<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0259</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht Soláthair Euratom</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0108/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2022 (2023/2161(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0099/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2008/114/CE, Euratom ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena mbunaítear reachtanna le haghaidh Gníomhaireacht Soláthair Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 41, 15.2.2008, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 den iarscríbhinn a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0108/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh d’Ard-Stiúrthóir Gníomhach Ghníomhaireacht Soláthair Euratom i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Ard-Stiúrthóir Gníomhach Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa 11 Aibreán 2024 ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2022 (2023/2161(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0099/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2008/114/CE, Euratom ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena mbunaítear reachtanna le haghaidh Gníomhaireacht Soláthair Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 41, 15.2.2008, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 den iarscríbhinn a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0108/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Ard-Stiúrthóir Gníomhach Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2022 (2023/2161(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d'Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0108/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráiteas airgeadais ioncaim agus caiteachais, gurbh é buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 ná EUR 167 000, arb ionann é agus laghdú 20,48 % i gcomparáid le 2021 (EUR 210 000); de bhrí go dtagann buiséad iomlán na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur luaigh an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuair sí dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le córais rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur cuireadh an ráta leithreasaithe faoi chomhair gealltanas don bhliain reatha (96,88 %) chun feidhme mar thoradh ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022, arb ionann é agus laghdú beag 2,88 % i gcomparáid le 2021, agus ag tabhairt dá haire gurb ionann forghníomhú an ráta leithreasaithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha agus 34,81 %, arb ionann é agus laghdú 16,4 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cuid mhór de speansais na Gníomhaireachta cumhdaithe ag an gCoimisiún, lena n-áirítear na tuarastail arna ríomh mar EUR 1 937 817, na speansais áitribh agus TF arna ríomh mar EUR 467 708 agus bainistiú faisnéise na faireachlainne núicléiche agus Ghníomhaireacht Soláthair Euratom (NOEMI) arna ríomh mar EUR 84 644; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-áirítear na speansais sin i gcuntais bhliantúla an Choimisiúin a rannchuidíonn go dearfach le hacmhainneacht riaracháin na Gníomhaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt chun suntais gur tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin sa bhliain 2022, rud a chuir ábhair imní AE in iúl maidir leis an tslándáil fuinnimh i gcoitinne, agus a bhain an bonn go háirithe ó shlándáil soláthair an Aontais d’ábhair núicléacha agus breosla agus a rinne saincheisteanna spleáchais a ghéarú; ag tabhairt dá haire go mbíonn go leor gléasraí cumhachta núicléiche an Aontais ag brath ar sholáthróirí Rúiseacha le haghaidh breosla, agus go bhfuil fóntais an Aontais ina n-iomláine spleách ar 20 go 30 % ar sholáthar ábhar núicléach na Rúise agus ar na seirbhísí timthrialla breosla; ag tabhairt dá haire, agus ról na n-íocaíochtaí arda d’allmhairí fuinnimh á aithint aige chun tacú le gníomhaíochtaí na Rúise, go bhfuil cinneadh déanta ag an Aontas a spleáchas ar an Rúis a laghdú ar fud earnálacha éagsúla agus go bhféadfaí athruithe a dhéanamh amach anseo ar an margadh núicléach, i bhfianaise a shaintréithe uathúla, mar chuid den athrú níos leithne sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an gcaoi ar laghdaigh sí spleáchas an Aontais ar bhreosla núicléach na Rúise ó 2022 i leith go háirithe ó thús an chogaidh nuair a bhí an tionscal núicléach díolmhaithe ó smachtbhannaí agus maidir leis an gcaoi a ndearna an laghdú agus an t-éagsúlú difear do na costais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug an Ghníomhaireacht aird ar leith ar athbhreithniú a dhéanamh ar chonarthaí lena mbaineann rioscaí spleáchais ar an Rúis, lena mbaineann anailís chríochnúil ar chlásail, faisnéis teicneolaíochta, slabhraí soláthair, infhaighteacht breoslaí malartacha, agus neamhspleáchas oibríochtúil na bhfóntas ar na stoic bhreosla atá ann cheana; ag moladh an fhíorais go ndearna an Ghníomhaireacht bearta chun an próiseas chun conarthaí a chur isteach a shimpliú agus ardleibhéal slándála á choinneáil ar bun ag an am céanna, agus gur éascaíodh uirlisí TF slána tiomnaithe chun iad a chur i gcrích agus a chur isteach go cianda; ag tabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar líon na ngníomhartha arna síniú go leictreonach in 2022 mar thoradh ar na hiarrachtaí sin, ar gníomhartha iad a chomhlíonann rialacháin maidir le sainaithint le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh sé d’aidhm ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir lena cuspóirí straitéiseacha agus le beartais an Choimisiúin, foinsí soláthair a dháileadh sa timthriall breosla núicléach le haghaidh úsáidí cumhachta agus neamhchumhachta, ag rannchuidiú le soláthairtí a dhaingniú sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil an Ghníomhaireacht freagrach as faireachán a dhéanamh ar an margadh chun treochtaí a shainaithint ar dócha go ndéanfaidh siad difear do shlándáil sholáthar an Aontais d’ábhar agus seirbhísí núicléacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht anailís mhargaidh ina tuarascáil bhliantúil, gur chuir sí faisnéis ar fáil maidir le margaí núicléacha an Aontais agus domhanda agus gur roinn sí faisnéis agus eolas le heagraíochtaí eile idirnáisiúnta anailíse ar an margadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ghníomhaireacht ar thús cadhnaíochta in 2022 maidir le soláthar bunábhar a áirithiú do na raidiseatóip leighis, tar éis di rannchuidiú le cur chun feidhme an Chlár Oibre Straitéiseach d’Fheidhmchláir Radaíochta Míochaine ianúcháin (SAMIRA), agus a bheith i gceannas ar an bhFaireachlann Eorpach maidir le soláthar Radaiseatóp Leighis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta i gcomhar le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí slándáil soláthair ábhar núicléach a neartú i bhfianaise ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise ar an Úcráin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur oibrigh an Ghníomhaireacht go dlúth leis an gCoimisiún chun éagsúlú an tsoláthair a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil caidrimh sheanbhunaithe ag an nGníomhaireacht maidir le fuinneamh núicléach leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus leis an nGníomhaireacht um Fhuinneamh Núicléach faoin Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; á chur i bhfios na tairbhí cothrománacha a bhaineann le bheith ag obair le chéile agus dea-chleachtais a oiriúnú agus go dtugann tionscnaimh chomhpháirteacha dearcthaí éagsúla le chéile, laghdaítear dúbailt iarrachta, feabhsaítear foghlaim agus neartaítear caidrimh idir na rannpháirtithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an córas TF NOEMI á fhorbairt ag an nGníomhaireacht chun próiseáil dhigiteach iomlán conarthaí soláthair núicléach agus faisnéis faoin margadh a chumasú i gcomhréir iomlán leis na rialacha maidir le cosaint faisnéise agus, ag an am céanna, go bhfuil sí ag obair chun a hacmhainneacht anailíseach a leathnú maidir leis na sonraí atá ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach agus acmhainní daonna a ath-leithdháileadh ar na cúraimí agus na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn; ag tabhairt dá haire nach bhféadfaí gnóthachain éifeachtúlachta bhreise a dhéanamh ach amháin trí úsáid a bhaint as sineirgí agus tacaíocht ón gCoimisiún trí fheidhmeanna tacaíochta speisialaithe a sholáthar, trí úsáid uirlisí corparáideacha a leathnú agus tríd an leithdháileadh a mhéadú chun TF NOEMI a fhorbairt; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh nósanna imeachta inmheánacha a aimsiú a d’fhéadfaí a chuíchóiriú trí uirlisí TF nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear, á áitiú go gcuirfí dlús leis i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe a tháinig go háirithe ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta 100 % líonta an 31 Nollaig 2022 le 17 bpost bhuana, 8 riarthóir, 7 bpost chúntóra agus 2 phost cúnta agus rúnaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb é is cúis leis an líon níos airde riarthóirí ná mar a údaraíodh uasghrádú ar phost cúnta amháin a dheonaigh an Coimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil deacracht ag an nGníomhaireacht cúntóirí ar na gráid níos ísle a aimsiú, i bhfianaise na próifíle speisialta a cheanglaítear agus na leibhéil pá ghaolmhara i gcomparáid leis an gcostas maireachtála i Lucsamburg; ag tabhairt dá haire, áfach, in ainneoin a hiarrachtaí, gur earcaigh an Ghníomhaireacht 2 ghníomhaire shealadacha ar phoist bhuana (1 chúntóir agus 1 chúntóir agus rúnaí) in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht cóimheas inscne de 59 % mná agus 41 % fir in 2022, rud a léiríonn an beartas comhdheiseanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach na n-acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, chomh maith lena gcóir chomhionann agus a ndeiseanna a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur bhronn an Ghníomhaireacht conarthaí ar luach íseal (faoi bhun EUR 15 000) go córasach gan tuarascálacha meastóireachta comhfhreagracha agus cinntí dámhachtana comhfhreagracha a eisiúint, rud atá i gcoinne phointí 30.3 agus 30.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire freisin ó fhreagra na Gníomhaireachta lena gcuirtear an moladh san áireamh agus lena gcuirfear treoir iomchuí ar fáil do gach ball foirne a bhfuil baint acu le soláthar agus bainistiú airgeadais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a nósanna imeachta soláthair phoiblí, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha is infheidhme, ionas go mbainfidh siad an luach airgid is fearr is féidir amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur threisigh an Ghníomhaireacht an tslándáil rochtana ar a háitreabh, go bhfuil imréiteach slándála ag gach ball foirne agus ag gach conraitheoir seachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh measúnú leochaileachta ar chóras TF NOEMI, ar measúnú é a bheidh le hathdhéanamh tar éis gach céime forbartha nó tar éis gach moladh a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur ghlac an Ghníomhaireacht páirt sa Siompóisiam Núicléach Domhanda i Londain i mí Mheán Fómhair 2022, agus teachtaireacht shoiléir á tabhairt aici do na ceannairí, saineolaithe agus feidhmeannaigh is mó atá rannpháirteach sa tionscal núicléach maidir leis an ngá atá ann dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann leis an socrú margaidh nua; ag tabhairt dá haire thairis sin gur tíolacadh anailís agus ionchas margaidh na Gníomhaireachta ag Fóram Slándála Vársá agus ag an Timthriall Domhanda Breosla Núicléach, agus go ndearnadh ionadaíocht uirthi ag an gCéad Chomhdháil Idirnáisiúnta maidir leis an Dlí Núicléach agus ag an gComhdháil Eorpach um Imoibreoir Taighde; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur rannchuidigh an Ghníomhaireacht le himeachtaí na Sochaí Núicléiche Eorpaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach n-eisíonn an Ghníomhaireacht ráiteas ar an gcomhshaol ná nach bhfuil an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) curtha chun feidhme aici; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun tuairisciú ar a feidhmíocht aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil agus, ina theannta sin, EMAS a chur chun feidhme;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>