<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0266</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0123/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2141(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na ngníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0079/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009<FOOTNOTE><FIELD> IO L 321, 17.12.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 28 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2141(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na ngníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0079/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009<FOOTNOTE><FIELD> IO L 321, 17.12.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 28 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2141(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 119, 31.3.2023, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 7 428 456 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta a glacadh don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú de 1,19 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuair an Chúirt dearbhuithe réasúnacha go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le hearnáil soláthair na Gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, maidir le córais rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus is mór aici é, go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 99,99 % mar thoradh ar iarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas an bhuiséid chríochnaithigh arna ghlacadh don bhliain, arb ionann é agus méadú 0,02 % i gcomparáid le 2021; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ráta cur chun feidhme an bhuiséid laistigh den tairseach os cionn 95 % a bhunaigh an bord bainistíochta; ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 82,78 %, a léiríonn méadú 13,44 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach i ndáil lena cuspóirí, lena n-áirítear, i measc nithe eile, maidir le tacaíocht do mheithleacha oibre, do ghníomhaíochtaí cumarsáide, do mhaoiniú agus soláthar láraithe agus do bhainistiú acmhainní daonna; ag tabhairt dá haire gur baineadh amach an chuid is mó de na cuspóirí, ach molann sí, áfach, aghaidh a thabhairt ar na Príomhtháscairí Feidhmíochta (KPIanna) atá fós gan chomhlíonadh nó atá ag dul chun cinn níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis (e.g. Feabhas a chur ar an bpróiseas aisíocaíochta tríd an uirlis ardtairsí do chruinnithe (AGM), síniú an chonartha chun tacú le ‘straitéis TFC BEREC 2022-2025’ a fhorbairt; á mholadh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht KPInna a mhionchoigeartú ar bhonn rialta chun a feidhmíocht a bharrfheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an Ghníomhaireacht de thacaíocht riaracháin agus ghairmiúil ardcháilíochta a chur ar fáil do Bhord Rialálaithe BEREC, do Líonra Teagmhála BEREC, d’fhaisnéisiú poiblí, do Mheithleacha BEREC, lena n-áirítear na Meithleacha <STRING ITALIC="on">Ad Hoc</STRING> agus do Ghrúpa Comhairleach Oifig BEREC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh rialtóir teileachumarsáide na hÚcráine NCEC ar bord na Gníomhaireachta mar bhall gan cearta vótála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh na gníomhaíochtaí chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach in 2022 dírithe ar na príomhréimsí seo a leanas: roinnt feidhmeanna, soláthair, gnóthachan éifeachtúlachta a lárú trí úsáid níos mó a bhaint as feidhmchláir TF de chuid an Choimisiúin nó cinn nua a thabhairt isteach agus acmhainní seachtracha a úsáid chun easpa acmhainneacht acmhainní daonna a chúiteamh nó do chúraimí de chineál teicniúil agus cúntach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i réimse an tsoláthair in 2022, gur lean an Ghníomhaireacht d’úsáid a bhaint as nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha agus gur ghlac sí páirt i seacht nós imeachta soláthair idirinstitiúideacha, as ar tháinig sé chreatchonradh i gcrích le linn na tréimhse tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na gnóthachain éifeachtúlachta a baineadh amach trí fheidhmchláir TF bhreise de chuid an Choimisiúin a úsáid níos mó nó a thabhairt isteach; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go raibh an Ghníomhaireacht tar éis gach modúl bunúsach Sysper2 a ionduchtú agus a úsáid go gníomhach in 2022, e.g. bainistiú céannachta, bainistiú eagraíochta, bainistiú sonraí pearsanta, dálaí oibre, bainistiú tallainne agus bainistiú doiciméad agus go ndearna sí amhlaidh i gcás trí cinn ón tacar roghnach modúl, e.g. fleisc-am, teilea-obair, agus cearta aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag feidhmiú ó bunaíodh í agus nach bhfuil acmhainneacht acmhainní daonna aici le haghaidh poist áirithe; ag tabhairt dá haire go gcúitíonn an Ghníomhaireacht roinnt srianta acmhainneachta, i gcás inarb indéanta, agus go dtugann sí tosaíocht d’úsáid seirbhísí a chuireann an Coimisiún Eorpach agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ar fáil mar phríomhréiteach; á thabhairt faoi deara go n-áirítear leis an gcur chuige sin seirbhísí giarála arna soláthar ag Oifig an Choimisiúin chun teidlíochtaí aonair (PMO) agus an fhoireann phráinnfhreagartha ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a riar agus a íoc do sheirbhís TF agus slándála; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhar an-rathúil ag an nGníomhaireacht le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh i réimse TF, lena n-áirítear óstáil, forbairt TF, athshlánú ó thubaistí, dearadh nua shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta a fhorbairt, agus seirbhísí TF eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear, ag áitiú ar an ngá go gcuirfí dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe a thagann go háirithe ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é a bhí sa phlean bunaíochta, an 31 Nollaig 2022, 16 ghníomhaire shealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe le 2021); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 19 ngníomhaire ar conradh, 8 saineolaí náisiúnta ar iasacht agus 10 mball foirne agus sainchomhairleoir eatramhach ag obair don Ghníomhaireacht in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta a hoibríocht a ailíniú le prionsabail an Ráitis Chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, lena n-áirítear an t-íosmhéid criticiúil a bhfuiltear ag súil leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é an príomhdhúshlán sa bheartas réimse na foirne an láimhdeachas ard foirne, a chuaigh suas chuig 16,3 % in 2022 i gcomparáid le 4,6 % do 2021 agus 5,4 % in 2020; ag tabhairt dá haire go ndearna an méadú mór ar láimhdeachas na foirne difear ar leith don aonad riaracháin agus airgeadais; ag tabhairt dá haire, chun na poist a bheidh folamh a líonadh agus chun a áirithiú go mbeidh foireann aici a bhfuil na hinniúlachtaí is gá di agus dá riarachán acu, gur sheol an Ghníomhaireacht nósanna imeachta roghnúcháin in 2022 chun cúig phost fholmha a líonadh (gníomhaire sealadach amháin agus ceathrar gníomhairí ar conradh) nach raibh panéil ionadaithe oiriúnacha i bhfeidhm aici ina leith, agus le haghaidh 3 phost a tháinig chun bheith folamh, d’áirithigh an Ghníomhaireacht earcaíocht thapa óna painéil ionadaithe ghníomhacha chun poist a líonadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht, áfach, anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an láimhdeachas ard foirne agus na bearta is gá a dhéanamh chun é a sheachaint amach anseo agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag moladh thionscnaimh na Gníomhaireachta chun feabhas a chur ar dhálaí oibre is saoil na mball foirne, lena n-áirítear comhairle dlí do chúrsaí príobháideacha, tacaíocht airgeadais do naíscoileanna, táillí teagaisc do scoileanna idirnáisiúnta, cúrsaí teanga, earraí atá díolmhaithe ó CBL do Shaineolaithe Náisiúnta ar Iasacht, clár ionduchtúcháin do nuatheachtaithe, agus cúnamh do bhaill teaghlaigh atá ag socrú sa Laitvia, cuid acu i gcomhar le húdaráis na Laitvia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur baineadh cothromaíocht inscne amach ar an iomlán in 2022 agus in 2021 laistigh den fhoireann, ar mná iad 52 % agus ar fir iad 48 %; á áitiú go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun cothromaíocht réasúnta inscne a choinneáil i measc fhoireann na Gníomhaireachta; á aithint nach bhfuil ach 3 phost mheánbhainistíochta ag an nGníomhaireacht agus gur baineadh cothromaíocht inscne inghlactha amach freisin sa mheánbhainistíocht, le bean amháin agus beirt fhear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de tascfhórsa idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghníomhaireacht; ag dréim lena dtuarascáil agus a moltaí a fháil; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna ciaptha tuairiscithe ann in 2022 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc amach anseo freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár ghlac an Ghníomhaireacht an ‘Chairt um éagsúlacht agus cuimsiú’ a ghlacadh arb é is aidhm di cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna a chur chun cinn, gan beann ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh; á mheabhrú go bhfuil sé ar cheann ceann de chuspóirí na cairte an sprioc 40 % ar a laghad d’inscne tearcionadaithe a bhaint amach sa mheánbhainistíocht ar bhonn gearrthéarmach go meántéarmach; ag cur sonrú i bhfreagra na Gníomhaireachta ar an gceistneoir caighdeánaithe maidir le hurscaoileadh; á mheas nach gcuirtear cosc ar ghlacadh na cairte mar gheall ar chorruimhir a bheith ann do chatagóir phoist an bhainisteora shinsearaigh agus an mheánbhainisteora araon; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun an chairt a ghlacadh agus páirt ghníomhach a ghlacadh i dtionscnaimh lena gcuirtear éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn san ionad oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an Ghníomhaireacht dá clár oiliúna le linn 2022; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh seachtar oiliúnaithe ar an iomlán isteach sa Ghníomhaireacht agus go raibh 15 oiliúnaí rannpháirteach i gclár oiliúna na Gníomhaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht ar a suíomh gréasáin na CVanna agus na dearbhuithe maidir le leas coinbhleachtaí chomhaltaí a boird bainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sula gcuirtear tús lena róil sa Ghníomhaireacht, go gceanglaítear ar bhaill foirne reachtúla, ar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, ar oiliúnaithe, agus ar oibrithe eatramhacha dearbhú leasa a thíolacadh, a ndéanann an t-údarás ceapacháin nó an stiúrthóir ceapacháin athbhreithniú air ina dhiaidh sin sula ndéanfar an sannadh a fhormheas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach mór don fhoireann an dearbhú sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta le linn na fostaíochta chun aghaidh a thabhairt ar aon choinbhleacht leasa <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> agus nach mór dóibh an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas go réamhghníomhach faoi aon ghníomhaíochtaí seachtracha, faoi ghnóthais ghairmiúla le linn saoire phearsanta, faoi choinneáil bronntanas, faoi fhostaíocht céile, agus faoi choinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann trí fhoilseacháin nó óráidí; ag tabhairt dá haire, ar fhoirceannadh seirbhíse, go gceanglaítear ar bhaill foirne reachtúla agus ar oiliúnaithe a gcuid fostaíochtaí gairmiúla atá beartaithe amach anseo a nochtadh don Ghníomhaireacht laistigh de thréimhse shonraithe iarfhostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac Stiúrthóir na Gníomhaireachta Nóta chun coinbhleachtaí leasa na mball foirne a bhainistiú le linn an roghnúcháin agus na hearcaíochta, lena gceanglaítear aon chaidreamh gairmiúil/pearsanta le hiarratasóirí a dhearbhú gan beann ar cibé acu an coinbhleacht leasa é an gaol sin nó nach ea; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cheart do na comhaltaí foirne a rá freisin an féidir leo nó nach féidir leo neamhchlaontacht a choinneáil; ag tabhairt dá haire, a luaithe a nochtfar ainmneacha na n-iarratasóirí, nach mór do chomhaltaí an choiste roghnúcháin dearbhú coinbhleachtaí leasa a thíolacadh i gcomhréir leis an nóta thuasluaite chomh maith leis na treoirlínte maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú maidir le baill foirne a bhfuil baint acu le nósanna imeachta roghnúcháin, earcaíochta nó athaicmithe sa Ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an bord bainistíochta straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta 2023-2025 arb é is aidhm di feabhas a chur ar bhrath, smachtbhannaí a chur i bhfeidhm agus cosc calaoise agus gníomhú in aghaidh aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá leas airgeadais; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht na modúil eitice in Sysper a chur i bhfeidhm, lena gcumhdaítear dearbhú coinbhleachta leasa, dearbhú bronntanais nó fáilteachais, dearbhú foilseacháin, iarraidh ar ghníomhaíocht sheachtrach a údarú, iarraidh ar ghníomhaíocht sheachtrach agus le linn shaoire ar fhorais phearsanta, dearbhú fostaíochta céile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé don Ghníomhaireacht níos mó infheictheachta a fhorbairt sna meáin, san idirlíon agus sna meáin shóisialta chun a cuid oibre a chur in iúl do na saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó mhí Feabhra 2022, gur chuir an Ghníomhaireacht tús le hUirlis Bainistíochta um Sholáthair Phoiblí (PPMT) an Choimisiúin a úsáid, ar uirlis í lena ndearnadh a próisis soláthair phoiblí a chuíchóiriú tuilleadh agus lena n-áirithítear úsáid na dteimpléad agus na ndea-chleachtas an Choimisiúin is déanaí i ngach céim den phróiseas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á aithint, chun cibearshlándáil agus cosaint na dtaifead digiteach atá ina seilbh a mhéadú, go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as fíordheimhniú dhá fhachtóir, ballaí dóiteáin feidhmchlár gréasáin, cúltacaí uathoibrithe, criptiú feidhmeach (i gcás inarb infheidhme/inar féidir) agus tástálacha rialta aisghabhála ar chórais ríthábhachtach ó thaobh gnó de; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag úsáid cosaint bunaithe ar bhogearraí le haghaidh gléasanna úsáideora deiridh amhail ríomhairí glúine agus fóin phóca, agus na seirbhísí slándála TFC arna soláthar ag CERT-EU;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta chun déileáil leis an reachtaíocht nua lena leagtar síos bearta maidir leis an gcibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ar bhonn tosaíochta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an t-ualach díréireach a d’fhéadfadh a bheith ag an rialachán cibearshlándála ar ghníomhaireachtaí beaga, amhail Oifig BEREC, a d’fhéadfadh an comhlíonadh a chur i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún é sin a chur san áireamh i dtimthriallta clársceidealaithe don bhliain seo chugainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil deimhniú EMAS curtha ar bun ag bord bainistíochta na Gníomhaireachta mar sprioc do na 3 bliana amach romhainn; á chur in iúl gur eol di go bhfuil tús curtha ag an nGníomhaireacht le hullmhú inmheánach don deimhniú, lena n-áirítear nuashonruithe breise ar ríomh lorg carbóin na gníomhaireachta, rannpháirtíocht i gcleachtadh nasctha Greasán Líonra Gníomhaireachtaí AE chun glasú agus eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na hÚcráine in oibríochtaí laethúla na Gníomhaireachta; ag moladh na Gníomhaireachta agus a comhaltaí as creat comhoibríoch a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nascachta agus an bealach a réiteach chun rialacháin na hÚcráine maidir le cumarsáid leictreonach a chomhchuibhiú leis an gcreat Eorpach teileachumarsáide; á chur in iúl gur mór aici freisin, bunaithe ar shonraí a bhailigh an Ghníomhaireacht ó oibreoirí an Aontais agus na hÚcráine faoi na bearta miondíola a cuireadh i bhfeidhm, gur comhaontaíodh Ráiteas Comhpháirteach, lenar bunaíodh creat cobhsaí chun cabhrú le daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin fanacht nasctha lena dteaghlaigh agus lena gcairde sa bhaile agus rochtain a choinneáil ar fhaisnéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta in 2022 feasacht an phobail ar a sainordú agus ar a hobair sa Laitvia a mhéadú trí thionscnaimh chumarsáide ar mhionscála, amhail, mar shampla, cuairt ó mhic léinn Ollscoil Ríge Stradinš a óstáil, lena gcothaítear comhpháirtíocht a chuireann feabhas ar thuiscint ar ghníomhaireachtaí AE, go háirithe sa Laitvia, páirt a ghlacadh san imeacht beoshruthaithe chun Lá na hEorpa a cheiliúradh sa Laitvia, arna eagrú ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa tír sin agus imeachtaí eile; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de bheith ag obair ar infheictheacht na Gníomhaireachta a mhéadú, go háirithe sa Bhallstát óstach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oifigí áitiúla na Parlaiminte agus an Choimisiúin i Ríge agus an Ghníomhaireacht i gcomhar lena n-iarrachtaí oibriú le chéile chun Áras comhpháirteach na hEorpa a bhunú, a bheidh ina ‘baile’ d’Institiúidí uile an Aontais agus don Ghníomhaireacht sa Laitvia;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>