<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0255</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0113/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2022 (2023/2172(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh áta le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0110/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 116 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachtaí Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2022 (2023/2172(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0110/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 116 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2022 (2023/2172(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 141, 29.3.2022, lch. 112.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh ionann buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022 agus EUR 693 122 859, arb ionann é sin agus méadú de 29,50% i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a bheith trédhearcach agus cuntasach go hiomlán do shaoránaigh an Aontais maidir leis na cistí a chuirtear de chúram orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), i dtuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ó mhí na Nollag 2019 i leith, go bhfuil sainordú nua á chur chun feidhme ag an nGníomhaireacht maille le méadú bunriachtanach atá suntasach ó thaobh misean agus foirne de, lena n-éilítear buiséad leordhóthanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur tháinig méadú suntasach ar bhuiséad na Gníomhaireachta agus ar chur chun feidhme an phlean bunaíochta in 2022 mar thoradh ar an sainordú méadaithe faoi Rialachán (AE) 2019/1896;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur chinn an Chúirt i dTuarascáil Speisialta Uimh. 8/2021 uaithi maidir le tacaíocht na Gníomhaireachta do bhainistiú teorainneacha seachtracha go raibh roinnt easnamh ann a bhaineann le príomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, eadhon faireachán staide, anailís riosca, measúnú leochaileachta, oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus oiliúint na Gníomhaireachta agus an easpa measúnuithe ar riachtanais agus measúnuithe tionchair roimh an méadú as cuimse a tháinig ar speansais na Gníomhaireachta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú, tar éis thorthaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus tar éis d’iarStiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta éirí as oifig i mí Aibreáin 2022, go bhfuil plean gníomhaíochta tarraingthe suas ag an nGníomhaireacht ina gcuirtear gníomhaíochtaí sonracha i láthair a bheidh le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh éagsúla i réimsí is gá a fheabhsú amhail cultúr eagraíochta, trédhearcacht agus cuntasacht agus an creat um chearta bunúsacha; ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón nGníomhaireacht (a síníodh an 24 Deireadh Fómhair 2023) maidir leis an tríú ráithe de 2023, a seoladh chuig Meitheal um Ghrinnscrúdú Frontex de chuid Pharlaimint na hEorpa (FSWG), i gcur chun feidhme fhormhór na ngníomhaíochtaí a bhaineann le moltaí ó FSWG, ó Mheitheal Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha agus um Ghnéithe Oibríochtúla Dlíthiúla d’Oibríochtaí (FRaLO), ón Ombudsman Eorpach (EO) agus ó OLAF; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme ina iomláine agus leanúint den údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn ina leith sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na moltaí uile atá ar feitheamh ó FSWG, ó Mheitheal Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, ó FRaLO, ó EO, ón gCúirt agus ó OLAF a chur chun feidhme go hiomlán, mar ábhar tosaíochta; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé athbhreithniú agus rialú leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na foirne bainistíochta chun saincheisteanna a shainaithint agus a réiteach go tráthúil; ag tabhairt dá haire, chun obair leantach bhreise a dhéanamh ar na saincheisteanna a ardaíodh sa tuarascáil ó OLAF ar éirigh iarStiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta as oifig dá bharr, gur dhréachtaigh ceann na hOifige nuabhunaithe Cigireachta agus Rialaithe plean gníomhaíochta a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta i mí Eanáir 2023; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur leis na hiarrachtaí leanúnacha agus na gníomhaíochtaí go léir is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán caighdeáin an Aontais, go háirithe i réimsí na bainistíochta buiséadaí agus airgeadais, na gceart bunúsach, cultúr na heagraíochta agus na trédhearcachta; ag meabhrú dhara himscrúdú OLAF ar chleachtais bhainistíochta laistigh den Ghníomhaireacht, atá ar siúl agus gan ach 9 mí caite ó cuireadh an chéad imscrúdú de OLAF i gcrích; á iarraidh go ndéanfaí líomhaintí mí-iompair a sheiceáil agus a imscrúdú go mion; á iarraidh ar an nGníomhaireacht comhar iomlán dílis le OLAF a áirithiú ag gach céim den imscrúdú agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa go tráthrialta maidir le dul chun cinn staid agus thoradh an imscrúdaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an iliomad cásanna dlí atá fós gan réiteach agus an cáineadh ar rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i sáruithe ar chearta an duine, nach gcomhlíonann a rialacháin féin agus a hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur sonrú i mbearta na Gníomhaireachta maidir le trédhearcacht agus grinnscrúdú, eadhon forléargas a thabhairt don Pharlaimint agus don Chomhairle ar a chuid gníomhaíochtaí trí uirlis tuairiscithe nua ar a dtugtar an ‘deais’; ag moladh do na cathaoirligh Bhord Bhainistíochta na Gníomhaireachta leanúint de chuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ón bParlaimint chuig a chruinnithe agus machnamh a dhéanamh ar na cuirí a leathnú chuig gach mír ar an gclár oibre, lena n-áirítear i seomraí iata, agus leanúint de na doiciméid tacaíochta uile a chur ar fáil gan eisceacht agus, má mheastar gá a bheith leis, ar bhealach rúnda;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis dhá leasú ar an mbuiséad lena ndéantar laghdú thart ar EUR 47 milliún ar bhuiséad na Gníomhaireachta do 2022, gurbh é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana sin ná ráta cur chun feidhme buiséid de 99,40 % le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arb ionann é agus méadú 4,70 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, in ainneoin iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta, a tuairiscíodh in 2021, chun feabhas a chur ar fhorghníomhú a buiséid, go raibh an ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (50,25 %) fós íseal in 2022, arb ionann é agus laghdú 0,17 % i gcomparáid le 2021; á aithint, mar sin féin, go bhfuil méadú tagtha, i ndearbhthéarmaí, ar luach bliantúil na n-íocaíochtaí idir 2020 agus 2022; ag cur sonrú i míniú athnuaite na Gníomhaireachta lena nasctar leibhéal íseal ráta forghníomhaithe an bhuiséid le cineál chaiteachas na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leibhéal méadaitheach chistí C8 na Gníomhaireachta (tabhairt anonn go huathoibríoch) le blianta beaga anuas, arbh ionann é agus EUR 240,4 milliún in 2022, ach arbh ionann é sa dá bhliain roimhe sin agus EUR 159,4 milliún (in 2021) agus EUR 102 mhilliún (in 2020); ag cur sonrú, sa chomhthéacs sin freisin, sa mhéadú ar chistí C8 na Gníomhaireachta i gcoibhneas leis an méadú ar bhuiséad bliantúil na Gníomhaireachta, de bhrí go bhfuil méadú faoi fhachtóir 2,1 tagtha ar bhuiséad bliantúil na Gníomhaireachta ó 2019 go 2022, cé gur tháinig méadú faoi fhachtóir 2,9 ar na cistí sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú breise tagtha ar leibhéal íocaíochtaí (84 %) chistí C8 in 2022 (87 % in 2021); ag cur sonrú, áfach, i mbarúil na Gníomhaireachta go raibh tionchar ag staid dheacair sa slabhra soláthair ar an táscaire sin, rud a d’fhág go raibh moill ar sheachadadh seirbhísí agus táirgí ordaithe; á iarraidh, ina theannta sin, ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún sonraí a sholáthar don údarás um urscaoileadh maidir le bunús agus éabhlóid an dliteanais airgeadais de EUR 9,3 milliún a ndearnadh cuntas air in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón gCúirt agus don dara bliain as a chéile, sa mhír ‘Béim ar ábhar’ ina ndearbhaíonn oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta, nach bhféadfaí córas cuntasaíochta na Gníomhaireachta a bhailíochtú mar gheall ar easpa faisnéise faoi chóras TF ar leis an gCoimisiún é agus a sholáthraíonn sonraí cuntasaíochta; ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón gCúirt, i bhfreagra na Gníomhaireachta ina leith sin de bhrí gurb é an córas bainistithe misean (MiPS) an ghné atá in easnamh chun córas cuntasaíochta na Gníomhaireachta a bhailíochtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur sonrú, don tríú bliain as a chéile, sa mhír ‘Béim ar ábhar’ arna dtarraingt ag an gCúirt arís agus arís eile ar bhonn na nótaí a ghabhann le cuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta, maidir le gannmheastachán ar an ranníocaíocht ó thíortha comhlachaithe Schengen (SACanna), a bhí coibhéiseach le EUR 3,2 milliún in 2022 de bhrí go ndearnadh rómheastachán ar ranníocaíocht an Aontais don mhéid céanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil na comhaontuithe idir an tAontas agus SACanna, a fheidhmíonn mar bhunús dlí chun a ranníocaíochtaí le buiséad an Aontais a ríomh, doiléir agus go ligtear léirmhínithe éagsúla a bheith ann leo, agus de thoradh air sin go bhfuil ranníocaíocht níos lú déanta ag SACanna, arna ríomh ag thart ar 7 %; ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón gCúirt, i bhfreagra na Gníomhaireachta go bhfuil éagsúlacht ann idir an dearcadh atá ag Oifigeach Cuntasaíochta na Gníomhaireachta, ar thaobh amháin, agus ag Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, ag an gCoimisiún agus ag SACanna, ar an taobh eile, maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid chun ranníocaíocht SACanna a ríomh bunaithe ar na comhaontuithe reatha atá i bhfeidhm le SACanna; ag tabhairt dá haire, de réir léirmhíniú na Gníomhaireachta, go bhfuil an mhodheolaíocht atá in úsáid ó 2016 i leith i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil agus leis na comhaontuithe is infheidhme agus gur tháinig Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta ar an gconclúid in 2021 nach ndéanfaí athbhreithniú ar an modheolaíocht chun ranníocaíochtaí SACanna a ríomh; ag cur sonrú in argóintí athnuaite na Cúirte maidir leis an bhfáth a bhfuil léirmhíniú na Gníomhaireachta lochtach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart do SACanna in aon slí méid níos lú a rannchuidiú ná mar a bhíothas ag súil leis le buiséad na Gníomhaireachta agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar léirmhíniú na Gníomhaireachta ar an modheolaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir na tuarascála ón gCúirt, na barúlacha maidir le rómheastachán ar mhuirir fhabhraithe arna dtabhú in 2022 i dtaobh chostais misean na Gníomhaireachta agus leis an easpa treoir fhoirmiúil nó nósanna imeachta foirmiúla laistigh den Ghníomhaireacht chun a áirithiú go ndéanfar muirir fhabhraithe a ríomh go comhsheasmhach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an easnamh sin agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as raon leathan beart (240 beart) mar eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) in 2022 chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht a gníomhaíochtaí (58 ngníomhaíocht), arna nglacadh ag Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, a eascraíonn as doiciméad clársceidealaithe aonair 2022-2024; ag cur sonrú i ráta cur chun feidhme 85,20 % dá Clár Oibre Bliantúil do 2022, arna fhéinmheasúnú ag an nGníomhaireacht; ag moladh an fheabhais fhoriomláin atá tagtha ar KPInna cáilíochtúla na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil meath ag teacht ar chuid de KPInna na Gníomhaireachta, amhail ráta na n-íocaíochtaí moillithe a bhí ag 20 % in 2022 (i gcomparáid le 12 % in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici na gníomhaíochtaí gasta a rinne an Ghníomhaireacht tar éis ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise ar an Úcráin ar dá bharr a theith na milliúin Úcránach as a dtír go dtí an Aontas; ag moladh na Gníomhaireachta sa chomhthéacs sin as an méid seo a leanas a dhéanamh:  gníomhachtú sásra freagartha ar ghéarchéimeanna agus foireann thiomnaithe freagartha i gcás géarchéime a d’fheidhmigh 24/7;  síniú an Chomhaontaithe Stádais leis an Moldóiv ar an dá luas, as ar eascair seoladh na hoibríochta comhpháirtí nua <STRING ITALIC="on">JO Moldova 2022</STRING>;  imscaradh thart ar 500 oifigeach buanchóir atá ag obair ag teorainn an Aontais leis an Úcráin agus feadh theorainn thoir an Aontais ina hiomláine ón bhFionlainn go dtí an Rómáin agus; soláthar sócmhainní eile (sócmhainní muirí, aeir agus talún) i 102 shuíomh oibríochtúla nua; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an Aontas agus ar an gcaoi a mbreathnaíonn saoránaigh an Aontais ar a shlándáil, go háirithe ag na teorainneacha thoir; á thabhairt chun suntais go bhfuil an líon is airde trasnuithe neamhdhleathacha teorann ag an Aontas ó 2016 i leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú sna tionscnaimh éagsúla a rinne an Ghníomhaireacht in 2022, lena n-áirítear síniú comhaontaithe stádais leis an Mhacadóin Thuaidh agus síniú Meabhráin Tuisceana agus Plean Gníomhaíochta Oibriúcháin leis an gCipir, chomh maith le láithreacht na Gníomhaireachta san oibríocht chomhpháirteach JO Serbia Land 2022 a dhúbailt agus limistéar oibríochtúil nua a oscailt ag an teorainn idir an tSeirbia agus an Ungáir; á chur i bhfáth gur rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach bhfuil gníomhaíochtaí na hUngáire ag luí leis an Treoir um Fhilleadh agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cé go ndúirt an Ghníomhaireacht gur tharraing sí siar oibríochtaí ón Ungáir in 2021, mar sin féin, gur lean sí de thacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí na hUngáire um fhilleadh; á athdhearbhú gur iarr FSWG ar stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta oibríochtaí ón Ungáir a chur ar fionraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht bailchríoch ar an treoirthionscadal maidir le hOifigigh Idirchaidrimh na mBallstát a chur chuig ceanncheathrú na Gníomhaireachta agus go ndearna sí meastóireacht air; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh meastóireacht inmheánach ar an treoirthionscadal sin agus gur chinn an Ghníomhaireacht leanúint den chomhar sin leis na Ballstáit; á iarraidh ar na Ballstáit uile Oifigigh Idirchaidrimh a chur chuig an nGníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh thart ar 49 000 teagmhas mar thoradh ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla a rinneadh ar theorainneacha talún in 2022, lenar bhain níos mó ná 26 000 imirceach neamhrialta a gabhadh agus 700 smuigléir a gabhadh; ag cur sonrú in iarrachtaí na Gníomhaireachta a raibh mar thoradh orthu gur cuireadh 24 850 náisiúnach neamh-AE (ardú de 35 % i gcomparáid le 2021) ar ais d’aer, a raibh 9 919 nduine díobh sin ar 291 oibríocht ar eitiltí cairtfhostaithe chuig 32 thír fillte agus 14 931 duine díobh sin (ardú de 84 % i gcomparáid le/. 2021) ar 8 789 n-eitilt sceidealaithe chuig 116 thír fillte; ag cur sonrú, thairis sin, in iarrachtaí na Gníomhaireachta maidir le gach oibríocht chomhpháirteach mhuirí in 2022 a raibh mar thoradh orthu go ndearnadh 1 105 éascaitheoir agus 11 gháinneálaí ar dhaoine a bhrath, na deicheanna tonnaí de dhrugaí smuigleáilte a urghabháil agus na mílte imirceach a tharrtháil; ag cur sonrú, ag an am céanna, san iliomad tragóidí ó longbhristeacha a tharla le déanaí agus teagmhais mharfacha eile le himircigh ar an Meánmhuir; á iarraidh ar an nGníomhaireacht comhoibriú go hiomlán le himscrúdú an Ombudsman; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 1 422 mhisean faireachais ilchuspóireacha in 2022, rud a d’fhág go raibh 1 177 teagmhas ann agus gur braitheadh 51 362 imirceach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur sonrú sa mhéadú ar líon na n-imirceach a cuireadh ar ais, arna thacú ag Frontex agus arna chur chun feidhme ar bhonn deonach, ó 26 % in 2021 go 39 % in 2022; ag moladh chur chun feidhme na chéad oibríochtaí um fhilleadh lánfheidhme faoi stiúir Frontex, lenar chuir an Ghníomhaireacht – trí ról an Bhallstáit eagrúcháin á ghlacadh chuici féin – 80 náisiúnach tríú tír ar ais chuig an Albáin agus chuig an Nigéir; ag cur sonrú sa tuarascáil ón nGníomhaireacht dar teideal ‘Cooperation between Frontex and third countries in 2022’ [Comhar idir Frontex agus tríú tíortha in 2022], ina ndéanann an Ghníomhaireacht forbairt ar ghníomhaíochtaí a gné seachtraí, amhail: idirphlé agus comhar a fhorbairt tuilleadh le comhpháirtithe éagsúla (e.g. na Balcáin Thiar, Réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, an Afraic agus an Meánoirthear); a cuid oibre maidir le caighdeáin cosanta sonraí agus cearta bunúsacha; cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do thríú tíortha chun dul i ngleic, i measc nithe eile, leis an gcoireacht trasteorann; gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta (e.g. oiliúint); á chur in iúl gur cúis bhuartha di roinnt tuarascálacha, a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil an Ghníomhaireacht rannpháirteach i sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear ina gníomhaíochtaí maidir leis an ngné sheachtrach, go háirithe go líomhnaítear go ndearnadh brú siar neamhdhleathach ag teorainn sheachtrach an Aontais; ag tabhairt dá haire, de réir na faisnéise a chuir an Ghníomhaireacht ar fáil le déanaí, go bhfuil comhordanáidí na n-imirceach atá i nguais á roinnt aici le gníomhaithe na Libia le trí bliana anuas; ag cur sonrú in dhá Thuarascáil ar Theagmhais Thromchúiseacha atá ar feitheamh maidir le hidircheapadh imirceach ag Tareq Bin Zeyad tar éis don Ghníomhaireacht é a bhrath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chéad tuarascáil ón nGníomhaireacht maidir le feidhmiú EUROSUR, ar príomhionstraim í a bhfuil sé d’aidhm aici feasacht staide a fheabhsú agus cumais freagartha a mhéadú ar mhaithe le bainistiú teorainneacha trí mhalartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht; ag cur sonrú, agus is mór aici, de réir na tuarascála sin, an dul chun cinn atá déanta i réimsí éagsúla amhail forbairtí teicniúla na bhfeidhmchlár a úsáidtear chun críoch EUROSUR, forbairt 17 seirbhís faoi Sheirbhísí Cumaisc EUROSUR (le líon réasúnta ard iarrataí ar sheirbhís ó na Ballstáit ar íomhánna satailíte agus ar fhaireachán cósta) agus forbairt treochláir chun EUROSUR 2.0 a athdhearadh agus a fhorbairt, arb é is aidhm dó idir-inoibritheacht iomlán na bhfeidhmchlár agus na gcóras éagsúil a bhaint amach faoin mbliain 2026; ag cur sonrú, de réir Thuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí 2022 (CAAR) ón nGníomhaireacht, sa dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir le EUROSUR in 2022 agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí chun í a ailíniú go hiomlán le ceanglais Rialachán (AE) 2019/1896 agus le ceanglais Rialacháin Cur Chun Feidhme EUROSUR;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an dul chun cinn suntasach a rinneadh in 2022 maidir le Láraonad (ECU) an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú trí ghníomhaíochtaí amhail rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha a fhorbairt, straitéis mheántéarmach, creat rannpháirtíochta, anailís ar thionchar gnó, chomh maith le plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a ullmhú agus an chéad mheasúnú riosca de ECU a chur i gcrích; ag tabhairt dá haire, maidir le bunú ECU, gur chuir an Ghníomhaireacht an próiseas earcaíochta don dara babhta d’fhoireann ECU i gcrích in 2022, lenar líonadh 55 % de na poist uile a bhí beartaithe agus gur sheol sí nósanna imeachta earcaíochta eile; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coimisiún feachtas faisnéise don phobal ar bun in 2022, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, lena gcuirtear ETIAS chun cinn i measc náisiúnaigh 60 tír atá gan víosa; ag cur sonrú in éachtaí oibríochtúla eile na Gníomhaireachta amhail tús a chur le slabhra nua ceannais a fhorbairt le haghaidh buanchór ag a bhfuil struchtúr aonair um chomhordúchán oibríochtúil agus freagrachtaí cinnteoireachta breise a tharmligean chuig an réimse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 i ndáil le hoibríochtaí muirí na Gníomhaireachta in 2022, eadhon na hOibríochtaí Comhpháirteacha: Themis (an Iodáil), Poseidon (an Ghréig), Indalo (an Spáinn), Opal Coast (an Bheilg agus an Fhrainc) agus Oibríocht Mhuirí Ilchuspóireach na Mara Duibhe (an Bhulgáir agus an Rómáin); ag cur sonrú i mbarúil na Gníomhaireachta go bhfuil neamhshiméadracht ann idir na caighdeáin agus na ceanglais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht de réir Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus na caighdeáin agus na ceanglais is infheidhme maidir le gníomhaithe eile (e.g. ECAT, EMSA, EFCA) a bhfuil baint acu le hoibríochtaí muirí, de bhrí go leanann na gníomhaithe sin, agus iad ag gníomhú le tacaíocht na Gníomhaireachta, an dlí muirí idirnáisiúnta; ag tacú leis an nGníomhaireacht féachaint an bhféadfaí caighdeáin atá cosúil leis na caighdeáin a léirítear i Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 a áireamh sna comhaontuithe stádais ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Gníomhaireacht láidir, éifeachtach agus dea-fheidhmiúil atá in ann cabhrú leis na Ballstáit comhtheorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú agus bainistiú comhtháite teorainneacha a áirithiú d’fhonn na teorainneacha sin a bhainistiú go héifeachtúil agus i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil freagrachtaí comhroinnte ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit maidir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú éifeachtach agus cóir na dteorainneacha seachtracha ríthábhachtach chun limistéar Schengen a chosaint mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais; á chur i bhfáth go bhfuil dlúthchomhar agus comhaontuithe le tríú tíortha i réimsí amhail comhaontuithe um athligean isteach, cúnamh teicniúil, oiliúint, agus gníomhaíochtaí dleathacha um fhilleadh, mar aon le cabhair um fhorbairt, tábhachtach chun bainistiú éifeachtúil teorainneacha AE a ráthú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit struchtúir i ndáil le comhar, comhroinnt faisnéise agus malartú dea-chleachtas a fhorbairt tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag aithint an róil lárnaigh atá ag an Oifigeach um Chearta Bunúsacha (FRO) ó 2021 i leith i gcur chun feidhme moltaí éagsúla a bhaineann le cearta bunúsacha, ar moltaí iad a thagann ón Ombudsman Eorpach, ó FSWG agus ó FRaLO; ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála bliantúla ó FRO  do 2022 (Tuarascáil FRO), gur cuireadh formhór na moltaí sin chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht comhoibriú go hiomlán leis an Oifig um Chearta Bunúsacha agus a moltaí go léir a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú gurb iad an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha na mBallstát an príomhráthóir i gcomhair teorainneacha seachtracha Eorpacha atá láidir agus cosanta agus cearta bunúsacha agus oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta á gcomhlíonadh; ag tabhairt dá haire gur chinn an FRO i dtuairim uaidh an 1 Meán Fómhair 2022 gur comhlíonadh na coinníollacha chun Airteagal 46 de Rialachán Frontex a ghníomhachtú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eisigh Meitheal na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha (Airteagal 46) sraith moltaí maidir le cearta bunúsacha sa Ghréig ar cuireadh 4 cinn díobh chun feidhme ina n-iomláine i mí Dheireadh Fómhair 2023; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag Meitheal na Gníomhaireachta faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn breise agus go leantar de bhearta atá molta a chur i bhfeidhm; á iarraidh go ndéanfaí na moltaí uile a chur chun feidhme ina n-iomláine mar ábhar tosaíochta agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cur sonrú i bhfiosrúchán an Ombudsman Eorpaigh ar ról na Gníomhaireachta in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála (OI/3/2023/MHZ), a seoladh tar éis thragóid bhád Adriana i mí an Mheithimh 2023; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na conclúidí ón Ombudsman nach bhfuil an Ghníomhaireacht in ann a hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha a chomhlíonadh agus go bhfuil sí ag brath an iomarca ar na Ballstáit chun gníomhú nuair atá imircigh i nguais, toisc nach bhfuil treoirlínte inmheánacha ag an nGníomhaireacht maidir le comharthaí éigeandála a eisiúint agus nach mbíonn baint leordhóthanach i gcónaí ag lucht faireacháin na Gníomhaireachta ar chearta bunúsacha le cinntí maidir le héigeandálaí, agus ó tharla tragóid bhád Adriana nach ndearnadh aon athrú leordhóthanach chun cosc a chur ar theagmhais den sórt sin tarlú arís; á mheabhrú gur leag an t-údarás um urscaoileadh béim arís agus arís eile ar na heasnaimh sin i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo agus á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an tsaincheist fós gan réiteach; ag tabhairt dá haire gur iarr an tOmbudsman ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh, agus gur iarr sé ar an bParlaimint, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle coimisiún neamhspleách fiosrúcháin a bhunú ar an ábhar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta an 20 Iúil 2022 lenar neartaíodh an comhar agus an chumarsáid idir eintitis éagsúla de chuid na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an Fóram Comhchomhairleach agus FRO trí rialacha lena bhforáiltear do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta an Fóram Comhchomhairleach a chur ar an eolas faoin obair leantach ar na moltaí uaidh agus a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht maidir leis na moltaí ó FRO; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur glacadh in 2022 an nós imeachta oibríochta caighdeánach maidir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896 agus an nós imeachta oibríochta caighdeánach maidir leis na modhanna oibre a bhaineann le cumhachtaí imscrúdaitheacha FRO;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, tar éis na moltaí le haghaidh gníomhaireacht éifeachtach um theorainneacha a bheadh i gcomhréir le cearta bunúsacha agus chun cuntasacht, rialtacht agus dlíthiúlacht ghníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta a fheabhsú, go ndearnadh 22 Mhonatóir ar Chearta Bunúsacha (FROManna) breise a earcú go seachtrach; á mheabhrú gur cheart gach FROM a earcú ar leibhéal AD, a luaithe is féidir trí na nósanna imeachta iomchuí; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar shainordú nuashonraithe na Gníomhaireachta, go mbeidh éileamh ar FROManna breise amach anseo; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Oifig um Chearta Bunúsacha 1 183 lá imscartha i gcrích agus cuairt tugtha aici ar 50 tír, ar méadú suntasach é i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór rannpháirtíocht dhíreach agus indíreach na Gníomhaireachta i mbainistiú teorainneacha agus i ngníomhaíochtaí faireachais ar theorainneacha a bheith fite fuaite le cearta bunúsacha a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ó FRO, go bhfuil méadú breise tagtha ar líon na dtuarascálacha teagmhais thromchúisigh (SIRanna) ó 62 SIR in 2021 go 72 SIR in 2022, a chumhdaítear leis an nós imeachta oibríochta caighdeánach arna leasú in 2021; ag moladh FRO as nósanna imeachta a fhorbairt lena ndéantar caighdeánú ar an gcaoi a ndéanann a oifig meastóireacht agus próiseáil ar an bhfaisnéis a fhaightear maidir le teagmhais; ag tabhairt dá haire gurb iad oifigigh imscartha na Gníomhaireachta a bhí mar phríomhfhoinse faisnéise i bhformhór na gcásanna SRI (38 gcás as 72) in 2022, ach go raibh FRO ag brath freisin ar fhoinsí eile faisnéise amhail na meáin (4 chás) agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (10 gcás); á mheabhrú gur cuireadh moill ar an athbhreithniú breise is gá ar an nós imeachta oibríochta caighdeánach maidir le sásra SIR; ag dréim leis go gcuirfidh an Ghníomhaireacht na moltaí ó FRO chun feidhme, mar a leagtar amach iad ina thuarascáil bhliantúil 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire de réir na tuarascála ó FRO, go bhfuair FRO 69 ngearán san iomlán in 2022 (méadú ó 27 gcinn in 2021); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dearbhaíodh go raibh 9 gcinn de na gearáin sin inghlactha (méadú ó 6 cinn in 2021); á chur in iúl gur geal léi na rialacha athbhreithnithe maidir leis an sásra gearán a ghlac Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta in 2022 lena bhforáiltear d’amlínte agus d’obair leantach leormhaith a fheabhsú; ag moladh an FRO as a iarrachtaí breise sa réimse a bhaineann leis an sásra gearán amhail gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt trí e.g. na hábhair faisnéise a thabhairt cothrom le dáta agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta amhail cúrsaí oiliúna d’oifigigh imscartha na Gníomhaireachta agus do chomhpháirtithe áitiúla le linn cuairteanna chuig limistéir oibríochtúla na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an phlean gníomhaíochta um chearta bunúsacha (FRAP) ina ndéantar foráil do 87 ngníomhaíocht; ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ó FRO, go bhfuil 18 gcinn de na gníomhaíochtaí sin curtha chun feidhme ina n-iomláine (i.e. ní gá aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh), go bhfuil 62 cheann díobh fós ar siúl (i.e. cuirtear chun feidhme iad ar bhealach córasach agus ar bhonn rollach), go bhfuil ceann amháin curtha chun feidhme go páirteach agus go bhfuil moill ar 6 cinn díobh; á chur in iúl gur oth léi na moilleanna sin agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht dul chun cinn a dhéanamh go pras maidir leis na gníomhaíochtaí atá fós gan réiteach; á mheabhrú sa chomhthéacs sin go bhfuil ról tábhachtach ag FRManna, lena n-áirítear i ndáil lena rochtain ar na limistéir oibríochtúla agus dlúthchomhar le foireann oibríochtúil na Gníomhaireachta, chomh maith lena n-iarrachtaí chun gníomhaíochtaí FRAP a chur chun feidhme (uimh. 23, 63 agus 83 i measc gníomhaíochtaí eile); ag moladh go ndearnadh an nós imeachta oibríochta caighdeánach maidir le róil agus freagrachtaí FRManna i ngníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta a thabhairt chun críche agus a fhormheas; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh líonra pointí fócasacha um chearta bunúsacha i rannáin uile na Gníomhaireachta ag tús 2022 chun saineolas ar chearta bunúsacha a fhorbairt i ngach réimse gníomhaíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a dlúthchomhar agus/nó as comhroinnt acmhainní le gníomhaireachtaí éagsúla agus le geallsealbhóirí eile amhail an Coimisiún, na Ballstáit nó tríú tíortha; á chur i bhfios go bhfuil tairbhí cothrománacha ag baint le bheith ag obair le chéile agus dea-chleachtais a ghlacadh agus, le tionscnaimh chomhpháirteacha, go dtugtar dearcthaí éagsúla le chéile, go laghdaítear dúbailt iarrachta, go feabhsaítear an fhoghlaim agus go neartaítear an caidreamh idir na rannpháirtithe; ag cur sonrú, sa chiall sin, i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i dtaca leis an méid seo a leanas, i measc nithe eile: an chaibidlíocht maidir le hathnuachan socruithe oibre lena leagtar amach comhar déthaobhach le roinnt gníomhaireachtaí i réimse an cheartais agus gnóthaí baile (CGB); athlonnú cuid dá fhoireann chuig eu-LISA don tréimhse 2022-2024 le haghaidh tionscadail a bhaineann le SFE agus ETIAS agus chuig Europol amhail ón 1 Eanáir 2024 le haghaidh tionscadail i réimse idir-inoibritheacht chórais an Aontais; - ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta ar bhonn rialta le cláir oibre bhliantúla gníomhaireachtaí eile chun gníomhaíochtaí a ailíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur sonrú, go háirithe, i gcomhar na Gníomhaireachta trí Shocrú Oibre Tríthaobhach leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun acmhainní a chomhordú agus a chomhroinnt i réimsí éagsúla amhail comhroinnt faisnéise, seirbhísí faireachais agus cumarsáide nó comhroinnt acmhainneachta; ag moladh seoladh Oibríochtaí Muirí Ilchuspóireacha (MMO) lena n-áirithítear cur chun feidhme fheidhmeanna éagsúla an gharda cósta in aon oibríocht amháin a bhaineann le sainorduithe na dtrí ghníomhaireacht sin agus lena bhfeabhsaítear comhar trasearnálach agus trasteorann; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh tuilleadh forbartha ar choincheap MMO le cur chun feidhme MMO na Mara Duibhe ó mhí Lúnasa go mí na Samhna 2022 i gcomhar le EFCA, EMSA agus sé údarás ón Rómáin agus ón mBulgáir; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur chomhaontaigh na trí ghníomhaireacht sin cur chun feidhme choincheap MMO a leathnú chuig Muir Aidriad agus Muir Bhailt in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tacú le pleananna na Gníomhaireachta maidir le dearadh agus tógáil foirgnimh nua don cheanncheathrú a bheidh aici amach anseo (buanáitreabh), de bhrí go mbeidh an foirgneamh sin, a bhfuiltear ag súil leis go gcomhlíonfar leis na caighdeáin inbhuanaitheachta is airde, neamhdhíobhálach don chomhshaol ar feadh a shaolré ar fad; ag tabhairt dá haire go bhfuil an nós imeachta tairisceana, a seoladh i mí Iúil 2022, bunaithe ar Threoirlínte maidir le Soláthar Poiblí Glas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil coincheap forbartha ag an nGníomhaireacht, sa chomhthéacs sin, atá bunaithe ar choincheap na hoibre de réir gníomhaíochtaí, lena dtacaítear le bunphrionsabail na hoibre neamhspleáiche ó thaobh ama agus áite de, le héagsúlacht na spásanna oibre agus le béim ar chomhar tras-eintitis agus ar mhalartú eolais agus go ndéanfar tástáil air ar dtús in áitreabh reatha na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thorthaí na tástála sin agus faoin obair leantach ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ar a bealach i dtreo inbhuanaitheacht chomhshaoil a chomhtháthú ina próiseas, beartais agus oibríochtaí uile, agus ar deireadh i dtreo neodracht carbóin faoi 2050, gur sheol an Ghníomhaireacht staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">The Green Deal and the European Border and Coast Guard</STRING> [An Comhaontú Glas agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach (EBCG)’] in 2021 agus gur fhoilsigh sí in 2022 é, atá bunaithe go príomha ar chás-staidéir ar dhea-chleachtas in eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla (e.g. an Banc Ceannais Eorpach, Aireacht Gnóthaí Baile na Fraince, Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe, i measc eagraíochtaí eile); ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go sainaithnítear sa tuarascáil deich réimse éagsúla (lena n-áirítear maidir le hinbhuanaitheacht i ngníomhaíochtaí oibríochtúla ina bhfuil an tionchar is mó ag an bpobal EBCG ar an gcomhshaol) le treochláir le haghaidh tréimhsí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha; ag tabhairt dá haire ón staidéar sin go bhfuil an creat bainistithe athruithe, na córais tuairiscithe agus bainistithe riosca agus cur chun feidhme agus deimhniú EMAS bunriachtanach don chlaochlú rathúil atá á lorg ag an nGníomhaireacht in éineacht le pobal EBCG;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcomhtháthaíonn an Ghníomhaireacht critéir chomhshaoil ina nósanna imeachta soláthair maidir le e.g. eitiltí, lónadóireacht agus buanáitreabh na Gníomhaireachta; á aithint, áfach, nach féidir na critéir sin a chomhtháthú i gcónaí mar gheall ar shainiúlachtaí éadálacha na Gníomhaireachta (e.g. earraí armúir coirp a cheannach); ag cur sonrú, thairis sin, i dtionscadal comhairliúcháin sheachtraigh na Gníomhaireachta maidir le conas bonnlíne a bhunú chun lorg fuinnimh agus comhshaoil na foirne agus an trealaimh oibríochtúil theicniúil a thomhas, chomh maith leis an oiliúint phíolótach i dtiomáint éiceolaíoch a cuireadh ar fáil do ghrúpa comhaltaí buanchóir agus oiliúint múscailte feasachta i gcleachtais tiomána éiceolaíche a chur san áireamh san oiliúint bhunúsach ar líne do nuatheachtaithe (comhaltaí buanchóir);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag aithint iarrachtaí leanúnacha agus feabhsuithe criticiúla na Gníomhaireachta i réimse na hearcaíochta, in ainneoin moilleanna; ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh 88,46 % den phlean bunaíochta curtha i gcrích (82 % in 2021) agus go raibh 1 150 gníomhaire shealadacha ceaptha as 1 300 gníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 723 ghníomhaire ar conradh (ar maoiníodh 11 bhall foirne díobh as an mbuiséad seachtrach) agus 190 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht (le 964 ghníomhaire ar conradh agus 220 saineolaí náisiúnta ar iasacht údaraithe don Ghníomhaireacht in 2022); á chur in iúl gur geal léi méadú (thart ar 6,5 % i gcomparáid leis an mbliain 2021) don dara bliain as a chéile i ráta áitíochta na Gníomhaireachta a bhuí le hearcaíocht 509 nuatheachtaí in 2022, rud a d’fhág go raibh glanmhéadú ar líon foirne na Gníomhaireachta ar an iomlán ó 1 554 in 2021 go 2 063 in 2022, agus go háirithe ar líon na n-oifigeach buanchóir de chatagóir 1 ó 595 in 2021 go 963 in 2022; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin gur earcaíodh agus gur ionduchtaíodh 65 bhall foirne nua do Roinn Láraonad ETIAS, chomh maith le 22 FRM nua, de bhrí, amhail ón 31 Nollaig 2022, go raibh 44 phost FRM líonta ag an nGníomhaireacht (46 amhail ón 1 Meán Fómhair 2023), agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí ag druidim le cur chun feidhme iomlán shainordú leathnaithe na Gníomhaireachta a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, amhail ó mhí Dheireadh Fómhair 2022, go raibh díorma lucht faireacháin na Gníomhaireachta don fhilleadh éigeantach comhdhéanta de 60 duine den lucht faireacháin ó 24 Bhallstát an Aontais agus ó SACanna, a raibh cúig cinn díobh ó dhíorma FRManna; ag moladh treocht laghdaitheach i ráta folúntas bliantúil na Gníomhaireachta maidir le gach cineál conartha i gcolún A agus i gcolún B araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an dáileadh inscne a tuairiscíodh do 2022 ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus na meánbhainistíochta le 19 bhfear (79 %) agus 7 mbean (21 %), ar leibhéal an bhoird bainistíochta le 54 fhear (87 %) agus 8 mbean (13 %), agus i measc fhoireann na Gníomhaireachta ar an iomlán le 1 473 fhear (71 %) agus 590 bean (29 %); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le háirithiú na cothromaíochta inscne a chur i gcuntas nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón nGníomhaireacht dar teideal <STRING ITALIC="on">Frontex’s individual follow up report for the 2021 budgetary discharge</STRING> [Tuarascáil leantach aonair Frontex maidir le hurscaoileadh buiséadach 2021] (dá ngairtear an ‘tuarascáil leantach ón nGníomhaireacht’ anseo feasta) sna bearta agus sna tionscnaimh atá déanta ag an nGníomhaireacht chun cothromaíocht inscne a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, in ainneoin na n-iarrachtaí sin, go bhfuil obair mhór fós le déanamh chun an sprioc arna fógairt ag an nGníomhaireacht go mbeidh 40 % ar a laghad den inscne tearcionadaithe fostaithe ar gach leibhéal bainistíochta a bhaint amach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus aon dul chun cinn ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, de réir na tuarascála leantaí ón nGníomhaireacht, go bhfuil faireachán á dhéanamh ar chothromaíocht inscne trí chúig phríomhchatagóir foirne a chur i gcuntas freisin, a bhfuil an díorma earcaíochta (seirbhísí náisiúnta forfheidhmithe dlí) comhdhéanta d’fhir den chuid is mó i gcás cuid acu, amhail poist bhainistíochta; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, de réir na tuarascála sin, go bhfuil cothromaíocht inscne beagnach idéalach bainte amach ag an nGníomhaireacht i mí na Bealtaine 2023 i gcatagóir na bpost riaracháin (417 bhfear agus 426 bhean);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an líon forleathan beart agus beartas frithchiaptha arna gcur ar bun ag an nGníomhaireacht, atá bunaithe ar chomhairleoirí iontaoibhe (17 mball foirne, a bhfuil 6 bhall foirne acu ón bhfoireann buanchóir) a bhfuil ról lárnach acu maidir le dínit fhoireann na Gníomhaireachta a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl gur geal léi, de réir na tuarascála leantaí ón nGníomhaireacht, na gníomhaíochtaí atá curtha chun feidhme cheana féin agus na gníomhaíochtaí atá idir lámha, chomh maith le liosta na mbeart atá beartaithe, agus iad uile dírithe ar neamhfhulaingt ar chiapadh gnéasach a áirithiú i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach agus a plean gníomhaíochta maidir le bearta frithchiaptha a chur chun feidhme ina iomláine; á thabhairt chun suntais gur gné bhunriachtanach é sin chun cultúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a athchóiriú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt go tréimhsiúil ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint maidir le 31 chás ciaptha anaithnide in 2022 (síceolaíoch: 27 nó gnéasach: 4) gur tuairiscíodh iad, ar dúnadh 22 díobh ag an gcéim anaithnid, a raibh 4 chás díobh faoi réir próiseas idir-réitigh leis an té a ndearnadh líomhain an chiaptha ina éadan agus gur aistríodh 5 díobh chuig nós imeachta foirmiúil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur osclaíodh 11 chás ciaptha in 2022 (ciapadh síceolaíoch: 7 gcás nó ciapadh gnéasach: 4 chás), cé gur dúnadh 5 chás tar éis chéim an réamh-mheasúnaithe agus, i 6 chás, go ndearnadh moltaí a bhaineann le cúrsaí feasachta maidir le ciapadh a chosc go foirceannadh conartha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú cúramach a dhéanamh ar gach cás atá ar feitheamh, agus cur chuige neamhfhulaingthe á ghlacadh aici maidir le ciapadh síceolaíoch, ciapadh gnéasach nó ciapadh d’aon chineál eile, agus leanúint go pras de na daoine atá freagrach as an mí-iompraíocht sin a thabhairt chun cuntais; ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála leantaí ón nGníomhaireacht, gur tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid maidir leis an imscrúdú athoscailte i ndáil le bás tragóideach baill foirne in 2020 nár tugadh bunús le haon chiapadh, agus dá bhrí sin nach bhféadfaí nasc díreach ná indíreach a bhunú idir féinmharú an íospartaigh líomhnaithe agus an timpeallacht oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an iliomad cúrsaí oiliúna a cuireadh ar fáil dá foireann in 2022; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur chuir an Ghníomhaireacht 21 chúrsa speisialtóireachta ar fáil do bhuanchór de chatagóir 1 (1 194 dhuine i láthair), 15 chúrsa éagsúla do bhuanchór de chatagóir 2 agus 3 (níos mó ná 1 450 duine i láthair), 34 chúrsa do chatagóirí éagsúla oifigeach (beagnach 4 000 duine i láthair) agus clár oiliúna bunúsach leathnaithe do 325 oifigeach buanchóir, agus go bhfuil gnéithe a bhaineann le cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint sonraí, fós ina ngnéithe lárnacha den oiliúint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur glacadh an ‘Chairt um Éagsúlacht agus Cuimsiú’ agus go ndearna an Ghníomhaireacht bearta éagsúla chun daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú agus chun folláine na foirne agus cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san fhaisnéis a chuir an tOmbudsman Eorpach ar fáil maidir le hoifigigh bhuanchór na Gníomhaireachta a raibh dualgas fuireachais orthu roimh an 5 Deireadh Fómhair 2022, nach bhfuair siad aon chúiteamh airgeadais ina leith; á chur in iúl gur cúis bhuartha di sa chomhthéacs sin, mar gheall ar easpa faisnéise breise agus fiosrúcháin chuí, gur chinn an tOmbudsman go bhfuil sé fós doiléir cén fáth a measann an Ghníomhaireacht nach bhfuil aon bhunús dlí ann chun na híocaíochtaí riachtanacha a dhéanamh; ag tathant ar an nGníomhaireacht tascfhórsa sonrach a chur ar bun d’fhonn na dearbhuithe uile maidir le dualgas fuireachais a rinneadh roimh an 5 Deireadh Fómhair 2022 a bhailiú agus a fhíorú agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta san ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na bearta atá déanta ag an mGníomhaireacht chun dul i mbun próiseas aistrithe chun feabhas a chur ar an gcultúr bainistíochta agus folláine na foirne a chur chun cinn; á iarraidh ar an mbainistíocht nua leanúint de athchóiriú domhain a dhéanamh ar chultúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón gCúirt, sa bharúil maidir leis an méadú (ó EUR 79 000 go EUR 502 900 trí cheithre leasú) atá tagtha ar luach conartha thar an teorainn (50 %) a cheadaítear leis an Rialachán Airgeadais (Airteagal 172(3)(a)(iii)); ag tabhairt dá haire go raibh na híocaíochtaí sin arbh ionann iad agus EUR 384 000 neamhrialta mar thoradh ar an méadú; á aithint, sa chomhthéacs sin, de réir fhreagra na Gníomhaireachta, ionas nach gcuirfí moill ar earcú buanchóir, go raibh gá le heisceachtaí ó na rialacha agus gur cláraíodh iad i gclárlann na Gníomhaireachta maidir le heisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíonta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht 53 thairiscint oscailte in 2022, agus go raibh 20 ceann de chonarthaí sínithe ar luach iomlán EUR 140,5 milliún mar thoradh orthu, agus go bhfuil 25 gcinn díobh sin fós ar siúl, agus luach measta EUR 486,51 milliún orthu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur láimhseáil an Ghníomhaireacht 33 nós imeachta ar luach íseal agus ar mheánluach (a ndearnadh caibidlíocht orthu le triúr iarrthóirí agus le cúigear iarrthóirí) ar a bhfuil luach iomlán EUR 3,4 milliún, agus as 33 nós imeachta gur tháinig ann do 20 chonradh shínithe in 2022 ar luach iomlán EUR 2,03 milliún, agus go bhfuil ceithre cinn díobh sin fós ar siúl, ar luach iomlán EUR 524 000; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur láimhseáil an Ghníomhaireacht 228 nós imeachta ar luach an-íseal (a ndearnadh caibidlíocht orthu le hiarrthóir amháin) ar luach iomlán EUR 1,62 milliún in 2022; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go ndearnadh 116 nós imeachta faoi chreatchonarthaí atá ann cheana, ar luach iomlán EUR 188,9 milliún, a láimhseáil in 2022 agus go raibh conarthaí sonracha nó foirmeacha ordaithe sínithe mar thoradh ar 983 díobh, ar luach iomlán EUR 153,4 milliún, agus go bhfuil 32 cheann díobh ar luach iomlán EUR 16,6 milliún fós ar siúl; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú thart ar 15 % ar luach iomlán na nósanna imeachta soláthair a tugadh chun críche, ó EUR 406,9 milliún in 2021 go EUR 348,5 milliún in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta in 2022 conarthaí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo a áirithiú i réimsí ó sholáthar seirbhísí foirne eatramhacha go soláthar seirbhísí le haghaidh córas faisnéise geografaí, faisnéis gheospásúil agus faisnéis íomhánna; ag tabhairt dá haire go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir le nósanna imeachta soláthair criticiúla le haghaidh méideanna suntasacha airgid a mhéid a bhaineann le buanáitreabh na Gníomhaireachta (EUR 140 milliún, soláthar seirbhísí a bhaineann le taisteal (EUR 666 mhilliún) agus le seirbhísí bonneagair agus bogearraí (EUR 32 mhilliún);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ann don tuairisciú ón nGníomhaireacht gur cuireadh feabhas ar phleanáil an phlean soláthair bhliantúil agus ar fhaireachán air; á iarraidh ar IAS an plean sin a áireamh ina iniúchtaí amach anseo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go ndéantar CVanna agus dearbhuithe maidir le leasanna chomhaltaí Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta agus a bainistíochta feidhmiúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur próiseáladh cúig chás sceithireachta in 2022, ar dúnadh trí chás díobh nó ar tugadh chun críche iad ag an gcéim réamh-mheasúnaithe agus go bhfuil dhá chás faoi imscrúdú OLAF faoi láthair; á iarraidh orthu siúd lena mbaineann agus ar an nGníomhaireacht comhar iomlán le OLAF a áirithiú le linn an imscrúdaithe; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, nach ndearnadh imscrúdú in 2022 ar aon chás coinbhleachtaí leasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag obair ar bheartas chun faireachán a dhéanamh ar chásanna ‘dorais imrothlaigh’ á gcomhlíonadh ag foireann shinsearach reatha agus iarfhoireann shinsearach na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn ina leith sin; ag athdhearbhú a hiarrata ar an nGníomhaireacht prionsabail, nósanna imeachta agus sásraí sonracha a chur i bhfeidhm freisin do chomhaltaí a Bhoird Bainistíochta chun déileáil le coinbhleachtaí leasa na gcomhaltaí sin agus le cásanna ‘dorais imrothlaigh’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag cur sonrú sa fhreagra ar an údarás um urscaoileadh ina gcuirtear faisnéis ar fáil maidir leis na teagmhálacha agus na cruinnithe arna gclárú agus arna ndoiciméadú i gClár Trédhearcachta na Gníomhaireachta in 2022; ag cur sonrú i gcruinnithe éagsúla (Laethanta Tionsclaíochta) na Gníomhaireachta lenar tugadh deis do chuideachtaí ón tionscal a dtáirgí agus a seirbhísí a chur i láthair ar féidir leo tacú le gníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha agus idirphlé idir pobal EBCG agus an tionscal a spreagadh; ag tabhairt dá haire, faoi chuimsiú na Laethanta Tionsclaíochta le haghaidh 2022, go bhfuair an Ghníomhaireacht 277 n-iarratas ar réitigh, gur iarr sí ar 88 gcuideachta a dteicneolaíochtaí a thaispeáint agus gur eagraigh sí seisiúin ar líne inar comhroinneadh faisnéis maidir le 175 réiteach; á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsítear liosta na gcuideachtaí rannpháirteacha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir CAAR na Gníomhaireachta, gur phróiseáil oifig trédhearcachta na Gníomhaireachta líon i bhfad níos airde iarratas (469) ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (RPD), arb ionann é agus méadú beagnach 34 % bliain ar bhliain; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bunaíodh clár poiblí doiciméad na Gníomhaireachta in 2022 agus thart ar 1 900 príomhdhoiciméad uaslódáilte; ag cur sonrú i gconclúidí an Ombudsman Eorpaigh óna fiosrúchán féintionscnaimh (cás OI/2022/PB) go nglacann an Ghníomhaireacht rófhada go córasach chun iarrataí PAD a phróiseáil, go háirithe nuair a bhaineann sé le líon mór doiciméad agus nuair a mheasann an Ghníomhaireacht go bhfuil an iarraidh neamhbheacht, agus gurb ionann é sin agus drochriarachán; á chur in iúl gur saoth léi nár ghlac an Ghníomhaireacht le moladh an Ombudsman agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht tús a chur le hiarrataí PAD ar bhealach níos gasta agus níos trédhearcaí mar ábhar tosaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag aithint na toimhde ginearálta neamhnochta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bhaineann le himscrúduithe OLAF atá ar siúl faoi láthair<FOOTNOTE><FIELD> Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl ‘go mbainfeadh rochtain ghinearálaithe, de bhun Rialachán Uimh. 1049/2001, ar dhoiciméid i gcomhad OLAF, cé go bhfuil nós imeachta imscrúdaithe OLAF fós ar siúl, an bonn, i bprionsabal, ó stiúradh éifeachtach an imscrúdaithe’; An Chúirt Ghinearálta, breithiúnas i gCás T‑110/15 an 26 Bealtaine 2016, IMG v an Coimisiún, mír 33, ECLI:EU:T:2016:322.</FIELD></FOOTNOTE>; ag athdhearbhúa hiarrata, mar sin féin, go ndéanfaí tuarascálacha ó OLAF maidir leis an nGníomhaireacht a phoibliú i gcásanna ina bhfuil leas poiblí sáraitheach ann maidir le nochtadh agus, i ngach cás, go dtabharfaí rochtain d’Fheisirí ábhartha na Parlaiminte ar na tuarascálacha sin laistigh de thréimhse réasúnta ama chun go mbeidh siad in ann grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh go héifeachtach agus an Ghníomhaireacht a thabhairt chun cuntais as a cuid gníomhaíochtaí; á chreidiúint gur gá na rialacha reatha a athbhreithniú chun a áirithiú go gcuirfear an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas ina ról mar lucht ceaptha beartais agus mar chomhreachtóir, go háirithe maidir lena cumhachtaí buiséadacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tOmbudsman fiosrúchán maidir le diúltú na Gníomhaireachta rochtain phoiblí a thabhairt ar an tuarascáil óna FRO maidir le hoibríocht na Gníomhaireachta san Albáin (cás 652/2023/VB)<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ombudsman.europa.eu/en/decision/ga/177520</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag meabhrú chinneadh an Ombudsman Eorpaigh ina fhiosrúchán féintionscnaimh (cás OI/4/2021/MHZ) maidir lena hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha á gcomhlíonadh ag an nGníomhaireacht; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil oibleagáid ar an nGníomhaireacht trédhearcacht réamhghníomhach a áirithiú mar a shonraítear in Airteagal 114(2) de Rialachán (AE) 2019/1896; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cur chun feidhme na moltaí uile ón Ombudsman a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála leantaí ón nGníomhaireacht, go bhfuil obair fós ar siúl maidir leis na trí chód iompraíochta (dhá chód maidir le limistéir oibríochtúla agus ceann amháin is infheidhme maidir le foireann iomlán na Gníomhaireachta) a chumasc in aon chód iompraíochta amháin lena gcumhdaítear na forálacha sonracha do na limistéir oibríochtúla; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag aithint nóta faisnéise an 27 Meitheamh 2022 ón nGníomhaireacht maidir le gníomhaíochtaí a rinne lucht bainistíochta na Gníomhaireachta le linn na hidirthréimhse, go háirithe na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige na nósanna imeachta is gá don dea-rialachas agus don chuntasacht a neartú san eagraíocht, trí thrédhearcacht, cumarsáid réamhghníomhach agus rannpháirtíocht le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón nGníomhaireacht maidir le faisnéis oibríochtúil a thabhairt don phobal faoina gníomhaíochtaí oibríochtúla ar bhealach cuimsitheach; á iarraidh ar an gceannaireacht nua tabhairt faoi athchóirithe a bhfuil gá leo i leith trédhearcacht agus éifeachtúlacht i nósanna imeachta inmheánacha, agus cuntasacht i leith na Parlaiminte agus na Comhairle a mhéadú i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón nGníomhaireacht tuarascáil ráithiúil a eisiúint, i bhformáid fheabhsaithe, chuig FSWG lena gcumhdaítear staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na moltaí a eascraíonn ó chomhlachtaí grinnscrúdaithe éagsúla; á aithint go bhfuarthas an tuarascáil sin don tríú ráithe de 2023 (dá ngairtear ‘tuarascáil R3 2023’ anseo feasta); ag moladh, sa chomhthéacs sin, an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir le 36 cinn as 42 mholadh ó FSWG a chur chun feidhme; ag cur sonrú, de réir thuarascáil R3 2023, i rátaí cur chun feidhme na moltaí agus/nó na ngníomhaíochtaí a d’éiligh FWSG (91 %), FRaLO (87 %), an tOmbudsman (79 %) agus OLAF (54 %); ag aithint an róil atá ag Oifig Cigireachta agus Rialaithe na Gníomhaireachta sa tacaíocht a thugtar chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin trí fheidhmeanna idirchaidrimh agus cúraimí comhordúcháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir thuarascáil R3 2023, go bhfuil 10 moladh ó IAS (lena gcumhdaítear 32 ghníomhaíocht san iomlán) fós oscailte, cé go bhfuil 21 ghníomhaíocht an-tábhachtach, ach nach meastar go bhfuil aon cheann díobh criticiúil; ag moladh, thairis sin, an dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí oscailte atá fós ann a eascraíonn as tuarascálacha speisialta 22/2020 (moladh 2) agus 8/2021 (moltaí 1, 2 agus 4) ón gCúirt; ag athdhearbhú a hiarrata ar an nGníomhaireacht aghaidh iomlán a thabhairt ar na moltaí agus na caingne gaolmhara uile atá ar feitheamh, lena n-áirítear maidir le barúlacha ábhartha na Cúirte a eascraíonn as na tuarascálacha iniúchóireachta bliantúla ón gCúirt ó bhlianta roimhe sin (2015, 2016, 2018, 2019, 2020 agus 2021); á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint den údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn atá déanta ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir na tuarascála ón gCúirt, sraith barúlacha ina léirítear laigí i gcóras bainistithe agus i gcóras rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta sna réimsí seo a leanas: soláthar poiblí agus bainistiú conarthaí, nósanna imeachta earcaíochta agus tarmligean cumhachtaí chuig oifigigh údarúcháin trí tharmligean; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur eisigh an Chúirt barúlacha, don dara bliain as a chéile, i réimse an tsoláthair seirbhísí a bhaineann le taisteal, cé go bhfuil na méideanna atá i gceist an-tábhachtach; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go gcloífidh an Ghníomhaireacht le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais i gcur chun feidhme chistí an Aontais, mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, ós rud é go gcuireann buiséad bliantúil na Gníomhaireachta, atá níos mó ná dhá oiread ó bhí 2019 ann, ar thús cadhnaíochta í i measc ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir Iarscríbhinn 12 a ghabhann le CAAR na Gníomhaireachta, barúlacha an iarStiúrthóra Feidhmiúcháin <STRING ITALIC="on">ad interim</STRING> (Leas-Oifigeach Feidhmiúcháin reatha um bainistiú buanchóir) ar dá réir a líomhnaíodh gur gearradh praghsanna ró-ard, go ndearnadh íocaíochtaí gan doiciméid tacaíochta agus gur mainníodh seirbhísí conarthacha a sholáthar le linn 2021, i ndáil le conradh le haghaidh cóiríochta agus seirbhísí taistil d’oifigigh bhuanchóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón gCúirt, sa bharúil maidir leis an riosca suntasach go ngearrfaí an iomarca muirear ar íocaíochtaí a rinneadh le haghaidh seirbhísí taistil (creatchonradh EUR 30 milliún), go háirithe cóiríocht, de bhrí nár tacaíodh le sonraisc a d’eisigh an ghníomhaireacht taistil le sonraisc iarbhír na n-óstán, ach le fochuideachta na gníomhaireachta taistil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a rialuithe inmheánacha a fheabhsú sa chaoi is go gcuireann soláthraí iarbhír na seirbhíse na sonraisc ábhartha ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfadh sé nach mbeadh íocaíochtaí a bhaineann le costais na gníomhaireachta taistil ceart toisc nach ndéantar leis an bhfaisnéis i gcóras na Gníomhaireachta chun a costais a bhaineann le taisteal a bhainistiú na costais iarbhír a íocadh a imréiteach le costais na gníomhaireachta taistil, a thuairiscítear agus a phróiseáiltear ar leithligh ó na costais sin a d’íoc an fhoireann agus iad ar mhisean; á chur in iúl go dtuigeann sí, de réir fhreagra na Gníomhaireachta, an chúis go bhfuil neamhréireachtaí idir an MiPS agus an córas cuntasaíochta (ABAC) agus gurb é tuairim na Gníomhaireachta nach bhfuil aon bhaol ann go ndéanfaí íocaíochtaí de mhéid mícheart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag cur sonrú, de réir na tuarascála ón gCúirt agus don dara bliain as a chéile, sa bharúil i dtaobh laige na Gníomhaireachta maidir le rialú inmheánach i réimse na nósanna imeachta earcaíochta; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur úsáid comhaltaí an choiste roghnúcháin (SC) scóráil aonair in 2022 i nós imeachta chun gníomhairí sealadacha a earcú in ionad modh comhthoiliúil a chur i bhfeidhm mar a leagtar síos i rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an laige sin ann go fóill, in ainneoin gur ghlac an Ghníomhaireacht rialacha nua cur chun feidhme i mí Eanáir 2022 ina bhfuil treoracha níos soiléire do chomhaltaí an choiste roghnúcháin arb é is aidhm dóibh measúnú níos comhsheasmhaí agus nósanna imeachta comhchuibhithe a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi gealltanas na Gníomhaireachta na rialacha a leathnú chuig earcú gníomhairí sealadacha agus nach ndéantar breithniú ach ar aon tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach amháin arna comhaontú idir comhaltaí SC, gan a scóráil aonair a chur i gcuntas; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cur i bhfeidhm na rialacha nua agus a rialuithe inmheánacha i réimse na nósanna imeachta earcaíochta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag cur sonrú sa mheasúnú ar chóras rialaithe inmheánaigh (ICS) na Gníomhaireacht a rinneadh in 2022; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar chonclúid sa mheasúnú gurb ann do ICS agus go bhfuil sé ag feidhmiú go héifeachtach, agus gur gá feabhas a chur ar roinnt réimsí maidir leis na comhpháirteanna seo a leanas:‘Timpeallacht rialaithe’ (go háirithe prionsabal 1 dar teideal ‘Tiomantas do shláine agus do luachanna eiticiúla a léiriú’), ‘Gníomhaíochtaí rialaithe’ (go háirithe pointe 10.5 dar teideal ‘Poist íogaire arna sainaithint’) agus ‘Faisnéis agus cumarsáid’ (go háirithe pointe 15.1 dar teideal ‘Cumarsáid sheachtrach’); ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas foriomlán ann in 2022 i gcomparáid le 2021 maidir leis na scóir a tugadh do phrionsabail i ngach ceann de na cúig chomhpháirt ICS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go ndearnadh treisiú ar fhormhaoirseacht inmheánach na Gníomhaireachta in 2022 tríd an gCumas Iniúchóireachta Inmheánaí (IAC) a bhunú agus tríd an gCaibidil maidir le hIniúchóireacht Inmheánach a ghlacadh; á chur in iúl gur geal léi go ndeachaigh ceann IAC i mbun a dhualgas in 2023 agus go bhfuil an chéad phlean iniúchóireachta bliantúil IAC glactha cheana féin ag an mBord Bainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag meabhrú an mholta, de réir na tuarascála ón gCúirt do 2018, gur cheart don Ghníomhaireacht beartas um poist íogaire a ghlacadh agus a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht tuairisc ar na hullmhúcháin a rinneadh le haghaidh cinneadh maidir le beartas den sórt sin, ar beartas é a glacadh idir an dá linn (ag deireadh 2023);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh tuairimí diúltacha ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) maidir le cinntí 68/2021 agus 69/2021 ón mBord Bainistíochta; ag tabhairt dá haire gur chruthaigh an Ghníomhaireacht plean cur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí uile ó MECS ina leith sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh na cinntí sin ón mBord Bainistíochta a athdhréachtú agus a leasú tar éis cruinnithe rialta agus malartuithe neamhfhoirmiúla idir Oifigeach Cosanta Sonraí na Gníomhaireachta agus foireann MECS, agus trí thuarascáil iniúchóireachta MECS a foilsíodh an 24 Bealtaine 2023 (dá ngairtear an ‘tuarascáil iniúchóireachta’ anseo feasta) a chur i gcuntas; ag tabhairt dá haire gur fíoraíodh sa tuarascáil iniúchóireachta go bhfuil an phróiseáil atá á déanamh ag an nGníomhaireacht ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs Oibríochtaí Comhpháirteacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/1896; ag tabhairt dá haire, thairis sin, sa chomhthéacs sin, gur sainaithníodh 36 thoradh fhoirmiúla sa tuarascáil iniúchóireachta agus gur eisíodh 32 mholadh inti maidir le scagadh daoine agus agallaimh fhaisnéiseacha, socruithe rialaitheoirí comhpháirteacha, iontaofacht íseal na faisnéise a úsáidtear chun anailísí riosca a dhéanamh agus chun Cosaint Sonraí trí Dhearadh agus mar Réamhshocrú a chur chun feidhme, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón tuarascáil iniúchóireachta go léiríonn torthaí MECS freisin gur sháraigh an Ghníomhaireacht roinnt airteagal den bhunús dlí is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht (Rialachán (AE) 2018/1725, Rialachán (AE) 2019/1896 agus Cinneadh 58/2015 MB) toisc nach ndearna sí measúnú ar an ngéarghá atá le pacáistí sonraí a chomhroinnt le Europol chun a shainordú a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, gur chuir MECS tús le himscrúdú, a bhféadfadh feidhmiú gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a bheith mar thoradh air; á chur in iúl gur oth léi gur shainaithin MECS tar éis a iniúchta sé chás nua de tharchur sonraí pearsanta ón nGníomhaireacht chuig Europol a bhaineann le foireann ENRanna ar gá a ndlíthiúlacht a imscrúdú tuilleadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na moltaí uile laistigh de na spriocdhátaí don chur chun feidhme arna n-eisiúint ag MECS ina tuarascáil iniúchóireachta agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin bhforbairt ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tháinig athruithe suntasacha bainistíochta ar an nGníomhaireacht le dhá bhliain anuas, lena n-áirítear leas-oifigeach nua um chearta bunúsacha, cathaoirleach nua ar a Bord Bainistíochta, beirt leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin nua agus ceapachán stiúrthóra feidhmiúcháin nua; ag tabhairt dá haire gur bunaíodh pleananna gníomhaíochta leis na húdaráis náisiúnta chun an éagóir a rinneadh san am a chuaigh thart agus a dhéantar san am i láthair a chur ina ceart;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>