<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0256</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0121/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2022 (2023/2170(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0108/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 85 agus 86 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>Ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh lena bhfoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2022 (2023/2170(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0108/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 85 agus 86 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2022 (2023/2170(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 453, 29.11.2022, lch. 56.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 70 032 491,77 an buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú de 22,58 % i gcomparáid le 2021, de bhrí gurbh ionann ioncam iarbhír na Gníomhaireachta agus EUR 1,2 billiún arb ionann é agus an difríocht leis an mbuiséad thuasluaite, agus gurb é an míniú ar an difríocht sin ná go bhfuil gníomhaíochtaí oibríochtúla ann a mhaoinítear trí ioncam sannta a áirítear sa bhuiséad formheasta mar iontráil chomharthach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuair an Chúirt dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; de bhrí go gcuireann an Chúirt mír maidir le ‘béim ar ábhar’ i láthair i ndáil le tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar oibríochtaí na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le córais rialaithe inmheánaigh an Údaráis, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha le haghaidh 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gníomhaíochtaí ceartaitheacha gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus is maith léi, mar thoradh ar iarrachtaí faireacháin i leith an bhuiséid le linn bhliain airgeadais 2022, go raibh ráta cur chun feidhme 100% ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa bhliain reatha, an ráta céanna sa dá bhliain roimhe sin; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an ráta forfheidhmithe 72,86% sa bhliain reatha maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, léiriú ar laghdú 1,92% i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhormheas bord riaracháin na Gníomhaireachta trí leasú ar an mbuiséad in 2022, an chéad uair i mí Eanáir agus na leithreasuithe foriomlána á méadú le EUR 1 687 363,77, agus leis an dara leasú ar an mbuiséad, d’fhormheas Bord Riaracháin na Gníomhaireachta ath-leithdháileadh EUR 2 659 300 ar an iomlán, ón mbuiséad oibríochtúil go dtí an líne próiseála sonraí den chuid is mó, agus gur laghdaigh an tríú buiséad leasaitheach leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi EUR 4 640 000, rud a fhágann gurb é EUR 65 392 491.77 méid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar a croíbhuiséad, gur lean an Ghníomhaireacht de mhéid mór de bhuiséad tarmligthe (leithreasuithe sainithe) a bhainistiú, agus gur gealladh EUR 574,5 milliún san iomlán faoi bhuiséad tarmligthe in 2022 agus gur tugadh EUR 1,26 billiún in íocaíochtaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscairí feidhmíochta (KPIanna) chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a bhaineann lena cuspóirí, lena n-áirítear, i measc nithe eile, riarachán éifeachtach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a oibriú chun tacú le cinnteoireacht thráthúil, anailís ar Bhagairt agus Riosca Galileo, bainistiú agus tuairisciú ar bhuiséad na Gníomhaireachta, gach socrú dlíthiúil a láimhseáil go héifeachtúil, cumas oibríochtúil áitreabh na Gníomhaireachta a áirithiú, agus oibleagáidí reachtúla iniúchóireachta agus rialaithe a chomhlíonadh;  ag thabhairt dá haire go bhfuil formhór na gcuspóirí bainte amach, á mholadh, áfach, aghaidh a thabhairt ar na Príomhtháscairí Feidhmíochta (KPIanna) atá fós gan chomhlíonadh nó atá ag dul chun cinn níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis; á mholadh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht KPInna a mhionchoigeartú ar bhonn rialta chun a feidhmíocht a bharrfheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur nocht an Ghníomhaireacht na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an gcogadh san Úcráin, lena n-áirítear cur isteach ar lainseálaithe Soyuz a úsáid le haghaidh shatailítí Galileo mar gheall ar tharraingt siar aontaobhach fhoireann lainseálaithe Soyuz na Rúise; ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon tionchar díreach, láithreach ar a feidhmíocht airgeadais beartaithe ag an nGníomhaireacht ach go n-aithníonn sí go bhfuil gá le dianobair chun moilleanna ar sheoladh satailítí nua a íoslaghdú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le moilleanna ar aithint costas agus ar imréiteach sócmhainní infhaighte arna n-íoc i bhfoirm réamh-mhaoinithe; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach féidir an méid sin a mheas go hiontaofa ag an bpointe seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur stad an obair ar stáisiúin talún Galileo agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) san Úcráin mar gheall ar an gcoinbhleacht, ach nach bhfuil aon tionchar díreach aige sin ar fheidhmiúlacht chóras EGNOS; ag tabhairt chun suntais go bhfuil gach beart déanta ag an nGníomhaireacht a d’fhéadfadh sí chun an trealamh atá suiteáilte cheana a chosaint a mhéid is féidir, ach nach bhfuil a riocht beacht ar eolas faoi láthair; ag tabhairt dá haire go bhfuil force majeure ardaithe ag an eintiteas óstach agus, a luaithe a bhainfear é, go bhfuiltear ag súil go ndéanfar an conradh atá i bhfeidhm a athghníomhachtú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le staid an trealaimh shuiteáilte a luaithe a lamháiltear é sin leis an gcogadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil bearta curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun faireachán a dhéanamh ar naisc le hinstitiúidí na Rúise agus na Bealarúise, agus nach meastar go ndéanfaidh athruithe ar dhálaí an mhargaidh mar gheall ar smachtbhannaí difear ábhartha d’oibríochtaí na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur baineadh amach sraith de chinntí tábhachtacha creidiúnaithe do EGNOS in 2022 agus maidir le buaicphointí EGNOS, go n-áirítear síniú an chéad chonartha soláthair eile de chuid EGNOS agus conradh nua seirbhíse cuardaigh agus tarrthála, an conradh cothabhála le haghaidh EGNOS v2, agus seoladh pálasta EGNOS GEO4, go háirithe, gur sainaithníodh agus gur réitíodh teip ar an mód coiteann in EGNOS; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go bhfuil béim á leagan ar thionchar domhanda Galileo le breis agus 3,5 billiún gléas cumasaithe ar fud an domhain; ag tabhairt faoi deara gur tháinig dhá shatailít nua Galileo i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur léirigh Seirbhísí Galileo, lena n-áirítear faireachán slándála agus an tseirbhís phoiblí rialáilte (PRS), feidhmíocht den scoth in ainneoin dhúshláin COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire éachtaí eile na Gníomhaireachta in 2022, lena n-áirítear eagrú Sheachtain Spáis an Aontais 2022 i bPrág, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó Uachtaránacht Phoblacht na Seice ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, cruthú líonra na Gníomhaireachta ina bhfuil 1 000 gnólacht nuathionscanta agus 28 n-infheisteoir agus an chéad lá Fiontraíochta i leith CASSINI, gur cuireadh 2 shatailít nua Galileo i seirbhís, agus gur foilsíodh an chéad tuarascáil mhargaidh lena gcumhdaítear Breathnóireacht na Cruinne agus GNSS araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht ina príomhghníomhaireacht cur chun feidhme ar chomhpháirteanna uile chlár spáis an Aontais, lena ráthaítear soláthar agus creidiúnú seirbhísí slána chomhpháirteanna uile chlár spáis Galileo, EGNOS, Breathnóireacht na Cruinne, Bainistiú Spástráchta agus Teileachumarsáid agus Nascacht rialtais, lena dtairgtear seirbhísí láidre a fhorbraítear go leanúnach i gcomhréir le riachtanais na n-úsáideoirí reatha agus na n-úsáideoirí a bheidh ann amach anseo, agus d’úsáideoirí rialtais a bhfuil riachtanais athléimneachta, cosanta agus slándála acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht úsáid a bhaint as a breisluach chun Dlí Spáis an Aontais a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme, mar bhunchloch chun slándáil, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht an Aontais sa spás a áirithiú lena dtabharfar aghaidh ar Shlándáil eacnamaíoch an Aontais i ngníomhaíochtaí spáis agus chun dlús a chur le fás an Spáis Nua;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarracht shuntasach chun na próisis bainistithe acmhainní daonna a chuíchóiriú agus a uathoibriú tuilleadh chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach; ag tabhairt faoi deara, sa chomhthéacs sin, gur lean an Ghníomhaireacht de mhodúil éagsúla Sysper a imscaradh (e.g. TIM, FLEX, TELEWORK), agus iad a idirnascadh leis na feidhmchláir tacaíochta inmheánacha atá ann cheana (e.g. uirlis taifeadta ama oibre atá bunaithe ar inlíon; ag tabhairt dá haire go bhfuil córas ríomhthicéadaithe tugtha isteach ag an roinn acmhainní daonna chun próiseáil iarrataí éagsúla óna foireann a chuíchóiriú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh nósanna imeachta inmheánacha a aimsiú a d’fhéadfaí a chuíchóiriú trí uirlisí TF nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir leis an gCreat Airgeadais (FFPA), go bhfuil sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht comhoibriú leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) chun na socruithe a shainiú go comhpháirteach chun cuspóirí aeráide an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, agus chun comhoibriú ar ghníomhaíochtaí a chuireann leis na spriocanna sin; ag tabhairt dá haire thairis sin, faoi Airteagal 30 FFPA, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) a chur chun feidhme faoi dheireadh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir leis an Soláthar Poiblí Glas (SPG), in 2022, go ndearnadh roinnt dul chun cinn maidir le cásanna nósanna imeachta tairisceana a shainaithint le gnéithe ‘glasa’ agus maidir le breithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm critéar glas; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndéanann an Ghníomhaireacht cur chuige níos láidre a fhorbairt de réir a chéile in 2023 chun SPG a chur chun feidhme go hiarbhír ar bhonn buan, chun oiliúint a chur ar a foireann agus chun critéir ghlasa a thabhairt isteach de réir a chéile ina soláthar poiblí i gcomhréir lena beartas comhshaoil agus le deimhniú leanúnach EMAS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a tiomantas don phróiseas chun a tionchair chomhshaoil a laghdú, tomhaltas acmhainní a bharrfheabhsú agus a lorg carbóin a laghdú agus as an gcéad chéim sa treo sin, a beartas comhshaoil a ghlacadh agus a fhoilsiú an 16 Nollaig 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear, ag áitiú ar an ngá go gcuirfí dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe a thagann go háirithe ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht úsáid shineirgeach chomhpháirteanna Chlár Spáis an Aontais agus IRIS<STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING>, a shainaithint agus a spreagadh tuilleadh, i measc nithe eile, chun Straitéis Spáis an Aontais don tSlándáil agus don Chosaint a chur chun feidhme chun a áirithiú gur féidir na cúraimí uile a chumasc go fadtéarmach in aon chlár spáis aontaithe amháin lena gceadófar sineirgíocht níos fearr idir na comhpháirteanna éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid oibre i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún do Mhoil GOVSATCOM agus tá sí ag tnúth leis na sineirgí a bhainfear amach le córas IRIS<STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING>; ag cur béim ar an ról atá ag EUSPA i bhforbairt, imscaradh agus oibríochtaí IRIS2 lena n-áirithítear rochtain ar sheirbhísí nascachta an-slán, ceannasacha agus domhanda bunaithe ar ardteicneolaíochtaí criptiúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur béim ar ról na Gníomhaireachta in éabhlóid Copernicus go háirithe maidir le húsáid rialtasach Bhreathnóireacht na Cruinne i bhfianaise na staide geopholaitiúla agus á mheabhrú gur gá leas a bhaint as saineolas na Gníomhaireachta maidir le creidiúnú slándála, faireachán agus cur chun feidhme conarthaí i ndáil leis sin chun acmhainneacht oibríochtúil an Aontais gníomhú i ngach céim de bhainistiú riosca tubaiste, i dtubaistí nádúrtha agus i dtubaistí de dhéantús an duine araon;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl go molann sí an Ghníomhaireacht as an bplean bunaíochta a bheith curtha chun feidhme 100 % an 31 Nollaig 2022, go raibh ceapacháin déanta i gcás 231 ghníomhaire shealadacha as 231 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 191 phost údaraithe in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 46 ghníomhaire ar conradh agus 9 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2022, ag tabhairt an líon foirne iomlán go 286;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne laistigh d’ardbhainistíocht agus de mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta, le 3 as 3 ina bhfir; á chur in iúl gur oth léi an easpa cothromaíochta inscne i measc chomhaltaí bhord riaracháin na Gníomhaireachta, áit ar fir iad 22 as 28; ag tabhairt dá haire thairis sin an chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, ar fir iad 153 as 232 acu; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón nGníomhaireacht maidir leis na bearta leantacha a rinneadh i bhfianaise an urscaoilte i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (dá ngairtear ‘tuarascáil leantach na Gníomhaireachta’ anseo feasta) gur ghlac an Ghníomhaireacht Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú in 2023, a raibh plean gníomhaíochta ag gabháil léi lena n-áirítear bearta nithiúla maidir le conas cur leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú, lena n-áirítear gné na hinscne; ag tabhairt dá haire gur gá feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta agus den bhord riaracháin; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo go háirithe ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht; á áitiú go gcuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcuntas a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcomhaltaí á n-ainmniú acu do bhord riaracháin na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de tascfhórsa idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghníomhaireacht; ag tnúth lena dtuarascáil agus a moltaí a fháil; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna ciaptha tuairiscithe ann in 2022 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc amach anseo freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag meabhrú bharúil na Cúirte ó 2021 maidir leis na heasnaimh nós imeachta in dhá nós imeachta earcaíochta iniúchta, gur chuir an Ghníomhaireacht athruithe breise chun feidhme ina próisis roghnúcháin, agus gur modhnaíodh na teimpléid agus na treoracha a cuireadh ar fáil do chomhaltaí an bhoird roghnúcháin, agus go bhfuil tuilleadh treorach á gcur ar fáil do chomhaltaí an bhoird roghnúcháin agus na critéir le haghaidh fógra folúntais á leagan síos; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go measann an Chúirt go bhfuil na feabhsuithe sin sásúil, agus go bhfuil an bharúil dúnta dá bhrí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheabhrú go leanann an Ghníomhaireacht den laghdú céimseach agus forchéimnitheach ar líon iomlán na bpost do ghníomhairí ar conradh a chur chun feidhme i gcomhréir leis an maoiniú foriomlán a chuirtear ar fáil don Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, go leanann an Ghníomhaireacht de na poist atá fágtha aici mar ghníomhairí ar conradh a dhíriú ar shlándáil agus ar fheidhmeanna oibríochtaí Lárionad Faireacháin Slándála Galileo (GSMC); ag tabhairt chun suntais, ina leith sin, go leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag tabhairt dá haire go bhfuil rioscaí ann a bhaineann le poist do ghníomhairí ar conradh a laghdú agus go n-éilítear leis sin seachfhoinsiú breise, rud a spreagann costais airgeadais mhéadaithe agus a mbíonn forbairt inniúlachta agus fios gnó lasmuigh den earnáil phoiblí mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú ó thuarascáil na Cúirte an bharúil a tugadh in 2021 maidir leis na srianta arna bhforchur ag an nGníomhaireacht ar bhall sinsearach den fhoireann a ghlacann post nua in áit eile, ach gan údar cuí a thabhairt do na srianta sin; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil an bharúil sin dúnta, go bhfuil athbhreithniú déanta ag an nGníomhaireacht ar a nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh a sainaithníodh agus nár tugadh faoi deara aon chásanna comhchosúla in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis an modúl bainistíochta ama a ghlacadh go hiomlán in 2022, lena n-áirítear teilea-obair agus fleisc-am agus gur shínigh sí comhaontú breise ar leibhéal seirbhíse don mhodúl tuairiscithe acmhainní daonna agus anailísíochta, atá le húsáid in 2023; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht an cinneadh ón gCoimisiún maidir le ham oibre agus obair hibrideach C(2022)1778 agus go bhfuil dlúthfhaireachán á dhéanamh aici ar thorthaí an chinnidh sin, a bhfuiltear ag dréim leis go bhfeabhsóidh sé dea-bhail na foirne ag an obair agus go n-éascófar cothromaíocht oibre is saoil leis;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur sheol an Ghníomhaireacht, i Meán Fómhair 2021, nós imeachta idirbheartaithe gan fógra don chonradh a fhoilsiú roimh ré le heintiteas poiblí náisiúnta chun seirbhísí éagsúla a bhaineann le gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála a sholáthar; ag tabhairt chun suntais go raibh seirbhísí comhchosúla á soláthar cheana féin ag an tairgeoir don Ghníomhaireacht ó 2016 i leith agus go raibh sé beartaithe ag an nGníomhaireacht creatchonradh nua a thabhairt i gcrích le dáta éaga a socraíodh ar an 31 Nollaig 2032 agus buiséad uasta EUR 120 milliún; ag tabhairt dá haire gur síníodh an creatchonradh críochnaitheach an 1 Nollaig 2022, lena n-áirítear rannpháirtíocht roinnt fochonraitheoirí; ag tabhairt faoi deara gur thug an Chúirt dá haire go raibh roinnt neamhréireachtaí freisin idir na ceanglais sna sonraíochtaí tairisceana agus measúnú an choiste meastóireachta; ag tabhairt dá haire, mar shampla, go ndearnadh an ceanglas chun dearbhú a thabhairt nach bhfuil coinbhleacht leasa ann do na conraitheoirí i gcéim na meastóireachta a tharscaoileadh nó nach ndearnadh anailís cheart air, agus gur sampla eile é gur úsáideadh an tairiscint a fuarthas 2022 mar bhliain tagartha in ionad 2021 chun na praghsanna a shocrú, de réir na sonraíochtaí teicniúla; ag cur sonrú i mbreithnithe na Gníomhaireachta go raibh údar cuí leis na neamhréireachtaí de bharr stádas an phríomhchonraitheora ar eintiteas poiblí náisiúnta é agus de bharr na seiceálacha a rinne an príomhchonraitheoir agus, maidir leis an mbliain tagartha a úsáideadh chun an praghas sa tairiscint a shocrú, gur ghlac an Ghníomhaireacht leis an diall mar gheall ar fhad an nós imeachta as ar eascair tabhairt i gcrích an chonartha ag deireadh 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gurb é an cuspóir atá le rialacha soláthair phoiblí ná deis a thabhairt d’eintitis atá ag fáil earraí agus seirbhísí ar chonradh na hearraí agus seirbhísí sin a theastaíonn uathu a fháil ar an bpraghas is fearr, agus fós a chinntiú go bhfuil iomaíocht chóir ann idir na tairgeoirí agus go bhfuiltear ag cloí le prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh feabhais a chur ar a nósanna imeachta soláthair phoiblí, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha is infheidhme, ionas go mbainfidh siad an luach airgid is fearr is féidir amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú leathan ar chur chun feidhme a straitéise frith-chalaoise in 2020 agus, dá bhrí sin, in 2022, gur eisigh an Ghníomhaireacht a straitéis frith-chalaoise nua, atá glactha ag bord riaracháin na Gníomhaireachta; ag tabhairt faoi deara go bhfuil an Ghníomhaireacht ag tosú ar a cur chun feidhme anois le bearta móra/leathana a dhéanann difear go háirithe dá foireann; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndéantar dearbhuithe maidir le leasanna agus CVanna de na comhaltaí boird riaracháin agus den ardbhainistíocht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh cás sceithireachta amháin ag an nGníomhaireacht le linn 2022 ba chúis le roinnt imscrúduithe, a bhfuil cuid acu fós ar siúl in 2023; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na forbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil leantach 2021 na Gníomhaireachta, maidir leis an gcás sceithireachta ó 2021, gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht mar a cheanglaítear le OLAF agus an fhaisnéis uile atá ar fáil á soláthar aici de réir mar is gá; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh cásanna coinbhleachta leasa a imscrúdú ná a thabhairt chun críche in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcoimeádtar clár inmheánach le haghaidh cruinnithe bainistíochta sinsearaí leis an tionscal ach nach bhfoilsítear é ar leathanach gréasáin na Gníomhaireachta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá trédhearcacht agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht iad a fhoilsiú gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á áitiú gur gá leanúint de bheith ag obair ar thrédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé don Ghníomhaireacht níos mó infheictheachta a fhorbairt sna meáin, san idirlíon agus sna meáin shóisialta chun a cuid oibre a chur in iúl do na saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as leanúint de bheith gníomhach ar na hardáin meán sóisialta is mó, as cuntais a oscailt sna bealaí meán sóisialta de chuid an Aontais atá ar an eolas faoin bpríobháideachas, Mastodon agus Peertube, as 107 scéal nuachta a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus as 13 phreaseisiúint (agus an tromlach acu ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais), arb é is aidhm dóibh teacht ar na Ballstáit uile; ag tabhairt dá haire thairis sin gur eagraigh an Ghníomhaireacht imeachtaí amhail Seachtain Spáis AE (3 000 cuairteoir ar an láthair agus ar líne), Laethanta Oscailte EUSPA, Haiceatóin CASSINI, seisiúin eolais Fís Eorpach, agus go leor seimineár gréasáin maidir le deiseanna soláthair phoiblí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaíochtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>