bunúsacha agus don dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an nGníomhaireacht a deimhniú a chothabháil i gcomhréir le Córas Bainistíochta Cáilíochta ISO 9001:2015, agus go ndearna sí ullmhúcháin chun úsáid chaighdeán ISO 29993:2017 le haghaidh seirbhísí foghlama a leathnú tuilleadh, rud leanann de léiriú go n-áirithíonn an Ghníomhaireacht oibríocht éifeachtúil an chórais cháilíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag comhoibriú go dlúth le Líonra na nGníomhaireachtaí um Cheartas agus Gnóthaí Baile (CGB), agus leis na gníomhaireachtaí a chuimsíonn é, lena n-áirítear go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, trí ghníomhaíochtaí oiliúna a chomhroinnt agus cúrsaí a eagrú le chéile; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go raibh an Ghníomhaireacht ina cathaoirleach ar Líonra Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil comhaontú i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, ó 2023 i leith, leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) chun tionóntacht a chur ar fáil in ardán foghlama na Gníomhaireachta LEEd, rud a chuirfidh ardán foghlama nua-aimseartha ar fáil do EMCDDA dá phobal gan aon chostas; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá comhar le gníomhaireachtaí eile ionas gur féidir úsáid a bhaint as na hacmhainní go léir atá ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as leibhéal sách ard digitithe a bhaint amach trí go leor dá próisis a thiontú ina próisis gan pháipéar nó leictreonacha, mar shampla córas tíolactha ríomhsholáthair le haghaidh nósanna imeachta oscailte agus ríomhthairiscintí, ríomhearcaíocht, ríomhbhainistiú HR (SYSPER), ríomhshonrascadh, áirithint leictreonach taistil, go minic i ndlúthchomhar le hArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin na Seirbhísí Digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha inmheánacha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht ar dá mbun, ar feadh achair ghearra, a bhaineann baill foirne (agus rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna) úsáid a bhaint as roghanna malartacha ar eitilt, amhail traein nó bus; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go dtairgeann an Ghníomhaireacht aisíocaíocht ar na costais a bhaineann le hiompar poiblí a úsáid dá foireann ó 2022 i leith; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtionóltar go leor cruinnithe grúpa saineolaithe, ar cruinnithe iad a tionóladh ar an láthair roimhe seo, ar líne anois; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil córas i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun faireachán a dhéanamh ar bhealaí oibiachtúla agus gráinneacha ar éabhlóid na ngnóthachan agus na gcoigilteas ó bhliain go bliain agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht córas den sórt sin a chur ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, nach bhfuil plean corparáideach ag an nGníomhaireacht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus neodracht aeráide a n-oibríochtaí a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil próiseas deimhniúcháin na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) tosaithe fós ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire, áfach, gur thug an Ghníomhaireacht le fios sna ceanglais d’fhoirgneamh nua cheanncheathrú na Gníomhaireachta go n-aistreoidh sí i dtreo dheimhniúchán EMAS go luath amach anseo; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs céanna, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag leanúint na treorach ón gCoimisiún, trína n-áirítear freisin i bhformhór na nósanna imeachta soláthair critéir dhámhachtana a bhaineann le breithnithe comhshaoil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht samplaí a leanúint i réimse an tsoláthair ghlais ó chomhghníomhaireachtaí eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh 79 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 26 gníomhaire shealadacha ceaptha as 33 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe le 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 59 ngníomhaire ar conradh (a raibh 20 díobh le haghaidh gníomhaíochtaí rialta agus 39 do thionscadail fothaithe acmhainneachta arna maoiniú go seachtrach) agus seisear saineolaithe náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an 31 Nollaig 2022, go raibh 24 bhall foirne eatramhacha fostaithe le cúraimí a bhaineann le príomhghnó amhail ríomhfhoghlaim, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, tacaíocht dhlíthiúil agus bhainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean luaineacht na foirne de bheith sách ard in 2022 agus go raibh tionchar suntasach aige ar an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go raibh 4 éirí as oifig in 2022 mar gheall ar dheiseanna nua fostaíochta laistigh agus lasmuigh den Ghníomhaireacht, 3 imeacht de bharr dul ar scor agus an 31 Nollaig 2022, ceathrar ball foirne ar saoire gan phá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an méadú ar líon foirne na Gníomhaireachta i gcomhréir leis na cúraimí agus na huaillmhianta atá leagtha síos ag sainordú reatha na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, sa tuarascáil leantach ón nGníomhaireacht dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta CEPOL mar fhreagairt ar chinneadh Pharlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2021’ (dá ngairtear ‘tuarascáil leantach na Gníomhaireachta’ anseo feasta) go bhfuil tascfhórsa curtha ar bun ag stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta chun bunús a thabhairt le hiarraidh ar acmhainní amach anseo chun doiciméadú córasach a dhéanamh ar na riachtanais le haghaidh acmhainní buiséadacha agus daonna breise agus chun údar cuí a thabhairt leo, i gcomhthéacs na straitéise nua 2023-2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an ráta láimhdeachais foirne fós ard in 2022, ag 11,8 %, agus go raibh tionchar suntasach aige ar an eagraíocht; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil leantach na Gníomhaireachta nach bhfuil neart ag an nGíomhaireacht ar an ráta láimhdeachais toisc gurb iad an chomhéifeacht cheartúcháin tíre íseal agus na suíomhanna measartha íseal grádaithe le haghaidh príomhfheidhmeanna tacaíochta sa Ghníomhaireacht an príomhchúis; ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de bhearta coinneála foirne agus leanúnachais gnó a chur chun feidhme in 2022, agus roinnt ball foirne eatramhaí agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht á n-úsáid aici chun neamhláithreacht foirne a líonadh, go dtí go mbeadh earcú foirne reachtúla curtha i gcrích agus ag leanúint ar aghaidh le hathaicmiú foirne agus feidhmeanna, agus socruithe sóisialta (e.g. scolaíocht do leanaí foirne), teilea-obair agus ag socruithe fleisc-ama á gcothabháil; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún an chomhéifeacht ceartaithe a athbhreithniú chun gur fearr a léireoidh sí na réaltachtaí eacnamaíocha a bhaineann le hathlonnú go dtí cathair óstach na Gníomhaireachta agus cónaí ansin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, maidir leis an uirlis SYSPER, go bhfuil modúil ionduchtaithe ag an nGníomhaireacht amhail TUAIRISCIÚ, EITIC agus TRÉIMHSE OILIÚNA agus go bhfuil sí ag obair ar mhodúil Sysper eile a ionduchtú (e.g. EVAL/PROMO);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an briseadh síos de réir inscne atá tuairiscithe ag an nGníomhaireacht do 2022, nuair a bhí 3 fhear agus 3 bhean i bhfeidhmeanna bainistíochta (1 bhainisteoir sinsearach agus 5 mheánbhainisteoir), agus 15 fhear (56 %) agus 12 bhean (44 %) sa bhord bainistíochta, agus 37 bhfear (44 %) agus 48 mbean (56 %) ar an bhfoireann iomlán; ag moladh na Gníomhaireachta as an gcothromaíocht inscne a baineadh amach in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta do 2022 go ndearnadh ionadaíocht ar 17 mBallstát i measc fhoireann na Gníomhaireachta in 2022; ag tabhairt dá haire gur náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil an Ghníomhaireacht lonnaithe 39 % dá foireann; á mheabhrú a thábhachtaí atá cothromaíocht gheografach agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun ionadaíocht gheografach chothrom agus chóir a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht cinneadh nua in 2022 a bhí bunaithe ar phrionsabail an bhainistithe atá bunaithe ar chuspóirí agus atá dírithe ar thorthaí, agus ar chultúr muiníne; ag tabhairt dá haire gur tugadh isteach leis an gcinneadh sin níos mó solúbthachta don fhoireann, ó thaobh ama oibre agus teilea-oibre de, tríd an gceart chun dícheangail a dheonú agus trí thréimhse dhícheangail a léiriú go soiléir ar cheart di rannchuidiú le cothromaíocht oibre is saoil níos fearr agus baill foirne a chosaint ar ró-ualach oibre digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ón tuarascáil leantach ón nGníomhaireacht, maidir leis an mbarúil ar bhaill foirne atá ag obair ar nósanna imeachta a bhaineann le soláthar, go bhforáiltear sa phlean bunaíochta do 2023 go ndéanfar an post ábhartha AST-5 (grád earcaíochta AST-3) a chlaochlú go post AD-5;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón mbliain airgeadais 2020 i leith, go bhfuil barúlacha nua tugtha ag an gCúirt gach bliain maidir le soláthairtí na Gníomhaireachta; ag tabhairt chun suntais an bharúil ón tuarascáil ón gCúirt lena léirítear an bonn do thuairim cháilithe na Cúirte maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht 359 n-íocaíocht ar luach iomlán EUR 4,1 milliún a rinneadh in 2022 faoi dhá chreatchonradh a cuireadh chun feidhme go díreach trí fhoirmeacha ordaithe (iarrataí ar sheirbhís) a sheol baill foirne na Gníomhaireachta nach raibh an t-údarás tarmligthe acu chun gealltanais dhlíthiúla a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta, nó ag fostaithe eatramhacha nach bhféadfadh údarás tarmligthe den sórt sin a bheith acu go dlíthiúil mar gheall ar a stádas eatramhach; ag cur sonrú i bhfreagra na Gníomhaireachta ar an tuairim ón gCúirt, fiú dá mbeadh laige i gcur ar bhonn foirmiúil an ghealltanais dhlíthiúil, go n-ordaíodh na seirbhísí i gcomhréir le riachtanais na Gníomhaireachta agus go gcuireadh rialuithe i bhfeidhm ina n-iomláine lena chinntiú gur úsáideadh na cistí chun na críche a bhí beartaithe agus nár tabhaíodh aon chaillteanas iarbhír; ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint nach ndearna neamhrialtachtaí eile difear do na conarthaí sin agus go bhfuil bearta déanta ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar bharúil na Cúirte trí nósanna imeachta inmheánacha na Gníomhaireachta a leasú chun a áirithiú nach ndéanfaidh foireann reachtúil orduithe a chur in iúl don ghníomhaire taistil ach amháin ag foireann reachtúil, arna dtarmligean ag oifigeach údarúcháin chun gabháil do ghealltanas dlíthiúil; ag cur sonrú i bhfreagra na Gníomhaireachta lenar thug an Ghníomhaireacht bearta ceartaitheacha isteach láithreach, fiú roimh dheireadh an phróisis iniúchóireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na barúlacha sin agus a nósanna imeachta soláthair a fheabhsú chun cásanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt chun suntais, thairis sin, ón tuarascáil ón gCúirt, nach bhféadfaí na méideanna uile a íocadh in 2022 (EUR 152 655) chun creatchonradh a chur chun feidhme (i gcás seirbhísí eagarthóireachta oideachais) a réiteach leis na seirbhísí a cuireadh ar fáil agus nár léirigh roinnt catagóirí cúraimí cineál na hoibre iarbhír a rinneadh, agus i gcás roinnt catagóirí, ní raibh an méid oibre a íocadh as ag teacht leis an méid iarbhír a rinneadh, rud a d’fhág go raibh na méideanna sin neamhrialta; ag cur sonrú i míniú na Gníomhairecahta nach raibh líon na leathanach a ordaíodh, a seachadadh agus a íocadh ag teacht le chéile go hiomlán toisc, mar gheall ar nádúr na hoibre, eadhon forbairt ábhair eagarthóireachta agus oideachais, nach raibh sé sin inchainníochtaithe go beacht roimh ré i gcónaí; ag tabhairt dá haire thairis sin, de réir fhreagra na Gníomhaireachta, go ndearnadh seiceálacha ar na táirgí insoláthartha agus go raibh na catagóirí cúraimí bunaithe ar na cinn a liostaítear i gconradh roimhe seo le hOifig na bhFoilseachán; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a chur i bhfeidhm lena gceadófar don Ghníomhaireacht cainníochtú níos fearr a dhéanamh ar tháirgí insoláthartha roimh ré agus cásanna den sórt sin a sheachaint amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt don bhliain airgeadais 2021 go raibh barúil amháin fós oscailte, maidir leis an bpróiseas meastóireachta ar nós imeachta soláthair inar chuir an Ghníomhaireacht béim ar chritéar nár cuireadh i láthair go soiléir sna sonraíochtaí tairisceana, rud a chruthaíonn an baol go gcaithfí go míchothrom le tairgeoirí; ag tabhairt dá haire go raibh an conradh i bhfeidhm go dtí mí Mheán Fómhair 2023 agus, tráth an athbhreithnithe ag an gCúirt ar stádas na barúla sin, nach raibh sé ar intinn ag an nGníomhaireacht an conradh a athnuachan go ceann 12 mhí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí a ionduchtú, ar uirlis í a úsáidtear, amhail ó mhí Dheireadh Fómhair 2022, le haghaidh gach cineál nós imeachta soláthair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur le glacadh agus le cur chun feidhme uirlisí a cheadaíonn úsáid ríomhshínithe chun formheasanna agus sínithe a fháil ó chontrapháirtithe inmheánacha agus seachtracha araon i ndoiciméid soláthair agus chonarthacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici na bearta atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht cheana agus na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aici chun trédhearcacht a áirithiú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndéantar dearbhuithe leasanna agus CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus go gceadaítear le formáid na ndearbhuithe leasanna gairmiúla, leasanna airgeadais, leasanna pearsanta agus leasanna eile a bhféadfadh baint a bheith acu le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a liostú; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil leantach na Gníomhaireachta, maidir le barúil an údaráis um urscaoileadh nach ndéanfar dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus rúndacht do na saineolaithe a íoctar a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, go bhfuil measúnú déanta ag an nGníomhaireacht, mar thoradh ar cheisteanna cosanta sonraí, go dtiocfadh laghdú suntasach ar líon na n-iarratas ó shaineolaithe dá bhfoilseofaí iarratais agus CVanna na saineolaithe, ós rud é go bhfuil cúlra forghníomhaithe an dlí ag formhór na saineolaithe atá ag obair don Ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, ón tuarascáil leantach ón nGníomhaireacht, le seoladh a suímh gréasáin nua in 2022, gur chuir an Ghníomhaireacht feabhas ar a clár poiblí doiciméad agus go gcuireann na hathruithe teicniúla a tugadh isteach ar chumas na saoránach doiciméid oifigiúla na Gníomhaireachta a chuardach de réir catagóire nó rochtain ar dhoiciméad a iarraidh trí fhoirm ghréasáin nuair nach dtugtar rochtain dhíreach tríd an gclár poiblí doiciméad; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Ghníomhaireacht cúig iarraidh in 2022 ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus gur láimhseáil sí 920 fiosrúchán poiblí ó shaoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó thuarascáil leantach na Gníomhaireachta, maidir leis na laigí éagsúla i gcóras rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, go háirithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus bainistiú gealltanas buiséadach, go bhfuil bearta déanta ag an nGníomhaireacht, lena n-áirítear oiliúint agus ceardlanna, chun feasacht a mhéadú agus líon na n-earráidí riaracháin a laghdú; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin ón tuarascáil ón gCúirt go bhfuil deireadh curtha le stádas a barúlacha (don bhliain airgeadais 2021) a chomhfhreagraíonn do na laigí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir le measúnú na Gníomhaireachta ar a córas rialaithe inmheánaigh in 2022 agus a chonclúid, go bhfuil sé éifeachtach, gur ann dó agus go bhfuil sé ag feidhmiú go maith agus nach bhfuil ach mionfheabhsuithe de dhíth air; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh maidir leis na comhpháirteanna rialaithe inmheánaigh ‘Gníomhaíochtaí Rialaithe’ agus ‘Faisnéis agus cumarsáid’ agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn san ábhar sin; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, ó thuarascáil leantach na Gníomhaireachta, gur chuir an Ghníomhaireacht barúlacha ábhartha na Cúirte ó bhlianta roimhe sin san áireamh sa mheasúnú ar an gcomhpháirt ‘Gníomhaíochtaí faireacháin’, prionsabal 17 ‘easnaimh a mheasúnú agus a chur in iúl’; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na barúlacha go léir ón iniúchadh ar ‘Bainistiú acmhainní daonna agus eitic in CEPOL’ de chuid na Gníomhaireachta a rinne an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht próiseas chun feidhme chun eisceachtaí a chlárú agus a údarú, ar eisceachtaí iad a ndéantar anailís orthu chun réimsí sonracha imní agus gníomhaíocht ábhartha feabhsúcháin a shainaithint; ag tabhairt dá haire go ndeimhnítear i dtuarascáil 2022 maidir le heisceachtaí go bhfuil córas rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta ag feidhmiú go maith, agus go ndéantar cásanna neamhchomhlíonta a bhrath agus a mhaolú le gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus coisctheacha; ag tabhairt dá haire thairis sin gur ardaíodh 46 eisceacht san iomlán in 2022 (i gcomparáid le 27 eisceacht in 2021), le luach EUR 51 697 (i gcomparáid le EUR 257 825 in 2021), agus go raibh tionchar airgeadais os cionn EUR 1 000 ag 13 de na heisceachtaí sin (idir EUR 1 053 agus EUR 12 240);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó thuarascáil leantach na Gníomhaireachta, maidir le saincheist na Gníomhaireachta nach raibh dóthain spáis oifige agus limistéir le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla aici, gur gheall rialtas na hUngáire leanúnachas a áirithiú agus saoráidí cuí a chur ar fáil don Ghníomhaireacht trí chinneadh a ghlacadh chun ceanncheathrú nua (6 000 méadar cearnach) a áirithiú i bhfoirm cíosa; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhféadfar aistriú go dtí áitreabh nua go dtí deireadh 2024, i gcomhthráth le síniú comhaontaithe nua maidir le suíomh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as na hiarrachtaí atá déanta aici chun a hinfheictheacht phoiblí agus a láithreacht ar líne a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, seoladh shuíomh gréasáin nua na Gníomhaireachta in 2022 ar a n-ionchorpraítear feabhsuithe tábhachtacha, amhail cur i láthair agus struchtúr níos soiléire, cuma fheabhsaithe, agus freagrúlacht gréasáin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh gníomhaíocht meán sóisialta na Gníomhaireachta suntasach in 2022, le 1 590 uaslódáil ábhair, arb ionann é sin agus 54 % níos mó postáil ná sa bhliain roimhe sin; ag cur sonrú, i ndáil leis sin, sa treocht aníos le húsáideoirí gréasáin na Gníomhaireachta le níos mó ná 200 000 cuairt cláraithe, agus lena bonn lucht leanúna meán sóisialta le 38 500 leantóir ar fud LinkedIn, X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) agus Facebook;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>