<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0262</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An tÚdarás Baincéireachta Eorpach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0111/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar urscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2146(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar Ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0084/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 64 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a chuid barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2146(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar Ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0084/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 64 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (2023/2146(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 73, 28.2.2023, lch. 102.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh ionann buiséad críochnaitheach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (an ‘tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2022 agus EUR 50 315 014; de bhrí go maoinítear an tÚdarás go príomha le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 18 685 999), agus le ranníocaíochtaí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát agus ó bhreathnóirí (EUR 31 629 015);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’), gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais bhliantúla an Údaráis iontaofa agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2022 ráta cur chun feidhme buiséid 99,56 % i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, a léiríonn méadú 1,05 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 87,00 % ráta forghníomhaithe leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí na bliana reatha, arb ionann é agus méadú 3,00 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go leanann an tÚdarás de bhearta áirithe a úsáid mar eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar a ghníomhaíochtaí agus ar a dtorthaí i leith chuspóirí an chláir oibre a bhaint amach; ag tabhairt faoi deara gurb amhlaidh, do 2022, atá cúig thosaíocht ingearacha (e.g. faireachán agus nuashonrú a dhéanamh ar an gcreat stuamachta le haghaidh maoirseachta agus réitigh, an creat tástála struis uile-Aontais a athbhreithniú agus a neartú) agus dhá thosaíocht chothrománacha (uirlisí a sholáthar chun rioscaí a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an tsochaí agus leis an rialachas a thomhas agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh ar thionchar COVID-19 agus tionchar COVID-19 a mhaolú) sainithe ag an Údarás dá chlár oibre; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2022, a rinne an tÚdarás 95 % den tuairim is 250 cúram arna leagan amach ina chlár oibre a chur i gcrích in 2022, lena n-áirítear 15 % de na cúraimí breise ba ghá a dhéanamh i rith na bliana, agus ag aithint, thairis sin, gur feabhas é sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur eol di gur thug cogadh foghach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an Údarás na dúshláin agus na héiginnteachtaí arna n-eascairt as an gcoinbhleacht sin i leith limistéir atá faoina shainchúram a mheas agus aghaidh a thabhairt orthu dá réir; á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, dá thoradh sin, a chuir an tÚdarás béim shuntasach ar mheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí do bhainc agus don earnáil airgeadais, agus a rinne sé beart chun faireachán a dhéanamh ar an earnáil sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh a dhírigh an tÚdarás ar iarrachtaí trínar cuireadh le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú smachtbhannaí arna bhforchur ar leibhéal atá ábhartha ar bhonn níos láithrí do dhaoine a ndéanann an choinbhleacht sin difear dóibh, agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Údaráis ar threoir a thabhairt chun rochtain ar an gcóras airgeadais a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gurb é a spreag gníomhaíocht an Údaráis in 2022, i measc nithe eile, ná an bhaint a bhí aige leis na nósanna imeachta reachtacha as a dtáinig glacadh Rialachán (AE) 2022/2554<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> agus Threoir (AE) 2022/2556<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE,  2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais (IO L 333, 27.12.2022, lch. 153).</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán agus Treoir um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil) agus Rialachán (AE) 2023/1114<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní) a mhúnlú trí bhíthin na freagartha arna tabhairt ar ghlaonna éagsúla ar chomhairle ar shaincheisteanna maidir leis an airgeadas digiteach agus ar shaincheisteanna gaolmhara; ag tabhairt dá haire gur díríodh freisin ar chosc a chur leis an gcóras airgeadais a bheith á úsáid chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh creat comhshaoil, sóisialta agus rialachais ábhartha do na bainc a fhorbairt, agus faireachán a dhéanamh ar thionchar COVID-19 ar chláir chomhardaithe na mbanc, chun tosaigh i gcónaí in obair an Údaráis; á aithint go ndearna an tÚdarás a phlean oibre d’Athbhreithniú Piaraí don tréimhse 2022-2023 a nuashonrú freisin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurb é a dhéanann an tÚdarás, i réimse an tsoláthair, a iarraidh ar ghníomhaireachtaí eile a bheith rannpháirteach ina nósanna imeachta soláthair oscailte, aon uair a d’fhéadfadh leas a bheith ag gníomhaireachtaí eile ina leith; ag tabhairt dá haire gurbh é an tÚdarás an phríomhghníomhaireacht in 2022 i leith nós imeachta soláthair idirinstitiúideach amháin inar ghlac an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) páirt; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an tÚdarás páirt freisin i roinnt mhaith nósanna imeachta idirinstitiúideacha arna stiúradh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go príomha na nósanna imeachta sin arna reáchtáil ag an gCoimisiún; ag tabhairt faoi deara gurb amhlaidh, in 2022, a sholáthair institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais 77 % de 96 chreatchonradh an Údaráis a bhí i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur príomhfhóram é Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, lena dtugtar le chéile an tÚdaras, ÚEÁPC, ESMA, an Coimisiún agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, chun saincheisteanna rialála coiteanna a phlé agus tionscnaimh chomhpháirteacha a chomhaontú; á mheabhrú go ndéantar, trí thionscnaimh chomhpháirteacha, dearcthaí éagsúla a thabhairt le chéile, dúbailt iarrachtaí a laghdú, an fhoghlaim a fheabhsú agus an caidreamh idir na rannpháirtithe a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go nglacann an tÚdarás páirt i dtionscnaimh comhair agus comhroinnte acmhainní chuimsitheacha le gníomhaireachtaí éagsúla, amhail, seirbhísí cuntasaíochta a chomhroinnt le ESMA, oifigeach slándála a chomhroinnt le ÚEÁPC, comhthionscadail TF, infheistíocht san fhorbairt gairme agus taithí a sholáthar chun cuidiú le gníomhaireachtaí eile deimhniú EMAS a fháil; ag cur béim bhreise ar na tairbhí cothrománacha a bhaineann le bheith ag obair le chéile agus le dea-chleachtais a oiriúnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag moladh an Údaráis as tionscnaimh éagsúla a dhéanamh amhail optamú próiseas, bainistiú acmhainní, digitiú, feabhsú comhair, agus cultúr feabhais leanúnach a chothú; ag tabhairt dá haire go gcuimsíonn na príomhstraitéisí uathoibriú próiseas (idirbhearta airgeadais gan pháipéar, ollualach íocaíochta, uirlisí sreafa oibre), optamú acmhainní, cinnteoireacht atá bunaithe ar shonraí, comhtháthú teicneolaíochta (néalseirbhísí, digitiú acmhainní daonna), comhoibriú trí fhoirne trasfheidhmiúla agus bainistiú tionscadal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tÚdarás ina chomhalta gníomhach de Líonra Gníomhaireachtaí AE, agus go bhfuil sinéigí á bhforbairt i gcónaí le hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile, amhail liostaí ionadaithe earcaíochta a roinnt idir an tÚdarás, ESMA agus ÚEÁPC;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh 98,14 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 159 gníomhaire shealadacha ceaptha as 162 phost do ghníomhairí sealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe agus a bhí in 2021); ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, gur oibrigh 49 ngníomhaire ar conradh (as 50 gníomhaire údaraithe) agus 13 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (as 19 saineolaí náisiúnta údaraithe móide seisear saineolaithe náisiúnta ar iasacht saor ó chostas) don Údarás in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur 11,5 % a bhí sa ráta láimhdeachais foriomlán in 2022 (i gcomparáid le 12 % in 2021); ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa ráta láimhdeachais foriomlán deireadh conartha saineolaithe náisiúnta ar iasacht ar gnách conarthaí gearrthéarmach a bheith acu cé gurbh ionann an ráta athraithe foirne i gcás na foirne reachtúla (gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh) agus 9 % (agus é pas níos airde i gcás gníomhairí ar conradh ná gníomhairí sealadacha); á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, ó bhí 2020 ann, atá an tÚdarás ag treisiú lena chur chuige i leith na bainistíochta tallainne trí bhíthin bearta breise chun an fhoireann a chumasú agus chun tacú le rannpháirtíocht fhadtéarmach (tairiscint láidir um luach foirne, cláir forbartha gairme sainoiriúnaithe amhail meantóireacht, tionscnaimh oibre is saoil amhail an club sóisialta, etc.);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur suntas sa dáileadh inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach agus meánbhainistíocht an Údaráis, agus 16 bhainsiteoir den 29 mbainsiteoir de bhainistíocht shinsearach agus meánbhainistíocht ina bhfir (55 %), agus laistigh d’fhoireann iomlán an Údaráis, agus 114 bhall foirne as 222 bhall foirne ina bhfir (51 %); á chur in iúl go bhfuil sí i bhfách le Cairt um Éagsúlacht agus Cuimsiú a bheith glactha ag Líonra Gníomhaireachtaí AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás ina chomhalta den líonra ‘Choose Paris Region’, ar líonra d’eagraíochtaí idirnáisiúnta é a chuireann ionaid oibre éagsúla, chuimsitheacha agus chothroma chun cinn agus a riarann go sonrach ar dhaoine faoi mhíchumas mar chuid den phróiseas earcaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur eol di gur seoladh Suirbhé ar Rannpháirtíocht Foirne (SES) in 2022 agus gurbh ionann agus 71 % an ráta freagartha ina leith; ag tabhairt dá haire gurbh ionann an scór fabhrach iomlán foriomlán i gcás rannpháirtíocht na foirne agus 65 % – 1 % níos airde i gcomórtas le SES 2019 (in ainneoin thréimhse dhúshlánach COVID-19) agus i gcomparáid le tagarmharc Idirghníomhaireachta AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás an próiseas eitice a chuíchóiriú in 2022, go háirithe trí chóras sreafa oibre leictreonach a thabhairt isteach, lena n-áirítear measúnú níos dlúithe agus níos éifeachtúla ar fhógraí faoi choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag baill foirne atá ag imeacht agus fógraí faoi ghníomhaíochtaí iarfhostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais go n-ionchorpraíodh na treoirlínte maidir le sceithireacht, lena gcuimsítear treoirlínte frithéillithe, san ábhar cúrsaí de chláir oiliúna an Údaráis a dhíríonn ar eitic agus ionracas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gurb amhlaidh, in 2022, a ghlac an Bord Maoirseoirí leasú ar a Rialacha Nós Imeachta, agus freisin ar Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Maoirseoirí agus ar shainordú an Bhuanchoiste um réiteach agus ar shainordú an Bhuanchoiste um chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena gcuirtear d’oibleagáid ar chomhaltaí a bhfuil coinbhleacht leasa dearbhaithe acu a bheith as láthair ón vótáil agus ón bplé féin, gan eisceacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, tar éis imscrúdú de chuid OLAD a theacht chun críche agus tátal an imscrúdaithe sin nach raibh aon léiriú ann ar neamhrialtachtaí a bheith ann i ndáil le comhlíonadh an chreata dhlíthiúil ábhartha, a moladh don Údarás go ndéanfaí gníomhaíochtaí riaracháin, go háirithe maidir le conarthaí fostaíochta na bainistíochta sinsearaí; ag tabhairt faoi deara gur nochtaigh an t-imscrúdú nach raibh forálacha conarthacha ann i dtaca le saoire gharraíodóireachta nó i dtaca le tréimhse mharana; á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, mar fhreagairt air sin, a thug an tÚdarás airteagal nua isteach i gconarthaí do stiúrthóirí, do chomhairleoirí, agus do phoist is sinsearaí ná iad i mí Feabhra 2022; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar gheall ar theorainneacha laistigh de chreat dlíthiúil na Rialachán Foirne, a chuir an tÚdarás in iúl do OLAF nach féidir leis ceanglais a fhorchur ar bhaill foirne lasmuigh den chreat sin, amhail cúiteamh a sholáthar nuair a bhíonn bac ar iarbhall foirne gníomhaíocht ghairme a shaothrú nó nuair a bhíonn coinníollacha substainteacha le comhlíonadh ag an iarbhall foirne sin lena saothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go nochtann an tÚdarás na cruinnithe foirne uile le geallsealbhóirí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí laistigh de thréimhse coicíse tar éis an chruinnithe don Chathaoirleach, de bhun Airteagal 49a de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus go mbíonn sé sin curtha i bhfeidhm ar an mbealach céanna i gcás an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, cé go gceanglaítear le hAirteagal 52a den Rialachán sin go ndéanfaí cruinnithe an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a phoibliú ach nach sonraítear ann cé chomh luath is gá iad a phoibliú i ndiaidh iad a thionóil; ag tabhairt dá haire gur ar bhonn ráithiúil a nochtar cruinnithe ball foirne eile le geallsealbhóirí de chuid na hearnála príobháidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tarraingt aird ar dhúnadh cáis sceithireachta amháin in 2022; ag tabhairt dá haire gur chuimsigh na gníomhaíochtaí arna ndéanamh teagmháil a dhéanamh le húdarás inniúil náisiúnta chun na líomhaintí agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar bhonn intíre a thuiscint, rud a d’fhág gur dúnadh an cás gan aon ghá ag an Údarás gníomhaíocht a dhéanamh ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú go ndéantar CVanna comhaltaí comhlachtaí rialaithe agus CVanna comhaltaí malartacha, bainisteoirí sinsearacha agus stiúrthóirí a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin an Údaráis; ag tabhairt dá haire go n-áirítear sna CVanna sin faisnéis maidir le taithí ghairmiúil agus oideachas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, maidir le saineolaithe, a fhoilsíonn an tÚdarás CVanna an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir na Cúirte, a d’fhéach an tÚdarás le seirbhísí a fháil in dhá thairiscint oscailte, ceann le haghaidh taighde margaidh i leith seirbhísí airgeadais agus ceann eile le haghaidh comhairliúchán ar chosaint sonraí; ag tabhairt dá haire go raibh forluí idir na critéir roghnúcháin agus na critéir dhámhachtana i gceann de na tairiscintí; á thabhairt chun suntais go bhfuil forluí mar sin ar neamhréir le hAirteagal 167 den Rialachán Airgeadais, ina sonraítear nach mór deighilt iomlán a bheith idir na critéir roghnúcháin agus na critéir dhámhachtana; á chur in iúl go n-úsáidtear critéir roghnúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht na dtairgeoirí agus go n-úsáidtear critéir dhámhachtana chun meastóireacht a dhéanamh ar phraghas agus cáilíocht na dtairiscintí; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala aici, gurb amhlaidh, sa dá chás, a rinne an tÚdarás rómheastachán ar luach uasta na gconarthaí mar gheall ar easnaimh sa taighde ar na praghsanna margaidh a rinne sé sular sheol sé an tairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir na Cúirte, go ndearnadh na laigí sa soláthar a rinne difear do dhá nós imeachta idirbheartaithe ar leith, ar laigí iad a tuairiscíodh in 2021, a cheartú toisc teimpléid an Choimisiúin a bheith á n-úsáid ag an Údarás anois, rud a thugann a nósanna imeachta i gcomhréir le barúil na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil, ó bhí an bhliain airgeadais 2020 ann, barúlacha nua i dtaca le soláthar tugtha ag an gCúirt gach bliain i leith ceithre ghníomhaireacht, agus go bhfuil an tÚdarás ar cheann díobh; á mheabhrú gurb é an cuspóir atá le rialacha soláthair phoiblí ná deis a thabhairt d’eintitis soláthair na hearraí agus na seirbhísí sin a theastaíonn uathu a fháil ar an bpraghas is fearr, agus fós a áirithiú go mbíonn iomaíocht chóir ann idir thairgeoirí agus go gcomhlíontar prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na comhréireachta, prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe; á iarraidh ar an Údarás a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha soláthair is infheidhme chun an luach is fearr is féidir ar airgead a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheabhrú gur thosaigh an tÚdarás in 2021 ag obair le comhpháirtí bainistithe riosca tiomnaithe chun comhoiriúnacht chlár bainistithe riosca reatha an Údaráis le creat Bainistíochta Riosca Fiontraíochta (ERM) COSO agus gur leanadh den obair sin in 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás, chun rialuithe inmheánacha a neartú tuilleadh, a chlár bainistithe riosca a chomhtháthú le creat ERM COSO, dlús a chur le gníomhaíochtaí a bhaineann le heitic, agus oiliúint shaincheaptha ar na rialuithe inmheánacha a sholáthar in 2023 agus é mar chuspóir leis sin éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh fhoriomláin a chaomhnú agus a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir na Cúirte, a ceartaíodh an laige sa rialú inmheánach a rinne difear do nósanna imeachta earcaíochta, ar laige í a tuairiscíodh in 2021, toisc gur mhodhnaigh an tÚdarás a nósanna imeachta dá réir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal gur lean an tÚdarás in 2022 dá chuid oibre agus dá chuid spriocanna insoláthartha a chur chun cinn trí réimse leathan bealaí cumarsáide amhail an suíomh gréasáin corparáideach, agallaimh phreasa agus ardáin na meán sóisialta; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an tÚdarás freisin an líon léirshamhluithe sonraí dinimiciúla a bhfuil sé mar aidhm leo méideanna móra sonraí a chur i láthair ar bhealach níos cuimsithí agus níos sothuigthe agus gur fhoilsigh sé 149 bpreaseisiúint agus mír nuachta, go ndearna sé obair an Údaráis sa phreas agus sna meáin a chur chun cinn, go ndearna sé 74 agallamh agus faisnéisiú leis an bpreas agus gur fhreagair sé 706 cheist tríd an ríomhphost;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, in 2022, a bronnadh deimhniú na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) ar an Údarás agus gur éirigh leis a chuspóirí agus a spriocanna i leith an chomhshaoil do 2022 i réimse an taistil, i réimse an fhuinnimh, i réimse na dramhaíola, i réimse an tsoláthair agus i réimse an phríomhghnó a bhaint amach; á thabhairt chun suntais go n-áirítear ar an méid a baineadh amach laghdú 50 % ar a laghad ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le taisteal, laghdú 10 % ar ídiú fuinnimh foirgneamh, gealltanas 70 % ar a laghad den dramhaíl a athchúrsáil, agus an tionchar ar an gcomhshaol a chur san áireamh in 100 % de na conarthaí arna bhfáil ag an Údarás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag moladh an Údaráis as gealltanas a thabhairt an tomhaltas fuinnimh a laghdú de 10 % in 2022 (i gcomparáid le 2019); á mheabhrú gur thug an tÚdarás isteach bearta éagsúla chun an sprioc sin a bhaint amach, amhail: na sceidil téimh a athrú agus an teocht a bhí socraithe ar na teirmeastait a ísliú; aistriú go dtí soláthar fuinnimh a bhí ag teacht go hiomlán as foinsí fuinnimh in-athnuaite; faireachán a dhéanamh ar na méadair ar bhonn laethúil chun torthaí na gníomhaíochta a rinneadh a mheasúnú; agus feachtas feasachta i gcoigilt fuinnimh a reáchtáil don fhoireann; ag tabhairt dá haire gur laghdaíodh an tomhaltas fuinnimh de 16,4 % faoi dheireadh 2022 (i gcomparáid le 2019);
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>