<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0272</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: An Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0087/2024 -  Rapóirtéir:Michal Wiezik)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um an Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022 (2023/2173(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1025, 16.11.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06182/2024 – C9‑0111/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 71 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 26 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0087/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022 (2023/2173(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1025, 16.11.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06182/2024 – C9‑0111/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 71 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 26 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0087/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022 (2023/2173(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0087/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cuireadh an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan (an ‘Comhghnóthas’), atá lonnaithe sa Bhruiséil, ar bun i Samhain 2021 le Rialachán (AE).2021/2085<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).</FIELD></FOOTNOTE> (an ‘Bunghníomh Aonair’) faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031; de bhrí gur tháinig Comhghnóthas in ionad an Chomhghnóthais um chur chun feidhme an Chomhthionscnaimh Teicneolaíochta san Aerloingseoireacht agus i gcomharbas air, ar comhghnóthas é a cuireadh ar bun i mí na Nollag 2007 faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde ar feadh tréimhse 10 mbliana<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 71/2008 an 20 Nollaig 2007 ón gComhairle lena ndéantar an Comhghnóthas Spéire Glaine a chur ar bun (IO L 30, 4.2.2008, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> (Spéir Ghlan 1) agus ar cuireadh síneadh leis i mí na Bealtaine 2014 faoin gclár Fís 2020 ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 an 6 Bealtaine 2014 ón gComhairle lena mbunaítear an Comhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (IO L 169, 7.6.2014, lch. 77).</FIELD></FOOTNOTE> (Spéir Ghlan 2);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é an Comhghnóthas a bhíonn ag díriú ar thaighde agus nuálaíocht chun an eitlíocht a chlaochlú i dtreo todhchaí inbhuanaithe atá aeráidneodrach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb iad na comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais ná an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann, agus na heagraíochtaí ón earnáil eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I den Bhunghníomh Aonair; de bhrí go bhfuil, ina theannta sin, comhaltaí comhlachaithe i gComhghnóthas a ndéantar iad a roghnú trí ghlaonna ar léiriú spéise;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, chun trédhearcacht a mhéadú, gur cheart don Chomhghnóthas faisnéis ábhartha maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí ar leibhéal an chláir a nochtadh ina chuntais bhliantúla; de bhrí, le haghaidh gach clár a bhfuil siad ag oibriú fúthu, gur cheart don Chomhghnóthas gach faisnéis ábhartha, lena n-áirítear na spriocanna dlíthiúla do na ranníocaíochtaí a socraítear don chlár faoi seach, méid na ranníocaíochtaí atá faighte agus méid na ngealltanas dlíthiúil, a chur i láthair in aghaidh na catagóire comhalta suas go dtí deireadh na bliana; de bhrí gur cheart don Chomhghnóthas leanúint den trédhearcacht a fheabhsú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt Iniúchóirí (‘tuarascáil ón gCúirt’), go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais a tháinig chun deiridh an 31 Nollaig 2022, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2022, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábharach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag moladh seoladh an chláir um Eitlíocht Ghlan (‘clár CA’) in 2022 agus ról an Chomhghnóthais maidir le teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt chun astaíochtaí aerárthaí agus torann a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de EUR 411.2 milliún (i gcomparáid le EUR 182.6 milliún in 2021) agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí de EUR 415.3 milliún (i gcomparáid le EUR 189.9 milliún in 2021) i mbuiséad deiridh an Chomhghnóthais a bhí ar fáil do 2022 (lena n-áirítear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh, ioncaim shannta, agus ath-leithdháiltí don bhliain dár gcionn);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil na hathruithe i méid bhuiséad an Chomhghnóthais ag brath go mór ar chéim chur chun feidhme na gclár ilbhliantúil taighde agus nuálaíochta. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Comhghnóthas, in 2022, le cur chun feidhme an chláir Fís Eorpach, agus dá bhrí sin, áirítear i mbuiséad 2022 an buiséad gealltanais do na chéad ghlaonna de chuid Fís Eorpach atá beartaithe do 2022, chomh maith leis an mbuiséad íocaíochtaí do na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe gaolmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil difear suntasach ó chatagóir comhalta go chéile (an tAontas agus comhaltaí príobháideacha) i gcuntais bhliantúla 2022 ón gComhghnóthas i méideanna na ranníocaíochtaí atá aitheanta in aghaidh na catagóire comhalta. ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh sin toisc go ndéantar ranníocaíochtaí airgid an Aontais a bhailíochtú agus a aithint nuair a íoctar leis an gComhghnóthas iad ag tús chur chun feidhme an tionscadail, ach nach ndéantar ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí a aithint go dtí tar éis do na costais atá tabhaithe agus dearbhaithe do chur chun feidhme an tionscadail a bheith bailíochtaithe; á iarraidh ar an gComhghnóthas aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir méid na ranníocaíochtaí airgid a bhí aitheanta, ar lámh amháin, agus méid na ranníocaíochtaí comhchineáil, ar an lámh eile, trí fhaisnéis faoi ghealltanais dhlíthiúla chomhaltaí an Chomhghnóthais ag deireadh na bliana; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Chomhghnóthais aghaidh iomlán a thabhairt ar an tsaincheist i gcuntais bhliantúla na bliana seo chugainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir leis an gclár Fís 2020, go raibh EUR 1 716 mhilliún de ranníocaíocht oibríochtúil uasta an Aontais geallta go hiomlán ag an gComhghnóthas ag deireadh 2022 le haghaidh comhaontuithe deontais sínithe faoin gclár agus go bhfuil thart ar EUR 70.1 milliún (nó 4.1 %) den mhéid geallta sin fós le híoc sna blianta atá le teacht le haghaidh tionscadail atá fós le cur i gcrích; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur thug na comhaltaí príobháideacha gealltanas dlíthiúil go ndéanfaidís ranníocaíochtaí comhchineáil de EUR 968.3 milliún a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais, mar aon le ranníocaíochtaí comhchineáil de EUR 1 223.1 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí breise, nó 101.6 % den sprioc íosta de EUR 2 154.9 milliún; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tuairiscíodh na méideanna sin a bhí geallta ina n-iomláine ag deireadh 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i gcás gníomhaíochtaí faoi Fís 2020, nach bhfuair an Comhghnóthas aon leithreasú nua faoi chomhair gealltanas le haghaidh cúrsaí oibríochtúla toisc go raibh an glao deiridh ar thograí curtha i gcrích ag an gComhghnóthas faoi dheireadh 2020; ag tabhairt dá haire go raibh an ráta cur chun feidhme do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh cúrsaí oibríochtúla ag 78% (i gcomparáid le 2021: 83%);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i gcás líon as cuimse tionscadal faoi Fhís 2020 atá fós ar siúl, gur cuireadh moill ar na gníomhaíochtaí teicniúla nó go ndearnadh na gníomhaíochtaí sin a laghdú mar gheall ar COVID-19 agus ar an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus, dá bhrí sin, gur ghá na tionscadail sin a leasú nó síneadh a chur leo agus íocaíochtaí deiridh a chur siar go 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le Fís Eorpach, go ndearna an Coimisiún ranníocaíochtaí airgid thirim EUR 178 milliún in 2022 agus gur bhain an Comhghnóthas úsáid iomlán, nach mór, as an ranníocaíocht oibríochtúil de EUR 176 mhilliún le haghaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a bhain leis na chéad chomhaontuithe deontais a tugadh i gcrích faoin gclár sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh an ráta cur chun feidhme don bhuiséad le haghaidh íocaíochtaí riaracháin an Chomhghnóthais (Teideal 2) íseal ag 54 % ag deireadh 2022; á thabhairt dá haire, de réir thuarascáil an Chomhghnóthais ar bhainistiú buiséadach agus airgeadais, gur seirbhísí TF agus cumarsáide a cuireadh ar fáil le linn ráithe dheireanach 2022 agus a bhí le híoc in 2023 ba chúis leis sin den chuid is mó, agus gur laghdaíodh na costais le haghaidh na seirbhísí a chuir an Coimisiún ar fáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar agus foireann</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire, ón Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais 2022, gur fhoilsigh Comhghnóthas dhá nós imeachta tairisceana oscailte in 2022 ar seoladh an chéad cheann díobh chun freastal ar a riachtanais féin agus ar seoladh an dara ceann thar ceann sé Chomhghnóthas mar ghlao idirinstitiúideach ar thairiscintí (Seirbhísí TF Bainistithe); á thabhairt dá haire ina theannta sin, ag tús 2022, gur bhronn agus gur shínigh Comhghnóthas 11 chreatchonradh seirbhíse idirinstitiúideacha a bhaineann leis an gcumarsáid ar toradh é ar an nós imeachta tairisceana oscailte idirinstitiúideach a seoladh thar ceann trí Chomhghnóthas in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chéad ghlao oscailte ar thograí ón gComhghnóthas, a raibh 19 gComhaontú Deontais mar thoradh air faoi dheireadh na bliana, arb ionann é agus EUR 654 mhilliún san iomlán agus thart ar thrí phríomhscáth: Aerárthaí Réigiúnacha leictreach hibrideach, Aerárthaí faoi thiomáint hidrigine agus Aerárthaí Gearr-raoin agus Meánraoin an-éifeachtúil; úsáideadh 14 thopaic sa ghlao ar thograí inar cuimsíodh 13 Ghníomhaíocht Nuálaíochta agus Gníomhaíocht Tacaíochta um Chomhordú amháin; roghnaíodh 244 rannpháirtí san iomlán i 24 thír éagsúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an 20 tionscadal a bhaineann leis an eitlíocht a stiúradh i dtreo todhchaí inbhuanaithe; á thabhairt dá haire gur tugadh le chéile leis an nglao ar thograí réimse leathan comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, ionaid taighde agus lucht léinn chun teacht ar réitigh a bhfuil tionchar acu a d’fhéadfadh aerárthaí inbhuanaithe agus todhchaí eitlíochta atá neodrach ó thaobh na haeráide de a chur ar fáil, agus buiséad EUR 654 mhilliún i gcistiú deontais ón Aontas ag tacú leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh 44 bhall foirne reachtúla (gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht) san iomlán i bplean bunaíochta an Chomhghnóthais do 2022 agus 42 phost líonta ag deireadh 2022; á thabhairt dá haire nár líonadh an dá phost saineolaithe náisiúnta ar iasacht toisc nach bhforáiltear sa phlean bunaíochta do 2023 ach do 41 phost agus nach bhfuil aon saineolaithe náisiúnta ar iasacht san áireamh ann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Córais bhainistíochta agus rialaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire, i dtaca leis an gcaiteachas faoi Fhís 2020 agus Fís Eorpach, go ndearna Comhsheirbhís Iniúchóireachta Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta (AS RTD) sa Choimisiún iniúchtaí ex post; á thabhairt dá haire, maidir le caiteachas faoi Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh), gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 1.6% agus ráta earráidí iarmharacha 0.4%<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí 2022 ó Chomhghnóthas, caibidil 4.1.1.</FIELD></FOOTNOTE> agus go bhfuil iniúchtaí ex post fós le déanamh i gcás an chláir Fís Eorpach, ós rud é nach bhfuiltear ag súil leis na chéad íocaíochtaí eatramhacha go dtí 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire, chun na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais a mheasúnú, go ndearna an Chúirt iniúchóireacht ar shampla randamach d’íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2022, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh<FOOTNOTE><FIELD> I gcás na n-idirbheart íocaíochta deontais arna dtástáil ag na tairbhithe, is é 1% de na costais faoi iniúchóireacht an tairseach thuairiscithe d’earráidí inchainníochtaithe.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire, i gcás amháin, go bhfuair an Chúirt agus gur chainníochtaigh sí earráid thromchúiseach a d’eascair as ró-éileamh ar chostas pearsanra mar gur chuir an tairbhí dearbhú costais isteach bunaithe ar na costais a bhí buiséadaithe don fhoireann.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ag deireadh 2022, go raibh cur chuige iomlán rioscabhunaithe i leith rialuithe ex-ante forbartha agus curtha chun feidhme ag Comhghnóthas i gcomhréir le treoraíocht ón gComhionad Cur Chun Feidhme AS RTD sa Choimisiún, agus na himthosca riosca á mbreithniú a bhaineann go sonrach leis an gComhghnóthas; á thabhairt dá haire, chuige sin, go ndearna an Comhghnóthas na critéir riosca ab ábhartha a shainaithint agus, bunaithe orthu sin, gur dhear sé cur chuige faireacháin rioscabhunaithe; á thabhairt dá haire, le cur chuige den sórt sin, go raibh an Comhghnóthas in ann measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca do gach aon tionscadal agus tairbhí le linn na bpríomhchéimeanna de chur chun feidhme tionscadail, amhail ullmhú do chomhaontú deontais, leasú ar chomhaontú deontais, tuairisciú agus íocaíocht; á thabhairt dá haire, ina leith sin, go ndearna an Comhghnóthas treoirlínte inmheánacha maidir lena chur chuige rioscabhunaithe a tharraingt suas freisin agus gur chuir siad oiliúint ar a fhoireann, chomh maith le treoir a thabhairt dóibh, maidir lena chur i bhfeidhm go cuí agus ar bhonn comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire gur léiríodh roinnt laigí san anailís mhionsonraithe a rinne an Chúirt ar shampla de chásanna faireacháin threisithe an Chomhghnóthais, rud a chuir cosc ar fhaireachán éifeachtach agus éifeachtúil a bheith ar siúl acu; á thabhairt dá haire nach ndearnadh, ar dhul in éag don dáta dlite sainithe, an bhratach faireacháin threisithe a athnuachan ná a dhúnadh, agus nach ndearna an t-oifigeach athmheasúnú ar an leibhéal riosca tar éis chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí rialaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aontú leis an gCúirt gur cheart don Chomhghnóthas a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí rialaithe sonracha ag gabháil leis na gníomhaíochtaí faireacháin threisithe uile lena ndírítear ar na rioscaí sainaitheanta, agus go ndéanfar obair leantach orthu ag spriocdháta réamhshainithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth, chomh maith leis an gCúirt, gur tháinig méadú faoin gclár Fís Eorpach ar a thábhachtaí atá sé don Chomhghnóthas a chur chuige rioscabhunaithe sonrach féin i leith bainistiú deontais a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil struchtúr tairbhithe agus/nó tionscadal an Chomhghnóthais ag athrú go suntasach faoin gclár Fís Eorpach, amhail an líon méadaithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), nuatheachtaithe agus cuibhreannas mór, chomh maith leis an gceanglas gan ach nósanna imeachta glaonna oscailte a úsáid do ghníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach, agus, mar thoradh air sin, go bhféadfadh sé nach mbeadh na tosca riosca a sainaithníodh i gcláir roimhe seo ábhartha a thuilleadh agus go bhféadfadh tosca riosca nua teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i Meán Fómhair 2022, go ndearnadh comhalta bunaidh den Chomhghuaillíocht um Eitlíocht Astaíochtaí Nialasacha (AZEA) den Eitlíocht Ghlan lena dtugtar le chéile geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ó gach cearn den earnáil aerloingseoireachta chun tacú le leathadh amach aerárthaí faoi thiomáint hidrigine agus aerárthaí leictreacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ann d’aistriú chlár CS2 go dtí céim an tseachadta agus an dúnta agus á admháil go raibh méadú suntasach ar an ualach oibre in 2022 de bharr bainistíocht roinnt tionscadail CS2 ag an am céanna, i dteannta le seoladh an chláir um Eitlíocht Ghlan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt dá haire staidéar neamhspleách inar nochtadh tairbhe shocheacnamaíoch mheasta EUR 8.6 billiún don Eoraip ó Chlár Spéir Ghlan 2; ina theannta sin, cuireann sí chun suntais torthaí an staidéir a léiríonn go bhfuil Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht ón gClár um Eitlíocht Ghlan ‘athléimneach’ agus ‘oiriúnach don fheidhm’ araon; á chur i bhfios go mbeadh feidhm aige sin fiú i raon leathan cásanna eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann, i bhforbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann agus in athruithe struchtúracha ar an gcóras eitlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go leathnófar agus go gcothófar comhtháthú slabhraí luacha taighde agus nuálaíochta maidir le heitlíocht aeráidneodrach, lena n-áirítear lucht léinn, eagraíochtaí taighde, tionscal agus FBManna, agus leas á bhaint as sineirgí le cláir náisiúnta agus Eorpacha, agus glacadh scileanna tionsclaíocha ar fud an tslabhra luacha á éascú ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Obair leantach ar bharúlacha ó bhlianta roimhe seo</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt dá haire gur ‘moltaí gan fráma ama’ ón gCúirt iad na ‘barúlacha’ i dtuarascálacha bliantúla sonracha na gComhghnóthas; á thabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt Iniúchóirí obair leantach ar bhonn bliantúil ar na barúlacha sin trí mheasúnú a dhéanamh ar a stádas mar stádas ‘oscailte’ nó ‘dúnta’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil dhá cheann de na trí bharúil ón gCúirt (ceann amháin in 2020 agus dhá bharúil in 2022) dúnta; ag tabhairt dá haire go dtagraítear sa bharúil oscailte d’úsáid foirne eatramhaí, rud lena dtugann an Comhghnóthas údar leis na teorainneacha a bhaineann leis an bplean bunaíochta foirne seasta agus leis an ualach oibre a eascraíonn as cur chun feidhme comhthreomhar na gclár Fís 2020 agus Fís Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>