<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0269</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0105/2024 -  Rapóirtéir:Petri Sarvamaa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2165(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0103/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 21.11.2018, lch. 99.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 47 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2165(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/594, 27.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9‑0103/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 21.11.2018, lch. 99.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 47 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2022 (2023/2165(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 38, 31.1.2023, lch. 103.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh é EUR 351 630 151 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais‑ Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 62,41 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur as buiséad an Aontais amháin nach mór a thagann buiséad na Gníomhaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb é an chúis is mó atá leis an méadú ar buiséad na Gníomhaireachta i gcomhair 2022 go bhfuil cúraimí breise ar an nGníomhaireacht a bhaineann le bainistiú córas mórscála TF nua agus le hidir-inoibritheacht córas TF;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; de bhrí gur fhionn an Chúirt go ndearnadh méid iomlán íocaíochtaí EUR 17,8 milliún in 2022 ar fuarthas EUR 10,9 milliún de, a bhí nasctha le trí chonradh shonracha, a bheith neamhrialta agus a measadh EUR 6,8 milliún de gan a bheith ag comhlíonadh fhorálacha na gcreatchonarthaí comhlachaithe, arb ionann é agus 4,80 % san iomlán de na leithreasuithe íocaíochta a bhí ar fáil in 2022, rud a fhágann gur sáraíodh an tairseach ábharthachta arna leagan síos don iniúchadh agus gur eisíodh, dá thoradh sin, tuairim cháilithe ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais; de bhrí, cé is moite de na híocaíochtaí neamhchomhlíontacha sin, go gcinneann an Chúirt go bhfuil na hidirbhearta is bun leo maidir le híocaíochtaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2022 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséid agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá aire gurb amhlaidh, mar thoradh ar na hiarrachtaí ar fhaireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2022, a bhí ráta cur chun feidhme buiséid 91,13 % ann ó thaobh leithreasuithe faoi chomhair gealltanais de, arb ionann é agus laghdú 8,87 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina ábhar imní di, gur ráta 86,71 % a bhí ann ó thaobh forghníomhú leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí de, arb ionann é agus laghdú 7.94 % i gcomparáid le 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb amhlaidh, de réir na tuarascála ón gCúirt, gur thug an Ghníomhaireacht os cionn EUR 14,4 mhilliún (23 %) de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhí ar fáil in 2022 ar aghaidh go 2023, agus gur áiríodh sa mhéid sin EUR 13,7 milliún (nó 95 %) de na leithreasuithe faoi Theideal II, a bhaineann le caiteachas riaracháin (97 % in 2021); ag tabhairt dá haire go bhfuil leithreasuithe á dtabhairt anonn ar bhonn athfhillteach, agus go bhfuil de thoradh air sin go meabhraíonn an Chúirt go bhfuil rátaí arda athfhillteacha leithreasuithe arna dtabhairt anonn contrártha do phrionsabal buiséadach na bliantúlachta agus gur léiriú iad ar dheacrachtaí struchtúracha i gcur chun feidhme an bhuiséid nó ar phleanáil bhuiséadach lag; ag tabhairt dá haire gur ann don fhreagra ón nGníomhaireacht gur le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin a bhí riachtanach nó athfhillteach a rinneadh na leithreasuithe arna dtabhairt anonn in 2022, agus gur deimhniú é sin gur urramaíodh an bhainistíochta fhónta airgeadais i ndáil leis na bunoibríochtaí; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir na tuarascála ón nGníomhaireacht maidir leis na bearta leantacha a rinneadh i bhfianaise an urscaoilte i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (dá ngairtear ‘tuarascáil na Gníomhaireachta ar bhearta leantacha’ anseo feasta), atá plean gníomhaíochta tarraingthe suas ag an nGníomhaireacht ina n-áirítear roinnt beart arna gcur chun feidhme amhail ó 2023 d’fhonn prionsabal na bliantúlachta a urramú agus leibhéal na leithreasuithe arna dtabhairt anonn a laghdú; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur den ríthábhacht é an creatchonradh nua le haghaidh soláthar seirbhísí tacaíochta seachtracha a shíniú sa cheathrú ráithe de 2023 chun na cuspóirí sin a bhaint amach; ag dréim leis go dtiocfaidh feabhas suntasach as cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta sin agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann an Ghníomhaireacht uirlisí áirithe amhail príomhtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a ghabhann lena cuid gníomhaíochtaí agus chun feabhas a chur ar a bainistiú buiséid; ag tabhairt dá haire go raibh 135 ghníomhaíocht ina Clár Oibre Bliantúil do 2022, agus 90 gníomhaíocht curtha i gcrích (67 %), 16 ghníomhaíocht fós ar siúl (12 %), 20 gníomhaíocht fós ar siúl agus moill orthu (15 %), agus 9 ngníomhaíocht curtha ar athló (7 %); ag cur suntas i gcur chuige nua na Gníomhaireachta trína ndéantar a cuid gníomhaíochtaí a chuíchóiriú ina bpunanna agus ina gcláir chun samhail oibriúcháin na Gníomhaireachta agus na hidirthuilleamaíochtaí idir tionscadail agus gníomhaíochtaí a léiriú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na feabhsuithe arna mbaint amach mar thoradh ar an gcur chuige nua sin a shainaithint agus tuarascáil a thabhairt ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as na doiciméid clársceidealaithe chorparáideacha reachtúla uile agus na tuarascálacha corparáideacha éigeantacha uile a ghlacadh, i gcomhréir leis na ceanglais rialála agus laistigh de na sprioc-amanna dlíthiúla, amhail an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair, 2023-2025; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht treochlár cur chun feidhme straitéise freisin chun a cuspóirí oibríochtúla straitéiseacha a ailíniú agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis fhadtéarmach na Gníomhaireachta don tréimhse 2021-2027; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Ghníomhaireacht iarrachtaí a próisis phleanála ilbhliantúla agus bhliantúla a fheabhsú trí uirlis nua (Anaplan); ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as an gComhchreat Measúnaithe (CAF) chun anailís a dhéanamh ar a láidreachtaí agus a laigí, agus dá chionn sin gur tugadh Tuarascáil Féinmheasúnaithe i gcrích i mí Aibreáin 2022 maille le plean gníomhaíochta chun freastal ar an treochlár ina mionsonraítear tosaíochtaí na Gníomhaireachta i gcomhair forbairt oibríochtúil; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarratas ar an lipéad ‘Úsáideoir éifeachtach CAF’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tacaíocht leanúnach na Gníomhaireachta do chur chun feidhme bheartais an Aontais i réimsí na saorghluaiseachta daoine agus earraí, na víosaí taistil choitinn, an rialaithe teorann, agus na hinimirce agus an tearmainn, agus freisin don chomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta agus údaráis náisiúnta bhreithiúnacha, lena n-áirítear i ndáil le coireacht eagraithe, smuigleáil agus gáinneáil ar dhaoine agus sceimhlitheoireacht a chomhrac; ag dréim le rannchuidiú suntasach ón nGníomhaireacht le digitiú an cheartais chun feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis bhreithiúnacha an Aontais agus chun rochtain níos fearr ar an gceartas a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag an nGníomhaireacht ó thaobh oibriúchán cobhsaí agus infhaighteacht leanúnach a áirithiú, agus ó thaobh éabhlóid agus chothabháil chórais faisnéise cheartas agus ghnóthaí baile (CGB) an Aontais amhail Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus an bunachar sonraí Dachtalascópachta Eorpach (Eurodac); á mheabhrú go bhfuil na córais sin ríthábhachtach i réimse an rialaithe teorann agus an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí, i réimse an árachais víosaí agus na seiceálacha víosaí agus i réimse an scrúdaithe ar iarratais ar thearmann; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2022, cé is moite de roinnt teagmhas as ar eascair neamh-infhaighteacht ghearrthéarmach agus moilleanna gearrthéarmacha, a chomhlíon na croíchórais ghnó uile a gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse faoi seach, agus infhaighteacht SIS ag ráta 99,94 %, infhaighteacht VIS ag ráta 99,69 %, agus infhaighteacht Eurodac ag ráta 99,88 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag moladh theacht i bhfeidhm SIS athnuaite i mí an Mhárta 2023 (a cuireadh siar ó mhí na Samhna 2022); ag cur sonrú sa dul chun cinn atá déanta, áfach, i dtaobh na moilleanna ar leibhéil éagsúla, maidir le hanailís, dearadh, forbairt agus tástáil a dhéanamh ar chórais nua CGB, eadhon an Córas Dul Isteach/Amach (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla maidir le náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN), agus maidir le comhtháthú na gcóras sin, lena n-áirítear an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndearna 947 iompróir (ó laistigh den Aontas agus lasmuigh den Aontas araon) agus 54 sholáthraí bogearraí le haghaidh iompróirí iad féin a chlárú leis an nGníomhaireacht nó go ndearna siad iarratas ar an gclárú sin chun naisc ‘córas le córas’ a chur ar bun le haghaidh EES agus ETIAS; ag moladh, sa chomhthéacs sin, eagrú an chruinnithe comhchéime tionscail dar teideal ‘EES, ETIAS agus Iompróirí Réidh don Teacht i bhFeidhm’ mar aon le feachtas clárúcháin agus feasachta na n-iompróirí a raibh sé d’aidhm aige feasacht a mhéadú agus borradh a chur faoin gclárú; ag admháil go bhfuil athruithe móra á ndéanamh ar VIS i gcomhréir le Rialachán athbhreithnithe VIS; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur sheol an Ghníomhaireacht dhá thionscadal, ceann ar VIS athbhreithnithe agus ceann ar idir-inoibritheacht VIS, in 2022 chun éabhlóid VIS a struchtúrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur sonrú, thairis sin, sa dul chun cinn a rinneadh maidir leis an ailtireacht nua idir-inoibritheachta lena gcomhtháthófar na córais faisnéise uile arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an gcomhar idir na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha ar fud an Aontais; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, de réir Thuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite 2022 ar Ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, cé go raibh rún daingean ag an nGníomhaireacht go fóill na córais nua sin a chur i gcrích, gurbh é an toradh a bhí ar na héifeachtaí baic a bhí ann de dheasca suaití sa slabhra soláthair, mar aon leis na deacrachtaí a bhí ag cuid de chonraitheoirí na Gníomhaireachta cloí leis na sceidil cur chun feidhme, go raibh moilleanna ann arbh éigean, dá mbarr, athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar an bplean bunaidh; ag tabhairt dá haire go raibh éifeacht shlabhrúil ag moilleanna den sórt sin, go háirithe maidir le teacht i bhfeidhm lárchóras EES, cloch choirnéil na hailtireachta idir-inoibritheachta, ar thráthúlacht agus ar chur i gcrích na dtionscadal idirnasctha uile; ag cur sonrú sna bearta arna nglacadh ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí thacú le straitéis nua maidir le cur chun feidhme EES, leis an gcur chuige táirge inmharthana íosta agus le treochlár nua idir-inoibritheachta, agus an t-athbhreithniú iomlán ar amlíne IOnna comhdhéanta de roinnt tonnta a bhfuil sé mar aidhm leo gnéithe Strichtur na hIdir-inoibritheachta a thabhairt i gcrích de réir eisiúintí a dhéanfar ó thráth go chéile gach 6-9 mí go dtí 2026, mar a leagtar amach i dtaurascáil iardain na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir an dearbhaithe cinnteachta ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, gur dócha go mbeidh tionchar ag na hamlínte sínte i gcomhair theacht i bhfeidhm chlár EES ar na hacmhainní is gá chun an fhorbairt a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur lean an Ghníomhaireacht de roinnt cuspóirí reachtúla eile a raibh dlúthbhaint acu le chéile a thabhairt i gcrích, amhail oiliúint do na Ballstáit ar úsáid chórais faisnéise CGB agus tuarascálacha reachtúla a ullmhú ar a bhfeidhmíocht theicniúil, staidreamh bliantúil agus liostaí de na húdaráis ainmnithe; ag moladh na Gníomhaireachta, sa chomhthéacs sin, as 48 ngníomhaíocht oiliúna a chur i gcrích in 2022 a raibh breis agus 3 000 rannpháirtí páirteach iontu, as a hardán ríomhfhoghlama a uasghrádú agus as bailchríoch a chur ar a Treochlár Oiliúna i leith na mBallstát agus ar an bplean gníomhaíochta gaolmhar; ag tabhairt dá haire thairis sin gur lean an Ghníomhaireacht dá ról i réimse ceartais an Aontais a leathnú trí thús a chur leis na hullmhúcháin i dtaobh córas e-CODEX (ardán lena n-éascaítear imeachtaí breithiúnacha trasteorann trí fhaisnéis a tharchur go slán) a ghlacadh ar láimh, gur fhoilsigh sí tuarascáil maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh digitiú an taistil idirnáisiúnta difear do thaistealaithe atá ag triall ar an Aontas, agus go raibh sí ina comhúdar i bpáirt le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) ar thuarascáil ar réitigh intleachta saorga a úsáid chun tacú le comhar trasteorann sa cheartas coiriúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur suntas sa chomhar idir an Ghníomhaireacht agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (FRONTEX) maidir le forbairt ETIAS, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i dtaca le Rialachán SIS (leagan athmúnlaithe), Rialachán EES, Rialachán ETIAS agus an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht a chur chun feidhme, le Eurojust maidir le córas ECRIS-TCN agus córas e-CODEX agus an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht a chur chun feidhme, agus maidir le gníomhaíochtaí i dtaca le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh a chomhordú, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) i ndáil leis an Rialachán ón gCoimisiún maidir leis an líonra cumarsáide leictreonaí ‘DubliNet’ a chur chun feidhme, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) maidir le cúrsaí oiliúna comhpháirteacha ar úsáid chórais CGB a eagrú agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le cúrsaí oiliúna comhpháirteacha a eagrú ina gcuirtear béim ar ghné na gceart bunúsach i mbainistiú chórais faisnéise CGB; ag moladh don Ghníomhaireacht leanúint de bheith ag obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht agus gnóthachain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur suntas sna bearta arna nglacadh ag an nGníomhaireacht chun feabhas a chur ar a héifeachtúlacht fuinnimh agus a feidhmíocht chomhshaoil, lena n-áirítear maidir le cuspóirí aeráidneodrachta, mar a leagtar amach i dtuarascáil iardain na Gníomhaireachta, i CAAR, i bhfreagraí na Gníomhaireachta ar na cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint agus i dtuarascáil na Cúirte; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur chrom an Ghníomhaireacht ar a córas bainistíochta comhshaoil (EMS) féin a chur chun feidhme de réir a chéile in 2022, bunaithe ar phrionsabail EMAS agus ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Chomhaontú Glas don Eoraip agus gur ghlac sí a beartas comhshaoil; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe cur chun feidhme iomlán EMS agus, dá bhrí sin, clárú EMAS a thabhairt i gcrích faoi 2024; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i líonra glasaithe Líonra Gníomhaireachtaí AE trína dtugtar deis tairbhe a bhaint as ábhair ó ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil breis taithí acu ar chur chun feidhme EMAS; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht critéir ghlasa soláthair phoiblí i réimsí gnó amhail bainistiú saoráidí, tionscadail chrua-earraí agus bonneagar agus tionscadail TF; ag moladh na Gníomhaireachta as tuarascáil a thabhairt a thabhairt ar a feidhmíocht chomhshaoil trí bhíthin eochairtháscaire feidhmíochta lena léirítear lorg carbóin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go socrófar an bhonnlíne do tháscairí toirtmhéadracha maidir le huisce, fuinneamh, tomhaltas páipéir agus táirgeadh dramhaíola in 2023 lena n-úsáid chun na táscairí sin a ríomh agus meastóireacht a dhéanamh orthu feasta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir na bhfreagraí i scríbhinn ón nGníomhaireacht ar cheisteanna cothrománacha na Parlaiminte, ata comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse (CLS) tugtha i gcrích ag an nGníomhaireacht le roinnt gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i dtaca le tacaíocht a sholáthar i gcúrsaí leanúnachais gnó, agus freisin chun an éifeachtúlacht a mhéadú i réimsí eile comhair; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go bhfuil CLS ag an nGníomhaireacht le Frontex agus le EUAA chun a láithreáin athshlánaithe ó thubaistí a óstáil agus CLS bliantúil le Europol chun na cruinnithe Comhpháirteacha idir Europol agus Coiste Slándála eu-LISA a eagrú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá comhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ionas gur féidir úsáid a bhaint as na hacmhainní go léir atá ar fáil; ag moladh na Gníomhaireachta as a comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) trí CLS lena gcumhdaítear seirbhísí tacaíochta arna gcur ar fáil ag ENISA maidir le cleachtaí bliantúla cibearshlándála a phleanáil, a chur i gcrích agus meastóireacht a dhéanamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht Straitéis Foinsithe i mí Feabhra 2022 chun a pleanáil acmhainní daonna a shoiléiriú agus a chomhchuibhiú chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní, go háirithe chun comhdhéanamh foriomlán acmhainní daonna na Gníomhaireachta (i.e. an sciar den fhoireann intí i leith soláthraithe seirbhíse seachtracha) a chothromú; ag tabhairt dá haire thairis sin gur bhain an Ghníomhaireacht gnóthachain éifeachtúlachta amach trí úsáid a bhaint as liostaí ionadaithe a cruthaíodh le linn nósanna imeachta roghnúcháin agus próifílí grúpáilte roimhe seo agus as liostaí ionadaithe níos faide chun roinnt post a chumhdach laistigh d’aon nós imeachta earcaíochta amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as an dul chun cinn a rinneadh in 2022 i dtreo dhigiteáil a próiseas; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i réimse na n-acmhainní daonna, a rinne an Ghníomhaireacht modúil nua chóras SYSPER (córas faisnéise comhtháite an Choimisiúin le haghaidh bainistiú acmhainní daonna) a chur chun feidhme, eadhon an modúl tuairiscithe acmhainní daonna agus an modúl ATS; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i réimse an tsoláthair, a thosaigh an Ghníomhaireacht, in 2022, ar eolas a chur ar Uirlis Bainistíochta an Choimisiúin um Sholáthar Poiblí (PPMT) agus ar na riachtanais a ghabhann léi chun na réamhriachtanais ionduchtaithe a chomhlíonadh agus gur cuireadh é sin i gcrích go rathúil in 2023; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht modúl eSubmission a chur i bhfeidhm i leith glaonna ar thairiscintí os cionn EUR 15 000; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur scoireadh den síniú fisiceach ó thairgeoirí ó tugadh isteach an modúl sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí PPMT a chur chun feidhme go hiomlán; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, i réimse chosc agus bhainistiú na gcoinbhleachtaí leasa, go ndearna an Ghníomhaireacht digitiú ar thíolacadh na ndearbhuithe éigeantacha nó na n-iarrataí éigeantacha chun na rialacha ábhartha a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2022, a bhí an plean curtha chun feidhme ar bhonn 89,3 %, agus 192 ghníomhaire sealadach (193 in 2021) ceaptha as 215 ghníomhaire shealadacha a bhí údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 213 phost údaraithe in 2021); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 121 ghníomhaire ar conradh (CA) agus 11 saineolaí náisiúnta (SNE) ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2022, as 167 CA agus 11 SNE a bhí údaraithe faoi seach; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 35 post, ó 132 go 167, ar líon na bpost CA a raibh buiséad ann dóibh de thoradh údarú buiséadach do na cúraimí nua a cuireadh ar an nGníomhaireacht (VIS, ETIAS, agus Idir-inoibritheacht athbhreithnithe); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in ainneoin iarrachtaí na Gníomhaireachta, a mhéadaigh an iomlaoid foirne ó 5,5 % in 2021 go 7,1 % in 2022 agus a thit an ráta áitíochta go 82 %, níos ísle ná sprioc na Gníomhaireachta, is é sin 94 %, go háirithe mar gheall ar líon na bpost gearrthréimhse agus na bpost ar ghrád níos ísle nach mór don Ghníomhaireacht a thairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina chúis bhuartha di, i gcomhdhéanamh lucht ardbhainistíochta agus lucht meánbhainistíochta na Gníomhaireachta a mhéid a bhaineann le hinscne, eadhon 12 fhear (86 %) agus 2 bhean (14 %), i gcomhdhéanamh an bhoird bainistíochta, eadhon 50 fear (82 %) agus 11 bhean (18 %), agus i gcomhdhéanamh na foirne trí chéile, eadhon 209 fhear (67 %) agus 101 bhean (33 %); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir thuarascáil iardain na Gníomhaireachta, a leanann an Ghníomhaireacht de na hiarrachtaí ar chothromaíocht inscne fhoriomlán a bhaint amach, agus í ag díriú ar chumarsáid agus ar na nósanna imeachta earcaíochta chun líon níos airde iarratasóirí ar mná iad a tharraingt chuici féin; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta in 2022 san aonach gairmeacha domhanda ar líne ‘ Women in Tech’; á chur in iúl gur geal léi freisin ceapachán an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nua, agus cothromaíocht inscne á baint amach i bpoist ardbhainistíochta dá chionn sin; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a ráthú agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí ar chothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal trí ghníomhaíochtaí nithiúla a mheallann iarratais ó mhná ar phoist arna dtairiscint ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh agus iad ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag moladh na Gníomhaireachta as a hiarrachtaí i réimse na n-acmhainní daonna, agus í ag iarraidh líon ilchineálach iarrthóirí a mhealladh, chun an Ghníomhaireacht a chur sa riocht gur fostóir í a bhfuil tóir uirthi agus chun foireann éirimiúil a choinneáil; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gurb amhlaidh, in 2022, a rinne an Ghníomhaireacht ionadaíocht thar ceann EUAN san aonach gairmeacha fíorúil d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gur threisigh sí a gníomhaíochtaí brandála fostóra trí fheachtais thiomnaithe amhail teistiméireachtaí ó chomhaltaí sna meáin shóisialta; ag moladh na Gníomhaireachta as clár píolótach don tsoghluaisteacht inmheánach a sheoladh, arb é is aidhm dó leas a bhaint as inniúlachtaí na mball foirne atá ann cheana agus fás gairmiúil leanúnach a chothú laistigh den Ghníomhaireacht dá foireann; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur chrom an Ghníomhaireacht ar a straitéis bainistithe acmhainní daonna inniúlachtbhunaithe a fhorbairt agus ar athbhreithniú a dhéanamh ar a creat inniúlachtaí a mbeidh tionchar aige ar fhógraí folúntais agus ar mheasúnuithe ar iarrthóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag moladh bheartas na Gníomhaireachta maidir le neamhfhulaingt ar chiapadh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh, in 2022, 3 fhiosrúchán riaracháin a bhain le ciapadh agus gur tugadh i gcrích iad go hinmheánach, agus gur tugadh cás breise os comhair na gcúirteanna; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dul ar aghaidh go pras leis na daoine atá freagrach as mí-iompar a thabhairt chun cuntais; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, amhail ó 2022, atá conradh sínithe ag an nGníomhaireacht le gnólacht dlí seachtrach chun gur féidir léi déileáil go pras le héileamh méadaitheach ar fhiosrúcháin riaracháin, lena n-áirítear na fiosrúcháin sin a bhaineann le ciapadh gnéasach agus/nó síceolaíoch nó le hábhair araíonachta eile; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht roghnú na gComhairleoirí Iontaoibhe nua i gcrích, agus gur roghnaíodh cúigear comhairleoirí nua agus gur cuireadh oiliúint orthu chun tacú leis an eagraíocht tuilleadh measa agus dínite a chur chun cinn san ionad oibre, agus chun tacú le baill foirne atá ag lorg cúnaimh i gcás ina meastar gur ciapadh síceolaíoch nó gnéaschiapadh é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur sonrú i mbearta na Gníomhaireachta chun feabhas a chur ar eispéireas agus dea-bhail a cuid fostaithe; ag tabhairt dá haire gur tionscnaíodh clár meabhairshláinte do na baill foirne agus dá dteaghlaigh, lena n-áirítear seirbhís féinchúraim ar bhonn síntiúis, seimineáir ghréasáin agus seisiúin chomhairleoireachta do dhaoine aonair; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, tar éis maolú a fháil in oirchill an chinnidh múnla, nach ndearna an Ghníomhaireacht an cinneadh an 24 Márta 2022 ón gCoimisiún maidir le ham oibre agus obair hibrideach a chur i bhfeidhm de réir analaí; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, amhail ó mhí Mheán Fómhair 2022, a chuir an Ghníomhaireacht i bhfeidhm cinneadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin maidir le socruithe oibre hibrideacha eatramhacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Ghníomhaireacht an cinneadh múnla an 16 Samhain 2023 le dáta éifeachtach an 1 Eanáir 2024; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, agus é ina dhíol sásaimh aici, gur ghlac an Ghníomhaireacht Cairt EUAN um Éagsúlacht agus Cuimsiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar na barúlacha sa tuarascáil ón gCúirt as ar eascair tuairim cháilithe mar gheall ar neamhrialtacht roinnt íocaíochtaí a rinneadh in 2022 dar luach EUR 17.8 milliún san iomlán i ndáil le seacht gconradh shonracha, arb ionann é agus 4,8 % de na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2022; ag tabhairt dá haire go mbaineann neamhrialtacht na n-íocaíochtaí sin den chuid is mó le dialltaí ó na creatchonarthaí comhfhreagracha; ag tabhairt dá haire, de réir na bhfreagraí ón nGníomhaireacht ar na ceisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, gur féidir na neamhrialtachtaí maidir le híocaíochtaí a rinneadh in 2022 a ghrúpáil faoi thrí chatagóir, eadhon leasú ar chonarthaí ar théarma seasta (EUR 6,5 mhilliún); conarthaí sonracha a fhadú de bhreis ar an tréimhse uasta a cheadaítear (EUR 3,7 milliún); agus easpa sonraí maidir le ceanglais i gconarthaí sonracha (EUR 7,5 milliún); ag tabhairt dá haire go mbaineann cuid de na híocaíochtaí neamhrialta sin, dar luach EUR 10,5 milliún san iomlán, le trí chonradh shonracha a ndearnadh íocaíochtaí dá mbun freisin in 2021 agus ar chinn an Chúirt go raibh siad neamhrialta ina tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain sin; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir na ráiteas a rinne stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta le linn a cruinnithe leis an gCoiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint an 29 Samhain 2023 (‘ráitis an stiúrthóra feidhmiúcháin’), atá sé cinn de na seacht gconradh shonracha a sainaithníodh i dtuarascáil na Cúirte imithe in éag gan íocaíochtaí gan íoc; á thabhairt chun suntais gur saincheist é seo ar ghá don Ghníomhaireacht aghaidh a thabhairt air arís is arís eile; ag cur suntas sna bearta arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt orthu mar a leagtar amach i bhfreagraí na Gníomhaireachta ar bharúlacha na Cúirte; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin go hiomlán agus aon dul chun cinn arna dhéanamh ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gurbh é 2022 an tríú bliain as a chéile ar ina leith a d’eisigh an Chúirt tuairim cháilithe maidir le réimse soláthair agus bainistithe conarthaí na Gníomhaireachta, agus costais arda le seasamh ag an nGníomhaireacht, mar gheall ar neamhrialtachtaí, nósanna imeachta tairisceana malla agus neamhleora agus easpa díchill na Gníomhaireachta maidir le rialacha soláthair; ag cur suntas i bplean gníomhaíochta na Gníomhaireachta le haghaidh grinn-athbhreithniú ar a próisis chun na bunchúiseanna atá leis na barúlacha athfhillteacha ón gCúirt sa réimse sin a aimsiú agus a dhíothú mar a leagtar amach i bhfreagraí na Gníomhaireachta ar na ceisteanna i scríbhinn ón bParlaimint, i dtuarascáil iardain na Gníomhaireachta agus sna ráitis ón stiúrthóir feidhmiúcháin;  ag dréim, dá bhrí sin, le feabhas buan mar thoradh ar an bplean gníomhaíochta sin a chur chun feidhme, go háirithe ós rud é go bhfuil sé cinn de na seacht gconradh shonracha a mheasann an Chúirt a bheith neamhrialta imithe in éag gan íocaíochtaí neamhíoctha a bheith i gceist; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt go tréimhsiúil don údarás um urscaoileadh ar an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme agus i leith aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha arna ndéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, de réir na tuarascála ón gCúirt in 2022, a rinne an Ghníomhaireacht, díreach mar a rinne sí in 2021, íocaíochtaí a bhí bunaithe ar chonradh sonrach (dar luach EUR 40 milliún) a raibh de thoradh air nár cuireadh an creatchonradh gaolmhar chun feidhme i gceart toisc nár sonraíodh ann mionsonraí na seirbhísí a fuarthas (na cainníochtaí agus an dáta seachadta); ag tabhairt dá haire gur íoc an Ghníomhaireacht EUR 7,5 milliún faoin gconradh sin in 2022; ag aithint gurb amhlaidh, de réir bharúlacha sin na Gníomhaireachta a áiríodh i nóta an 13 Samhain 2023 dar teideal ‘2022 Urscaoileadh – Fionnachtana CIE maidir le eu-LISA. Nóta faisnéise do na Feisirí’, gurb é an bhunchúis a bhí le cineál neamhchinntithe an chonartha sin, a síníodh ag deireadh 2018, an gá a bhí ann le cistiú a chaomhnú le haghaidh idir-inoibritheacht EES-VIS, ar aistrigh an phleanáil bhuiséadach, lasmuigh de rialú na Gníomhaireachta, go suntasach ina leith ón uair a glacadh an reachtaíochta ábhartha go hiarbhír; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in éagmais an chonartha sin, a bheadh an méid gaolmhar, a bhí bunriachtanach chun idir-inoibritheacht a áirithiú, caillte; ag cur suntas, de réir mar a leagtar amach sa fhreagra ón nGníomhaireacht ar an mbarúil ón gCúirt, sna bearta ceartaitheacha atá glactha ag an nGníomhaireacht trí leasú ar an gconradh sin a raibh de thoradh air gur cuireadh isteach tuairisc níos mionsonraithe ar na seirbhísí a soláthraíodh; ag tabhairt dá haire nár chuir an Ghníomhaireacht síneadh leis an gconradh sin, a chuaigh in éag in 2022; á mheabhrú sa chomhthéacs sin gur eochairthosca iad moilleanna ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme gníomhartha ábhartha dlí ó thaobh leibhéal an mhionsonraithe agus an bheachtais is féidir leis an nGníomhaireacht a thairiscint nuair a bhíonn creatchonarthaí á mbunú ar dtús; ag cur suntas sa tuairim a leagtar amach sa tuarascáil iardain ón nGníomhaireacht go mbeadh tionchar díreach ag giorrú na tréimhse ullmhúcháin i leith na ngníomhartha cur chun feidhme ar chumas na Gníomhaireachta a chuid soláthair a phleanáil ar bhealach níos fearr agus athruithe conarthacha a theorannú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb amhlaidh, de réir na tuarascála ón gCúirt, a bhain an Ghníomhaireacht úsáid as nós imeachta idirbheartaithe chun conradh a dhámhachtain, gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré; ag tabhairt dá haire gur forais fhíorphráinne a thug an Ghníomhaireacht mar údar cuí leis an gcinneadh sin, ag teacht salach ar an gcomhairle a thug seirbhísí soláthair agus dlí na Gníomhaireachta; ag cur sonrú sna fáthanna a shonraigh an Chúirt nach raibh údar cuí le húsáid an nós imeachta sin; ag cur sonrú, mar sin féin, sa fhreagra ón nGníomhaireacht go mbeadh an baol tar éis teacht i gcrích go mbeadh bearna chothabhála roinnt míonna ann toisc gur tháinig athrú foirmiúil ag céim níos déanaí ar na hamlínte i dtaobh clár EES a chur chun feidhme agus gur measadh gur ocht mí ar a laghad a bhí sa tréimhse fhoriomlán a bhí de dhíth chun conradh a dhámhachtain agus chun aistriú chuig conraitheoir nua; á mheas sa chomhthéacs sin gur cur chuige ciallmhar a bhí i gcur chuige na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir an fhreagra ón nGníomhaireacht, a d’imigh an conradh a dámhadh in éag idir an dá linn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cur suntas in dhá bharúil bhreise maidir le córais bhainistithe agus rialaithe sin na Gníomhaireachta atá sa tuarascáil ón gCúirt; ag cur suntas sa chéad bharúil maidir le héadáil crua-earraí (EUR 27,7 milliún) nach bhfuarthas praghasliostaí na ndíoltóirí crua-earraí ina leith agus nach ndearnadh seiceálacha ex-ante ina leith; ag cur suntas sa dara barúil maidir le soláthar creatchonartha oibríochtaí trasnacha dar luach measta EUR 490 milliún arb amhlaidh, i gcás sé chruinniú den choiste meastóireachta, nár coimeádadh aon taifead agus nár síníodh ach an tuarascáil chríochnaitheach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a córais rialúcháin inmheánaigh a fheabhsú chun easnaimh den sórt sin a sheachaint amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ocht mbarúil ag an nGníomhaireacht ó thuarascálacha ón gCúirt ó bhlianta roimhe sin (2017, 2018 agus 2021) a bhfuil stádas ‘oscailte’ ag gabháil leo; ag tathant ar an nGníomhaireacht na barúlacha sin a dhúnadh gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis cinntí a chur chun feidhme maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú dá foireann agus maidir leis na gníomhaíochtaí seachtracha le linn sheirbhís na Gníomhaireachta agus ina diaidh; á chur in iúl gur geal léi nach mór do gach ball foirne dearbhuithe leasa a thíolacadh uair amháin gach dhá bhliain, cé is moite de bhaill foirne a bhfuil baint acu le scagchuarda airgeadais agus baill foirne i bpoist ardbhainistíochta nach mór dóibh dearbhuithe den sórt sin a thíolacadh go bliantúil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sé d’oibleagáid ar fhoireann uile na Gníomhaireachta dearbhuithe den sórt sin a thíolacadh tráth ar bith a dtagann athrú ar an staid; ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht ar a suíomh gréasáin dearbhuithe leasa agus CVanna na mball foirne atá i bpoist ardbhainistíochta; á chur in iúl gur geal léi go bhfoilseofar dearbhuithe leasa agus CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha araon amhail ó 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht na treoirlínte athbhreithnithe maidir le sceithireacht i mí an Mhárta 2022; ag cur suntas sa ráiteas ón nGníomhaireacht gurb amhlaidh, in 2022, a mhéadaigh sí soiléireacht agus infheictheacht na mbealaí cumarsáide ar leith atá ar fáil don fhoireann, amhail comhairleoirí iontaoibhe nó bealaí cumarsáide le haghaidh sceithireachta; á chur in iúl gur geal léi freisin gur glacadh na treoirlínte maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm, ó mhí Mheán Fomhair 2022, chinneadh 09/08/2022 ón nGníomhaireacht lena mbunaítear clár trédhearcachta lena bhfoilsítear cruinnithe idir lucht ardbhainistíochta na Gníomhaireachta agus oibreoirí eacnamaíocha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá na hiniúchtaí seachtracha a dhéantar ar an gcomhlíontacht le cosaint sonraí chun ardleibhéal cosanta a áirithiú i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2022, a rinne an Ghníomhaireacht gníomh iardain i leith chur chun feidhme na moltaí a sonraíodh sna hiniúchtaí a rinne an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ar SIS, ar VIS agus ar Eurodac; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2022, a rinne MECS cigireacht nua ar Eurodac, ar VIS agus ar SIS II a dhírigh ar an rialachas slándála TF foriomlán, ar theagmhais slándála agus ar sháruithe sonraí agus ar mhodheolaíocht agus cleachtais chun na córais a fhorbairt agus a thástáil ar bhealach slán, ag díriú ar bhainistiú an rialúcháin rochtana sna timpeallachtaí éagsúla; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir thuarascáil iardain na Gníomhaireachta, atá stádas an iniúchta a rinne MECS ar VIS agus ar SIS in 2018 ‘tugtha chun críche’ mar gur tugadh gach ceann de na 43 mholadh chun críche, cé go bhfuil stádas an iniúchta a rinne MECS ar Eurodac in 2019 ‘curtha chun feidhme go páirteach’ agus 23 mholadh as 29 tugtha chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi féinmheasúnú bliantúil na Gníomhaireachta ar a córas rialúcháin inmheánaigh in 2022, a raibh de thoradh air gur baineadh amach 81 % de chritéir faireacháin rialúcháin inmheánaigh na Gníomhaireachta nó gur baineadh amach go páirteach iad; ag tabhairt dá haire gurb é conclúid an mheasúnaithe sin gur ann don chóras rialúcháin inmheánaigh, go bhfuil sé ag feidhmiú agus éifeachtach, cé go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe maidir le e.g. forfheidhmiú na cuntasachta, rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus bainistiú conarthaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil easnamh mór ar phrionsabal 10 ‘Gníomhaíochtaí rialúcháin a roghnú agus a fhorbairt’ faoin gcomhpháirt ‘Gníomhaíochtaí rialúcháin’ go fóill, den tríú bliain as a chéile; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2022, a lean an Ghníomhaireacht dá rialuithe ar bhainistiú faisnéise a neartú leis an athbhreithniú ar bheartas um chaomhnú fadtéarmach doiciméad agus ar nósanna imeachta um chaomhnú doiciméad na Gníomhaireachta, agus le glacadh Treoirlínte maidir le Rochtain Phoiblí ar Dhoiciméid; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí ar laigí a laghdú i réimse na ngníomhaíochtaí rialúcháin chun maolú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le beartais agus cuspóirí oibríochtúla agus rialúcháin inmheánaigh a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ag deireadh 2022, a bhí ráta cur chun feidhme 63 % ann ó thaobh na moltaí iniúchóireachta ó chomhlachtaí iniúchóireachta agus imscrúdaitheacha éagsúla, agus 20 moladh as 32 mholadh a bhí dlite arna gcur chun feidhme (bhí an dáta dlite caite i gcás 12 de na moltaí); ag tabhairt dá haire go raibh 33 mholadh ar an iomlán oscailte ag deireadh 2022 agus go raibh trí cinn díobh sin díobh criticiúil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na moltaí atá fanta a chur chun feidhme agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh faoin dul chun cinn a rinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur iarr an Ghníomhaireacht ar an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in 2022 measúnú a dhéanamh ar dhá chás calaoise líomhnaithe i nósanna imeachta earcaíochta agus ar chás amháin ina bhféadfadh gníomhaíochtaí calaoiseacha a bheith ar siúl ag ball foirne; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar fhreagairt ar na trí iarraidh, a chinn OLAF gan cás imscrúdaithe a oscailt; ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht aghaidh in 2022 ar mholtaí ó imscrúduithe de chuid OLAF a bhain le cásanna OC/2020/0441/A2 agus OC/2017/1121/A2; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Straitéis Frithchalaoise na Gníomhaireachta, 2022-2024 mar aon le plean gníomhaíochta ina bhfuil 12 ghníomhaíocht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nithe eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht dírithe in 2022 ar infheictheacht mhórghníomhartha na Gníomhaireachta a áirithiú agus ar mhéadú a chur ar fheasacht an phobail ar a ról maidir le freastal ar leasanna shaoránaigh an Aontais agus maidir le seirbhísí TF a sholáthar dá geallsealbhóirí; ag moladh, sa chomhthéacs sin, na Gníomhaireachta as a tairseach nua ar líne ‘Discover eu-LISA 2.0’ a thabhairt chun críche, ar tairseach í lena dtugtar forléargas nuashonraithe do gheallsealbhóirí ar phríomhchúraimí agus ar phríomhréimsí gnó na Gníomhaireachta agus as leabhrán speisialta a fhoilsiú chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 10 mbliana a bunaithe, agus comóradh á dhéanamh air sin le comhdháil na Gníomhaireachta dar teideal ‘10 Years as The Digital Heart of Schengen’ [10 mbliana mar Chroílar Digiteach Schengen] inar labhair 20 cainteoir agus inar ghlac 388 duine páirt, agus a eagraíodh i gcomhar le hUachtaránacht na Seice; ag moladh na Gníomhaireachta as Gradam Sóisialta Forbes a bheith bronnta air in 2022 as a tionscnaimh nuálacha agus spreagúla i réimse na cumarsáide poiblí, agus í ag seasamh amach mar gheall ar a tiomantas láidir eiticiúil agus mar gheall ar an úsáid a bhaineann sí as straitéisí, teicnící agus uirlisí nuálacha cumarsáide; ag tabhairt dá haire gur tháinig feabhas ar mhéadracht na Gníomhaireachta i leith na meán sóisialta in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht, in 2022, líon mór pleananna slándála agus leanúnachais gnó dá croíchórais ghnó, chun deimhin a dhéanamh de go mbeadh leibhéal níos airde cibearshlándála agus athléimneachta ann faoi mar a cheanglaítear leis na hionstraimí dlíthiúla agus gur eagraigh sí cleachtadh cibearshlándála chun fíorú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála arna gcur chun feidhme chun SIS lárnach a chosaint; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht go suntasach leibhéal an fhaireacháin ar na córais chorparáideacha TF atá nasctha leis an idirlíon mar gheall ar an méadú ar an leibhéal cibearbhagairtí a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil seirbhísí óstála á soláthar i gcónaí le haghaidh chóras cúltaca Frontex agus córas cúltaca EUAA; ag cur suntas i bhforbairt agus cur chun feidhme ‘an lárionaid sonraí mar sheirbhís’ le haghaidh bainistiú oibríochtúil, faireachán agus pleanáil acmhainneachta an bhonneagair TF a úsáideann córais CGB a lárú; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh dul chun cinn i leith na n-ullmhúchán don lárionad sonraí modúlach a bheidh ann amach anseo a sholáthróidh inniúlacht mhaolánach bhreise agus a mhéadóidh an acmhainneacht chun córais nua CGB a óstáil de 50 %; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé dlí AE a chomhlíonadh, go háirithe ó thaobh cosaint sonraí de;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.</FIELD></FOOTNOTE> ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>