<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0260</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0119/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2169(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0107/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.</FIELD></FOOTNOTE> agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, agus go háirithe Airteagal 60 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0119/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2169(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0107/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.</FIELD></FOOTNOTE> agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, agus go háirithe Airteagal 60 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0119/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2169(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0119/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir lena ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 160.</FIELD></FOOTNOTE>, gur EUR 197 759 722 a bhí i mbuiséad deiridh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 10,91 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta go príomha ó bhuiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2022 (‘Tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid cur chun feidhme 96,62 % ar an mbuiséad i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in 2022, arb ionann é agus laghdú 2.10 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gur ráta forfheidhmithe 79,73 % a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú 3,78 % i gcomparáid le 2021; ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta a moilleanna ar íocaíochtaí a laghdú tuilleadh ó 32,8 % in 2020 agus 7,8 % in 2021, go 7,2 % in 2022; mar sin féin, á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an bharúil ón gCúirt inar cuireadh i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin roimh an nGníomhaireacht maidir le híocaíochtaí déanacha, fós ar siúl; á chur in iúl go n-aontaíonn sí le tuairim na Cúirte go nochtar an Ghníomhaireacht do rioscaí clú leis an laige leanúnach sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ráta íseal cur chun feidhme (85 %) de na cistí (C8) a tugadh anonn ó 2021 go 2022, as a n-eascraíonn méid nár úsáideadh de EUR 3,8 milliún de leithreasuithe; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil na leithreasuithe a bhaineann leis an mbuiséad reatha a tugadh ar aghaidh ó 2022 go 2023 ag leibhéal measartha ard arb ionann é agus 17 % nó EUR 32,5 milliún; ag tabhairt faoi deara thairis sin, go bhfuil treocht mhéadaitheach eile ann le blianta beaga anuas (2020 go 2022) maidir le barrachas na Gníomhaireachta (toradh an bhuiséid) ag deireadh na bliana airgeadais, cé gurbh ionann, i gcás 2022, an barrachas sin agus EUR 10,3 milliún, níos mó ná an figiúr dúbailte céanna in 2021 (EUR 5,1 milliún); ag tabhairt dá haire, dar leis an Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí 2022 ón nGníomhaireacht agus ón tuarascáil ón nGníomhaireacht ina bhfuil obair leantach ar an gcinneadh maidir le hurscaoileadh ón bParlaimint i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta do 2021, go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú ar bhunchúiseanna na leibhéal ard barrachais ag deireadh na bliana airgeadais agus ar fheidhmíocht chur chun feidhme buiséadach an tabhairt ar aghaidh; ag tabhairt dá haire sa chiall sin gur ullmhaigh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta freisin; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur toradh é buiséad deiridh na Gníomhaireachta do 2022 ar an gcéad leasú de EUR 4,3 milliún, ar ranníocaíocht 2022 ón Danmhairg agus ar an dara leasú de EUR 1,1 milliún, le haghaidh comhaontuithe ranníocaíochta agus Comhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse (SLAnna);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó CAAR na Gníomhaireachta gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as eochairtháscairí feidhmíochta agus cláir oibre chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach arna sholáthar ag a gníomhaíochtaí agus as bearta eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú in 2022; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht faireachán ar 15 eochairtháscaire feidhmíochta (KPI) agus 56 tháscaire cláir oibre (WPI); ag tabhairt dá haire gur bhain 10 KPI agus 40 WPI na spriocanna socraithe amach nó gur sháraigh siad iad; á chur in iúl gur mór aici, sa chomhthéacs sin, an méadú ar roinnt KPInna, i gcomparáid le blianta roimhe sin, i ndáil le líon na n-oibríochtaí (2 758) agus líon na laethanta gníomhaíochta (394) a dtacaíonn an Ghníomhaireacht leo, chomh maith le líon na gcuardach a rinneadh in EIS agus QUEST (13 milliún) agus líon na seiceálacha coireachta trasteorann in EIS a bhaineann le daoine (2 339);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a bhfuil bainte amach aici as na cúig thosaíocht straitéiseacha ilbhliantúla a leagtar amach i Straitéis Europol 2020+ a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur bunaíodh an tAonad um Bainistiú Faisnéise (IMU), gur forbraíodh Straitéis TFC a bhfuiltear ag dréim leis go gcuideoidh sé le cur chun feidhme straitéis na Gníomhaireachta i réimse an bhainistithe faisnéise agus le cur chun feidhme samhail luacha gnó nua chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le soláthar TFC; ag tabhairt dá haire gur tháinig Saotharlann Nuálaíochta Europol chun bheith mar chuid de IMU i struchtúr a bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh comhar níos dlúithe ag teastáil chun Rialachán athbhreithnithe Europol a chur chun feidhme agus gur sheol sí Stóras Uirlisí Europol chun tacú le taighde agus nuálaíocht sna Ballstáit, malartú taithí a spreagadh, agus sineirgí a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh an tAonad Tacaíochta Digití arb é is aidhm dó freagairt éifeachtúil agus éifeachtach a thabhairt ar riachtanais imscrúdaitheacha na mBallstát agus laistigh den Ghníomhaireacht, go háirithe maidir le cásanna casta a bhfuil tacaíocht fhóiréinseach dhigiteach ag teastáil ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag moladh fhreagrúlacht phras na Gníomhaireachta agus a tacaíochta do na Ballstáit chun an choireacht a chomhrac tar éis ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise ar an Úcráin, trí, mar shampla, saineolaithe agus aoi-oifigigh a imscaradh chun tacú le húdaráis áitiúla forfheidhmithe dlí i dtíortha a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin nó trí thacú le himscrúduithe airgeadais lena ndírítear ar shócmhainní coiriúla atá faoi úinéireacht daoine aonair agus eintitis dhlíthiúla ar cuireadh smachtbhannaí ina leith i gcomhthéacs an chogaidh sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eisigh an Ghníomhaireacht roinnt measúnuithe ar bhagairtí in 2022 maidir le himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an gcogadh, chomh maith le fógraí luathrabhaidh agus faisnéise maidir le e.g. gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar dhaoine; ag spreagadh na Gníomhaireachta, thairis sin, a seacht ndícheall a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát sa réimse sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-ionradh míleata neamhdhleathach ina chúis le géarchéim dhaonnúil agus gur spreag sé líon mór dídeanaithe teitheadh ón Úcráin go dtí an tAontas, rud a chiallaíonn go bhféadfadh líonraí coiriúla faille an staid sin a úsáid chun a ngníomhaíochtaí coiriúla a chur chun cinn; á chur in iúl, thairis sin, chun inniúlachtaí na Gníomhaireachta a leathnú maidir le tacaíocht do na Ballstáit agus comhar le páirtithe príobháideacha, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go mbeadh gá le sásraí formhaoirseachta inmheánacha agus seachtracha breise a bhunú chun urraim do dhlí an Aontais a ráthú agus chun cosaint na gceart bunúsach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de bheith ag obair go dlúth le eu-LISA chun seiceálacha uathoibrithe ar shonraí iarratais taistil a thabhairt isteach lena gcuirtear sonraí an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) i gcomparáid le sonraí Europol; ag tabhairt dá haire gur cuireadh teacht i bhfeidhm ETIAS siar go dtí mí na Samhna 2023 le cinneadh ón gComhairle; á chur in iúl gur mór aici gur leathnaigh an Ghníomhaireacht a chomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) in 2022 ach gur thacaigh sé, faoi dheireadh na bliana, le 21 mhóroibríocht OIPE i réimse na calaoise cánach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar Straitéis Europol 2020+ atá aici agus gur chuir sí a tosaíochtaí straitéiseacha in oiriúint do riachtanais oibríochtúla reatha na mBallstát agus do na bagairtí slándála atá rompu, agus ar an gcaoi sin feidhmíocht na Gníomhaireachta a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, sa chiall sin, go bhfuil tosaíocht straitéiseach nua ann chun na comhpháirtithe ábhartha a thabhairt le chéile le haghaidh comhar trasteorann agus gníomhaíocht chomhpháirteach, lena n-áirítear Tíortha Comhlachaithe Schengen, Interpol agus gníomhaireachtaí an Aontais i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar fhreagraí na Parlaiminte i scríbhinn go bhfuil amhras ar bhearta agus ar chleachtais leathnaithe na Gníomhaireachta chun éifeachtúlachta agus gnóthachain a mhéadú i réimsí phríomhréitigh ghnó TFC (i bhfoinsiú seachas seachfhoinsiú), digitiú seirbhísí acmhainní daonna (ríomhearcaíocht, ríomhoiliúint), agus uirlisí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme buiséadach, ráta folúntais, uasteorainneacha conarthacha i nósanna imeachta soláthair agus táscairí comhshaoil, i measc nithe eile; ag moladh na Gníomhaireachta as an Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí a chur chun feidhme, agus as nósanna imeachta soláthair a roinnt le gníomhaireachtaí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis an athraithe i bpleanáil Chlár Oibre Idir-inoibritheachta (IA) an Aontais, go raibh gá le hathphleanáil ghníomhaíochtaí agus acmhainní inmheánacha na Gníomhaireachta, rud a d’fhág go raibh gá le foireann bhreise; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur thángthas ar chomhaontú lena dtacóidh 25 bhall foirne de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, ó 2024 ar aghaidh, leis an nGníomhaireacht chun a hoibleagáidí sa mheasúnú tionchair a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil brú breise ar acmhainní na Gníomhaireachta a bhaineann le nósanna imeachta comhairliúcháin leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), agus gur sannadh 25 d’fhoireann na Gníomhaireachta gníomhaíochtaí do MECS; ag moladh na Gníomhaireachta as a dlúthchomhar le MECS agus as aghaidh a thabhairt ar mholtaí MECS maidir le húsáid córas éagsúil amhail EPRIS. ADEP, SIS, PERCI agus QUEST+; ag cur sonrú i mbarúil na Gníomhaireachta maidir leis an moill ar PERCI a chur i bhfeidhm (Ardán an Aontais maidir le hÁbhar Neamhdhleathach ar Líne) mar gheall ar an tionchar a bhí ag tuairimí MECS agus moltaí ina dhiaidh sin ar fhorbairtí a bhfuil tábhacht oibríochtúil ag baint leo; ag moladh na Gníomhaireachta as a hOifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú lena thacóidh leis an nGníomhaireacht chun urraim do chearta bunúsacha ina cuid gníomhaíochtaí agus cúraimí uile a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an gclárú faoin Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) a fháil in 2022; ag moladh na Gníomhaireachta, thairis sin, as critéir soláthair phoiblí ghlais a úsáid, agus as beartas comhshaoil agus cuspóirí na Gníomhaireachta a chomhtháthú ina nósanna imeachta soláthair; ag tabhairt dá haire gur thionscain an Ghníomhaireacht tionscadal staidéir féidearthachta chun fís chomhshaoil na Gníomhaireachta do 2030 a fhorbairt chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa na Gníomhaireachta agus na bearta feabhsaithe is gá chun go saineofaí na spriocanna sin a bhaint amach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an staidéir sin a chur in iúl don údarás um urscaoileadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht breithniú freisin ar réitigh idirmheánacha inbhuanaithe agus fuinneamhéifeachtúla a chur chun feidhme ar a bonneagar agus ar a próisis inmheánacha araon, amhail úsáid mhéadaithe uirlisí digiteacha agus bainistíocht doiciméad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 99,41 %, agus go raibh 682 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 686 ghníomhaire arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (615 in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 236 ghníomhaire ar conradh (ar cistíodh 19 díobh le deontais/comhaontuithe) agus 55 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2022, le 235 ghníomhaire agus 71 ghníomhairefaoi faoi seach údaraithe faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire freisin gur sannadh 11 phost breise TA, lasmuigh den phlean bunaíochta do 2022, ar feadh tréimhse theoranta chun líon na bhfolúntas a choinneáil chomh híseal agus is féidir; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht idirdhealú idir cúig chatagóir de shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus ceithre chatagóir ann nach n-iompraíonn aon chostais nó a iompraíonn costais theoranta do bhuiséad na Gníomhaireachta agus arb ionann iad agus 152 dhuine eile, rud a fhágann gurb ionann líon iomlán na saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus 207 in 2022; ag moladh ráta folúntais íseal 0,6 % na Gníomhaireachta in 2022, cuid mhaith faoi bhun na sprice bliantúla d’uasráta folúntais de 2 %; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an méadú ar ráta láimhdeachais na Gníomhaireachta ó 6,9 % in 2021 go 9,12 % in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022, rinne an Ghníomhaireacht foirne oibríochtúla a imscaradh agus é comhdhéanta de shaineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNI) atá saor ó chostas i roinnt Ballstáit amhail an Liotuáin, an tSlóvaic, an Ungáir, an Rómáin nó an Bhulgáir, agus i dtíortha comhpháirtíochta amhail an Mholdóiv, agus ar an gcaoi sin a úsáid ar SNInna atá saor ó chostas a mhéadú; á léiriú go mbeidh ioncam ó SNInna atá saor ó chostas fós ag brath ar chinntí náisiúnta agus gur chinn roinnt Ballstát gan leanúint de thuarastail a íoc i gcásanna den sórt sin, agus go bhfágtar iad, dá bhrí sin, ag brath ar mhéideanna arna n-íoc mar liúntais cothaithe laethúil (LCL); á mheabhrú cé gur cheart LCL a choigeartú leis an gComhéifeacht Cheartúcháin agus gur cheart dó costas maireachtála níos airde a chúiteamh, leis na figiúirí boilscithe, gach 3 bliana, níor tháinig aon athrú ar na rátaí seo le 6 bliana anuas; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dul i mbun idirphlé substainteach leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta inniúla chun cúiteamh cóir a áirithiú do gach saineolaí atá fostaithe ag an nGníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb é an dáileadh inscne na Gníomhaireachta a tuairiscíodh do 2022 i gcás an lucht ardbhainistíochta agus an lucht meánbhainistíochta go raibh 82 % ina bhfir (28 bhfear agus 6 bhean), i gcás an bhoird bainistíochta, go raibh 75 % ina bhfir (38 fhear agus 13 bhean) agus i gcás na foirne iomláine go raibh 65 % ina bhfir (556 fhear agus 295 bhean); ag aithint go bhfuil cion na mban (35 %) a bhí fostaithe ag an nGníomhaireacht in 2022 os cionn an mheáin (bunaithe ar staitisticí Eurostat in 2021) de mhná (21,6 %) atá fostaithe i bhforfheidhmiú an dlí san Aontas (oifigigh phóilíneachta, breithiúna gairmiúla agus pearsanra príosúin); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur san áireamh a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bheidh comhaltaí dá gcuid á n-ainmniú acu ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur thuairiscigh seirbhís leighis na Gníomhaireachta trí chás tnáithe nua in 2022; ag tabhairt faoi deara thairis sin go bhfuil bearta curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun feabhas a chur ar fholláine a mball foirne amhail comhairle maidir le sláinte cheirde agus stíl mhaireachtála, sceideal oibre páirtaimseartha leighis, tarchuir chuig speisialtóirí leighis agus comhairle do lucht bainistíochta a thacaíonn le baill foirne, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire gur chomhaontaigh an Bord Bainistíochta le cur i bhfeidhm Chinneadh C (2022) ón gCoimisiún, de réir analaí don Ghníomhaireacht, maidir le ham oibre agus obair hibrideach, a chuirtear in ionad na bhforálacha cur chun feidhme a bhí ann roimhe seo maidir le ham oibre agus teilea-obair, lena ndírítear ar chreat a chur ar fáil ina meastar gur bealaí coibhéiseacha oibre iad obair san oifig agus teilea-obair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de réitigh a fhiosrú chun cásanna tnáite a laghdú agus aon dul chun cinn arna dhéanamh ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire, dar le freagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, cé nach bhfuil an ‘Chairt um Éagsúlacht agus Cuimsiú’ curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht, go bhfuil a Straitéis féin um Éagsúlacht agus Cuimsiú curtha i bhfeidhm aici; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú agus glacadh in 2022 ar Lámhleabhar na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme chinneadh MB maidir leis an mbeartas i ndail le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; ag tabhairt dá haire gur lorg an Ghníomhaireacht comhairle dhlíthiúil sheachtrach le linn na tréimhse 2017-2022 maidir le dhá chás de chiapadh líomhnaithe; ag tabhairt dá haire nár tugadh aon chás ciaptha a bhain le foireann na Gníomhaireachta os comhair cúirte in 2022; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh creataí láidre frithchiaptha i bhfeidhm, go háirithe i dtimpeallachtaí oibre atá an-strusmhar agus an-éilitheach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht scéim oiliúna a thabhairt isteach i dtaobh an ábhair do nuatheachtaithe agus don fhoireann láithreach araon;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An soláthar poiblí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur sonrú sa bharúil ó thuarascáil na Cúirte gur íoc an Ghníomhaireacht deontas EUR 3,3 milliún in 2022 chun gníomhaíochtaí fórsa póilíneachta náisiúnta i mBallstát a mhaoiniú, lena n-áirítear EUR 1,4 milliún mar aisíocaíocht chun cúig bhád a cheannach agus foráil 7 % d’fhorchostais ghaolmhara, lena n-áirítear CBL; ag tabhairt dá haire, dar le measúnú na Cúirte, nár cheart CBL a aisíoc chun báid a fháil le haghaidh oiliúint sna póilíní, i bhfianaise Airteagal 186(4)(c) den Rialachán Airgeadais, toisc gur údarás poiblí é an tairbhí, a rialaítear leis an dlí poiblí, agus atá i mbun gníomhaíochtaí mar údarás poiblí, agus dá bhrí sin go bhfuarthas amach go raibh an chuid sin den deontas, arb ionann é agus EUR 0,2 milliún, neamhrialta; á aithint ó fhreagra na Gníomhaireachta, ag féachaint d’Airteagal 5 de Chinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir Aonaid Speisialta Idirghabhála (SIUnna) Bhallstáit an Aontais lena bhforáiltear go n-áiritheoidh SIUS comhfhreachnaimh, cé gur bhain an deontas oibríochtúil le gníomhaíochtaí ASInna arna gcomhordú ag Ballstát amháin, gur mheas an Ghníomhaireacht, faoi Airteagal 186(4)(c) den Rialachán Airgeadais agus faoi threoir shonrach chomhfhreagrach chur chun feidhme an Choimisiúin maidir le riarachán deontas, ba chostas incháilithe é CBL i gcás nach bhfuil sé inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta is infheidhme agus i gcás ina mbaineann sé le hoiliúint, le múscailt feasachta nó le gníomhaíochtaí comhchosúla i réimse na slándála, cé is moite de CBL arna íoc ag na Ballstáit agus iad ag gníomhú mar údaráis phoiblí ina gcáil cheannasach, go háirithe i gcás nach bhféadfadh cuideachtaí príobháideacha na seirbhísí gaolmhara a sholáthar; ag cur sonrú, ar deireadh, maidir leis an mbealach chun cinn, i dtiomantas na Gníomhaireachta measúnú ar incháilitheacht CBL i ndeontais oibríochtúla i bhfianaise bharúlacha na Cúirte.
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta ar bun ag an nGníomhaireacht cheana mar aon le hiarrachtaí leanúnacha chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndéantar dearbhuithe maidir le leasanna agus CVanna de chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na hardbhainistíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht breithniú a dhéanamh ar bhearta lena ndéantar feiniméin na ndoirse imrothlacha a chosc freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, le linn 2022, gur láimhseáil an Ghníomhaireacht sé chás a bhain le coinbhleachtaí leasa, beirt maidir le ról an chomhairleora sa phróiseas roghnúcháin, ceann amháin a tháinig chun cinn le linn iarrthóir rathúil a earcú sula ndeachaigh sé nó sí i mbun dualgas sa Ghníomhaireacht agus beirt bhaill foirne tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur glacadh bearta leormhaithe i ndáil leis na cásanna sin, lena n-áirítear údaruithe coinníollacha fostaíochta tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil; ag tabhairt dá haire gur dhéileáil an Ghníomhaireacht le cás sceithireachta amháin in 2022, cás a dúnadh gan tuilleadh gníomhaíochta maidir le sárú féideartha ar oibleagáidí gairmiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di tuarascálacha ó na meáin i ndáil leis na coinbhleachtaí leasa a tharlaíonn i measc fhoireann na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gur chinn an tOmbudsman Eorpach i mí na Nollag 2023 fiosrúchán a oscailt chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar dhéileáil an Ghníomhaireacht le haistriú beirt iarbhaill foirne chuig poist a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac; ag tabhairt dá haire gur ghlac an chéad bhall foirne páirt i mór-gheallsealbhóir teicneolaíochta go luath in 2022, agus gur ghlac an dara comhalta foirne páirt sa gheallsealbhóir céanna mar chomhalta boird níos déanaí an bhliain sin; ag cur sonrú i bhfreagra a chur an Ghníomhaireacht ar fáil agus á iarraidh go ndéanfaí líomhaintí a imscrúdú go críochnúil agus go ndéanfaí an toradh a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur sonrú sa bharúil ó thuarascáil na Cúirte gur íoc an Ghníomhaireacht liúntas cothaithe laethúil (LCL) le linn tréimhse idir 2020 agus 2022 le triúr náisiúnach Ollannacha a bhí fostaithe mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNI); ag tabhairt dá haire, ós rud é go bhfuil an Ghníomhaireacht lonnaithe san Ísiltír, nach raibh na trí SNI i dteideal na liúntas sin de réir rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire thairis sin, cé gur chuir an Ghníomhaireacht stop le híocaíocht LCL leis na trí SNI i mí na Nollag 2022, gur chinn an Ghníomhaireacht gan na híocaíochtaí a rinneadh sa bhreis le linn na tréimhse sin a aisíoc; ag tabhairt dá haire gurbh ionann an méid iomlán a bhain leis na híocaíochtaí sin agus EUR 155553, ar íocadh EUR 90605 de in 2022; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na heasnaimh i ndáil le seiceálacha <STRING ITALIC="on">ex-ante</STRING> na Gníomhaireachta ar feadh tréimhse a mhairfidh níos mó ná trí bliana; á thabhairt dá haire, dar le freagra na Gníomhaireachta ar bharúil na Cúirte, gur chuir an Ghníomhaireacht le fíoruithe <STRING ITALIC="on">ex-ante</STRING> chun dearbhú a áirithiú maidir le dlíthiúlacht theidlíochtaí airgeadais na foirne roimh íocaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an dul chun cinn atá déanta maidir le moltaí iniúchóireachta atá ar feitheamh a chur chun feidhme, agus 89 % díobh siúd atá criticiúil nó an-tábhachtach á gcur chun feidhme in 2022; ag tabhairt dá haire go raibh seacht moladh an-tábhachtach (a bhí beartaithe le haghaidh cur chun feidhme agus infheidhme) fós ar feitheamh maidir le tuarascálacha ar iniúchtaí a rinneadh in 2018, 2019 agus in 2021; ag tabhairt dá haire gur eisigh Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí (IAS) an Choimisiúin an Plean Straitéiseach um Iniúchóireacht Inmheánach don Ghníomhaireacht don tréimhse 2022-2024 lena gcumhdaítear trí théama, lena n-áirítear iniúchadh ar chomhordú agus ar shocruithe oibre le AS HOME a rinneadh in 2022, a bhfuiltear ag dréim lena thorthaí in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>Ag cur sonrú i gconclúid fhéinmheasúnú na Gníomhaireachta ar éifeachtacht a córais rialaithe inmheánaigh (ICS), trí thomhais chainníochtúla agus gnéithe cáilíochtúla araon, lena n-áirítear tacar 76 tháscaire rialaithe inmheánaigh, go raibh comhpháirteanna uile ICS i láthair agus ag feidhmiú ar bhealach comhtháite agus nár sainaithníodh aon laige rialaithe inmheánaigh feiceálach in 2022; ag tabhairt dá haire gur thug Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí na Gníomhaireachta athbhreithniú ar chreat rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta chun críche do 2022, agus gur thángthas ar an gconclúid go raibh córas láidir rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhorbair agus gur eisigh an Ghníomhaireacht beartas bainistithe riosca in 2022; á thabhairt faoi deara, thairis sin, gur saintréith de phróifíl riosca chorparáideach na Gníomhaireachta in 2022 an sainordú agus na cúraimí méadaitheacha, an t-éileamh atá ag dul i méid ar sheachadadh rathúil phríomhréitigh TFC maidir le próiseáil sonraí pearsanta, an fhreagairt leanúnach chun maolú a dhéanamh ar an tionchar slándála agus forfheidhmithe dlí a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin agus gníomhaíochtaí maoirseachta agus grinnscrúdaithe gaolmhara a mhéadú (lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí), i measc gníomhaíochtaí eile; ag moladh na Gníomhaireachta as a Straitéis Frith-Chalaoise athbhreithnithe don tréimhse 2022-2024 a ghlacadh in 2022, lena léirítear na prionsabail, an measúnú riosca calaoise, cuspóirí agus gníomhaíochtaí frithchalaoise, agus athbhreithniú cur chun feidhme ar ghníomhaíochtaí Straitéis Frithchalaoise 2017-2020; ag tabhairt dá haire gur thug an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúdú chun críche (maidir le ráitis mhíchearta maidir le costais mhisin ó dhuine d’fhoireann na Gníomhaireachta), ar eisíodh a thuarascáil in 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil cinnteoireacht na Gníomhaireachta sa chás seo fós sa chéim dheiridh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an obair leantach agus an cinneadh deiridh i dtaobh an cháis sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de bhearta éagsúla a chur chun feidhme chun a láithreacht phoiblí agus ar líne a mhéadú trí shraith podchraoltaí a sheoladh, trí chomhdhlúthú a dhéanamh ar a suíomh gréasáin, trí chomhdhálacha a eagrú, trí thuarascálacha a sheoladh (amhail an tsraith ‘Spotlight Report’ agus tríd an tuarascáil athchóirithe ‘In Brief’) agus trína láithreacht ar na meáin shóisialta (agus níos mó ná 1 100 post foilsithe in 2022); ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur tháinig méadú ar mheáin ardtionchair na Gníomhaireachta agus gur tháinig méadú suntasach ar mhéadracht na Gníomhaireachta ar na meáin shóisialta in 2022 i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta an Aontais mar aon leis na cearta bunúsacha, caighdeáin um chosaint sonraí agus cuntasacht, lena n-áirítear agus í ag comhoibriú le Gníomhaireachtaí eile; á mheas gur gá cruinnithe agus idirghníomhaíochtaí idir an Ghníomhaireacht agus tríú páirtithe a nochtadh chun trédhearcacht fheabhsaithe a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, ceapachán oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire gur iarr an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS) an 16 Meán Fómhair 2022 go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dhá fhoráil de Rialachán leasaithe Europol a neamhniú, eadhon Airteagail 74a agus 74b, ag áitiú go mbainfí go mór de dheimhneacht dhlíthiúil shonraí phearsanta daoine aonair agus go gcuirfí neamhspleáchas MECS i mbaol mar gheall orthu; ag cur sonrú, thairis sin, in Ordú na Cúirte Ginearálta i gCás T-578/22 ón 6 Meán Fómhair 2023 lenar measadh go raibh an chaingean a thionscain MECS i gcoinne rialachán leasaithe Europol neamh-inghlactha agus maidir le haon éifeachtaí atá ag na forálacha a chonspóidtear ar chinneadh MECS an 3 Eanáir 2022, nach féidir le MECS brath orthu chun tacú lena chaingean; ag tabhairt dá haire go ndearna MECS achomharc i gcoinne Chás T-578/22 agus go bhfuil sainordú aige maoirseacht a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil sonraí pearsanta na Gníomhaireachta faoi Rialachán (AE) 2016/794; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí MECS go háirithe gur sannadh Catagóir Ábhair Sonraí (DSC) do gach rannchuidiú a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm Rialachán leasaithe Europol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag meabhrú thorthaí thuarascáil iniúchóireachta MECS maidir leis an nGníomhaireacht an 16 Nollaig 2022, ina ndearnadh iniúchadh ar sheiceálacha sonracha ar thacair sonraí náisiúnach tríú tír atá i seilbh na Gníomhaireachta; á mheabhrú gur chinn MECS go bhfuil an próiseas ginearálta chun measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis arna soláthar ag comhpháirtithe maidir le mionaoisigh (lena n-áirítear mionaoisigh atá faoi bhun 15 bliana d’aois) soiléir agus dea-fhorbartha; á mheabhrú gur aimsigh MECS roinnt cásanna ina bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh an leibhéal céanna amhrais (i dtéarmaí aicmithe) do shonraí mionaoiseach ar cosúil go raibh baint acu le sárú measartha beag laistigh de chreat níos leithne de ghrúpa coireachta eagraithe maidir le ‘comhréireacht dhocht’; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht prionsabal na ‘comhréireachta srianta’ a bhunaítear in Airteagal 30(1) de Rialachán Europol a urramú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>