<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0267</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0132/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2154(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0092/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht<FOOTNOTE><FIELD> IO L 189, 28.5.2021, lch. 61.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 23 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) i leith chur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2154(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0092/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht<FOOTNOTE><FIELD> IO L 189, 28.5.2021, lch. 61.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 23 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2154(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (‘Institiúid’ don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 489, 22.12.2022, lch. 56.</FIELD></FOOTNOTE>, gur EUR 406 585 390,99 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na hinstitiúide don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 12,65 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais, go príomha, a thagann buiséad na hInstitiúide;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), i dtuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2022 (‘tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte ag an gCúirt go bhfuil cuntais bhliantúla na hInstitiúide iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 ná ráta cur chun feidhme na bliana reatha de 94,03 % le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arb ionann é agus laghdú 3,88 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 98,42 %, a léiríonn laghdú 1,06 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur toradh é méid bhuiséad deiridh na hInstitiúide ar leasú EUR 656 930,67, arna ghlacadh ag a bord rialaithe (an ‘Bord’), mar gheall ar mhodhnuithe a rinneadh ar chlár oibre bliantúil 2022 na hInstitiúide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndearna iniúchóir seachtrach neamhspleách barúil na Cúirte maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht dheontais na hInstitiúide a fhíorú ex post, agus gurb é 1,73 % an ráta earráide in 2021 (i gcomparáid le 0,66 % in 2020), ag tabhairt chun suntais, cé go bhfuil an ráta earráide fós faoi bhun leibhéal ábharthachta 2 %, go bhféadfadh na rioscaí criticiúla mar gheall ar bhuiséad méadaithe, sainordú agus gníomhaíochtaí faoin gclár Fís Eorpach mar aon le méadú ar líon na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) brú a chur ar chumas na hInstitiúide maoirseacht agus faireachán a dhéanamh go héifeachtach ar PENanna a bhféadfadh rátaí earráide níos airde agus mírialtachtaí neamhbhraite a bheith mar thoradh orthu amach anseo;  á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid bearta nithiúla chun an ráta earráide a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt faoi deara ó thuarascáil na Cúirte gur íoc an Institiúid ús ar íocaíochtaí déanacha in 2022 i ndáil le deontais in dhá chás arbh fhiú EUR 32 070 san iomlán iad;  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach ndearna an Institiúid, sa dá chás, faireachán leormhaith ar na sprioc-amanna rialála, rud a léiríonn go bhfuil laige i sreabhadh oibre íocaíochta na hInstitiúide; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na hInstitiúide ar bharúil na Cúirte, ó 2023 ar aghaidh, go ndearna sí athbhreithniú ar a próisis bainistithe deontas, gur chuir sí oiliúint ar bhaill foirne ábhartha agus go bhfuil sí ag baint úsáid as córas TF an Choimisiúin maidir le bainistiú deontas (ríomhdheontais), rud a laghdaíonn go suntasach an dóchúlacht go dtarlóidh earráid chomhchosúil amach anseo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di go n-úsáideann an Institiúid córas Eochairtháscairí Feidhmíochta (KPInna) atá nasctha le gníomhaíochtaí oibríochtúla, rialachas agus cumarsáid chorparáideach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhain an Institiúid, le roinnt moilleanna, thart ar 95 % dá Clár Oibre amach in 2022; ag tabhairt dá haire gur cuireadh gníomhaíochtaí nua de chúram ar an Institiúid, faoi chuimsiú an Chláir Oibre Eorpaigh Nua um Nuálaíocht, ar gníomhaíochtaí iad nár áiríodh sa phlean tosaigh agus nár leithdháileadh aon acmhainní breise chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an Institiúid dá tionchar a mhéadú le linn 2022, lenar cumasaíodh beagnach 1 670 táirge agus seirbhís nuálach, lenar cuireadh oiliúint ar na mílte fiontraithe agus lenar tacaíodh le 5600 gnólacht nuathionscanta agus gnólacht atá i mbun fáis a mheall beagnach EUR 6 bhilliún in infheistíochtaí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an Institiúid a comhtháthú in Fís Eorpach chun críche, tar éis di aistriú go samhail cistiúcháin ilbhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Institiúid maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh phíolótaigh ‘Innovation Capacity Building for Higher Education’ [Fothú Acmhainneachta Nuálaíochta don Ardoideachas] a seoladh in 2021, rud a mhéadaigh suim agus rannpháirtíocht na nInstitiúidí Ardoideachais; ag tabhairt dá haire gur leagadh béim ar an Institiúid mar cheann de phríomh-rannpháirtithe agus príomhghníomhaithe Éiceachóras Nuálaíochta na hEorpa, le seoladh a <STRING ITALIC="on">Deep Tech Talent Initiative</STRING> a bhfuil sé d’aidhm aige oiliúint a chur ar 1 mhilliún tallann ar a laghad, iad a athsciliú agus a uas-sciliú sna trí bliana amach romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thacaigh an Institiúid le muintir na hÚcráine tar éis ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise i mí Feabhra 2022, agus cúnamh á chur ar fáil aici do mhic léinn, d’fhiontraithe, do thaighdeoirí, d’institiúidí ardoideachais agus do ghnólachtaí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Institiúid Acadamh na Comhghuaillíochta Eorpaí Ceallraí faoin gCúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa, arb é an chéad mhór-leithdháileadh cistí ó chlár eile ar an Institiúid é;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur shínigh an Institiúid Meabhrán Tuisceana le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí, lena gcumhdaítear roinnt gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus measúnuithe slándála; á mheabhrú go ndéantar, trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha, dearcthaí éagsúla a thabhairt le chéile, dúbailt iarrachtaí a laghdú, an fhoghlaim a fheabhsú agus an caidreamh idir na rannpháirtithe a neartú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thosaigh an Institiúid, chun feabhas a chur ar a héifeachtúlacht, a haistriú ó Fís 2020 go Fís Eorpach a chur chun feidhme in 2021 agus gur tugadh i gcrích é in 2022 i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Institiúid athbhreithnithe éagsúla maidir le héifeachtúlacht próiseas, agus, mar thoradh air sin, gur cuireadh tuairiscí ar phoist, cuspóirí foirne agus leithdháileadh cúraimí agus acmhainní, i measc nithe eile, in oiriúint; ag tabhairt dá haire go ndearna an Institiúid cleachtadh athstruchtúraithe in 2022 agus gur ghlac sí doiciméad maidir le ‘Modhanna Oibre’, i measc saincheisteanna eile, chun éifeachtúlacht a mhéadú, mar shampla maidir le ríomhphoist, cruinnithe, cianobair a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur seoladh uirlisí nua TF in 2022 a thacaíonn le hoibríochtaí riaracháin na hInstitiúide agus é mar chuspóir deiridh leo éifeachtúlacht oibríochtúil agus éifeachtacht na heagraíochta a mhéadú, lena n-áirítear an Uirlis um Bainistiú an tSoláthair Phoiblí (PPMT), Q-Sign (ríomhshíniú), agus modúil éagsúla de chóras faisnéise an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Bainistiú Acmhainní Daonna (SYSPER) a thabhairt isteach;  á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid tuilleadh nósanna imeachta inmheánacha a aimsiú a d’fhéadfaí a chuíchóiriú trí uirlisí TF nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na hInstitiúide a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Institiúid leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint, á áitiú gur gá dlús a chur le gníomhaíocht i gcoinne cibirionsaithe nó iarrachtaí insíothlaithe go háirithe iad siúd a thagann ón Rúis nó ón tSín;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2022, go raibh 93 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 40 gníomhaire shealadacha ceaptha as 45 ghníomhaire shealadacha a arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe agus a bhí in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 25 ghníomhaire ar conradh don Institiúid in 2022, mar aon le 10 bhall foirne eatramhacha agus saineolaí náisiúnta amháin ar iasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár cruthaíodh poist bhreise de bharr thearclíon leanúnach foirne na hInstitiúide, mar a léirigh an Chúirt ina Tuarascálacha Bliantúla; ag tabhairt chun suntais gur athdhearbhaigh an Institiúid a hiarraidh go luath in 2023 chun 10 bpost foirne sa bhreis a fháil, rud a d’fhágfadh go mbeadh sí in ann a clár oibre 2024 a chur i gcrích; ag tarraingt aird ar an ngá atá le hacmhainní na hInstitiúide a ailíniú lena hionchais maidir leis an sainordú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur sonrú sa dáileadh inscne i bpoist shinsearacha agus mheánbhainistíochta na hInstitiúide, inar fir iad cúigear as 8 mball foirne;  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chothromaíocht inscne laistigh den Bhord, inar fir iad 9 as 14 bhall foirne;  ag cur sonrú sa dáileadh inscne laistigh d’fhoireann na hInstitiúide ar an iomlán, inar fir iad 28 as 65 ball foirne;  ag tabhairt dá haire gur formheasadh Beartas agus Plean Gníomhaíochta na hInstitiúide maidir le Comhionannas Inscne in 2022;  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapachán laistigh dá bainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíochta amach anseo;  á iarraidh go ndéanfadh an gCoimisiún a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh agus a chomhaltaí á n-ainmniú aige do bhord rialaithe na hInstitiúide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chothromaíocht gheografach laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na hInstitiúide nach bhfuil ach foireann bainistíochta amháin aici ó Lár-Oirthear na hEorpa;  á áitiú go gcaithfear feabhsuithe a dhéanamh;  á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh na hInstitiúide chun an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a neartú amhail an clár <STRING ITALIC="on">Girls Go Circular</STRING>, ar leibhéal na scoile, agus <STRING ITALIC="on">Supernovas</STRING>, lena gcuirtear fiontraíocht agus ceannaireacht na mban chun cinn; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Institiúid Cairt EUAN um Éagsúlacht agus Cuimsiú in 2023, lena ndeimhnítear a tiomantas comhionannas deiseanna a áirithiú ag gach céim den ghairm bheatha agus timpeallacht oibre a chumasú ina mbreathnaítear ar an éagsúlacht mar fhoinse nuálaíochta, saibhrithe, agus cruthaitheachta agus ina gcuireann bainisteoirí agus gach ball foirne an cuimsiú chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Institiúid an chuid is mó de mhodúil SYSPER chun feidhme in 2022 agus go leanfar leo in 2023; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Institiúid Cairt Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh um Éagsúlacht agus Cuimsiú, lena léirítear a tiomantas comhionannas deiseanna a áirithiú agus timpeallacht oibre a chumasú; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil roinnt beart curtha ar bun ag an Institiúid chun feabhas a chur ar fholláine a bhfoirne ag an obair agus ar an gcothromaíocht oibre is saoil, lena gcumhdaítear, inter alia, costais iompair phoiblí, clárú a leanaí i naíscoileanna idirnáisiúnta, dálaí oibre solúbtha agus hibrideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, faoin gclár léarscáile oiliúna, a forbraíodh ar mhaithe leis an ngá atá ag an Institiúid agus ag a foireann feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht ghinearálta, gur lean an Institiúid de chúrsaí oiliúna a chur ar fáil dá baill foirne ar líne, lena n-áirítear eitic agus ionracas, cosc ar chiapadh, cosaint sonraí, éifeachtacht i gcruinnithe hibrideacha, feasacht ar shlándáil TF, agus oiliúint slándála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur seoladh dhá ghlao ar sheal oiliúna go rathúil in 2022; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go raibh 23 gairmí óga ar an iomlán rannpháirteach i ndeiseanna oiliúna san Institiúid, ag tosú nó ag críochnú a sealanna oiliúna in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil iar-Choimisinéir amháin agus iar-Fheisire amháin de Pharlaimint na hEorpa, mar chomhaltaí den Bhord, ag fáil airgead onóra EUR 2000 in aghaidh an chruinnithe Boird ar fhreastail sé air ó bhuiséad na hInstitiúide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur tuairiscíodh cás ciaptha amháin in 2022, agus gur osclaíodh fiosrúchán riaracháin agus go bhfuil sé fós ar siúl;  á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú a luaithe is féidir don údarás um urscaoileadh;  ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Institiúid maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus go bhfuil an Institiúid mar chuid de thascfhórsa idirghníomhaireachta na gcomhairleoirí rúnda;  ag tnúth lena dtuarascáil agus a moltaí a fháil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur sonrú i mbearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na hInstitiúide chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú, agus chun cosaint sceithirí a áirithiú;  ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Institiúid ar a suíomh gréasáin dearbhuithe leasa agus CVanna chomhaltaí a Boird agus a foirne bainistíochta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfoilsíonn an Institiúid ar a suíomh gréasáin faisnéis maidir le gach cruinniú arna reáchtáil ag a Bord agus ag a foireann bainistíochta in imeachtaí poiblí agus i gcruinnithe poiblí in aghaidh na míosa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Institiúid beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú don fhoireann, lena n-áirítear nósanna imeachta chun dearbhuithe leasa bliantúla a eisiúint agus measúnú a dhéanamh orthu agus nós imeachta lena rialaítear an sárú ar rialacha na hInstitiúide maidir le dearbhuithe leasa; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil coiste coinbhleachta agus comhairleach bunaithe ag an Institiúid, gur chuir sí seisiúin feasachta ar fáil dá foireann maidir le heitic agus ionracas agus go bhfuil cinneadh á fhorbairt aici maidir le teimpléid agus nósanna imeachta riaracháin Col;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na hInstitiúide maidir le dearbhuithe leasa chomhaltaí a boird rialaithe, agus trí dhearbhú éagsúla á ndéanamh:  an Dearbhú Leasa Bliantúil, an Dearbhú Leasa maidir leis an Meastóireacht ar Thograí PEN agus an Dearbhú Leasa maidir le Plean Gnó PEN; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh cásanna coinbhleachtaí leasa maidir le roinnt comhaltaí den Bhord a bhfuil an dearbhú bliantúil leasa acu agus, dá bhrí sin, gur cuireadh ar an eolas iad agus gur glacadh bearta maolaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Institiúid ag obair ar dhréachtú beartais nua chun measúnú a dhéanamh ar shrianta agus toirmisc iarfhostaíochta dá baill foirne shinsearacha as dul i mbun post áirithe tar éis a dtéarma oifige;  ag tabhairt dá haire go sonrófar sa bheartas na poist sin a thoirmiscfear tar éis dheireadh an téarma oifige, chomh maith leis na critéir chun an toirmeasc sin a chur i bhfeidhm amach anseo, le teorainn dhá bhliain; á chur in iúl gur geal léi go nglacfaidh an Institiúid beartas nó cinneadh éillithe freisin ag tús 2024, lena gcuirfear bonn ar bun chun sásraí inmheánacha frithéillithe a fhorbairt a bheidh le cur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh OLAF dhá mholadh tar éis dhá imscrúdú éagsúla, agus ceann amháin den dá mholadh curtha chun feidhme le linn 2022, agus go bhfuil an moladh atá fágtha á chur chun feidhme faoi láthair;  á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh mar obair leantach ar na moltaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go bhforbródh an Institiúid infheictheacht níos mó sna meáin, ar an idirlíon agus sna meáin shóisialta chun a cuid oibre a chur in iúl do na saoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i gcás trí íocaíocht riaracháin iniúchta arb ionann iad agus EUR 337 116, nár údaraigh an Institiúid na gealltanais bhuiséadacha go dtí gur síníodh na gealltanais dhlíthiúla ghaolmhara; ag cur béim ar an bhfíoras nach teagmhas ar leith é sin, ós rud é gur thug an Chúirt saincheist chomhchosúil dá haire roimhe seo ina tuarascáil in 2021; á mheabhrú go dtéann sé sin i gcoinne Airteagal 73(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>ón gCoimisiún (an Rialachán Réime Airgeadais);  ag cur sonrú i bhfreagra na hInstitiúide go nglacfaidh sé bearta breise chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an fhoráil sin, eadhon seisiúin thiomnaithe faisnéise foirne, nuashonrú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus rialuithe inmheánacha gaolmhara a neartú;  ag tathant ar an Institiúid gníomhú láithreach agus bearta a chur chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil gach idirbheart airgeadais i gcomhréir leis an Rialachán Réime Airgeadais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug an Institiúid chun críche aistriú fheidhm an chumais iniúchóireachta inmheánaí chuig feidhm faireacháin agus maoirseachta PEN arna glacadh le Cinneadh 12/2022 ón mBord le héifeacht ón 1 Aibreán 2022;  á aithint gur seirbhís iniúchóireachta inmheánaí (IAS) de chuid an Choimisiúin a dhéanann an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí anois;  ag tabhairt faoi deara, ina theannta sin, gur neartaíodh ról an chomhordaitheora rialaithe inmheánaigh, le cúraimí lena n-áirítear gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh a chomhordú agus tuairisciú ag an Institiúid, moltaí iniúchóireachta a chur chun feidhme, iniúchtaí a chomhordú, idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí iniúchóireachta seachtracha, agus rannchuidiú le bainistiú airgeadais agus oibríochtúil i réimsí amhail soláthar, cur chun feidhme conarthaí, íocaíochtaí, agus tuairisciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir IAS tús le hullmhúcháin do phlean iniúchóireachta inmheánaí straitéiseach 2023-2025 na hInstitiúide;  ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir IAS tús le hiniúchadh, a tugadh chun críche in 2023, ar bhainistiú saineolaithe san Institiúid chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh do phróisis bhainistithe saineolaithe, lena n-áirítear roghnú, conraitheoireacht agus íocaíocht san Institiúid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios gur cuireadh moill shuntasach 15 mhí ar mholadh tábhachtach a d’eisigh IAS ón Iniúchóireacht ar Bhainistiú Acmhainní Daonna in 2021, ina ndírítear ar an gcleachtadh breithmheasa agus athaicmithe; ag tabhairt dá haire gur áiríodh sna rioscaí a sainaithníodh moilleanna agus neamhéifeachtúlacht a d’fhéadfadh a bheith sa chleachtadh, an fhéidearthacht go mbeadh cinntí bainistíochta a bhfuil údar mícheart leo ina gcúis le dúshláin i nósanna imeachta athbhreithnithe nó os comhair na Cúirte, míshástacht agus díspreagadh foirne, ábhair imní maidir leis an gComhchoiste um Athaicmiú nach bhfuil a ról á chomhlíonadh aige, agus cailliúint fhoriomlán na hinchreidteachta vis- à -vis an cleachtadh athaicmithe agus an sásra athbhreithnithe, as a n-eascraíonn díspreagadh foirne; á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid bearta réamhghníomhacha chun aghaidh a thabhairt ar aon mhoill agus neamhéifeachtacht a d’fhéadfadh a bheith sa chleachtadh breithmheasa agus athaicmithe agus aon dul chun cinn ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur mhéadaigh an Institiúid a hidirghníomhaíocht le OLAF, tar éis di cruinnithe déthaobhacha agus seisiúin feasachta frithchalaoise a reáchtáil;  ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil Straitéis Frith-Chalaoise 2021-2023 na Institiúide i bhfeidhm aici, a glacadh i mí na Bealtaine 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Institiúid an cleachtadh measúnaithe riosca chun feidhme agus gur thaifead sí na rioscaí seo a leanas i gClár Rioscaí 2022 na hInstitiúide, tar éis di iad a shainaithint: níor cuireadh gnéithe den Chlár Oibre Bliantúil chun feidhme i ngeall ar acmhainní daonna neamh-leordhóthanacha, níor cuireadh comhaontuithe PEN chun feidhme go cuí, bhí moilleanna ar nósanna imeachta soláthair na hInstitiúide agus ar ionduchtú na hInstitiúide i gcórais TF an Choimisiúin, i measc nithe eile; á iarraidh go ndéanfadh an Institiúid aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascáil na Cúirte, i gcás ordú athnuachana bogearraí, nach ndearna an Institiúid fíorú ex ante, chun a dheimhniú ar ghearr an conraitheoir an praghas ceart agus an táille ratha cheart, mar a leagtar amach sa chreatchonradh is infheidhme, ag tabhairt dá haire go bhfuil sé sin contrártha d’fhorálacha Airteagal 30 den Chreat-Rialachán Airgeadais maidir le rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus go gcruthaíonn sé riosca go n-íocfaidh an Institiúid méideanna míchearta as na seirbhísí a fuarthas;  ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na hInstitiúide, go mbeidh gá le miondealú ón gconraitheoir agus tairiscint á hiarraidh aige, lena léireofaí go soiléir an praghas agus an corrlach brabúis chun measúnú a dhéanamh ar aon riosca a bhaineann le praghas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Institiúid imeachtaí le linn 2022 chun feabhas a chur ar a hinfheictheacht ar fud na mBallstát agus an Aontais agus laethanta oscailte freisin chun eolas a chur ar fáil faoi na deiseanna a chuirtear ar fáil san Institiúid d’iarrthóirí ionchasacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Institiúid ‘Tionscnamh Deep Tech Tallainne’ freisin, ar cuid den Chlár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht é, agus go gcuideoidh sé le hoiliúint a chur ar shaoránaigh i réimsí teicneolaíochta na todhchaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Institiúid ag obair chun bheith ina gníomhaireacht aeráidneodrach agus na bearta is gá á ndéanamh aici i dtreo bainistiú comhshaoil; ag tabhairt dá haire gurb í an Institiúid an t-éiceachóras nuálaíochta is mó san Eoraip agus gur príomhionstraim í faoin gclár Fís Eorpach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le saincheisteanna gaolmhara; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí na hInstitiúide le linn 2022 chun a cuspóirí comhshaoil a bhaint amach:  cruthú an Choiste Inbhuanaitheachta, a bheith ina comhalta d’Fholíonra Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh do Ghlasú agus ceiliúradh EITree, imeacht inar chuir baill foirne éagsúla den fhoireann crainn i limistéar uirbeach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil deimhniú EMAS ar chlár oibre meántéarmach nó fadtéarmach na hInstitiúide;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>