<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0263</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0097/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022 (2023/2153(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh an 22 Feabhra 2024 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0091/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE> ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 64 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0097/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022 (2023/2153(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh an 22 Feabhra 2024 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0091/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE> ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 64 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0097/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022 (2023/2153(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0097/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 78.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh ionann buiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2022 agus EUR 34 571 120, a léiríonn méadú 5,27 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go bhfuil an tÚdarás á mhaoiniú le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 12 932 000, arb ionann é agus 37,40 %) agus le ranníocaíochtaí ó údaráis faireacháin náisiúnta ó na Ballstáit (EUR 21 076 120, arb ionann sin agus 60,96 %);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2022 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Údaráis beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2022 ná ráta cur chun feidhme buiséid 99,46 %, arb ionann é agus laghdú 0,52 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, áfach, gurbh ionann an ráta forfheidhmithe agus 92,07 % i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, ar laghdú 12,95 % é i gcomparáid le 2021;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an tÚdarás úsáid as bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena ghníomhaíochtaí agus bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; ag tabhairt dá haire gur shocraigh an tÚdarás in 2022 17 sprioc feidhmíochta ar leibhéal straitéiseach ar fud a seacht bpríomhréimse oibre; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur bhain an tÚdarás 15 sprioc de na spriocanna sin amach nó gur sháraigh sé iad, agus gur measadh nach raibh an dá sprioc eile infheidhme le tuairisciú mar gheall ar a spleáchas ar amlínte reachtacha an Ghnímh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA) agus mar gheall ar chur isteach teicneolaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur seachadadh 342 tháirge agus seirbhís, arb ionann iad agus 91 % den líon iomlán, mar a bhí beartaithe ag an Údarás, agus go raibh moilleanna beaga ar 20 táirge agus seirbhís eile agus go raibh 13 tháirge agus seirbhís nár cuireadh ar aghaidh, go minic mar thoradh ar spleáchas ar amlínte cinntí reachtacha amhail Athbhreithniú Sócmhainneacht II nó ar fhorbairtí teicneolaíochta sa mhargadh, agus mar thoradh ar thosaíochtaí iomaíocha; ag moladh an Údaráis as a rannpháirtíocht labhartha a mhéadú ó 167 in 2021 go 214 in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag aithint na n-éachtaí iomadúla a bhain an tÚdarás amach in 2022 lenar cuireadh a chuspóirí i gcrích go mór i réimsí an chóineasaithe maoirseachta, chosaint an tomhaltóra agus na cobhsaíochta airgeadais; ag tabhairt dá haire go háirithe go ndearna an tÚdarás a chéad tástáil struis aeráide IORP chun léargas a fháil ar éifeachtaí na rioscaí comhshaoil ar earnáil na bpinsean gairme Eorpach, arna cur isteach chuig caighdeáin theicniúla cur chun feidhme an Choimisiúin lena leagtar síos ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh maoirseachta faoi Shócmhainneacht II, gur fhoilsigh sé roinnt páipéar, tuarascálacha agus treorach maidir le rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i mbainistiú riosca árachóirí, athárachóirí agus cistí pinsin ceirde agus gur chuir sé comhairle theicniúil agus ionchur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an phróisis reachtaigh maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus DORA; ag moladh an Údaráis as a thionscnaimh agus a ghníomhaíochtaí éagsúla i réimse an chlaochlaithe dhigitigh a thacaíonn le cuspóirí Straitéis Airgeadais Dhigitigh an Aontais, lena n-áirítear trí rannchuidiú le ‘Acadamh Airgeadais Dhigitigh Maoirseachta an Aontais’ a chur ar bun i gcomhar le roinnt geallsealbhóirí, amhail an Institiúid Ollscoile Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhain an tÚdarás úsáid den chéad uair as roinnt cumhachtaí agus uirlisí a tugadh dó le Rialachán ÚEÁPC; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur eisigh an tÚdarás moladh in 2022 do Bhanc Náisiúnta na Slóvaice (NBS) tar éis chonclúidí an Údaráis nár tugadh aghaidh go hiomchuí ó thaobh na maoirseachta de ar shárú ar cheanglais chaipitil arna dhéanamh ag cuideachta árachais Shlóvacach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina ábhar imní di, gur bhreith an tÚdarás gur sháraigh NBS dlí an Aontais agus, mar thoradh air sin, gur eisigh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil lena gceanglaítear air an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh agus go ndearnadh fiosrúchán ar bhonn Airteagal 22 de Rialachán ÚEÁPC; á iarraidh ar an Údarás an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair leantach ar an bhfiosrúchán sin chomh maith leis na torthaí uaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh an tÚdarás le cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus tomhaltóirí a chosaint trí fhaireachán críochnúil a dhéanamh ar na margaí agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar i gcomhthéacs nua ionradh neamhdhleathach na Rúise gan chúis ar an Úcráin agus ar ghéarú forchéimnitheach ar an mbeartas airgeadaíochta mar fhreagairt do rátaí boilscithe arda ar fud na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh ráiteas maoirseachta in 2022 maidir le boilsciú ina ndírítear ar an tionchar a bhíonn ag an mboilsciú ar fhorálacha teicniúla, ar infheistíochtaí agus ar cheanglais caipitil sócmhainneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leag an tÚdarás amach a straitéis don tréimhse 2023-2026 i mí Mheán Fómhair 2022, inar shainaithin sé tosaíochtaí straitéiseacha, lena n-áirítear athléimneacht agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha árachais agus pinsean a neartú, agus cosaint láidir agus chomhsheasmhach leasanna tomhaltóirí ar fud an Aontais a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) comhordú agus comhroinnt eatarthu agus go dtacaíonn siad lena chéile in go leor réimsí, sna príomhréimsí gnó agus sna réimsí tacaíochta araon; á chur in iúl gur geal léi go ndeachaigh na ÚMEnna i gcomhar lena chéile maidir le tionscnaimh straitéiseacha amhail feidhmchláir bogearraí a fhorbairt, bonneagar líonra agus sainchomhairliúchán TF trí, mar shampla, na soláthróirí céanna a chomhroinnt; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur fhorbair an tÚdarás Straitéis Néalríomhaireachta an Údaráis, a formheasadh in 2022, in éineacht leis an dá ÚME eile, le hInstitiúidí eile de chuid an Aontais agus leis na húdaráis náisiúnta inniúla (NCAnna) agus go bhfuil sé mar aidhm léi táirgí uathoibrithe agus féinseirbhíse níos uathrialaithí a sholáthar chun freastal ar shaineolaithe an Údaráis agus ar NCAnna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag moladh an Údaráis as a chuid infheistíochta agus as a leithdháileadh foirne do thionscadail i réimse an chlaochlaithe dhigitigh, chun leibhéil nua éifeachtúlachta a bhaint amach trí phróisis ghnó a uathoibriú agus a chuíchóiriú agus trí fheabhas a chur ar an am roimh dhul ar an margadh agus ar an gcomhar laistigh d’fheidhmeanna agus trasna feidhmeanna, i measc feidhmeanna eile; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tionscadail an Údaráis a cuireadh i gcrích in 2022 lenar díríodh ar fheabhas a chur ar chumais anailíse sonraí chun an sprioc a bhaint amach maidir leis an Údarás a thiontú ina eagraíocht atá go hiomlán digiteach agus sonraíbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt faoi deara, a mhéid a bhaineann le cleachtais ghnó ó lá go lá, go bhfuil raon beart curtha chun feidhme ag an Údarás chun cost-éifeachtúlacht a fheabhsú, amhail obair hibrideach, comhroinnt deasc, chomh maith le réitigh nua-aimseartha fís-chomhdhála a spreag laghdú ar thaisteal gnó; ag tabhairt dá haire, chun eolas institiúideach, saineolas agus éifeachtúlacht a chaomhnú agus príomhchúraimí á gcur i gcrích, gur chuir an tÚdarás feabhas ar a Chóras Comhtháite Bainistíochta Tallainne tuilleadh, lena n-éascaítear próisis acmhainní daonna atá ailínithe go straitéiseach, foinsiú níos fearr iarrthóirí agus foghlaim agus forbairt níos giaráilte; á iarraidh ar an Údarás sonraí agus figiúirí maidir le tionchar an chórais sin a sholáthar don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, go bhfuil an tÚdarás i measc na ngníomhaireachtaí a bhfuil plean corparáideach acu chun éifeachtúlacht fuinnimh agus aeráidneodracht a n-oibríochtaí a fheabhsú, agus a eisíonn ráiteas ar an gcomhshaol (e.g. maidir le tuairisciú ar an lorg carbóin) mar chuid dá dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí; ag moladh an Údaráis, thairis sin, as a bheith deimhnithe ag EMAS (Scéim an Aontais Eorpaigh um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht) in 2022 d’fhonn creidiúnú foirmiúil EMAS a bhaint amach in 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha i gcrích 99 %, amhail in 2021, an 31 Nollaig 2022, agus go raibh 137 gcomhalta den fhoireann shealadach ceaptha as 138 gcomhalta arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire freisin, gur fhostaigh an tÚdarás 36 bhall foirne ar conradh in 2022 agus 24 shaineolaí náisiúnta ar iasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh miondealú inscne an Údaráis do 2022 le 15 fhear (65,20 %) agus 8 mbean (34,80 %) i bpoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta agus ar a Bhord Bainistíochta, agus 104 fhear (53,60 %) agus 90 bean (46,40 %) ar a fhoireann fhoriomlán; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an Údarás é sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin a bheidh ann amach anseo laistigh dá bhainistíocht shinsearach agus dá mheánbhainistíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an tÚdarás de chur chun feidhme na straitéise um éagsúlacht agus cuimsiú (a glacadh in 2021) agus a phlean gníomhaíochta mionsonraithe in 2022 i gcomhréir le Cairt EUAN um Éagsúlacht trí thionscnaimh lena gcumhdaítear bearta trasearnálacha amhail comhoibriú le hinstitiúidí eile, lucht saothair níos éagsúla a mhealladh agus a roghnú, idirdhealú, ciapadh, claontacht chomhfhiosach agus neamh-chomhfhiosach a chosc, agus faireachán a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le héagsúlacht agus cuimsiú; ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh cás amháin de chiapadh líomhnaithe amháin in 2022, ach gur dúnadh an cás gan tuilleadh gníomhaíochtaí ós rud é, tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, nár aimsíodh aon fhianaise <STRING ITALIC="on">prima faciae</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tÚdarás tiomanta do thimpeallacht oibre éagsúil agus chuimsitheach, atá ag teacht le riachtanais daoine faoi mhíchumas freisin, a chothú agus a sholáthar; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur ainmníodh comhordaitheoir agus ambasadóir inmheánach míchumais an Údaráis in 2022 chun an aird ar an réimse áirithe sin a neartú agus a dhíriú tuilleadh, go ndearnadh suirbhé tiomnaithe i measc na foirne agus an lucht bainistíochta agus go ndearnadh gníomhaíochtaí múscailte feasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh an tÚdarás an-tiomanta i gcónaí do dhea-bhail na foirne agus don chothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú, agus go bhfuil torthaí dearfacha feicthe i rannpháirtíocht agus sásamh na foirne; ag tabhairt dá haire gur áiríodh ar na príomhréimsí fócais socruithe solúbtha oibre, teilea-obair, treoir agus forbairt ghairme ar feadh an tsaoil, cláir dhea-bhaile agus bainistíocht thacúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil barúil i dtuarascáil na Cúirte go ndearna an tÚdarás íocaíochtaí (EUR 25 607 ar an iomlán) tar éis deireadh conartha trína bhfuair an tÚdarás seirbhísí teileachumarsáide le haghaidh cumarsáid fón póca ar feadh tréimhse 4 bliana (2017-2021); ag tabhairt dá haire gurbh í conclúid na Cúirte ná go raibh na híocaíochtaí sin neamhrialta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an Chúirt barúil go ndearnadh leasú ar an gconradh sin, a síníodh i mí Aibreáin 2022, de shárú ar phointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheabhrú go raibh barúil i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte maidir le gníomhaireachtaí an Aontais do 2021 faoi mhéid EUR 288 125 a d’íoc an tÚdarás go neamhrialta maidir leis an gconradh cíosa dá áitreabh; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, ó thuarascáil an Údaráis maidir le bearta a rinneadh i bhfianaise mholtaí an údaráis um urscaoileadh (urscaoileadh 2021), gurb é seasamh an Údaráis ná go ndéanfaí difear diúltach dlíthiúil agus clú don Údarás dá dtabharfaí neamhaird ar na hoibleagáidí conarthacha; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil stádas na barúla sin fós ar oscailt; á iarraidh ar an Údarás gach iarracht is gá a dhéanamh, agus an nós imeachta soláthair le haghaidh conradh nua léasa á sheoladh, chun aon choinbhleacht idir na hoibleagáidí arna bhforchur leis an gcomhaontú cíosa agus forálacha ábhartha an Rialacháin Airgeadais a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéantar CVanna chomhaltaí bhord maoirseoirí agus bhord bainistíochta an Údaráis, resumé Chathaoirleach agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis agus resumé gearr ar Chinn Roinne an Údaráis a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Údaráis, i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla an Údaráis; ag tabhairt dá haire go bhfuil dearbhuithe aonair maidir le leasanna agus dearbhuithe intinne ar fáil go poiblí i gcás gach comhalta den Bhord Bainistíochta, gach comhalta den bhord maoirseoirí agus lucht bainistíochta sinsearaí an Údaráis; á chur in iúl gur geal léi freisin gur foilsíodh cruinnithe foirne an Údaráis le brústocairí ar shuíomh gréasáin an Údaráis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur neartaigh an tÚdarás a rialacha eitice don fhoireann agus do chomhaltaí nach baill foirne iad in 2022, agus ar an gcaoi sin, gur tugadh aghaidh ar na barúlacha ó thuarascáil na Cúirte maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis do 2021 agus arb é is aidhm leo cinnteoireacht neamhchlaonta, oibiachtúil agus neamhspleách a chaomhnú agus aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus déileáil léi go pras; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, go ndearnadh athbhreithniú ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis, gur glacadh an beartas maidir le neamhspleáchas agus próisis chinnteoireachta chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint i gcás daoine nach baill foirne iad, gur formheasadh athbhreithniú ar an gcinneadh maidir le breithmheas a dhéanamh ar an gcathaoirleach agus ar an stiúrthóir feidhmiúcháin agus gur glacadh athbhreithniú ar Rialacha Eitice an Údaráis do bhaill foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt faoi deara maidir le sceithireacht gur chuir ball foirne amháin imní in iúl in 2022 maidir le cás neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus gur bhainistigh an tÚdarás iad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur chuir an tÚdarás an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar an eolas faoi sin gan mhoill agus go ndearna OLAF measúnú agus go ndearna sé an cás a dhíbhe ar an bhforas nach raibh amhras leordhóthanach ann imscrúdú a thionscnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur athbhreithnigh bord maoirseoirí an Údaráis a Rialacha Nós Imeachta i mí Iúil 2022 lena gcuirtear barúil na Cúirte chun feidhme maidir le comhaltaí de bhord maoirseoirí an Údaráis atá faoi réir coinbhleachta a bheith i láthair le linn pléití agus vótála; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhormheas bord bainistíochta an Údaráis cinneadh athbhreithnithe i mí na Nollag 2022 maidir le breithmheas an chathaoirligh agus an stiúrthóra feidhmiúcháin, i gcomhréir le barúlacha na Cúirte;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás an measúnú bliantúil ar a chreat rialaithe inmheánaigh in 2022, agus gur thángthas ar an gconclúid go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail uile curtha chun feidhme agus go bhfeidhmíonn siad mar a bhí beartaithe, agus go bhfuil roinnt feabhsuithe ag teastáil mar gheall ar easnamh measartha a braitheadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur eisigh an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach an tuarascáil in 2022 maidir leis an iniúchadh a rinneadh in 2021 maidir le ‘Bearta Idirghabhála ÚEÁPC’ lenar díríodh ar NCAnna agus ar oibreoirí margaidh in earnálacha árachais agus pinsean ceirde an Aontais; á thabhairt faoi deara, thairis sin, gur eisigh coiste um rialú cáilíochta an Údaráis tuarascáil athbhreithnithe maidir leis na ‘Ceachtanna a foghlaimíodh ón gcomhar agus ón idirghníomhaíocht idir ÚEÁPC agus na NCAnna le linn phaindéim COVID-19’; á iarraidh ar an Údarás an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le cur chun feidhme na moltaí arna n-eisiúint ag an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach agus ag an gcoiste um rialú cáilíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur shainaithin an tÚdarás rioscaí, go ndearna sé faireachán orthu agus go ndearna sé bearta chun éifeachtaí na rioscaí sin a mhaolú in 2022, ar rioscaí iad a bhaineann le heaspa acmhainneacht leordhóthanach a bheith aige chun cumhachtaí agus cúraimí nua a chur chun feidhme agus na gealltanais a tugadh cheana á gcur i gcrích aige, le heaspa foireann oilte a bhfuil na hinniúlachtaí riachtanacha aici mar gheall ar fhadhbanna tarraingteachta poist agus fadhbanna earcaíochta, agus le bagairtí cibearshlándála agus leanúnachas gnó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás d’aghaidh a thabhairt in 2022 ar na moltaí a bhí fágtha ón iniúchadh ar ‘Uirlisí Maoirseachta sa Limistéar Cosanta Tomhaltóirí’ (2019-2020); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur baineadh cheithre mholadh amach mar thoradh ar an iniúchadh sin ar tugadh aghaidh orthu sa chaoi gur dhún IAS dhá mholadh go hoifigiúil i mí na Samhna 2021 agus gur dúnadh dhá mholadh go hoifigiúil i mí an Mheithimh 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh an tÚdarás rabhaidh do thomhaltóirí in 2022, in éineacht leis na ÚMEnna eile, i ndáil leis na gníomhaíochtaí ardriosca agus amhantracha a bhaineann le go leor criptea-shócmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó fhreagraí an Údaráis ar cheisteanna an údaráis um urscaoileadh, go bhfuil an tÚdarás ag baint tairbhe faoi láthair as uirlisí ríomhthairisceana an Choimisiúin (ríomhthairiscint, ríomhaighneacht, ríomhshonrascadh) agus go bhfuil an uirlis bainistithe soláthair phoiblí (PPMT) curtha chun feidhme idir an dá linn (ó mhí Iúil 2023); á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear i nósanna imeachta tairisceana ÚEÁPC ceanglais na gcritéar maidir le soláthar poiblí glas, i gcás inar féidir, agus go gcaithfidh tairgeoirí ÚEÁPC an Dearbhú Onóra maidir le Comhlíonadh oibleagáidí comhshaoil agus sóisialta a shíniú, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an tÚdarás torthaí a chuid oibre i bhfoirm tuarascálacha in 2022, ar a shuíomh gréasáin agus ar na meáin shóisialta, agus go raibh preaseisiúint ag gabháil le formhór na dtuarascálacha; á chur in iúl gur geal léi, i gcásanna áirithe, go bhfuil achoimrí, gearrthóga gearra ó na meáin shóisialta, nó agallaimh ghearra ag gabháil leis na tuarascálacha chun an t-ábhar a mhíniú i dtéarmaí níos simplí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach  a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>