<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0261</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0096/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022 (2023/2152(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh an 22 Feabhra 2024 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0090/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 403, 30.12.2006, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 15 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0096/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne i leith chur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022 (2023/2152(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh an 22 Feabhra 2024 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0090/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 403, 30.12.2006, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 15 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0096/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022 (2023/2152(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0096/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.01.2023, lch. 63.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 8 432 919.91 buiséad críochnaitheach na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (‘an Institiúid’) don bhliain airgeadais 2022, a léiríonn laghdú de 2,99 % i gcomparáid le 2021;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn  an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhuithe réasúnacha faighte aici go bhfuil cuntais na hInstitiúide beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go luaitear in Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh sé d’aidhm ag an Aontas ina ghníomhaíochtaí uile neamhionannais a dhíothú, prionsabal an phríomhshruthaithe inscne a bhunú leis sin agus comhionannas inscne idir fir agus mná a chur chun cinn; de bhrí nach mór comhionannas inscne a ionchorprú i mbeartais uile an Aontais, lena n-áirítear trí bhuiséadú inscne ar gach leibhéal den phróiseas buiséadach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go léirítear in Innéacs Comhionannais Inscne 2023 nach bhfuil ach méadú beag 1.6 pointe déanta ag na Ballstáit chun 70.2 a bhaint amach, go bhfuil comharthaí cúlchéimnithe ag roinnt réimsí, go háirithe i méadracht eacnamaíoch agus ioncaim<FOOTNOTE><FIELD> https://eige.europa.eu/gender-equality-index/2023</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur bunaíodh an Institiúid chun rannchuidiú le cur chun cinn an chomhionannais inscne san Aontas agus é a neartú, lena n-áirítear príomhshruthú inscne i mbeartais uile an Aontais agus sna beartais náisiúnta a eascraíonn astu, an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe bunaithe ar inscne, agus aird shaoránaigh an Aontais a tharraingt ar chomhionannas inscne;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 97,91 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2022, arb ionann é agus laghdú 1,01 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gur ráta forfheidhmithe 81,10 % a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn méadú 9,72 % i gcomparáid le 2021; ag moladh na hInstitiúide as dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid agus ar rátaí sásúla cur chun feidhme an bhuiséid in 2022, d’ainneoin dhúshláin na bliana sin a bhain leis an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus leis an luaineacht eacnamaíoch san Aontas; ag aithint an laghdú go 42,28 % ar chaiteachas oibriúcháin na hInsitiúide a tugadh ar aghaidh in 2023, i gcomparáid le 54,79 % in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méid bhuiséad deiridh na hInstitiúide mar thoradh ar bhuiséid leasaitheacha EUR 175 000 san iomlán a ghlac bord bainistíochta na hInstitiúide mar gheall ar an ardú géar ar an ráta boilscithe san Aontas agus go háirithe sa Liotuáin in 2022, innéacsú tuarastal 6,9 % agus méadú 7,3 % ar an gcomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme maidir leis an Liotuáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir na tuarascála ón gCúirt, i gcás creatchonradh le haghaidh seirbhísí eagrúcháin imeachtaí, nár nocht an Institiúid na leithreasuithe buiséid gaolmhara atá curtha i leataobh de EUR 3,7 milliún i ndoiciméid clársceidealaithe aonair na hInstitiúide, rud a bhain an bonn den trédhearcacht bhuiséadach i leith bhord na hInstitiúide agus geallsealbhóirí eile; á iarraidh ar an Institiúid na creatchonarthaí oibríochtúla uile a áireamh ina doiciméid clársceidealaithe aonair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an Institiúid leas as eochairtháscairí feidhmíochta áirithe i ndáil le cuspóirí oibríochtúla chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a chuirtear ar fáil lena cuid gníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur mór aici gur bhain an Institiúid 96,1 % dá clár oibre amach in 2022 agus gur bhain sí amach na spriocanna a leagtar amach i ndoiciméid clársceidealaithe aonair leasaithe 2022-2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á cur in iúl gur geal léi gur thacaigh an Institiúid in 2022 le ceapadh beartais an Aontais trí fhaireachán a dhéanamh ar bhearnaí agus treochtaí sa chomhionannas inscne trí sheoladh an Innéacs Comhionannais Inscne, agus gur eagraigh sí a chéad Fhóram um Chomhionannas Inscne, ina raibh plé painéil, ceardlanna agus seisiúin taithí éagsúla le cinnteoirí polaitiúla ardleibhéil agus comhaltaí na sochaí sibhialta; ag tabhairt dá haire thairis sin gur chuir an Institiúid achoimre bheartais ar fáil maidir le tionchar phaindéim COVID-19 ar mhná óga agus ar fhir óga ina dtugtar moltaí chun an óige a spreagadh agus a chumhachtú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur fhoilsigh an Institiúid tuarascáil dar tideal ‘Artificial Intelligence, platform work and gender equality’ [Intleacht Shaorga, obair ardáin agus comhionannas inscne] ina léirítear go bhféadfadh an intleacht shaorga agus obair ardáin feabhas a chur ar chomhionannas inscne sa gheilleagar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú gur bunaíodh an Institiúid chun rannchuidiú le cur chun cinn an chomhionannais inscne san Aontas agus é a neartú trí thaighde ardcháilíochta agus sonraí inchomparáide a chur ar fáil, chun cabhrú leis hinstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit comhionannas inscne a phríomhshruthú ina mbeartais uile agus idirdhealú inscnebhunaithe a chomhrac; á chur i bhfáth, mar sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Insitiúid le linn sonraí agus faisnéis riachtanach a bhailiú, a anailísiú, a phróiseáil agus a scaipeadh do lucht déanta beartas agus do bheartais an Aontais agus na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé neamhionannais i measc na mban agus éagóracha in aghaidh na mban a chomhrac; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar neamhionannais mhéadaitheacha i measc na mban, go háirithe i measc grúpaí i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear máithreacha aonair, mná faoi mhíchumas, mná ciníochaithe, mná LGBTIQ+, mná imirceacha agus dídeanaithe, mná scothaosta agus mná i gceantair thuaithe nó i gceantair tearc ar dhaonra; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí é sin a bhaint amach tríd an ngá le cistiú méadaithe do ghníomhaíochtaí comhionannais inscne ó thaobh fostaíochta agus fáis de a chomhlíonadh, chomh maith leis an bhforéigean inscnebhunaithe agus an bhearna phá idir fir agus mná a chomhrac, an bhearna phá sa phinsean idir fir agus mná, tionchar na ngéarchéimeanna ar mhná, príomhshruthú inscne agus buiséadú ráta méadaitheach na bochtaineachta i measc na mban, chomh maith le cearta agus daonlathas agus an smacht reachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóchain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire sineirgí na hInstitiúide leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair; ag tabhairt faoi deara de réir fhreagraí na hInstitiúide go bhfuil an Institiúid ina comhalta gníomhach de líonra ghníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile (CGB), go gcoinníonn sí teagmháil rialta le gníomhaireachtaí go léir eile CGB agus go bhfuil sí rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí Líonra Gníomhaireachtaí AE um Chomhairle Eolaíoch; ag tabhairt dá haire, thairis sin, comhar na hInstitiúide le soláthraithe sonraí amhail Eurostat, FRA, Eurofound nó Eurojust;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag moladh na hInstitiúide as an dul chun cinn a rinneadh chun feabhas a chur ar a héifeachtúlacht inmheánach in 2022 trína próisis oibre a dhigitiú tuilleadh agus tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cumarsáid ar líne agus as rannpháirtíocht fhíorúil i gcruinnithe agus in imeachtaí; ag tabhairt dá haire go háirithe go ndearna an Institiúid roinnt uirlisí a fhorbairt nó a chur in úsáid in 2022, amhail uirlis an tsínithe leictreonaigh, Sysper2 (uirlis bainistíochta acmhainní daonna an Choimisiúin), an uirlis ríomh-earcaíochta agus an uirlis bainistíochta tionscadal a rannchuidíonn le huathoibriú agus digitiú na bpríomhphróiseas (acmhainní daonna, bainistíochta tionscadal agus airgeadais); ag tabhairt faoi deara gur roinn an Institiúid a hacmhainní daonna agus airgeadais chun úsáid a bhaint as an gconradh idirghníomhaireachta chun seirbhísí a sholáthar chun meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail; ag tabhairt dá haire freisin gur shainigh an Institiúid roinnt beart chun astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a laghdú agus chun cleachtais oibre atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh (clásail inbhuanaitheachta comhshaoil i gconarthaí na hInstitiúide, athchúrsáil páipéir agus plaistigh, sreafaí oibre leictreonacha, agus bailiú sonraí ar astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> arb é taisteal gnó na hInstitiúide is cúis leo);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh 100 % den phlean bunaíochta comhlíonta, go raibh 27 n-oifigeach agus ngníomhaire shealadacha (GSanna) ceaptha as 27 nOifigeach agus GS arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post le 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurbh ionann ráta athraithe foirne na Gníomhaireachta in 2022 agus 11 %, arb ionann é agus na rátaí in 2021 agus 2020;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chríochnaigh an Institiúid an cleachtadh measúnaithe feidhmíochta bliantúil don 62 ball foirne uile agus gur áirithigh sí gur cuireadh deiseanna oiliúna iomchuí ar fáil do bhaill foirne a bhí dírithe ar a scileanna agus a n-inniúlachtaí a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi, chun forbairt ghairmiúil san Institiúid a chur chun cinn agus a éascú, gur eagraíodh 19 gclár oiliúna grúpa éagsúla in 2022 agus 414 rannpháirtí, agus gur ghlac 20 ball foirne reachtúil páirt in 42 chúrsa oiliúna aonair; ag tabhairt dá haire gur lean an Institiúid d’oiliúint teanga a chur chun cinn dá GSanna, dá gníomhairí ar conradh, do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht agus d’oiliúnaithe, ag aisíoc suas le EUR 500 in aghaidh an bhaill foirne; ag spreagadh na hInstitiúide leanúint de bheith ag díriú ar fhorbairt ghairme trí bheartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint le haghaidh forbairt gairme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á cur in iúl gur geal léi gur coimeádadh an dáileadh inscne a sroicheadh in 2021 san ardbhainistíocht agus sa mheánbhainistíocht (beirt fhear (50 %) agus beirt bhan (50 %)), agus ag tabhairt dá haire go bhfuil dáileadh neamhchothrom inscne athfhillteach sa bhord bainistíochta (8 bhfear (21,62 %) agus 29 mbean (78,38 %)) agus gur san fhoireann i gcoitinne (14 fhear (29,17 %) agus 34 bhean (70,83 %)); ag athdhearbhú a hiarrata ar an Institiúid cothromaíocht inscne a áirithiú amach anseo; ag aithint, mar sin féin, de réir na bhfreagraí i scríbhinn ón Institiúid, d’fhonn cothromaíocht inscne a shroicheadh i measc a foirne, go bhfuil céimeanna agus bearta nithiúla réamhghníomhacha glactha aici amhail teacht na bhfógraí folúntais a mhéadú chun linn tallainne níos éagsúla a mhealladh nó úsáid a bhaint as foclaíocht atá íogair ó thaobh inscne de i bhfógraí folúntais chun aird na mban agus na bhfear araon a mhealladh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur i gcuntas a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú le linn dóibh a gcomhaltaí a ainmniú ar bhord bainistíochta na hInstitiúide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire de réir fhreagraí na hInstitiúide nach ndearnadh aon chásanna ciaptha a thuairisciú, a imscrúdú, a thabhairt i gcrích go hinmheánach ná a thabhairt os comhair na gcúirteanna in 2022; á chur i bhfios, áfach, nach gciallaíonn sin go huathoibríoch nach raibh aon chásanna den sórt sin ann, go háirithe toisc go bhféadfadh ciapadh a bheith i bhfoirmeacha éagsúla agus a bheith fágtha gan tuairisciú; á iarraidh ar an Institiúid leanúint dá cuid oibre chun an treocht láithreach a choinneáil ar bun agus, ag an am céanna, gach cosaint ábhartha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfágfar aon chás gan tuairisciú; ag moladh na hInstitiúide as oiliúint maidir le ciapadh a chosc a eagrú in 2022, don lucht bainistíochta agus don fhoireann araon; ag tabhairt dá haire thairis sin gur bhain an Institiúid úsáid as a gnólacht dlí seachtrach ceaptha chun cásanna ciaptha roimhe sin a bhainistiú go dlíthiúil; ag tabhairt faoi deara nach bhfuil a haonad seirbhísí dlí féin ná post mar chomhairleoir dlí ag an Institiúid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tugadh cás leanúnach chun críche in 2022 i gcoinne na cuideachta UAB Manpower Lit, a tionscnaíodh le Cúirt Dúiche Chathair Vilnias ag tús 2018 ag roinnt iar-oibrithe eatramhacha; á mheabhrú gur deimhníodh leis an mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Samhain 2021<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte (Dara Dlísheomra) an 11 Samhain 2021, UAB “<STRING ITALIC="on">Manpower Lit” v E.S. agus Eile</STRING>, ECLI:AE:C:2021:624.</FIELD></FOOTNOTE> go raibh feidhm ag Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le gníomhaireacht oibre sealadaí (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais agus gur deimhníodh an prionsabal go gcaithfí go cothrom le hoibrithe eatramhacha agus le baill foirne reachtúla; ag tabhairt dá haire gur sheas Cúirt Uachtarach na Liotuáine leis an rialú sin ón gCúirt Bhreithiúnais agus gur rialaigh sí i bhfabhar oibrithe eatramhacha; á chur in iúl gur geal léi nach bhfostaíonn an Institiúid oibrithe eatramhacha a thuilleadh amhail ón 1 Eanáir 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi beartas cuimsitheach folláine na hInstitiúide, ina bhfuil roinnt beart i bhfeidhm chun tacú le cothromaíocht oibre is saoil, le teilea-obair agus le stíl shláintiúil saoil a ball foirne; ag tabhairt dá haire iarrachtaí leanúnacha na hInstitiúide chun feabhas a chur ar an timpeallacht oibre in 2022 trí mheascán d’urraim agus sláine, spiorad foirne agus comhar ar fud aonad chun tuiscint na foirne ar neamhfhulaingt na hInstitiúide ar chiapadh síceolaíoch agus gnéasach agus a tacaíocht dó a neartú; ag tabhairt dá haire thairis sin bearta na hInstitiúide chun tacú le foireann amhail deiseanna teilea-oibre a mhéadú i gcásanna pearsanta doiciméadaithe nó baill foirne neamhreachtúla a aisíoc le haghaidh seisiúin shíciteiripeacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an bharúil ó thuarascáil na Cúirte maidir le creatchonradh, trína bhfuarthas go raibh an íocaíocht EUR 25 571.18 (as EUR 511 296 ar an iomlán arna íoc faoin gconradh sin) ag an Institiúid in 2022 don chatagóir costais ‘caiteachas gan choinne’ neamhrialta toisc nár áiríodh an chatagóir costais sin sa chreatchonradh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil leasú foirmiúil tugtha isteach ag an Institiúid ar an gcreatchonradh lena sainmhínítear céatadán an bhuiséid le haghaidh úsáid caiteachais gan choinne agus an cuspóir atá leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire barúil eile ó thuarascáil na Cúirte maidir le neamhrialtacht an nós imeachta agus an chonartha a eascraíonn as sin i dtaca le nós imeachta idirbheartaithe iniúchta le triúr iarrthóirí ar a laghad, ar lú a luach ná EUR 60 000; ag aithint, mar sin féin, maidir leis an mbarúil dheireanach sin nach ndearnadh aon íocaíochtaí faoin gconradh sin in 2022; á iarraidh ar an Institiúid aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ar a heaspaí rialaithe inmheánaigh i réimse an tsoláthair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na hInstitiúide chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire go háirithe go bhfuil coinbhleachtaí leasa á gcosc agus á mbainistiú ag an Institiúid trí aird a tharraingt agus trí fhaireachán a dhéanamh ar bhailíocht na ndearbhuithe leasa arna síniú ag a Bord Bainistíochta, ag a lucht bainistíochta sinsearaí agus ag a foireann a bhfuil baint acu le nósanna imeachta earcaíochta agus soláthair; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thug an Institiúid a beartas coinbhleachtaí leasa cothrom le dáta in 2023 chun na moltaí maidir le ‘doirse imrothlacha’ arna n-eisiúint ag an gCúirt ina tuarascáil iniúchóireachta 2021 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais agus tuarascálacha nó staidéir ábhartha eile arna n-eisiúint ag an údarás um urscaoileadh agus ag an Ombudsman Eorpach a chur i gcuntas; á iarraidh ar an gCúirt beartas nua choinbhleachtaí leasa na hInstitiúide a áireamh i bpleananna iniúchóireachta na Cúirte amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Institiúid CVanna a Stiúrthóra agus comhaltaí a boird bainistíochta ar a suíomh gréasáin mar aon le dearbhuithe leasanna uathu; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé CVanna agus dearbhuithe leasanna a fhoilsiú; á iarraidh ar an Institiúid a cruinnithe le hionadaithe sainleasa a fhoilsiú gan mhoill agus faisnéis ar an leathanach gréasáin ina bhfoilsítear na cruinnithe sin a sholáthar don údarás um urscaoileadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac an Institiúid in 2022 chun a córas rialaithe inmheánaigh a neartú; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an Institiúid ar an mbóthar ceart maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú inmheánach agus iniúchóireacht, amhail cur chun feidhme na moltaí nó na mbarúlacha arna n-eisiúint ag an gCúirt agus ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach ina dtuarascálacha iniúchóireachta ó 2021 agus na gníomhaíochtaí agus na bearta a leagtar amach i straitéis frithchalaoise na hInstitiúide 2021-2023; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear leis na gníomhaíochtaí agus na bearta sin oiliúint ar chosc calaoise, oiliúint feasachta a chur ar fáil trí leathanach tiomnaithe inlín frithchalaoise agus rialuithe tiomnaithe agus measúnuithe riosca calaoise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna IAS measúnú sonrach ar chóras rialaithe inmheánaigh na hInstitiúide in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, torthaí an mheasúnaithe sin, inar sainaithníodh ceithre easnamh mheasartha a bhain le comhpháirteanna I (an timpeallacht rialaithe), III (gníomhaíochtaí rialaithe) agus IV (faisnéis agus cumarsáid) agus easnamh mór amháin a bhain le comhpháirt III agus an gá le prionsabail éagsúla (4, 10, 11 agus 13) a fheabhsú nó a fheabhsú go suaithinseach; á iarraidh ar an Institiúid an dul chun cinn a dhéantar le linn aghaidh a thabhairt ar fhionnachtana na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur foilsíodh an dara meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar an Institiúid in 2022; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur chuir bord bainistíochta na hInstitiúide litir chuig an gCoimisiún ina raibh moltaí maidir le fóram saineolaithe na hInstitiúide, feidhmiú an bhoird bainistíochta agus saincheisteanna foirne; á chur in iúl go dtuigeann sí ón litir sin go bhféadfaí go gceanglófaí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a bhunú (IO L 403, 30.12.2006, lch. 9).</FIELD></FOOTNOTE> a bhunaigh an Institiúid a leasú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an Institiúid san anailís leantach agus sa phlé maidir le toradh na meastóireachta seachtraí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag moladh na hInstitiúide as na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh maidir le barúlacha na Cúirte ó 2021 a mheas an Chúirt gur dúnadh iad go léir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nithe eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur shínigh an Institiúid conradh léasa nua in 2022 dá háitreabh in Vilnias ar feadh tréimhse 10 mbliana; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thosaigh oifig idirchaidrimh na Bruiséile a gníomhaíochtaí in 2022 agus gur chuidigh sí le hinfheictheacht na hInstitiúide mar gheallsealbhóir a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas na hInstitiúide a nósanna imeachta soláthair a dhigitiú trí Uirlis um Bainistiú an tSoláthair Phoiblí a ionduchtú, a mheastar a chuirfear i gcrích i Ráithe 4 de 2023; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagraí na hInstitiúide ar na ceisteanna ón gCoiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint, gur nuashonraigh sí a beartas cibearshlándála in 2022 chun bearta slándála a fheabhsú; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé socruithe i gcomhair iniúchtaí, tástálacha agus measúnuithe riosca TF a nuashonrú go rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Institiúid tar éis a hinfheictheacht phoiblí agus a láithreacht ar líne a mhéadú tuilleadh trí roinnt feachtas nó imeachtaí a sheoladh nó a óstáil amhail feachtas  #SafeSpaces chun a léiriú, inter alia, conas a bhaineann an cibear-fhoréigean an bonn de shábháilteacht na mban agus na gcailíní; agus céad-Fhóram um Chomhionannas Inscne na hInstitiúide agus seisiúin fóraim ar oscailt don phobal trí bheoshruthú agus trí thaifeadtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á áitiú a thábhachtaí atá a tuarascáil ar an bhfeimineicíd a foilsíodh in 2022 dar teideal ‘Feminicide indicators: pilot study of data availability and feasibility assessment’ [Táscairí an fheimeamharaithe: staidéar píolótach ar infhaighteacht sonraí agus measúnú féidearthachta] agus molann sí don Institiúid leanúint dá feachtas chun infheictheacht an fheimeamharaithe i mbeartais náisiúnta a mhéadú agus aird a tharraingt ar bhuntáistí féidearthachta é a aithint mar chion coiriúil ar leithligh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht  airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>