<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0257</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0100/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2022 (2023/2150(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0088/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 83, 25.3.2019, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 45 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2022 (2023/2150(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0088/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 83, 25.3.2019, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 45 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2022 (2023/2150(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.01.2023, lch. 65.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 34 967 797 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é sin agus méadú 61,73 % i gcomparáid le 2021, le méadú thart ar 41 % ar fhóirdheontas ginearálta AE agus méadú suntasach ar ioncam sannta ó chomhaontuithe ranníocaíochta ilbhliantúla agus deontais; de bhrí go raibh an fóirdheontas breise AE a deonaíodh do EFCA, a tionscnaíodh in 2021, nasctha leis an ráiteas airgeadais reachtach lena dtugtar aghaidh ar na ceanglais faireacháin mhéadaithe in uiscí AE atá comharsanach leis an Ríocht Aontaithe; de bhrí go dtagann tuairim is 84 % de bhuiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus thart ar 16 % ó ioncam atá curtha in áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil sí tar éis dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí ar fhaireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 ná go ndearnadh 99,41 % den leithreasú faoi chomhair gealltanas a chur chun feidhme ar an mbuiséad don bhliain reatha, arb ionann é agus méadú beag de 0,34 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gurbh ionann agus 57,78 % an ráta forghníomhaithe don bhliain reatha i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 16,70 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go ndearna an Ghníomhaireacht, de réir na Cúirte, EUR 11,9 milliún (41 %) de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhí ar fáil in 2022 a thabhairt anonn go dtí 2023; á tabhairt faoi deara gur áiríodh leis sin EUR 1,6 milliún (nó 53 %) de leithreasuithe faoi Theideal II, a bhaineann le gníomhaíochtaí riaracháin (34 % in 2021), agus EUR 10,1 milliún (nó 63 %) de leithreasuithe faoi Theideal III, a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla (42 % in 2021); á thabhairt chun suntais go bhfuil rátaí arda de thabhairt anonn contrártha le prionsabal buiséadach na bliantúlachta agus go dtugann siad le tuiscint go bhfuil fadhbanna struchtúracha i bpróiseas an bhuiséid agus sa timthriall cur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht freagra maidir leis an ábhar sin ina gcuirtear chun suntais go bhfuil an líon ard a tugadh anonn in 2022 mar thoradh ar imthosca ar leith nach bhfuiltear ag dréim leis go dtarlóidh siad arís;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tharla téarnamh ó thionchair phaindéim COVID-19 ar an 2 bhliain airgeadais roimhe sin sa bhliain airgeadais 2022, agus ag an am céanna gur lean buiséad agus acmhainní EFCA de bheith ag fás le haghaidh cúraimí agus tionscadail bhreise mar a bheartaítear ina Doiciméad Clársceidealaithe Aonair do 2022; á chur i bhfios go bhféadfadh tionchar a bheith ag an gcogadh san Úcráin ar aithint agus tomhas roinnt sócmhainní agus dliteanas ar an gclár comhardaithe agus ar roinnt ioncaim agus costas a aithnítear sa ráiteas feidhmíochta airgeadais le haghaidh tréimhsí tuairiscithe ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gurb iad na Ballstáit atá freagrach go príomha as gníomhaíochtaí iascaireachta a rialú, agus gur cúraimí de chineál tacúil iad cúraimí na Gníomhaireachta; á chur i bhfáth go dtiocfaidh méadú ar ualach oibre tacaíochta na Gníomhaireachta leis an athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar chóras rialaithe iascaigh an Aontais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh oibleagáidí méadaitheacha gan acmhainní leordhóthanacha a bheith ann chun é sin a dhéanamh neamhréireach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór do na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh ar fáil don Ghníomhaireacht a bheith leordhóthanach sna blianta amach romhainn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Ghníomhaireacht 95,4 % den Chlár Oibre Bliantúil (AWP) chun feidhme in 2022, ar clár oibre é a ghlac an Bord Riaracháin faoi chuimsiú an Doiciméid Clársceidealaithe Aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscairí feidhmíochta chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a cuid gníomhaíochtaí laistigh de dhá phríomhréimse: gníomhaíochtaí oibríochtúla agus gníomhaíochtaí cothrománacha; á aithint freisin go gcuimsíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla príomhréimsí amhail comhar oibríochtúil, cúnamh don chomhar, an ghné idirnáisiúnta, agus comhar an Aontais i bhfeidhmeanna an Gharda Cósta; ag tabhairt dá haire go n-áirítear le gníomhaíochtaí cothrománacha, cumarsáid agus ionadaíocht, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus slándáil faisnéise, chomh maith le próisis riaracháin agus rialachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur deonaíodh acmhainní breise don Ghníomhaireacht le linn 2022 a chuir an acmhainneacht oibríochtúil riachtanach ar fáil di chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún sa chóras faireacháin, rialaithe agus faireachais faoin gComhbheartas Iascaigh, lena n-áirítear na bearta a d’eascair as an gComhaontú Trádála agus Comhair (TCA) leis an Ríocht Aontaithe; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cuireadh san áireamh in 2022 trí thionscadal nua a fóirdheonaíodh le deontais faoi chuimsiú an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID); á thabhairt faoi deara gur cuimsíodh leis na tionscadail sin staidéar ar phróiseas meáite na dtáirgí iascaigh ar fud an Aontais, acadamh oiliúna fíorúil réigiúnach sa Mheánmhuir Thiar le haghaidh rialú agus cigireacht ar iascach, agus cothabháil an Lámhleabhair agus an chreata um cháilíochtaí earnála ar líne (SQF) do chomhar an Aontais maidir le feidhmeanna Garda Cósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú go gceanglaítear ar an nGníomhaireacht meastóireacht neamhspleách a dhéanamh gach 5 bliana mar fhreagairt ar an oibleagáid dhlíthiúil a leagtar síos in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt faoi deara gur thíolaic an Meastóir Seachtrach dréacht-tuarascáil chríochnaitheach i mí Iúil 2022 don tréimhse 2017-2021, tuarascáil a cuireadh faoi bhráid Chomhaltaí an Bhoird Riaracháin le haghaidh barúlacha a fháil uathu; ag tabhairt dá haire go ndearnadh measúnú sa mheastóireacht ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta i gcomparáid leis na cúig chritéar maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, agus breisluach an Aontais, i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr; á thabhairt chun suntais go bhfuil deich moladh leagtha amach sa mheastóireacht lena ndírítear ar ghnéithe éagsúla, eadhon gnéithe eagraíochtúla, i dtaobh an leanann an ról agus na gníomhaíochtaí de bheith iomchuí chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán (AE) 2019/473 a ghnóthú, chomh maith le gníomhaíochtaí sonracha na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag meabhrú rannchuidiú ríthábhachtach na Gníomhaireachta le cur chun feidhme an CBI, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach agus an comhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil neartú á dhéanamh ar na soithí patróil amach ón gcósta (OPV) atá cairtfhostaithe ag an nGníomhaireacht chun rialuithe agus cigireachtaí iascaigh a dhéanamh in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta agus chun tacú leis na húdaráis náisiúnta; á chur i bhfios go láidir go raibh an Ghníomhaireacht rannpháirteach i mórchomhghuaillíochtaí idirnáisiúnta i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, amhail oibríocht an Chláir um Iascaigh Réigiúnacha Fheabhsaithe san Afraic Thiar (PESCAO);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022, gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht 47 592 cigireacht (ar muir agus ar tír), rud ba chúis le 5 167 sárú amhrasta a bhrath, arb ionann iad agus laghdú 11 % ar na cigireachtaí agus méadú 28 % ar na sáruithe amhrasta ar fhigiúirí 2021, faoi seach; á chur i bhfios nach gá go mbeadh an laghdú a tugadh faoi deara nasctha le laghdú ar iarrachtaí rialaithe na mBallstát; á iarraidh ar an nGníomhaireacht faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis na cúiseanna atá leis na hathruithe sin; á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag cigireachtaí agus gníomhaíochtaí leantacha eile ní hamháin i mbainistiú cuí na stoc éisc ach freisin i dtaca le cothrom iomaíochta a áirithiú d’iascairí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur béim ar ról na Gníomhaireachta maidir le fothú acmhainneachta agus oiliúint a thairiscint do thríú tíortha agus ar ról ríthábhachtach na Gníomhaireachta i ndáil le cothrom iomaíochta a bhaint amach leis na stáit chósta uile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais go leanann an Ghníomhaireacht de thairbhe a bhaint as na héifeachtúlachtaí a baintear amach trí chloí le treochlár an Choimisiúin ó thaobh na córais chorparáideacha TF atá acu cheana a ionduchtú de (SUMMA, modúil réamhdhámhachtana agus iardhámhachtana r-Sholáthair, MIPS, AGM, modúil Sysper, PPMT, etc.); ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar na buntáistí a fuarthas maidir leis na gnéithe comhtháthaithe idir na córais sin go léir, go bhfuil tairbhí soiléire ann as na costais chothabhála a bhaineann leis na leasuithe agus leis na nuashonruithe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go nglacann an Ghníomhaireacht leis na cuirí le haghaidh glaonna idirinstitiúideacha ar thairiscintí a fuarthas ón gCoimisiún agus ó ghníomhaireachtaí eile; ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht os cionn 45 chreatchonradh atá sínithe ag eintitis eile faoi láthair; ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhíonn air sin go ndéantar an príomhról idir gníomhaireachtaí a rothlú, rud a thugann éifeachtúlachtaí d’iarrachtaí soláthair na ngníomhaireachtaí ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tarraingt aird ar lárú comhchúraimí riaracháin ar éirigh leo freisin éifeachtúlachtaí a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go leantar den tionscnamh agus den fhíorú airgeadais a lárú, rud a fhágann go mbíonn rialú níos fearr ar idirbhearta, lena n-aontaítear na modheolaíochtaí agus lena gcuimsítear an t-eolas sna réimsí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaintear amach gnóthachan éifeachtúlachta eile i réimse na nAcmhainní Daonna trí liostaí ionadaithe atá ann cheana de nósanna imeachta earcaíochta a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile i gcás ina bhfuil próifíl an liosta ionadaithe ag teacht le riachtanais na gníomhaireachta iarrthaí; ag tabhairt dá haire gur féidir, leis an gcleachtas sin, úsáid a bhaint as liosta ionadaithe gníomhaireachta eile, gan gá le nós imeachta earcaíochta a eagrú a ídíonn acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil comhar leanúnach ann idir an Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (FRONTEX) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun tacú leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/473; á mheas gur sampla é an comhar de shineirge idir gníomhaireachtaí an Aontais ar cheart dó a bheith ina spreagadh do ghníomhaireachtaí i réimsí eile; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí ina leith sin agus á mheas gurb iomchuí freisin méadú a dhéanamh ar an gcomhar idir an Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta 96,10 % líonta ar an 31 Nollaig 2022, agus go raibh ceapacháin déanta i gcás 74 ghníomhaire shealadacha as 77 díobh arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (bhí 65 bpost údaraithe ann in 2021); ag thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 11 ghníomhaire ar conradh, sé shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNInna) agus 16 bhall foirne eatramhacha agus comhairleoirí don Ghníomhaireacht in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin, sa bhreis air sin, gur tacaíodh le 13 ghníomhaire ar conradh san iomlán le deontais <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> agus le comhaontuithe ranníocaíochta i dtionscadail éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur sonrú san atheagrúchán a rinneadh i mí Feabhra 2022 chun an eagraíocht a chur in oiriúint do na cúraimí agus na hacmhainní breise a sannadh don Ghníomhaireacht chun feabhas a chur ar an acmhainneacht oibríochtúil is gá chun cabhrú le faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar iascaigh mar a cheanglaítear le CBI, lena n-áirítear na bearta a bhaineann leis an TCA leis an Ríocht Aontaithe, agus ar roinnt tionscadal nua faoi na comhaontuithe ranníocaíochta; á thabhairt chun suntais go raibh méadú beagnach 50 % ar an bhfoireann i gcomparáid leis an staid ag tús 2021, lena n-áirítear gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus SNInna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur sonrú i mbeartas na Gníomhaireachta i leith cóir chomhionann i measc na foirne a chur chun cinn agus sprioc na Gníomhaireachta i dtaobh comhionannas inscne a bhaint amach ó thaobh líon na foirne de, ó thaobh ghráid na foirne de agus ó thaobh leibhéil freagrachta na foirne de; ag aithint na cothromaíochta inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, inar mná iad 54 as 106 den fhoireann (51 %); á chur in iúl gur saoth léi gur mhná a bhí i 38 % den fhoireann ar ghrád AD 8 (grúpa feidhme na riarthóirí, grád 8) agus ar ghrád níos airde ná sin (mar a bhí amhlaidh in 2021); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin a dhéantar ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht; ag tabhairt dá haire, cé nár ghlac an Ghníomhaireacht ‘an Chairt um éagsúlacht agus cuimsiú’ in 2022, gur tugadh aghaidh lena gníomhaíochtaí chun sprioc 5 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe maidir le Comhionannas Inscne a chomhlíonadh mar a luaitear ina cuspóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, amhail ón 31 Nollaig 2022, go bhfuil foireann ó 18 mBallstát fostaithe ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil an Ghníomhaireacht lonnaithe iad 33 % dá foireann; á mheabhrú a thábhachtaí atá cothromaíocht gheografach agus á mholadh don Ghníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun ionadaíocht gheografach chothrom agus chóir a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ón 1 Deireadh Fómhair 2022, go gcuireann an Ghníomhaireacht na rialacha maidir le ham oibre agus obair hibrideach an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhm de réir analaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt faoi deara, in 2022, gur áiríodh i gcur chun feidhme mhodúil Sysper feidhmiúlacht CPL ‘Saoire ar Fhorais Phearsanta’ a thabhairt isteach, chomh maith le ‘Duillíní Pá NDP’ le haghaidh gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh, gné nua a chur in úsáid lena gcumasaítear iarraidh ar theilea-obair ón gcoigríoch (Teilea-obair Ócáideach) le haghaidh gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh, mar aon le sreabhadh oibre ‘<STRING ITALIC="on">ad interim</STRING>’ ADI; thairis sin, rinneadh feidhmiúlachtaí Sysper a bhaineann le cur chun feidhme rialacha nua maidir le ham oibre agus obair hibrideach a chur chun feidhme, rinneadh an modúl STAGE a imscaradh, agus rinneadh obair ullmhúcháin ar na modúil EVAL agus OBJ;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go ndéanann an Ghníomhaireacht dearbhú leasanna agus <STRING ITALIC="on">curricula vitae</STRING> (CVanna) chomhaltaí a Boird Riaracháin agus na bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Ghníomhaireacht tábla na gcruinnithe uile a tionóladh idir a Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a baill foirne le heagraíochtaí agus le daoine féinfhostaithe a bhíonn ag gabháil do cheapadh beartas agus do chur chun feidhme beartas an Aontais, a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin ionas go n-áiritheofar trédhearcacht iomlán agus lánmhuinín as gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint den fhaisnéis maidir le cruinnithe ábhartha an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus cruinnithe foirne le heagraíochtaí nó le daoine féinfhostaithe a ghabhann do cheapadh beartas agus do chur chun feidhme an Aontais a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a chur ar fáil go poiblí chun trédhearcacht iomlán agus muinín i ngníomhaíocht na Gníomhaireachta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht a beartas coinbhleachta leasa i bhfeidhm maidir lena foireann, SNInna, saineolaithe seachtracha a íoctar, oiliúnaithe agus comhaltaí den Bhord Riaracháin agus den Bhord Comhairleach; ag tabhairt dá haire go gcuirtear in iúl dá foireann é tríd an inlíon agus tríd an oiliúint, agus go bhfuil seirbhísigh agus saineolaithe tiomanta do chomhlíonadh a dhéanamh trí dhearbhuithe agus gealltanais rúndachta a shíniú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go leagtar síos forálacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa do chonraitheoirí na Gníomhaireachta, lena n-áirítear pearsanra sealadach ó ghníomhaireachtaí (eatramhacha) a sholáthraíonn seirbhísí, i gcoinníollacha ginearálta chonarthaí na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á aithint go bhfuil straitéis frithchalaoise i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht ó 2014 i leith, a nuashonraítear go rialta agus a dhíríonn faoi láthair ar ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun rioscaí calaoise a shainaithnítear i measúnuithe riosca a mhaolú; ag tabhairt dá haire go leagtar béim sa nuashonrú is déanaí in 2022, a d’fhormheas an Bord Riaracháin, ar iarrachtaí leanúnacha ar fheasacht a mhúscailt maidir le heitic agus ionracas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir na Cúirte, gur shínigh an Ghníomhaireacht creatchonradh ar fiú EUR 90 milliún é in 2022 chun trí OPV a chairtfhostú, ar conradh é a mhairfidh 24 mhí i dtosach agus a bheidh le hathnuachan go hintuigthe ceithre huaire, gach uair le haghaidh 12 mhí bhreise, suas le tréimhse 6 bliana san iomlán; á mheabhrú go gceadaítear le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, Ich. 1).</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais) creatchonarthaí a mhaireann níos faide ná 4 bliana, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo; ag tabhairt dá haire gurb é an t-údar a thug an Ghníomhaireacht leis an gconradh a bheith níos faide ná go gcaithfear a chinntiú go mbeidh toradh leordhóthanach ar infheistíocht ann do chonraitheoirí, a raibh sé de cheanglas orthu na soithí a fheistiú le báid righne inséidte; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chinn an Chúirt nach raibh an bonn cirt sin leordhóthanach, toisc nár measadh na costais feistithe ach ag thart ar 1 % de luach iomlán an chonartha agus ina theannta sin, go raibh sé de rogha ag an nGníomhaireacht deireadh a chur leis an gconradh go haontaobhach tar éis an chéad 2 bhliain agus tar éis gach bliana ina dhiaidh sin, rud a bhaineann an bonn ón argóint go raibh fad conartha ráthaithe 6 bliana ag teastáil ón gconraitheoir chun toradh ar infheistíocht a áirithiú; á thabhairt chun suntais go measfaidh an Chúirt go mbeidh íocaíochtaí gaolmhara a dhéanfar ina dhiaidh neamhrialta má chuirtear síneadh atá níos faide ná an teorainn 4 bliana leis an gconradh; á thabhairt faoi deara, de réir na Gníomhaireachta agus an nós imeachta á ullmhú aici, gur mheas an Ghníomhaireacht go mb’fhéidir nár bhraith an margadh go raibh toradh leordhóthanach ar infheistíocht i gceist le gnáthchonradh dár tréimhse 4 bliana agus go bhfuil seachadadh agus leanúnachas rathúil na seirbhíse is ábhar don Chreatchonradh lena mbaineann ríthábhachtach dá croí-oibríochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do gach nós imeachta soláthair, go n-áirithítear iomaíocht chóir idir tairgeoirí agus go soláthraítear earraí agus seirbhísí ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a nósanna imeachta soláthair phoiblí, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha is infheidhme, ionas go mbainfidh siad na hacmhainní poiblí is fearr is féidir amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur chúis bhuartha di cinneadh na Cúirte nach raibh rian iniúchóireachta leormhaith mar a cheanglaítear faoi Airteagal 36(3) de Rialachán (AE) an Rialachán Airgeadais in úsáid i nósanna imeachta maidir le saineolaithe seachtracha a roghnú agus a fhostú ar conradh; ag tabhairt dá haire, go sonrach, nach bhfuarthas dóthain fianaise chun tacú leis an bhfíoras gur sannadh saineolaithe do chúraimí bunaithe ar chritéir roghnúcháin réamhshainithe a bhaineann lena bhfiúntas coibhneasta agus gur cloíodh le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne a leagtar amach in Airteagal 237 den Rialachán Airgeadais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a próisis inmheánacha a neartú chun saineolaithe seachtracha a roghnú agus a chonrú agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le haon chéimeanna a ghlactar ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di, de réir na Cúirte, gur sheol an Ghníomhaireacht, i mí na Bealtaine 2022, nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré maidir OPV a léasú atá le húsáid sna huiscí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus an conradh á shíniú aici i mí an Mheithimh chun bearna a dhúnadh idir conarthaí roimhe seo agus conarthaí atá ar na bacáin faoi nós imeachta oscailte leanúnach a mhair níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis ar dtús; ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht údar maith leis an bpráinn trí eisceacht sa Rialachán Airgeadais a úsáid, ag lua imeachtaí nárbh fhéidir a thuar, ar eisceacht é a cheadaítear le pointe 11.1 (c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais; á tabhairt faoi deara gur tháinig an Chúirt ar an tátal, cé go mb’fhéidir nach raibh roinnt de na tosca ba chúis leis an bpráinn sin intuartha, gurb amhlaidh a bhí i gcás cuid eile díobh agus ós rud é nár cuireadh san áireamh go leordhóthanach iad, léirítear go bhfuil laige i bpleanáil na Gníomhaireachta agus sa bhainistiú a dhéanann sí ar an soláthar chun na trí shoitheach a chairtfhostú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an laige ina bainistiú pleanála agus soláthair agus í a cheartú, mar a léirigh an Chúirt agus tuairisciú ar ais a luaithe is féidir don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár chuir an Ghníomhaireacht deimhniú na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) chun feidhme toisc go bhfuil iarrachtaí dírithe ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail eile; á mheabhrú gurb é cuspóir na scéime feabhsuithe leanúnacha ar fheidhmíocht chomhshaoil eagraíochtaí a chur chun cinn; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun céimeanna a ghlacadh chun EMAS a chur chun feidhme;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an .11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>