<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0258</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0135/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2022 (2023/2148(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0086/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 97 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0135/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2022 (2023/2148(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0086/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 97 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0135/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2022 (2023/2148(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0135/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 453, 29.11.2022, lch. 39.</FIELD></FOOTNOTE>, gur EUR 114 777 691 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, a léiríonn méadú 5,83 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go ndéantar buiséad na Gníomhaireachta a chistiú ó dhá fhoinse ioncaim den chuid is mó, eadhon, táillí bailithe agus an ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair an Údaráis, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha le haghaidh 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, maidir le córais rialaithe inmheánaigh an Údaráis, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha le haghaidh 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gníomhaíochtaí ceartaitheacha gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 98,61 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha mar thoradh ar iarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022, arb ionann é agus laghdú beag 0,23 % i gcomparáid le 2021 agus gurbh é 85,06 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 1,17 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go maoinítear an Ghníomhaireacht trí tháillí arna n-íoc ag an tionscal agus ag ranníocaíocht chomhardaithe an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>;  ag tabhairt chun suntais, mar gheall ar chineál aonuaire na dtáillí agus a spleáchas ar chinntí straitéiseacha ghníomhaithe thionscal na gceimiceán, go bhfuil éiginnteacht mhór ann maidir lena méid agus maidir lena n-uainiú; á mheabhrú gur gheall an Coimisiún togra chun rialachas na Gníomhaireachta a neartú agus inbhuanaitheacht a samhla maoinithe a mhéadú in 2020; á áitiú gur cheart don Choimisiún é a chur i láthair láithreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil méadú tagtha ar ioncam na Gníomhaireachta ó tháillí in 2022, den chéad uair ón spriocdháta clárúcháin deiridh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 in 2018, cé go bhfuil laghdú beag tagtha ar spleáchas ar an Aontas chun a chuid oibríochtaí a mhaoiniú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gurb í an Ghníomhaireacht an ceann feadhna maidir le reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a chur chun feidhme ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí agus leis an gcomhshaol, agus ar mhaithe leis an nuálaíocht agus leis an iomaíochas;  ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht faisnéis maidir le ceimiceáin a bhailiú, a mheasúnú agus a scaipeadh, go gcabhraíonn sí le cuideachtaí reachtaíocht a chomhlíonadh agus go gcuireann sí úsáid shábháilte ceimiceán chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht 93 % den Chlár Oibre chun feidhme agus gur bhain sí 151 de na 162 ghníomhaíocht agus aschur sonracha a bhí beartaithe le haghaidh 2022 amach, agus 8 ngníomhaíocht fós ‘ar siúl’ mar a bhí beartaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeadh ranníocaíocht ó na Ballstáit ag teastáil ó na trí ghníomhaíocht “nach bhfuil curtha i gcrích”, nó nach dtabharfaí tús áite don sruth oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dhírigh an Ghníomhaireacht ar a príomhchúraimí a chur i gcrích agus ar thacaíocht a thabhairt don Choimisiún Eorpach a Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht a chur chun feidhme i gcomhréir leis an treo a leag an Bord Bainistíochta amach i bPlean Straitéiseach 2019-2023 agus san athbhreithniú a rinne sé in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tarraingt aird ar roinnt de na dúshláin a bhí os comhair na Gníomhaireachta in 2022, lena n-áirítear córas údarúcháin neamhéifeachtúil, a sainaithníodh in 2021, ina bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-iarratas ar chróimiam heicsifhiúsach atá le leanúint ar aghaidh go 2023, lena gcuirtear brú ar acmhainneacht déanta tuairimí na gcoistí eolaíocha, agus ar easpa comhaltaí a bhfuil taithí acu; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thíolaic na Ballstáit líon íseal dréacht-tuarascálacha measúnaithe ar shubstaintí gníomhacha bithicídeacha, rud a chuireann bac ar mheastóireachtaí a chur i gcrích faoi dheireadh 2024 mar a sainordaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ag tabhairt chun suntais, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Substaintí Gníomhacha, go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht le blianta beaga anuas tacú leis na Ballstáit tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta chun roghanna malartacha ar thástáil ainmhithe a chur chun cinn agus na céimeanna a glacadh chun éifeachtacht agus infheictheacht na hoibre sin a mhéadú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a straitéis maidir le gnóthachain éifeachtúlachta, a fhéachann le breisluach a bhaint amach trí rialachas feidhmíochtbhunaithe, agus as forbairt na n-uirlisí nua chun tacú le pleanáil agus tuairisciú, atá níos soláimhsithe don úsáideoir, a chuireann cumais tuairiscithe níos fearr ar fáil agus a shábhálann am dá foireann uile;   ag tabhairt dá haire go ndearnadh athbhreithniú ar na gnéithe tuairiscithe chun Clár Oibre na Gníomhaireachta a léiriú ar bhealach níos fearr agus chun gur féidir cuspóirí ar leibhéal na Gníomhaireachta agus cuspóirí ball foirne aonair a nascadh ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht tús freisin le cleachtadh barrfheabhsaithe acmhainne bonneagair in 2022 chun aon ró-acmhainneacht sa bhonneagar TF a íoslaghdú agus go léiríonn na torthaí ón dara leath den bhliain go raibh an Ghníomhaireacht in ann úsáid an bhonneagair sin a laghdú thart ar 25 % (CPU i.e. próiseálaithe agus RAM i.e. cuimhne araon);  á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh sa chleachtadh barrfheabhsaithe agus ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint dá hiarrachtaí i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil a cumas iniúchóireachta inmheánaí fós á roinnt ag an nGníomhaireacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (ar a dtugtaí an Ghníomhaireacht Eorpach um Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte roimhe seo);  ag tabhairt dá haire go mbíonn teagmhálacha rialta ag an nGníomhaireacht agus ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ar leibhéal na hoibre agus na bainistíochta sinsearaí, i gcás ina ndéantar deiseanna comhair a mheasúnú go rialta (trí athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar na cláir oibre) agus ina mbaintear leas astu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean an Ghníomhaireacht dá comhar straitéiseach leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maidir leis an bhformáid sonraí IUCLID a sholáthar mar sheirbhís, arna soláthar óna Néalseirbhísí, d’obair an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/EEC ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> agus, mar thoradh air sin, gur baineadh amach barainneachtaí scála trí chur leis na hardáin TF a bhí ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear; á áitiú gur gá dlús a chur le gníomhaíocht i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe go háirithe iad siúd a thagann ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil bearta glactha ag an nGníomhaireacht, i gcomhar leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, chun an prionsabal ‘substaint amháin — measúnú amháin’ a chur chun cinn chun comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú sa mheasúnú guaise agus riosca ar shubstaintí gníomhacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2022, go raibh 98,07 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 458 ngníomhaire shealadacha ceaptha as 467 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe le 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 128 ngníomhaire ar conradh, 48 n-oifigeach eatramhacha, cúigear sainchomhairleoirí agus 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne na foirne a áirithiú agus á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, go bhfuil plean gníomhaíochta curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun cuspóirí a Cairte um Éagsúlacht agus um Chuimsiú, a glacadh in 2022, a chur chun feidhme, arb é is aidhm dó cothromaíocht inscne a bhaint amach san fhoireann bainistíochta, i measc bearta cuimsithe eile; á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta; á aithint go dtógann sé roinnt ama chun torthaí a bhaint amach sa réimse sin; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil laghdú beag tagtha ar an gcothromaíocht inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta agus go raibh 76 % post ag fir (82 % in 2021) agus 24 % ag mná (18 % in 2021); ag tabhairt dá haire gurb ionann cothromaíocht inscne san fhoireann ar an iomlán agus 261 fhear (45 %) agus 317 bean (55 %);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh foireann ó 26 Bhallstát fostaithe ag an nGníomhaireacht amhail ón 31 Nollaig 2022; ag tabhairt dá haire gur náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil an Ghníomhaireacht lonnaithe iad 32 % dá fhoireann; á mheabhrú a thábhachtaí atá cothromaíocht gheografach agus ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint de na bearta is gá a dhéanamh chun ionadaíocht gheografach chothrom agus cóir a bheith aici; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, nach bhfuil ach stiúrthóir amháin ó Lár-Oirthear na hEorpa ag an gcothromaíocht gheografach laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta; á áitiú go gcaithfear feabhsuithe a dhéanamh;  á iarraidh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de thascfhórsa idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghníomhaireacht; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth lena dtuarascáil agus lena moltaí a fháil; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna ciaptha tuairiscithe ann in 2022 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc amach anseo freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, amhail ó mhí an Mhárta 2022, gur thosaigh foireann na Gníomhaireachta ag filleadh de réir a chéile ar áitreabh na Gníomhaireachta, ag críochnú le cur chun feidhme rialacha oibre hibrideacha nua i mí Dheireadh Fómhair 2022; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go gcuirtear solúbthacht agus cumhachtú foirne chun cinn leis na rialacha nua agus go gcoinnítear comhtháthú sóisialta agus comhoibriú trí láithreacht sheachtainiúil rialta san oifig ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as níos mó soghluaisteachta inmheánaí chun freagairt do na riachtanais athraitheacha maidir le saineolas eolaíoch, teicniúil agus riaracháin ina cuid oibre; ag tabhairt dá haire gur cuireadh deiseanna feabhsaithe gairme ar fáil leis sin agus, ar an gcaoi sin, gur chuidigh sé le foireann na Gníomhaireachta a spreagadh agus le cultúr ardfheidhmíochta, feabhsaithe leanúnaigh agus freagrúlachta a chothabháil; á chur in iúl gur geal léi, chun fostaithe a spreagadh agus tacair scileanna a thógáil, gur thug sé isteach freisin tionscnaimh nua lena n-áirítear meantóireacht agus cóitseáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá foireann leordhóthanach a áirithiú lena léirítear riachtanais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus, go háirithe, an sprioc maidir le truailliú nialasach agus an méadú gaolmhar ar chúraimí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, bunaithe ar mheasúnú riosca críochnúil ar a cuid gníomhaíochtaí, gur shainaithin an Ghníomhaireacht na próisis agus na fophróisis lena gceanglaítear coinbhleachtaí leasa a bhainistiú; ag cur sonrú, thairis sin, i ngach ceann de na próisis sin, go ndéanann úinéir an phróisis athbhreithniú ar na dearbhuithe leasa bliantúla gach uair a shanntar cúram do bhall foirne, agus i gcás roinnt próiseas íogair, go ndéantar é sin a chomhlánú le dearbhú cás-sonrach nach bhfuil aon leas ag an mball foirne ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, chun cleachtas coinbhleachta leasa iarfhostaíochta a fheabhsú, go ndearna an Bord Bainistíochta an t-athbhreithniú deireanach ar bheartas coinbhleachta leasa na Gníomhaireachta i mí an Mheithimh 2023; ag tabhairt dá haire go neartaíonn na hathruithe a tugadh isteach an faireachán córasach ar chomhlíonadh dualgas iarfhostaíochta ag iarchomhaltaí foirne na Gníomhaireachta, i gcomhréir leis na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus le barúlacha an údaráis um urscaoileadh sna blianta roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht ar a suíomh gréasáin na cruinnithe arna dtionól ag a bainistíocht shinsearach le hionadaithe grúpaí sainleasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thug an Ghníomhaireacht uirlis leictreonach nua isteach le linn 2022 chun dearbhuithe leasa bliantúla na saineolaithe seachtracha a rannchuidíonn le hobair na Gníomhaireachta a bhailiú agus a athbhreithniú, lena dtugtar tuilleadh dearbhaithe don phróiseas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndearna a Bord Bainistíochta athbhreithniú deireanach ar Straitéis Frith-Chalaoise na Gníomhaireachta i mí na Nollag 2022 agus go ndíríonn sí ar chultúr frithchalaoise na Gníomhaireachta a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh agus ar athbhreithniú rialta a dhéanamh ar phríomhbheartais agus ar phríomhnósanna imeachta; ag tabhairt dá haire go neartaíonn an straitéis an sásra inmheánach frithéillithe trí na róil agus na freagrachtaí a shonrú maidir le calaois a chosc agus maidir leis na modhanna agus na hacmhainní atá ag gabháil do dhul i ngleic leis an gcalaois;  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac foireann uile na Gníomhaireachta páirt in oiliúint frithchalaoise in 2022; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil treoirlínte i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht do sceithirí ionas gur féidir le fostaithe na Gníomhaireachta fógra a thabhairt maidir le haon ghníomhaíocht a théann i gcoinne leas an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil próisis chinnteoireachta na Gníomhaireachta ceaptha le bheith soiléir, oscailte agus chun toradh cothrom a áirithiú bunaithe ar chur chuige eolaíoch réasúnaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil faisnéis maidir le rúin na Gníomhaireachta agus na mBallstát, mar shampla, chun substaintí a fhiosrú nó sainchomhaid a chruthú ar fáil ar líne, ionas go mbeidh rochtain ag cuideachtaí ar na sonraí a theastaíonn uathu chun cinntí eolasacha gnó a dhéanamh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfaidh eagraíochtaí creidiúnaithe geallsealbhóirí páirt a ghlacadh i gcruinnithe eolaíocha mar bhreathnóirí, ach amháin i gcás ina n-éilíonn faisnéis rúnda gnó go ndúnfaí seisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéantar machnamh, tuairimí agus conclúidí choistí eolaíocha na Gníomhaireachta a thaifeadadh i dtuairimí agus i miontuairiscí agus go bhfoilsítear iad ar líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé don Ghníomhaireacht infheictheacht níos mó a fhorbairt sna meáin, ar an idirlíon agus sna meáin shóisialta, chun a cuid oibre a chur in iúl do na saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht beartas cibearshlándála in 2022 agus go ndearna sí cleachtadh measúnaithe riosca ar fud TF;  ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an Ghníomhaireacht isteach an fhéidearthacht maidir le fíordheimhniú bithmhéadrach, gur chuir sí feabhas ar infheictheacht an lárionaid oibríochtaí slándála agus go bhfuil tástáil teipthe déanta aici idir lárionaid sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndeachaigh an Ghníomhaireacht isteach i gcéim trialach PPMT (Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí an Choimisiúin Eorpaigh) in 2022 chun an uirlis ríomhsholáthair sin a thástáil (sula nglacfaí ar bord go hiomlán í in 2023);  ag tabhairt dá haire go raibh uirlisí ríomhsholáthair eile amhail eTendering nó eSubmission ionduchtaithe cheana féin ag an nGníomhaireacht agus, i gcomhthráth leis sin, go ndearna sí athnuachan in 2022 ar a síntiús le Cloudia — ardán ríomhsholáthair Hansel (comhlacht lárnach ceannaigh d’údaráis phoiblí na Fionlainne) ionas go ndéanfar gach soláthar riaracháin a dhéantar trí Hansel a dhigitiú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go ndearnadh athnuachan rathúil in 2022 ar Scéim na Gníomhaireachta um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) agus deimhnithe ISO 14001; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil an Ghníomhaireacht i measc na ngníomhaireachtaí a eisíonn ráiteas bliantúil ar an gcomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt chun suntais gur lean an Ghníomhaireacht dá hiarrachtaí deireadh a chur de réir a chéile le tástáil ar ainmhithe san Eoraip a mhéid is féidir faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht roghanna malartacha ar thástáil ainmhithe chun cinn ar thrí bhealach:  díriú ar ghrúpaí substaintí trí straitéis ar leith, infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta lena gcuirtear roghanna malartacha agus modheolaíochtaí cur chuige nua chun cinn, agus na sonraí atá i seilbh na Gníomhaireachta a chur ar fáil;  ag athdhearbhú a hiarrata ar an nGníomhaireacht dlús a chur leis an bpróiseas céimnithe amach;  ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag comhoibriú leis an gCoimisiún agus le geallsealbhóirí eile chun tacú leis an gCoimisiún treochlár a fhorbairt chun athsholáthar iomlán a dhéanamh ar thástáil ar ainmhithe le haghaidh ceimiceán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an Ghníomhaireacht de bhearta éagsúla a chur chun feidhme chun a láithreacht phoiblí agus ar líne a mhéadú trí eisiúintí nua agus trí nuashonruithe iomadúla ar a suíomh gréasáin, trí chainéal comhpháirteach Instagram a sheoladh le ceithre ghníomhaireacht ar a dtugtar ‘One Health One Environment’ [Aon Sláinte Amháin Aon Timpeallacht Amháin], agus trína láithreacht ar na meáin shóisialta;  ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil méadú tagtha ar chlúdach ginearálta na meán agus méadú ar mhéadracht na Gníomhaireachta ar na meáin shóisialta in 2022 i gcomparáid le 2021;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>