<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0268</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (roimh 19.1.2022, an Oifig Eorpach Tacaíochta  do Chúrsaí Tearmainn)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0106/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (roimh 19.1.2022, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2164(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0102/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lenar bunaíodh Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 36 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L 468, 30.12.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 55 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (roimh 19.1.2022, an Oifig EorpachTacaíochta do Chúrsaí Tearmainn) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2164(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0102/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear  Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 36 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L 468, 30.12.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 55 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann roimh 19.1.2022, an Oifig Eorpach Tacaíochta  do Chúrsaí Tearmainn) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2164(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.01.2023, lch. 180.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 186 842 192 buiséad criochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 12,46 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais, go príomha, a thagann buiséad na hOifige;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i mí an Mheithimh 2022, gur shínigh an Ghníomhaireacht Comhaontú Ranníocaíochta leis an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme chéim III den ionstraim um chúnamh réamhaontachais (IPA) ‘Tacaíocht réigiúnach AE do chórais bainistithe imirce atá íogair ó thaobh na cosanta de sna Balcáin Thiar, Céim III, Conradh 2’ (dá ngairtear ‘IPA III na Balcáin Thiar’ anseo feasta) dar luach iomlán EUR 6 mhilliún agus tréimhse cur chun feidhme 47 mí;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go raibh méadú suntasach ar bhuiséad na Gníomhaireachta in 2022 mar gheall ar chúraimí leathnaithe faoi Rialachán (AE) 2021/2303 arbh é ab aidhm dóibh go mbeadh an Ghníomhaireacht ina lárionad saineolais maidir le tearmann;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go raibh beagnach 1 mhilliún iarrthóir tearmainn agus thart ar 4 mhilliún tairbhí de chosaint shealadach san Aontas in 2022;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhuithe réasúnacha faighte aici go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí ar fhaireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022 go ndearnadh 96,23 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha a chur chun feidhme, arb ionann é agus méadú beag 0,44 % i gcomparáid le 2021 (96,67 %); ag tabhairt dá haire gurbh é 89,55 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha, arb ionann é agus laghdú 1,36 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin 2021 (90,91 %); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil ráta cealaithe sách ard (15 %) de na cistí a tugadh anonn ó 2021 go 2022, rud a d’fhág gur cailleadh spriocráta bliantúil na Gníomhaireachta de bheith níos lú ná 10 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur ghlac Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta dhá leasú bhuiséadacha in 2022; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú lár bliana ar a buiséad 2022 lenar cinneadh ar an nGníomhaireacht fóirdheontas breise de EUR 12 mhilliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 6 mhilliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a iarraidh ar an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na cúraimí breise a eascraíonn as an ngéarchéim dhaonnúil a thionscain ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise ar an Úcráin; ag tabhairt dá haire gur áiríodh na méideanna sin sa chéad leasú buiséadach de chuid na Gníomhaireachta a glacadh i mí Mheán Fómhair 2022; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur tugadh chun suntais i mbuiséad an fhómhair agus in athbhreithniú pleanála na Gníomhaireachta moilleanna gan choinne i gcur chun feidhme pleananna oibríochtúla atá ábhartha don ghéarchéim san Úcráin, as a n-eascraíonn leasú buiséadach diúltach (an dara céim) a ghlac an Bord Bainistíochta i Samhain 2022, inar laghdaíodh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi EUR 12 mhilliún; ag tabhairt faoi deara, ar deireadh, gur léirigh leasuithe buiséadacha na Gníomhaireachta ranníocaíocht dheonach na Danmhairge (an dara tráthchuid de EUR 94 063) chun an ‘Treochlár um Chomhar idir EASO agus an Éigipt’ a chur chun feidhme, agus an chéad réamh-mhaoiniú (de EUR 2 968 129) do IPA III na mBalcán Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire an bharúil ón tuarascáil ón gCúirt, maidir le ranníocaíochtaí thíortha comhlachaithe Schengen le buiséad na Gníomhaireachta, go bhfuil na socruithe a tugadh i gcrích idir an tAontas agus na tíortha sin a fheidhmíonn mar bhunús dlí chun na ranníocaíochtaí sin a ríomh, doiléir agus go gceadaíonn siad léirmhínithe éagsúla, as a n-eascraíonn ranníocaíochtaí ó gach tíre atá comhlachaithe le Schengen (le buiséad na Gníomhaireachta) atá coibhéiseach le tearcíocaíochtaí de thart ar EUR 0,7 milliún (7 %) mar gheall ar úsáid foirmle ríomha a mheasann an Chúirt a bheith lochtach toisc go n-iolraítear an cóimheas ranníocaíochta faoi mhéid nach léiríonn ach fóirdheontas bhuiséad an Aontais do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, cé gur cheart, de réir na Cúirte, an sciar ó thíortha comhlachaithe Schengen a áireamh sa mhéid sin freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa chaibidlíocht atá le teacht le tíortha comhlachaithe Schengen ar Chomhaontuithe nua lena gcumhdófar rannpháirtíocht na dtíortha atá comhlachaithe le Schengen in obair na Gníomhaireachta, d’fhonn breis soiléireachta a áirithiú ann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh feidhmíocht na Gníomhaireachta a thomhas in 2022 in aghaidh 204 sprioc bhliantúla, ar sáraíodh 48 % díobh, ar baineadh amach 26 % díobh, nach mór gur baineadh amach 10 % díobh, ar cuireadh moill ar 12 % díobh agus nach raibh feidhm ag 4 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an dul chun cinn suntasach a rinneadh in 2022 i dtreo chur chun feidhme iomlán fhorálacha nua Rialachán (AE) 2021/2033; ag tabhairt dá haire, go háirithe, ó thuarascáil leantach na Gníomhaireachta i gcás urscaoileadh 2021 (‘an tuarascáil leantach’ anseo feasta), gur bhunaigh an Ghníomhaireacht an Fóram Comhchomhairleach, chomh maith leis an díorma cúltaca um Thearmann a bhí comhdhéanta cheana i lár Mheitheamh 2023 de 360 saineolaí formheasta ó na Ballstáit (as 500 mar a cheanglaítear leis an Rialachán sin), agus go ndearna sí próiseas earcaíochta a Oifigigh um Chearta Bunúsacha a chuaigh i mbun oifige i mBealtaine 2023, chomh maith le comhairliúcháin le geallsealbhóirí d’fhonn an Sásra Gearán a dhréachtú agus a ghlacadh; ag tabhairt dá haire, maidir leis an Sásra Faireacháin, go raibh an mhodheolaíocht agus an clár á bhforbairt agus é beartaithe iad a ghlacadh i R1 2024, agus cleachtadh píolótach faireacháin ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire maidir leis an réimse gníomhaíochta lena gcumhdaítear imscaradh oifigeach idirchaidrimh chun na mBallstát agus tríú tíortha, gur thug teorainneacha acmhainní daonna ar an nGníomhaireacht na Ballstáit a chruinniú ina gclúdaíonn oifigeach idirchaidrimh amháin suas le ceithre Bhallstát, chomh maith le heaspa ama chun oifigigh idirchaidrimh a fhorbairt do thríú tíortha; ag aithint go bhfuil acmhainní breise de dhíth ar an nGníomhaireacht chun ceanglais Rialachán (AE) 2021/2303 a chur chun feidhme go hiomlán sa réimse sin agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún riachtanais oibríochtúla na Gníomhaireachta a léiriú ar shlí níos fearr agus cinneadh á dhéanamh aige ar phleananna bunaíochta amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á aithint go raibh cúraimí nua agus dúshláin iomadúla roimh an nGníomhaireacht in 2022 mar gheall ar ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, ar iarraidh ó na húdaráis náisiúnta ábhartha, gur leathnaigh an Ghníomhaireacht a hoibríochtaí go sé Bhallstát bhreise, rud a d’fhág go raibh pleananna oibríochtúla i 14 Bhallstát san iomlán; ag moladh na Gníomhaireachta freisin as cúnamh a thabhairt do na Ballstáit sin chun an Treoir um Chosaint Shealadach a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thacaigh an Ghníomhaireacht le clár aistrithe dheonaigh lenar tugadh cúnamh do dhaoine a bhí ag teitheadh ón Úcráin athlonnú san Aontas agus iarratas a dhéanamh ar chosaint shealadach, gur chuir sí oiliúint ar an Treoir um Chosaint Shealadach ar fáil do riaracháin náisiúnta, táirgí cumarsáide forbartha a bhain go sonrach le tír faoi leith (leabhráin, bileoga agus póstaeir) le faisnéis shaincheaptha ar chosaint shealadach, méadú ar anailísí staide agus pearsanra imscartha den chéad uair chun tíre nach Ballstát (an Mholdóiv); á chur in iúl gur mór aici freisin rannpháirtíocht láidir na Gníomhaireachta sa ghné sheachtrach den Chomhchóras Eorpach Tearmainn (CET), lena dtugtar tacaíocht do thíortha AE+ 2 585 dhuine a athlonnú trí 13 mhisean roghnúcháin agus 3 mhisean réamhimeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i measc nithe eile a baineadh amach in 2022, gur chruthaigh an Ghníomhaireacht thart ar 3 000 leathanach de tháirgí tíre tionscnaimh, gur thug sí aghaidh ar níos mó ná 1 000 iarraidh leighis aonair a bhain le gníomhaíochtaí leighis na Gníomhaireachta i ndáil le táirgí tíre tionscnaimh, gur chuir sí oiliúint ar fáil do 13 000 rannpháirtí ar líon níos mó ná riamh é, agus gur fhoilsigh sí agus/nó gur nuashonraigh sí nótaí treoraíochta tíre (maidir leis an tSomáil, an Afganastáin agus an Iaráic); ag moladh na Gníomhaireachta freisin as cabhrú le tíortha na mBalcán Thiar trí thógáil acmhainneachta institiúidí, oiliúint agus cóitseáil ar an láthair oibre a chur ar fáil ar chroí-nósanna imeachta tearmainn san Albáin, sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, sa Chosaiv, i Montainéagró, sa Mhacadóin Thuaidh agus sa tSeirbia;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóchain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht ag comhoibriú le roinnt gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile (e.g. Frontex, eu-LISA, FRA, CEPOL) maidir le táirgí airde staide, tacaíocht chun dúshláin oibríochtúla a chomhall (lena n-áirítear an pearsanra a imscartar), foghlaim agus malartú faisnéise, chomh maith le hoiliúint agus tógáil acmhainneachta, i measc nithe eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar chun acmhainní a leithdháileadh i gceart; ag tabhairt dá haire thairis sin, bunaithe ar chomhaontú ar leibhéal seirbhíse, go bhfuil an suíomh aisghabhála do Bhonneagar agus Cumarsáid Loighciúil TFC na Gníomhaireachtaé ag eu-LISA; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint de shlite a fhiosrú chun dea-chleachtais agus deiseanna a mhalartú, laistigh de shainordú nua na Gníomhaireachta, chun acmhainní a chomhroinnt agus sineirgí a fhorbairt tuilleadh le gníomhaireachtaí eile i réimsí leasa fhrithpháirtigh d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi bearta na Gníomhaireachta a glacadh in 2022 chun éifeachtúlacht agus simpliú a mhéadú amhail céimeanna nós imeachta a laghdú, cúraimí atriallacha a uathoibriú, agus samhail eagraíochtúil a chur i bhfeidhm chun seirbhísí cothrománacha a sholáthar lena dtugtar saineolas riaracháin níos gaire don phointe úsáide trí chianláithreacht, láithreacht ar an láthair nó láithreacht hibrideach, rud a théann chun tairbhe oibríochtaí tíre i réimsí amhail tionscnamh airgeadais idirbheart, tacaíocht TFC, tacaíocht dhlíthiúil agus bainistiú saoráidí; ag moladh éifeachtúlacht mhéadaithe na Gníomhaireachta le linn slándáil na foirne a áirithiú ar fud níos mó oibríochtaí tíre agus na hacmhainní céanna á n-úsáid aici agus a bhí in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gur chuir an Ghníomhaireacht roinnt gníomhaíochtaí chun feidhme a raibh sé mar aidhm leo éifeachtúlacht a fheabhsú i réimsí na cibearshlándála (e.g. trí shreabhadh oibre freagartha uathoibrithe ar theagmhais), soláthar (trí phointí fócasacha a ainmniú do na hearraí agus na seirbhísí is minice a cheannaítear chun cáilíocht agus tráthúlacht nósanna imeachta agus tacaíocht ó na luathchéimeanna soláthair a fheabhsú), TFC (trí phointe tagartha aonair a sholáthar d’úsáideoirí ar stádas a n-iarrataí) agus HR (trí na chéad mhodúil SYSPER a oscailt maidir le céannacht, eagrú, cúramóir, sonraí pearsanta agus bainistiú ama, i measc nithe eile, chomh maith le córas ticéadaithe acmhainní daonna i gcás seirbhísí tacaíochta a chuirtear ar fáil d’fhoireann uile na Gníomhaireachta); á iarraidh ar an nGníomhaireacht uirlis bainistíochta soláthair phoiblí an Choimisiúin a chur chun feidhme go hiomlán; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil ghníomhaíochta chomhdhlúite na Gníomhaireachta do 2022 (‘CAAR 2022’ anseo feasta) méadú athnuaite ar sciar na n-acmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta, arbh ionann é agus 79,13 % in 2022 (i gcomparáid le 72,14 % in 2021 agus 68,68 % in 2020);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire agus cathú uirthi ó thuarascáil na Cúirte nach bhfuil an Ghníomhaireacht i measc na ngníomhaireachtaí a bhfuil pleananna corparáideacha bunaithe acu chun éifeachtúlacht fuinnimh agus aeráidneodracht a n-oibríochtaí a fheabhsú, a bhfuil cineál éigin tuairiscithe comhshaoil comhtháthaithe acu ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí nó a bhfuil clárú EMAS faighte acu; á thabhairt chun suntais, mar sin féin, ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, gur sheol an Ghníomhaireacht an chéad chéim in 2022 mar ullmhúchán do dhearadh agus do chur chun feidhme córais bainistíochta comhshaoil agus go ndearna sí gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na céimeanna dá éis sin; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint de bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí tógála acmhainneachta, chomh maith le comhoibriú le gníomhaireachtaí eile agus le hinstitiúidí an Aontais d’fhonn dlús a chur le próiseas deimhniúcháin EMAS na Gníomhaireachta; á thabhairt chun suntais go n-áiríonn an Ghníomhaireacht gnéithe comhshaoil sna sonraíochtaí teicniúla nó sna critéir dháfa e.g. i gcás conarthaí tógála, ceaintín, seirbhísí glantacháin, i measc nithe eile; á iarraidh ar an nGníomhaireacht freisin breithniú ar a beartas um sholáthar poiblí glas a fhorbairt;<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> </STRING></STRING>ag tathant ar an nGníomhaireacht breithniú ar réitigh idirmheánacha inbhuanaithe agus fuinneamhéifeachtúla a chur chun feidhme ar a bonneagar agus ar a próisis inmheánacha araon, amhail úsáid mhéadaithe uirlisí digiteacha agus bainistíocht doiciméad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire dáileadh inscne na Gníomhaireachta le naonúr fear (69 %) agus ceathrar ban (31 %) ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht (an dáileadh céanna mar a bhí in 2021), le 27 bhfear (48 %) agus 29 mbean (52 %) ar a Bord Bainistíochta (dáileadh feabhsaithe i gcomparáid le 2021) agus le 203 fhear (39 %) agus 316 bhean (61 %) don fhoireann ar an iomlán (an dáileadh céanna mar a bhí in 2021); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne foirne a áirithiú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo ina hardbhainistíocht agus ina meánbhainistíocht; ag tabhairt dá haire, agus í buíoch de, a thiomanta atá an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí a áireamh ina straitéis acmhainní daonna atá ar na bacáin ina dtabharfar tús áite do chur chun cinn na hionadaíochta inscne agus na héagsúlachta leis an nGníomhaireacht, agus ina gcuirfear cláir forbartha ceannaireachta chun cinn atá saincheaptha do bhainisteoirí ionchasacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh i dtaobh chur chun feidhme an tiomantais sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2022, go raibh 90 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 333 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 371 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 366 phost údaraithe in 2021); á chur in iúl gur geal léi méadú athnuaite ar ráta áitíochta na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur oth léi an méadú ar ráta láimhdeachais na Gníomhaireachta ó 4,1 % in 2021 go 8,2 % in 2022; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 184 ghníomhaire ar conradh agus 10 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2022; á thabhairt chun suntais, faoi chuimsiú an chogaidh san Úcráin agus chur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach, gur dheonaigh an Coimisiún 90 post gearrthéarmach do ghníomhairí ar conradh don Ghníomhaireacht ar feadh tréimhse 2 bhliain; á thabhairt faoi deara gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht 29 bhfolúntas agus gur eisigh sí 138 dtairiscint post do ghníomhairí sealadacha agus ar conradh in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi beartas na Gníomhaireachta maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, cur chun feidhme rialacha an Choimisiúin maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a dhéanamh agus an treoir inmheánach ar iarrataí ar chúnamh faoi Airteagal 24 de Rialacháin Foirne an Aontais; ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint go bhfuair an Ghníomhaireacht trí chás ciaptha in 2022, ar diúltaíodh do dhá cheann díobh ós rud é nach raibh aon fhianaise <STRING ITALIC="on">prima facie</STRING> ar chiapadh i láthair agus gur dúnadh iad gan tuilleadh gníomhaíochta, agus sa tríú cás, gur osclaíodh fiosrúchán riaracháin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le toradh an tionscadail phíolótaigh sin; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, tar éis moladh a fháil ó Sheirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin, gur ghlac an Ghníomhaireacht in Aibreán 2023 an treoir maidir le fiosrúcháin riaracháin agus nósanna imeachta araíonachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh creataí láidre frithchiaptha i bhfeidhm, go háirithe i dtimpeallachtaí oibre atá an-strusmhar agus an-éilitheach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht scéim oiliúna a thabhairt isteach i dtaobh an ábhair do nuatheachtaithe agus don fhoireann láithreach araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire ó obair leantach na Gníomhaireachta ar bharúlacha cothrománacha na Parlaiminte a rinneadh i ndáil le nós imeachta urscaoilte 2021, chomh maith le tuarascáil leantach na Gníomhaireachta, go raibh an Ghníomhaireacht ag úsáid seirbhísí gnólachta dlí sheachtraigh le blianta beaga anuas (ó 2019) (atá speisialaithe i ndlí státseirbhíse an Aontais) agus í ag déileáil le cásanna ciaptha líomhnaithe (i.e. iarrataí ar chúnamh faoi Airteagal 24 de Rialacha Foirne an Aontais); á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go ndéanann Aonad Seirbhísí Dlí na Gníomhaireachta measúnú chun a chinneadh an gá tacaíocht nó comhairle a iarraidh ar ghnólacht dlí seachtrach agus go mbainistíonn an t-aonad sin an nós imeachta ábhartha agus go gcomhoibríonn sé le hAonad Acmhainní Daonna na Gníomhaireachta sna cásanna sin go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag meabhrú cinneadh ón gCúirt go raibh 16 phost bainistíochta folamh ag an nGníomhaireacht in 2020, agus go raibh 10 gcinn díobh sin ar bhonn gníomhach ar feadh níos mó ná bliain amháin, chomh maith le saincheisteanna eile amhail bainisteoirí gníomhacha ag a raibh dhá phost, i bplean bunaíochta na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gur mór aici an tuarascáil leantach ón nGníomhaireacht ar na gníomhaíochtaí maolaitheacha a rinne sí dá éis sin chun Airteagal 7(2) de Rialacha Foirne an Aontais a chomhlíonadh, ar dtús trí líon na ngairmeacha sealadacha i bpoist bhainistíochta is mó ná bliain amháin a laghdú go dhá bhliain ag deireadh 2022, agus, ó 2023 ar aghaidh, iad a scor ar fad, de bhrí nach bhfuil aon bhaill foirne ar phoist bhainistíochta shealadacha is faide ná bliain a thuilleadh; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Gníomhaireachta tosaíocht a thabhairt d’earcú post bainistíochta; ag moladh na Gníomhaireachta as an dul chun cinn a rinneadh in 2022 agus 2023 maidir le nósanna imeachta earcaíochta do phoist éagsúla mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta, lena n-áirítear poist an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin, de bhrí, de réir thuarascáil leantach na Gníomhaireachta, go bhfuil dhá nós imeachta roghnúcháin curtha i gcrích, cé go bhfuil naoi nós imeachta roghnúcháin ar siúl nó nach bhfuil críochnaithe; á thabhairt faoi deara, ar deireadh, ó shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta go bhfuil ceann Ionad Riaracháin na Gníomhaireachta i bpost eatramhach amhail ón 15 Eanáir 2024, agus go bhfuil ceann Ionad um Ghnóthaí Institiúideacha agus Cothrománacha na Gníomhaireachta ar phost gníomhach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an nós imeachta roghnúcháin do Cheann an Lárionaid Riaracháin fós ar siúl agus go bhfuiltear ag súil go gcríochnófar é i R1 2024; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an nós imeachta roghnúcháin do Cheann an Lárionaid um Ghnóthaí Institiúideacha agus Cothrománacha fós ar siúl agus go bhfuiltear ag súil go gcríochnófar é i R1 2024; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le toradh na nósanna imeachta sin go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur tháinig na gníomhaíochtaí maolaitheacha a rinne an Ghníomhaireacht chun Airteagal 7(2) de Rialacha Foirne an Aontais a chomhall, an misean aimsithe fíoras a rinne IAS i nDeireadh Fómhair 2022, obair allamuigh na Cúirte i gcás iniúchadh na bliana airgeadais 2022, barúlacha ábhartha na Parlaiminte a díríodh ar an nGníomhaireacht sa rún urscaoilte ón bParlaimint do 2021, chomh maith leis an imscrúdú (leantach) a sheol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) an 24 Samhain 2022, mar thoradh ar ríomhphost anaithnid ina raibh líomhaintí iomadúla, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, neamhrialtachtaí a bhain le foireann arb í foireann ardbhainistíochta iomlán na Gníomhaireachta ba chúis leo; á iarraidh go gcomhoibreodh an Ghníomhaireacht go hiomlán le OLAF san imscrúdú reatha; ag tabhairt dá haire conclúidí na Cúirte ó CAAR 2022 go raibh ríomh na liúntas chun áitíocht shealadach post bainistíochta a ghrádú dlíthiúil agus rialta, agus go raibh an áitíocht shealadach post ba mhó ná bliain amháin neamhchomhlíontach, áfach, gan íocaíochtaí neamhrialta a bheith mar thoradh air; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus faoi chéimeanna an imscrúdaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di bainistíocht inmheánach agus nósanna imeachta inmheánacha na Gníomhaireachta ó sheol OLAF imscrúdú amháin in 2022 ar na beartais bhainistíochta agus foirne, a líomhnaítear go raibh an finíochas i gceist leo agus freisin imscrúdú a bhain le heaspa comhlíonadh chearta an duine; á iarraidh an athuair ar an nGníomhaireacht comhoibriú go hiomlán leis an gcomhlacht imscrúdaitheach agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go tráthúil i dtaobh torthaí agus bearta feabhais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú gur chuir OLAF imscrúdú eile i gcrích in 2018 as ar eascair torthaí a bhain le, mar shampla, míbhainistiú acmhainní daonna, éirí as oifig stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ag an am sin agus glacadh plean gníomhaíochta rialachais ag Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta arb é is aidhm dó muinín a athbhunú go hinmheánach agus go seachtrach, an struchtúr rialachais a threisiú, agus acmhainneacht inmheánach a athfhorbairt; á thabhairt faoi deara go ndearna an Chúirt, ina Tuarascáil Bhliantúil, an bharúil maidir leis an líon ard post bainistíochta a bhí folamh a dhúnadh agus gur measadh gur tugadh aghaidh uirthi chomh maith leis na saincheisteanna a bhain leis an éiginnteacht ar leibhéal na bpost bainistíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do cheannaireacht na Gníomhaireachta agus dá leanúnachas straitéiseach; á aithint, de réir Airteagal 41(1)(t) de Rialachán EUAA, go ndéanfaidh an Bord Bainistíochta gach cinneadh maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a bhunú de bhrí go ndéanann an Coimisiún mar chomhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta maoirseacht rialta ar atheagrú na Gníomhaireachta; á thabhairt dá haire, mar sin féin, in ainneoin na n-atheagruithe a rinne an Ghníomhaireacht le blianta beaga anuas, gur cosúil go bhfuil saincheisteanna fós ann mar a shonraítear sa litir anaithnid ó Eanáir 2023; á thabhairt dá haire conclúidí na Cúirte don bhliain airgeadais 2022 bunaithe ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne an Ghníomhaireacht; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún réitigh a shainaithint chun measúnú neamhspleách a dhéanamh ar atheagrúcháin na Gníomhaireachta le déanaí agus súil aici go soláthróidh iniúchadh leanúnach IAS ar Bhainistíocht Acmhainní Daonna meastóireacht ábhartha i dtaobh a mhéid atá eagraghram reatha na Gníomhaireachta agus dáileadh freagrachtaí i measc phoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta na Gníomhaireachta i mbaol rioscaí neamhéifeachtúlachta, míbhainistíochta acmhainní daonna, agus easpa trédhearcachta (lena n-áirítear i leith Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta) i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár ghlac an Ghníomhaireacht ‘an Chairt um Éagsúlacht agus Cuimsiú’, ná nár thuairiscigh sí ar bhearta a glacadh chun daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú; á mheabhrú go dtoirmeasctar idirdhealú ar fhoras míchumais le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus go n-aithnítear ceart na ndaoine faoi mhíchumas leas a bhaint as bearta chun a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú; ag tabhairt dá haire, áfach, tiomantas na Gníomhaireachta aghaidh a thabhairt ar na réimsí sin trí bhearta a chuirfear chun feidhme a luaithe a ghlacfar an Straitéis Acmhainní Daonna atá ar na bacáin; ag tabhairt faoi deara thairis sin go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis cur chuici agus bearta éagsúla curtha i bhfeidhm aici chun folláine a foirne ag an obair a fheabhsú agus cothromaíocht oibre is saoil amhail cúrsaí oiliúna spriocdhírithe, comhaontuithe seirbhíse le soláthraithe cúraim leanaí agus scoileanna, seirbhís tacaíochta síceolaíoch agus sóisialta, feachtais aird a tharraingt, chomh maith le gníomhaíochtaí saor-ama;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag meabhrú bharúlacha na Cúirte do na blianta airgeadais 2017 agus 2020 go raibh nósanna imeachta soláthair d’áitreabh ar cíos in Lesbos agus sa Róimh neamhrialta mar gheall ar iomaíocht neamhleor agus nár urramaíodh prionsabal an gheilleagair; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil na híocaíochtaí uile dá éis sin a dhéantar i dtaca leis na nósanna imeachta sin neamhrialta, lena n-áirítear na híocaíochtaí gaolmhara arb ionann iad agus EUR 281 095 a rinneadh in 2022; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil ón gCúirt, na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne an Ghníomhaireacht, inar tháinig deireadh leis na conarthaí cíosa do na háitribh in Lesbos agus sa Róimh an 30 Aibreán 2023 agus an 31 Iúil 2023, faoi seach; ag tabhairt dá haire ó CAAR 2022 go bhfuil réiteach inbhuanaithe ar an gcíos in Lesbos á lorg i gcomhar le húdaráis na Gréige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire an bharúil ó thuarascáil na Cúirte gur cheannaigh an Ghníomhaireacht trealamh TF ó chatalóg ar líne soláthraí seachas ón bpraghasliosta réamhcheadaithe a áirítear leis na tairiscintí airgeadais agus teicniúla, lena mbaineann, dá bhrí sin, praghas ceannaigh arbh ionann é agus 44 % (coibhéis an mhéid EUR 49 224 a mheas an Chúirt a bheith neamhrialta) ná mar a bheadh sé dá mbeadh sé bunaithe ar an bpraghasliosta réamhcheadaithe; ag tabhairt dá haire ón bhfreagra ón nGníomhaireacht gur cinneadh an cinneadh na hítimí sin a cheannach de réir na riachtanas oibríochtúil agus na práinne chomh maith le hinfhaighteacht theoranta soláthairtí TF ar an margadh agus gur sainmhíníodh rialuithe leordhóthanacha chun dearbhú réasúnach a sholáthar go mbeadh ítimí athsholáthair ón gcatalóg ar líne teoranta don phraghas don ítim chomhfhreagrach mar a liostaítear i dtairiscint tosaigh an chonraitheora;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa agus an trédhearcacht a chosc agus a bhainistiú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag moladh an dul chun cinn a rinne an Ghníomhaireacht in 2022 i réimse na bainistíochta agus coinbhleachtaí leasa a chosc, agus treoir eiticiúil trí obair ullmhúcháin as ar eascair cinneadh amháin a ghlacadh in Eanáir 2023 is infheidhme maidir le comhaltaí Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, chomh maith leis na heagraíochtaí agus na comhlachtaí inniúla is comhaltaí d’Fhóram Comhchomhairleach na Gníomhaireachta agus dhá chinneadh is infheidhme maidir le foireann na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh comhfhreagraí eitice na Gníomhaireachta chomh maith le tiomantas na Gníomhaireachta téacsanna caighdeánacha maidir le dearbhuithe coinbhleachtaí leasa a áireamh sna cuirí chuig cruinnithe ina n-áirítear rannpháirtithe seachtracha; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil treoir forbartha ag an nGníomhaireacht ar rialacha agus nósanna imeachta iarfhostaíochta is infheidhme maidir le baill foirne a fhágann an Ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéantar dearbhuithe leasanna agus CVanna chomhaltaí Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, mar aon le dearbhuithe leasa agus CVanna fhoireann bainistíochta na Gníomhaireachta; á thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil CVanna na saineolaithe inmheánacha ná seachtracha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, nach raibh aon chásanna ar oscailt, dúnta ná ar siúl i ndáil le coinbhleachtaí leasa ná le sceithireacht, ar leibhéal na Gníomhaireachta in 2022; ag moladh na Gníomhaireachta as dlúth-idirphlé a choinneáil ar bun le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta a fheidhmíonn i réimse an tearmainn trí Fhóram Comhchomhairleach na Gníomhaireachta, ós rud é gur athbhunaíodh an Ghníomhaireacht (116 chomhalta) i Meitheamh 2022 le sraith nua rialacha ag eascairt as Rialachán (AE) 2021/2303;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire an bharúil ó thuarascáil na Cúirte nár athdheimhníodh go dtí Feabhra 2022 trí chás d’fho-tharmligin ar ghá iad a athdheimhniú in Aibreán 2022, nuair a cuireadh an cás ina cheart, agus dá bhrí sin go bhfuil an Ghníomhaireacht ag sárú a rialacha inmheánacha ina sonraítear go bhfuil fo-tharmligin údaráis airgeadais le hathnuachan a luaithe a bheidh oifigeach údarúcháin trí tharmligean nua ainmnithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinne an Ghníomhaireacht in aghaidh a thabhairt ar na moltaí atá fós ar oscailt ó iniúchtaí a rinne IAS agus an Chúirt roimhe seo; ag tabhairt dá haire ó CAAR 2022 go bhfuil roinnt moltaí, i ndáil le hiniúchadh IAS ó 2020 (‘Bainistiú Acmhainní Daonna agus Eitic in EASO’) agus 2021 (‘Rialachas TF agus bainistiú tionscadal TF’) fós ar siúl nó go bhfuil moill shuntasach orthu; ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar an tuarascáil ón gCúirt, go bhfuil trí mholadh ó iniúchtaí a rinne an Chúirt fós ar oscailt: dhá mholadh maidir leis na conarthaí cíosa d’áitreabh Lesbos agus d’áitreabh na Róimhe a bhfuil coinne ag an nGníomhaireacht go measfaidh an Chúirt iad a bheith dúnta in 2024 tar éis na híocaíochtaí deireanacha (neamhrialta) lena mbaineann a dhéanamh in 2023 agus moladh amháin maidir le bunú rialuithe éifeachtacha airgeadais <STRING ITALIC="on">ex-post</STRING> ag an nGníomhaireacht; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an nGníomhaireacht dlús a chur le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha ar feitheamh agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta chuige sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht féinmheasúnú ar a córas rialaithe inmheánaigh (ICSA) i gcás 2022, agus gur tháinig sí ar an gconclúid go bhfuil na rialuithe foriomlána atá i bhfeidhm ag feidhmiú mar a bhí beartaithe agus gur lánéifeachtach a bhí 10 bprionsabal agus gur éifeachtach a bhí 7 bprionsabal, de bhrí gur gá roinnt feabhsuithe ar leibhéal na gcomhpháirteanna ‘Timpeallacht rialaithe’, ‘Gníomhaíochtaí rialaithe’ agus ‘Gníomhaíochtaí faireacháin’; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur cuireadh straitéis rioscabhunaithe le haghaidh rialuithe airgeadais <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> chun feidhme in 2022 bunaithe ar idirbhearta agus oibríochtaí soláthair sampláilte a chumhdaíonn dhá bhliain airgeadais (2020-2021); ag tabhairt faoi deara ó CAAR 2022 go raibh 44 bharúil agus 122 ghníomhaíocht cheartaitheacha molta san áireamh i dtorthaí na rialuithe sin; ag tabhairt dá haire, mar chuid de chleachtadh ICSA le haghaidh 2022, le linn R1 2023 go ndearna an Ghníomhaireacht rialuithe ar staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha sin (réamhaontaithe), nach raibh ach 45 ghníomhaíocht cheartaitheacha (40 %) díobh curtha chun feidhme go tráthúil agus go leordhóthanach ag na húinéirí gnó ábhartha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile atá ar oscailt agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go gcuireann an Ghníomhaireacht i láthair go trédhearcach (Iarscríbhinn IX a ghabhann le CAAR 2022) mionsonraí agus staid na himeartha i leith na n-easnamh a sainaithníodh agus na gníomhaíochtaí ceartaitheacha comhaontaithe a eascraíonn as foinsí éagsúla (bainistíocht eisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíonta, critéir faireacháin rialaithe inmheánaigh, ICSAnna, rialuithe airgeadais <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING>, tuarascálacha iniúchóireachta, bainistiú riosca, etc.);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú gur glacadh straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta don tréimhse 2020-2022 in Iúil 2020, lenar bunaíodh 25 bheart tosaíochta a ndearnadh faireachán orthu trí shraith gníomhaíochtaí rialaithe; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur measadh 93 % de na gníomhaíochtaí rialaithe a bhain le cur chun feidhme na straitéise sin a bheith curtha chun feidhme in 2022; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta chun aird a tharraingt ar ábhair a bhain le frithchalaois, de bhrí gur ghlac 56,7 % d’fhoireann reachtúil na Gníomhaireachta páirt in oiliúint maidir le cosc calaoise agus sainaithint rioscaí calaoise; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcuireann an Ghníomhaireacht i láthair go trédhearcach (Iarscríbhinn XII a ghabhann le CAAR 2022) mionsonraí agus stádas na ngníomhaíochtaí rialaithe maidir le straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta éagsúla curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun a hinfheictheacht phoiblí agus a láithreacht ar líne a mhéadú e.g. trí shuíomh gréasáin uasghrádaithe agus sainaitheantas físeach corparáideach nua a sheoladh, a punann meán sóisialta a uasghrádú le béim ar fhormáidí closamhairc agus fáilte a chur roimh ghrúpaí mac léinn chuig a háitribh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag meabhrú ról na Gníomhaireachta le linn tacaíocht a chur ar fáil chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil agus ar oiliúint a chur ar na cásoibrithe atá freagrach as éilimh ar thearmann a phróiseáil; á chur in iúl gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do thríú tíortha i ndéileáil le hiarratais ar thearmann agus ar imirce; á iarraidh go ndíreofaí an buiséad ar thuilleadh earcaíochta foirne más gá chun cabhrú leis na Ballstáit scrúdú cothrom agus cóir a áirithiú ar na hiarratais ar thearmann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, go háirithe earcaíocht ateangairí agus síceolaithe d’iarratasóirí ar de ghrúpaí leochaileacha iad;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>